|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2822 |
18.11.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/2822 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2024
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle maidir le dearaí Comhphobail agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2246/2002 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 118, an chéad mhír, de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle (3), bunaíodh córas cosanta dearaidh a bhaineann go sonrach leis an gComhphobal Eorpach, ar córas é ina ndearnadh foráil ó shin i leith maidir le cosaint dearaí ar leibhéal an Aontais i gcomhthreo leis an gcosaint dearaí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta sna Ballstáit i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta maidir le cosaint dearaidh, arna gcomhchuibhiú le Treoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(2) |
I gcomhréir lena Theachtaireacht an 19 Bealtaine 2015 dar teideal Better Regulation for better results - An EU agenda [Rialáil Níos Fearr le haghaidh Torthaí Níos Fearr – Clár Oibre de chuid an Aontais] agus lena ghealltanas athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar bheartais an Aontais, rinne an Coimisiún meastóireacht fhairsing ar na córais cosanta dearaidh san Aontas, lenar ghabh measúnú cuimsitheach eacnamaíoch agus dlíthiúil, agus ar thacaigh sraith staidéar leis. |
|
(3) |
Ina conclúidí an 10 Samhain 2020 maidir leis an mbeartas maoine intleachtúla agus maidir leis an athbhreithniú ar an gcóras dearaí tionsclaíocha san Aontas, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún tograí a chur i láthair le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 agus ar Threoir 98/71/CE. Iarradh an t-athbhreithniú sin ionas go ndéanfaí na córais chosanta a bhaineann le dearaí tionsclaíocha san Aontas a nuachóiriú agus an chosaint dearaidh a dhéanamh níos tarraingtí do dhearthóirí aonair agus do ghnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). |
|
(4) |
Ó bunaíodh córas dearaí an Chomhphobail, léirítear leis an taithí gur ghlac dearthóirí aonair agus gnóthais ó laistigh den Aontas agus ó thríú tíortha leis an gcóras agus is córas é atá ina chomhlánú nó ina rogha mhalartach rathúil inmharthana ar an gcosaint dearaí ar an leibhéal náisiúnta de na Ballstáit. |
|
(5) |
I rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir le plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais (5), thug Parlaimint na hEorpa ar aird go bhfuil 20 bliain ann ó bunaíodh córas cosanta dearaí AE agus go mba cheart an córas a athbhreithniú, agus chuir sí in iúl a riachtanaí atá sé go dtabharfaí cothrom le dáta é chun deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a áirithiú, agus í ag teacht, ar an gcaoi sin, leis an gComhairle, mar ar iarr sí go ndéanfaí tograí a thíolacadh maidir le Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 agus Treoir 98/71/CE a athbhreithniú. |
|
(6) |
Mar sin féin, tá gá le córais náisiúnta cosanta dearaidh i gcónaí le haghaidh na ndearthóirí aonair agus na ngnóthas sin nach mian leo a ndearaí a chosaint ar leibhéal an Aontais, nó nach féidir leo cosaint ar fud an Aontais a fháil, cé nach bhfuil aon bhacainn orthu cosaint a fháil ar an leibhéal náisiúnta. Gach duine a bhfuil cosaint dearaidh á lorg aige, ba cheart é a fhágáil faoin duine sin a chinneadh an cineál cosanta atá á lorg aige, bíodh sin gur ceart dearaidh náisiúnta i mBallstát amháin nó níos mó é, nó ceart dearaidh AE amháin, nó iad araon. |
|
(7) |
Cé gur dearbhaíodh lena mheastóireacht ar reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint dearaidh go bhfuil an reachtaíocht sin oiriúnach don fheidhm den chuid is mó i gcónaí, sa teachtaireacht ón gCoimisiúin an 25 Samhain 2020 dar teideal Making the most of the EU’s innovative potential - An intellectual property action plan to support the EU’s recovery and resilience [An leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálaíochta an Aontais - Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais], d’fhógair an Coimisiún go ndéanfadh sé athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint dearaí, tar éis an athchóirithe rathúil ar an reachtaíocht maidir le trádmharcanna an Aontais, d’fhonn an córas a shimpliú agus é a dhéanamh níos inrochtana agus níos éifeachtúla, agus d’fhonn an creat rialála a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise na bhforbairtí i ndáil le teicneolaíochtaí nua ar an margadh. |
|
(8) |
I gcomhthráth leis na feabhsuithe agus leis na leasuithe ar an gcóras dearaí AE, ba cheart dlíthe agus cleachtais náisiúnta maidir le dearadh a chomhchuibhiú a thuilleadh agus a thabhairt i gcomhréir leis an gcóras dearaí AE a mhéid is iomchuí, chun coinníollacha comhionanna a chruthú a mhéid is féidir chun dearaí a chlárú agus a chosaint ar fud an Aontais. Ba cheart é sin a chomhlánú le hiarrachtaí breise ó Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (‘an Oifig’), ó lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát agus ó Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil chun cóineasú cleachtas agus uirlisí a chur chun cinn i réimse na ndearaí faoin gcreat comhair a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(9) |
Caithfear na téarmaí a úsáidtear i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a oiriúnú do na leasuithe a tugadh isteach sna Conarthaí fothaitheacha le Conradh Liospóin. Cuimsítear leis sin ‘dearadh an Aontais Eorpaigh’ (‘dearadh AE’) a chur in ionad ‘dearadh Comhphobail’. Ina theannta sin, is gá na téarmaí a úsáidtear i Rialachán (CE) Uimh. 6/2022 a ailíniú leo siúd atá i Rialachán (AE) 2017/1001. Cuimsítear leis sin go háirithe ‘Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh’ a chur in ionad an ainm ‘an Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí)’. |
|
(10) |
Mar chomhlánú ar riaradh chóras dearaí AE, tá sé bunriachtanach go gcuirfeadh an Oifig an córas sin chun cinn ar bhealach leordhóthanach d’fhonn feasacht a mhúscailt agus tuiscint a fheabhsú ar an bhféidearthacht, ar an luach agus ar na tairbhí a bhaineann le cosaint dearaí a fháil agus a úsáid ar leibhéal an Aontais. |
|
(11) |
Ó bunaíodh córas dearaí an Chomhphobail, bhí teacht chun cinn dearaí nua nach gcorpraítear i dtáirgí fisiciúla ina toradh ar theacht chun cinn na teicneolaíochta faisnéise. Éilítear leis sin fairsingiú ar an sainmhíniú ar tháirgí atá incháilithe don chosaint dearaidh chun cumhdach soiléir a thabhairt do na táirgí sinarna gcorprú i réad fisiciúil, nó arna léirshamhlú i ngrafaic, nó ar léir iad ó leagan amach spásúil ítimí lena bhfuil sé beartaithe timpeallacht inmheánach nó seachtrach a chruthú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a aithint gur féidir le beochan, amhail ghluaiseacht nó aistriú ghnéithe tháirge cur le cuma fhisiciúil na ndearaí, go háirithe maidir le dearaí nach gcorpraítear in ábhar fisiciúil iad. |
|
(12) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is iomchuí a shoiléiriú go dtabharfar cosaint dearaidh don sealbhóir cirt, trí dhearadh AE a chlárú maidir leis na gnéithe dearaidh sin de tháirge, ina iomláine nó i bpáirt, a léirítear go hinfheicthe in iarratas ar dhearadh AE den sórt sin a chlárú agus a chuirtear ar fáil don phobal trí fhoilseachán nó trí bhreathnú sa chomhad ábhartha. |
|
(13) |
Seachas a bheith ar taispeáint go infheicthe in iarratas ar dhearadh AE a chlárú, ní gá do ghnéithe dearaidh de tháirge a bheith infheicthe ag aon am faoi leith nó in aon chás faoi leith ina n-úsáidtear an táirge chun tairbhe a bhaint as cosaint dearaidh. Tá feidhm ag eisceacht ar an bprionsabal sin maidir le cosaint dearaidh chomhpháirteanna an táirge casta ar gá dóibh iad a bheith infheicthe le linn ghnáthúsáid an táirge sin. |
|
(14) |
I bhfianaise na húsáide méadaithí atá á baint as teicneolaíochtaí priontála 3T i réimsí éagsúla tionscal, lena n-áirítear le cabhair na hintleachta saorga, agus i bhfianaise na ndúshlán a eascraíonn as sin do shealbhóirí cirt dearaidh maidir le cosc éifeachtach a chur ar chóipeáil neamhdhlisteanach a ndearaí cosanta, is iomchuí a fhoráil gurb é a thiocfaidh as cruthú, uaslódáil, cóipeáil agus cur ar fáil aon mheáin ina bhfuil an dearadh nó aon bhogearraí ina ndéantar an dearadh a taifeadadh, chun táirge a sháraíonn an dearadh cosanta a atáirgeadh, gur ionann sin agus úsáid an dearaidh agus go mba cheart sin a bheith faoi réir údarú an tsealbhóra cirt. |
|
(15) |
Chun cosaint dearaidh a áirithiú agus góchumadh a chomhrac go héifeachtach agus ar bhealach atá i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoi chreat na hEagraíochta Trádála Domhanda (EDT), go háirithe Airteagal V den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT 1947) maidir le saoirse idirthurais, agus, a mhéid a bhaineann le cógais chineálacha, Dearbhú Doha maidir le Comhaontú TRIPS agus Sláinte Phoiblí, arna ghlacadh ag Comhdháil Aireachta EDT an 14 Samhain 2001, ba cheart sealbhóir an dearaidh AE chláraithe a bheith i dteideal cosc a chur ar thríú páirtithe, agus iad i mbun trádála, táirgí a thabhairt ó thríú tíortha isteach san Aontas nach scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás, gan údarú ón sealbhóir cirt a fháil, ina gcuimsítear dearadh sna táirgí sin atá comhionann nó atá comhionann go bunúsach leis an dearadh AE cláraithe, nó i gcás, ina gcuirtear dearadh i bhfeidhm ar na táirgí sin atá comhionann nó atá comhionann go bunúsach leis an dearadh AE cláraithe, agus nach tugadh údarú ina leith. |
|
(16) |
Chuige sin, ba cheart é a bheith incheadaithe do shealbhóirí an dearaidh AE chláraithe cosc a chur ar theacht isteach táirgí sáraitheacha agus cosc a chur ar tháirgí den sórt sin a chur i ngach cás custaim, agus nuair nach bhfuil sé beartaithe táirgí den sórt sin a chur ar mhargadh an Aontais. Agus rialuithe custaim á gcur i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis chustaim leas a bhaint as na cumhachtaí agus as na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), arna iarraidh sin do na shealbhóirí cirt freisin. Go sonrach, ba cheart do na húdaráis chustaim na rialuithe ábhartha a dhéanamh ar bhonn critéir anailíse riosca. |
|
(17) |
Chun an gá atá le forghníomhú éifeachtach ceart dearaidh a áirithiú agus an riachtanas atá ann gan cur isteach ar shaorshreabhadh trádála i dtáirgí dlisteanacha a réiteach, ba cheart teidlíocht shealbhóir an dearaidh AE a dhul i léig i gcás, le linn imeachtaí arna dtionscnamh os comhair na cúirte um dhearaí an Aontais Eorpaigh (‘an chúirt um dhearaí AE’) atá inniúil chun cinneadh substainteach a dhéanamh maidir lenar sáraíodh an dearadh AE nó nár sáraíodh, ina bhfuil dearbhóir nó sealbhóir na dtáirgí in ann a chruthú nach bhfuil sealbhóir an dearaidh AE chláraithe i dteideal cosc a chur ar na táirgí a chur ar an margadh i dtír an chinn scríbe. |
|
(18) |
Ba cheart na cearta eisiacha, a thugtar leis an dearadh AE cláraithe, a bheith faoi réir tacar teorainneacha iomchuí. Cé is moite de ghníomhaíochtaí arna ndéanamh go príobháideach agus chun críoch neamhthráchtála agus gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun críoch turgnaimh, ba cheart a áireamh ar na húsáidí ceadaithe gníomhaíochtaí atáirgthe chun sleachta as saothar a lua nó gníomhaíochtaí teagaisc a dhéanamh, úsáid thagartha i gcomhthéacs na fógraíochta comparáidí, agus úsáid chun críche barúla, critice nó scigaithrise, ar choinníoll go bhfuil na gníomhaíochtaí sin comhoiriúnach le cleachtais chóirthrádála, agus nach ndéanann siad dochar míchuí do ghnáthshaothrú an dearaidh. Maidir leis an úsáid a bhaineann tríú páirtithe as dearaí AE cláraithe chun críche léirithe ealaíne, ba cheart a mheas go bhfuil an úsáid sin cothrom fad atá sí i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair thionsclaíocha agus thráchtála. Thairis sin, ba cheart na rialacha maidir leis an dearadh AE a chur i bhfeidhm ar bhealach lena n-áirithítear urraim iomlán do chearta agus saoirsí bunúsacha, go háirithe don tsaoirse tuairimí a nochtadh. |
|
(19) |
Comhchuibhítear le Treoir (AE) 2024/2823 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) dlíthe na mBallstát a mhéid a bhaineann le húsáid dearaí cosanta chun deisiú táirge casta a cheadú ionas go gcuirtear an athuair an chuma a bhí i dtosach ar an táirge sin, i gcás ina gcuirtear an dearadh i bhfeidhm ar tháirge nó ina n-ionchorpraítear an dearadh i dtáirge, ar táirge é atá ina chomhpháirt de tháirge casta a bhfuil dearadh cosanta na comhpháirte ag brath ar an gcuma atá air. Dá réir sin, ba cheart an clásal deisiúcháin idirthréimhseach atá ann cheana i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a bheith ina fhoráil bhuan. Toisc gurb é éifeacht bheartaithe an chlásail deisiúcháin sin cearta dearaidh AE chláraithe agus neamhchláraithe a dhéanamh in-fhorfheidhmithe i gcás ina n-úsáidtear dearadh na comhpháirte de tháirge coimpléascach chun an táirge casta a dheisiú ionas go gcuirtear an athuair an chuma a bhí i dtosach ar an táirge sin, ba cheart an clásal deisiúcháin a bheith i measc na gcosaintí maidir le sárú cearta dearaidh AE faoi Rialachán (CE) Uimh. 6/2002. Thairis sin, ar mhaithe le comhleanúnachas leis an gclásal deisiúcháin a chuirtear isteach i dTreoir (AE) 2024/2823, agus chun a áirithiú nach bhfuil raon feidhme cosanta an dearaidh srianta ach amháin chun cosc a chur ar shealbhóirí cirt dearaidh a bheith ag fáil monaplachtaí táirgí, is gá feidhmiú an chlásail deisiúcháin a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh 6/2002 a theorannú go sainráite do chomhpháirteanna de tháirge casta ar a bhfuil cuma an táirge sin ag brath ar an dearadh cosanta. Ina theannta sin, chun a áirithiú nach gcuirfí tomhaltóirí amú agus go mbeadh sé ar chumas na dtomhaltóirí cinneadh eolasach a dhéanamh idir táirgí iomaíocha is féidir a úsáid le haghaidh an deisiúcháin, ba cheart a fhoráil go sainráite nach féidir le monaróir nó díoltóir comhpháirte an clásal deisiúcháin a agairt i gcás inar theip air ina dhualgais chun tomhaltóirí a chur ar an eolas go cuí faoi thionscnamh thráchtála an táirge agus faoi chéannacht mhonaróra an táirge a bheidh le húsáid chun an táirge coimpléascach a dheisiú. Ba cheart an fhaisnéis mhionsonraithe sin a sholáthar trí chomhartha soiléir agus infheicthe ar an táirge nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge, agus ba cheart ar a laghad an trádmharc faoina gcuirtear an táirge ar an margadh, agus ainm an mhonaróra, a bheith san áireamh ann. |
|
(20) |
D’fhonn éifeachtacht léirscaoileadh an mhargaidh iardhíola páirteanna spártha atáthar á lorg leis an Rialachán seo a chaomhnú agus i gcomhréir le cásdlí (9) Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chun a bheith in ann tairbhe a bhaint as an díolúine ó chosaint an deartha, is é sin le rá an ‘clásal deisiúcháin’, tá sé de dhualgas ar mhonaróir nó ar dhíoltóir comhpháirte de tháirge casta a áirithiú, trí mheáin iomchuí, go háirithe meáin chonarthacha, nach bhfuil sé beartaithe ag úsáideoirí iartheachtacha na comhpháirteanna atá i gceist a úsáid chun críocha eile seachas críocha deisithe chun cuma bhunaidh an táirge chasta a athbhunú. Ní cheart leis sin áfach, a cheangal ar mhonaróir ná ar dhíoltóir de chomhpháirt de tháirge casta a ráthú, go hoibiachtúil agus i ngach cás, gur chun críche deisiúcháin, agus chun na críche sin amháin, chun cuma bhunaidh an táirge chasta a chur ar ais, a úsáidfidh úsáideoirí deiridh, i ndáiríre, ar deireadh, na comhpháirteanna a dhéanann siad nó a dhíolann siad. |
|
(21) |
Chun margú na dtáirgí cosanta dearaidh a éascú, go háirithe ag FBManna agus dearthóirí aonair, agus chun feasacht ar chórais clárúcháin dearaidh atá ann ar leibhéil an Aontais agus ar leibhéal náisiúnta araon a mhéadú, ba cheart fógra a nglactar go coitianta leis ina bhfuil an tsiombail
|
|
(22) |
I bhfianaise líon beag na n-iarratas ar dhearaí AE cláraithe a chomhdaítear ag lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát agus ag Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil, agus chun an córas maidir le hiarratais ar dhearaí AE cláraithe a ailíniú leis an gcóras a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1001, níor cheart a bheith in ann iarratas ar dhearadh AE cláraithe a chomhdú ach amháin ag an Oifig. Chun soláthar faisnéise agus treorach riaracháin a éascú d’iarratasóirí maidir leis an nós imeachta chun dearaí AE a chlárú, is iomchuí go gcomhoibreoidh an Oifig agus lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil lena chéile chuige sin faoin gcreat comhair a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1001. |
|
(23) |
Is léir ón dul chun cinn sa teicneolaíocht agus ón taithí a fuarthas agus an córas clárúcháin dearaidh AE atá ann faoi láthair á chur i bhfeidhm go bhfuil gá ann le gnéithe áirithe den nós imeachta a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba cheart bearta áirithe a ghlacadh chun nósanna imeachta a nuashonrú agus a shimpliú agus chun dlús a chur leo, i gcás inarb iomchuí, agus chun feabhas a chur ar dheimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht, i gcás inar gá. |
|
(24) |
Chuige sin, tá sé ríthábhachtach chun na meáin iomchuí a sholáthar chun léiriú soiléir agus beacht a thabhairt ar gach dearadh, atá inoiriúnaithe do dhul chun cinn teicniúil maidir le léirshamhlú na ndearaí agus do riachtanais thionscal an Aontais. Chun a áirithiú go bhféadfar an léiriú grafach céanna a úsáid le haghaidh iarratas ar dhearaí i mBallstát amháin nó níos mó agus le haghaidh iarratas ar dhearaí AE cláraithe, ba cheart a cheangal ar an Oifig, ar lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát agus ar Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil oibriú i gcomhar lena chéile chun caighdeáin choiteanna a bhunú maidir leis na ceanglais fhoirmiúla nach mór don léiriú a chomhlíonadh. |
|
(25) |
Ar mhaithe le héifeachtúlacht níos fearr, is iomchuí chomh maith comhdú na n-iarratas iolrach ar dhearaí AE cláraithe a éascú trí chead a thabhairt d’iarratasóirí dearaí a chur le chéile in aon iarratas amháin gan bheith faoi réir an choinníll, maidir leis na táirgí a a bheartaítear an dearadh a ionchorprú iontu nó a bheartaítear é a chur i bhfeidhm orthu, go mbainfidh siad leis an aicme chéanna den Aicmiú Idirnáisiúnta i gcomhair Dearaí Tionscail (‘Aicmiú Locarno’) a bunaíodh faoi Chomhaontú Locarno (1968). Mar sin féin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le huasteorann chun mí-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le comhdú iarratas iolrach a sheachaint. |
|
(26) |
Ar chúiseanna éifeachtúlachta agus chun imeachtaí a chuíchóiriú, ba cheart modhanna chun fógra a thabhairt agus chun cumarsáid a dhéanamh go leictreonach amháin. Mar sin féin, tá sé tábhachtach go gcuirfidh an Oifig treoir theicniúil agus cúnamh teicniúil iomchuí ar fáil, ar líne agus as líne araon, chun úsáid modhanna leictreonacha a éascú agus chun deighilt dhigiteach a chosc. |
|
(27) |
I bhfianaise fíorthábhacht mhéideanna na dtáillí is iníoctha leis an Oifig ar mhaithe le dea-fheidhmiú chóras cosanta dearaí AE agus i bhfianaise an ghaoil chomhlántaigh atá aige a mhéid a bhaineann le córais dearaí náisiúnta agus chun an cur chuige reachtach dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a ailíniú le Rialachán (AE) 2017/1001, is iomchuí méideanna na dtáillí sin a shocrú i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 in iarscríbhinn. Ba cheart méideanna na dtáillí a shocrú ar leibhéal lena n-áirithítear go bhfuil an t-ioncam a ghnóthaíonn siad leordhóthanach i bprionsabal chun go gcomhardófar buiséad na hOifige, agus go bhfuil cómhaireachtáil agus comhlántacht idir an córas dearaí AE agus na córais dearaí náisiúnta, agus méid an mhargaidh a chumhdaítear leis an dearadh AE agus riachtanais FBManna, inter alia, á gcur san áireamh. |
|
(28) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, tugtar cumhachtaí don Choimisiún chun rialacha lena gcuirtear an Rialachán sin chun feidhme a ghlacadh. Mar gheall ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a ailíniú le hAirteagail 290 agus 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
|
(29) |
Chun scrúdú agus clárú éifeachtach, éifeachtúil agus gasta a áirithiú ar iarratais ar dhearaí AE ag an Oifig trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta atá trédhearcach, cuimsitheach, cothrom agus cothromasach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún mar chomhlánú ar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 trí na mionsonraí a shonrú maidir leis an nós imeachta chun iarratas a leasú. |
|
(30) |
Chun a áirithiú go bhféadfar a dhearbhú go bhfuil dearadh AE cláraithe neamhbhailí ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil trí bhíthin nós imeachta trédhearcach, cuimsitheach, cothrom agus cothromasach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún mar chomhlánú ar Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 trí na himeachtaí a shonrú lena ndearbhaítear go bhfuil dearadh AE cláraithe neamhbhailí. |
|
(31) |
Chun foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú éifeachtach, éifeachtúil agus iomlán ag na Boird Achomhairc ar na cinntí ón Oifig trí nós imeachta trédhearcach, cuimsitheach, cothrom agus cothromasach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a fhorlíonadh trí na mionsonraí a shonrú maidir le himeachtaí achomhairc i gcás ina n-éilítear le himeachtaí a bhaineann le dearaí AE maoluithe ar na forálacha a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 73 de Rialachán (AE) 2017/1001. |
|
(32) |
Chun feidhmiú rianúil, éifeachtach agus éifeachtúil an chórais dearaí AE a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a fhorlíonadh trí na ceanglais a shonrú maidir leis na mionsonraí ar imeachtaí ó bhéal agus na socruithe mionsonraithe maidir le fianaise a thógáil, leis na socruithe mionsonraithe a bhaineann le fógra a thabhairt, leis na modhanna cumarsáide agus na foirmeacha le húsáid ag na páirtithe sna himeachtaí, leis na rialacha lena rialaítear ríomh agus fad na dteorainneacha ama, leis na nósanna imeachta chun cinneadh a chúlghairm nó chun iontráil sa Chlár dearaí AE a chealú, leis na socruithe mionsonraithe chun imeachtaí a atosú, agus leis na mionsonraí i ndáil le hionadaíocht os comhair na hOifige. |
|
(33) |
Chun eagrúchán éifeachtach agus éifeachtúil na mBord Achomhairc a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a fhorlíonadh trí na mionsonraí maidir le heagrúchán na mBord Achomhairc a shonrú i gcás ina n-éilítear le himeachtaí a bhaineann le dearaí AE maoluithe ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 168 de Rialachán (AE) 2017/1001. |
|
(34) |
Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (10). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(35) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na mionsonraí a shonrú a bhaineann leis na hiarratais, iarrataí, deimhnithe, éilimh, rialacháin, fógraí agus aon doiciméad eile faoi na ceanglais nós imeachta ábhartha a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 6/2002, agus chun na huasrátaí a shocrú i leith na gcostas bunriachtanach a bhaineann leis na himeachtaí agus a tabhaíodh go hiarbhír, mionsonraí a bhaineann le foilseacháin sa Feasachán maidir le Dearaí an Aontais agus in Iris Oifigiúil na hOifige, na socruithe mionsonraithe maidir le malartú faisnéise idir an Oifig agus údaráis náisiúnta, na socruithe mionsonraithe maidir le haistriúcháin doiciméid tacaíochta in imeachtaí i scríbhinn, agus cineálacha beachta na gcinntí a bheidh le déanamh ag ball aonair de na Rannáin Neamhbhailíochta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). |
|
(36) |
I bhfianaise an dul chun cinn maidir le comhchuibhiú dhlí an chóipchirt san Aontas, is iomchuí prionsabal an charntha maidir le cosaint faoi Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 agus faoi dhlí an chóipchirt a choigeartú trí chead a thabhairt do dhearaí atá cosanta ag cearta dearaidh AE a bheith cosanta mar shaothair chóipchirt, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais an dlí maidir le cóipcheart. |
|
(37) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 a leasú dá réir, agus ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2246/2002 ón gCoimisiún (12) a aisghairm. |
|
(38) |
Ba cheart don Choimisiún Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 ón gCoimisiún (13) a leasú chun é a ailíniú leis na leasuithe a tugadh isteach leis an Rialachán seo ar Rialachán (CE) Uimh 6/2002 maidir leis na téarmaí a bheidh le húsáid tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus na téarmaí a úsáidtear i Rialachán (AE) 2017/1001, an tagairt do rialacha maidir le táillí is iníoctha leis an Oifig, fad na dteorainneacha ama agus an ionadaíocht os comhair na hOifige, chomh maith le roinnt rialacha a áireamh a bhí i dtosach i Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 agus i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002. Ba cheart aisghairm an chumhachtaithe, a bhí mar bhonn le Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 a ghlacadh agus a athbhreithniú, a bheith gan dochar do choimeád i bhfeidhm an Rialacháin sin go dtí go n-aisghairfear é. |
|
(39) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr chineál féinrialaitheach chórais dearaí AE a bheith neamhspleách ó chórais náisiúnta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(40) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí an Aontais Eorpaigh’ ; |
|
(2) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Gairtear “dearadh an Aontais Eorpaigh” (“dearadh AE”) anseo feasta ar dhearadh atá i gcomhréir leis na coinníollacha atá sa Rialachán seo.’ |
|
(3) |
síos tríd na hairteagail, cuirtear ‘dearadh AE’ in ionad an téarma ‘dearadh Comhphobail’ agus déantar aon athrú gramadaí is gá; |
|
(4) |
síos tríd na hairteagail, cuirtear ‘cúirt um dhearaí AE’ in ionad an téarma ‘cúirt um dhearaí an Chomhphobail’ agus déantar aon athrú gramadaí is gá; |
|
(5) |
in Airteagal 1(3), Airteagal 7(1), Airteagal 11(1), Airteagal 22(1), Airteagal 27(1), Airteagal 96(1), Airteagal 98(1) agus (5), Airteagal 106a(1) agus (2), Airteagal 106d(1) agus (2) agus Airteagal 110a(1), cuirtear an focal ‘Aontas’ in ionad ‘Comhphobal’ agus déantar aon athrú gramadaí is gá; |
|
(6) |
in Airteagal 25(1), pointe (a), Airteagal 47(1) agus Airteagal 106e(1), cuirtear tagairt ‘Airteagal 3, pointe (1)’ in ionad na tagartha d’Airteagal 3(a) agus déantar aon athruithe gramadaí is gá’; |
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: ‘Airteagal 2 Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh Déanfaidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (“an Oifig”) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), na cúraimí a thugtar ar iontaoibh di leis an Rialachán seo. (*1) Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1).’;" |
|
(8) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 2a Inniúlacht chun gníomhú Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, measfar cuideachtaí nó gnóthais agus comhlachtaí daoine dlítheanacha eile a bheith ina ndaoine dlítheanacha más rud é gur féidir leo, faoina n-ainm féin, cearta agus oibleagáidí de gach cineál a bheith acu, conarthaí a dhéanamh nó gníomhartha dlí eile a chur i gcrích, agus bheith ina bpáirtithe in imeachtaí dlí.’ |
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: ‘Airteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
|
(10) |
in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Le dearadh AE cosnófar an dearadh, más dearadh nua é agus má tá gné shainiúil aige.’ |
|
(11) |
in Airteagal 7(2), cuirtear na foclaíochta réamhráití in ionad na bhfocal seo a leanas: ‘2. Ní chuirfidh nochtadh san áireamh chun Airteagail 5 agus 6 a chur i bhfeidhm más rud é go bhfuil an dearadh a nochtadh, atá comhionann le dearadh a bhfuil cosaint faoi dhearadh AE cláraithe á héileamh ina leith nó nach bhfuil éagsúil ón mbraistint fhoriomlán a mhusclaítear le dearadh den sórt sin, curtha ar fáil don phobal:’ |
|
(12) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12: ‘Airteagal 12 Tosach feidhme agus téarma na cosanta don dearadh AE cláraithe 1. Bainfidh cosaint do dhearadh AE chláraithe le dearadh trí chlárú leis an Oifig. 2. Déanfar dearadh AE cláraithe a chlárú ar feadh tréimhse 5 bliana arna ríomh ó dháta comhdaithe an iarratais ar chlárú. I gcomhréir le hAirteagal 50d, féadfaidh an sealbhóir cirt an clárú a athnuachan ar feadh tréimhse amháin 5 bliana nó níos mó in aghaidh an téarma, suas le téarma cosanta iomlán 25 bliana ó dháta comhdaithe an iarratais ar chlárú.’ |
|
(13) |
scriostar Airteagal 13; |
|
(14) |
cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagail 15 agus 16: ‘Airteagal 15 Éilimh maidir le teidlíocht dearadh AE 1. Má nochtar dearadh AE neamhchláraithe nó má éilítear é le duine nach bhfuil ina theideal faoi Airteagal 14 nó má dhéantar iarratas ar dhearadh AE cláraithe nó má chláraítear é in ainm an duine sin, féadfaidh an duine atá ina theideal faoin Airteagal sin, gan dochar d’aon leigheas eile a d’fhéadfadh a bheith mar rogha don duine sin, a éileamh os comhair chúirt nó údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann aitheantas mar shealbhóir dlisteanach an dearaidh AE é. 2. I gcás ina bhfuil duine i dteideal dearadh AE go comhpháirteach, féadfaidh an duine sin, i gcomhréir le mír 1, aitheantas mar shealbhóir comhpháirteach a éileamh. 3. Déanfar imeachtaí faoi mhíreanna 1 nó 2 a chosc 3 bliana tar éis an dáta ar foilsíodh dearadh AE cláraithe nó tar éis an dáta a nochtadh dearadh AE neamhchláraithe. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo má rinne duine nach bhfuil i dteideal an dearaidh AE gníomh de mheon mímhacánta ag an am a ndearnadh iarratas ar an dearadh sin, a nochtadh é nó a bhfuarthas é. 4. Féadfaidh an duine atá i dteideal dearaidh AE faoi Airteagal 14 iarraidh, de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar athrú san úinéireacht a chur faoi bhráid na hOifige, mar aon le cinneadh críochnaitheach chúirt nó údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann maidir le teidlíocht dearaidh AE. 5. I gcás dearaidh AE chláraithe, déanfar an méid seo a leanas a iontráil sa Chlár dearaí AE dá dtagraítear in Airteagal 72 (“an Clár”):
Airteagal 16 Na héifeachtaí ag cinneadh deiridh ar theidlíocht dearaidh AE chláraithe 1. I gcás ina dtarlaíonn athrú iomlán san úinéireacht ar dhearadh AE cláraithe de thoradh imeachtaí faoi Airteagal 15(1), rachaidh na ceadúnais agus na cearta eile i léig nuair a dhéanfar ainm shealbhóir nua an dearaidh AE chláraithe a iontráil sa Chlár. 2. Más rud é, sula gcláraítear tionscnamh na n-imeachtaí faoi Airteagal 15(1), gur bhain sealbhóir nó ceadúnaí an dearaidh AE chláraithe mí-úsáid as an dearadh laistigh den Aontas nó má thug siad faoi ullmhúcháin thromchúiseacha éifeachtacha chuige sin, féadfaidh an sealbhóir nó an ceadúnaí leanúint den mhí-úsáid sin ar choinníoll go n-iarrann sé ceadúnas neamheisiach ar an sealbhóir nua ar cuireadh a ainm isteach sa Chlár, laistigh de thréimhse 3 mhí ón dáta a dhéantar ainm an tsealbhóra nua isteach a iontráil sa Chlár. Is i gcomhair tréimhse réasúnach a dheonófar an ceadúnas, agus is faoi théarmaí réasúnacha a dhéanfar sin. 3. Ní bheidh mír 2 infheidhme más gníomh de mheon mímhacánta a rinne sealbhóir an dearaidh AE chláraithe ag an am a thug an sealbhóir nó an ceadúnaí sin faoi mhí-úsáid an dearaidh nó faoi ullmhúcháin chuige sin.’ |
|
(15) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18: ‘Airteagal 18 An ceart atá ag an dearthóir é féin a bheith luaite Beidh sé de cheart ag an dearthóir, ar an mbealach céanna leis an iarrthóir nó le sealbhóir ar dhearadh cláraithe AE, a bheith luaite mar dhearthóiros comhair na hOifige agus sa Chlár. Más de thoradh obair foirne a rinneadh an dearadh, féadfar an fhoireann a lua in áit ainm gach dearthóir aonair a lua faoi seach. Airítear ar an gceart sin an ceart chun athrú ar ainm an dearthóra nó na foirne a iontráil sa Chlár.’ |
|
(16) |
cuirtear an t-airteagal 18a seo a leanas isteach i ndiaidh cheannteideal Roinn 4: ‘Airteagal 18a Cuspóir na cosanta Maidir leis na gnéithe sin de chuma an dearaidh AE chláraithe a léirítear go h-infheicthe san iarratas ar chlárú, tabharfar cosaint dóibh.’ |
|
(17) |
cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagail 19 agus 20: ‘Airteagal 19 Na cearta a thugtar leis an dearadh AE 1. Le dearadh AE cláraithe, tabharfar an ceart eisiach leis an dearadh a úsáid dá shealbhóir, agus an ceart le cosc a chur ar aon tríú duine, nach bhfuair toiliú ón sealbhóir, é a úsáid. 2. Féadfar an méid seo a leanas, go háirithe, a thoirmeasc faoi mhír 1:
3. Beidh sealbhóir an dearaidh AE chláraithe i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí táirgí a thabhairt isteach san Aontas, le linn trádála, ó thríú tíortha, ar táirgí iad nach scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta san Aontas, i gcás ina n-ionchorpraítear an dearadh ar bhealach comhionann sna táirgí sin nó ina gcuirtear an dearadh i bhfeidhm ar bhealach comhionann orthu, nó i gcás nach féidir an dearadh a idirdhealú ina bhunghnéithe ó na táirgí sin, agus i gcás nach bhfuil údarú ón sealbhóir tugtha. Rachaidh an ceart dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i léig, más rud é, le linn imeachtaí chun a chinneadh cé acu a sáraíodh an dearadh AE nó nár sáraíodh, arna dtionscnamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), go soláthraíonn dearbhóir nó sealbhóir na dtáirgí fianaise nach bhfuil sealbhóir an dearaidh AE i dteideal toirmeasc a chur ar na táirgí sin a chur ar an margadh i dtír an chinn scríbe. 4. Ní bheidh sealbhóir dearaidh AE neamhchláraithe i dteideal gníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chosc ach amháin más í an úsáid atá á conspóid is toradh ar an dearadh cosanta a chóipeáil. An úsáid atá á conspóid dá dtagraítear sa chéad fhomhír, más í is toradh ar obair neamhspleách cruthaitheachta de chuid dearthóra, ní mheasfar í a bheith mar thoradh ar chóipeáil an dearaidh AE neamhchláraithe, más duine é an dearthóir sin arbh inmheasta go réasúnta cinnte ina leith nach raibh eolas aige ar an dearadh a chuir an sealbhóir ar fáil don phobal. 5. Beidh feidhm ag mír 4 den Airteagal seo freisin maidir le dearadh cláraithe AE a bhfuil dáta a fhoilsithe curtha siar fad nár cuireadh na hiontrálacha ábhartha sa Chlár agus an comhad ar fáil don phobal i gcomhréir le Airteagal 50(4). Airteagal 20 Teorannú na gceart a thugtar le dearadh AE 1. Na cearta a thugtar le dearadh AE, ní dhéanfar iad a fheidhmiú i leith an mhéid seo a leanas:
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1, pointí (c), (d) agus (e), ach amháin i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí comhoiriúnach le cleachtais chóirthrádála agus nach ndéanann siad dochar míchuí do ghnáthshaothrú an dearaidh, agus sa chás dá dtagraítear i bpointe (c), ina luaitear foinse an táirge ina n-ionchorpraítear an dearadh nó ar a gcuirtear i bhfeidhm an dearadh. (*2) Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 15).’;" |
|
(18) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 20a Clásal deisiúcháin 1. Ní thabharfar cosaint do dhearadh AE atá mar chomhpháirt de tháirge casta, a bhfuil an chuma atá ar an de táirge casta ag brath ar dhearadh na comhpháirte, agus a úsáidtear de réir bhrí Airteagal 19(1) chun an táirge a dheisiú chun cuma bhunaidh an táirge chasta a athbhunú, agus chun na críche sin amháin. 2. Ní dhéanfaidh monaróir nó díoltóir comhpháirte de tháirge casta mír 1 a agairt, ar monaróirí agus díoltóirí iad nár chuir tomhaltóirí ar an eolas go cuí, trí thásc soiléir agus infheicthe ar an táirge nó ar bhealach iomchuí eile, faoi thionscnamh tráchtála an táirge agus faoi chéannacht mhonaróir an táirge atá le húsáid chun an táirge casta a dheisiú, ionas gur féidir leo rogha eolasach a dhéanamh idir táirgí iomaíocha is féidir a úsáid le haghaidh an deisiúcháin. 3. Ní cheanglófar ar mhonaróir comhpháirte ná ar dhíoltóir comhpháirte de tháirge casta a ráthú go n-úsáidfidh na húsáideoirí deiridh comhpháirteanna a tháirgeann siad nó a dhíolann siad ar deireadh chun críche deisiúcháin, agus chun na críche sin amháin, chun cuma bhunaidh an táirge chasta a athbhunú.’ |
|
(19) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21: ‘Airteagal 21 Ídiú na gceart Na gníomhartha a bhaineann le táirge ina n-ionchorpraítear dearadh nó ar a gcuirtear i bhfeidhm dearadhagus an dearadh sin cumhdaithe le raon feidhme cosanta an chirt dearaidh, ní bheidh na gníomhartha sin san áireamh sna cearta a thugtar le ceart dearaidh AE, nuair atá an táirge sin curtha ar an margadh sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) ag sealbhóir an chirt dearaidh nó le toiliú ón sealbhóir.’ |
|
(20) |
in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Féadfar dearadh AE a dhearbhú a bheith neamhbhailí fiú tar éis don dearadh AE dul i léig nó a bheith tugtha suas, má léiríonn an t-iarratasóir leas dlisteanach i gcinneadh a fháil ar na tuillteanais.’ |
|
(21) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25: ‘Airteagal 25 Forais neamhbhailíochta 1. Ní fhéadfar dearadh AE a dhearbhú neamhbhailí seachas sna cásanna seo a leanas:
2. Féadfaidh na páirtithe seo a leanas na forais neamhbhailíochta dá bhforáiltear i mír 1, pointí (a) agus (b), a agairt:
3. Is é an duine atá i dteideal an dearaidh AE faoi Airteagal 14, agus an duine sin amháin, a fhéadfaidh an foras neamhbhailíochta dá bhforáiltear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo a agairt. 4. Ní fhéadfaidh ach na páirtithe seo a leanas, agus na páirtithe sin amháin, na forais neamhbhailíochta dá bhforáiltear i mír 1, pointí (d), (e) agus (f), a agairt:
5. Ní fhéadfaidh ach an duine nó an t-eintiteas lena mbaineann an úsáid mhíchuí, agus iad siúd amháin, an foras neamhbhailíochta dá bhforáiltear i mír 1, pointe (g), a agairt. 6. De mhaolú ar mhíreanna 4 agus 5, féadfaidh Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh an t-údarás iomchuí sa Bhallstát atá i gceist na forais dá bhforáiltear i mír 1, pointí (d) agus (g) a agairt ar a thionscnamh féin. 7. Ní dhearbhófar dearadh AE a bheith neamhbhailí i gcás inar thoiligh an t-iarratasóir nó sealbhóir ceann amháin de na cearta dá dtagraítear i mír 1, pointí (d) go (f), go sainráite do chlárú an dearaidh AE sular cuireadh an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta nó an frithéileamh isteach. 8. I gcás ina ndearna iarratasóir nó sealbhóir ceann de na cearta dá dtagraítear i mír 1, pointí (d), (e) agus (f), iarratas roimhe seo ar dhearbhú go bhfuil dearadh AE neamhbhailí nó i gcás ina ndearna sé nó sí frithéileamh in imeachtaí um shárú, ní dhéanfaidh sé nó sí iarratas nua ar dhearbhú neamhbhailíochta a chur isteach ná frithéileamh a thaisceadh ar bhonn ceann eile de na cearta sin dá dtagraítear sna pointí sin, a d’fhéadfadh a agairt chun tacú leis an gcéad iarratas nó leis an gcéad fhrithéileamh.’ |
|
(22) |
in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Má dhearbhaítear dearadh AE a bheith neamhbhailí, measfar nach raibh na héifeachtaí a shonraítear sa Rialachán seo ag an dearadh AE sin ón tús.’ |
|
(23) |
déantar an roinn seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Airteagal 26:
Airteagal 26a Siombail chlárúcháin Féadfaidh sealbhóir an dearaidh AE chláraithe an pobal a chur ar an eolas go bhfuil an dearadh cláraithe tríd an litir D i gciorcal |
|
(24) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28: ‘Airteagal 28 Aistriú an dearaidh AE chláraithe 1. Déanfar sannadh an dearaidh AE chláraithe i scríbhinn agus síneoidh na páirtithe sa chonradh é, ach amháin má dhéantar é mar thoradh ar bhreithiúnas. Beidh sannadh dearaidh AE nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sa chéad fhomhír ar neamhní. 2. Arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe, déanfar aistriú dearaidh AE cláraithe a iontráil sa Chlár agus foilseofar é. 3. Beidh eolas a bhaineann le sainaithint an dearaidh AE chláraithe, an tsealbhóra nua agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí an tsealbhóra nua, san áireamh in iarratas ar chlárú aistrithe sa Chlár. Beidh doiciméid lena mbunaítear an t-aistriú go cuí i gcomhréir le mír 1 san áireamh ann freisin. 4. I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú aistrithe, mar a leagtar síos i mír 1 den Airteagal l seo, nó sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 28a, cuirfidh an Oifig na heasnaimh in iúl don iarratasóir. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh den teorainn ama a shonraíonn an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarratas chun an t-aistriú a chlárú. 5. Féadfar aon iarratas amháin ar chlárú aistrithe a chur isteach i dtaca le dhá dhearadh AE cláraithe nó níos mó, ar choinníoll gurb ionann an sealbhóir cláraithe agus an comharba i dteideal le haghaidh gach dearaidh AE chláraithe. 6. Mura bhfuil an t-aistriú iontráilte sa Chlár, ní fhéadfaidh an comharba i dteideal na cearta a eascraíonn as clárú an dearaidh AE chláraithe a agairt. 7. I gcás ina bhfuil teorainneacha ama le comhlíonadh i bplé leis an Oifig, féadfaidh an comharba i dteideal na ráitis chomhfhreagracha a thabhairt don Oifig a luaithe a bheidh an t-iarratas ar chlárú an aistrithe faighte ag an Oifig. 8. Gach doiciméad lena n-éilítear fógra a thabhairt do shealbhóir an dearaidh AE i gcomhréir le hAirteagal 66, díreofar iad ar an duine atá cláraithe mar shealbhóir sa Chlár.’ |
|
(25) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 28a Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le haistriú a thabhairt Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 109(2).’ |
|
(26) |
cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagail 31 agus 32: ‘Airteagal 31 Imeachtaí dócmhainneachta 1. Ní fhéadfaidh baint a bheith ag dearadh AE le himeachtaí dócmhainneachta nach imeachtaí iad a osclaítear sa Bhallstát a bhfuil lárionad príomhleasa ag an bhféichiúnaí laistigh de chríoch an Bhallstáit sin. 2. Maidir le gnóthais árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) agus institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), is é an Ballstát inar údaraíodh an gnóthas nó an institiúid a bheidh mar an lárionad príomhleasa dá dtagraítear i mír 1. 3. I gcás chomhsheilbh dearaidh AE, beidh feidhm ag mír 1 maidir le sciar an chomhshealbhóra. 4. I gcás ina bhfuil baint ag dearadh AE le himeachtaí dócmhainneachta, arna iarraidh sin don údarás inniúil náisiúnta, déanfar iontráil faoin méid sin sa Chlár agus foilseofar é. Airteagal 32 Ceadúnú 1. Féadfar dearadh AE a cheadúnú maidir leis an Aontas ina iomláine nó cuid den Aontas. Féadfaidh ceadúnas a bheith eisiach nó neamheisiach. 2. Féadfaidh an sealbhóir na cearta a thugtar faoin dearadh AE sin a agairt i gcoinne ceadúnaí a sháraíonn aon fhoráil sa chonradh ceadúnaithe i ndáil leis an méid seo a leanas:
3. Mura luaitear a mhalairt sa chonradh ceadúnaithe, ní fhéadfaidh an ceadúnaí imeachtaí maidir le sárú ar dhearadh AE a thionscnamh ach amháin má thoilíonn a shealbhóir don mhéid sin. Féadfaidh sealbhóir ceadúnais eisiach na himeachtaí sin a thionscnamh, áfach, más rud é nár thionscain sealbhóir an dearaidh AE imeachtaí um shárú, tar éis dó fógra foirmiúil a fháil, laistigh de thréimhse iomchuí. 4. Beidh ceadúnaí i dteideal, chun cúiteamh a fháil as damáiste a fulaingíodh, idirghabháil a dhéanamh in imeachtaí um shárú arna dtionscnamh ag sealbhóir an dearaidh AE. (*3) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1)." (*4) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).’;" |
|
(27) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 32a Nós imeachta maidir le ceadúnais agus cearta eile a iontráil sa Chlár 1. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 28 (3), ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 28a, agus Airteagal 28(5) maidir le ceart in rem a chlárú nó ceart in rem a aistriú dá dtagraítear in Airteagal 29, le tobhach forghníomhaithe dá dtagraítear in Airteagal 30, leis an mbaint le himeachtaí dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 31, agus le ceadúnas a chlárú nó ceadúnas a aistriú dá dtagraítear in Airteagal 32. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a bhaineann le doiciméid lena mbunaítear go cuí an t-aistriú a leagtar amach in Airteagal 28(3), áfach, i gcás ina ndéanann sealbhóir an dearaidh AE an iarraidh. 2. Measfar nach mbeidh an t-iarratas ar chlárú na gceart dá dtagraítear i mír 1 curtha i gcomhad go dtí go n-íocfar an táille a cheanglaítear. 3. Féadfar iarraidh ar cheadúnas den sórt sin a thaifeadadh sa Chlár mar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a bheith san iarratas ar cheadúnas a chlárú:
I gcás ina ndéantar iarraidh chun an ceadúnas a thaifeadadh mar cheadúnas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), (d), nó (e), sonrófar leis an iarratas ar chlárú an raon sonrach táirge, an chuid sin den Aontas nó an tréimhse a bhfuil an ceadúnas deonaithe ina leith. 4. I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh clárú ceadúnas agus cearta eile a leagtar amach sa Rialachán seo, tabharfaidh an Oifig fógra don iarratasóir faoin easnamh. Mura ndéantar an t-easnamh a leigheas laistigh den teorainn ama a shonraíonn an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarratas ar chlárú.’ |
|
(28) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33: ‘Airteagal 33 Éifeachtaí i leith tríú páirtithe 1. Ní bheidh éifeachtaí ag gníomhartha dlí dá dtagraítear in Airteagail 28, 29 agus 32 a bhaineann le dearadh AE i leith tríú páirtithe sna Ballstáit uile ach amháin tar éis iad a iontráil sa Chlár. Mar sin féin, beidh éifeacht ag an ngníomh sin, sula ndéantar é a iontráil, i leith na tríú páirtithe sin a bhfuil cearta sa dearadh AE cláraithe faighte acu tar éis dháta an ghnímh sin ach a raibh eolas acu faoin ngníomh ar an dáta a fuarthas na cearta. 2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le duine a fhaigheann an dearadh AE cláraithe nó ceart a bhaineann leis an dearadh AE cláraithe trí bhíthin aistrithe ar iomlán an ghnóthais nó trí bhíthin aon chomharbais uilíoch eile. 3. Beidh éifeachtaí na ngníomhartha dlí dá dtagraítear in Airteagal 30 i leith tríú páirtithe á rialú ag dlí an Bhallstáit arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27. 4. Beidh éifeachtaí imeachtaí féimheachta nó imeachtaí cosúla i leith tríú páirtithe á rialú faoi dhlí an Bhallstáit ina ndéantar imeachtaí den sórt sin a thionscnamh ar dtús de réir bhrí an dlí náisiúnta nó na gcoinbhinsiún is infheidhme sa réimse sin.’ |
|
(29) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 33a Nós imeachta maidir le cláruithe ceadúnas agus cearta eile a chur ar ceal nó a mhodhnú 1. Déanfar clárú arna chur i bhfeidhm faoi Airteagal 32a(1) a chur ar ceal nó a mhodhnú tar éis do cheann amháin de na páirtithe lena mbaineann iarratas a dhéanamh ina leith. 2. Beidh cláruimhir an dearaidh AE chláraithe lena mbaineann, nó i gcás cláraithe iolraigh, uimhir gach dearaidh, agus sonraí an chirt a n-iarrtar cealú nó modhnú ina leith san iarratas ar chlárú a chur ar ceal nó a mhodhnú. 3. In éineacht leis an iarratas ar chlárú a chur ar ceal nó a mhodhnú, beidh doiciméid a léiríonn nach bhfuil an ceart cláraithe ann a thuilleadh nó go dtoilíonn an ceadúnaí nó an sealbhóir cirt eile leis an gclárú a chealú nó a mhodhnú. 4. I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais maidir le clárú a chealú nó a mhodhnú, tabharfaidh an Oifig fógra faoi na heasnaimh don iarratasóir. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh de theorainn ama a shonróidh an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarratas ar chlárú a chealú nó a mhodhnú.’ |
|
(30) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34: ‘Airteagal 34 An t-iarratas ar dhearadh AE cláraithe mar mhaoin Beidh feidhm ag Airteagal 27 go hAirteagal 33a maidir le hiarratais ar dhearaí AE cláraithe. I gcás ina bhfuil éifeacht ceann de na forálacha sin coinníollach ar iontráil sa Chlár, déanfar an fhoirmiúlacht sin tráth a iontráiltear an dearadh AE cláraithe sa Chlár.’ |
|
(31) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35: ‘Airteagal 35 Iarratais a chomhdú 1. Déanfar iarratas ar dhearadh AE cláraithe a chomhdú ag an Oifig. 2. Déanfaidh an Oifig fáltas a eisiúint don iarratasóir gan mhoill ina n-áireofar, ar a laghad, uimhir an chomhaid, léiriú, tuairisc nó aitheantas eile an dearaidh, cineál agus líon na ndoiciméad agus an dáta a bhfuarthas iad. I gcás iarratais iolraigh, sonróidh an fáltas arna eisiúint ag an Oifig an chéad dearadh agus líon na ndearaí a chomhdófar.’ |
|
(32) |
leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:
|
|
(33) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 36a Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir leis an iarratas Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith san iarratas ar dhearadh AE cláraithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 109(2).’ |
|
(34) |
leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:
|
|
(35) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 37a Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le hiarratais iolracha Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith san iarratas iolrach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 109(2).’ |
|
(36) |
cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagail 38 agus 39: ‘Airteagal 38 Dáta comhdaithe Is é an dáta a ndéanann an t-iarratasóir na doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 36(1) a chomhdú leis an Oifig dáta comhdaithe iarratais ar dhearadh AE cláraithe, faoi réir na dtáillí iarratais a íoc dá dtagraítear in Airteagal 36(4) agus Airteagal 37(2) a íoc laistigh de mhí ó na doiciméid sin a chomhdú. Airteagal 39 Coibhéis idir comhdú an Aontais agus comhdú náisiúnta Sna Ballstáit, beidh iarratas ar dhearadh AE cláraithe a bhfuil dáta comhdaithe tugtha dó coibhéiseach le gnáthchomhdú náisiúnta, lena n-áirítear an tosaíocht arna héileamh don iarratas ar dhearadh AE i gcás inarb iomchuí.’ |
|
(37) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 40, 41 agus 42: ‘Airteagal 40 Aicmiú agus tásca táirge 1. Táirgí a bheartaítear an dearadh a ionchorprú iontu nó a bheartaítear é a chur i bhfeidhm orthu, déanfar iad a aicmiú i gcomhréir le hAicmiú Locarno, arna leasú agus i bhfeidhm ar dháta comhdaithe an iarratais. 2. Déanfar cineál na dtáirgí, dá dtagraítear in Airteagal 36(2), a shainaithint go soiléir agus go beacht sa tásc táirge agus beifear in ann gach táirge a aicmiú in aon aicme agus aon fho-aicme amháin de chuid Aicmithe Locarno, trí úsáid a bhaint as an mbunachar sonraí chomhchuibhithe de thásca táirgí a chuireann an Oifig ar fáil. Beidh an tásc táirge i gcomhréir le léiriú an dearaidh. 3. Déanfar na táirgí a ghrúpáil de réir aicmí Aicmiú Locarno, le huimhir na haicme lena mbaineann an grúpa táirgí sin roimh gach grúpa agus cuirfear i láthair iad in ord na n-aicmí agus na bhfo-aicmí faoin aicmiú sin. 4. Agus na tásca táirge nach bhfuil sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 2, nó nach bhfuil i gcomhréir le léiriú an dearaidh, á n-úsáid ag an iarratasóir, féadfaidh an Oifig tásca táirge ón mbunachar sonraí a mholadh. I gcás nach dtabharfaidh an t-iarratasóir freagra laistigh den teorainn ama arna sonrú ag an Oifig, féadfaidh sé dul ar aghaidh leis an scrúdú bunaithe ar na tásca táirge atá beartaithe. Airteagal 41 An ceart tosaíochta 1. Maidir le duine a bhfuil iarratas ar cheart dearaidh nó ar chuspa áisiúlachta comhdaithe go cuí aige in aon Stát is páirtí i gCoinbhinsiún Pháras nó sa Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála nó le haghaidh aon Stát den sórt sin, nó ag a chomharbaí i dteideal, beidh ceart tosaíochta ag an duine sin chun iarratas ar dhearadh AE cláraithe a chomhdú i ndáil leis an dearadh nó cuspa áisiúlachta céanna, ar feadh tréimhse 6 mhí ón dáta ar comhdaíodh an chéad iarratas. 2. Gach comhdú faoi dhlí náisiúnta an Stáit ina ndearnadh é nó faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha atá leordhóthanach chun an dáta ar ar comhdaíodh an t-iarratas a bhunú, beag beann ar an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar an iarratas, aithneofar é mar chomhdú as a dtagann ceart tosaíochta. 3. Maidir le hiarratas ina dhiaidh sin ar dhearadh a bhí faoi réir céad-iarratais roimhe sin, agus a comhdaíodh sa Stát céanna, nó i ndáil leis, measfar gurb é an chéad iarratas chun tosaíocht a chinneadh, ar choinníoll go bhfuil an t-iarratas roimhe sin, ar dháta comhdaithe an iarratais ina dhiaidh sin, tarraingthe siar, tugtha suas nó diúltaithe, gan a bheith oscailte d’iniúchadh an phobail agus gan aon cheart a bheith ag teacht as, agus nach raibh ina bhonn le ceart tosaíochta a éileamh. Ní fhéadfaidh an t-iarratas roimhe sin a bheith ina bhonn le ceart tosaíochta a éileamh ina dhiaidh sin. 4. Más rud é go ndearnadh an chéad chomhdú i Stát nach páirtí é i gCoinbhinsiún Pháras ná sa Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda, ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 3 ach amháin a mhéid a dheonaíonn an Stát sin, de réir torthaí foilsithe, ar bhonn an chéad chomhdaithe a dhéantar ag an Oifig agus faoi réir coinníollacha ar comhionann iad leo sin a leagtar sa Rialachán seo, ceart tosaíochta a bhfuil an éifeacht chéanna aige. Iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an gCoimisiún, de réir mar is gá, féachaint ar a fhiosrú cé acu a thugann an Stát sin an chóireáil chómhalartach den sórt sin nó nach dtugann. Má chinneann an Coimisiún go dtugtar cóireáil chómhalartach, foilseoidh sé teachtaireacht chuige sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 5. Beidh feidhm ag an gceart tosaíochta dá dtagraítear i mír 4 ón dáta a fhoilseofar an teachtaireacht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh lena gcinntear go dtugtar cóireáil chómhalartach, mura sonraítear sa teachtaireacht dáta níos luaithe óna mbeidh feidhm aige. Scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige ón dáta a fhoilseofar teachtaireacht ón gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina luaitear nach dtugtar cóireáil chómhalartach a thuilleadh, mura sonraítear sa teachtaireacht dáta níos luaithe óna mbeidh feidhm aige. 6. Foilseofar teachtaireachtaí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 in Iris Oifigiúil na hOifige freisin. Airteagal 42 Tosaíocht a éileamh 1. An t-iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe ar mian leis tairbhiú de thosaíocht ó iarratas roimhe sin, comhdóidh sé dearbhú tosaíochta in éineacht leis an iarratas nó laistigh de 2 mhí ón dáta comhdaithe. Beidh dáta agus tír an iarratais roimhe sin san áireamh i ndearbhú tosaíochta den sórt sin. Déanfar uimhir chomhaid an iarratais roimhe sin agus an doiciméadacht chun tacú le héileamh tosaíochta a chomhdú laistigh de 3 mhí ó dháta comhdaithe an dearbhaithe tosaíochta. 2. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhféadfaidh níos lú a bheith sa doiciméadacht atá le soláthar ag an iarratasóir chun tacú leis an éileamh tosaíochta ná mar a cheanglaítear faoi na gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 42a, agus tá sé faoi réir ag comhlíontacht phrionsabal na córa comhionainne d’iarratasóirí agus ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil don Oifig ó fhoinsí eile.’ |
|
(38) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 42a Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le héileamh tosaíochta Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an cineál doiciméadachta atá le comhdú chun tosaíocht iarratais roimhe sin a éileamh i gcomhréir le hAirteagal 42(1). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 109(2).’ |
|
(39) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 43: ‘Airteagal 43 Éifeacht an chirt tosaíochta Beidh d’éifeacht ag an gceart tosaíochta go ndéanfar an dáta tosaíochta a mheas mar dháta comhdaithe an iarratais ar dhearadh AE cláraithe chun críocha Airteagail 5, 6, 7 agus 22, Airteagal 25(1), pointí (d), (e) agus (f), agus Airteagal 50(1).’ |
|
(40) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 44: ‘Airteagal 44 Tosaíocht taispeántais 1. Má nochtaigh iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe táirgí ina n-ionchorpraítear an dearadh, nó ar a gcuirtear an dearadh i bhfeidhm, ag taispeántas idirnáisiúnta oifigiúil nó atá aitheanta go hoifigiúil a thagann faoi Choinbhinsiún 1928 maidir le Taispeántais Idirnáisiúnta a athbhreithníodh go deireanach an 30 Samhain 1972, féadfaidh an t-iarratasóir, má comhdaíodh an t-iarratas laistigh de thréimhse 6 mhí ó dháta an chéad nochta táirgí den sórt sin, ceart tosaíochta a éileamh ón dáta sin. 2. Comhdóidh iarratasóir ar mian leis tosaíocht a éileamh de bhun mhír 1 dearbhú tosaíochta in éineacht leis an iarratas nó laistigh de 2 mhí ó dháta an chomhdaithe. Comhdóidh an t-iarratasóir, laistigh de 3 mhí ón dearbhú tosaíochta, fianaise gur nochtadh na táirgí ina n-ionchorpraítear an dearadh nó ar a gcuirtear i bhfeidhm an dearadh, de réir bhrí mhír 1. 3. Le tosaíocht taispeántais a dheonófar i mBallstát ná i dtríú tír, ní dhéanfar tréimhse na tosaíochta a leagtar síos in Airteagal 41 a fhadú.’ |
|
(41) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 44a Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an cineál fianaise agus mionsonraí na fianaise sin atá le comhdú chun tosaíocht taispeántais a éileamh i gcomhréir le hAirteagal 44(2). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 109(2).’ |
|
(42) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Theideal V: ‘TEIDEAL V NÓS IMEACHTA CLÁRÚCHÁIN, ATHNUACHAN AGUS ATHRÚ’ ; |
|
(43) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45: ‘Airteagal 45 Scrúdú ar cheanglais fhoirmiúla maidir le comhdú 1. Déanfaidh an Oifig scrúdú chun féachaint an gcomhlíonann an t-iarratas ar dhearadh AE na ceanglais chun dáta comhdaithe a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 38. 2. Déanfaidh an Oifig scrúdú féachaint:
3. I gcás nach gcomhlíonann an t-iarratas ar dhearadh AE cláraithe na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 nó 2, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na heasnaimh nó an mhainneachtain íocaíochta a réiteach laistigh de 2 mhí ó fhógra na hiarrata sin’; 4. Mura gcomhlíonann an t-iarratasóir an iarraidh ón Oifig dá dtagraítear i mír 3 chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, ní láimhseálfar an t-iarratas mar iarratas ar dhearadh AE cláraithe. Má chomhlíonann an t-iarratasóir an iarraidh sin maidir leis na ceanglais sin, deonóidh an Oifig mar dháta comhdaithe an iarratais an dáta ar ar réitíodh na heasnaimh nó an mhainneachtain íocaíochta. 5. Mura gcomhlíonann an t-iarratasóir an iarraidh ón Oifig dá dtagraítear i mír 3 chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b) a chomhlíonadh, diúltóidh an Oifig don iarratas. 6. Mura gcomhlíonann an t-iarratasóir an iarraidh ón Oifig dá dtagraítear i mír 3 chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), a chomhlíonadh, diúltófar don iarratas i ndáil leis na dearaí breise, mura bhfuil sé soiléir cé hiad na dearaí a bheartaítear a chumhdach leis an méid a íocadh. In éagmais aon chritéar eile lenar féidir na dearaí a beartaíodh a chumhdach a chinneadh, déanfaidh an Oifig na dearaí sin a láimhseáil san ord uimhreach leantach ina bhfuil siad san iarratas iolrach. Diúltófar don iarratas i ndáil leis na dearaí sin nár íocadh an táille bhreise chun an dáta foilsithe a chur siar nó nár íocadh í ina hiomláine. 7. Mura ndéantar na ceanglais a bhaineann le héileamh tosaíochta a chomhlíonadh caillfear an ceart tosaíochta don iarratas.’ |
|
(44) |
scriostar Airteagal 46; |
|
(45) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47: ‘Airteagal 47 Forais le neamh-inchláraitheacht 1. Má fhógraíonn an Oifig, agus an scrúdú á dhéanamh aici de bhun Airteagal 45 den Rialachán seo, nach bhfuil an dearadh a n-iarrtar cosaint ina leith ag comhfhreagairt don sainmhíniú atá in Airteagal 3, pointe (1) den Rialachán seo, go bhfuil sé contrártha don bheartas poiblí nó do phrionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo nó nár thoiligh na húdaráis inniúla leis an gclárú, gurb ionann é agus úsáid mhíchuí aon cheann de na hítimí a liostaítear in Airteagal 6ter de Choinbhinsiún Pháras, nó suaitheantais, feathail agus scéithín seachas iad siúd a chumhdaítear leis an Airteagal 6ter den Choinbhinsiún sin agus a bhfuil leas ar leith ag an bpobal i mBallstát leo, cuirfidh sí in iúl don iarratasóir nach bhfuil an dearadh inchláraithe, agus sonróidh sí an foras do neamh-inchláraitheacht. 2. San fhógra dá dtagraítear i mír 1, sonróidh an Oifig tréimhse a bhféadfaidh an t-iarratasóir barúlacha a chur isteach lena linn, an t-iarratas nó na barúlacha ar diúltaíodh dóibh a tharraingt siar nó léiriú leasaithe den dearadh a chur isteach nach bhfuil éagsúil leis an léiriú a comhdaíodh ar dtús ach amháin ó thaobh sonraí neamhábhartha de. 3. I gcás ina mainníonn an t-iarratasóir na forais don neamh-inchláraitheacht a shárú, diúltóidh an Oifig don iarratas. Mura mbaineann na forais sin ach le cuid de na dearaí atá in iarratas iolrach, ní dhiúltóidh an Oifig don iarratas ach a mhéid a bhaineann leis na dearaí sin.’ |
|
(46) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 47a An t-iarratas a tharraingt siar agus a leasú 1. Féadfaidh an t-iarratasóir iarratas ar dhearadh AE a tharraingt siar tráth ar bith nó, i gcás iarratais iolraigh, roinnt de na dearaí atá san iarratas a tharraingt siar. 2. Féadfaidh an t-iarratasóir leasú a dhéanamh, tráth ar bith, i mionsonraí neamhábhartha, ar an léiriú den dearadh AE a ndearnadh iarratas ina leith.’ |
|
(47) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 47b Cumhacht a tharmligean maidir le leasú a dhéanamh ar an iarratas Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 109a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhionsonraí an nós imeachta a shonrú le haghaidh leasú a dhéanamh ar an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 47a(2).’ |
|
(48) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 48: ‘Airteagal 48 Clárú 1. Má comhlíonadh na ceanglais le haghaidh iarratas ar dhearadh AE cláraithe, agus a mhéid nár diúltaíodh don iarratas de bhun Airteagal 47, déanfaidh an Oifig an dearadh atá san iarratas agus na sonraí dá dtagraítear i Airteagal 72(2) a iontráil sa Chlár. 2. Má tá iarraidh ar an dáta foilsithe a chur siar san iarratas de bhun Airteagal 50, déanfar tagairt don iarraidh sin agus do dháta dhul in éag na tréimhse iarchurtha a iontráil sa Chlár freisin. 3. Beidh dáta comhdaithe an iarratais dá dtagraítear in Airteagal 38 ar an gclárú. 4. Ní dhéanfar na táillí is iníoctha de bhun Airteagal 36(4) agus Airteagal 37(2) a aisíoc fiú mura gcláraítear an dearadh a ndearnadh iarratas ina leith.’ |
|
(49) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49: ‘Airteagal 49 Foilsiú Tráth a dhéantar an clárú, foilseoidh an Oifig an dearadh AE cláraithe san Fheasachán maidir le Dearaí AE dá dtagraítear in Airteagal 73(1), pointe (a).’ |
|
(50) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 49a Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le foilsiú Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na mionsonraí atá le bheith san fhoilsiú dá dtagraítear in Airteagal 49. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 109(2).’ |
|
(51) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50: ‘Airteagal 50 An dáta foilsithe a chur siar 1. Agus an t-iarratas á chomhdú, féadfaidh an t-iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe a iarraidh go ndéanfar dáta foilsithe an dearaidh AE chláraithe a chur siar ar feadh tréimhse suas go dtí 30 mí ó dháta comhdaithe an iarratais nó, má éilítear tosaíocht, ón dáta tosaíochta. 2. Ar iarraidh a fháil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 48, clárófar an dearadh AE cláraithe, ach ní bheidh léiriú an dearaidh ná aon chomhad a bhaineann leis an iarratas faoi réir Airteagal 74(2) oscailte d’iniúchadh ag an bpobal. 3. Cuirfidh an Oifig in iúl san Fheasachán maidir le Dearaí AE go bhfuarthas iarraidh dá dtagraítear i mír 1. In éineacht leis an léiriú, beidh faisnéis lena sainaithneofar an sealbhóir cirt i dtaca leis an dearadh cláraithe, ainm an ionadaí, más ann dó, dáta comhdaithe an iarratais agus dáta cláraithe an dearaidh, agus uimhir chomhaid an iarratais. Ní fhoilseofar léiriú an dearaidh nó aon sonraí lena sainaithnítear an chuma atá air. 4. Tráth dhul in éag na tréimhse iarchurtha, nó ar aon dáta eile níos luaithe ar iarraidh ón sealbhóir cirt, osclóidh an Oifig na hiontrálacha go léir sa Chlár chun go ndéanfaidh an pobal iniúchadh orthu, agus osclóidh sí an comhad a bhaineann leis an iarratas agus foilseoidh sí an dearadh AE cláraithe san Fheasachán maidir le Dearaí AE.’; 5. Féadfaidh an sealbhóir cirt bac a chur ar fhoilsiú an dearaidh AE dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, trí iarraidh a chur isteach ar an dearadh AE a thabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 51, ar a dhéanaí 3 mhí roimh dhul in éag na tréimhse iarchurtha. Diúltófar d’aon iarraidh ar an tabhairt suas a iontráil sa Chlár ar iarrataí iad nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 51 agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 51a, nó diúltófar d’aon iarraidh a chuirtear isteach 3 mhí i ndiaidh na teorann ama dá dtagraítear sa mhír seo. 6. I gcás ina ndéantar clárú ar bhonn iarratais iolraigh de bhun Airteagal 37, in éineacht leis an iarraidh ar fhoilsiú luath dá dtagraítear i mír 4 nó leis an iarraidh ar thabhairt suas dá dtagraítear i mír 5, cuirfidh an sealbhóir in iúl go soiléir cé na dearaí atá san iarratas sin atá le foilsiú níos luaithe nó le tabhairt suas agus cé na dearaí nach mór leanúint d’iarchur a bhfoilsithe. 7. Mura gcomhlíonann an sealbhóir an ceanglas a leagtar amach i mír 6, iarrfaidh an Oifig ar an sealbhóir an t-easnamh a leigheas laistigh de theorainn ama sonraithe nach rachaidh in éag i gcás ar bith i ndiaidh na tréimhse iarchur 30 mí. 8. Mura leigheastar an t-easnamh dá dtagraítear i mír 7 laistigh den teorainn ama shonraithe, measfar nár comhdaíodh an iarraidh ar fhoilsiú luath nó gur diúltaíodh don iarraidh ar thabhairt suas. 9. Má dhéantar imeachtaí a thionscnamh ar bhonn dearadh AE cláraithe le linn na tréimhse foilsithe inchurtha, beidh sé sin faoi réir an choinníll go ndearnadh an duine a bhfuil caingean á tabhairt ina choinne a chur ar an eolas maidir leis an bhfaisnéis atá sa Chlár agus sa chomhad a bhaineann leis an iarratas.’ |
|
(52) |
cuirtear na t-hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 50a Foilsiú i ndiaidh na tréimhse iarchur Déanfaidh an Oifig na nithe seo a leanas ar dhul in éag na tréimhse iarchur dá dtagraítear in Airteagal 50 nó, i gcás iarraidh ar fhoilsiú luath, a luaithe is féidir sin go teicniúil:
Airteagal 50b Deimhnithe clárúcháin Tar éis fhoilsiú an dearaidh AE chláraithe, eiseoidh an Oifig deimhniú clárúcháin don sealbhóir. Soláthróidh an Oifig cóipeanna deimhnithe nó cóipeanna neamhdheimhnithe den deimhniú, arna iarraidh sin. Eiseofar na deimhnithe agus na cóipeanna go leictreonach.’ |
|
(53) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 50c Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith sa deimhniú clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50b agus foirm an deimhnithe sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 109(2). Airteagal 50d Athnuachan 1. Déanfar athnuachan ar chlárú an dearaidh AE arna iarraidh sin do shealbhóir cirt an dearaidh AE chláraithe, nó d’aon duine eile a mbeidh údaraithe ag an sealbhóir cirt go sainráite chun athnuachan a iarraidh, ar choinníoll gur íocadh na táillí athnuachana. 2. Cuirfidh an Oifig sealbhóir cirt an dearaidh AE chláraithe, agus aon duine a bhfuil ceart cláraithe aige i leith an dearaidh AE, ar an eolas faoi dhul in éag an chláraithe 6 mhí ar a laghad roimh dháta an dul in éag sin. Ní bheidh an Oifig freagrach as mainneachtain eolas den sórt sin a thabhairt agus ní dhéanfaidh sé difear do dhul in éag an chláraithe. 3. Cuirfear isteach an iarraidh ar athnuachan laistigh den tréimhse 6 mhí roimh dhul in éag an chláraithe. Íocfar an táille athnuachana laistigh den tréimhse sin freisin. Ina éagmais sin, féadfar an iarraidh a chur isteach agus an táille a íoc laistigh de thréimhse eile 6 mhí tar éis dhul in éag an chláraithe, ar choinníoll go n-íocfar táille bhreise a ghearrtar ar íocaíocht dhéanach na táille athnuachana nó ar chur isteach déanach na hiarrata ar athnuachan laistigh den tréimhse bhreise sin. 4. Áireofar san iarraidh ar athnuachan dá dtagraítear i mír 1:
Má íoctar na táillí athnuachana, measfar gur iarraidh ar athnuachan atá san íocaíocht ar choinníoll go bhfuil gach tásc riachtanach inti chun cuspóir na híocaíochta a shuíomh. 5. I gcás clárú ar bhonn iarratas iolraigh de bhun Airteagal 37, nuair nach leor na táillí a íoctar chun na dearaí uile a n-iarrtar athnuachan lena n-aghaidh a chumhdach, déanfar an clárú a athnuachan i ndáil leis na dearaí sin go mbeartaítear go soiléir iad a chumhdach leis an méid a íocadh. In éagmais aon chritéir eile chun a chinneadh cé na dearaí a bheartaítear a chumhdach, pléifidh an Oifig leis na dearaí san ord uimhreach leantach ina bhfuil siad san iarratas iolrach. 6. Beidh éifeacht ag an athnuachan ón lá tar éis dháta dhul in éag an chláraithe atá ann cheana. Iontrálfar an athnuachan sa Chlár. 7. I gcás ina gcomhdaítear an iarraidh ar athnuachan laistigh de na tréimhsí dá bhforáiltear i mír 3, ach nach gcomhlíontar na coinníollacha eile don athnuachan dá bhforáiltear san Airteagal seo, cuirfidh an Oifig an t-iarratasóir ar an eolas i ndáil leis na heasnaimh a aimsíodh. 8. Nuair nach gcuirtear isteach iarraidh ar athnuachan nó nuair a chuirtear isteach é tar éis don tréimhse dá bhforáiltear i mír 3 dul in éag, nó nuair nach n-íoctar na táillí nó nach n-íoctar iad go dtí tar éis don tréimhse sin dul in éag, nó nuair nach ndéantar na heasnaimh dá dtagraítear i mír 7 a leigheas laistigh den tréimhse sin, cinnfidh an Oifig go bhfuil an clárú imithe in éag agus cuirfidh sí an méid sin in iúl do shealbhóir an dearaidh AE sin dá réir. I gcás ina dtabharfar cinneadh críochnaitheach, cealóidh an Oifig an dearadh ón gClár. Beidh feidhm ag an gcealú ón lá tar éis an lá a rachaidh an clárú atá ann cheana in éag. I gcás nach ndéantar an clárú a athnuachan ach go bhfuil na táillí ar athnuachan íoctha cheana féin, aisíocfar na táillí sin. 9. Féadfar iarraidh amháin ar athnuachan a chur isteach maidir le dhá dhearadh nó níos mó, ar choinníoll gurb é an sealbhóir nó an t-ionadaí céanna atá ann i gcás gach dearaidh a chumhdaítear leis an iarraidh. Íocfar an táille athnuachana a cheanglaítear i ndáil le gach dearadh a n-iarrtar athnuachan ina leith.’ |
|
(54) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 50e Athrú 1. An léiriú den dearadh AE cláraithe, ní athrófar sa Chlár le linn na tréimhse clárúcháin ná ar a athnuachan é ach amháin má athraítear mionsonraí neamhábhartha de. 2. Beidh an léiriú den leagan athraithe den dearadh AE cláraithe san áireamh in iarraidh a dhéanann an sealbhóir ar athrú. 3. Measfar nach mbeidh iarraidh ar athrú comhdaithe go dtí go n-íocfar an táille a cheanglaítear. Mura n-íocfar an táille, nó mura n-íocfar go hiomlán í, cuirfidh an Oifig é sin in iúl don sealbhóir dá réir. Féadfar iarraidh aonair a dhéanamh maidir le hathrú na gné céanna in dhá chlárú nó níos mó, ar choinníoll gurb é an sealbhóir céanna atá ann i gcás gach dearaidh. Íocfar an táille is gá i ndáil le gach clárú atá le hathrú. Mura gcomhlíontar na ceanglais le haghaidh athrú an chláraithe a leagtar amach san Airteagal seo agus na gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 50f, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl don sealbhóir. Mura gceartófar an t-easnamh laistigh den teorainn ama atá le sonrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarraidh ar athrú. 4. Sa chlárú ar an athrú a fhoilseofar, beidh léiriú den dearadh AE cláraithe mar a athraíodh é.’ |
|
(55) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 50f Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le hathrú Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith san iarraidh ar athrú dá dtagraítear in Airteagal 50e(2). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 109(2).’ |
|
(56) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 50g Athrú ar ainm nó ar sheoladh 1. Cuirfidh sealbhóir dearaidh AE chláraithe an Oifig ar an eolas faoi athrú ar ainm nó seoladh an tsealbhóra, nach de thoradh aistriú nó athrú úinéireachta an dearaidh AE chláraithe é. 2. Féadfar iarraidh aonair a dhéanamh ar athrú ar ainm nó ar sheoladh i leith dhá chlárú nó níos mó de chuid an tsealbhóra chéanna. 3. Mura gcomhlíontar na ceanglais maidir le hathrú ar ainm nó ar sheoladh a leagtar amach san Airteagal seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 50h, cuirfidh an Oifig an t-easnamh in iúl do shealbhóir an dearaidh AE chláraithe. Mura ndéantar an t-easnamh a leigheas laistigh de na teorainneacha ama a shonróidh an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarraidh. 4. Beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 freisin maidir le hathrú ar ainm nó seoladh an ionadaí chláraithe. 5. Déanfaidh an Oifig na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 72(3), pointí (a) agus (b), a iontráil sa Chlár. 6. Beidh feidhm ag míreanna 1 go 4 maidir le hiarratais ar dhearaí AE cláraithe. Déanfaidh an Oifig an t-athrú a iontráil sna comhaid a choimeádann an Oifig maidir leis an iarratas ar dhearadh AE.’ |
|
(57) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 50h Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le hathrú ar ainm nó ar sheoladh Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na mionsonraí atá le bheith in iarraidh ar athrú ar ainm nó seoladh de bhun Airteagal 50g(1). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 109(2).’ |
|
(58) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 51: ‘Airteagal 51 Tabhairt suas 1. Dearbhóidh an sealbhóir cirt leis an Oifig i scríbhinn tabhairt suas an dearaidh AE chláraithe. Ní bheidh éifeacht aige go dtí go n-iontráiltear sa Chlár é. 2. Má thugtar suas dearadh AE atá faoi réir a dháta foilsithe a chur siar, measfar nach raibh na héifeachtaí a shonraítear sa Rialachán seo ag an dearadh AE sin ón tús. 3. Ní dhéanfar tabhairt suas a chlárú ach amháin le comhaontú ón dílseánach cirt arna iontráil sa Chlár. Má tá ceadúnas cláraithe, ní iontrálfar tabhairt suas sa Chlár ach amháin má chruthaíonn sealbhóir an dearaidh AE chláraithe gur chuir sé an ceadúnaí ar an eolas go bhfuil sé de rún ag an sealbhóir an tabhairt suas a dhéanamh. Déanfar iontráil maidir leis an tabhairt suas tar éis na tréimhse 3 mhí i ndiaidh an dáta a shásóidh an sealbhóir an Oifig gur chuir sé a rún maidir le tabhairt suas in iúl don cheadúnaí, nó roimh dhul in éag na tréimhse sin, a luaithe a chruthóidh an sealbhóir go bhfuil toiliú tugtha ag an gceadúnaí chuige sin. 4. Má thionscnaíodh imeachtaí de bhun Airteagal 15 a bhaineann le teidlíocht dearaidh AE chláraithe os comhair na cúirte inniúla nó an údaráis inniúil, ní iontrálfaidh an Oifig an tabhairt suas sa Chlár gan chomhaontú ón éilitheoir. 5. Mura gcomhlíontar na ceanglais lena rialaítear tabhairt suas a leagtar amach san Airteagal seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 51a, cuirfidh an Oifig na heasnaimh in iúl don sealbhóir cirt a dhearbhaíonn an tabhairt suas. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh den teorainn ama a shonróidh an Oifig, ní iontrálfaidh an Oifig an tabhairt suas sa Chlár.’ |
|
(59) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 51a Cumhachtaí cur chun feidhme a thabairt maidir le tabhairt suas Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 109(2).’ |
|
(60) |
leasaítear Airteagal 52 mar a leanas:
|
|
(61) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 53: ‘Airteagal 53 An t-iarratas a scrúdú 1. Má mheasann an Oifig go bhfuil an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta inghlactha, déanfaidh an Oifig scrúdú cé acu an ndéantar dochar leis an gcúis lena neamhbhailiú dá dtagraítear in Airteagal 25 don dearadh AE cláraithe. 2. Agus scrúdú á dhéanamh aici ar iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta, iarrfaidh an Oifig ar na páirtithe, a mhinice is gá, tuairimí a chomhdú, laistigh de thréimhse a shocróidh an Oifig, maidir le teachtaireachtaí ó na páirtithe eile nó teachtaireachtaí arna n-eisiúint ag an Oifig féin. 3. Má iarrann sealbhóir an dearaidh AE chláraithe amhlaidh, déanfaidh iarratasóir ar dhearbhú neamhbhailíochta ina n-agraítear trádmharc de chuid an Aontais nó trádmharc náisiúnta níos luaithe mar shainchomhartha de réir bhrí Airteagal 25(1), pointe (e), den Rialachán seo, fianaise a thabhairt maidir le fíorúsáid an mhairc sin i gcomhréir le hAirteagal 64(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2017/1001 agus leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 53a den Rialachán seo. 4. Déanfar taifead ar an gcinneadh ón Oifig maidir leis an iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a iontráil sa Chlár a luaithe a bheidh an cinneadh sin ina chinneadh críochnaitheach. 5. Féadfaidh an Oifig iarraidh ar na páirtithe réiteach cairdiúil a dhéanamh.’ |
|
(62) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 53a Tarmligean cumhachta maidir le dearbhú neamhbhailíochta Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 109a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhionsonraí na himeachtaí maidir le dearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE dá dtagraítear in Airteagail 52 agus 53 a shonrú, lena n-áirítear an fhéidearthacht go ndéanfar scrúdú ar iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta mar ábhar tosaíochta i gcás nach ndéanfaidh sealbhóir dearaidh AE agóid in aghaidh na cúise lena neamhbhailiú nó in aghaidh an fhaoisimh a iarrtar.’ |
|
(63) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 55: ‘Airteagal 55 Cinntí atá faoi réir achomhairc 1. Beidh ábhar achomhairc ann in aghaidh na gcinntí ón Oifig dá dtagraítear in Airteagal 102, pointí (a), (b) agus (c). 2. Beidh feidhm ag Airteagail 66 go 72 de Rialachán (AE) 2017/1001 maidir le hachomhairc a nndéileálann na Boird Achomhairc leo faoin Rialachán seo, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt leis an Rialachán seo.’ |
|
(64) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 55a Tarmligean cumhachta maidir le himeachtaí achomhairc Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 109a, tríd an méid seo a leanas a shonrú:
|
|
(65) |
scriostar Airteagail 56 go 61; |
|
(66) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 62: ‘Airteagal 62 Cinntí agus teachtaireachtaí ón Oifig 1. Luafar i gcinntí ón Oifig na cúiseanna ar a bhfuil na cinntí sin bunaithe. Ní bheidh na cinntí sin bunaithe ach ar chúiseanna nó ar fhianaise a raibh deis ag na páirtithe a gcuid tráchtanna ina leith a chur i láthair. I gcás ina dtionólfar imeachtaí ó bhéal os comhair na hOifige, féadfar an cinneadh a thabhairt ó bhéal. Ina dhiaidh sin, cuirfear an cinneadh in iúl i scríbhinn do na páirtithe. 2. Léireofar roinn nó rannóg na hOifige in aon chinneadh, aon chumarsáid nó aon fhógra ón Oifig mar aon le hainm an oifigigh nó ainmneacha na n-oifigeach atá ina gcúram. Beidh síniú an oifigigh sin nó na n-oifigeach sin orthu, nó, in ionad sínithe, beidh séala clóite nó stampáilte na hOifige orthu. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhféadfar úsáid a bhaint as modhanna eile chun roinn nó rannóg na hOifige agus ainm an oifigigh nó na n-oifigeach atá freagrach a shainaithint, nó úsáid a bhaint as aitheantas seachas séala, i gcás ina dtarchuirtear cinntí, teachtaireachtaí nó fógraí trí aon mhodh teicniúil cumarsáide. 3. Cinntí ón Oifig ar féidir achomharc a dhéanamh ina leith, beidh teachtaireacht i scríbhinn ag gabháil leo lena chur in iúl nach mór aon fhógra achomhairc a chomhdú i scríbhinn san Oifig laistigh de 2 mhí ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh i dtrácht. Le haon teachtaireacht den sórt sin, díreofar aird na bpáirtithe freisin ar na forálacha a leagtar síos in Airteagail 66, 67, 68, 71 agus 72 de Rialachán (AE) 2017/1001, a bhfuil feidhm acu freisin maidir le hachomhairc faoin Rialachán seo de bhun Airteagal 55(2) den Rialachán seo. Ní dhéanfaidh na páirtithe a phléadáil nár chuir an Oifig in iúl go raibh imeachtaí achomharc ar fáil.’ |
|
(67) |
in Airteagal 63, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Scrúdóidh an Oifig, as a stuaim féin, na fíorais in imeachtaí os a comhair. In imeachtaí a bhaineann le dearbhú neamhbhailíochta, áfach, ní bheidh an Oifig in ann scrúdú a dhéanamh ach ar an bhforas, ar na fíorais, ar an bhfianaise agus ar na hargóintí a thabharfaidh na páirtithe agus ar an bhfaoiseamh a iarrtar.’ |
|
(68) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64: ‘Airteagal 64 Imeachtaí ó bhéal 1. Má mheasann an Oifig go mbeadh imeachtaí ó bhéal áisiúil, eagrófar iad ar thionscnamh na hOifige nó arna iarraidh sin d’aon pháirtí sna himeachtaí. 2. Imeachtaí ó bhéal os comhair na scrúdaitheoirí agus na roinne atá i gceannas ar an gClár, ní bheidh siad oscailte don phobal. 3. Imeachtaí ó bhéal, lena n-áirítear an cinneadh a thabhairt, os comhair na Rannán Neamhbhailíochta agus na mBord Achomhairc, beidh siad oscailte don phobal ach amháin má chinneann an roinn a bhfuil na himeachtaí os a comhair a mhalairt i gcásanna ina bhféadfadh míbhuntáistí tromchúiseacha nach bhfuil bonn cirt leo a bheith ann dá ligfí an pobal isteach iontu, go háirithe míbhuntáistí do pháirtí sna himeachtaí.’ |
|
(69) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 64a Tarmligean cumhachta maidir le himeachtaí ó bhéal Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 109a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shocruithe mionsonraithe maidir le himeachtaí ó bhéal dá dtagraítear in Airteagal 64, lena n-áirítear na socruithe mionsonraithe maidir le teangacha a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 98, a leagan amach.’ |
|
(70) |
leasaítear Airteagal 65 mar a leanas:
|
|
(71) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 65a Tarmligean cumhachta maidir le fianaise a ghlacadh Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 109a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shocruithe mionsonraithe maidir le fianaise a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 65, a leagan amach.’ |
|
(72) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 66: ‘Airteagal 66 Fógra a thabhairt 1. Déanfaidh an Oifig, as a stuaim féin, fógra a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann faoi chinntí agus faoi thoghairmeacha agus faoi aon fhógra nó aon teachtaireacht eile as a gceaptar teorainn ama, nó a bhfuiltear le fógra a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann ina leith faoi fhorálacha eile de chuid an Rialacháin seo nó de chuid gníomhartha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, nó ar ordaigh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra a thabhairt ina leith. 2. Tabharfar fógra trí mhodhanna leictreonacha. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinnfidh na mionsonraí maidir le meán leictreonach. 3. I gcás inar chruthaigh an Oifig nach féidir fógra a thabhairt, is mar fhógra poiblí a thabharfar fógra. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an chaoi a dtabharfar an fógra poiblí agus socróidh sé an dáta a thosóidh an tréimhse 1 mhí agus ar dhul in éag na tréimhse sin measfar go mbeidh fógra tugtha maidir leis an doiciméad.’ |
|
(73) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 66a Tarmligean cumhachta maidir le fógra a thabhairt Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 109a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na socruithe mionsonraithe maidir le fógra a thabhairt, dá dtagraítear in Airteagal 66, a leagan amach.’ |
|
(74) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 66b Fógra a thabhairt faoi chearta a chailleadh I gcás ina gcinnfidh an Oifig go gcailltear aon cheart de dheasca an Rialacháin seo nó de dheasca gníomhartha a glacadh de bhun an Rialacháin seo, gan aon chinneadh a bheith déanta, déanfaidh sí an toradh sin a chur in iúl do na daoine lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 66. Féadfaidh na daoine lena mbaineann cinneadh a iarraidh maidir leis an ábhar laistigh de 2 mhí tar éis fhógra na teachtaireachta, má mheasann siad gur cinneadh mícheart é an toradh ón Oifig. Ní ghlacfaidh an Oifig cinneadh den sórt sin ach amháin i gcás nach n-aontaíonn sé leis na daoine a bhíonn á iarraidh. Murab amhlaidh sin, déanfaidh an Oifig a toradh a leasú agus cuirfidh sí na daoine a iarrann an cinneadh ar an eolas faoi. Airteagal 66c Teachtaireachtaí chuig an Oifig Is trí mhodhanna leictreonacha a dhíreofar teachtaireachtaí chuig an Oifig. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na modhanna leictreonacha a bheidh le húsáid agus an bealach agus na dálaí teicniúla ina mbeidh na modhanna leictreonacha sin le húsáid.’ |
|
(75) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 66d Tarmligean cumhachta maidir le teachtaireachtaí chuig an Oifig Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 109a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha maidir le teachtaireachtaí a dhíriú chuig an Oifig dá dtagraítear in Airteagal 66c agus trí na foirmeacha le haghaidh na dteachtaireachtaí sin atá an Oifig le cur ar fáil, a shonrú.’ |
|
(76) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 66e Teorainneacha ama 1. Is i dtéarmaí blianta, míonna, seachtainí nó laethanta iomlána a leagfar síos teorainneacha ama. Tosófar an ríomh an lá i ndiaidh an lae ar tharla an t-imeacht ábhartha. Ní bheidh fad na dteorainneacha ama níos lú ná 1 mhí ná ní bheidh sé níos mó ná 6 mhí, ach amháin má leagtar amach a mhalairt sa Rialachán seo nó in aon ghníomh arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo. 2. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, roimh thosach gach bliana féilire, na laethanta nach mbeidh an Oifig ar oscailt chun doiciméid a fháil. 3. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fad thréimhse an bhriste i gcás briseadh iarbhír ar nasc na hOifige le modhanna leictreonacha cumarsáide údaraithe. 4. Más rud é, de dhroim tarlú eisceachtúil, mar shampla tubaiste nádúrtha nó stailc, go mbristear nó go gcuirtear isteach ar chumarsáid chuí ó na páirtithe sna himeachtaí chuig an Oifig nó vice versa, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh, maidir leis na páirtithe uile sna himeachtaí a bhfuil cónaí orthu nó a bhfuil a n-oifig chláraithe sa limistéar geografach sin dá ndéanann an tarlú eisceachtúil difear, nó a bhfuil ionadaí ceaptha acu agus áit ghnó aige sa limistéar sin, go gcuirfear síneadh go dtí dáta a shocróidh sé féin le gach teorainn ama a rachadh in éag murach sin an dáta a thosaíonn tarlú den sórt sin nó ina dhiaidh sin. Agus an dáta sin á chinneadh aige, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin measúnú ar cathain a thiocfaidh deireadh leis an tarlú eisceachtúil. Má dhéanann an tarlú difear do cheanncheathrú na hOifige, sonrófar sa chinneadh sin ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil feidhm ag an gcinneadh maidir le gach páirtí sna himeachtaí.’ |
|
(77) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 66f Tarmligean cumhachta maidir le ríomh agus fad teorainneacha ama Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 109a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na mionsonraí maidir le ríomh agus fad na dteorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 66e a shonrú.’ |
|
(78) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 66g Earráidí agus dearmaid fhollasacha a cheartú 1. Ceartóidh an Oifig, as a stuaim féin nó arna iarraidh sin do pháirtí, aon earráid teanga nó aon earráid tras-scríofa nó dearmaid fhollasacha ina cinntí nó earráidí i gclárú dearaidh AE nó i bhfoilsiú an chláraithe sin. 2. I gcás inarb é an sealbhóir a iarrann go gceartófaí earráidí i gclárú dearaidh AE nó i bhfoilsiú an chláraithe, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 50g. 3. Foilseoidh an Oifig ceartúcháin a dhéanfar ar earráidí i gclárú dearaidh AE agus i bhfoilsiú an chláraithe. Airteagal 66h Iontrálacha sa Chlár a chealú agus cinntí a chúlghairm 1. I gcás ina mbeidh iontráil sa Chlár déanta ag an Oifig nó i gcás ina mbeidh cinneadh déanta aici ina bhfuil earráid fhollasach is inchurtha i leith na hOifige, áiritheoidh sí go gcealófar an iontráil nó go gcúlghairfear an cinneadh. I gcás nach mbeidh ach páirtí amháin sna himeachtaí agus go ndéanfaidh an iontráil nó an ghníomhaíocht difear do chearta an pháirtí sin, cinnfear cealú nó cúlghairm fiú mura raibh an earráid soiléir don pháirtí. 2. Déanfaidh an roinn a rinne an iontráil nó a rinne an cinneadh cealú nó cúlghairm dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh as a stuaim féin nó arna iarraidh sin do cheann de na páirtithe sna himeachtaí. Déanfar an iontráil sa Chlár a chealú nó an cinneadh a chúlghairm laistigh de 1 bhliain ón dáta a ndearnadh an iontráil sa Chlár nó ar rinneadh an cinneadh, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe sna himeachtaí agus le haon dílseánach a bhfuil cearta aige maidir leis an dearadh AE i dtrácht a iontráiltear sa Chlár. Coimeádfaidh an Oifig taifead d’aon chealú nó d’aon chúlghairm den sórt sin. 3. Beidh an tAirteagal sin gan dochar do cheart na bpáirtithe achomharc a chur isteach faoi Airteagail 55 agus 55a, nó don fhéidearthacht earráidí agus dearmaid fhollasacha a cheartú faoi Airteagal 66g. I gcás ina bhfuil achomharc curtha i gcomhad i gcoinne cinneadh ón Oifig a bhfuil earráid ann, beidh na himeachtaí achomhairc gan aon chuspóir tráth a ndéanfaidh an Oifig a cinneadh a chúlghairm de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Sa chás deireanach sin, cúiteofar táille an achomhairc leis an achomharcóir.’ |
|
(79) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 66i Tarmligean cumhachta maidir le hiontrálacha sa Chlár a chealú agus cinntí a chúlghairm Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 109a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an nós imeachta maidir le hiontráil sa Chlár a chealú nó cinneadh a chúlghairm, dá dtagraítear in Airteagal 66h, a leagan amach.’ |
|
(80) |
leasaítear Airteagal 67 mar a leanas:
|
|
(81) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 67a Leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí 1. An t-iarratasóir ar dhearadh AE cláraithe, nó sealbhóir dearaidh AE, nó aon pháirtí eile sna himeachtaí os comhair na hOifige nár chloígh le teorainn ama i leith na hOifige, féadfaidh sé, arna iarraidh sin dó, leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí a fháil, ar choinníoll go mbeidh an ghníomhaíocht a fágadh ar lár tugtha i gcrích tráth a dhéantar an iarraidh. Ní bheidh an iarraidh maidir le leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí inghlactha ach amháin má dhéantar í a chur isteach laistigh de 2 mhí ón tráth a chuaigh an teorainn ama nár comhlíonadh in éag. Measfar nach mbeidh an iarraidh comhdaithe go dtí go mbeidh an táille maidir le leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí íoctha. 2. Ní dheonófar leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí i gcás nach gcloítear leis na teorainneacha ama a leagtar síos in:
3. Is í an roinn atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh maidir leis an ngníomhaíocht a fágadh ar lár a dhéanfaidh cinneadh maidir leis an iarraidh ar leanúint ar aghaidh. 4. Má ghlacann an Oifig leis an iarraidh ar leanúint ar aghaidh, measfar nár tharla na hiarmhairtí ar mhainneachtain cloí leis an teorainn ama. I gcás ina ndearnadh cinneadh sa tréimhse idir éag na teorann ama sin agus an iarraidh ar leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí, déanfaidh an roinn atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh maidir leis an ngníomhaíocht a fágadh ar lár athbhreithniú ar an gcinneadh agus, i gcás inar leor comhlíonadh na gníomhaíochta sin a fágadh ar lár, déanfaidh sí cinneadh difriúil. Má chinneann an Oifig, tar éis an athbhreithnithe, nach gá an cinneadh bunaidh a athrú, dearbhóidh sí an cinneadh sin i scríbhinn. 5. Má dhiúltaíonn an Oifig don iarraidh ar leanúint ar aghaidh, aisíocfar an táille. Airteagal 67b Briseadh imeachtaí 1. Brisfear na himeachtaí atá os comhair na hOifige:
Sa mhéid nach ndéanfaidh an bás nó an t-éagumas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), difear d’údarú ionadaí a cheaptar faoi Airteagal 78, ní bhrisfear na himeachtaí ach amháin ar iarraidh ón ionadaí sin. 2. Féadfar imeachtaí os comhair na hOifige a atosú a luaithe a shuífear céannacht an duine arna údarú chun leanúint díobh nó a luaithe a bheidh gach iarracht réasúnta déanta ag an Oifig chun céannacht an duine sin a shuíomh.’ |
|
(82) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 67c Tarmligean cumhachta maidir le hatosú imeachtaí Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 109a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shocruithe mionsonraithe maidir le hatosú imeachtaí os comhair na hOifige, dá dtagraítear in Airteagal 67b(2), a leagan amach.’ |
|
(83) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 68: ‘Airteagal 68 Tagairt do phrionsabail ghinearálta In éagmais forálacha nós imeachta sa Rialachán seo nó i ngníomhartha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, cuirfidh an Oifig san áireamh prionsabail an dlí nós imeachta a aithnítear go ginearálta sna Ballstáit.’ |
|
(84) |
in Airteagal 69, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2: ‘1. Rachaidh cearta na hOifige ar íocaíocht táille i léig tar éis 4 bliana ó dheireadh na bliana féilire ina raibh an táille dlite. 2. Rachaidh cearta i gcoinne na hOifige ar aisíocaíocht ar tháillí nó suimeanna airgid a íocadh de bhreis ar tháille i léig tar éis 4 bliana ó dheireadh na bliana féilire ina bhfuarthas an ceart.’ |
|
(85) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 70: ‘Airteagal 70 Aisíocaíocht costas 1. An páirtí a chaill in imeachtaí le haghaidh dearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE cláraithe nó in imeachtaí achomhairc, iompróidh sé na táillí a íocann an páirtí eile as an iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta agus as achomharc. An páirtí a chaill in imeachtaí den sórt sin, iompróidh sé freisin na costais uile arna dtabhú ag an bpáirtí eile, ar costais iad atá bunriachtanach do na himeachtaí, lena n-áirítear taisteal agus cothú agus luach saothair d’ionadaí de réir bhrí Airteagal 78(1), laistigh de na huasrátaí a leagtar síos le haghaidh gach catagóire costais sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 70a. 2. I gcás ina n-éireoidh le gach páirtí ar chinn áirithe agus ina dteipfidh orthu ar chinn eile, nó i gcás inar gá ar chúiseanna cothromais, cinnfidh an Rannán Neamhbhailíochta nó an Bord Achomhairc cionroinnt eile a dhéanamh ar na costais atá éagsúil ón gceann a leagtar amach i mír 1. 3. Páirtí a chuireann deireadh leis na himeachtaí tríd an iarratas ar an dearadh AE, an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta nó an t-achomharc a tharraingt siar, nó trí gan athnuachan a dhéanamh ar chlárú an dearaidh AE, nó tríd an dearadh AE cláraithe a thabhairt suas, iompróidh sé na táillí agus na costais arna dtabhú ag an bpáirtí eile mar a leagtar amach i míreanna 1 agus 2. 4. I gcás nach rachaidh cás ar aghaidh chun breithiúnais is faoi rogha an Rannáin Neamhbhailíochta nó an Bhoird Achomhairc a bheidh na costais. 5. I gcás ina dtabharfaidh na páirtithe réiteach ar chostais i gcrích os comhair an Rannáin Neamhbhailíochta nó an Bhoird Achomhairc, ar réiteach é atá éagsúil leis an réiteach dá bhforáiltear i míreanna 1 go 4, tabharfaidh an comhlacht lena mbaineann an comhaontú sin ar aird. 6. Socróidh an Rannán Neamhbhailíochta nó an Bord Achomhairc as a stuaim féin méid na gcostas a bheidh le híoc de bhun mhíreanna 1 go 5 den Airteagal seo i gcás ina mbeidh na costais atá le híoc teoranta do na táillí a íoctar leis an Oifig agus do na costais ionadaíochta. I ngach cás eile, is í clárlann an Bhoird Achomhairc nó an Rannáin Neamhbhailíochta a shocróidh, arna iarraidh sin, méid na gcostas a bheidh le híoc. Ní bheidh an iarraidh inghlactha ach amháin ar feadh tréimhse 2 mhí tar éis an dáta a bheidh an cinneadh críochnaitheach, ar chinneadh é a ndearnadh iarratas lena aghaidh chun na costais a shocrú, agus beidh bille agus fianaise tacaíochta ag gabháil léi. Maidir leis na costais ionadaíochta de bhun Airteagal 78(1), is leor dearbhú ón ionadaí gur tabhaíodh na costais. Maidir le costais eile, is leor a sochreidteacht a shuí. I gcás ina socrófar méid na gcostas de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, dámhfar costais ionadaíochta ar an leibhéal a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 70a agus gan beann ar cé acu a tabhaíodh nó nár tabhaíodh na costais go hiarbhír. 7. Cinntí maidir le socrú costas arna nglacadh i gcomhréir le mír 6, luafar iontu na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe agus féadfaidh an Rannán Neamhbhailíochta nó an Bord Achomhairc athbhreithniú a dhéanamh air tar éis iarraidh a chomhdófar laistigh de 1 mhí ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh. Ní mheasfar gur comhdaíodh an iarraidh go dtí go mbeidh an táille le haghaidh athbhreithnithe ar mhéid na gcostas íoctha. Déanfaidh an Rannán Neamhbhailíochta nó an Bord Achomhairc, de réir mar a bheidh, cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarraidh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh maidir le costais a shocrú gan imeachtaí ó bhéal.’ |
|
(86) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 70a Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le huasrátaí costas a thabhairt Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na huasrátaí do chostais atá bunriachtanach ó thaobh na n-imeachtaí de, ar chostais iarbhír iad a thabhaíonn an páirtí a n-éireoidh leis dá dtagraítear in Airteagal 70(1). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 109(2). Agus na huasrátaí á sonrú aige maidir le taisteal agus le costais chothaithe, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an t-achar idir áit chónaithe nó áit ghnó an pháirtí, an ionadaí, an fhinné nó an tsaineolaí agus an áit ina dtionólfar na himeachtaí ó bhéal, an chéim sa nós imeachta ag ar tabhaíodh na costais agus, a mhéid a bhaineann le na costais ionadaíochta de réir bhrí Airteagal 78(1), an gá lena áirithiú nach féidir an páirtí eile mí-úsáid a bhaint as an oibleagáid atá ann na costais a iompar ar chúiseanna oirbheartaíochta. Ina theannta sin, déanfar na costais chothaithe a ríomh i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (*5). An páirtí a chaill in imeachtaí, ní iompróidh sé ach costais aon pháirtí amháin sna himeachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, aon ionadaí amháin. (*5) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1968/259(1)/oj.’;" |
|
(87) |
in Airteagal 71, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Déanfar forfheidhmiú a rialú leis na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina ndéantar ar a chríoch é. Ainmneoidh gach Ballstát údarás aonair a bheidh freagrach as barántúlacht an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 a fhíorú agus cuirfidh sé a chuid sonraí teagmhála in iúl don Oifig, don Chúirt Bhreithiúnais agus don Choimisiún. Déanfaidh an t-údarás sin an t-ordú maidir le forfheidhmiú a chur i gceangal leis an gcinneadh, gan aon fhoirmiúlacht eile a bheith ann seachas fíorú bharántúlacht an chinnidh.’ |
|
(88) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 72: ‘Airteagal 72 Clár dearaí AE 1. Coimeádfaidh an Oifig Clár de dhearaí AE cláraithe agus coimeádfaidh sí cothrom le dáta é. 2. Cuimseofar leis an gClár na hiontrálacha seo a leanas a bhaineann le cláruithe dearaí an AE:
3. Cuimseofar sa Chlár freisin na hiontrálacha seo a leanas, agus dáta a dtaifeadta ag gabháil le gach ceann díobh:
4. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhfuil ítimí seachas na hítimí sin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 le hiontráil sa Chlár. 5. Féadfar an Clár a choinneáil ar bun i bhfoirm leictreonach. Déanfaidh an Oifig na hítimí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 a bhailiú, a eagrú, a phoibliú agus a stóráil, lena n-áirítear aon sonraí pearsanta, chun na gcríoch a leagtar síos i mír 8. Déanfaidh an Oifig an Clár a choimeád ar shlí ina mbeidh an pobal in ann teacht air go réidh ar mhaithe le hiniúchadh a dhéanamh air. 6. Cuirfear sealbhóir an dearaidh AE chláraithe ar an eolas maidir le haon athrú sa Chlár. 7. I gcás nach mbeidh rochtain ar an gClár srianta de bhun Airteagal 74(5), soláthróidh an Oifig, trí mhodhanna leictreonacha, sleachta deimhnithe nó sleachta neamhdheimhnithe as an gClár arna iarraidh sin. 8. Déanfar na sonraí a bhaineann leis na hiontrálacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 3, lena n-áirítear aon sonraí pearsanta, a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:
9. Na sonraí uile, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a bhaineann leis na hiontrálacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, measfar gur chun leas an phobail iad agus féadfaidh aon tríú páirtí teacht orthu seachas a mhéid a fhoráiltear a mhalairt le hAirteagal 50(2). Coimeádfar na hiontrálacha sa Chlár ar feadh tréimhse éiginnte.’ |
|
(89) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 72a Bunachar Sonraí 1. I dteannta na hoibleagáide Clár a choinneáil mar a leagtar amach in Airteagal 72, déanfaidh an Oifig na sonraí uile a sholáthraíonn sealbhóirí nó aon pháirtí eile sna himeachtaí de bhun an Rialacháin seo nó de bhun gníomhartha a ghlacfar dá bhun a bhailiú agus a stóráil i mbunachar leictreonach sonraí. 2. Sa bhunachar sonraí féadfar go gcuimseofar sonraí pearsanta de bhreis ar na cinn a áirítear sa Chlár de bhun Airteagal 72, a mhéid a cheanglaítear na sonraí sin leis an Rialachán seo nó le gníomhartha a ghlacfar dá bhun. Déanfar sonraí pearsanta a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:
3. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na coinníollacha maidir le rochtain ar an mbunachar sonraí agus maidir leis an dóigh a ndéanfar an t-inneachar, cé is moite de na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ach lena n-áirítear na sonraí sin a liostaítear in Airteagal 72, a chur ar fáil. 4. Déanfar rochtain ar na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 a theorannú agus ní dhéanfar na sonraí sin a chur ar fáil go poiblí ach amháin le toiliú sainráite ón bpáirtí lena mbaineann. 5. Coimeádfar na sonraí uile ar feadh tréimhse éiginnte. Féadfaidh an páirtí lena mbaineann a iarraidh go mbainfí aon sonraí pearsanta den bhunachar sonraí, áfach, tar éis 18 mí ó dhul in éag an dearaidh AE chláraithe nó ó chlabhsúr an nós imeachta inter partes ábhartha. Beidh sé de cheart ag an bpáirtí lena mbaineann go gceartófar sonraí míchruinne nó míchearta tráth ar bith. Airteagal 72b Rochtain ar líne ar chinntí 1. Déanfar cinntí ón Oifig maidir le dearaí AE cláraithe a chur ar fáil ar líne mar fhaisnéis agus mar chomhairle don phobal i gcoitinne. Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí, ar glacadh an cinneadh dá mbarr, a iarraidh go mbainfí aon sonraí pearsanta a chuimsítear sa chinneadh. 2. Féadfaidh an Oifig breithiúnais na gcúirteanna náisiúnta agus chúirteanna an Aontais Eorpaigh a sholáthar ar líne, ar breithiúnais iad a bhaineann lena cúraimí chun feasacht an phobail a mhúscailt faoi ábhar maidir le maoin intleachtúil agus cóineasú cleachtas a chur chun cinn. Urramóidh an Oifig coinníollacha an fhoilsithe tosaigh i ndáil le sonraí pearsanta.’ |
|
(90) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 73: ‘Airteagal 73 Foilseacháin thréimhsiúla 1. Seo a leanas a fhoilseoidh an Oifig go tréimhsiúil:
Féadfar na foilseacháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), a dhéanamh trí mhodhanna leictreonacha. 2. Is ar bhealach agus ar mhinicíocht a chinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fhoilseofar an Feasachán maidir le Dearaí an Aontais Eorpaigh. 3. Foilseofar Iris Oifigiúil na hOifige i dteangacha na hOifige. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh, áfach, go bhfuil ítimí áirithe le foilsiú in Iris Oifigiúil na hOifige i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.’ |
|
(91) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 73a Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le foilseacháin thréimhsiúla a thabhairt Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 109(2).’ |
|
(92) |
leasaítear Airteagal 74 mar a leanas:
|
|
(93) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 74a Nósanna imeachta maidir le cigireacht a dhéanamh ar na comhaid 1. Is ar bhonn modh teicniúil stórála na gcomhad, a dhéanfar cigireacht ar na comhaid de dhearaí AE cláraithe arna n-iarraidh de bhun Airteagal 74(3). Ar líne a dhéanfar an chigireacht sin. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh faoin modh cigireachta. 2. I gcás ina mbaineann an iarraidh go ndéanfaí cigireacht ar na comhaid le hiarratas ar dhearadh AE cláraithe nó ar dhearadh AE cláraithe a ndearnadh a fhoilsiú a chur siar i gcomhréir le hAirteagal 50 nó, toisc iad a bheith curtha siar, a tugadh suas roimh nó ar dháta éaga na tréimhse sin, áirítear an fhianaise seo leanas san iarraidh:
3. Arna iarraidh sin, déanfar cigireacht ar na comhaid trí bhíthin cóipeanna leictreonacha de na doiciméid chomhaid. Chomh maith leis sin, arna iarraidh sin, eiseoidh an Oifig cóipeanna deimhnithe nó cóipeanna neamhdheimhnithe den iarratas ar dhearadh AE cláraithe mhodhanna leictreonacha. Airteagal 74b An fhaisnéis atá sna comhaid a chur in iúl Faoi réir na srianta dá bhforáiltear in Airteagal 74, féadfaidh an Oifig, arna iarraidh sin, faisnéis a chur in iúl ó aon chomhad d’aon nós imeachta a bhaineann le dearadh AE a ndearnadh iarratas ina leith nó le dearadh AE cláraithe. Airteagal 74c Coimeád comhad 1. Coimeádfaidh an Oifig comhaid aon nós imeachta a bhaineann le hiarratais ar dhearadh AE agus ar dhearaí AE cláraithe. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh faoin bhfoirm ina bhfuil na comhaid sin le coimeád inti. 2. I gcás ina gcoimeádfar na comhaid i bhformáid leictreonach, coimeádfar na comhaid leictreonacha, nó na cóipeanna cúltaca díobh, ar feadh tréimhse gan teorainn. Déanfar na doiciméid bhunaidh a chuireann na páirtithe sna himeachtaí i gcomhad, agus atá mar bhonn do na comhaid leictreonacha sin, a dhiúscairt i ndiaidh tréimhse tar éis a ghlacfaidh an Oifig iad, agus cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tréimhse sin. 3. I gcás ina gcoimeádfar, agus a mhéid a choimeádfar, comhaid nó codanna de na comhaid sin i bhfoirm nach foirm leictreonach í, coimeádfar doiciméid nó samplaí fianaise ar cuid de na comhaid sin iad ar feadh 5 bliana ar a laghad ó dheireadh na bliana:
|
|
(94) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 75: ‘Airteagal 75 Comhar riaracháin 1. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo nó sa dhlí náisiúnta, tabharfaidh an Oifig agus na cúirteanna nó údaráis na mBallstát cúnamh dá chéile, arna iarraidh sin, trí fhaisnéis a chur in iúl nó trí chomhaid a oscailt chun cigireacht a dhéanamh orthu. I gcás ina ndeonaíonn an Oifig rochtain ar chomhaid le go ndéanfaidh na cúirteanna, oifigí ionchúisitheoirí poiblí nó lároifigí maoine tionsclaíche cigireacht orthu, ní bheidh an chigireacht faoi réir na srianta a leagtar síos in Airteagal 74. 2. Ní ghearrfaidh an Oifig táillí as faisnéis a chur in iúl nó as tús a chur le comhaid le cigireacht a dhéanamh orthu.’ |
|
(95) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 75a Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le comhar riaracháin Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na socruithe mionsonraithe maidir le malartú faisnéise idir an Oifig agus údaráis na mBallstát agus maidir le comhaid a oscailt le haghaidh cigireacht dá dtagraítear in Airteagal 75, agus aird á tabhairt ar na srianta a bhfuil cigireacht na gcomhad a bhaineann le hiarratais ar dhearadh AE nó cláruithe faoina réir, de bhun Airteagal 74, nuair a dhéanfar iad a oscailt do thríú páirtithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 109(2).’ |
|
(96) |
scriostar Airteagal 76; |
|
(97) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 77: ‘Airteagal 77 Prionsabail ghinearálta na hionadaíochta 1. Faoi réir mhír 2, ní chuirfear iallach ar aon duine uiríoll a dhéanamh os comhair na hOifige. 2. Gan dochar do mhír 3, an dara fomhír, den Airteagal seo, déanfar ionadaíocht do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nach bhfuil sainchónaí orthu in LEE nó nach bhfuil a bpríomháit ghnó in LEE nó nach bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu in LEE os comhair na hOifige i gcomhréir le hAirteagal 78(1) sna himeachtaí go léir dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, cé is moite d’iarratas ar dhearadh AE cláraithe a chomhdú. 3. Féadfaidh fostaí ionadaíocht a dhéanamh os comhair na hOifige do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil sainchónaí orthu in LEE nó a bhfuil a bpríomháit ghnó in LEE nó a bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu in LEE. Maidir le fostaí de chuid duine dlítheanach a bhfuil feidhm ag an mír seo maidir leis, féadfaidh an fostaí sin ionadaíocht a dhéanamh freisin ar dhaoine dlítheanacha eile a bhfuil naisc eacnamaíocha acu leis an gcéad duine dlítheanach, fiú mura bhfuil sainchónaí ar na daoine dlítheanacha eile sin in LEE nó nach ann atá a bpríomháit ghnó nó nach bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu in LEE. Déanfaidh fostaithe a dhéanann ionadaíocht do dhaoine, de réir bhrí na míre seo, arna iarraidh sin don Oifig nó, i gcás inarb iomchuí, don pháirtí sna himeachtaí, údarú sínithe a sholáthar don Oifig, ar údarú é atá le cur isteach sna comhaid. 4. I gcás ina bhfuil níos mó ná iarratasóir amháin nó níos mó ná tríú páirtí amháin ag gníomhú i gcomhpháirt, ceapfar ionadaí coiteann.’ |
|
(98) |
leasaítear Airteagal 78 mar a leanas:
|
|
(99) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 78a Tarmligean cumhachta maidir le hionadaíocht ghairmiúil Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 109a, tríd an méid seo a leanas a shonrú:
|
|
(100) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 79: ‘Airteagal 79 Cur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú na mbreithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála 1. Mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag rialacha an Aontais maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála i leith imeachtaí a bhaineann le dearaí AE agus iarratais le haghaidh dearaí AE cláraithe, agus i leith imeachtaí a bhaineann le caingne comhuaineacha i ndiaidh a chéile ar bhonn dearaí AE agus dearaí náisiúnta chomh maith. 2. I gcás imeachtaí i ndáil leis na caingne agus éilimh dá dtagraítear in Airteagal 81 den Rialachán seo:
3. Áireofar le tagairtí sa Rialachán seo do Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, i gcás inarb iomchuí, Comhaontú an 19 Deireadh Fómhair 2005 idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála. (*6) Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).’;" |
|
(101) |
in Airteagal 80, scriostar mír 5; |
|
(102) |
leasaítear Airteagal 82 mar a leanas:
|
|
(103) |
cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 84: ‘5. Maidir leis an gcúirt um dhearaí AE ar cuireadh frithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta an dearaidh AE chláraithe sin i gcomhad léi, ní rachaidh an chúirt sin ar aghaidh le scrúdú ar an bhfrithéileamh, go dtí gurb amhlaidh gur chuir an páirtí leasmhar nó an chúirt an Oifig ar an eolas faoin dáta ar ar cuireadh an frithéileamh i gcomhad. Déanfaidh an Oifig an fhaisnéis sin a thaifeadadh sa Chlár i gcomhréir le hAirteagal 72(3), pointe (q). Más rud é gur comhdaíodh iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta an dearaidh AE sin leis an Oifig sular comhdaíodh an frithéileamh, cuirfidh an Oifig an chúirt ar an eolas ina leith sin agus cuirfidh sí bac ar na himeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 91(1) go dtí go bhfaighfear cinneadh críochnaitheach faoin iarratas nó go ndéanfar an t-iarratas a tharraingt siar. 6. An chúirt um dhearaí AE a éisteann frithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta an dearaidh AE chláraithe, ar iarratas ó shealbhóir cirt an dearaidh AE chláraithe agus tar éis na páirtithe eile a éisteacht, féadfaidh an chúirt sin bac a chur ar na himeachtaí agus iarraidh ar an gcosantóir iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a chur faoi bhráid na hOifige laistigh de theorainn ama arna cinneadh ag an gcúirt. Mura ndéanfar an t-iarratas laistigh den teorainn ama, leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh agus measfar an frithéileamh a bheith tarraingthe siar. Beidh feidhm ag Airteagal 91(3).’ |
|
(104) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 86: ‘Airteagal 86 Breithiúnais ar neamhbhailíocht 1. I gcás inar cuireadh i gceist an dearadh AE in imeachtaí os comhair cúirt um dhearaí AE, trí fhrithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta:
2. Diúltóidh cúirt um dhearaí AE frithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE chláraithe má tá cinneadh atá déanta ag an Oifig a bhaineann leis an ábhar céanna agus leis an gcúis caingne chéanna agus lena mbaineann na páirtithe céanna tar éis a bheith ina chinneadh críochnaitheach idir an dá linn. 3. I gcás ina bhfuil breithiúnas críochnaitheach tugtha ag cúirt um dhearaí AE faoi fhrithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta dearaidh AE chláraithe, seolfaidh an chúirt nó aon pháirtí eile sna himeachtaí náisiúnta cóip den bhreithiúnas chuig an Oifig gan mhoill. Féadfaidh an Oifig nó aon pháirtí leasmhar eile faisnéis a iarraidh faoi bhreithiúnas den sórt sin. Déanfaidh an Oifig an breithiúnas a iontráil sa Chlár i gcomhréir le hAirteagal 72(3), pointe (r).’ |
|
(105) |
in Airteagal 88, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Cuirfidh cúirt um dhearaí AE an dlí náisiúnta is infheidhme i bhfeidhm maidir le gach ábhar dearaidh nach gcumhdaítear faoin Rialachán seo.’ |
|
(106) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 89: ‘Airteagal 89 Smachtbhannaí i gcaingne um shárú 1. I gcás ina bhfaigheann an chúirt um dhearaí AE go ndearna an cosantóir sárú ar dhearadh AE, nó gur bhagair sé sárú a dhéanamh air, eiseoidh sí ordú, ach amháin má tá cúiseanna speisialta ann gan sin a dhéanamh, lena gcuirtear toirmeasc ar an gcosantóir leanúint ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí a sháraigh nó a sháródh an dearadh AE. Déanfaidh sí na bearta sin freisin i gcomhréir lena dlí náisiúnta ar aidhm leo a áirithiú go gcomhlíontar an toirmeasc sin. 2. Chomh maith leis sin, féadfaidh an chúirt um dhearaí AE bearta nó orduithe atá ar fáil faoin dlí is infheidhme agus a mheasann sí a bheith iomchuí i gcúinsí an cháis a chur i bhfeidhm.’ |
|
(107) |
in Airteagal 90, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Beidh dlínse ag cúirt um dhearaí AE a bhfuil a dlínse bunaithe ar Airteagal 82(1), (2), (3) nó (4) den Rialachán seo chun bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosanta, a dheonú atá infheidhme, faoi réir aon nós imeachta maidir le haithint agus forghníomhú de bhun Chaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, i gcríoch aon Bhallstáit. Ní bheidh dlínse den sórt sin ag aon chúirt eile.’ |
|
(108) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 93: ‘Airteagal 93 Forálacha forlíontacha maidir le dlínse na gcúirteanna náisiúnta nach cúirteanna um dhearaí AE iad 1. Laistigh den Bhallstát sin a bhfuil dlínse ag a chúirteanna faoi Airteagal 79(1), bheadh dlínse ag na cúirteanna sin, a mbeadh dlínse ratione loci agus ratione materiae acu i gcás caingne a bhaineann le ceart dearaidh náisiúnta sa Bhallstát sin, i leith caingne a bhaineann le dearaidh AE nach iad na caingne dá dtagraítear in Airteagal 81 iad. 2. Féadfar caingne a bhaineann le dearadh AE, seachas na caingne sin dá dtagraítear in Airteagal 81, nach bhfuil dlínse ag aon chúirt maidir leo de bhun Airteagal 79(1) agus de bhun mhír 1 den Airteagal seo, féadfar iad a éisteacht os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil ceanncheathrú na hOifige.’ |
|
(109) |
in Airteagal 96, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Beidh dearadh arna chosaint mar dhearadh AE incháilithe freisin lena chosaint le cóipcheart ón dáta a cruthaíodh nó a socraíodh an dearadh i bhfoirm ar bith, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais an dlí maidir le cóipcheart.’ |
|
(110) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 97: ‘Airteagal 97 Cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/1001 Mura bhforáiltear a mhalairt sa Teideal seo, beidh feidhm ag Airteagail 142 go 146, Airteagail 148 go 158, Airteagal 162, agus Airteagail 165 go 177 de Rialachán (AE) 2017/1001 maidir leis an Oifig i dtaca lena cúraimí faoin Rialachán seo.’ |
|
(111) |
leasaítear Airteagal 98 mar a leanas:
|
|
(112) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 98a Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le riachtanais agus caighdeáin an aistriúcháin Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 109(2).’ |
|
(113) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 99: ‘Airteagal 99 Foilsiú agus iontrálacha sa Chlár 1. Déanfar an fhaisnéis go léir a fhorordaítear leis an Rialachán seo nó le gníomh arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo a fhoilsiú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. 2. Déanfar gach iontráil sa Chlár i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais. 3. I gcásanna amhrais, is é an téacs i dteanga na hOifige inar comhdaíodh an t-iarratas ar dhearadh AE cláraithe a bheidh barántúil. Más rud é gur comhdaíodh an t-iarratas i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais nach ceann de theangacha na hOifige í, is é an téacs sa dara teanga atá curtha in iúl ag an iarratasóir a bheidh barántúil.’ |
|
(114) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 100: ‘Airteagal 100 Cumhachtaí forlíontacha an Stiúrthóra Feidhmiúcháin I dteannta na gcumhachtaí a thugtar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi Airteagal 157(4), pointe (o), de Rialachán (AE) 2017/1001, feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí a thugtar faoi Airteagal 36(5), Airteagal 37(1), Airteagal 41(5), Airteagal42(2), Airteagal 62(2), Airteagal 65(5), Airteagail 66, 66c agus 66e, Airteagal 72(4), Airteagal 72a(3), Airteagal 73, Airteagal 74a(1), Airteagail 74c agus 78, Airteagal 98(7), Airteagal -106aa, Airteagal -106ab(1) agus Airteagail -106ac agus -106ad den Rialachán seo i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha a ghlactar de bhun an Rialacháin seo.’ |
|
(115) |
scriostar Airteagal 101; |
|
(116) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 102, 103 agus 104: ‘Airteagal 102 Inniúlacht Chun cinntí a dhéanamh i ndáil leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, is iad seo a leanas a bheidh inniúil:
Airteagal 103 Scrúdaitheoirí Beidh na scrúdaitheoirí freagrach as cinntí a dhéanamh thar ceann na hOifige i ndáil le hiarratas ar dhearadh AE cláraithe. Airteagal 104 An Roinn atá i bhfeighil ar an gClár 1. I dteannta na gcumhachtaí a thugtar di le Rialachán (AE) 2017/1001, beidh an Roinn atá i bhfeighil ar an gClár freagrach as cinntí a dhéanamh maidir le hiontrálacha sa Chlár faoin Rialachán seo agus cinntí eile a cheanglaítear leis an Rialachán seo nach dtagann faoi inniúlacht na scrúdaitheoirí nó Rannáin Neamhbhailíochta. 2. Beidh an Roinn atá i bhfeighil an Chláir freagrach freisin as liosta na n-ionadaithe gairmiúla in ábhair dhearaidh a choinneáil ar bun.’ |
|
(117) |
in Airteagal 105, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Is comhalta aonair den Rannán Neamhbhailíochta a dhéanfaidh cinntí a bhaineann le costais nó le nósanna imeachta.’ |
|
(118) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 105a Cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt maidir le cinntí arna ndéanamh ag comhalta aonair Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na cineálacha beachta cinntí a dhéanfaidh comhalta aonair dá dtagraítear in Airteagal 105(3). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 109(2).’ |
|
(119) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 106: ‘Airteagal 106 Boird Achomhairc I dteannta na gcumhachtaí a thugtar dóibh le hAirteagal 165 de Rialachán (AE) 2017/1001, beidh na Boird Achomhairc freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir le hachomhairc i gcoinne cinntí ón Oifig dá dtagraítear in Airteagal 102, pointí (a), (b) agus (c) den Rialachán seo, i dtaca leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo.’ |
|
(120) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal -106a Cumhacht a tharmligean maidir leis na Boird Achomhairc Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 109a den Rialachán seo chun é a fhorlíonadh trí na mionsonraí a bhaineann le heagrúchán na mBord Achomhairc in imeachtaí a bhaineann le dearaí faoin Rialachán seo a shonrú i gcás ina n-éilíonn imeachtaí den sórt sin go bhfuil an Bord Achomhairc le heagrú ar bhealach éagsúil ón méid a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 168 de Rialachán (AE) 2017/1001.’ |
|
(121) |
cuirtear an Roinn seo a leanas isteach i dTeideal XI:
Airteagal -106aa Táillí agus muirir agus dáta dlite 1. Leagfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin síos an méid a bheidh le muirearú as aon seirbhís arna soláthar ag an Oifig seachas na cinn a leagtar amach san Iarscríbhinn, chomh maith leis an méid a bheidh le muirearú ar fhoilseacháin a eiseoidh an Oifig. Socrófar méideanna na muirear in euro agus foilseofar iad in Iris Oifigiúil na hOifige. Ní sháróidh méid gach muirir an méid atá riachtanach chun na costais as seirbhís shonrach a thabharfaidh an Oifig a chumhdach. 2. Beidh na táillí agus na muirir, nach sonraítear an dáta dlite a bhaineann leo sa Rialachán seo, le híoc an dáta a bhfaighfear an iarraidh ar an tseirbhís a ngearrfar an táille nó an muirear ina leith. Le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh cé na seirbhísí a luaitear sa chéad fhomhír nach bhfuil le bheith ag brath ar réamhíocaíocht na dtáillí comhfhreagracha nó na muirear comhfhreagrach. Airteagal -106ab Táillí agus muirir a íoc 1. Déanfar táillí agus muirir a bheidh dlite don Oifig a íoc trí bhíthin na modhanna íocaíochta a chinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad. Maidir leis na modhanna íocaíochta arna gcinneadh de bhun na chéad fomhíre, foilseofar iad in Iris Oifigiúil na hOifige. Déanfar gach íocaíocht in euro. 2. Íocaíochtaí a dhéantar trí mhodhanna íocaíochta seachas na cinn dá dtagraítear i mír 1, measfar nach ndearnadh iad a íoc agus aisíocfar an méid a íocadh. 3. Beidh an fhaisnéis is gá sna híocaíochtaí chun go bhféadfaidh an Oifig cuspóir na híocaíochta a fháil amach láithreach. 4. Más rud é nach féidir cuspóir na híocaíochta dá dtagraítear i mír 2 a fháil amach láithreach, éileoidh an Oifig ar an duine a bheidh ag déanamh na híocaíochta fógra i scríbhinn a thabhairt di maidir leis an gcuspóir sin laistigh de thréimhse áirithe. Mura gcomhlíonfaidh an duine an iarraidh laistigh den tréimhse sin, measfar nach ndearnadh an íocaíocht agus aisíocfar an méid a íocadh. Airteagal -106ac Dáta measta íocaíochta Socróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dáta a mheastar íocaíochtaí le bheith déanta. Airteagal -106ad Íocaíochtaí neamhleora agus íocaíochtaí iomarcacha a aisíoc 1. Ní mheasfar teorainn ama le haghaidh íocaíochta a bheith comhlíonta ach amháin má tá méid iomlán na táille nó an mhuirir íoctha in am trátha. Más rud é nach n-íoctar an táille nó an muirear go hiomlán, déanfar an méid a bheidh íoctha a aisíoc, tar éis don tréimhse le haghaidh íocaíochta dul in éag. 2. Tabharfaidh an Oifig, áfach, a mhéid is féidir laistigh den tréimhse atá fágtha roimh dheireadh na tréimhse le haghaidh íocaíocht a dhéanamh, an deis don duine a dhéanfaidh an íocaíocht an méid atá in easnamh a íoc. 3. Le toiliú ón gCoiste um an mBuiséad, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin caingean le haghaidh aisghabháil fhorghníomhaithe aon suime a tharscaoileadh áit ar suim íosta í atá le haisghabháil nó áit a bhfuil an aisghabháil sin ró-éiginnte. 4. I gcás ina n-íocfar suim iomarcach chun táille nó muirear a chlúdach, aisíocfar an barrachas.’ |
|
(122) |
in Airteagal 106d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Soláthróidh an Oifig faisnéis maidir le cláruithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 2 i bhfoirm nasc leictreonach chuig an mbunachar sonraí inchuardaithe de chláruithe idirnáisiúnta dearaí arna gcoinneáil ar bun ag an mBiúró Idirnáisiúnta.’ |
|
(123) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 106e: ‘Airteagal 106e Scrúdú a dhéanamh ar na forais maidir le diúltú 1. Má fhógraíonn an Oifig, agus an scrúdú á dhéanamh aici ar chlárú idirnáisiúnta, nach bhfuil an dearadh a n-iarrtar cosaint ina leith ag freagairt don sainmhíniú atá in Airteagal 3, pointe (1), den Rialachán seo, nó go bhfuil sé contrártha don bheartas poiblí nó do phrionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo, nó gurb ionann an dearadh agus úsáid mhíchuí aon cheann de na hítimí a liostaítear in Airteagal 6ter de Choinbhinsiún Pháras, nó suaitheantais, feathail agus scéithíní seachas iad siúd a chumhdaítear le hAirteagal 6ter agus a bhfuil leas ar leith ag an bpobal i mBallstát leo, seolfaidh sí fógra diúltaithe chuig an mBiúró Idirnáisiúnta tráth nach déanaí ná 6 mhí ó dháta foilsithe an chláraithe idirnáisiúnta, ina sonrófar na forais maidir le diúltú de bhun Airteagal 12(2) d’Ionstraim na Ginéive. 2. I gcás ina bhfuil oibleagáid go ndéanfaí ionadaíocht ar shealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta os comhair na hOifige de bhun Airteagal 77(2), beidh tagairt san fhógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo don oibleagáid atá ar an sealbhóir ionadaí a cheapadh dá dtagraítear in Airteagal 78(1). 3. Sonróidh an Oifig teorainn ama faoina bhféadfaidh sealbhóir an chláraithe idirnáisiúnta an clárú idirnáisiúnta i leith an Aontais a thréigean, an clárú idirnáisiúnta a theorannú i leith an Aontais do cheann amháin nó do chuid de na dearaí tionsclaíocha nó barúlacha a thíolacadh, agus, i gcás inarb iomchuí, ceapfaidh sí ionadaí. Cuirfear tús leis an tréimhse an lá ar a n-eisíonn an Oifig an fógra diúltaithe. 4. Má theipeann ar an sealbhóir ionadaí a cheapadh laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3, diúltóidh an Oifig d’éifeachtaí an chláraithe idirnáisiúnta. 5. I gcás ina gcuirfidh an sealbhóir barúlacha isteach a shásóidh an Oifig laistigh den tréimhse a shonraítear, tarraingeoidh an Oifig an diúltú siar agus tabharfaidh sí fógra don Bhiúró Idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 12(4) d’Ionstraim na Ginéive. I gcás nach gcuirfidh an sealbhóir barúlacha isteach a shásóidh an Oifig laistigh den tréimhse a shonraítear, de bhun Airteagal 12(2) d’Ionstraim na Ginéive, dearbhóidh an Oifig an cinneadh lena ndiúltaítear cosaint don chlárú idirnáisiúnta. Beidh an cinneadh sin faoi réir achomhairc i gcomhréir le hAirteagail 66 go 72 de Rialachán (AE) 2017/1001 i gcomhar le hAirteagal 55(2) den Rialachán seo. 6. I gcás ina ndéanfaidh an sealbhóir an clárú idirnáisiúnta a thréigean nó an clárú idirnáisiúnta a theorannú do cheann amháin nó do chuid de na dearaí tionsclaíocha i leith an Aontais, cuirfidh an sealbhóir an Biúró Idirnáisiúnta ar an eolas faoin nós imeachta taifeadta i gcomhréir le hAirteagal 16(1), pointí (iv) agus (v), d’Ionstraim na Ginéive.’ |
|
(124) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach sa Teideal XIa: ‘Airteagal 106g Athnuachan Déanfar an clárú idirnáisiúnta a athnuachan go díreach ag an mBiúró Idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 17 d’Ionstraim na Ginéive.’ |
|
(125) |
scriostar Airteagail 107 agus 108; |
|
(126) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 109: ‘Airteagal 109 Nós Imeachta Coiste 1. Tabharfaidh an Coiste um Rialacha Cur Chun Feidhme arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/1001 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’ |
|
(127) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 109a An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 47b, 53a, 55a, 64a, 65a, 66a, 66d, 66f, 66i, 67c, 78a agus -106a a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón 8 Nollaig 2024. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 47b, 53a, 55a, 64a, 65a, 66a, 66d, 66f, 66i, 67c, 78a agus -106a a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 47b, 53a, 55a, 64a, 65a, 66a, 66d, 66f, 66i, 67c, 78a nó -106a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dhul in éag don tréimhse sin, go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’ |
|
(128) |
scriostar Airteagal 110; |
|
(129) |
in Airteagal 110a, mír 5, scriostar an dara habairt; |
|
(130) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 110b Meastóireacht 1. Faoin 1 Eanáir 2030, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. 2. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil meastóireachta agus a chonclúidí a dtiocfar orthu ar bhonn na tuarascála sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Cuirfear torthaí na meastóireachta ar fáil don phobal.’ |
|
(131) |
in Airteagal 111, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Féadfar iarratais ar dhearaí AE cláraithe a chomhdú san Oifig ón 1 Aibreán 2003.’ |
|
(132) |
cuirtear isteach an Iarscríbhinn mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2246/2002 le héifeacht ón 1 Bealtaine 2025.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2025.
Beidh feidhm, áfach, ag Airteagal 1, pointí (21), (22), (24), (26), (27), (28), (29), (30), (32)(b), (34)(b), (37), (40), (42), (45), (46), (49), (52), (54), (56), (58), (61), (63), (65), (66), (70), (72), (74), (76), (78), (80)(b), (81), (85), (88) a mhéid a bhaineann sé le hAirteagal 72(3), pointí (a), (e), (f) agus (m), (90), (98)(b), (111), (113) agus (123) ón 1 Iúil 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
ZSIGMOND B. P.
(1) IO C 184, 25.5.2023, lch. 39.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an an 10 Deireadh Fómhair 2024.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail (IO L 3, 5.1.2002, lch. 1).
(4) Treoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí (IO L 289, 28.10.1998, lch. 28).
(5) IO C 205, 20.5.2022, lch. 26.
(6) Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 15).
(8) Treoir (AE) 2024/2823 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le cosaint dhlíthiúil dearaí (IO L, 2024/2823, 18.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2823/oj).
(9) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 20 Nollaig 2017, Acacia Srl v Pneusgarda Srl agus Audi AG agus Acacia Srl agus Rolando D’Amato v Dr. Ing. h.c.F. Porsche AG, i gCásanna Uamtha C-397/16 agus C-435/16, ECLI:EU:C:2017:992.
(10) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(11) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(12) Rialachán (CE) Uimh. 2246/2002 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2002 maidir leis na táillí is iníoctha leis an Oifig um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) i ndáil le dearaí Comhphobail a chlárú (IO L 341, 17.12.2002, lch. 54).
(13) Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2002 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail (IO L 341, 17.12.2002, lch. 28).
(14) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
IARSCRÍBHINN I
‘IARSCRÍBHINN
Méideanna na dtáillí dá dtagraítear in Airteagal -106aa(1)
Is iad seo a leanas na táillí atá le híoc leis an Oifig faoin Rialachán seo (in EUR):
|
1. |
Táille iarratais dá dtagraítear in Airteagal 36(4):
|
|
2. |
Táille ainmniúcháin aonair le haghaidh clárú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 106c:
|
|
3. |
Táille as foilsiú a chur siar dá dtagraítear in Airteagal 36(4):
|
|
4. |
Táille iarratais bhreise i leith gach dearadh breise a áirítear in iarratas iolrach dá dtagraítear in Airteagal 37(2):
|
|
5. |
Táille bhreise as foilsiú a chur siar i leith gach dearadh breise a áirítear in iarratas iolrach atá faoi réir foilsiú a chur siar dá dtagraítear in Airteagal 37(2):
|
|
6. |
Táille athnuachana dá dtagraítear in Airteagal 50d(1), (3) agus (9):
|
|
7. |
Táille athnuachana aonair le haghaidh clárú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 106c:
|
|
8. |
Táille ar íocaíocht dhéanach na táille athnuachana dá dtagraítear in Airteagal 50d(3):
|
|
9. |
Táille ar an iarratas ar dhearbhú easláine dá dtagraítear in Airteagal 52(2):
|
|
10. |
Táille ar leanúint leis na himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 67a(1):
|
|
11. |
Táille le haghaidh restitutio in integrum dá dtagraítear in Airteagal 67(3):
|
|
12. |
Táille ar cheadúnas nó ar cheart eile a chlárú i leith dearadh AE cláraithe dá dtagraítear in Airteagal 24(1) de Rialachán (CE) Uimh 2245/2002, agus ón dáta sin, dá dtagraítear in Airteagal 32a(1) agus (2) (dá dtagraítear in Airteagal 24(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 roimh an 1 Iúil 2026), nó ar cheadúnas nó ceart eile a chlárú i leith iarratas ar dhearadh AE dá dtagraítear in Airteagal 32a(1) agus (2) agus in Airteagal 34 (dá dtagraítear in Airteagal 24(1) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh 2245/2002 ón 1 Iúil 2026):
suas go dtí EUR 1 000 ar a mhéad i gcás ina gcuirtear isteach iarratais iolracha san iarratas céanna ar chlárú ar cheadúnas nó ar cheart eile nó ag an am céanna. |
|
13. |
Táille ar athrú ar dhearadh AE cláraithe dá dtagraítear in Airteagal 50e(3):
|
|
14. |
Táille má dhéantar athbhreithniú ar na costais nós imeachta atá le haisíoc dá dtagraítear in Airteagal 70(7) (dá dtagraítear in Airteagal 79(4) de Rialachán (CE) Uimh. 2245/2002 roimh an 1 Iúil 2026):
|
|
15. |
Táille achomhairc, dá dtagraítear in Airteagal 68(1) de Rialachán (AE) 2017/1001, a bhfuil feidhm aige freisin maidir le hachomhairc faoin Rialachán seo de bhun Airteagal 55(2) (dá dtagraítear in Airteagal 57 den Rialachán roimh an 1 Iúil 2026):
|
IARSCRÍBHINN II
Tábla comhghaoil
|
Rialachán (CE) Uimh. 2246/2002 |
Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 |
|
Airteagal 1 |
— |
|
Airteagal 2 |
Airteagal -106aa(1) |
|
Airteagal 3 |
Airteagal -106aa(1) |
|
Airteagal 4 |
Airteagal -106aa(2) |
|
Airteagal 5 |
Airteagal -106ab(1) |
|
Airteagal 6 |
Airteagal -106ab(3) agus (4) |
|
Airteagal 7 |
Airteagal -106ac |
|
Airteagal 8 |
Airteagal -106ad(1) agus (2) |
|
Airteagal 9 |
Airteagal -106ad(3) agus (4) |
|
Iarscríbhinn |
Iarscríbhinn |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2822/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)