|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2841 |
14.11.2024 |
TREOIR (AE) 2024/2841 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2024
lena mbunaítear an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1), agus Airteagal 62, Airteagal 91 agus Airteagal 21(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá an tAontas fothaithe ar luachanna dhínit an duine, na saoirse, an chomhionannais agus urramú chearta an duine agus tá sé tiomanta don idirdhealú a chomhrac, lena n-áirítear ar fhorais mhíchumais, mar a leagtar amach sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (4) (UNCRPD). |
|
(2) |
Le hAirteagal 26 den Chairt, aithníonn agus urramaíonn an tAontas an ceart atá ag daoine faoi mhíchumas chun leas a bhaint as bearta atá ceaptha chun a neamhspleáchas, a lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus a rannpháirtíocht i saol an phobail a áirithiú. |
|
(3) |
Tá an ceart bunúsach ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos in CAE agus CFAE agus leis na bearta arna nglacadh chun éifeacht a thabhairt dóibh. Aithnítear in Airteagal 18 de UNCRPD freisin cearta daoine faoi mhíchumas, inter alia, chun saoirse gluaiseachta agus an tsaoirse chun a n-áit chónaithe a roghnú ar bhonn comhionann le daoine eile. |
|
(4) |
De réir Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tá sé i gceist go mbeidh saoránacht an Aontais ina stádas bunúsach do náisiúnaigh na mBallstát agus an ceart chun gluaiseacht agus cónaí ar chríoch na mBallstát á fheidhmiú acu, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh siúd a bhíonn sa chás céanna leas a bhaint as an gcóir chéanna sa dlí, laistigh de raon feidhme ratione materiae CFAE, gan beann ar a náisiúntacht, faoi réir na n-eisceachtaí dá bhforáiltear go sainráite. |
|
(5) |
Tá an tAontas ina Pháirtí in UNCRPD agus tá sé faoi cheangal ag a fhorálacha, ar cuid dhílis iad de dhlíchóras an Aontais go feadh a inniúlachtaí. Tá na Ballstáit uile ina bPáirtithe in UNCRPD agus tá siad faoi cheangal aige go feadh a n-inniúlachtaí. Cé go bhfuil UNCRPD sínithe agus daingnithe ag an Aontas agus ag na Ballstáit uile, is gá dul chun cinn a dhéanamh maidir le comhionannas do dhaoine faoi mhíchumas ar leibhéal an Aontais agus sna Ballstáit uile araon. |
|
(6) |
Aithnítear faoi UNCRPD go n-áirítear ar dhaoine faoi mhíchumas daoine a bhfuil lagú fadtéarmach coirp, meabhrach, intleachtúil nó céadfach orthu a bhféadfadh cóir idirdhealaitheach a bheith mar thoradh orthu nuair a bhíonn orthu dul i ngleic le bacainní éagsúla comhshaoil, riaracháin, teicneolaíochta agus sochaíocha. Dá bhrí sin, is é is cuspóir do UNCRPD teachtadh iomlán agus cothrom chearta uile an duine agus shaoirsí bunúsacha na ndaoine uile faoi mhíchumas a chur chun cinn, a chosaint agus a áirithiú gan idirdhealú d’aon chineál, agus meas ar a ndínit bhunúsach, neamhspleáchas an duine aonair, lena n-áirítear an tsaoirse chun a roghanna féin a dhéanamh, agus neamhspleáchas daoine a chur chun cinn, agus ar an dóigh sin a rannpháirtíocht agus cuimsiú iomlán agus éifeachtach sa tsochaí ar bhonn comhionann le daoine eile a áirithiú. Aithnítear le UNCRPD freisin an tábhacht a bhaineann le hurraim a thabhairt d’éagsúlacht daoine faoi mhíchumas agus le go nglactar leo mar chuid den éagsúlacht dhaonna agus den chine daonna agus leis an ngá atá le bearta iomchuí a dhéanamh chun comhionannas deiseanna agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú. Luaitear in UNCRPD go bhfuil mná agus cailíní faoi mhíchumas faoi réir ilchineálacha idirdhealaithe, agus foráiltear ann go bhfuil na Stáit is Páirtithe le bearta a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh cearta uile an duine agus saoirsí bunúsacha á dteachtadh go hiomlán agus go cothrom acu. Aithnítear ann freisin na dálaí deacra a bhíonn roimh dhaoine faoi mhíchumas atá faoi réir cineálacha iomadúla nó géaraithe idirdhealaithe ar bhonn cine, datha, gnéis, teanga, reiligiúin, tuairimí polaitiúla nó tuairimí eile, bunús náisiúnta, eitneach, dúchasach nó sóisialta, maoine, breithe, aoise nó stádais eile. |
|
(7) |
Foráiltear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta (5), a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, agus an Coimisiún go comhpháirteach in Göteborg an 17 Samhain 2017 (‘an Colún’), i bprionsabal 3, go bhfuil an ceart ag gach duine, gan beann ar mhíchumas, i measc nithe eile, chun córa comhionainne agus chun deiseanna comhionanna maidir le fostaíocht, cosaint shóisialta, oideachas, agus rochtain ar earraí agus seirbhísí atá ar fáil don phobal agus go gcothófar comhionannas deiseanna na ngrúpaí faoi ghannionadaíocht. Ina theannta sin, aithnítear sa Cholún, i bprionsabal 17, go bhfuil an ceart ag daoine faoi mhíchumas chun tacaíocht ioncaim a fháil lena n-áirithítear go mbeidh saol le dínit acu, an ceart chun seirbhísí lena gcuirtear ar a gcumas dóibh páirt a ghlacadh sa tsochaí agus an ceart chun timpeallacht oibre atá oiriúnaithe dá riachtanais. |
|
(8) |
Tá sé beartaithe leis an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030, a glacadh le teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021, dul i ngleic leis na dúshláin éagsúla a bhíonn roimh dhaoine faoi mhíchumas agus dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí uile de UNCRPD, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. |
|
(9) |
Is é is aidhm do Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) feabhas a chur ar rochtain ar tháirgí áirithe agus ar sheirbhísí áirithe trí dheireadh a chur leis na bacainní a eascraíonn ó cheanglais inrochtaineachta éagsúla sna Ballstáit agus iad a chosc, agus ar an dóigh sin cuidiú le hinfhaighteacht táirgí agus seirbhísí inrochtana ar an margadh inmheánach a mhéadú, lena n-áirítear rochtain ar shuíomhanna gréasáin agus ar sheirbhís atá bunaithe ar ghléasanna móibíleacha de chuid seirbhísí poiblí áirithe, agus chun feabhas a chur ar inrochtaineacht na faisnéise ábhartha. Ina theannta sin, is é is aidhm do Threoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) feabhas a chur ar inrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí. |
|
(10) |
Ina theannta sin, ráthaítear le dlí an Aontais an ceart chun neamh-idirdhealú maidir le rochtain ar chearta iompair agus ar chearta eile. I measc na samplaí de na cearta sin, tá an ceart atá ag paisinéirí faoi mhíchumas agus paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe cúnamh a fháil, saor in aisce, agus iad ag taisteal d’aer, d’iarnród, ar mhodhanna iompair uisce-iompartha, nó ar bhus agus ar chóiste, a bhunaítear le Rialacháin (CE) Uimh. 1107/2006 (8), (AE) 2021/782 (9), (AE) Uimh. 1177/2010 (10) agus (AE) Uimh. 181/2011 (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi seach. Le dlí an Aontais, go háirithe Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit freisin foráil a dhéanamh do dholaí laghdaithe nó muirir úsáideora laghdaithe ar bhóithre, droichid nó tolláin atá faoi réir muirir bhóthair, chomh maith le díolúintí ón oibleagáid na dolaí nó na muirir úsáideora sin a íoc le haghaidh aon fheithicil a úsáideann daoine faoi mhíchumas nó aon fheithicil faoina n-úinéireacht. |
|
(11) |
Féadfaidh daoine faoi mhíchumas iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla nó comhlachtaí inniúla sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu chun go n-aithneofar a stádas míchumais toisc gur ceist í sin atá faoi inniúlacht na mBallstát. Tá nósanna imeachta um measúnú míchumais éagsúil ó Bhallstát go Ballstát. I gcás ina n-aithníonn na húdaráis inniúla nó na comhlachtaí inniúla stádas míchumais iarratasóra, is féidir leo deimhniú míchumais, cárta míchumais nó doiciméad foirmiúil eile a eisiúint lena n-aithnítear stádas míchumais an iarratasóra. I mBallstáit nach bhfuil sainmhíniú acu ar stádas míchumais, is féidir teidlíochtaí ar sheirbhísí sonracha atá bunaithe ar mhíchumas a úsáid i gcás ina ndeonaítear seirbhísí nó sochair do dhaoine faoi mhíchumas. |
|
(12) |
Aithnítear in UNCRPD go n-eascraíonn idirdhealú agus eisiamh sóisialta a bhíonn ar dhaoine faoi mhíchumas as na bacainní comhshaoil, sistéamacha agus dearcaidh sa tsochaí, seachas as an lagú é féin. Mar gheall ar an easpa aitheantais fhrithpháirtigh maidir le stádas míchumais idir na Ballstáit, is minic a bhíonn deacrachtaí agus bacainní sonracha agus suntasacha roimh dhaoine faoi mhíchumas agus a gcearta bunúsacha chun córa comhionainne, chun neamh-idirdhealú agus chun saorghluaiseachta á bhfeidhmiú acu. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás tréimhsí gearrfhanachta nó cuairteanna ar Bhallstát eile de réir bhrí Airteagal 6 de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), lena bhforáiltear go bhfuil an ceart ag saoránaigh den Aontas agus ag baill dá dteaghlaigh cónaí i mBallstát eile ar feadh tréimhse suas le 3 mhí gan a bheith faoi réir aon choinníollacha ná aon fhoirmiúlachtaí seachas an ceanglas cárta aitheantais nó pas bailí a bheith acu. I gcás tréimhsí níos faide ná 3 mhí, ceanglaítear le hAirteagal 7 den Treoir sin go gcomhlíonfaí coinníollacha breise agus, sa chás sin, foráiltear le hAirteagal 8 den Treoir sin gur féidir leis an mBallstát óstach a cheangal ar shaoránaigh den Aontas clárú leis na húdaráis ábhartha. |
|
(13) |
Daoine faoi mhíchumas a bhogann ar feadh tréimhsí níos faide go Ballstáit eile chun críche fostaíochta, staidéar a dhéanamh nó chun críocha eile, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt le dlí nó i gcás ina ndearnadh comhaontú i measc na mBallstát, is féidir leo a chur faoi deara ar na húdaráis inniúla nó na comhlachtaí inniúla sa Bhallstát eile measúnú a dhéanamh ar a míchumas agus é a aithint go foirmiúil agus is féidir leo deimhniú míchumais, cárta míchumais, nó doiciméad foirmiúil eile lena n-aithnítear a stádas míchumais a fháil, nó cinneadh maidir le teidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas i gcomhréir le rialacha infheidhme an Bhallstáit sin. |
|
(14) |
Chun saorghluaiseacht daoine faoi mhíchumas atá rannpháirteach i gclár soghluaisteachta de chuid an Aontais a chur chun cinn, ba cheart rochtain chomhionann leanúnach ar choinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach nó ar choinníollacha agus saoráidí páirceála a áirithiú tríd an gCárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach a úsáid i leith daoine faoi mhíchumas ar feadh fhad an chláir sin. Cuimsíonn cláir shoghluaisteachta an Aontais cláir arna mbunú ag an Aontas chun tacú le soghluaisteacht daoine chuig Ballstát eile ar feadh tréimhse ama shocraithe chun críoch oideachais, oiliúna, gairmiúla, sibhialta nó cultúrtha, mar shampla Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh nó Erasmus+, arna mbunú, faoi seach, le Rialachán (AE) 2021/888 (14) agus Rialachán (AE) 2021/817 (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
(15) |
Mar sin féin, daoine a bhfuil stádas míchumais aitheanta acu nó atá i dteideal seirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas, agus iad ag taisteal chuig Ballstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát den sórt sin ar feadh gearrfanachta, bíonn deacrachtaí suntasacha acu agus bacainní rompu go rialta mura n-aithnítear a stádas míchumais nó mura n-aithnítear go bhfuil siad i dteideal seirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas sa Bhallstát a dtaistealaíonn siad chuige nó a dtugann siad cuairt air agus mura bhfuil deimhniú míchumais, cárta míchumais nó doiciméad foirmiúil eile acu lena n-aithnítear a stádas míchumais nó go bhfuil siad i dteideal seirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas sa Bhallstát óstach chun leas a bhaint as coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a thairgtear ann. Is minic a bhíonn deacrachtaí sonracha ag daoine faoi mhíchumas dofheicthe nuair a iarrtar orthu a míchumas a chruthú agus iad ag taisteal chuig Ballstát eile nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát eile. |
|
(16) |
Cuirtear daoine faoi mhíchumas a thaistealaíonn chuig Ballstát eile nó a thugann cuairt ar Bhallstát eile faoi mhíbhuntáiste suntasach agus a gcearta saorghluaiseachta á bhfeidhmiú acu i gcomparáid le daoine nach bhfuil faoi mhíchumas chomh maith le daoine faoi mhíchumas a bhfuil deimhniú míchumais, cárta míchumais nó doiciméad foirmiúil eile acu lena n-aithnítear a stádas míchumais nó go bhfuil siad i dteideal seirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas sa Bhallstát a bhfuil siad ag taisteal chuige nó a bhfuil siad ag tabhairt cuairt air. |
|
(17) |
Ina theannta sin, murab eol an aithneofar a stádas míchumais nó go bhfuil siad i dteideal seirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas agus na doiciméid fhoirmiúla lena n-aithnítear an stádas nó an teidlíocht sin, nó a mhéid a dhéanfar amhlaidh agus iad ag taisteal chuig Ballstát eile nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát eile, cruthaítear éiginnteacht shuntasach do dhaoine faoi mhíchumas. Mar thoradh ar a theoranta a bhíonn faisnéis ar líne maidir lena gcearta sonracha agus na buntáistí atá ar fáil, is amhlaidh a dhéantar an fhadhb sin níos measa. Ar deireadh, is féidir daoine faoi mhíchumas a dhíspreagadh óna gcearta chun saorghluaiseachta a fheidhmiú agus ó rannpháirtíocht agus cuimsiú iomlán agus éifeachtach sa tsochaí. |
|
(18) |
Tá imní léirithe ag saoránaigh den Aontas faoin easpa aitheantais fhrithpháirtigh maidir le míchumas ar fud an Aontais i roinnt achainíocha arna seachadadh chuig Parlaimint na hEorpa agus d’iarr siad go dtabharfaí isteach cárta míchumais ar fud an Aontais. |
|
(19) |
Mar aon le bacainní éagsúla infheicthe agus dofheicthe, fisiciúla, sóisialta agus eile maidir le rochtain a fháil ar spásanna agus seirbhísí poiblí agus príobháideacha agus an easpa cóiríochta réasúnaí, is príomhthoisc é an costas ard lena ndíspreagtar go leor daoine faoi mhíchumas ó thaisteal. Tá riachtanais shonracha ag daoine faoi mhíchumas a mbíonn speansais bhreise a bhaineann lena míchumas mar thoradh orthu agus d’fhéadfadh sé gur gá úsáid a bhaint as daoine a bhíonn á dtionlacan nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear iad siúd a aithnítear mar chúntóirí pearsanta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, nó ateangairí comharthaíochta nó ainmhithe cúnaimh, rud a fhágann go mbeidh a gcostais taistil níos airde ná costais taistil daoine nach bhfuil faoi mhíchumas. D’fhéadfadh an easpa aitheantais maidir le stádas míchumais nó teidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas i mBallstáit eile teorainn a chur lena rochtain ar choinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach nó ar choinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas, amhail saor-rochtain nó taraifí laghdaithe, suíocháin tosaíochta ar iompar poiblí nó spásanna páirceála coinnithe, agus bíonn tionchar aige ar a gcostais taistil, a saol, a lánpháirtiú sóisialta agus eacnamaíoch agus a neamhspleáchas pearsanta. Ina theannta sin, d’fhéadfadh iompar idirdhealaitheach i leith daoine faoi mhíchumas a bheith mar thoradh ar easpa forleathan eolais ar bheartais inrochtaineachta síceasóisialta, chognaíocha, fhisiceacha nó chéadfacha. |
|
(20) |
Is minic go mbíonn tábhacht le cóir fhabhrach, amhail cúnamh pearsanta, rochtain tosaíochta nó an fhéidearthacht scuainí a sheachaint, bíodh luach saothair á thairiscint nó ná bíodh, chun cur ar chumas daoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar sheirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí éagsúla agus chun tairbhe iomlán a bhaint astu. Mar gheall ar an easpa aitheantais fhrithpháirtigh a thugtar, áfach, sa Bhallstát a dtaistealaíonn siad chuige nó ar a dtugann siad cuairt, dá stádais míchumais nó teidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas agus do na doiciméad fhoirmiúla lena n-aithnítear a stádas nó a dteidlíocht a eisítear i mBallstáit eile, d’fhéadfadh sé nach mbeidh daoine faoi mhíchumas in ann leas a bhaint as na coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a thairgeann údaráis phoiblí nó oibreoirí príobháideacha sa Bhallstát sin do shealbhóirí deimhnithe míchumais, cárta míchumais nó doiciméad foirmiúil eile lena n-aithnítear a stádas míchumais nó a dteidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas a eisítear sa Bhallstát sin. |
|
(21) |
Cé gur de chineál deonach é agus go bhfuil sé teoranta ó thaobh raon feidhme de, léiríodh leis an Treoirthionscadal maidir leis an gCárta Míchumais Eorpach, a seoladh in 2016 agus a rinneadh in ocht mBallstát, go raibh buntáistí ag baint leis an aitheantas frithpháirteach maidir le stádas míchumais nó teidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas a éascú idir na Ballstáit do dhaoine faoi mhíchumas maidir le rochtain a fháil ar choinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a mhéid a bhaineann le seirbhísí i réimsí an chultúir, na fóillíochta, an spóirt agus i gcásanna áirithe an iompair, agus maidir le tacú lena ngluaiseacht trasteorann san Aontas ar feadh gearrfhanachta, agus léiríodh go bhfuil cuspóirí an Chárta Míchumais Eorpaigh fós ábhartha do riachtanais reatha na ndaoine faoi mhíchumas. Ina theannta sin, áiríodh sa treoirthionscadal sin samplaí eile de sheirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí lena dtairgtear coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach do dhaoine faoi mhíchumas. |
|
(22) |
Ar bhonn a stádais míchumais nó a dteidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas, is féidir le daoine faoi mhíchumas iarratas a chur faoi bhráid údaráis inniúla nó comhlachtaí inniúla sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu chun go n-eiseofar cárta páirceála do dhaoine faoi mhíchumas lena n-aithnítear an ceart chun coinníollacha agus saoráidí páirceála áirithe a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas. Tá nós imeachta iarratais i bhfeidhm ag gach Ballstát ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, chun cárta páirceála a fháil do dhaoine faoi mhíchumas nó daoine a bhíonn á dtionlacan nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear cúntóirí pearsanta, agus critéir atá le comhlíonadh le bheith incháilithe. |
|
(23) |
Le Moladh 98/376/CE (16) ón gComhairle, déantar foráil maidir le samhail Eorpach de chárta páirceála do dhaoine faoi mhíchumas, a éascaíonn aitheantas na gcártaí páirceála sin ar fud na mBallstát. Mar sin féin, mar gheall ar chineál neamhcheangailteach an Mholta sin, tá go leor cineálacha cártaí páirceála éagsúla do dhaoine faoi mhíchumas ann mar thoradh ar a chur chun feidhme agus ar bhreiseanna nó ar dhiallais shonracha náisiúnta ón tsamhail mholta. Mar gheall ar na héagsúlachtaí sin, cuirtear bac ar aitheantas trasteorann na gcártaí páirceála sin ar fud na mBallstát, rud a chuireann bac ar rochtain daoine faoi mhíchumas ar choinníollacha páirceála sonracha a chuirtear ar fáil agus ar shaoráidí a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas ar sealbhóirí cárta páirceála iad i mBallstáit eile. Ina theannta sin, níor tugadh an Moladh sin cothrom le dáta chun forbairtí leanúnacha teicneolaíochta agus digitithe a léiriú. Bhí fadhbanna freisin ag na Ballstáit le calaois agus brionnú maidir le cártaí páirceála do dhaoine faoi mhíchumas toisc gur gnách go mbíonn an fhormáid measartha simplí agus gur féidir í a bhrionnú go héasca agus, go praiticiúil, bíonn sí difriúil i ngach Ballstát, rud a fhágann go mbíonn sé deacair í a fhíorú. I bhfianaise na Treorach seo, lena ndéantar foráil maidir le rialacha atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá níos mionsonraithe sa réimse seo, ní bhaineann Moladh 98/376/CE a chuspóirí amach a thuilleadh. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheadú go mbeidh an éifeacht chéanna ag cártaí páirceála do dhaoine faoi mhíchumas arna n-eisiúint roimh dháta chur i bhfeidhm na mbeart lena dtrasuitear an Treoir seo i gcomhréir leis an Moladh sin agus atá ag an gcárta páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas ar a gcríoch. |
|
(24) |
Chun rochtain daoine faoi mhíchumas ar choinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a bhaineann le seirbhísí lena n-áirítear seirbhísí iompair paisinéirí, gníomhaíochtaí agus saoráidí a éascú, lena n-áirítear i gcás nach soláthraítear iad ar luach saothair i mBallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu, ba cheart deireadh a chur leis na bacainní agus na deacrachtaí atá ann fós maidir le taisteal chuig Ballstát eile nó cuairt a thabhairt ar Bhallstát eile mar gheall ar easpa aitheantais fhrithpháirtigh ar a stádas míchumais nó a dteidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas agus na ndoiciméad foirmiúil lena n-aithnítear an stádas nó teidlíocht sin a eisítear i mBallstáit eile agus ar chearta páirceála. |
|
(25) |
Dá bhrí sin, d’fhonn go mbeidh daoine faoi mhíchumas in ann a gcearta a fheidhmiú chun rochtain a fháil ar choinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a thairgeann údaráis phoiblí nó oibreoirí príobháideacha agus iad ag taisteal chuig Ballstát eile nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát eile le haghaidh gearrfhanachta gan idirdhealú ar fhorais náisiúntachta ar an mbonn céanna le daoine faoi mhíchumas sna Ballstáit sin, agus d’fhonn úsáid a bhaint as gach modh iompair agus tairbhiú de choinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas ar an mbonn céanna leis an mBallstát sin a éascú, is gá an creat rialacha agus coinníollacha coiteanna a bhunú, lena n-áirítear samhail choiteann chaighdeánaithe, le haghaidh Cárta Míchumais Eorpach, mar chruthúnas ar stádas míchumais aitheanta nó ar theidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas, agus le haghaidh Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas, mar chruthúnas ar a gcearta aitheanta chun coinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le daoine a bhfuil stádas aitheanta míchumais acu nó atá i dteideal seirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas ar feadh tréimhsí is faide ná gearrfhanacht. |
|
(26) |
Le haitheantas frithpháirteach don Chárta Míchumais Eorpach agus don Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas, ba cheart go n-éascófaí agus go ráthófaí do dhaoine a bhfuil stádas míchumais aitheanta acu nó atá i dteideal seirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas i mBallstát rochtain ar choinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a thairgeann údaráis phoiblí nó oibreoirí príobháideacha i réimse seirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí, lena n-áirítear i gcás nach soláthraítear iad ar luach saothair, chomh maith le rochtain ar choinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhíonn á dtionlacan nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear cúntóirí pearsanta, ar théarmaí agus coinníollacha atá comhionann leis na téarmaí agus coinníollacha dá bhforáiltear ar bhonn deimhnithe náisiúnta um míchumas, cártaí míchumais nó doiciméid fhoirmiúla eile lena n-aithnítear stádas míchumais, i gcás inarb ann do na doiciméid fhoirmiúla sin, agus cártaí páirceála do dhaoine faoi mhíchumas arna n-eisiúint ag na húdaráis inniúla nó comhlachtaí inniúla sa Bhallstát is óstach. |
|
(27) |
Anuas ar choinníollacha agus saoráidí páirceála, baineann na seirbhísí, na gníomhaíochtaí agus na saoráidí a chumhdaítear leis an Treoir seo le réimse leathan gníomhaíochtaí a bhíonn ag athrú de shíor, lena n-áirítear gníomhaíochtaí nach dtairgeann údaráis phoiblí nó oibreoirí príobháideacha ar luach saothair, ar bhonn éigeantach ar bhonn rialacha náisiúnta nó áitiúla nó oibleagáidí dlíthiúla, nó ar bhonn deonach go háirithe ag oibreoirí príobháideacha, i réimsí beartais éagsúla, amhail cultúr, fóillíocht, turasóireacht, spórt, iompar poiblí agus príobháideach, agus oiliúint. |
|
(28) |
I measc na samplaí de choinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach tá rochtain saor in aisce, taraifí laghdaithe, dolaí laghdaithe nó muirir úsáideora laghdaithe ar bhóithre, droichid nó tolláin ar a ngearrtar táillí, rochtain tosaíochta, rochtain ar chriosanna tráchta srianta agus ar chriosanna do choisithe, suíocháin tosaíochta ar chórais iompair phoiblí, suíocháin ainmnithe a bhfuil rochtain éasca orthu sna córais iompair phoiblí, i bpáirceanna agus i limistéir phoiblí eile, suíocháin inrochtana in imeachtaí cultúrtha nó poiblí, cúnamh pearsanta, ainmhithe cúnaimh amhail madraí treorach nó madraí cuidithe do dhaoine faoi mhíchumas lena n-áirítear daoine a bhfuil lagú amhairc orthu, cúnamh ar an trá chun dul isteach san uisce, tacaíocht ar nós rochtain ar braille, treoracha fuaime nó ateangaireacht teanga comharthaíochta, soláthairtí áiseanna nó cúnaimh, iasacht cathaoireach rothaí, iasacht cathaoireach rothaí ar snámh, faisnéis turasóireachta a fháil i bhformáidí inrochtana agus scútar soghluaisteachta a úsáid ar bhóithre nó cathaoir rothaí a úsáid i lánaí rothar gan fíneáil. Ar na samplaí de choinníollacha agus saoráidí páirceála tá páirceáil saor in aisce nó leathnaithe nó spásanna páirceála in áirithe, chomh maith le rochtain ar limistéir ina bhfuil trácht srianta d’fheithiclí ar leith i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, mar shampla limistéir astaíochtaí ísle. Maidir le seirbhísí iompair do phaisinéirí d’aer, d’iarnród, ar mhodhanna iompair uisce-iompartha, nó ar bhus agus ar chóiste, de bhreis ar na coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a thairgtear do dhaoine faoi mhíchumas, déanann ainmhithe cúnaimh amhail madraí treorach nó madraí cuidithe do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear daoine a bhfuil lagú amhairc orthu, cúntóirí pearsanta, ateangairí teanga comharthaíochta nó daoine eile a bhíonn ag tionlacan daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, nó ag cuidiú leo, taisteal saor in aisce nó ar phraghas laghdaithe agus suíochán a fháil, i gcás inarb indéanta, in aice leis an duine faoi mhíchumas atá á thionlacan nó á tionlacan acu nó a bhfuil siad ag cuidiú leis nó léi. Is iad na daoine faoi mhíchumas féin nó a gcaomhnóirí dlíthiúla a ainmníonn na daoine a bhíonn ag tionlacan daoine faoi mhíchumas nó ag cuidiú leo agus féadfar iad a athrú ar bhonn ad hoc agus sin ag brath ar riachtanais na ndaoine faoi mhíchumas. |
|
(29) |
Déanann cúntóirí pearsanta daoine faoi mhíchumas a thionlacan nó cuidíonn siad leo nó déanann siad gnáthghníomhaíochtaí ó lá go lá más gá faoi chuimsiú caidreamh conarthach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, agus é mar chuspóir acu neamhspleáchas pearsanta a spreagadh, saol an phobail a éascú agus maireachtáil neamhspleách daoine faoi míchumas a chur chun cinn. Ba cheart cúntóirí pearsanta, gan beann ar a náisiúntacht, a bheith in ann daoine faoi mhíchumas a thionlacan nó cuidiú leo trí úsáid a bhaint as an gCárta Míchumais Eorpach nó as an gCárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag taisteal chuig Ballstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát den sórt sin, ar choinníoll go bhfuil an ceart acu taisteal ar fud an Aontais faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta is infheidhme. |
|
(30) |
I gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, i gcás inarb infheidhme, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí seirbhísí iompair paisinéirí trasteorann, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 agus (AE) Uimh. 1177/2010, faisnéis shoiléir ar fáil, nó í a chur ar fáil arna iarraidh sin, de bhun Rialachán (AE) 2021/782, do thaistealaithe a bhfuil Cárta Míchumais Eorpach ina seilbh acu tráth a gceannaíonn siad ticéad taistil i dtaca leis na coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a bhaineann leis na codanna éagsúla de na hoibríochtaí le linn an turais, ionas nach mbeadh taistealaithe a bhfuil an Cárta Míchumais Eorpach ina seilbh acu gan doiciméad taistil bailí agus iad ag dul isteach i mBallstát eile ar an tseirbhís iompair chéanna. |
|
(31) |
Tá eisiúint, athnuachan agus tarraingt siar an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas i mBallstát le cinneadh leis an Treoir seo mar aon le rialacha, nósanna imeachta agus inniúlachtaí an Bhallstáit sin is infheidhme chun measúnú a dhéanamh ar stádas míchumais nó ar theidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas agus ar chearta páirceála do dhaoine faoi mhíchumas agus chun iad a aithint. I gcás ina n-eisíonn na Ballstáit an Cárta Míchumais Eorpach go díreach, ba cheart dóibh toiliú an duine lena mbaineann a lorg. Ba cheart eisiúint agus athnuachan an Chárta Míchumais Eorpaigh a bheith saor in aisce, agus d’fhéadfadh sé go mba ghá táille a íoc as atheisiúint an chárta sin dá gcaillfí é nó dá ndéanfaí damáiste dó. Féadfaidh eisiúint agus athnuachan an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas a bheith saor in aisce nó faoi réir táille. Maidir leis na táillí a d’fhéadfaí a ghearradh chun an Cárta Míchumais Eorpach a atheisiúint i gcás caillteanais nó damáiste nó chun an Cárta Eorpach Páirceála a eisiúint agus a athnuachan do dhaoine faoi mhíchumas, níor cheart iad a bheith níos mó ná na costais riaracháin lena mbaineann, ná níor cheart iad a shocrú ar leibhéal chun cosc a chur ar dhaoine faoi mhíchumas na cártaí sin a fháil nó a fháil arís nó chun iad a dhíspreagadh ó na cártaí sin a fháil nó a fháil arís. |
|
(32) |
De bhreis ar leagan fhisiciúil an Chárta Míchumais Eorpaigh, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do leagan digiteach den chárta, agus ba cheart dóibh a bheith in ann foráil a dhéanamh do leagan digiteach den Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas, i gcás inar socraíodh sonraíochtaí teicniúla trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Leis na sonraíochtaí sin, ba cheart tógáil ar an taithí ar an obair a rinneadh roimhe seo agus ar obair atá ar siúl ar leibhéal an Aontais maidir le digitiú deimhnithe agus doiciméad, ar nós Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), agus ba cheart úsáid an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumais a éascú trí thiachóg céannachta digití ar leibhéal an Aontais. Ba cheart daoine faoi mhíchumas a chur ar an eolas faoi na féidearthachtaí sin agus é a bheith de shaoirse acu a chinneadh an leagan fisiciúil nó an leagan digiteach den Chárta Míchumais Eorpach, nó an dá cheann, a úsáid. Sna Ballstáit ina bhfuil an leagan fisiciúil den Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas á chomhlánú le leagan digiteach, ba cheart daoine faoi mhíchumas a bheith in ann an cárta fisiciúil a iarraidh agus, más mian leo, an leagan digiteach agus an leagan fisiciúil den chárta araon a iarraidh. |
|
(33) |
Is éard atá i gceist le heisiúint an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas próiseáil sonraí pearsanta, lena n-áirítear go háirithe na sonraí a bhaineann le stádas míchumais an tsealbhóra cárta, ar sonraí iad a bhaineann leis an tsláinte dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (15), de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus ar catagóir speisialta sonraí pearsanta iad de réir bhrí Airteagal 9 den Rialachán sin. Beidh aon phróiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs na Treorach seo i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679. Agus an Treoir seo á trasuí, áiritheoidh na Ballstáit go n-áirítear sa reachtaíocht náisiúnta coimircí iomchuí is infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta, go háirithe catagóirí speisialta sonraí pearsanta. Ba cheart do na Ballstáit slándáil, sláine, barántúlacht agus rúndacht na sonraí pearsanta a bhailítear agus a stóráiltear chun críche na Treorach seo a áirithiú freisin. |
|
(34) |
An Ballstát atá freagrach as an gCárta Míchumais Eorpach nó an Cárta Páirceála Eorpach a eisiúint do dhaoine faoi mhíchumas, ba cheart gurb é sin an Ballstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine i gcomhréir le dlí an Aontais agus ina bhfaigheann sé nó sí measúnú ar stádas míchumais nó ar theidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas. Ba cheart sealbhóirí Cárta Míchumais Eorpaigh nó Cárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas a bheith in ann cárta den sórt sin a úsáid le linn a bhfanachta in aon Bhallstát eile. |
|
(35) |
Leis an gCárta Míchumais Eorpach agus leis an gCárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas, tá sé beartaithe go n-éascófar do gach duine faoi mhíchumas a gcearta chun saorghluaiseachta a fheidhmiú go héifeachtach agus rochtain chomhionann a bheith acu freisin ar choinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach nó ar choinníollacha agus saoráidí páirceála maidir le seirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí a thairgeann na Ballstáit, lena n-áirítear i gcás nach dtairgtear ar luach saothair iad. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás daoine faoi mhíchumas a thaistealaíonn chuig Ballstát eile nó a thugann cuairt ar Bhallstát eile chun críocha oibre nó oiliúna. |
|
(36) |
Ní dhéanann an creat atá beartaithe le haghaidh aitheantas frithpháirteach don Chárta Míchumais Eorpach agus don Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas difear d’inniúlachtaí Ballstáit chun measúnú a dhéanamh ar an stádas míchumais nó ar an teidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas nó chun iad a aithint nó chun coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a thairiscint, amhail saor-rochtain ar sheirbhísí áirithe do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann úsáid as ainmhithe cúnaimh, nó do dhaoine a bhíonn ag tionlacan daoine faoi mhíchumas nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear cúntóirí pearsanta, nó taraifí laghdaithe ar sheirbhísí den sórt sin i gcás daoine den sórt sin. Ní fhorchuirtear leis oibleagáid ar eintitis phoiblí ná ar oibreoirí príobháideacha coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a thabhairt isteach do dhaoine faoi mhíchumas, ná ní chruthaítear leis liosta láraithe san Aontas de choinníollacha speisialta ná de chóir fhabhrach do shealbhóirí an Chárta Míchumais Eorpaigh ar fud na mBallstát. Féadfaidh údaráis phoiblí agus oibreoirí príobháideacha coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach áirithe a thairiscint do ghrúpa sonrach daoine faoi mhíchumas amháin, agus sin ag brath ar riachtanais an ghrúpa shonraigh sin. |
|
(37) |
Is féidir Cárta Míchumais Eorpach a éileamh mar chruthúnas ar stádas míchumais chun rochtain a fháil de réir téarmaí agus coinníollacha comhionanna ar aon choinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach maidir le seirbhísí, gníomhaíochtaí nó saoráidí, lena n-áirítear i gcás nach dtairgtear iad ar luach saothair, ina dtairgtear iad nó ina gcoinnítear iad do dhaoine faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhíonn á dtionlacan nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear a gcúntóirí pearsanta, faoi raon feidhme na Treorach seo. Mar sin féin, níor cheart Cárta Míchumais Eorpach a éileamh mar chruthúnas ar mhíchumas chun aon chearta dá bhforáiltear i ndlí eile an Aontais nó sa dlí náisiúnta a rochtain nó a fheidhmiú, lena n-áirítear iad siúd a thairgeann sochair shonracha, coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach seo. I gcás ina gceanglaítear deimhniú míchumais, cárta míchumais nó doiciméad foirmiúil eile do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhréir le dlí an Aontais, níor cheart an Cárta Míchumais Eorpach a éileamh mar chruthúnas ar mhíchumas ach amháin má chinneann Ballstát a dheimhniú náisiúnta míchumais, a chárta míchumais nó a dhoiciméad foirmiúil eile le haghaidh daoine faoi mhíchumas a chumasc leis an gCárta Míchumais Eorpach. |
|
(38) |
Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le sochair slándála sóisialta faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (19) agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sochair airgid thirim ranníocacha nó neamhranníocacha speisialta nó sochair chomhchineáil i réimse na slándála sóisialta, na cosanta sóisialta nó na fostaíochta, ná cúnamh sóisialta a chumhdaítear le hAirteagal 24(2) de Threoir 2004/38/CE. Ós rud é gurb é is aidhm don Treoir seo rochtain chomhionann ar choinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a éascú do dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag taisteal chuig Ballstát eile nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát eile le haghaidh gearrfhanachta, níl feidhm ag an Treoir seo ach oiread maidir le seirbhísí a chuirtear ar fáil ar luach saothair nó nach gcuirtear ar fáil ar luach saothair agus a chuirtear ar fáil le haghaidh cuimsiú, slánú nó athshlánú fadtéarmach daoine faoi mhíchumas, ná le coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach i leith rochtain ar sheirbhísí a thairgtear do dhaoine faoi mhíchumas agus a riachtanais aonair á gcur san áireamh ach critéir bhreise a bheith comhlíonta, ar bhonn measúnú aonair nó cinneadh maidir leis an teidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas, atá éagsúil leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas nach gcomhlíonann na critéir bhreise sin. Mar sin féin, níor cheart cur chun feidhme na Treorach seo a úsáid chun coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a thairgtear cheana do dhaoine faoi mhíchumas a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo trína gcur faoi réir critéir bhreise a chomhlíonadh. |
|
(39) |
Chun feasacht a mhúscailt agus rochtain ar choinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a éascú do daoine faoi mhíchumas agus iad ag taisteal chuig Ballstát eile nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát eile, an fhaisnéis ábhartha go léir maidir leis na coinníollacha, na rialacha, an cleachtas agus na nósanna imeachta is infheidhme chun an Cárta Míchumais Eorpach nó an Cárta Páirceála Eorpach a fháil do dhaoine faoi mhíchumas agus a úsáid ina dhiaidh sin, ba cheart an fhaisnéis sin a bheith curtha ar fáil ag na Ballstáit go poiblí ar bhealach soiléir, cuimsitheach, soláimhsithe agus i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas maidir leis na ceanglais inrochtaineachta ábhartha le haghaidh seirbhísí a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882, lena n-áirítear teanga chomharthaíochta, braille, formáidí cúnta agus fuaim/gnéithe fuaime. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú nach bhfuil faisnéis den sórt sin níos casta ná Leibhéal B1 (idirmheánach) den Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha de chuid Chomhairle na hEorpa. |
|
(40) |
Ba cheart don Choimisiún leathanach gréasáin tiomnaithe de chuid an Aontais a bhunú. Ba cheart nasc chuig suíomh gréasáin náisiúnta gach Ballstáit a bheith ar an leathanach gréasáin sin de chuid an Aontais. Ba cheart an leathanach gréasáin sin de chuid an Aontais a bheith ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais, i dteanga chomharthaíochta idirnáisiúnta agus i dteangacha comharthaíochta náisiúnta na mBallstát agus ba cheart é a bheith ar fáil i bhformáidí inrochtana soléite, i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta ábhartha le haghaidh seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882. Ba cheart an fhaisnéis ar an leathanach gréasáin sin a bheith sothuigthe, gan dul thar leibhéal castachta atá níos airde ná leibhéal B1 (idirmheánach) de Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha de chuid Chomhairle na hEorpa. |
|
(41) |
Mar gheall ar mhíthuiscintí, bacainní cumarsáide nó easpa feasachta, ní i gcónaí a fhaigheann daoine faoi mhíchumas, go háirithe iad siúd atá faoi mhíchumas dofheicthe, an tacaíocht agus an chóiríocht is iomchuí dá míchumas, lena n-áirítear nuair a bhíonn siad ag taisteal ar iompar poiblí nó ag déileáil le húdaráis náisiúnta, nó le linn éigeandálaí. Chun soláthraithe seirbhíse a dhreasú agus chun rochtain daoine faoi mhíchumas ar choinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a éascú, ba cheart do na Ballstáit feasacht a mhúscailt ar an gCárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach a bheith ann do dhaoine faoi mhíchumas i measc na n-údarás poiblí agus na n-oibreoirí príobháideacha agus ba cheart dóibh iad a spreagadh chun coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a thairiscint do dhaoine faoi mhíchumas ar bhonn deonach. Go háirithe, is féidir leis na Ballstáit oibreoirí príobháideacha agus údaráis phoiblí a spreagadh trí, mar shampla, faisnéis a sholáthar maidir le dálaí speisialta nó cóir fhabhrach a d’fhéadfaí a thairiscint agus trí oiliúint maidir le feasacht ar mhíchumas a sholáthar chun ábharthacht, éifeachtacht agus cuimsitheacht aon choinníollacha speisialta nó chóra fabhraí a thairgtear a áirithiú. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le haon bhearta mar sin a fhorbairt, a chur chun feidhme agus meastóireacht a dhéanamh orthu i gcomhairle le daoine faoi mhíchumas agus lena n-eagraíochtaí ionadaíocha. |
|
(42) |
Ba cheart d’údaráis phoiblí a thairgeann coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach nó coinníollacha agus saoráidí páirceála do dhaoine faoi mhíchumas an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí ar bhealach soiléir, cuimsitheach, soláimhsithe agus i bhformáidí inrochtana, lena n-áirítear ar shuíomhanna gréasáin oifigiúla na n-údarás poiblí i gcás inarb ann dóibh, nó trí aon mhodhanna oiriúnacha eile, i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta ábhartha le haghaidh seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 lena n-áirítear teanga chomharthaíochta, braille, formáidí cúnta agus fuaim/gnéithe fuaime. Ba cheart oibreoirí príobháideacha a thairgeann coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach nó coinníollacha agus saoráidí páirceála do dhaoine faoi mhíchumas a spreagadh freisin chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí ar bhealach soiléir, cuimsitheach, soláimhsithe don úsáideoir agus i bhformáidí inrochtana. |
|
(43) |
Ba cheart do na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, na bearta is gá a dhéanamh chun aon riosca brionnaithe nó calaoise a chosc i ndáil leis an gCárta Míchumais Eorpach nó an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas agus ba cheart dóibh eisiúint chalaoiseach, úsáid chalaoiseach agus brionnú na gcártaí sin a chomhrac go gníomhach. Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a mhalartú faoi na cásanna sin chun muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a áirithiú ós rud é gurb é an t-aitheantas frithpháirteach do stádas míchumais bunchloch an Chárta Míchumais Eorpaigh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, maidir le haon bhearta a dhéantar chun an riosca brionnaithe nó calaoise a chosc, gur cheart dóibh cearta daoine faoi mhíchumas a urramú agus nár cheart iad a stiogmatú mar thoradh orthu. Ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhairle le daoine faoi mhíchumas agus lena n-eagraíochtaí ionadaíocha maidir le ceapadh agus cur chun feidhme na mbeart sin. |
|
(44) |
Chun cur i bhfeidhm cuí na Treorach seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí ghnéithe digiteacha a leagan síos do leaganacha fisiciúla an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas chun calaois a chosc agus a chomhrac, agus trí réimsí sonraí fhormáid chaighdeánaithe na gcártaí sin a leagtar amach sa Treoir seo a mhodhnú i gcás inar gá na modhnuithe sin chun an fhormáid a oiriúnú d’fhorbairtí teicniúla, chun brionnú agus calaois a chosc, chun aghaidh a thabhairt ar dhrochúsáid nó ar mhí-úsáid nó chun an idir-inoibritheacht a áirithiú. |
|
(45) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le leagan digiteach inrochtana an Chárta Míchumais Eorpaigh, agus leagan digiteach inrochtana an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas a shocrú do na Ballstáit a chinneann a leagan fisiciúil a chomhlánú le leagan digiteach, agus a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna a bhunú le haghaidh gnéithe slándála agus digiteacha, chomh maith le hábhair idir-inoibritheachta, de leagan fisiciúil na gcártaí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). |
|
(46) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), tá an Coimisiún le dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme á n-ullmhú aige, ar gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme iad a bhfuil tionchar acu ó thaobh cearta agus saoirsí daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. Is féidir leis an gCoimisiún dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin i gcás ina bhfuil tábhacht faoi leith leis na gníomhartha sin maidir le cearta agus saoirsí daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. |
|
(47) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun comhlíonadh agus forfheidhmiú na Treorach seo a áirithiú agus ba cheart leigheasanna iomchuí a bhunú, lena n-áirítear seiceálacha ar chomhlíonadh agus ar nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha, lena ráthú go bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas, daoine a bhíonn á dtionlacan nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear cúntóirí pearsanta, chomh maith le comhlachtaí poiblí, mar shampla comhlachtaí comhionannais, comhlachais phríobháideacha, eagraíochtaí, go háirithe eagraíochtaí ionadaíocha daoine faoi mhíchumas, nó eintitis dhlíthiúla eile a bhfuil leas dlisteanach acu ina áirithiú go gcomhlíontar an Treoir seo, gníomhaíocht a dhéanamh thar ceann duine faoi mhíchumas nó mar thacú leis an duine sin, ach a fhormheas nó formheas chuige sin a bheith faighte acu, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear san áireamh sna modhanna sin Airteagal 13 de UNCRPD agus prionsabal na cóiríochta réasúnta a shainítear in Airteagal 2 de UNCRPD. |
|
(48) |
Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo ná na cearta a thagann faoina raon feidhme. Ba cheart do na bearta iomchuí a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach agus d’fhéadfaí a áireamh orthu smachtbhannaí riaracháin agus airgeadais, amhail foláirimh, fíneálacha nó cúiteamh leormhaith a íoc, mar aon le cineálacha eile pionós. |
|
(49) |
Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt agus in UNCRPD. Féachtar leis an Treoir seo, go háirithe, lena áirithiú go n-urramófar ina n-iomláine na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas leas a bhaint as bearta a cheaptar lena neamhspleáchas a áirithiú, mar aon le lánpháirtiú sóisialta, eacnamaíoch agus gairmiúil agus rannpháirtíocht i saol an phobail agus cur i bhfeidhm Airteagal 26 den Chairt a chur chun cinn. |
|
(50) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon feidhmiú cearta saorghluaiseachta daoine faoi mhíchumas a neartú, agus feabhas a chur ar na deiseanna do dhaoine faoi mhíchumas taisteal chuig Ballstát eile nó cuairt a thabhairt air, agus an t-idirdhealú ina leith a chomhrac ar an gcaoi sin, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta lena mbunaítear creat rialacha agus coinníollacha coiteanna, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos sa Treoir seo an méid seo a leanas:
|
(a) |
na rialacha lena rialaítear eisiúint an Chárta Míchumais Eorpaigh chuig daoine faoi mhíchumas mar chruthúnas ar stádas míchumais nó mar chruthúnas ar theidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas, agus é mar aidhm aige sin an tsaoirse gluaiseachta a chur chun cinn do dhaoine faoi mhíchumas agus tréimhsí gearrfhanachta daoine faoi mhíchumas i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu a éascú, trí rochtain chomhionann a thabhairt dóibh ar aon choinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach i ndáil le seirbhísí, gníomhaíochtaí nó saoráidí, lena n-áirítear i gcás nach soláthraítear iad ar luach saothair, a thairgtear nó a choinnítear sa Bhallstát sin do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann úsáid as ainmhithe cúnaimh, agus, i gcás inarb infheidhme, do dhaoine a bhíonn ag tionlacan daoine faoi mhíchumas nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear a gcúntóirí pearsanta; |
|
(b) |
na rialacha lena rialaítear eisiúint an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas mar chruthúnas ar an gceart chun coinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas, agus é mar aidhm aige sin an tsaoirse gluaiseachta a chur chun cinn do dhaoine faoi mhíchumas agus tréimhsí gearrfhanachta daoine faoi mhíchumas i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu a éascú, trí rochtain chomhionann a thabhairt dóibh ar aon choinníoll agus saoráid páirceála a thairgtear nó a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas sa Bhallstát sin agus, i gcás inarb infheidhme, do dhaoine a bhíonn ag tionlacan daoine faoi mhíchumas nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear a gcúntóirí pearsanta; |
|
(c) |
teimpléid choiteanna don Chárta Míchumais Eorpach agus don Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas. |
Airteagal 2
Raon Feidhme
1. Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le coinníollacha agus saoráidí páirceála agus maidir le gach cás ina dtairgeann údaráis phoiblí nó oibreoirí príobháideacha coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach do dhaoine faoi mhíchumas a mhéid a bhaineann le rochtain ar na seirbhísí, na gníomhaíochtaí agus na saoráidí seo a leanas, i gcomhthéacs gearrfhanachta:
|
(a) |
seirbhísí de réir bhrí Airteagal 57 CFAE; |
|
(b) |
seirbhísí iompair do phaisinéirí; |
|
(c) |
gníomhaíochtaí agus saoráidí eile, lena n-áirítear i gcás nach soláthraítear ar luach saothair iad. |
2. Cuirfidh na Ballstáit an Treoir seo i bhfeidhm ar feadh tréimhsí is faide ná gearrfhanacht maidir le sealbhóirí an Chárta Míchumais Eorpaigh nó an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas atá rannpháirteach i gclár soghluaisteachta de chuid an Aontais, ar feadh fhad an chláir sin.
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin an Treoir seo a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhsí is faide ná gearrfhanacht maidir le sealbhóirí an Chárta Míchumais Eorpaigh nó an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas atá ar cuairt nó atá ag fanacht ar a gcríoch.
3. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
sochair i réimse na slándála sóisialta faoi Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 agus (CE) Uimh. 987/2009; |
|
(b) |
sochair airgid thirim ranníocacha nó neamhranníocacha speisialta nó sochair chomhchineáil i réimse na slándála sóisialta, na cosanta sóisialta nó na fostaíochta; |
|
(c) |
cúnamh sóisialta a chumhdaítear le hAirteagal 24(2) de Threoir 2004/38/CE; |
|
(d) |
seirbhísí ar luach saothair nó nach bhfuil ar luach saothair a sholáthraítear ar mhaithe le lánpháirtiú, slánú nó athshlánú fadtéarmach daoine faoi mhíchumas; |
|
(e) |
coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach le haghaidh rochtain ar sheirbhísí a thairgtear do dhaoine faoi mhíchumas i bhfianaise a riachtanas aonair agus ar chomhlíonadh critéar breise, ar bhonn measúnú aonair nó cinneadh maidir le teidlíocht ar sheirbhísí sonracha. |
4. Leis an Treoir seo, ní dhéantar difear d’inniúlacht na mBallstát na coinníollacha a chinneadh maidir le measúnú a dhéanamh ar stádas míchumais nó an teidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas agus maidir lena n-aithint, nó maidir leis an gceart chun coinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas a dheonú. Níl dhéantar difear léi d’inniúlacht na mBallstát deimhniú míchumais, cárta míchumais nó doiciméad foirmiúil a eisiúint ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear cinneadh maidir le teidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas.
5. Leis an Treoir seo, ní dhéantar difear d’inniúlacht na mBallstát sochair shonracha nó coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a dheonú, nó a cheangal go ndeonófar iad, amhail saor-rochtain nó taraifí laghdaithe do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann úsáid as ainmhithe cúnaimh, agus do dhuine nó do dhaoine a bhíonn ag tionlacan daoine faoi mhíchumas nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear a gcúntóir pearsanta nó a gcúntóirí pearsanta.
6. Ní dochar an Treoir seo do na cearta a fhéadfaidh daoine faoi mhíchumas nó duine nó daoine a bhíonn á dtionlacan nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear a gcúntóir pearsanta nó a gcúntóirí pearsanta, nó a n-ainmhithe cúnaimh, a fháil ó fhorálacha eile de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, lena n-áirítear cearta lena dtairgtear sochair shonracha, coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach. Ní cheanglófar Cárta Míchumais Eorpach mar chruthúnas ar mhíchumas chun rochtain a fháil ar na cearta dá dtagraítear sa mhír seo, nó chun na cearta sin a fheidhmiú, a bhféadfadh deimhniú míchumais, cárta míchumais nó doiciméad foirmiúil eile do dhaoine faoi mhíchumas a bheith ag teastáil ina leith i gcomhréir le dlí an Aontais, ach amháin má chinneann an Ballstát ábhartha an deimhniú míchumais náisiúnta, an cárta míchumais náisiúnta nó doiciméad foirmiúil eile do dhaoine faoi mhíchumas a chumasc leis an gCárta Míchumais Eorpach.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘saoránach den Aontas’ duine ag a bhfuil náisiúntacht Ballstáit; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘ball teaghlaigh’ ball teaghlaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2004/38/CE nó de réir bhrí Airteagal 3(2) den Treoir sin, gan beann ar a náisiúntacht, de shaoránach den Aontas a fheidhmíonn a cheart nó a ceart chun saorghluaiseachta; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘daoine faoi mhíchumas’ daoine a bhfuil lagú fadtéarmach coirp, meabhrach, intleachtúil nó céadfach orthu, ar lagú é, nuair a bhíonn orthu dul i ngleic le bacainní éagsúla, a d’fhéadfadh bac a chur ar a rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach sa tsochaí ar bhonn comhionann le daoine eile; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘cúntóir pearsanta’ duine a bhíonn ag tionlacan daoine faoi mhíchumas nó ag cuidiú leo agus a aithnítear sa cháil sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach’ aon choinníollacha sonracha, lena n-áirítear na coinníollacha sin a bhaineann le coinníollacha airgeadais, nó aon chóir dhifreáilte a bhaineann le cúnamh agus le tacaíocht a thairgtear do dhaoine faoi mhíchumas nó, i gcás inarb infheidhme, do dhaoine a bhíonn á dtionlacan nó ag cuidiú leo lena n-áirítear cúntóirí pearsanta, nó d'ainmhithe cúnaimh, is cuma má thairgtear iad ar bhonn deonach nó má fhorchuirtear iad ar bhonn oibleagáid dhlíthiúil; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘coinníollacha agus saoráidí páirceála’ spás páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas nó, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhíonn á tionlacan nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear cúntóirí pearsanta, go heisiach nó go ginearálta, chomh maith le haon sochair ghaolmhara páirceála nó coinníollacha fabhracha a thairgtear do dhaoine faoi mhíchumas, is cuma má thairgtear iad ar bhonn deonach nó má fhorchuirtear iad ar bhonn oibleagáid dhlíthiúil; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘gearrfhanacht’ cuairt ar Bhallstát eile nó tréimhse fanachta i mBallstát eile nach faide ná 3 mhí; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘ainmhí cúnaimh’ ainmhí a thugann cúnamh nó a dhéanann cúraimí ar mhaithe le duine faoi mhíchumas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta. |
Airteagal 4
Tairbhithe
Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
saoránaigh den Aontas agus baill teaghlaigh a n-aithníonn na húdaráis inniúla nó comhlachtaí inniúla ina mBallstát cónaithe a stádas míchumais nó a dteidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas, lena n-áirítear, trí dheimhniú míchumais, cárta míchumais nó doiciméad foirmiúil eile a eisítear i gcomhréir le hinniúlachtaí, cleachtas agus nósanna imeachta náisiúnta, ar daoine iad a bhféadfaidh duine amháin nó, i gcás inar gá, níos mó ná duine amháin eile, lena n-áirítear cúntóirí pearsanta nó ainmhithe cúnaimh, a bheith á dtionlacan nó ag cuidiú leo, mar a bhfhéadfaí a léiriú leis an litir ‘A’ ar an gCárta Míchumais Eorpach; |
|
(b) |
saoránaigh den Aontas agus baill teaghlaigh a n-aithníonn na húdaráis inniúla nó comhlachtaí inniúla ina mBallstát cónaithe a gcearta chun coinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear trí bhíthin cárta páirceála do dhaoine faoi mhíchumas nó trí bhíthin doiciméad eile a eisítear i gcomhréir le hinniúlachtaí, cleachtas agus nósanna imeachta náisiúnta, ar daoine iad a bhféadfaidh duine amháin nó, i gcás inar gá, níos mó ná duine amháin eile, lena n-áirítear cúntóir pearsanta nó cúntóirí pearsanta, a bheith á dtionlacan nó ag cuidiú leo. |
Maidir le pointe (a) den chéad mhír, féadfar an litir ‘A’ a chur isteach freisin ar an gCárta Míchumais Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil gá níos mó acu le tacaíocht, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.
Airteagal 5
Rochtain chomhionann daoine faoi mhíchumas ar choinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar rochtain do shealbhóirí Cárta Míchumais Eorpaigh, agus iad ag taisteal chuig Ballstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu nó ag tabhairt cuairt ar Ballstát den sórt sin, ar théarmaí agus coinníollacha atá comhionann leis na téarmaí agus na coinníollacha a sholáthraítear do dhaoine faoi mhíchumas ar sealbhóirí deimhnithe míchumais, cárta míchumais nó ar dhoiciméad foirmiúil eile iad lena n-aithnítear a stádas míchumais nó a dteidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas sa Bhallstát sin, i gcás inarb ann do dhoiciméid fhoirmiúla den sórt sin, ar aon choinníoll speisialta nó cóir fhabhrach a thairgtear i ndáil leis na seirbhísí, na gníomhaíochtaí agus na saoráidí dá dtagraítear in Airteagal 2(1).
2. Mura sonraítear a mhalairt sa Treoir seo nó i ndlí eile de chuid an Aontais, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina n-áirítear ar na coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach dá dtagraítear i mír 1 coinníollacha fabhracha do dhuine nó do dhaoine a bhíonn ag tionlacan daoine faoi mhíchumas nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear cúntóir pearsanta nó cúntóirí pearsanta, nó coinníollacha sonracha d’ainmhithe cúnaimh, go dtairgfear na coinníollacha fabhracha nó sonracha sin ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna do dhuine nó do dhaoine a bhíonn ag tionlacan shealbhóirí an Chárta Míchumais Eorpaigh nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear cúntóir pearsanta nó cúntóirí pearsanta, nó d’ainmhithe cúnaimh.
Airteagal 6
Rochtain chomhionann ag daoine faoi mhíchumas ar choinníollacha agus saoráidí páirceála
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndeonófar do shealbhóirí Cárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas, agus iad ag taisteal chuig Ballstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu nó ag tabhairt cuairt ar Bhallstát den sórt sin, rochtain ar choinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas ar théarmaí agus coinníollacha atá comhionann leis na téarmaí agus na coinníollacha dá bhforáiltear sa Bhallstát sin do shealbhóirí cártaí páirceála do dhaoine faoi mhíchumas a eisítear sa Bhallstát sin.
2. Mura sonraítear a mhalairt sa Treoir seo nó i ndlí eile de chuid an Aontais, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina n-áirítear ar na coinníollacha agus saoráidí páirceála dá dtagraítear i mír 1 coinníollacha fabhracha do dhuine nó do dhaoine a bhíonn ag tionlacan daoine faoi mhíchumas nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear cúntóir pearsanta nó cúntóirí pearsanta, go dtairgfear na coinníollacha fabhracha sin ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna do dhuine nó do dhaoine a bhíonn ag tionlacan shealbhóirí an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear cúntóir pearsanta nó cúntóirí pearsanta.
CAIBIDIL II
AN CÁRTA MÍCHUMAIS EORPACH AGUS AN CÁRTA PÁIRCEÁLA EORPACH DO DHAOINE FAOI MHÍCHUmas
Airteagal 7
Formáid, eisiúint agus bailíocht an Chárta Míchumais Eorpaigh agus é a aithint go frithpháirteach
1. Tabharfaidh gach Ballstát isteach an leagan fisiciúil den Chárta Míchumais Eorpach de réir na formáide caighdeánaithe inrochtana coitinne a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Áireoidh na Ballstáit sa leagan fisiciúil den chárta cód QR agus aon ghnéithe digiteacha eile a úsáideann modhanna leictreonacha chun calaois a chosc agus a chomhrac faoi mar a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 7, pointe (a), laistigh de thréimhse réasúnta ama tar éis a nglactha agus tráth nach déanaí ná an 5 Meitheamh 2028.
2. Déanfar Cártaí Míchumais Eorpacha a eisíonn Ballstáit a aithint go frithpháirteach sna Ballstáit uile.
3. Déanfaidh údaráis inniúla nó comhlachtaí inniúla sna Ballstáit an Cárta Míchumais Eorpach a eisiúint, a athnuachan nó a tharraingt siar i gcomhréir lena rialacha náisiúnta, lena nósanna imeachta náisiúnta agus lena gcleachtas náisiúnta. Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, áiritheoidh na Ballstáit slándáil, sláine, barántúlacht agus rúndacht na sonraí pearsanta a bhailítear agus a stóráiltear chun críocha na Treorach seo. Measfar gur rialaitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679 é an t-údarás nó comhlacht inniúil atá freagrach as an gCárta Míchumais Eorpach a eisiúint, agus beidh sé freagrach as sonraí pearsanta a phróiseáil. Ní eisiafar leis an gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha aon dliteanas ar thaobh Ballstáit a d’fhéadfadh teacht chun cinn faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta i leith neamhchomhlíonadh oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta.
4. Déanfaidh an Ballstát cónaithe an Cárta Míchumais Eorpach a eisiúint nó a athnuachan go díreach nó ar iarratas ón duine faoi mhíchumas nó ó dhuine údaraithe, faoin dlí náisiúnta. Cuirfear daoine faoi mhíchumas ar an eolas faoin bhféidearthacht iarratas a dhéanamh ar an gCárta Míchumais Eorpach i gcás nach n-eisítear go díreach é. Déanfar é a eisiúint nó a athnuachan saor in aisce don tairbhí, laistigh den tréimhse chéanna is infheidhme maidir le deimhnithe míchumais, cártaí míchumais nó doiciméid fhoirmiúla eile a eisiúint nó maidir leis an nós imeachta lena n-aithnítear stádas míchumais nó teidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh táille a ghearradh as na costais a bhaineann le hatheisiúint an Chárta Míchumais Eorpaigh i gcás caillteanais nó damáiste. I gcás ina ngearrtar táille den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit nach mó an táille ná na costais riaracháin lena mbaineann agus nach gcuirfidh sí cosc ná drogall ar dhaoine faoi mhíchumas atheisiúint an Chárta Míchumais Eorpaigh a iarraidh.
5. Eiseofar an Cárta Míchumais Eorpach mar leagan fisiciúil agus comhlánófar é le leagan digiteach inrochtana laistigh de thréimhse réasúnta ama tar éis don Choimisiún na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a leagan síos. Tabharfar an rogha do dhaoine faoi mhíchumas an leagan fisiciúil den chárta, an leagan digiteach nó an dá cheann a iarraidh. Ní bheidh níos mó sonraí pearsanta sa leagan digiteach ná mar a sholáthraítear don leagan fisiciúil mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Déanfar na sonraí pearsanta atá sa leagan digiteach sin a chriptiú agus glacfar réamhchúraimí teicniúla chun a áirithiú gur úsáideoirí údaraithe amháin a léifidh an meán stórála.
6. Is é an Ballstát eisiúna a chinnfidh bailíocht an Chárta Míchumais Eorpaigh. Áiritheoidh na Ballstáit go mairfidh bailíocht an Chárta Míchumais Eorpaigh an tréimhse is faide is féidir, ag cur san áireamh dóibh, i gcás inarb infheidhme, an fad a mhairfidh bailíocht an deimhnithe míchumais, an chárta míchumais nó doiciméid fhoirmiúil eile nó fad an nós imeachta lena n-aithnítear an stádas míchumais nó an teidlíocht ar sheirbhísí sonracha arna n-eisiúint ag údarás nó comhlacht inniúil Bhallstát cónaithe an duine faoi mhíchumas.
7. Faoin 5 Nollaig 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
an cód QR a shocrú agus, más iomchuí, gnéithe digiteacha úrscothacha eile a úsáideann modhanna leictreonacha a shocrú don leagan fisiciúil den Chárta Míchumais Eorpach, chun calaois a chosc agus a chomhrac; agus |
|
(b) |
gnéithe digiteacha a bhunú lena n-áirithítear slándáil an leagain fhisicigh den Chárta Míchumais Eorpach, lena n-áirítear na bearta slándála iomchuí maidir le sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, chomh maith le hábhair idir-inoibritheachta, amhail feidhmchláir choiteanna de chuid an Aontais chun sonraí atá i ngnéithe digiteacha sa leagan fisiciúil den chárta a léamh, ar gnéithe iad a úsáideann modhanna leictreonacha chun calaois a chosc agus a chomhrac. |
8. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Treoir seo a leasú trí réimsí sonraí na formáide caighdeánaithe le haghaidh an Chárta Míchumais Eorpaigh a leagtar síos in Iarscríbhinn I a mhodhnú i gcás inar gá modhnuithe den sórt sin chun an fhormáid a chur in oiriúint d’fhorbairtí teicniúla, chun brionnú agus calaois a chosc, aghaidh a thabhairt ar dhrochúsáid nó ar mhí-úsáid nó chun an idir-inoibritheacht a áirithiú. Sna gníomhartha tarmligthe sin, tabharfar a ndóthain ama do na Ballstáit modhnuithe den sórt sin a chur chun feidhme.
Airteagal 8
Formáid, eisiúint agus bailíocht an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas agus é a aithint go frithpháirteach
1. Tabharfaidh gach Ballstát isteach leagan fisiciúil den Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas de réir na formáide caighdeánaithe inrochtana coitinne a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Áireoidh na Ballstáit sa leagan fisiciúil den chárta cód QR agus aon ghnéithe digiteacha eile a úsáideann modhanna leictreonacha chun calaois a chosc agus a chomhrac mar a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 7, pointe (a), laistigh de thréimhse réasúnta ama tar éis a nglactha agus tráth nach déanaí ná an 5 Meitheamh 2028.
2. Déanfar Cártaí Páirceála Eorpacha do dhaoine faoi mhíchumas a eisíonn Ballstáit a aithint go frithpháirteach sna Ballstáit uile.
3. Déanfaidh údaráis inniúla nó comhlachtaí inniúla sna Ballstáit an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint, a athnuachan nó a tharraingt siar i gcomhréir lena rialacha náisiúnta, lena nósanna imeachta náisiúnta agus lena gcleachtas náisiúnta. Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, áiritheoidh na Ballstáit slándáil, sláine, barántúlacht agus rúndacht na sonraí pearsanta a bhailítear agus a stóráiltear chun críche na Treorach seo. Measfar gur rialaitheoir mar shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679 é an t-údarás nó comhlacht inniúil atá freagrach as an gCárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint, agus beidh sé freagrach as sonraí pearsanta a phróiseáil. Ní eisiafar leis an gcomhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha aon dliteanas ar thaobh Ballstáit a d’fhéadfadh teacht chun cinn faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta i leith neamhchomhlíonadh oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta.
4. Déanfaidh an Ballstát cónaithe an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint nó a athnuachan ar iarratas ón duine faoi mhíchumas nó ó dhuine údaraithe, faoin dlí náisiúnta. Déanfar é a eisiúint nó a athnuachan laistigh de thréimhse réasúnta ó dháta an iarratais, tréimhse nach faide ná 90 lá, i gcás nach mbeidh measúnuithe riachtanacha ar bun. Féadfaidh na Ballstáit an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint agus a athnuachan saor in aisce nó táille a ghearradh as na costais a bhaineann lena eisiúint agus lena athnuachan. I gcás ina ngearrtar táille den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit nach mó an táille ná na costais riaracháin lena mbaineann agus nach gcuirfidh sí cosc ná drogall ar dhaoine faoi mhíchumas an Cárta Míchumais Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a iarraidh.
5. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas in ionad na gcártaí páirceála uile atá ann cheana arna n-eisiúint i gcomhréir le Moladh 98/376/CE ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil ar iarraidh don tairbhí ar a eisiúint, agus i gcás ar bith faoin 5 Nollaig 2029. Go dtí an dáta sin, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go mbeidh an éifeacht chéanna ar a gcríoch ag cártaí páirceála do dhaoine faoi mhíchumas a eisíodh roimh an 5 Meitheamh 2028 i gcomhréir le Moladh 98/376/CE agus mar atá ag an gCárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas.
6. Déanfar an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint nó a athnuachan mar leagan fisiciúil. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an leagan fisiciúil den chárta a chomhlánú le leagan digiteach tar éis don Choimisiún na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a leagan síos. Sna Ballstáit ina bhfuil an leagan fisiciúil den chárta á chomhlánú le leagan dhigiteach, féadfaidh daoine faoi mhíchumas an leagan fisiciúil den chárta a iarraidh, agus más mian leo, an leagan digiteach agus an leagan fisiciúil araon a iarraidh. Ní bheidh níos mó sonraí pearsanta sa leagan digiteach ná mar a sholáthraítear don leagan fisiciúil mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Déanfar na sonraí pearsanta atá sa leagan digiteach sin a chriptiú agus glacfar réamhchúraimí teicniúla chun a áirithiú gur úsáideoirí údaraithe amháin a léifidh an meán stórála.
7. Faoin 5 Nollaig 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
an cód QR a shocrú agus, más iomchuí, gnéithe digiteacha úrscothacha eile a úsáideann modhanna leictreonacha a shocrú don leagan fisiciúil den Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas, chun calaois a chosc agus a chomhrac; agus |
|
(b) |
sonraíochtaí teicniúla coiteanna a bhunú lena n-áirithítear slándáil an leagain fhisicigh den Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear na bearta slándála iomchuí maidir le sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, chomh maith le hábhair idir-inoibritheachta, amhail feidhmchláir choiteanna de chuid an Aontais chun sonraí atá i ngnéithe digiteacha sa leagan fisiciúil den chárta a léamh, ar gnéithe iad a úsáideann modhanna leictreonacha chun calaois a chosc agus a chomhrac. |
8. Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Treoir seo a leasú trí réimsí sonraí na formáide caighdeánaithe le haghaidh an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas a leagtar síos in Iarscríbhinn II a mhodhnú i gcás inar gá modhnuithe den sórt sin chun an fhormáid a chur in oiriúint d’fhorbairtí teicniúla, chun brionnú agus calaois a chosc, chun aghaidh a thabhairt ar dhrochúsáid nó ar mhí-úsáid nó chun an idir-inoibritheacht a áirithiú. Sna gníomhartha tarmligthe sin, tabharfar a ndóthain ama do na Ballstáit modhnuithe den sórt sin a chur chun feidhme.
CAIBIDIL III
FORÁLACHA COITEANNA
Airteagal 9
Leaganacha digiteacha agus sonraíochtaí teicniúla coiteanna
1. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na leaganacha digiteacha inrochtana den Chárta Míchumais Eorpach agus den Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a shocrú, leis na réimsí sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II faoi seach, agus chun idir-inoibritheacht a áirithiú.
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear sonraíochtaí teicniúla coiteanna maidir le modh stórála an leagain dhigitigh den Chárta Míchumas Eorpach agus den Chárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas le haghaidh ábhair amhail bailíocht an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh agus a sraithuimhir nó a n-uimhir chomhaid a fhíorú, chun a mbarántúlacht a rialú, chun brionnú agus calaois a chosc, le haghaidh léamh na gcártaí sin idir na Ballstáit, agus le haghaidh a n-úsáide i dtiachóg céannachta digiteach ar leibhéal an Aontais.
3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).
4. Sula nglacfaidh sé na gníomhartha cur chun feidhme de bhun mhír 1 nó 2, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le daoine faoi mhíchumas agus lena n-eagraíochtaí ionadaíocha chomh maith le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (23).
Airteagal 10
Faireachas agus comhlíonadh
1. Déanfaidh na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, gach beart is gá chun an riosca brionnaithe agus calaoise a chosc agus déanfaidh siad eisiúint chalaoiseach, úsáid chalaoiseach agus brionnú an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas a chomhrac go gníomhach.
2. I gcás ina mbraitheann Ballstát cásanna tromchúiseacha nó córasacha mí-úsáide ar a chríoch i dtaca le Cárta Míchumais Eorpach nó Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas arna eisiúint ag Ballstát eile, cuirfidh an Ballstát sin an Ballstát eisiúna ar an eolas faoin méid sin. Áiritheoidh an Ballstát eisiúna go ndéanfar obair leantach iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta. Déanfaidh na Ballstáit faisnéis a mhalartú maidir le mí-úsáid na gcártaí sin.
3. Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, de réir mar is iomchuí, ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a thagann ón gCárta Míchumais Eorpach nó ón gCárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas agus ar chomhlíonadh chearta comhfhreagracha na ndaoine faoi mhíchumas ag a bhfuil na cártaí sin, lena n-áirítear maidir le hainmhithe cúnaimh, agus daoine a bhíonn ag tionlacan daoine faoi mhíchumas nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear a gcúntóirí pearsanta.
Airteagal 11
Inrochtaineacht faisnéise agus múscailt feasachta
1. Cuirfidh na Ballstáit na coinníollacha, na rialacha, an cleachtas agus na nósanna imeachta chun Cárta Míchumais Eorpach agus Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint, a athnuachan agus a tharraingt siar ar fáil go poiblí i bhformáidí inrochtana, lena n-áirítear i bhformáidí digiteacha agus soléite, agus arna iarraidh sin sna formáidí cúnta arna n-iarraidh ag daoine faoi mhíchumas.
2. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun feasacht a mhúscailt i measc an phobail agus chun daoine faoi mhíchumas agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha a chur ar an eolas, lena n-áirítear ar bhealaí inrochtana, go bhfuil an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas ann agus faoi na coinníollacha maidir leis na cártaí sin a fháil, a úsáid nó a athnuachan. Tabharfaidh an Coimisiún faoi fheachtas múscailte feasachta de chuid an Aontais i gcomhar leis na Ballstáit agus déanfaidh sé múscailt feasachta agus scaipeadh faisnéise maidir le cur chun feidhme na Treorach seo a chur chun cinn ar bhonn leanúnach.
3. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun feasacht a mhúscailt i measc na n-údarás poiblí agus na n-oibreoirí príobháideacha maidir leis an gCárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a bheith ann agus maidir lena n-úsáid, agus spreagfaidh siad údaráis agus oibreoirí den sórt sin chun coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach agus coinníollacha agus saoráidí páirceála a thairiscint ar bhonn deonach do dhaoine faoi mhíchumas i raon chomh leathan seirbhísí, gníomhaíochtaí agus saoráidí eile agus is féidir.
4. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chur ar fáil saor in aisce ar bhealach atá soiléir, cuimsitheach, soláimhsithe agus inrochtana go héasca, i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta ábhartha le haghaidh seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882, lena n-áirítear trí shuíomhanna gréasáin oifigiúla na n-údarás poiblí, nó ar mhodhanna oiriúnacha eile.
Airteagal 12
Údaráis inniúla nó comhlachtaí inniúla, agus pointí teagmhála
1. Ainmneoidh na Ballstáit údarás nó comhlacht inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an gCárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint, a athnuachan agus a tharraingt siar.
2. Ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta amháin nó níos mó chun an t-idirphlé idir na Ballstáit agus an Coimisiún a éascú maidir le trasuí agus cur chun feidhme cuí na Treorach seo. Faoin 5 Meitheamh 2025, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina bpointí teagmhála náisiúnta.
Airteagal 13
Eagraíochtaí ionadaíocha daoine faoi mhíchumas
Áiritheoidh na Ballstáit go rachfar i gcomhairle go gníomhach le heagraíochtaí ionadaíocha daoine faoi mhíchumas agus go mbeidh siad rannpháirteach i bhforbairt agus cur chun feidhme an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas agus i meastóireacht a dhéanamh orthu.
CAIBIDIL IV
CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 14
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(7) agus (8) agus in Airteagal 8(7) agus (8) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 4 Nollaig 2024. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(7) agus (8), agus Airteagal 8(7) agus (8) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le daoine faoi mhíchumas agus lena n-eagraíochtaí ionadaíocha chomh maith le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 7(7) nó (8) nó Airteagail 8(7) nó (8) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 15
An nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 16
Forfheidhmiú agus leigheasanna
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh modhanna leormhaithe éifeachtacha ann chun a áirithiú go ndéanfar an Treoir seo a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú.
2. Áireofar an méid seo a leanas ar na modhanna dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
forálacha trínar féidir le daoine faoi mhíchumas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, nó ionadaithe arna n-ainmniú ag na daoine sin agus atá ag gníomhú thar a gceann agus le formheas na ndaoine sin nó le formheas a gcaomhnóra dhlíthiúil, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh ó na húdaráis inniúla nó na comhlachtaí inniúla maidir le Cárta Míchumais Eorpach nó Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas a eisiúint, a athnuachan nó a tharraingt siar; |
|
(b) |
forálacha trína bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas caingean a thionscnamh faoin dlí náisiúnta os comhair na gcúirteanna nó os comhair na gcomhlachtaí inniúla riaracháin i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí nó na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i bhforálacha náisiúnta lena gcuirtear an Treoir seo chun feidhme; |
|
(c) |
forálacha trína bhféadfaidh ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí seo a leanas, arna chinneadh faoin dlí náisiúnta, caingean a thionscnamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis na nósanna imeachta náisiúnta os comhair na gcúirteanna nó os comhair na gcomhlachtaí inniúla riaracháin thar ceann daoine faoi mhíchumas nó mar thaca leo lena gcosnaítear a gcearta, agus lena bhformheas, in aon imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin dá bhforáiltear chun oibleagáidí faoin Treoir seo a fhorfheidhmiú:
|
Airteagal 17
Neamhchomhlíonadh agus pionóis
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir le bearta iomchuí a leagan síos, amhail pionóis, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, is infheidhme i ndáil le húdaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí nó oibreoirí príobháideacha maidir le neamhchomhlíonadh na bhforálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme.
2. Ní mór na bearta dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus ní mór gníomhaíocht feabhais éifeachtach a bheith ag gabháil leo.
Airteagal 18
Rochtain ar fhaisnéis
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis phoiblí an fhaisnéis maidir leis na coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach nó maidir le coinníollacha agus saoráidí páirceála a thairgeann siad do dhaoine faoi mhíchumas de bhun Airteagail 5 agus 6 ar fáil go poiblí, lena n-áirítear trína suíomhanna gréasáin i gcás ina bhfuil siad ar fáil, nó trí mhodhanna oiriúnacha eile.
Bunóidh gach Ballstát suíomh gréasáin náisiúnta ar a mbeidh faisnéis ghinearálta maidir le cuspóir agus úsáid an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tagairtí do na húdaráis inniúla nó na comhlachtaí inniúla atá freagrach as na cártaí sin a eisiúint, a athnuachan agus a tharraingt siar. Áireofar ar an suíomh gréasáin sin freisin faisnéis ghinearálta atá ar fáil maidir le coinníollacha speisialta nó cóir fhabhrach a thairgeann údaráis phoiblí do dhaoine faoi mhíchumas agus déanfaidh sé úsáideoirí a atreorú chun cuairt a thabhairt ar shuíomhanna gréasáin sonracha de chuid na n-údarás poiblí ábhartha chun faisnéis níos sonraí a fháil. Féadfaidh faisnéis den sórt sin ó oibreoirí príobháideacha ar an leibhéal náisiúnta a bheith ar an suíomh gréasáin sin freisin.
2. Spreagfaidh na Ballstáit oibreoirí príobháideacha freisin chun faisnéis faoi na coinníollacha speisialta nó faoin gcóir fhabhrach agus faoi choinníollacha agus saoráidí páirceála a thairgeann siad de bhun Airteagail 5 agus 6 a chur ar fáil go poiblí i bhformáidí inrochtana.
3. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chur ar fáil saor in aisce ar bhealach soiléir, cuimsitheach, soláimhsithe agus ar bhealach atá inrochtana go héasca, trí shuíomhanna gréasáin oifigiúla na n-údarás poiblí nó na n-oibreoirí príobháideacha i gcás ina bhfuil siad ar fáil, nó ar mhodhanna oiriúnacha eile, i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta ábhartha le haghaidh seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882.
4. I gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, i gcás inarb infheidhme, áiritheoidh oibreoirí seirbhísí iompair trasteorann do phaisinéirí go ndéanfar faisnéis shoiléir faoi na coinníollacha speisialta nó faoin gcóir fhabhrach is infheidhme i gcodanna éagsúla dá dturas a thairiscint do phaisinéirí a bhfuil Cárta Míchumais Eorpach acu nó go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil dóibh.
Airteagal 19
Leathanach gréasáin de chuid an Aontais
1. Faoin 5 Nollaig 2028, bunóidh an Coimisiún leathanach gréasáin tiomnaithe de chuid an Aontais le haghaidh an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas. Beidh nasc chuig na suíomhanna gréasáin náisiúnta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 18(1) ar an leathanach gréasáin sin de chuid an Aontais.
2. Beidh leathanach gréasáin an Aontais ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais, i dteanga chomharthaíochta idirnáisiúnta agus i dteangacha comharthaíochta náisiúnta na mBallstát agus beidh sé ar fáil i bhformáidí inrochtana soléite, i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta ábhartha le haghaidh seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882. Beidh an fhaisnéis ar leathanach gréasáin an Aontais sothuigthe, gan dul thar leibhéal castachta leibhéal B1 (idirmheánach) de Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha de chuid Chomhairle na hEorpa.
Airteagal 20
Tuairisciú agus measúnú
1. Faoin 5 Meitheamh 2031, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.
2. Tabharfar aghaidh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, inter alia, i bhfianaise forbairtí sóisialta, eacnamaíocha agus teicneolaíocha agus forbairtí ábhartha eile, ar úsáid an Chárta Míchumais Eorpaigh agus an Chárta Páirceála Eorpaigh do dhaoine faoi mhíchumas, go háirithe tionchar aon táillí, ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí na Treorach seo lena cur chun feidhme agus ar a hidirghníomhú le gníomhartha dlí ábhartha eile de chuid an Aontais d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir seo.
Áireofar sa tuarascáil sin freisin anailís ar chásanna sonracha míbhuntáiste a eascraíonn as idirdhealú trasnach, a thuigtear mar idirdhealú bunaithe ar mheascán de mhíchumas agus d’aon fhoras eile atá faoi chosaint faoi Threoir 79/7/CEE (24), 2000/43/CE (25), 2000/78/CE (26) nó 2004/113/CE (27) ón gComhairle, agus béim ar leith á leagan ar mhná agus cailíní faoi mhíchumas.
3. Faoin 5 Meitheamh 2029, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar aon bhearnaí a bheidh fós ann a bhaineann le saorghluaiseacht daoine faoi mhíchumas. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar thoradh an mheasúnaithe sin agus cinneadh á dhéanamh aige an gá gníomhaíocht bhreise a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar aon bhearnaí den sórt sin.
4. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá in iúl don Choimisiún, arna iarraidh sin dó agus in am trátha, chun go bhféadfaidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.
5. Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, cuirfear san áireamh tuairimí daoine faoi mhíchumas, tuairimí eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha, go háirithe eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas, agus tuairimí geallsealbhóirí eacnamaíocha.
Airteagal 21
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 5 Meitheamh 2027. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 5 Meitheamh 2028.
2. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar na tagairtí sin.
Airteagal 22
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 23
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
ZSIGMOND B. P.
(1) IO C, C/2024/1595, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1595/oj
(2) OJ C, C/2024/1981, 18.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1981/oj.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2024.
(4) IO L 23, 27.1.2010, lch. 37.
(5) IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.
(6) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
(7) Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht shuíomhanna gréasáin agus fheidhmchlár móibíleach chomhlachtaí na hearnála poiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag taisteal d’aer (IO L 204, 26.7.2006, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 172, 17.5.2021, lch. 1).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).
(12) Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirear a ghearradh ar fheithiclí as bonneagar bóthair a úsáid (IO L 187, 20.7.1999, lch. 42).
(13) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(14) Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014(IO L 202, 8.6.2021, lch. 32).
(15) Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1).
(16) Moladh 98/376/CE ón gComhairle an 4 Meitheamh 1998 maidir le cárta páirceála do dhaoine faoi mhíchumas (IO L 167, 12.6.1998, lch. 25).
(17) Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (IO L 211, 15.6.2021, lch. 1).
(18) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(19) Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
(20) Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).
(21) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(22) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(23) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(24) Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile (IO L 6, 10.1.1979, lch. 24).
(25) Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22).
(26) Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).
(27) Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná ina rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus ó thaobh soláthar earraí agus seirbhísí (IO L 373, 21.12.2004, lch. 37).
IARSCRÍBHINN I
FORMÁID AN CHÁRTA MÍCHUMAIS EORPAIGH
Téacs an ÉADAIN: ‘European Disability Card’ [Cárta Míchumais Eorpach] i mBéarla agus i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna.
CÚL: Faisnéis atá le cinneadh ag an mBallstát eisiúna i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit sin.
1.
Beidh méid an chárta i gcomhréir leis an bhformáid ID-1 a leagtar síos le ISO/IEC 7810.
2.
Beidh an méid seo a leanas ar an gcárta:|
— |
pictiúr den sealbhóir cárta, |
|
— |
sloinne agus túsainm an tsealbhóra cárta, |
|
— |
dáta breithe an tsealbhóra cárta, |
|
— |
sraithuimhir nó uimhir chomhaid an chárta. |
3.
Beidh dath an chárta idir ghorm dorcha agus bhánghorm, i gcomhréir leis an bpictiúr san Iarscríbhinn seo agus úsáidfear na tagairtí seo a leanas leis:|
— |
gorm dorcha: CMYK 100, 90, 10, 0, RGB 0, 68, 148, |
|
— |
bánghorm: CMYK 94, 63, 7, 1, RGB 0, 110, 183. |
4.
Léireofar ar an gcárta a dháta eisiúna agus a dháta éaga.
5.
Beidh cód tíre ar an gcárta timpeallaithe ag ciorcal de dhá cheann déag de réaltaí atá ina shiombail den Aontas.
6.
Is é Arial Regular nó, i gcás nach féidir, cló eile Sans Serif, an cló a úsáidfear. Beidh codarsnacht leordhóthanach idir na dathanna tosaigh agus cúlra.
7.
Taispeánfar na focail ‘European Disability Card’ [Cárta Míchumais Eorpach] i mBéarla agus i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna i gcló Arial Regular agus in braille ag baint úsáid as toisí an chóid Marburg.
8.
Féadfar an litir roghnach ‘A’ (i gcló agus in braille) a chur isteach i gcás ina dtugann an cárta an ceart don duine faoi mhíchumas tionlacan cúntóir pearsanta amháin nó níos mó a bheith leis nó léi nó daoine tionlacain nó cúnaimh eile a aithnítear de bhun an dlí náisiúnta nó an chleachtais náisiúnta, nó ainmhithe cúnaimh. Féadfar an litir ‘A’ a chur isteach freisin do dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil gá níos mó acu le tacaíocht, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.
9.
Cód QR, agus gnéithe digiteacha eile a d’fhéadfadh a bheith ann a úsáideann modhanna leictreonacha chun calaois a chosc, cuirfear isteach iad tar éis na nghníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(7), pointe (a), a ghlacadh. Féadfaidh níos mó sonraí pearsanta a bheith sna gnéithe digiteacha sa leagan fisiciúil den chárta ná na sonraí dá bhforáiltear sa leagan fisiciúil mar a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Mar sin féin, beidh rochtain ar shonraí den sórt sin teoranta d’údaráis phoiblí na mBallstát eisiúna agus d’úsáideoirí údaraithe amháin. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta den sórt sin, comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) 2016/679.
10.
Taispeánfar iontrálacha i mBéarla agus i dteanga nó gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna. Más mian le Ballstát na hiontrálacha a thaispeáint i dteanga seachas Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis nó Ungáiris, déanfaidh sé amhlaidh gan dochar d’fhorálacha eile na hIarscríbhinne seo. I gcás ina ndéanann Ballstát iontrálacha sa Bhulgáiris nó sa Ghréigis, tarraingeoidh sé suas leagan den chárta a úsáideann carachtair Laidine.
IARSCRÍBHINN II
FORMÁID DON CHÁRTA PÁIRCEÁLA EORPAIGH DO DHAOINE FAOI MHÍCHUMAS
ÉADAN
CÚL
1.
Is mar a leanas a bheidh méid an chárta:|
— |
airde: 106 mm, |
|
— |
leithead: 148 mm. |
2.
Beidh dath an chárta idir ghorm dorcha agus bhuí, i gcomhréir leis na pictiúir san Iarscríbhinn seo agus úsáidfear na tagairtí seo a leanas leis:|
— |
gorm dorcha: CMYK 100, 90, 10, 0, RGB 0, 68, 148, |
|
— |
buí: CMYK 94, 63, 7, 1, RGB 255, 237, 0. |
3.
Déanfar an cárta a roinnt go hingearach ina dhá chuid ar an éadan agus ar an gcúl araon.|
(a) |
beidh na nithe seo a leanas ar thaobh na láimhe clé den éadan:
|
|
(b) |
beidh na nithe seo a leanas ar thaobh na láimhe deise den éadan:
Féadfaidh níos mó sonraí pearsanta a bheith sna gnéithe digiteacha sa leagan fisiciúil den chárta ná na sonraí dá bhforáiltear sa leagan fisiciúil mar a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Mar sin féin, beidh rochtain ar shonraí den sórt sin teoranta d’údaráis phoiblí na mBallstát eisiúna agus d’úsáideoirí údaraithe amháin. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta den sórt sin, comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) 2016/679. |
|
(c) |
beidh an méid seo a leanas ar thaobh na láimhe clé den chúl:
|
|
(d) |
ar thaobh na láimhe deise den chúl, i mBéarla agus i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna, beidh an méid seo a leanas:
|
4.
Taispeánfar iontrálacha i mBéarla agus i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna. Más mian le Ballstát na hiontrálacha a thaispeáint i dteanga seachas Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis nó Ungáiris, déanfaidh sé amhlaidh gan dochar d’fhorálacha eile na hIarscríbhinne seo. I gcás ina ndéanann Ballstát iontrálacha sa Bhulgáiris nó sa Ghréigis, tarraingeoidh sé suas leagan den chárta a úsáideann carachtair Laidine.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2841/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)