European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2823

18.11.2024

TREOIR (AE) 2024/2823 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2024

maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá roinnt leasuithe le déanamh ar Threoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Treoir sin a athmhúnlú.

(2)

Le Treoir 98/71/CE, rinneadh comhchuibhiú ar phríomhfhorálacha de dhlí substainteach na mBallstát maidir le dearaí a measadh, tráth a nglactha, gurbh iad a rinne an difear ba dhírí d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí bhac a chur ar shaorghluaiseacht earraí agus ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar san Aontas.

(3)

Bíonn an chosaint dearaí i ndlí náisiúnta na mBallstát ann i gcomhthráth leis an gcosaint atá ar fáil ar leibhéal an Aontais trí dhearaí de chuid an Aontais Eorpaigh (‘dearaí AE’) a mbaineann gné aonadach leo agus atá bailí ar fud an Aontais mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle (4). Tá comhthráthacht agus cothromaíocht na gcóras cosanta dearaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta ina mbunchloch den chur chuige atá ag an Aontas maidir le maoin intleachtúil a chosaint.

(4)

I gcomhréir lena Theachtaireacht an 19 Bealtaine 2015 dar teideal Better regulation for better results – An EU agenda [Rialáil níos fearr ar mhaithe le torthaí níos fearr – clár oibre de chuid an Aontais] agus lena ghealltanas athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar bheartais an Aontais, rinne an Coimisiún meastóireacht fhairsing ar na córais cosanta dearaidh san Aontas, lenar ghabh measúnú cuimsitheach eacnamaíoch agus dlíthiúil, agus ar thacaigh sraith staidéar leis.

(5)

Sna conclúidí uaithi an 10 Samhain 2020 maidir leis an mbeartas maoine intleachtúla agus an t-athbhreithniú ar an gcóras dearaí tionsclaíocha san Aontas, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 agus ar Threoir 98/71/CE. Iarradh an t-athbhreithniú mar gheall ar an ngá atá ann córais dearaí tionsclaíocha a nuachóiriú agus cosaint dearaí a dhéanamh níos tarraingtí do dhearthóirí aonair agus gnólachtaí aonair, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Go háirithe, iarradh an t-athbhreithniú sin chun aghaidh a thabhairt ar leasuithe arbh éard ab aidhm dóibh tacú leis an gcaidreamh comhlántach idir córais cosanta dearaí an Aontais agus na córais cosanta dearaí náisiúnta agus réigiúnacha, agus an caidreamh comhlántach sin a neartú, agus bainfidh iarrachtaí breise leis chun réimsí dibhéirseachta laistigh den chóras cosanta dearaí san Aontas a laghdú.

(6)

Bunaithe ar thorthaí deiridh na meastóireachta sin, d’fhógair an Coimisiún, ina theachtaireacht an 25 Samhain 2020 dar teideal Making the most of the EU’s innovative potential. An intellectual property action plan to support the EU’s recovery and resilience [An leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálaíochta an Aontais Eorpaigh. Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais], go ndéanfadh sé, tar éis athchóiriú rathúil a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais maidir le trádmharcanna, athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint dearaí, chun an córas a shimpliú agus é a dhéanamh níos inrochtana agus níos éifeachtúla, agus chun an creat rialála a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise na bhforbairtí i ndáil le teicneolaíochtaí nua ar an margadh.

(7)

Sa rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir le plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais (5), chuir Parlaimint na hEorpa in iúl gur gheal léi ullmhacht an Choimisiúin reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint dearaí a nuachóiriú chun tacú níos fearr leis an aistriú chuig an ngeilleagar digiteach, inbhuanaithe agus glas, d’iarr sí ar an gCoimisiún na nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm agus neamhbhailíochtú sna Ballstáit a chomhchuibhiú a thuilleadh, agus mhol sí go ndéanfaí machnamh ar Threoir 98/71/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a ailíniú chun deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a chruthú. Sa rún sin, luaigh Parlaimint na hEorpa freisin gur cheart córas cosanta dearaí an Aontais a ailíniú le córas trádmharcanna an Aontais ionas go mbeidh sealbhóirí dearaidh in ann cosc a chur ar earraí a sháraíonn dearadh teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais agus d’iarr sí ar an gCoimisiún a chur ar chumas úinéirí branda stop a chur le dearadh góchumtha atá ar idirthuras tríd an Aontas. Thug sí dá haire freisin nach ndearnadh ach comhchuibhiú páirteach ar chosaint dearaí le haghaidh páirteanna a úsáidtear chun táirgí casta a dheisiú agus go raibh ilroinnt agus éiginnteacht dhlíthiúil sa mhargadh inmheánach mar thoradh air sin.

(8)

Léiríodh le comhairliúchán agus meastóireacht a rinne an Coimisiún go bhfuil, d’ainneoin an chomhchuibhithe a rinneadh roimhe seo ar dhlíthe náisiúnta, réimsí ann fós ina bhféadfadh tuilleadh comhchuibhithe tionchar dearfach a imirt ar iomaíochas agus fás, go háirithe, maidir leis an inrochtaineacht mhéadaithe a bheadh ag FBManna ar an gcóras cosanta dearaí.

(9)

Chun margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a áirithiú, agus chun éascú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar chearta dearaidh san Aontas a fháil, a riar agus a chosaint ar mhaithe le fás agus iomaíochas gnólachtaí laistigh den Aontas, go háirithe FBManna, agus leasanna tomhaltóirí á gcur san áireamh, is gá comhfhogasú na ndlíthe a bhaintear amach le Treoir 98/71/CE a leathnú chuig gnéithe eile den dlí substainteach maidir le dearaí lena rialaítear dearaí a chosnaítear trí chlárú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 6/2002.

(10)

Thairis sin, is gá rialacha nós imeachta a chomhfhogasú freisin chun fáil, riar agus cosaint cearta dearaidh san Aontas a éascú. Dá bhrí sin, ba cheart príomhrialacha nós imeachta áirithe i réimse an chlárúcháin dearaidh a ailíniú sna Ballstáit agus i gcóras dearaí an Aontais. A mhéid a bhaineann le nósanna imeachta faoin dlí náisiúnta, is leor prionsabail ghinearálta a leagan síos, lena bhfágfar na Ballstáit saor chun rialacha níos sonraí a bhunú.

(11)

Ní eisiatar leis an Treoir seo go mbeidh feidhm maidir le dearaí ag dlí lena bhforáiltear do chosaint cé is moite den chosaint a thugtar le clárú nó foilsiú mar dhearadh, mar shampla dlí an Aontais a bhaineann le cearta dearaidh neamhchláraithe nó dlí de chuid an Aontais nó dlí náisiúnta a bhaineann le trádmharcanna, paitinní agus cuspaí áisiúlachta, iomaíocht éagórach nó dliteanas sibhialta.

(12)

Tá sé tábhachtach an prionsabal maidir le carnadh na cosanta faoi dhlí sonrach um chosaint dearaí cláraithe agus faoi dhlí an chóipchirt a bhunú, ar dá réir ba cheart dearaí a chosnaítear le cearta dearaidh a bheith incháilithe freisin chun a bheith cosanta mar shaothair chóipchirt, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais an dlí cóipchirt.

(13)

Ceanglaítear le gnóthú chuspóirí an mhargaidh inmheánaigh go mbeidh na coinníollacha maidir le ceart dearaidh chláraithe a fháil comhchuibhithe sna Ballstáit uile. Chuige sin is gá sainmhínithe aonadacha a leagan síos ar choincheapa an dearaidh agus an táirge, ar sainmhínithe iad atá soiléir, trédhearcach, agus cothrom le dáta ó thaobh na teicneolaíochta de agus teacht chun cinn dearaí nua nach n-ionchorpraítear i dtáirgí fisiceacha á chur san áireamh. Gan rún ann liosta uileghabhálach a dhéanamh de liosta na dtáirgí ábhartha, is iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir táirgí a ionchorpraítear i réad fisiceach, táirgí a léirshamhlaítear i ngrafaic, nó táirgí atá soiléir ó leagan amach spásúil na n-ítimí atá beartaithe chun timpeallacht inmheánach nó seachtrach a chruthú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a aithint gur féidir le beochan, amhail gluaiseacht nó aistriú gnéithe táirge, cur leis an gcuma atá ar dhearaí, go háirithe dearaí nach bhfuil corpraithe i réad fisiceach. Thairis sin, is gá sainmhíniú aonadach a thabhairt ar na ceanglais maidir le húrnuacht agus gné shainiúil ba cheart do chearta dearaidh chláraithe a chomhlíonadh.

(14)

Chun saorghluaiseacht earraí a éascú, is gá a áirithiú i bprionsabal go dtabharfaidh cearta dearaidh chláraithe cosaint choibhéiseach don sealbhóir cirt sna Ballstáit uile.

(15)

Is trí chlárú dearaidh a thugtar cosaint don sealbhóir cirt maidir leis na gnéithe dearaí sin de tháirge, ina iomláine nó i bpáirt, atá le feiceáil go soiléir in iarratas ar dhearadh mar sin a chlárú agus a chuirtear ar fáil don phobal tríd an gcomhad ábhartha a bhaineann leis an iarratas a fhoilsiú nó a cheadú.

(16)

Cé is moite de bheith le feiceáil go soiléir san iarratas ar chlárú, ní gá do ghnéithe dearaidh táirge a bheith le feiceáil in aon tráth sonrach nó in aon chás úsáide shonrach chun go mbainfidís tairbhe as cosaint dearaí. Mar eisceacht ón bprionsabal sin, níor cheart cosaint a leathnú chuig na comhpháirteanna sin nach mbíonn le feiceáil le linn gnáthúsáid táirge chasta, ná chuig na gnéithe sin de pháirt mar sin nach mbíonn le feiceáil nuair atá an pháirt suite, nó nach gcomhlíonann, astu féin, na ceanglais maidir le húrnuacht agus gné shainiúil. Dá bhrí sin, níor cheart na gnéithe dearaí sin de chuid comhpháirteanna táirgí casta a eisiatar ón gcosaint ar na cúiseanna sin a chur san áireamh chun a mheasúnú an gcomhlíonann gnéithe eile den dearadh na ceanglais maidir le cosaint.

(17)

Cé gur cheart tásc na dtáirgí a bheith mar chuid d’iarratas ar chlárú dearaidh, níor cheart dó difear a dhéanamh do raon feidhme chosaint an dearaidh ann féin. In éineacht le léiriú an dearaidh, is féidir tásca na dtáirgí a úsáid chun cineál an táirge ina n-ionchorpraítear an dearadh nó ar ina leith a bhfuil sé beartaithe iad a chur i bhfeidhm a chinneadh. Thairis sin, le tásca na dtáirgí, feabhsaítear inchuardaitheacht dearaí i gclár na ndearaí arna gcoinneáil ag oifig maoine tionsclaíche agus méadaítear trédhearcacht agus inrochtaineacht cláir. Dá bhrí sin, roimh chlárú, ní mór do thásca na dtáirgí a bheith cruinn, gan ualach míchuí a chur ar iarratasóirí ar dhearadh cláraithe.

(18)

Ba cheart an measúnú maidir le cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil gné shainiúil ag dearadh a bheith bunaithe ar cibé acu an bhfuil difríochtaí ann idir an bhraistint fhoriomlán a mhúsclaítear san úsáideoir eolach a amharcann ar an ndearadh agus an bhraistint a mhúsclaítear san úsáideoir sin nuair a amharcann an t-úsáideoir sin ar aon dearadh eile atá mar chuid den chorpas dearaí atá ann faoi láthair; leis an measúnú sin, ba cheart a chur san áireamh cineál an táirge ar a gcuirtear an dearadh i bhfeidhm nó ina n-ionchorpraítear an dearadh, agus go háirithe an earnáil tionsclaíochta lena mbaineann sé agus méid na saoirse a bhí ag an dearthóir agus an dearadh á fhorbairt aige.

(19)

Níor cheart a chur isteach ar nuálaíocht theicneolaíoch trí chosaint dearaí a dheonú do dhearaí nach bhfuil iontu ach gnéithe nó an socrú gnéithe a rialaítear trí fheidhmiú teicniúil amháin. Tuigtear nach gciallaíonn sé sin gur gá mianach aeistéitiúil a bheith ag dearadh. D’fhéadfaí a dhearbhú go bhfuil ceart dearaidh chláraithe neamhbhailí i gcás nach raibh ról ag aon chúinsí seachas an gá go gcomhlíonfadh an táirge sin feidhm theicniúil, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an ngné amhairc, i rogha na ngnéithe a bhaineann le cuma.

(20)

Ar an gcaoi chéanna, níor cheart a chur isteach ar idir-inoibritheacht cineálacha éagsúla táirgí trí chosaint a leathnú go dtí dearadh feisteas meicniúil.

(21)

Mar sin féin, féadann feistis mheicniúla de tháirgí modúlacha a bheith ina ngné thábhachtach de shaintréithe nuálacha táirgí modúlacha agus is mórshócmhainn mhargaíochta iad agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith incháilithe do chosaint.

(22)

Níor cheart feidhm a bheith ag ceart dearaidh maidir le dearadh atá in aghaidh an bheartais phoiblí nó na moráltachta poiblí a bhfuil glacadh leo go forleathan. An treoir seo, ní comhchuibhiú í ar choincheapa náisiúnta an bheartais phoiblí ná ar phrionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo go forleathan.

(23)

Tá sé riachtanach d’fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh an téarma cosanta a thugtar le cearta dearaidh chláraithe a aontú.

(24)

Tá an Treoir seo gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta faoi Airteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(25)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, ba cheart na forais shubstainteacha chun iarratais ar chlárú a dhiúltú agus na forais shubstainteacha le neamhbhailíocht an dearaidh chláraithe i ngach Ballstát a liostú go huileghabhálach sa Treoir seo.

(26)

Chun úsáid mhíchuí siombailí a chosc a bhfuil leas ar leith ag an bpobal iontu i mBallstát, seachas na siombailí sin dá dtagraítear in Airteagal 6ter den Choinbhinsiún chun Maoin Tionscail a Chosaint a síníodh i bPáras an 20 Márta 1883 (Coinbhinsiún Pháras), ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh d’fhorais shonracha le haghaidh neamh-inchláraitheachta. Chun clárú míchuí agus míleithreasú gnéithe a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha ar cuid den leas náisiúnta iad a chosc, ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit freisin foráil a dhéanamh d’fhorais shonracha le haghaidh neamh-inchláraitheachta agus neamhbhailíochta. Ar na gnéithe sin den oidhreacht chultúrtha, arna meas de réir bhrí an Choinbhinsiúin maidir leis an oidhreacht dhomhanda, chultúrtha agus nádúrtha a chosaint a ghlac Comhdháil Ghinearálta Unesco an 16 Samhain 1972, nó, a mhéid is léiriú inláimhsithe iad ar oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe, de réir bhrí an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú na hoidhreachta cultúrtha doláimhsithe, a ghlac Comhdháil Ghinearálta Unesco ag an 32ú seisiún dá cuid an 17 Deireadh Fómhair 2003, áirítear, mar shampla, séadchomharthaí nó grúpa foirgneamh, déantáin, lámhcheardaíocht nó éadaí.

(27)

I bhfianaise na húsáide méadaithí atá á baint as teicneolaíochtaí priontála 3T i réimsí éagsúla an tionscail, lena n-áirítear le cabhair ón intleacht shaorga, agus i bhfianaise na ndúshlán a eascraíonn as sin do shealbhóirí cirt dearaidh maidir le cosc éifeachtach a chur ar chóipeáil neamhdhlisteanach éasca a ndearaí cosanta, is iomchuí a fhoráil gurb é a thiocfaidh as cruthú, íoslódáil, cóipeáil agus cur ar fáil aon mheáin ina bhfuil an dearadh nó aon bhogearraí ina bhfuil taifead den dearadh, chun táirge a sháraíonn an dearadh cosanta a atáirgeadh, go mbeidh an úsáid a bhainfear as an dearadh faoi réir údarú an tsealbhóra cirt.

(28)

Chun cosaint dearaí a neartú agus góchumadh a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta na mBallstát faoi chreat na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT), go háirithe Airteagal V den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT 1947) maidir le saoirse idirthurais agus, a mhéid a bhaineann le cógais chineálacha, Dearbhú Doha maidir le Comhaontú TRIPS agus Sláinte Phoiblí a ghlac Comhdháil Aireachta EDT an 14 Samhain 2001, ba cheart do shealbhóir cirt dearaidh chláraithe a bheith i dteideal cosc a chur ar thríú páirtithe, le linn trádála, táirgí ó thríú tíortha a thabhairt isteach sa Bhallstát ina bhfuil an dearadh cláraithe gan é a scaoileadh i saorchúrsaíocht ansin, i gcás, gan údarú an tsealbhóra cirt a fháil, ina ndéantar an dearadh a ionchorprú sna táirgí sin nó ina gcuirtear i bhfeidhm orthu é ar bhealach comhionann, nó nach féidir an dearadh a idirdhealú ina bhunghnéithe den chuma ó na táirgí sin.

(29)

Chuige sin, ba cheart cead a bheith ag sealbhóirí cirt dearaidh chláraithe cosc a chur ar theacht isteach táirgí sáraitheacha agus ar earraí sáraitheacha mar iad a chur i ngach cás custaim, lena n-áirítear, go háirithe, idirthuras, trasloingsiú, stórasú, saorchriosanna, stóráil shealadach, próiseáil isteach nó cead isteach sealadach, agus nuair nach mbeidh sé beartaithe na táirgí sin a chur ar mhargadh an Bhallstáit lena mbaineann. Agus rialuithe custaim á ndéanamh, ba cheart do na húdaráis chustaim leas a bhaint as na cumhachtaí agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), lena n-áirítear arna iarraidh sin do shealbhóirí an chirt freisin. Ba cheart do na húdaráis chustaim, go háirithe, na rialuithe ábhartha a dhéanamh ar bhonn critéir anailíse riosca.

(30)

Chun an gá atá le forghníomhú éifeachtach ceart dearaidh a áirithiú agus an riachtanas atá ann gan cur isteach ar shaorshreabhadh trádála i dtáirgí dlisteanacha a réiteach, ba cheart do theidlíocht an tsealbhóra cirt dearaidh a dhul i léig i gcás, le linn na n-imeachtaí arna dtionscnamh os comhair an údaráis bhreithiúnaigh nó an údaráis eile atá inniúil cinneadh substainteach a dhéanamh maidir le cé acu a sáraíodh an ceart dearaidh chláraithe nó nár sáraíodh, ina mbeidh dearbhóir nó sealbhóir na dtáirgí in ann a chruthú nach bhfuil úinéir an chirt dearaidh chláraithe sin i dteideal toirmeasc a chur ar na táirgí a chur ar an margadh i dtír an chinn scríbe.

(31)

Ba cheart na cearta eisiacha a thugtar le ceart dearaidh chláraithe a bheith faoi réir tacar iomchuí teorainneacha. Cé is moite de ghníomhaíochtaí a dhéantar go príobháideach chun críoch neamhthráchtála agus gníomhartha a dhéantar chun críoch turgnaimh, ba cheart a áireamh i liosta na n-úsáidí incheadaithe sin gníomhaíochtaí atáirgthe chun sleachta as an saothar a lua nó chun teagasc a dhéanamh, úsáid thagartha i gcomhthéacs fógraíocht chomparáideach, agus a úsáid chun críche tráchtaireachta, critice nó scigaithrise, ar choinníoll go bhfuil na gníomhaíochtaí sin comhoiriúnach le cleachtais chóirthrádála agus nach ndéanann siad dochar míchuí do ghnáthshaothrú an dearaidh. Maidir leis an úsáid a bhaineann tríú páirtithe as dearadh chun críche léirithe ealaíne, ba cheart a mheas go bhfuil an úsáid sin cothrom fad atá sí i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair thionsclaíocha agus thráchtála. Thairis sin, ba cheart an Treoir seo a chur i bhfeidhm ar bhealach lena n-áirithítear urraim iomlán do chearta agus saoirsí bunúsacha, go háirithe don tsaoirse tuairimí a nochtadh.

(32)

Is é is cuspóir do chosaint dearaí cearta eisiacha a dheonú ar an gcuma atá ar tháirge, ach ní monaplacht ar an táirge ann féin a dheonú. Dá dtabharfaí cosaint do dhearaí nach ann d’aon mhalairt phraiticiúil orthu, is amhlaidh go gcruthófaí monaplacht táirge dá thoradh. Maidir le cosaint den sórt, ba rí-gheall í le mí-úsáid ar an gcóras cosanta dearaí. I gcás ina gceadaítear do thríú páirtithe páirteanna spártha a tháirgeadh agus a dháileadh, coinnítear ar bun an iomaíocht. Má leathnaítear cosaint dearaí chuig páirteanna spártha, sáraíonn tríú páirtithe den sórt sin na cearta sin, cuirtear deireadh leis an iomaíocht agus tugtar monaplacht táirge de facto do shealbhóir an chirt dearaidh.

(33)

Na difríochtaí i ndlíthe na mBallstát maidir le dearaí cosanta a úsáid chun go gceadófar táirge casta a dheisiú ionas go n-athbhunófar an chuma a bhí air i dtosach, i gcás inar comhpháirt de tháirge casta atá spleách ar fhoirm an táirge ina n-ionchorpraítear an dearadh nó ar a gcuirtear an dearadh i bhfeidhm, bíonn tionchar díreach ag na difríochtaí sin ar bhunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Déanann difríochtaí den sórt sin saobhadh ar an iomaíocht agus ar an trádáil laistigh den mhargadh inmheánach agus cruthaíonn siad éiginnteacht dhlíthiúil. Tá indeisitheacht táirgí i gcroílár geilleagair inbhuanaithe, mar a tugadh chun suntais sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’.

(34)

Dá bhrí sin, ar mhaithe le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus chun iomaíocht chóir a áirithiú, is gá dlíthe cosanta dearaí na mBallstát a chomhfhogasú, a mhéid a bhaineann le húsáid dearaí cosanta chun deisiú táirge casta a cheadú chun an chuma a bhí air i dtosach a athbhunú, trí ‘clásal deisiúcháin’ a chur isteach atá comhchosúil leis an gclásal sin atá i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 cheana féin, atá infheidhme maidir le dearaí AE ar leibhéal an Aontais agus nach bhfuil feidhm acu go sainráite ach amháin maidir le comhpháirteanna atá spleách ar fhoirm de tháirgí casta. Ós rud é gurb é an éifeacht atá beartaithe leis an gclásal deisiúcháin sin cearta dearaidh a dhéanamh neamh-infheidhmithe i gcás ina n-úsáidtear dearadh na comhpháirte de tháirge casta chun táirge casta a dheisiú chun an chuma a bhí air i dtosach a athbhunú, ba cheart an clásal deisiúcháin a bheith ar cheann de na cosaintí dá bhforáiltear faoin Treoir seo i gcoinne shárú na gceart dearaidh. Ina theannta sin, chun a áirithiú nach gcuirfear tomhaltóirí amú agus go mbeidh siad in ann cinneadh eolach a dhéanamh idir táirgí iomaíocha ar féidir iad a úsáid le haghaidh an deisiúcháin, ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite nach féidir le monaróir comhpháirte ná le díoltóir comhpháirte an clásal deisiúcháin a agairt i gcás nár chuir siad tomhaltóirí ar an eolas go cuí faoi thionscnamh tráchtála, agus faoi chéannacht mhonaróir an táirge atá le húsáid chun an táirge casta a dheisiú. Ba cheart an fhaisnéis mhionsonraithe sin a sholáthar trí thásc soiléir agus infheicthe ar an táirge nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge, agus ba cheart ar a laghad an trádmharc faoina gcuirtear an táirge ar an margadh, agus ainm an mhonaróra, a bheith le feiceáil ann.

(35)

D’fhonn éifeachtacht léirscaoileadh an mhargaidh iardhíola páirteanna spártha a éilítear leis an Treoir seo a chaomhnú agus i gcomhréir le cásdlí (7) Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ionas go mbeifear in ann tairbhe a bhaint as an díolúine ón gclásal deisiúcháin ó chosaint an deartha, tá an monaróir comhpháirte nó an díoltóir comhpháirte de tháirge casta faoi dhualgas cúraim a áirithiú, trí mheáin iomchuí, go háirithe trí mheáin chonarthacha, nach bhfuil sé beartaithe ag úsáideoirí iartheachtacha na comhpháirteanna atá i gceist a úsáid chun críoch eile seachas críocha deisiúcháin chun an chuma bhunaidh ar an táirge casta a athbhunú. Leis sin, níor cheart ceangal a chur ar an monaróir comhpháirte ná ar an díoltóir comhpháirte a rathú, go hoibiachtúil agus i ngach imthoisc, go mbainfidh na húsáideoirí deiridh úsáid iarbhír as comhpháirteanna de tháirge casta a tháirgeann nó a dhíolann siad chun táirge casta a dheisiú chun an chuma a bhí ar an táirge chasta sin i dtosach a athbhunú, agus chun na críche sin amháin.

(36)

Chun nach mbeidh coinníollacha éagsúla sna Ballstáit maidir le húsáid roimhe sin ina gcúis le difríochtaí ó thaobh láidreacht dhlíthiúil an dearaidh chéanna sna Ballstáit éagsúla, is iomchuí a áirithiú, maidir le haon tríú duine atá in ann a shuíomh go ndearna sé, roimh dháta comhdaithe an iarratais ar dhearadh nó, má éilítear tosaíocht, roimh an dáta tosaíochta, tús a chur le húsáid a bhaint as dearadh laistigh de Bhallstát de mheon macánta, nó go ndearna sé ullmhúcháin dháiríre éifeachtacha chuige sin, ar dearadh é a áirítear faoi raon feidhme cosanta de chuid cirt dearaidh chláraithe, agus nár cóipeáladh ón dearadh cláraithe sin, tá sé nó sí i dteideal saothrú teoranta a dhéanamh ar an dearadh sin.

(37)

Chun margú na dtáirgí cosanta dearaidh a éascú, go háirithe ag FBManna agus dearthóirí aonair, agus chun feasacht ar na córais chlárúcháin dearaidh atá ann ar leibhéil an Aontais agus ar leibhéal náisiúnta araon a mhéadú, ba cheart fógra a nglactar go coitianta leis ina bhfuil an tsiombail

Image 1

a bheith ar fáil lena úsáid ag sealbhóirí cirt dearaidh agus daoine eile ach toiliú a fháil ó na sealbhóirí cirt dearaidh.

(38)

Chun rochtain ar chosaint dearaí a fheabhsú agus a éascú agus chun cur le deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht, ba cheart an nós imeachta maidir le dearaí a chlárú sna Ballstáit a bheith éifeachtúil agus trédhearcach agus faoi réir rialacha atá cosúil leis na rialacha is infheidhme maidir le dearaí AE.

(39)

Is gá rialacha riachtanacha comhchoiteanna a leagan síos maidir leis na ceanglais agus na modhanna teicniúla chun dearaí a léiriú go soiléir in aon chineál atáirgthe amhairc ag céim chomhdaithe an iarratais ar chlárú, agus an dul chun cinn teicniúil maidir le léirshamhlú dearaí agus riachtanais thionscal an Aontais i ndáil le dearaí (digiteacha) nua á gcur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit caighdeáin chomhchuibhithe a bhunú trí bhíthin cóineasú cleachtas.

(40)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht níos fearr, is iomchuí freisin a cheadú d’iarratasóirí dearaí cláraithe roinnt dearaí a chur le chéile in aon il-iarratas amháin agus a cheadú dóibh déanamh amhlaidh gan a bheith faoi réir an choinníll go mbaineann na táirgí a bhfuil sé beartaithe dearaí a ionchorprú iontu nó a chur i bhfeidhm orthu leis an aicme chéanna den Aicmiú Idirnáisiúnta i gcomhair Dearaí Tionscail (‘Aicmiú Locarno’), a bunaíodh le Comhaontú Locarno (1968).

(41)

I roinnt cásanna, d’fhéadfaí an rath a bhaineann le hoibríocht tráchtála ina bhfuil an dearadh bainteach a scriosadh nó a chur i mbaol mar thoradh ar ghnáthfhoilsiú tar éis dearadh a chlárú. Sna cásanna sin, bheadh an deis chun an foilsiú a chur siar ina réiteach. Ar mhaithe le comhleanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr agus, ar an gcaoi sin, cuidiú le gnólachtaí costais a laghdú le linn dóibh punanna dearaí a bhainistiú, ba cheart cur siar an fhoilsithe a bheith faoi réir na rialacha céanna ar fud an Aontais.

(42)

Chun cothrom iomaíochta a áirithiú do ghnólachtaí, agus chun an leibhéal céanna rochtana ar chosaint dearaí a sholáthar ar fud an Aontais trí na hualaí clárúcháin agus na hualaí nós imeachta eile a bhíonn ar iarratasóirí a choinneáil chomh híseal agus is féidir, ba cheart do lároifigí maoine tionsclaíche uile na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil teorainn a chur, mar a dhéanann Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) ar leibhéal an Aontais, leis an scrúdú substainteach a dhéanann siad as a stuaim féin go dtí scrúdú i dtaobh an ann nó as do na forais atá le neamh-inchláraitheacht a áirítear go huileghabhálach sa Treoir seo.

(43)

Chun modhanna eile a chur ar fáil lena ndearbhófar cearta dearaidh a bheith neamhbhailí, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta riaracháin maidir le dearbhú neamhbhailíochta atá ailínithe a mhéid is iomchuí leis an nós imeachta sin is infheidhme maidir le dearaí cláraithe de chuid an Aontais.

(44)

Is inmhianaithe go n-oibreoidh lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil i gcomhar le chéile agus le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) i ngach réimse an chlárúcháin agus an riaracháin dearaí chun an cóineasú cleachtas agus uirlisí a chur chun cinn, amhail bunachair sonraí agus tairseacha atá comhchoiteann nó nasctha a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta chun críoch ceadaithe agus cuardaigh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú a thuilleadh go n-oibreoidh a lároifigí maoine tionsclaíche agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil i gcomhar le chéile agus le EUIPO i ngach réimse eile dá ngníomhaíochtaí atá ábhartha maidir le dearaí a chosaint san Aontas.

(45)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, is é sin margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a chothú agus a chruthú agus clárú, riar agus cosaint ceart dearaidh san Aontas a éascú ar mhaithe le fás agus leis an iomaíochas i gcás inarb iomchuí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(46)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(47)

Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid le Treoir 98/71/CE. Is ann don oibleagáid na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí mar thoradh ar an Treoir sin a bhí ann roimhe seo.

(48)

Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis an teorainn ama chun an Treoir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cearta dearaidh atá cláraithe le lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát;

(b)

cearta dearaidh atá cláraithe in Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil;

(c)

cearta dearaidh atá cláraithe faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i mBallstát;

(d)

iarratais ar na cearta dearaidh dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c).

2.   Chun críche na Treorach seo, cuimseofar le clárú dearaidh foilsiú an dearaidh tar éis comhdú a dhéanamh le hoifig maoine tionsclaíche de chuid Ballstáit arb é an d’éifeacht leis an bhfoilsiú sin go gcruthófar ceart dearaidh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘oifig’ lároifig maoine tionsclaíche an Bhallstáit nó Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil a chuireann de chúram air féin dearaí a chlárú;

(2)

ciallaíonn ‘clár’ clár na ndearaí a choimeádann oifig;

(3)

ciallaíonn ‘dearadh’ an chuma atá ar tháirge ina iomláine nó ar chuid de tháirge agus atá mar thoradh ar na gnéithe atá ann, go háirithe, línte, imlínte, dathanna, cruth, uigeacht, agus/nó ábhair an táirge féin agus/nó dá mhaisiúchán, lena n-áirítear gluaiseacht, aistriú na ngnéithe sin nó aon chineál beochana eile i leith na ngnéithe sin;

(4)

ciallaíonn ‘táirge’ aon ítim tionsclaíoch nó lámhcheirde seachas ríomhchlár, gan beann ar cé acu a chorpraítear nó nach gcorpraítear i bhfoirm fisiciúil é nó a léirítear é i bhfoirm neamh-fhisiciúil, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

pacáistiú, tacair airteagal, socruithe spásúla na n-ítimí a bheartaítear chun timpeallacht inmheánach nó timpeallacht sheachtrach a chruthú agus comhpháirteanna a bheartaítear lena gcóimeáil ina dtáirge casta;

(b)

saothair ghrafacha nó siombailí grafacha, lógónna, pátrúin dromchla, cló-aghaidheanna clóghrafacha, agus comhéadain úsáideora ghrafacha;

(5)

ciallaíonn ‘táirge casta’ táirge atá comhdhéanta de chomhpháirteanna éagsúla is féidir a ionadú, rud a fhágann gur féidir an táirge a dhíchóimeáil agus a athchóimeáil.

CAIBIDIL 2

DLÍTHE SUBSTAINTEACHA MAIDIR LE DEARAÍ

Airteagal 3

Ceanglais maidir le cosaint

1.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit dearaí a chosaint ach amháin trí na dearaí sin a chlárú, agus tabharfaidh siad cearta eisiacha ar shealbhóirí na ndearaí sin i gcomhréir leis an Treoir seo.

2.   Déanfar dearadh a chosaint le ceart dearaidh má tá sé nua agus má tá gné shainiúil aige.

3.   Maidir le dearadh a chuirtear i bhfeidhm ar tháirge nó a ionchorpraítear i dtáirge atá ina chomhpháirt de tháirge casta, ní mheasfar an dearadh sin a bheith nua agus gné shainiúil a bheith aige ach amháin:

(a)

má tá an chomhpháirt, a luaithe a bheidh sí ionchorpraithe sa táirge casta, fós le feiceáil le linn ghnáthúsáid an táirge chasta; agus

(b)

a mhéid a chomhlíonann gnéithe infheicthe na comhpháirte iontu féin na ceanglais ó thaobh úrnuachta agus gné shainiúil de.

4.   De réir bhrí mhír 3, pointe (a), ciallóidh ‘gnáthúsáid’ an úsáid a bhaineann an t-úsáideoir deiridh as táirge, gan cothabháil, seirbhísiú nó obair dheisiúcháin a áireamh.

Airteagal 4

Úrnuacht

Measfar dearadh a bheith nua mura bhfuil dearadh comhionann curtha ar fáil don phobal roimh dháta comhdaithe an iarratais ar chlárú nó, má éilítear tosaíocht, roimh an dáta tosaíochta. Measfar dearaí a bheith comhionann le chéile más rud é nach bhfuil de dhifríocht ina ngnéithe ach sonraí neamhábhartha.

Airteagal 5

Gné shainiúil

1.   Measfar gné shainiúil a bheith ag dearadh má tá an bhraistint fhoriomlán a mhúsclaítear san úsáideoir eolach éagsúil leis an mbraistint fhoriomlán a mhúsclaítear in úsáideoir den sórt sin le haon dearadh a cuireadh ar fáil don phobal roimh dháta comhdaithe an iarratais ar chlárú nó, má éilítear tosaíocht, roimh an dáta tosaíochta.

2.   Agus measúnú á dhéanamh ar ghné shainiúil, cuirfear san áireamh méid na saoirse a bhí ag an dearthóir le linn dó an dearadh a fhorbairt.

Airteagal 6

Nochtadh

1.   Chun Airteagail 4 agus 5 a chur i bhfeidhm, measfar dearadh a bheith curtha ar fáil don phobal más rud é gur foilsíodh é tar éis é a chlárú nó ar bhealach eile, nó más rud é go ndearnadh an dearadh a thaispeáint, a úsáid sa trádáil nó a nochtadh ar bhealach eile, ach amháin i gcás nach bhféadfadh lucht speisialtóireachta na hearnála lena mbaineann, atá ag oibriú laistigh den Aontas, teacht le réasún chun bheith ar an eolas faoi na himeachtaí sin i ngnáthchúrsa gnó roimh dháta comhdaithe an iarratais ar chlárú nó, má éilítear tosaíocht, roimh an dáta tosaíochta. Mar sin féin, ní mheasfar an dearadh a bheith curtha ar fáil don phobal toisc amháin gur nochtadh é do thríú duine faoi choinníollacha rúndachta sainráite nó intuigthe.

2.   ní chuirfear nochtadh san áireamh chun Airteagail 4 agus 5 a chur i bhfeidhm más rud é go bhfuil an dearadh a nochtadh, atá comhionann le nó nach bhfuil éagsúil ón mbraistint fhoriomlán a mhúsclaítear le dearadh a bhfuil cosaint á héileamh ina leith faoi cheart dearaidh chláraithe de chuid Ballstáit, curtha ar fáil don phobal:

(a)

ag an dearthóir, ag comharba i dteideal an dearthóra, nó ag tríú duine mar thoradh ar fhaisnéis atá soláthraithe nó ar ghníomhaíocht a rinne an dearthóir nó comharba i dteideal an dearthóra; agus

(b)

le linn tréimhse 12 mhí roimh dháta comhdaithe an iarratais nó, má éilítear tosaíocht, roimh an dáta tosaíochta.

3.   Beidh feidhm ag mír 2 freisin más rud é gur cuireadh an dearadh ar fáil don phobal mar iarmhairt ar mhí-úsáid i ndáil leis an dearthóir nó le comharba an dearthóra i dteideal.

Airteagal 7

Dearaí a dhéantar de réir a bhfeidhme teicniúla atá leo agus dearaí idirnasc

1.   Ní bheidh feidhm ag ceart dearaidh maidir leis na gnéithe de chuma táirge nach bhfuil ach de réir na feidhme teicniúla atá leis an táirge.

2.   Ní bheidh feidhm ag ceart dearaidh maidir leis na gnéithe de chuma táirge nach mór iad a atáirgeadh ina bhfoirm cheannann chéanna agus de réir na dtoisí ceannann céanna ionas go bhféadfaí an táirge ina n-ionchorpraítear an dearadh nó ar a gcuirtear i bhfeidhm an dearadh le bheith nasctha go meicniúil le táirge eile, curtha i dtáirge eile, curtha timpeall táirge eile nó curtha in aice le táirge eile chun go mbeidh ceachtar den dá tháirge sin in ann an fheidhm atá leis a dhéanamh.

3.   D’ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, agus faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5, beidh feidhm ag ceart dearaidh maidir le dearadh lenar féidir táirgí so-chómhalartaithe a chur le chéile nó a cheangal le chéile go hiolrach laistigh de chóras modúlach.

Airteagal 8

Dearaí atá in aghaidh an bheartais phoiblí nó na moráltachta poiblí

Ní bheidh feidhm ag ceart dearaidh maidir le dearadh atá ar neamhréir leis an mbeartas poiblí nó le prionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo go forleathan.

Airteagal 9

Raon feidhme na cosanta

1.   Cumhdófar le raon feidhme na cosanta a thugtar le ceart dearaidh aon dearadh nach músclaíonn braistint fhoriomlán éagsúil san úsáideoir eolach.

2.   Nuair a bheidh raon feidhme na cosanta á mheas, cuirfear méid na saoirse a bhí ag an dearthóir agus an táirge á dhearadh aige san áireamh.

Airteagal 10

Tosach feidhme agus téarma na cosanta

1.   Maidir le cosaint a thugtar do cheart dearaidh, tiocfaidh ann di nuair a dhéanfaidh an oifig an clárú.

2.   Déanfar dearadh a chlárú ar feadh tréimhse 5 bliana arna ríomh ó dháta comhdaithe an iarratais ar chlárú. I gcomhréir le hAirteagal 32, féadfaidh an sealbhóir cirt an clárú a athnuachan ar feadh tréimhse amháin 5 bliana nó níos mó in aghaidh an téarma, suas le téarma cosanta iomlán 25 bliana ó dháta comhdaithe an iarratais ar chlárú.

Airteagal 11

An ceart chun an dearaidh chláraithe

1.   An ceart chun an dearaidh chláraithe, is i dteideal an dearthóra nó comharba i dteideal an dearthóra a bheidh an ceart sin dílsithe.

2.   I gcás ina ndearna beirt nó níos mó ná beirt an dearadh a fhorbairt go comhpháirteach, is iontu go comhpháirteach a bheidh an ceart chun an dearaidh chláraithe dílsithe.

3.   Mar sin féin, i gcás ina ndéanann fostaí an dearadh a fhorbairt le linn dó nó di a bheith i mbun dhualgais an fhostaí, nó ag leanúint treorach a fuair sé nó sí ó fhostóir an fhostaí, is ag an bhfostóir a bheidh an ceart chun an dearaidh chláraithe dílsithe, ach amháin má chomhaontaítear a mhalairt nó má leagtar síos a mhalairt sa dlí náisiúnta idir na páirtithe lena mbaineann.

Airteagal 12

Toimhde i bhfabhar shealbhóir cláraithe an dearaidh

An duine arbh ina ainm atá an ceart dearaidh cláraithe, nó roimh chlárú, an duine arbh ina ainm a comhdaíodh an t-iarratas, measfar an duine sin a bheith mar an duine atá i dteideal gníomhú in aon imeachtaí os comhair na hoifige sa chríoch dá n-éilítear a cosaint agus in aon imeachtaí eile.

Airteagal 13

Forais le neamh-inchláraitheacht

1.   Diúltófar dearadh a chlárú i gcás:

(a)

nach dearadh é de réir bhrí Airteagal 2, pointe (3);

(b)

go bhfuil an dearadh contrártha don bheartas poiblí nó do phrionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo, dá bhforáiltear in Airteagal 8; nó

(c)

inarb ionann an dearadh agus úsáid mhíchuí aon cheann de na hítimí a liostaítear in Airteagal 6ter de Choinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint, mura rud é gur thoiligh na húdaráis inniúla leis an gclárú.

2.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfuil clárú dearaidh le diúltú i gcás inarb ionann an dearadh agus úsáid mhíchuí suaitheantas, feathal agus scéithíní seachas na cinn a chumhdaítear le hAirteagal 6ter de Choinbhinsiún Pháras agus a bhfuil leas ar leith ag an bpobal iontu sa Bhallstát lena mbaineann, mura rud é gur thoiligh an t-údarás inniúil lena chlárú i gcomhréir le dlí an Bhallstáit.

3.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfuil clárú dearaidh le diúltú i gcás ina bhfuil atáirgeadh iomlán nó páirteach ann ar ghnéithe ar cuid den oidhreacht chultúrtha iad agus a bhfuil baint leis an leas náisiúnta leo.

Airteagal 14

Forais neamhbhailíochta

1.   I gcás inar cláraíodh an dearadh, dearbhófar an dearadh a bheith neamhbhailí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

ní dearadh é an dearadh de réir bhrí Airteagal 2, pointe (3);

(b)

ní chomhlíonann an dearadh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagail 3 go 8;

(c)

ní cláraíodh an dearadh de shárú ar Airteagal 13(1), pointe (c), nó de shárú ar Airteagal 13(2);

(d)

de bhua cinneadh ón gcúirt inniúil nó ón údarás inniúil, níl sealbhóir an chirt dearaidh i dteideal an chirt sin faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann;

(e)

tá an dearadh ag teacht salach ar dhearadh a bhí ann cheana arna chur ar fáil don phobal roimh dháta comhdaithe an iarratais nó ina dhiaidh sin nó, má éilítear tosaíocht, dáta tosaíochta an dearaidh, agus atá cosanta ó dháta roimh dháta comhdaithe an iarratais, nó má éilítear tosaíocht, dáta tosaíochta an dearaidh:

(i)

ag dearadh cláraithe de chuid an Aontais nó ag iarratas ar dhearadh cláraithe de chuid an Aontais faoi réir a chláraithe;

(ii)

ag ceart dearaidh chláraithe de chuid an Bhallstáit lena mbaineann, nó ag iarratas ar an gceart sin faoi réir a chláraithe;

(iii)

ag ceart dearaidh atá cláraithe faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu sa Bhallstát lena mbaineann, nó ag iarratas ar an gceart sin faoi réir a chláraithe;

(f)

i gcás ina n-úsáidtear sainchomhartha i ndearadh ina dhiaidh sin, agus go dtugtar ceart don sealbhóir cirt, faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann a rialaíonn an comhartha sin, úsáid den chineál sin a thoirmeasc;

(g)

i gcás inarb ionann an dearadh agus úsáid neamhúdaraithe saothair atá cosanta faoi dhlí cóipchirt an Bhallstáit lena mbaineann.

2.   Más rud é gur cláraíodh an dearadh, féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfuil an ceart dearaidh le dearbhú a bheith neamhbhailí, i gcás ina bhfuil atáirgeadh iomlán nó páirteach sa dearadh ar ghnéithe den oidhreacht chultúrtha a bhfuil leas náisiúnta ag baint leo.

3.   Maidir leis na forais neamhbhailíochta dá bhforáiltear i mír 1, pointí (a) agus (b), féadfaidh na daoine nó grúpaí seo a leanas iad a agairt:

(a)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach; nó

(b)

aon ghrúpa nó comhlacht a chuirtear ar bun chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna monaróirí, táirgeoirí, soláthraithe seirbhísí, trádálaithe nó tomhaltóirí, má tá an grúpa nó an comhlacht sin in ann agairt a dhéanamh agus a bheith inagartha faoina ainm féin faoin dlí lena rialaítear é.

4.   Ní fhéadfaidh ach an duine nó an t-eintiteas lena mbaineann an úsáid mhíchuí, agus iad siúd amháin, an chúis lena neamhbhailiú dá bhforáiltear i mír 1, pointe (c), a agairt.

5.   An foras neamhbhailíochta dá bhforáiltear i mír 1, pointe (d), ní fhéadfaidh ach an duine atá i dteideal an chirt dearaidh faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann an foras sin a agairt.

6.   Is iad na daoine seo a leanas, agus na daoine seo amháin, a d’fhéadfadh na forais neamhbhailíochta dá bhforáiltear i mír 1, pointí (e), (f) agus (g), a agairt:

(a)

an t-iarratasóir ar an gceart is túisce nó sealbhóir an chirt sin;

(b)

na daoine atá i dteideal na cearta a fheidhmiú faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann; nó

(c)

ceadúnaí a bheidh údaraithe ag dílseánach an chirt is túisce.

7.   Ní dhearbhófar ceart dearaidh chláraithe a bheith neamhbhailí i gcás inar thoiligh an t-iarratasóir ar cheart nó sealbhóir cirt dá dtagraítear i mír 1, pointí (e), (f) agus (g), go sainráite le clárú an dearaidh sula gcuirtear isteach an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta nó sula gcuirtear isteach an frithéileamh.

8.   Féadfar a dhearbhú go bhfuil ceart dearaidh neamhbhailí fiú agus é imithe i léig nó tugtha suas.

Airteagal 15

Gníomh cosanta

Tabharfar cosaint do na gnéithe sin de chuma dearaidh cláraithe a léirítear go feiceálach san iarratas ar chlárú.

Airteagal 16

Na cearta a thugtar leis an gceart dearaidh

1.   Le clárú dearaidh, tabharfar dá úinéir an ceart eisiach chun é a úsáid agus chun cosc a chur ar aon tríú páirtí nach bhfuil toiliú ón úinéir aige é a úsáid.

2.   Féadfar an méid seo a leanas, go háirithe, a thoirmeasc faoi mhír 1:

(a)

táirge a dhéanamh, a thairiscint, a chur ar an margadh nó a úsáid, ar táirge é ina n ionchorpraítear an dearadh nó ar a gcuirtear i bhfeidhm an dearadh;

(b)

táirge dá dtagraítear i bpointe (a) a allmhairiú nó a onnmhairiú;

(c)

táirge dá dtagraítear i bpointe (a) a stocáil chun na gcríoch a luaitear i bpointí (a) agus (b);

(d)

aon mheán nó bogearra a dhéanann taifead ar an dearadh a chruthú, a íoslódáil, a chóipeáil nó a roinnt le daoine eile nó a dháileadh ar dhaoine eile chun go bhféadfar táirge dá dtagraítear i bpointe (a) a dhéanamh.

3.   Beidh sealbhóir cirt dearaidh chláraithe i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí táirgí a thabhairt isteach sa Bhallstát, le linn trádála, ó thríú tíortha ina bhfuil an dearadh cláraithe, ar táirgí iad nach scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta sa Bhallstát sin, i gcás ina n-ionchorpraítear an dearadh ar bhealach comhionann sna táirgí sin nó ina gcuirtear dearadh i bhfeidhm ar bhealach comhionann orthu, nó i gcas nach féidir an dearadh a idirdhealú ina bhunghnéithe ó na táirgí sin, agus i gcás nár tugadh údarú an tsealbhóra cirt.

Rachaidh an ceart dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i léig, más rud é, le linn na n-imeachtaí chun a chinneadh ar sáraíodh an ceart dearaidh chláraithe nó nár sáraíodh, arna dtionscnamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 608/2013, go soláthraíonn dearbhóir nó sealbhóir na dtáirgí fianaise lena léirítear nach bhfuil sealbhóir an chirt dearaidh chláraithe i dteideal toirmeasc a chur ar na táirgí sin a chur ar an margadh i dtír an chinn scríbe.

Airteagal 17

Toimhde bailíochta

1.   Le linn imeachtaí um shárú toimhdeofar, i bhfabhar shealbhóir an chirt dearaidh chláraithe, go bhfuil na ceanglais maidir le bailíocht dhlíthiúil cirt dearaidh chláraithe dá bhforáiltear in Airteagail 3 go 8 á gcomhlíonadh, agus nár cláraíodh an ceart dearaidh mar shárú ar Airteagal 13(1), pointe (c).

2.   Beidh an toimhde bailíochta dá dtagraítear i mír 1 infhrisnéise trí aon mhodh nós imeachta atá ar fáil i ndlínse an Bhallstáit lena mbaineann, lena n-áirítear frithéilimh.

Airteagal 18

Teorannú na gceart a thugtar leis an gceart dearaidh

1.   Na cearta a thugtar leis an gceart dearaidh tar éis é a chlárú, ní dhéanfar iad a fheidhmiú i leith an mhéid seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí a dhéantar go príobháideach agus chun críoch neamhthráchtála;

(b)

gníomhaíochtaí a dhéantar chun críoch turgnaimh;

(c)

gníomhaíochtaí atáirgthe chun sleachta as an saothar a lua nó chun críche teagaisc a dhéanamh;

(d)

gníomhaíochtaí a dhéantar chun táirge a shainaithint nó chun tagairt a dhéanamh do tháirge mar tháirge de chuid shealbhóir an chirt dearaidh;

(e)

gníomhaíochtaí a dhéantar chun críoch barúla, critice nó scigaithrise;

(f)

an trealamh ar longa agus ar aerárthaí atá cláraithe i dtír eile agus a théann isteach go sealadach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann;

(g)

páirteanna spártha agus gabhálais a allmhairiú sa Bhallstát lena mbaineann chun longa agus aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (f) a dheisiú;

(h)

deisiúcháin a dhéanamh ar longa agus aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (f).

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1, pointí (c), (d) agus (e), ach amháin i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí comhoiriúnach le cleachtais chóirthrádála agus nach ndéanann siad dochar míchuí do ghnáthshaothrú an dearaidh, agus sa chás dá dtagraítear i bpointe (c), ina luaitear foinse an táirge ina n-ionchorpraítear an dearadh nó ar a gcuirtear i bhfeidhm an dearadh.

Airteagal 19

Clásal deisiúcháin

1.   Ní thabharfar cosaint do dhearadh cláraithe atá ina chomhpháirt de tháirge casta, a bhfuil an chuma atá ar an táirge casta ag brath ar dhearadh na comhpháirte, agus a úsáidtear de réir bhrí Airteagal 16(1) chun an táirge a dheisiú chun cuma bhunaidh an táirge chasta a athbhunú, agus chun na críche sin amháin.

2.   Maidir le monaróir nó díoltóir comhpháirte de tháirge casta nár chuir tomhaltóirí ar an eolas go cuí, trí thásc soiléir agus infheicthe ar an táirge ná ar bhealach iomchuí eile, faoi thionscnamh tráchtála, agus faoi chéannacht mhonaróir an táirge atá le húsáid chun an táirge casta a dheisiú, ionas gur féidir leo rogha eolasach a dhéanamh idir táirgí iomaíocha is féidir a úsáid le haghaidh an deisiúcháin, ní dhéanfar leo mír 1 a agairt.

3.   Ní cheanglófar ar an monaróir comhpháirte ná ar an díoltóir comhpháirte a rathú go n-úsáidfidh na húsáideoirí deiridh comhpháirteanna de tháirge casta a tháirgeann nó a dhíolann siad ar deireadh chun críche deisiúcháin, agus chun na críche sin amháin, chun cuma bhunaidh an táirge chasta a athbhunú.

4.   Más rud é, an 8 Nollaig 2024, go bhforáiltear le dlí náisiúnta Ballstáit maidir le cosaint le haghaidh dearaí de réir bhrí mhír 1, leanfaidh an Ballstát, de mhaolú ar mhír 1, go dtí an 9 Nollaig 2032 de chosaint a thabhairt do dhearaí ar ina leith a rinneadh iarratas ar chlárú roimh an 8 Nollaig 2024.

Airteagal 20

Ídiú na gceart

Na gníomhaíochtaí a bhaineann le táirge ina n-ionchorpraítear dearadh nó ar a gcuirtear i bhfeidhm dearadh, agus an dearadh sin cumhdaithe le raon feidhme cosanta an chirt dearaidh, ní bheidh na gníomhartha sin san áireamh sna cearta a thugtar le ceart dearaidh tar éis é a chlárú, nuair atá an táirge sin curtha ar an margadh san Aontas ag sealbhóir an chirt dearaidh nó le toiliú ón sealbhóir.

Airteagal 21

Na cearta réamhúsáide i leith ceart dearaidh chláraithe

1.   Aon tríú páirtí ar féidir leis a shuíomh gur chuir sé nó sí tús, de mheon macánta, le húsáid dearaidh laistigh den Bhallstát lena mbaineann roimh dháta comhdaithe an iarratais, nó, má éilítear tosaíocht, roimh an dáta tosaíochta nó go ndearna sé nó sí ullmhúcháin dháiríre éifeachtacha chuige sin, beidh ceart réamhúsáide ag an tríú páirtí sin chun dearaidh, a áirítear laistigh de raon feidhme cosanta cirt dearaidh chláraithe, agus nár cóipeáladh ón dearadh cláraithe sin.

2.   Leis an gceart réamhúsáide dá dtagraítear i mír 1, beidh an tríú páirtí i dteideal an dearadh a úsáid chun na críche a bhí i gceist leis, nó chun na críche a ndearnadh ullmhúcháin dháiríre éifeachtacha ina leith, roimh dháta cláraithe an iarratais nó roimh dháta tosaíochta an chirt dearaidh chláraithe.

Airteagal 22

Gaol le cineálacha eile cosanta

Beidh an Treoir seo gan dochar d’aon fhorálacha de dhlí an Aontais a bhaineann le cearta dearaidh neamhchláraithe, nó d’aon fhorálacha de dhlí an Aontais nó de dhlí an Bhallstáit lena mbaineann a bhaineann le trádmharcanna nó sainchomharthaí eile, le paitinní agus samhlacha fóntais, le cló-aghaidheanna, le dliteanas sibhialta nó le hiomaíocht éagórach.

Airteagal 23

Gaol le cóipcheart

Aon dearadh atá faoi chosaint ag ceart dearaidh atá cláraithe i mBallstát nó i ndáil le Ballstát i gcomhréir leis an Treoir seo, beidh an dearadh sin i dteideal cosaint trí chóipcheart amhail ón dáta a cruthaíodh an dearadh nó a socraíodh an dearadh in aon fhoirm ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais an maidir leis an dlí cóipchirt.

Airteagal 24

Siombail chlárúcháin

Féadfaidh an sealbhóir cirt dearaidh an pobal a chur ar an eolas faoi dhearadh a bheith cláraithe tríd an litir D iniata laistigh de chiorcal
a léiriú ar an táirge ina n-ionchorpraítear an dearadh nó ar a gcuirtear i bhfeidhm an dearadh. Féadfar uimhir chlárúcháin an dearaidh nó hipearnasc chuig iontráil an dearaidh sa chlár a bheith ag gabháil leis an bhfógra dearaidh sin.

CAIBIDIL 3

NÓSANNA IMEACHTA

Airteagal 25

Riachtanais iarratais

1.   Beidh ar áireamh in iarratas ar dhearadh gach ceann de na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

iarraidh ar chlárú;

(b)

faisnéis lena ndéantar an t-iarratasóir a shainaithint;

(c)

léiriú den dearadh atá sách soiléir lena gceadaítear an t-ábhar a bhfuil cosaint á lorg ina leith a chinneadh;

(d)

tásc na dtáirgí a bhfuil sé beartaithe an dearadh a ionchorprú iontu nó a chur i bhfeidhm orthu.

2.   Beidh an t-iarratas ar chlárú dearaidh faoi réir táille a íoc a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.

3.   Ní dhéanfaidh tásc na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), difear do raon feidhme cosanta an dearaidh. Beidh feidhm aige sin freisin maidir le tuairisc, agus ag aon séanta béil a áirítear ann, lena mínítear léiriú an dearaidh i gcás ina ndéanann Ballstát foráil maidir le tuairisc den sórt sin.

Airteagal 26

Léiriú an dearaidh

1.   Léireofar an dearadh in aon chineál atáirgthe amhairc, agus é dubh agus ban nó daite. Féadfaidh an t-atáirgeadh a bheith statach, dinimiciúil nó beoite agus déanfar é trí aon mhodh iomchuí, agus úsáid á baint as teicneolaíocht atá ar fáil i gcoitinne, lena n-áirítear líníochtaí, grianghraif, físeáin, ríomh-íomháú nó ríomh-shamhaltú.

2.   Léireofar leis an atáirgeadh, in amharc amháin nó níos mó, gnéithe uile an dearaidh ar ina leith a bhfuil cosaint á lorg. Ina theannta sin, féadfar cineálacha eile amhairc a sholáthar chun mionsonrú breise a dhéanamh ar ghnéithe sonracha den dearadh.

3.   I gcás ina bhfuil cineálacha atáirgthe éagsúla den dearadh sa léiriú nó ina bhfuil níos mó ná amharc amháin san áireamh ann, beidh siad sin comhsheasmhach lena chéile agus cinnfear ábhar an chláraithe bunaithe ar ghnéithe amhairc uile na n-amharc nó na gcineálacha atáirgthe trí chéile.

4.   Léireofar an dearadh leis féin, d’eisiamh aon ábhar eile.

5.   Léireofar an t-ábhar nach bhfuil cosaint á lorg ina leith trí shéantaí amhairc. Bainfear úsáid chomhsheasmhach as séantaí amhairc den sórt sin.

6.   Oibreoidh lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil i gcomhar le chéile agus le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh chun caighdeáin choiteanna a bhunú a bheidh le cur i bhfeidhm maidir leis na ceanglais agus na modhanna léirithe dearaí, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na cineálacha agus an líon amharc a bheidh le húsáid, na cineálacha séantaí amhairc a bheidh inghlactha, chomh maith le sonraíochtaí teicniúla do na modhanna a bheidh le húsáid chun dearaí a atáirgeadh, a stóráil agus a chomhdú, amhail formáidí agus méid na gcomhad leictreonach ábhartha.

Airteagal 27

Iarratais iomadúla

Is féidir roinnt dearaí a chur le chéile in aon il-iarratas amháin ar dhearaí cláraithe. Ní bheidh an fhéidearthacht sin faoi réir an choinníll go bhfuil baint ag na táirgí a bhfuil sé beartaithe na dearaí a ionchorprú iontu nó a chur i bhfeidhm orthu leis an aicme chéanna den Aicmiú Locarno.

Airteagal 28

Dáta comhdaithe

1.   Is é dáta comhdaithe an iarratais dearaidh an dáta a dhéanfaidh an t-iarratasóir na doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 25(1), pointí (a), (b) agus (c), a chomhdú leis an oifig.

2.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, féadfar an dáta comhdaithe a thabhairt i gcás ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na gnéithe a cheanglaítear le hAirteagal 26 in easnamh, ar choinníoll go bhfuil léiriú an dearaidh ina iomláine sách soiléir de réir bhrí Airteagal 25(1), pointe (c).

3.   Féadfaidh na Ballstáit, ina theannta sin, a fhoráil go mbeidh an dáta comhdaithe faoi réir íoc na táille dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

Airteagal 29

Raon feidhme an scrúdaithe shubstaintigh

Cuirfidh na hoifigí teorainn lena scrúdú ar cé acu atá nó nach bhfuil an dearadh a ndearnadh iarratas ina leith incháilithe do chlárú in éagmais na bhforas substainteach atá le neamh-inchláraitheacht dá dtagraítear in Airteagal 13.

Airteagal 30

An dáta foilsithe a chur siar

1.   Agus an t-iarratas á chomhdú aige, féadfaidh an t-iarratasóir ar dhearadh cláraithe a iarraidh go ndéanfar foilsiú an dearaidh chláraithe a chur siar ar feadh tréimhse suas go 30 mí ó dháta comhdaithe an iarratais nó, má éilítear tosaíocht, ón dáta tosaíochta.

2.   A luaithe is a chlárófar an dearadh, ní bheidh léiriú an dearaidh ná aon chomhad a bhaineann leis an iarratas ar oscailt lena iniúchadh ag an bpobal faoi réir fhorálacha an dlí náisiúnta lena gcoimircítear leasanna dlisteanacha tríú páirtithe.

3.   Foilseofar tagairt maidir le foilsiú an dearaidh chláraithe a chur siar.

4.   Ar dhul in éag na tréimhse cur siar, nó ar aon dáta is túisce arna iarraidh sin don sealbhóir cirt, déanfaidh an oifig na hiontrálacha uile ina clár agus an comhad a bhaineann leis an iarratas a oscailt lena n-iniúchadh ag an bpobal agus foilseoidh sí an dearadh cláraithe.

5.   Féadfaidh an sealbhóir cirt foilsiú an dearaidh chláraithe dá dtagraítear i mír 4 a chosc, trí iarraidh ar thabhairt suas an dearaidh chláraithe a chur isteach.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, de mhaolú ar mhír 4 agus ar mhír 5, nach bhfoilseoidh an oifig an dearadh cláraithe ach amháin arna iarraidh sin don sealbhóir cirt. I gcás ina ndéanfaidh Ballstát foráil maidir le táille foilsithe a íoc, féadfar a mheas gurb ionann íocaíocht na táille sin agus iarratas den sórt sin.

Airteagal 31

Nós imeachta maidir le dearbhú neamhbhailíochta

1.   Gan dochar do cheart na bpáirtithe achomharc a dhéanamh os comhair na gcúirteanna, féadfaidh na Ballstáit foráil maidir le nós imeachta riaracháin éifeachtúil tapa os comhair a n-oifigí maidir le ceart dearaidh chláraithe a dhearbhú a bheith neamhbhailí.

2.   Déanfar foráil sa nós imeachta riaracháin maidir le neamhbhailíocht dá dtagraítear i mír 1 go ndéanfar an ceart dearaidh a dhearbhú a bheith neamhbhailí ar na forais seo a leanas ar a laghad:

(a)

níor cheart an dearadh a bheith cláraithe toisc nach gcomhlíontar leis an sainmhíniú a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (3), ná na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagail 3 go 8;

(b)

níor cheart an dearadh a chlárú de bharr gur shárú ar Airteagal 13(1), pointe (c), é;

(c)

níor cheart an dearadh a bheith cláraithe toisc gur ann do dhearadh cheana féin de réir bhrí Airteagal 14(1), pointe (e).

3.   Déanfar foráil leis an nós imeachta riaracháin dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh na daoine seo a leanas ar a laghad i dteideal iarratas a chomhdú ar dhearbhú neamhbhailíochta:

(a)

i gcás mhír 2, pointe (a), den Airteagal seo, na daoine, na grúpaí nó na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 14(3);

(b)

i gcás mhír 2, pointe (b), den Airteagal seo, an duine nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 14(4);

(c)

i gcás mhír 2, pointe (c), den Airteagal seo, na daoine ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 14(6), pointí (a) agus (b).

Airteagal 32

Athnuachan

1.   Déanfar athnuachan ar chlárú dearaidh arna iarraidh sin do shealbhóir an chirt dearaidh chláraithe nó d’aon duine arna údarú an iarratas ar an athnuachan a dhéanamh le dlí nó le conradh, ar choinníoll gur íocadh na táillí athnuachana. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfuiltear le meas gurb ionann íocaíocht na dtáillí athnuachana agus iarraidh den sórt sin.

2.   Cuirfidh an oifig sealbhóir an chirt dearaidh ar an eolas faoi dhul in éag an chláraithe ar a laghad 6 mhí roimh dháta dul in éag den sórt sin. Ní chuirfear an oifig faoi dhliteanas mura dtugann sí faisnéis den sórt sin agus ní dhéanfaidh sé sin difear do dhul in éag an chláraithe.

3.   Cuirfear isteach an iarraidh ar athnuachan agus íocfar na táillí athnuachana laistigh de thréimhse 6 mhí ar a laghad díreach roimh dhul in éag an chláraithe.

Ina éagmais sin, féadfar an iarraidh a chur isteach laistigh de thréimhse bhreise 6 mhí díreach tar éis don chlárú nó don athnuachan ar chlárú ina dhiaidh sin dul in éag. Íocfar na táillí athnuachana agus táille bhreise laistigh den tréimhse bhreise sin.

4.   I gcás ilchláraithe, i gcás nach leordhóthanach na táillí athnuachana a íocadh chun na dearaí uile a n-iarrtar athnuachan ina leith a chumhdach, déanfar an clárú a athnuachan i ndáil leis na dearaí sin a bhfuil sé soiléir ina leith a bheartaítear a chumhdach leis an méid a íocadh.

5.   Beidh éifeacht ag athnuachan ón lá tar éis dháta dhul in éag an chláraithe atá ann cheana. Déanfar an athnuachan a thaifeadadh sa chlár.

Airteagal 33

Cumarsáid leis an oifig

Ainmneoidh páirtithe sna himeachtaí nó, i gcás inarb iomchuí, a n-ionadaithe, seoladh oifigiúil i gcomhair gach cumarsáide oifigiúla leis an oifig. Beidh sé de cheart ag na Ballstáit a cheangal go mbeidh seoladh oifigiúil den sórt sin suite sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

CAIBIDIL 4

COMHAR RIARACHÁIn

Airteagal 34

Comhar i réimse an chlárúcháin, an riaracháin agus na neamhbhailíochta dearaí

Beidh saoirse ag na hoifigí oibriú go héifeachtach i gcomhar le chéile agus le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh chun cóineasú cleachtas agus uirlisí a chur chun cinn maidir le dearaí a scrúdú, a chlárú agus a neamhbhailíochtú.

Airteagal 35

Comhar i réimsí eile

Beidh saoirse ag na hoifigí oibriú go héifeachtach i gcomhar le chéile agus le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh i ngach réimse eile dá ngníomhaíochtaí seachas na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 34 a bhaineann le cosaint dearaí san Aontas.

CAIBIDIL 5

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHa

Airteagal 36

Trasuí

1.   Tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin is gá chun Airteagail 2 agus 3, Airteagal 6, Airteagail 10 go 19, Airteagal 21, Airteagail 23 go 30 agus Airteagail 32 agus 33 a chomhlíonadh faoin 9 Nollaig 2027. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 37

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 98/71/CE le héifeacht ón 9 Nollaig 2027, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát a bhaineann leis an teorainn ama chun an Treoir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagail 4, 5, 7, 8 9, 20 agus 22, áfach, ón 9 Nollaig 2027.

Airteagal 39

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

ZSIGMOND B. P.


(1)   IO C 184, 25.5.2023, lch. 39.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2024.

(3)  Treoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí (IO L 289, 28.10.1998, lch. 28).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail (IO L 3, 5.1.2002, lch. 1).

(5)   IO C 205, 20.5.2022, lch. 26.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 15).

(7)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 20 Nollaig 2017, Acacia Srl v Pneusgarda Srl agus Audi AG agus Acacia Srl agus Rolando D’Amato v Dr. Ing. h.c.F. Porsche AG, cásanna uamtha C-397/16 agus C-435/16, ECLI:EU:C:2017:992.

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN I

Teorainn ama do thrasuí sa dlí náisiúnta (dá dtagraítear in Airteagal 37)

Treoir

Teorainn ama do thrasuí

98/71/CE

28 Deireadh Fómhair 2001


IARSCRÍBHINN II

Tábla comhghaoil

Treoir 98/71/CE

An Treoir seo

Airteagal 1, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 2, pointí (1) agus (2)

Airteagal 1, pointe (a)

Airteagal 2, pointe (3)

Airteagal 1, pointe (b)

Airteagal 2, pointe (4)

Airteagal 1, pointe (c)

Airteagal 2, pointe (5)

Airteagal 2

Airteagal 1

Airteagail 3 go 10

Airteagail 3 go 10

Airteagail 11 agus 12

Airteagal 11

Airteagail 13 agus 14

Airteagal 15

Airteagal 12(1)

Airteagal 16(1) agus (2), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 16(2), pointe (d)

Airteagal 16(3)

Airteagal 12(2)

Airteagal 17

Airteagal 13(1), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 18(1), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 18(1), pointí (d) agus (e)

Airteagal 13(2), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 18(1), pointí (f), (g) agus (h)

Airteagal 18(2)

Airteagal 14

Airteagal 19

Airteagal 15

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 16

Airteagal 22

Airteagal 17

Airteagal 23

Airteagail 24 go 35

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 20

Airteagal 38

Airteagal 21

Airteagal 39

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2823/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)