|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2779 |
29.10.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2779 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Deireadh Fómhair 2024
lena mbunaítear an grúpa saineolaithe um éicidhearthóireacht le haghaidh táirgí inbhuanaithe agus lipéadú fuinnimh (‘an Fóram Éicidhearthóireachta’)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (1), agus go háirithe Airteagal 19 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (2), agus go háirithe Airteagal 14 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
D’fhonn comhairliúchán cuí a áirithiú maidir le ceanglais éicidhearthóireachta agus lipéadú fuinnimh le haghaidh táirgí, trí rannpháirtíocht chothrom saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus na bpáirtithe leasmhara uile, ní mór don Choimisiún saineolas speisialtóirí i gcomhlacht comhairleach a iarraidh. |
|
(2) |
Leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2017/1369 go ndéanfar an grúpa saineolaithe (‘an Fóram Comhairliúcháin’), a bunaíodh i gcomhréir leis, a chomhcheangal leis an bhfóram dá dtagraítear in Airteagal 18 de Threoir 2009/125/CE, chun comhsheasmhacht a áirithiú i rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara agus saineolas á bhailiú i ndáil le tograí ón gCoimisiún maidir le héicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh. Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1781 agus aisghairm Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart an sainghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2017/1369 a chomhcheangal leis an ngrúpa saineolaithe (‘an Fóram Éicidhearthóireachta’) a bhunaítear faoin gCinneadh seo. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, grúpa saineolaithe a bhunú i réimse na héicidhearthóireachta agus an lipéadaithe fuinnimh, agus a chúraimí agus a struchtúr a shainiú, i gcomhréir le Cinneadh C(2016) 3301 ón gCoimisiún lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le grúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin a chruthú agus a oibriú. |
|
(4) |
Ba cheart don ghrúpa cuidiú chun na ceanglais éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh a fhorbairt. |
|
(5) |
Is éard ba cheart a bheith sa ghrúpa saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus páirtithe leasmhara eile, amhail ionadaithe tionscail, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (4) agus ionadaithe tionscail ceardaíochta, fiontar sóisialta, ceardchumann, trádálaithe, miondíoltóirí, allmhaireoirí, eagraíochtaí tomhaltóirí agus comhshaoil, gníomhaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an gheilleagair chiorclaigh, eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus taighdeoirí. |
|
(6) |
Ba cheart rialacha maidir le faisnéis a nochtadh ag comhaltaí den ghrúpa a leagan síos. |
|
(7) |
Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear an grúpa saineolaithe um éicidhearthóireacht le haghaidh táirgí inbhuanaithe agus lipéadú fuinnimh, an Fóram Éicidhearthóireachta (‘an grúpa’).
Airteagal 2
Cúraimí
Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar an ngrúpa:
|
|
na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2024/1781 a chomhlíonadh; |
|
|
cúnamh a thabhairt don Choimisiún a chuid gníomhaíochtaí a dhéanamh faoi Rialachán (AE) 2017/1369; |
|
|
cúnamh a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2024/1781 a ullmhú go luath i gcomhréir le hAirteagal 42(3) de Rialachán (AE) 2024/1781 agus Airteagal 12(12) de Rialachán (AE) 2017/1369 sula gcuirfear faoi bhráid an choiste iad i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011; |
|
|
malartú taithí agus dea-chleachtais a thabhairt i gcrích i réimse na dtáirgí inbhuanaithe. |
Airteagal 3
Comhairliúchán
Féadfaidh ranna freagracha an Choimisiúin dul i gcomhairle leis an ngrúpa maidir le haon ábhar a bhaineann le ceapadh agus cur chun feidhme beartas i réimse na dtáirgí inbhuanaithe agus an lipéadaithe fuinnimh.
Airteagal 4
Comhaltas
1. Is éard a bheidh sna comhaltaí daoine aonair a cheapfar chun ionadaíocht a dhéanamh ar leas coiteann, eagraíochtaí, údaráis na mBallstát, nó eintitis phoiblí eile.
2. Suas le 250 comhalta a bheidh sa ghrúpa.
3. Comhaltaí a cheapfar chun ionadaíocht a dhéanamh ar leas coiteann, ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar pháirtí leasmhar aonair, ach déanfaidh siad ionadaíocht ar threoshuíomh beartais is coiteann d’eagraíochtaí páirtithe leasmhara éagsúla.
4. Ainmneoidh údaráis na mBallstát, eagraíochtaí agus eintitis phoiblí eile a n-ionadaithe agus beidh siad freagrach as a áirithiú go soláthróidh a n-ionadaithe ardleibhéal saineolais.
5. Comhaltaí nach bhfuil ar a gcumas a thuilleadh rannchuidiú go héifeachtach le pléití an ghrúpa, ar comhaltaí iad nach gcomhlíonann, de réir tuairim ó Ranna freagracha an Choimisiúin, na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 339 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó a d’éirigh as oifig, ní iarrfar orthu a thuilleadh a bheith rannpháirteach in aon chruinniú den ghrúpa agus féadfar iad a ionadú ar feadh a bhfuil fágtha dá dtéarma oifige. Féadfaidh ranna freagracha an Choimisiúin lena mbaineann comhaltas na gcomhaltaí sin a fhoirceannadh freisin.
Airteagal 5
Próiseas roghnúcháin
1. Maidir le roghnú daoine aonair a cheapfar chun ionadaíocht a dhéanamh ar leas coiteann agus roghnú eagraíochtaí mar chomhaltaí den ghrúpa, déanfar é le glao poiblí ar iarratais a bheidh oscailte go leanúnach agus a fhoilseofar sa Chlár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna (‘an Clár de Ghrúpaí Saineolaithe’). Thairis sin, féadfar an glao ar iarratais a fhoilsiú ar mhodhanna eile, lena n-áirítear ar shuíomhanna gréasáin tiomanta. Sa ghlao ar iarratais, leagfar amach go soiléir na critéir roghnúcháin, lena n-áirítear an saineolas is gá agus na leasanna a ndéanfar ionadaíocht orthu i ndáil leis an obair atá le déanamh.
2. Is gá do dhaoine aonair a dhéanann ionadaíocht ar leas coiteann agus d’eagraíochtaí clárú sa Chlár Trédhearcachta chun go gceapfar iad.
3. Is iad ranna freagracha an Choimisiúin a cheapfaidh comhaltaí an ghrúpa, ó iarratasóirí a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3.
4. Ceapfar comhaltaí ar feadh tréimhse 5 bliana, a dhéanfar a athnuachan go huathoibríoch, mura gcinnfidh ranna freagracha an Choimisiúin a mhalairt. Fanfaidh na comhaltaí i seilbh oifige go dtí go gceapfar comhaltaí ina n-ionad.
Airteagal 6
Cathaoirleach
Is ionadaí do ranna freagracha an Choimisiúin a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an ngrúpa.
Airteagal 7
Oibríocht
1. Gníomhóidh an grúpa, arna iarraidh sin do ranna freagracha an Choimisiúin, i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha maidir le grúpaí saineolaithe (6) (‘na rialacha cothrománacha’).
2. I bprionsabal, is in áitreabh de chuid an Choimisiúin nó go fíorúil, de réir na n-imthosca, a thionólfar cruinnithe an ghrúpa.
3. Soláthróidh ranna freagracha an Choimisiúin seirbhísí rúnaíochta. Féadfaidh oifigigh an Choimisiúin ó ranna eile a bhfuil leas acu sna himeachtaí freastal ar chruinnithe an ghrúpa agus a fhoghrúpaí.
4. I gcomhaontú leis an gCathaoirleach, féadfaidh an grúpa a chinneadh, trí thromlach simplí dá chomhaltaí, go ndéanfar a chuid plé go poiblí.
5. Na miontuairiscí ar an bplé a dhéanfar ar gach pointe ar an gclár agus ar na tuairimí ón ngrúpa, beidh siad fóinteach agus iomlán. Dréachtóidh an rúnaíocht na miontuairiscí faoi fhreagracht an Chathaoirligh.
6. A mhéid is féidir, is de chomhthoil a ghlacfaidh an grúpa a thuairimí, a mholtaí nó a thuarascálacha. I gcás vóta, is trí thromlach simplí de na comhaltaí a chinnfear toradh na vótála. Beidh sé de cheart ag na comhaltaí a chaith vóta freasúra nó a staon ó vótáil go gcuirfí doiciméad i gceangal leis na tuairimí, na moltaí nó na tuarascálacha ina ndéanfar achoimre ar na cúiseanna lena seasamh.
Airteagal 8
Foghrúpaí
1. Bunófar foghrúpa ina mbeidh saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit (‘Grúpa Saineolaithe na mBallstát’).
2. Féadfaidh ranna freagracha an Choimisiúin foghrúpaí breise a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna ar bhonn téarmaí tagartha arna sainiú ag na ranna sin. Feidhmeoidh na foghrúpaí breise sin i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha agus tuairisceoidh siad don ghrúpa. Déanfar iad a lánscor a luaithe a chomhlíonfar a sainordú.
3. Comhaltaí de na foghrúpaí nach comhaltaí den ghrúpa iad, roghnófar iad trí ghlao poiblí ar iarratais, i gcomhréir le hAirteagal 5 agus leis na rialacha cothrománacha.
Airteagal 9
Saineolaithe iarrtha
Féadfaidh ranna freagracha an Choimisiúin iarraidh ar shaineolaithe a bhfuil saineolas sonrach acu i ndáil le hábhar atá ar an gclár oibre a bheith rannpháirteach in obair an ghrúpa nó na bhfoghrúpaí ar bhonn ad hoc.
Airteagal 10
Breathnóirí
1. Féadfar stádas breathnóra a dheonú ar dhaoine aonair, eagraíochtaí, agus eintitis phoiblí nach údaráis na mBallstát iad, trí chuireadh díreach a thabhairt dóibh nó mar thoradh ar ghlao ar iarratais, i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha.
2. Ainmneoidh eagraíochtaí agus eintitis phoiblí a cheaptar mar bhreathnóirí a n-ionadaithe.
3. Féadfaidh an Cathaoirleach cead a thabhairt do bhreathnóirí agus dá n-ionadaithe a bheith rannpháirteach i bpléití an ghrúpa agus a fhoghrúpaí agus saineolas a sholáthar. Ní bheidh cearta vótála acu, áfach, ná ní bheidh siad rannpháirteach i bhfoirmiú moltaí ná comhairle an ghrúpa agus a fhoghrúpaí.
Airteagal 11
Rialacha Nós Imeachta
Ar thogra ó ranna freagracha an Choimisiúin agus i gcomhaontú leo, glacfaidh an grúpa a rialacha nós imeachta trí thromlach simplí dá chomhaltaí, ar bhonn na rialacha caighdeánacha nós imeachta le haghaidh grúpaí saineolaithe, i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha. Feidhmeoidh na foghrúpaí i gcomhréir le rialacha nós imeachta an ghrúpa.
Airteagal 12
An rúndacht ghairmiúil agus faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil
Comhaltaí den ghrúpa agus a n-ionadaithe, chomh maith le saineolaithe agus breathnóirí iarrtha, tá siad faoi réir na hoibleagáide maidir le rúndacht ghairmiúil, oibleagáid a bhfuil feidhm aici maidir le gach comhalta de chuid na n-institiúidí agus maidir lena bhfoireann, de bhua na gConarthaí agus na rialacha lena gcuirtear chun feidhme iad, agus tá siad faoi réir rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a bhaineann le cosaint fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais, a leagtar síos i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (7) agus (AE, Euratom) 2015/444 (8) ón gCoimisiún chomh maith. Mura n-urramóidh siad na hoibleagáidí sin, féadfaidh an Coimisiún gach beart is iomchuí a dhéanamh.
Airteagal 13
Trédhearcacht
1. Clárófar an grúpa agus na foghrúpaí ar an gClár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna (‘an Clár de Ghrúpaí Saineolaithe’).
2. A mhéid a bhaineann le comhdhéanamh an ghrúpa agus na bhfo-ghrúpaí, foilseofar na sonraí seo a leanas sa Chlár de Ghrúpaí Saineolaithe:
|
— |
ainmneacha údaráis na mBallstát; |
|
— |
ainmneacha na n-eintiteas poiblí eile; lena n-áirítear ainmneacha údaráis phoiblí tríú tíortha; |
|
— |
ainmneacha na ndaoine aonair a cheapfar arb ionadaithe leasa choitinn iad; nochtfar an leas a bhfuiltear ag déanamh ionadaíochta air; |
|
— |
ainmneacha na n-eagraíochtaí is comhaltaí; nochtfar an leas a bhfuiltear ag déanamh ionadaíochta air; |
|
— |
ainmneacha na mbreathnóirí. |
3. Cuirfear gach doiciméad ábhartha, lena n-áirítear na cláir oibre, na miontuairiscí agus aighneachtaí na rannpháirtithe ar fáil ar an gClár de Ghrúpaí Saineolaithe. Go sonrach, foilseofar an clár oibre agus doiciméid chúlra ábhartha eile in am trátha roimh an gcruinniú, agus foilseofar na miontuairiscí go tráthúil ina dhiaidh. Ní fhéadfar eisceachtaí ó fhoilsiú a dhéanamh ach i gcás ina meastar go ndéanfadh nochtadh doiciméid dochar do chosaint leasa phoiblí nó phríobháidigh mar a shainítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).
Airteagal 14
Tacaíocht airgeadais
Féadfaidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais a sholáthar do chomhaltaí, go háirithe eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil nó ionadaithe FBManna, go háirithe ionadaithe micrifhiontar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, chun a rannpháirtíocht éifeachtach sa ghrúpa a chumasú, laistigh de theorainneacha na leithreasuithe atá ar fáil faoi imchlúdaigh ábhartha chláir an Aontais.
Airteagal 15
Speansais cruinnithe
1. Ní íocfar rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí an Fhóraim Éicidhearthóireachta agus na bhfoghrúpaí as na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.
2. Aisíocfaidh an Coimisiún speansais taistil agus chothaithe a thabhaítear i ngníomhaíochtaí an Fhóraim Éicidhearthóireachta agus na bhfoghrúpaí le haghaidh ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit agus le haghaidh saineolaithe ar tugadh cuireadh dóibh i gcomhréir le hAirteagal 9. Déanfar an aisíocaíocht i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm laistigh den Choimisiún agus laistigh de theorainneacha na leithreasuithe atá ar fáil arna leithdháileadh ar ranna an Choimisiúin faoin nós imeachta bliantúil chun acmhainní a leithdháileadh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Ar son an Uachtaráin
Maroš ŠEFČOVIČ
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj.
(2) IO L 198, 28.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1369/oj.
(3) Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/125/oj).
(4) Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (C(2003) 1422) (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj).
(5) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(6) Cinneadh C(2016) 3301 final ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2016 lena leagtar síos rialacha cothrománacha maidir le grúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin a chruthú agus a oibriú.
(7) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/443/oj).
(8) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/444/oj).
(9) Is é is cuspóir do na heisceachtaí sin cosaint a dhéanamh ar an tslándáil phoiblí, gnóthaí míleata, caidreamh idirnáisiúnta, beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch, príobháideachas agus sláine an duine aonair, leasanna tráchtála, imeachtaí cúirte agus comhairle dlí, cigireachtaí/imscrúduithe/iniúchtaí agus próiseas cinnteoireachta na hinstitiúide.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2779/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)