|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2794 |
4.11.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2794 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Deireadh Fómhair 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do chomhlachtaí rialaithe áirithe i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar chomhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 46(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Glacadh Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún (2) ionas go mbeadh inti an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848 mar údaráis agus comhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointe (b)(i), den Rialachán sin. |
|
(2) |
Le hAirteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos na critéir nach mór do na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe a chomhlíonadh chun go n-aithneofar iad i gcomhréir le hAirteagal 46(1) den Rialachán sin. Leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún (3) na ceanglais nós imeachta atá le comhlíonadh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin agus a n-iarraidh ar aitheantas á cur faoi bhráid an Choimisiúin, ar iarraidh í ina bhfuil sainchomhad teicniúil. |
|
(3) |
Ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378, tá iarrataí ar aitheantas faighte ag an gCoimisiún, iarrataí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 46(4) de Rialachán (AE) 2018/848, ó roinnt comhlachtaí rialaithe. |
|
(4) |
Fuair an Coimisiún na hiarrataí ar aitheantas ó ‘ACO CERTIFICATION LIMITED’, ‘CTR ULUSLARARASI BELGELENDIRME VE DENETIM LTD. ŞTİ.’, ‘DQS POLSKA SPÓŁKA Z OGRANICZONĄ ODPOWIEDZIALNOŚCIĄ’, ‘Florida Certified Organic Growers and Consumers, Inc. (FOG), DBA as Quality Certification Services (QCS)’, ‘IMOCERT Latinoamérica Ltda.’, ‘INDOCERT’, ‘ONECERT INTERNATIONAL PRIVATE LIMITED’, ‘Organic Crop Improvement Association International Inc’, ‘Organic Food Development and Certification Center of China’, ‘Organización Internacional Agropecuaria S.A.’, ‘ORSER KONTROL VE SERTİFİKASYON ANONİM ŞİRKETİ’, agus ‘SRS Certification GmbH’, ’agus scrúdaigh sé iad i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698’, agus scrúdaigh sé iad i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698. Ar bhonn na faisnéise atá i sainchomhaid theicniúla na gcomhlachtaí rialaithe sin, chinn an Coimisiún go bhfuil údar le haitheantas a thabhairt dóibh, ar feadh tréimhse éiginnte, le haghaidh catagóirí táirgí áirithe i dtríú tíortha áirithe. |
|
(5) |
Ina theannta sin, tá iarrataí ar raon feidhme an aitheantais a leathnú faighte ag an gCoimisiún ó ‘Ecocert SAS’ agus scrúdaigh sé an iarraidh sin i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698. Ar bhonn na faisnéise atá i sainchomhad ‘Ecocert SAS’, chinn an Coimisiún go bhfuil údar le raon a aitheantais a leathnú, ar feadh tréimhse éiginnte, le haghaidh na gcatagóirí táirgí a iarradh sna tríú tíortha a iarradh. |
|
(6) |
Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 a leasú dá réir sin. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1378 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/848/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisíodh d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a allmhairiú isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 20.8.2021, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1378/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais nós imeachta maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh ar oibreoirí agus ar ghrúpaí oibreoirí arna ndeimhniú mar oibreoirí orgánacha a aithint agus ar tháirgí orgánacha i dtríú tíortha agus le rialacha maidir lena maoirseacht agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile atá le déanamh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin (IO L 336, 23.9.2021, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1698/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an tríú mír d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála maidir le A CERT European Organization for Certification S.A.: ‘ ACO CERTIFICATION LIMITED
(*1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 465, 29.12.2021, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2325/oj).’ " |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas i ndiaidh na hiontrála maidir le Control Union Certifications B.V.: ‘ CTR ULUSLARARASI BELGELENDIRME VE DENETIM LTD. ŞTİ.
DQS POLSKA SPÓŁKA Z OGRANICZONĄ ODPOWIEDZIALNOŚCIĄ
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(3) |
san iontráil maidir le Ecocert SA, cuirtear na rónna seo a leanas in ord na gcóduimhreacha isteach sa tábla i bpointe 1:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(4) |
cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála maidir le ETKO EKOLOJİK TARIM KONTROL ORGANİZASYONU LİMİTED ȘİRKETİ: ‘ Florida Certified Organic Growers and Consumers, Inc. (FOG), DBA as Quality Certification Services (QCS)
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(5) |
cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála maidir le IBD Certificações Ltda.: ‘ IMOCERT Latinoamérica Ltda.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(6) |
cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála maidir le IMO Control Private Limited: ‘ INDOCERT
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(7) |
cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála maidir le Metrocert S.C.: ‘ ONECERT INTERNATIONAL PRIVATE LIMITED
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(8) |
cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála maidir le Organic Control System LLC Subotica: ‘ Organic Crop Improvement Association International Inc
‘Organic Food Development and Certification Center of China
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(9) |
san iontráil maidir le Organización Internacional Agropecuaria S.A., cuirtear na rónna seo a leanas in ord na gcóduimhreacha isteach sa tábla i bpointe 1:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(10) |
cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála maidir le Organska Kontrola d.o.o. Sarajevo: ‘ORSER KONTROL VE SERTİFİKASYON ANONİM ŞİRKETİ
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(11) |
cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála maidir le Southern Cross Certified Australia Pty Ltd: ‘ SRS Certification GmbH
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(*1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 465, 29.12.2021, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2325/oj).’ ’
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2794/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)