|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2802 |
4.11.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/2802 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Deireadh Fómhair 2024
lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh colmóirí i limistéir 8a, 8b, 8d agus 8e i gcás soithí faoi bhratach na Beilge
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle (2), leagtar síos cuótaí le haghaidh 2024. |
|
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2024 ídithe ag gabhálacha an stoic colmóirí i limistéir 8a, 8b, 8d agus 8e i gcás soithí faoi bhratach na Beilge nó atá cláraithe sa Bheilg. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta a cionroinneadh ar an mBeilg le haghaidh an stoic colmóirí i limistéir 8a, 8b, 8d agus 8e le haghaidh 2024 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
1. Toirmeascfar, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin dá dtagraítear in Airteagal 1 i gcás soithí faoi bhratach na Beilge nó atá cláraithe sa Bheilg. Toirmeascfar go háirithe éisc a lorg agus trealamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin.
2. Maidir le héisc agus táirgí iascaigh ón stoc sin a ghabh na soithí sin a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh an méid sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a gabhadh roimh an dáta sin.
3. Maidir le gabhálacha de thaisme speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, agus déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh in aghaidh cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Ar son an Uachtaráin
Maroš ŠEFČOVIČ
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L, 2024/257, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/257/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
12/TQ257 |
|
AN BALLSTÁT |
an Bheilg |
|
STOC |
HKE/8ABDE. (lena n-áirítear HKE/*57-14) |
|
SPEICEAS |
Colmóir (Merluccius merluccius) |
|
LIMISTÉAR |
8a, 8b, 8d agus 8e |
|
DÁTE AN IAIMH |
an 1 Deireadh Fómhair 2024 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2802/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)