|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2791 |
31.10.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/2791 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Eanáir 2024
lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun úsáid cáiséanáite bainne iarainn a cheadú mar fhoinse iarainn in ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus i mbia chun críoch speisialta míochaine, seachas bia do naíonáin agus leanaí óga
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críoch speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 16(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 bunaítear liosta de chuid an Aontais de shubstaintí a fhéadfar a chur le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán sin. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/949 ón gCoimisiún (2) údaraíodh cáiséanáit bhainne iarainn a úsáid mar bhia núíosach i mbia chun críoch speisialta míochaine, seachas bia do naíonáin agus leanaí óga, agus in ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, i measc táirgí eile, faoi réir coinníollacha áirithe. |
|
(3) |
An 4 Lúnasa 2022 le linn an phróisis údaraithe, d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch (3) inar tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil cáiséanáit bhainne iarainn sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe agus gur foinse iarainn í ina bhfuil iarann bith-infhaighte. |
|
(4) |
Measann an Coimisiún go bhfuil forais leordhóthanacha sa tuairim ón Údarás chun a shuí nach bhfuil cáiséanáit bhainne iarainn, mar a údaraítear le Rialachán (AE) 2023/949, ina hábhar imní ó thaobh sábháilteachta de mar fhoinse iarainn nuair a úsáidtear í i mbia chun críoch speisialta míochaine, seachas bia do naíonáin agus leanaí óga agus in ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú. Dá bhrí sin, is iomchuí úsáid cáiséanáite bainne iarainn a cheadú mar fhoinse iarainn i mbia chun críoch speisialta míochaine, seachas bia do naíonáin agus leanaí óga agus in ionadach ar aiste bia iomlán chun meáchan a rialú. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart an tsubstaint sin a áireamh i liosta an Aontais de shubstaintí a fhéadfar a chur le catagóirí áirithe bia. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 181, 29.6.2013, lch. 35.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/949 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2023 lena n-údaraítear cáiséanáit bhainne iarainn a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 128, 15.5.2023, lch. 60).
(3) Painéal NDA EFSA (Painéal EFSA ar Tháirgí Diaitéiteacha, Cothú agus Ailléirgí). Safety of iron milk proteinate as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 and bioavailability of iron from this source in the context of Directive 2002/46/EC [Sábháilteacht cáiséanáite bainne iarainn mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283 agus bhith-infhaighteacht iarainn ón bhfoinse sin i gcomhthéacs Threoir 2002/46/CE], EFSA Journal [Iris EFSA], 2022;20(9):7549.
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, laistigh de chatagóir na substainte ‘Mianraí’, faoi ‘Iarann’, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le ‘L-pidoláit fheiriúil’:
|
‘cáiséanáit bhainne iarainn (*1) |
|
|
X (i dtáirgí nach bhfuil ceaptha do naíonáin agus leanaí óga) |
X |
(*1) Mar a liostaítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún.’
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2791/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)