European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2850

12.11.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2850 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Samhain 2024

maidir leis an liosta de na Stáit a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí in 2024

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 25a(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déantar gníomhaíochtaí eitlíochta a áireamh sa chóras i ndáil le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas (‘CTA AE’) a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE.

(2)

Le Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) leasaíodh Treoir 2003/87/CE chun an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (‘CORSIA’) de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (‘ICAO’) a chur chun feidhme go hiomchuí.

(3)

De bhun Airteagal 25a(3) de Threoir 2003/87/CE, tá an Coimisiún le liosta Stát a ghlacadh a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE, le bonnlíne 85 % d’astaíochtaí 2019 le haghaidh gach bliana ó 2024 ar aghaidh, cé is moite de thíortha LEE, den Eilvéis agus den Ríocht Aontaithe. Rinne an reachtóir tíortha LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe a eisiamh ó liosta Stát den sórt sin ó tharla go dtagann na bealaí idir na tíortha sin faoi raon feidhme a gcóras trádála astaíochtaí faoi seach.

(4)

I gcás 2024, an cinneadh chun Stát a áireamh ar an liosta Stát a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE, tá sé bunaithe ar fhógra ón Stát go bhfuil sé beartaithe aige CORSIA a chur i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí in 2024, agus ar fhógra den sórt sin a thabhairt do Rúnaíocht ICAO. Foilsíonn Rúnaíocht ICAO liosta in aghaidh na bliana de na Stáit a thug an fógra sin. Chun na hathruithe ar na liostaí sin a fhoilsítear ar bhonn bliantúil a léiriú, tá an Coimisiún le liosta Stát a ghlacadh gach bliain, ar stáit iad a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE, cé is moite de thíortha LEE, den Eilvéis agus den Ríocht Aontaithe.

(5)

Áirítear San Mairíne agus Monacó ar an liosta Stát a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu agus a d’fhoilsigh Rúnaíocht ICAO le haghaidh 2024. Mar sin féin, níor cheart San Mairíne ná Monacó a áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo ó tharla nach bhfuil aon aerfort acu agus ó tharla nach bhfuil aon eitilt acu lena n-úsáidtear bealaí a bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm orthu chun críocha Threoir 2003/87/CE.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Athrú Aeráide,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

San Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leagtar amach an liosta Stát a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE maidir le hastaíochtaí in 2024.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Samhain 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj.

(2)  Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus le cur chun feidhme iomchuí birt dhomhanda mhargadhbhunaithe (IO L 130, 16.5.2023, lch. 115, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/958/oj).


IARSCRÍBHINN

Liosta de na Stáit a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE maidir le hastaíochtaí in 2024:

1.

an Afganastáin

2.

an Albáin

3.

Antigua agus Barbúda

4.

an Airméin

5.

an Astráil

6.

an Asarbaiseáin

7.

na Bahámaí

8.

Bairéin

9.

Barbadós

10.

an Bheilís

11.

Beinin

12.

an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

13.

an Bhotsuáin

14.

Buircíne Fasó

15.

an Chambóid

16.

Camarún

17.

Ceanada

18.

Oileáin Cook

19.

Cósta Ríce

20.

an Cósta Eabhair

21.

Cúba

22.

Poblacht Dhaonlathach an Chongó

23.

an Phoblacht Dhoiminiceach

24.

Eacuadór

25.

an tSalvadóir

26.

an Ghuine Mheánchiorclach

27.

an Ghabúin

28.

an tSeoirsia

29.

Gána

30.

Greanáda

31.

Guatamala

32.

an Ghuáin

33.

Háítí

34.

Hondúras

35.

an Indinéis

36.

an Iaráic

37.

Iosrael

38.

Iamáice

39.

an tSeapáin

40.

an Chasacstáin

41.

an Chéinia

42.

Cireabas

43.

Cuáit

44.

Madagascar

45.

an Mhaláiv

46.

an Mhalaeisia

47.

Oileáin Mhaildíve

48.

Mailí

49.

Oileáin Marshall

50.

Oileán Mhuirís

51.

Meicsiceo

52.

an Mhicrinéis

53.

an Mholdóiv

54.

Montainéagró

55.

an Namaib

56.

Nárú

57.

an Nua-Shéalainn

58.

an Nigéir

59.

an Mhacadóin Thuaidh

60.

Óman

61.

Oileáin Palau

62.

Nua-Ghuine Phapua

63.

na hOileáin Fhilipíneacha

64.

Catar

65.

Ruanda

66.

San Críostóir-Nimheas

67.

San Uinseann agus na Greanáidíní

68.

Samó

69.

an Araib Shádach

70.

an tSeirbia

71.

na Séiséil

72.

Siarra Leon

73.

Singeapór

74.

Oileáin Sholomón

75.

an Chóiré Theas

76.

an tSúdáin Theas

77.

Suranam

78.

an Tansáin

79.

an Téalainn

80.

an Ghaimbia

81.

Tíomór Thoir

82.

Tonga

83.

Oileán na Tríonóide agus Tobága

84.

an Tuirc

85.

Tuvalu

86.

Uganda

87.

an Úcráin

88.

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

89.

na Stáit Aontaithe

90.

Uragua

91.

Vanuatú

92.

an tSaimbia

93.

an tSiombáib


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2850/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)