|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2777 |
4.11.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2777 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Deireadh Fómhair 2024
maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí tríteasulfúrón, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) agus Airteagal 78(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir 2008/70/CE ón gCoimisiún (2) áirítear Tríteasulfúrón mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). |
|
(2) |
De réir Airteagal 78(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
Formheas na substainte gníomhaí tríteasulfúrón, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 15 Iúil 2025. |
|
(4) |
Cuireadh isteach iarratas ar an bhformheas ar thríteasulfúrón a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse dá bhforáiltear san Airteagal sin. |
|
(5) |
An 14 Iúil 2023, chuir an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia a Chonclúidí maidir leis an measúnú riosca le haghaidh tríteasulfúróin in iúl. Níor shainaithin an tÚdarás aon riosca sonrach ach tháinig sé ar an gconclúid nárbh fhéidir roinnt codanna den mheasúnú riosca a thabhairt chun críche. |
|
(6) |
An 8 Bealtaine 2024, chuir an t-iarratasóir an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh an t-iarratas ar fhormheas tríteasulfúróin a athnuachan a tharraingt siar. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, is iomchuí gan formheas na substainte gníomhaí tríteasulfúrón a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 20(1)(b) de Rialachán (CE) No 1107/2009. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir sin. |
|
(9) |
Ba cheart am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit údaruithe a tharraingt siar. |
|
(10) |
Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil tríteasulfúrón, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse cairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an tréimhse sin a bheith chomh gearr agus is féidir agus gan bheith níos faide ná 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(11) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1757 ón gCoimisiún (6) cuireadh síneadh le dáta éaga tríteasulfúrón go dtí an 15 Iúil 2025 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh formheas na substainte gníomhaí sin in éag. Ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo a luaithe is féidir. |
|
(12) |
Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar iarratas nua a chur isteach maidir leis an tsubstaint ghníomhach tríteasulfúrón de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí
Ní dhéantar formheas na substainte gníomhaí tríteasulfúrón a athnuachan.
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, scriostar ró 186 maidir le tríteasulfúrón.
Airteagal 3
Bearta idirthréimhseacha
Déanfaidh na Ballstáit na húdaruithe a tharraingt siar maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil tríteasulfúrón mar shubstaint ghníomhach faoin 7 Bealtaine 2025.
Airteagal 4
Tréimhse chairde
Aon tréimhse chairde a dheonaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rachaidh sí in éag faoin 7 Samhain 2025.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.
(2) Treoir 2008/70/CE ón gCoimisiún an 11 Iúil 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun tríteasulfúrón a áireamh mar shubstaint ghníomhach (IO L 185, 12.7.2008, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/70/oj).
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/414/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/844/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1757 ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beansulfúrón, clóirmeacuat, clóratolúrón, clómasón, daimínisíd, deiltemheitrin, eoigeanól, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, fluimeitrilin, foistiasáit, géiréiniól, MCPA, MCPB, própacuiseafop, prósulfacarb, cuisileafop-P-eitil, cuisileafop-P-teafuiril, 5-nítreaguaidheacóláit sóidiam, o-nítrifeanóláit sóidiam, p-nítrifeanóláit sóidiam, fluairíd sulfairile, teabúifeinpiorad, tíomól agus tríteasulfúrón (IO L 224, 12.9.2023, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1757/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2777/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)