|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2843 |
6.11.2024 |
CINNEADH (CFSP) 2024/2843 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Samhain 2024
maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÉigipte
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá úsáid le baint as SES chun maoiniú a dhéanamh ar bhearta cúnaimh ar nós gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú i ndáil le cúrsaí míleata agus cosanta. |
|
(2) |
Leagtar síos mar chuspóirí i Straitéis Dhomhanda 2016 maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais an tslándáil agus an chosaint a neartú, infheistíocht a dhéanamh in athléimneacht na Stát agus na sochaithe i ndeisceart an Aontais, cur chuige comhtháite a fhorbairt maidir le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna, lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta. |
|
(3) |
An 21 Márta 2022, d’fhormheas an tAontas an Compás Straitéiseach agus é mar chuspóir aige a bheith ina sholáthraí slándála níos láidre agus níos cumasaí, lena n-áirítear trí úsáid mhéadaithe a bhaint as SES mar thaca le cumais chosanta na gcomhpháirtithe. |
|
(4) |
Rinne an 9ú Comhairle Comhlachais, i mí an Mheithimh 2022, an comhar idir an tAontas agus an Éigipt a athnuachan trí thosaíochtaí Comhpháirtíochta an Aontais agus na hÉigipte (2021-2027) a ghlacadh lena leagtar síos an creat polaitiúil go dtí 2027. |
|
(5) |
An 17 Márta 2024, síníodh Dearbhú Comhpháirteach chun Chomhpháirtíocht Straitéiseach Chuimsitheach leis an Éigipt a sheoladh. Is ar chomhar slándála atá ceann de na sé phríomhcholún den Dearbhú Comhpháirteach dírithe. |
|
(6) |
An 19 Iúil 2024, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála iarraidh ó Phoblacht Arabach na hÉigipte ar an Aontas feabhas a chur ar acmhainneachtaí Fhórsaí Armtha na hÉigipte. |
|
(7) |
Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe maidir le comhlíonadh Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2), agus i gcomhréir leis na rialacha do chur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES. |
|
(8) |
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus fad
1. Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a théann chun tairbhe Phoblacht Arabach na hÉigipte (‘an tairbhí’), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (‘an beart cúnaimh’).
2. Is é is cuspóir don bheart cúnaimh rannchuidiú chun acmhainneachtaí Fhórsaí Armtha na hÉigipte a neartú ar mhaithe le slándáil agus cobhsaíocht náisiúnta Phoblacht Arabach na hÉigipte a fheabhsú mar aon le cosaint na sibhialtach. Leis an mbeart cúnaimh, beidh Fórsaí Armtha na hÉigipte in ann a gcumais rialaithe chríochaigh a neartú, agus freagairt níos fearr a thabhairt ar bhagairtí slándála ar fud chríoch na hÉigipte, go háirithe i réigiún an iarthair.
3. Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh seo a leanas nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a sheachadadh:
|
(a) |
feithiclí patróil armúrtha éadroma; |
|
(b) |
córais aerárthaí beaga gan foireann; |
|
(c) |
radair éadroma agus shoghluaiste; agus, |
|
(d) |
spéaclaí oíche. |
Maoineofar leis an mbeart cúnaimh chomh maith soláthairtí agus seirbhísí gaolmhara, lena n-áirítear oiliúint theicniúil, i gcás inar gá.
4. Mairfidh an beart cúnaimh ar feadh tréimhse 36 mhí ón dáta a ghlacfar an Cinneadh seo.
Airteagal 2
Socruithe airgeadais
1. EUR 20 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.
2. Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.
Airteagal 3
Socruithe leis an tairbhí
1. Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú ag an gCinneadh seo, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mbeart cúnaimh.
2. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a) |
go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Armtha na hÉigipte dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta; |
|
(b) |
go mbainfear úsáid chuí éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad; |
|
(c) |
go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré; |
|
(d) |
nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin. |
3. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina suífear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.
Airteagal 4
Cur chun feidhme
1. Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas a mhaoinítear faoi SES a chur chun feidhme, agus i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Is é Défense Conseil International – Grúpa DCI a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme.
Airteagal 5
Faireachán, rialú agus meastóireacht
1. Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar a mhéid a chomhlíonfaidh an tairbhí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, agus chuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid Fhórsaí Armtha na hÉigipte dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.
2. Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:
|
(a) |
fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta SES a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht; |
|
(b) |
tuairisciú ar an bhfardal, trína bhfuil an tairbhí chun tuarascáil bhliantúil ar fhardal na míreanna ainmnithe a thabhairt go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn an tuairisciú sin a thuilleadh; |
|
(c) |
cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí SES chun rialuithe ar an láthair agus iniúchtaí SES a dhéanamh, arna iarraidh sin. |
3. Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh ach a gcríochnófar an beart cúnaimh chun a mheas ar chuidigh an beart cúnaimh leis an gcuspóir a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach.
Airteagal 6
Tuarasciú
Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla faoi bhráid an Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthraithe agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.
Airteagal 7
Fionraí agus foirceannadh
1. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
2. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
VARGA M.
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 an 22 Márta 2021 ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).
(2) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainítear comhrialacha lena rialaítear rialú ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2843/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)