European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2838

7.11.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/2838 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2024

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1379/2013, (AE) Uimh. 167/2013 agus (AE) Uimh. 168/2013 maidir le ceanglais tuairiscithe áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint do thogra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart ghníomhartha dlí an Aontais a áirithiú. Tá sé tábhachtach, áfach, ceanglais den sórt sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir dár beartaíodh iad agus chun an t-ualach riaracháin a theorannú.

(2)

Dá bhrí sin, is tosaíocht é oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú agus an t-ualach riaracháin a laghdú. I Rialacháin (AE) Uimh. 1379/2013 (3), (AE) Uimh. 167/2013 (4) agus (AE) Uimh. 168/2013 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tá roinnt ceanglas tuairiscithe i réimsí na gcaighdeán margaíochta agus an fhaireachais margaidh ar cheart iad a shimpliú i gcomhréir le teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais Eorpaigh: níos faide ar aghaidh ná 2030’.

(3)

Leis an Rialachán seo, déantar ceanglais tuairiscithe a dhíchur agus a shimpliú nach meastar a bheith riachtanach a thuilleadh i réimse chomheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus a dhéanann difear do thionscal na hiascaireachta agus i réimse an chineálcheadaithe agus an fhaireachais margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta, ar fheithiclí dhá agus trí roth agus ar chuadrothair.

(4)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, foráiltear go bhfuil na rialacha lena mbunaítear comhchaighdeáin mhargaíochta, go háirithe na rialacha sin a leagtar síos, inter alia, i Rialachán (CE) Uimh. 2406/96ón gComhairle (6) le leanúint d’fheidhm a bheith acu.

(5)

Ceanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 2406/96 ar gach Ballstát liosta a sholáthar do na Ballstáit eile agus don Choimisiún d’ainmneacha agus seoltaí na saineolaithe agus na n-eagraíochtaí trádála arna gceapadh chun na táirgí iascaigh a ghrádú le haghaidh úire agus méide tráth nach déanaí ná mí amháin roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin, agus na Ballstáit eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas ina dhiaidh sin faoi aon leasuithe ar an liosta. Ós rud é go bhfuil an ceanglas sin as dáta agus nach bhfuil sé riachtanach a thuilleadh chun cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 a ghnóthú, níor cheart feidhm a bheith aige a thuilleadh.

(6)

Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 na rialacha maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta.

(7)

Ceanglaítear le hAirteagail 74 agus 75 de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chur i bhfeidhm na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na gceaduithe aonair feithiclí faoi seach, agus ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. In 2022, rinne an Coimisiún staidéar ar na hábhair atá faoi réir na n-oibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe sin. Ós rud é gur cinneadh sa staidéar sin go bhfuil na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na ceaduithe aonair feithiclí sásúil, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe sin a thuilleadh.

(8)

Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 na rialacha maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair.

(9)

Ceanglaítear le hAirteagail 78 agus 80 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chur i bhfeidhm na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na gceaduithe aonair feithiclí faoi seach, agus ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. In 2022, rinne an Coimisiún staidéar ar na hábhair atá faoi réir na n-oibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe sin. Ós rud é gur cinneadh sa staidéar go bhfuil na nósanna imeachta cineálcheadaithe agus na ceaduithe aonair feithiclí sásúil, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe sin a thuilleadh.

(10)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 1379/2013, (AE) Uimh. 167/2013 agus (AE) Uimh. 168/2013 a chuíchóiriú, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 1379/2013, (AE) Uimh. 167/2013 agus (AE) Uimh. 168/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013

In Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Gan dochar do mhír 2, leanfaidh rialacha lena mbunaítear comhchaighdeáin mhargaíochta, go háirithe na rialacha sin a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2136/89 ón gComhairle (*1), i Rialachán (CEE) Uimh. 1536/92 ón gComhairle (*2) agus i Rialachán (CE) Uimh. 2406/96 ón gComhairle (*3), cé is moite d’Airteagal 13 de, d’fheidhm a bheith acu. Maidir le rialacha a glacadh chun comhchaighdeáin mhargaíochta a chur i bhfeidhm, amhail na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 3703/85 ón gCoimisiún (*4), leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 167/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 mar a leanas:

(1)

scriostar Airteagal 74;

(2)

scriostar Airteagal 75.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 mar a leanas:

(1)

scriostar Airteagal 78;

(2)

scriostar Airteagal 80.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

ZSIGMOND B. P.


(1)   IO C, C/2024/1587, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1587/oj

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 2406/96 ón gComhairle an 26 Samhain 1996 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le táirgí áirithe iascaigh (IO L 334, 23.12.1996, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2838/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)