|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2806 |
4.11.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2806 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Deireadh Fómhair 2024
maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí meitríbhúisin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) agus Airteagal 78(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir 2007/25/CE ón gCoimisiún (2) áiríodh meitríbhúisin mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). |
|
(2) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
Formheas na substainte gníomhaí meitríbhúisin, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 15 Feabhra 2025. |
|
(4) |
Cuireadh iarratas faoi bhráid na hEastóine, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na Gearmáine, an Ballstát is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí meitríbhúisin a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin. |
|
(5) |
Chuir an t-iarratasóir na sainchomhaid fhorlíontacha is gá faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha. |
|
(6) |
D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 30 Meán Fómhair 2019. Sa dréacht-tuarascáil uaidh maidir le measúnú ar athnuachan, mhol an Ballstát is rapóirtéir nach ndéanfaí an formheas maidir le meitríbhúisin a athnuachan. |
|
(7) |
Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
|
(8) |
An 25 Iúil 2023, chuir an tÚdarás an chonclúid (6) uaidh in iúl don Choimisiún maidir le cé acu is féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh meitríbhúisin na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(9) |
Shainaithin an tÚdarás ábhair imní. Go háirithe, tháinig sé ar an gconclúid go gcomhlíonann meitríbhúisin na critéir chun é a shainaithint mar shuaiteoir inchríneach i gcás daoine maidir le módúlacht na faireoga tíoróidigh agus nár léiríodh gur diomaibhseach é nochtadh an duine don tsubstaint ghníomhach sin i dtáirge cosanta plandaí, faoi choinníollacha úsáide réalaíocha atá beartaithe. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur mó na meastacháin ar nochtadh féachadóirí agus cónaitheoirí ná an teorainnluach bunaithe le haghaidh na n-úsáidí ionadaíocha uile a ndearnadh meastóireacht orthu, agus nár leor na staidéir a bhí ar fáil chun ardriosca do bheacha a chur as an áireamh. |
|
(10) |
Rinne an tÚdarás meastóireacht i dtaobh an bhfuil gá le meitríbhúisin chun baol tromchúiseach do shláinte plandaí a rialú, baol nach féidir a shrianadh trí mhodhanna eile atá ar fáil, lena n-áirítear modhanna neamhcheimiceacha. Níor áiríodh sa mheastóireacht seo ach cásanna ina n-úsáidtear meitríbhúisin chun fiailí a rialú ó thaobh leathadh luibhicídí roimh a dteacht chun cinn nó tar éis a dteacht chun cinn de. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh líon leordhóthanach roghanna malartacha ceimiceacha ar fáil tráth an mheasúnaithe le haghaidh na mbarr uile a ndearnadh meastóireacht orthu agus, dá bhrí sin, go dtacaítear go heolaíoch leis an maolú i ndáil leis sin sna barra uile a ndearnadh meastóireacht orthu. Ar bhonn an mheasúnaithe ar roghanna malartacha neamhcheimiceacha le haghaidh na n-úsáidí a chuirtear i láthair, thángthas ar an gconclúid go bhfuil raon leathan modhanna neamhcheimiceacha ar fáil, in ainneoin go bhféadfadh sé nach mbeadh an éifeachtúlacht chéanna ag na modhanna sin agus atá ag modhanna ceimiceacha nó go bhféadfadh teorainneacha eacnamaíocha a bheith acu. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an maolú in Airteagal 4(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chur i bhfeidhm. |
|
(11) |
Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 22 Bealtaine 2024 agus an 10 Iúil 2024 faoi seach. |
|
(12) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach i leith chonclúid an Údaráis. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach i leith na tuarascála athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
|
(13) |
D’ainneoin na n-argóintí a rinne an t-iarratasóir, ní fhéadfaí an t-ábhar imní maidir leis an tsubstaint ghníomhach meitríbhúisin a chur as an áireamh. |
|
(14) |
Dá réir sin, maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil meitríbhúisin, níor suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, is iomchuí gan formheas na substainte gníomhaí meitríbhúisin a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 20(1), pointe (b), den Rialachán sin. |
|
(15) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(16) |
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún (7), liostaíodh meitríbhúisin mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú. I bhfianaise an neamh-athnuachana ar fhormheas meitríbhúisin, níl an liostú sin ábhartha a thuilleadh. Dá réir sin, ba cheart meitríbhúisin a scriosadh ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408. |
|
(17) |
Ba cheart am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit údaruithe maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil meitríbhúisin a tharraingt siar. |
|
(18) |
Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil meitríbhúisin, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse chairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, níor cheart an tréimhse sin a bheith níos faide ná 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(19) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún (8), cuireadh síneadh leis an tréimhse formheasa le haghaidh meitríbhúisin go dtí an 15 Feabhra 2025 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a thabhairt chun críche sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndéantar cinneadh maidir le neamh-athnuachan ar an bhformheas roimh dháta éaga na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin. |
|
(20) |
Leis an Rialachán seo ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach maidir leis an tsubstaint ghníomhach meitríbhúisin a fhormheas de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(21) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí
Ní dhéantar formheas na substainte gníomhaí meitríbhúisin a athnuachan.
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, scriostar ró 152 maidir le meitríbhúisin.
Airteagal 3
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408
Scriostar an iontráil a bhaineann le meitríbhúisin ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408.
Airteagal 4
Bearta idirthréimhseacha
Déanfaidh na Ballstáit na húdaruithe a tharraingt siar maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil meitríbhúisin mar shubstaint ghníomhach faoin 24 Bealtaine 2025.
Airteagal 5
Tréimhse chairde
Aon tréimhse chairde a dheonaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rachaidh sí in éag faoin 24 Samhain 2025.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.
(2) Treoir 2007/25/CE ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2007 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun démheatóáit, démheatomorf, glúfosanáit, meitríbhúisín, foismeit agus própamacarb a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 106, 24.4.2007, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/25/oj).
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/414/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/844/oj), leanann sé d’fheidhm a bheith aige maidir leis an nós imeachta athnuachana i gcás na substainte gníomhaí seo de bhun Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1740/oj).
(6) EFSA (An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2023. Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach meitríbhúisin. EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(8):8140 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8140.
Rinneadh an chonclúid a atheisiúint le ceartúcháin eagarthóireachta i bpríomhchorp an téacs agus i bhFoscríbhinn B an 13 Bealtaine 2024 chun torthaí comhairliúcháin bhreise le saineolaithe a léiriú. Ní dhéanann na ceartúcháin difear ábharach d’inneachar ná do thoradh an aschuir eolaíoch sin.
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún an 11 Márta 2015 maidir le cur chun feidhme Airteagal 80(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena mbunaítear liosta de shubstaintí a bhféadfaí ionadú a dhéanamh orthu (IO L 67, 12.3.2015, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/408/oj).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aclóinífein, aimeatochtraidin, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, captan, cleataidim, cioglocsaidim, ciafluaimeitifein, dasaimeit, déchlófop, démheatomorf, eiteafón, feanasacuin, fluaipicilíd, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, himeacsasól, aigéad iondóiliolbútarach, mandaprópaimid, meatalacsail, meataildéad, meatam, meatasaclór, meitríbhúisin, milbimeictin, paclabútrasól, peanocsulam, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól, S-meitileaclór, víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, Trichoderma asperellum tréithchineál T34 agus Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 160, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/918/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2806/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)