|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2819 |
31.10.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2819 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 24 Deireadh Fómhair 2024
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2020/440 maidir le clár ceannaigh sealadach le haghaidh éigeandáil na paindéime (BCE/2020/17) (BCE/2024/29)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 127(2) de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 12.1 i gcomhar leis an chéad fhleasc d’Airteagal 3.1 agus Airteagail 18.1 de,
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Agus na himthosca eisceachtúla eacnamaíocha agus airgeadais a bhaineann le leathadh ghalar an choróinvíris 2019 (COVID-19) á gcur san áireamh, an 18 Márta 2020, chinn an Chomhairle Rialaithe clár ceannaigh sealadach le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) a sheoladh lena n-áirítear na catagóirí sócmhainní uile atá incháilithe faoi chlár ceannaigh sócmhainní BCE, arb é atá iontu clár ceannaigh sócmhainní na hearnála poiblí ar na margaí tánaisteacha, an tríú clár ceannaigh bannaí faoi chumhdach, an clár ceannaigh urrús de bhun sócmhainní, agus clár ceannaigh na hearnála corparáidí (CSPP). |
|
(2) |
Bunaíodh CSPP le Cinneadh (AE) 2016/948 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2016/16) (1). Tá roinnt coimircí in CSPP chun a áirithiú go mbeidh ceannach agus sealbhú bannaí comhréireach lena aidhmeanna. Ba cheart a áirithiú leis na coimircí sin freisin go gcuirfear rioscaí airgeadais gaolmhara san áireamh i ndearadh CSPP, agus dá bhrí sin i ndearadh an PEPP freisin, agus ba cheart dóibh peirspictíochtaí bainistithe riosca a léiriú. |
|
(3) |
Dá réir sin, chinn an Chomhairle Rialaithe an 6 Lúnasa 2024 leasú a dhéanamh ar an riail is infheidhme maidir le hidirbhearta iasachta urrús bannaí corparáideacha atá i seilbh an Eurochórais faoi CSPP agus PEPP chun breithnithe bainistíochta riosca a léiriú. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2020/440 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2020/17) (2) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉÍS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7 de Chinneadh (AE) 2020/440 (BCE/2020/17):
‘Airteagal 7
Iasachtú urrús
Cé is moite d’urrúis nach gcomhlíonann na ceanglais cáilíochta creidmheasa d’urrúis arna gceannach faoi chlár ceannaigh na hearnála corparáidí a thuilleadh, cuirfidh an tEurochóras urrúis arna gceannach faoin PEPP ar fáil lena n-iasachtú, lena n-áirítear comhaontuithe athcheannaigh, d’fhonn éifeachtacht an PEPP a áirithiú.’.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an gcúígiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna déanamh in Frankfurt am Main, an 24 Deireadh Fómhair 2024.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) Cinneadh (AE) 2016/948 ón mBanc Ceannais Eorpach an 1 Meitheamh 2016 maidir le cur chun feidhme chlár ceannaithe na hearnála corparáidí (BCE/2016/16) (IO L 157, 15.6.2016, lch. 28).
(2) Cinneadh (AE) 2020/440 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Márta 2020 maidir le clár ceannaigh sealadach le haghaidh éigeandáil na paindéime (BCE/2020/17) (IO L 91, 25.3.2020, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2819/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)