|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2773 |
28.10.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/2773 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Deireadh Fómhair 2024
lena mbunaítear an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise gan chúis agus gan údar i gcoinne na hÚcráine an 24 Feabhra 2022, tá an tAontas, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais Eorpacha tar éis tacaíocht gan fasach a shlógadh d’athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine. Comhcheanglaítear leis an tacaíocht sin tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear cúnamh eisceachtúil macrairgeadais agus tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, arna ráthú go hiomlán nó i bpáirt ag buiséad an Aontais, chomh maith le tacaíocht airgeadais bhreise ó na Ballstáit. |
|
(2) |
Maidir le cúnamh macrairgeadais suas le EUR 18 billiún a bheith á sholáthar ag an Aontas faoi Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), measadh gur freagairt iomchuí é ar bhearna mhaoinithe na hÚcráine le haghaidh 2023 agus chuidigh sé le maoiniú mór a shlógadh ó dheontóirí eile agus ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta. Ba ghné thábhachtach é sin d’athléimneacht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais na hÚcráine ag tráth cinniúnach. |
|
(3) |
An 29 Feabhra 2024, le Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaíodh an tSaoráid don Úcráin mar ionstraim mheántéarmach eisceachtúil lena dtugtar le chéile an tacaíocht dhéthaobhach a sholáthair an tAontas ar fáil don Úcráin, rud lena n-áirithítear comhordú agus éifeachtúlacht (‘an tSaoráid don Úcráin’). Le linn na tréimhse 2024 go 2027, cuideoidh an tSaoráid don Úcráin le haghaidh a thabhairt ar riachtanais mhaoinithe na hÚcráine agus rannchuideoidh sí lena riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe, agus, an tráth céanna, tacóidh sí le hiarracht athchóirithe na hÚcráine mar chuid dá conair i dtreo aontachas leis an Aontas. Leis an tSaoráid don Úcráin, cuireadh i ngníomh gealltanas buanseasmhach an Aontais chun tacaíocht airgeadais leanúnach a sholáthar don Úcráin agus dá muintir. |
|
(4) |
Tá damáiste ollmhór déanta ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine san Úcráin, agus measadh ar an 31 Nollaig 2023 gurbh é USD 486 bhilliún a bhí sna costais téarnaimh. Thairis sin, chaill an Úcráin rochtain ar mhargaí airgeadais idirnáisiúnta agus tháinig laghdú mór ar ioncam poiblí, agus an tráth céanna, tá méadú mór tagtha ar chaiteachas poiblí. I bhfianaise an mhéid sin, meastar go mbeidh riachtanais chistiúcháin shubstainteacha ann sna blianta atá amach romhainn. |
|
(5) |
An 30 Márta 2023, chomhaontaigh an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) clár 4 bliana ar fiú USD 15,6 billiún é faoin tSaoráid Fhadaithe Chistiúcháin chun cobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a chothú tráth a bhfuil éiginnteacht thar a bheith ard ann, chun inbhuanaitheacht fiachais a athbhunú, agus chun athchóirithe a chur chun cinn a thacaíonn le téarnamh na hÚcráine sa tréimhse iarchogaidh. Ceapadh clár an CAI, mar aon le dearbhuithe maoiniúcháin ó Cheannairí G7, ón Aontas agus ó dheontóirí eile, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine maidir le comhardú na n-íocaíochtaí agus chun inmharthanacht sheachtrach mheántéarmach a athbhunú. Go dtí seo, d’éirigh leis an Úcráin ceithre athbhreithniú cláir faoin tSaoráid Fhadaithe Chistiúcháin a chur i gcrích, rud a léiríonn tiomantas daingean údaráis na hÚcráine athchóirithe agus ceapadh beartais stuama a dhéanamh. Measann CAI gurb é USD 121,9 billiún an bhearna mhaoiniúcháin iomlán bhunlíne le linn thréimhse chlár an CAI. |
|
(6) |
I bhfianaise na héiginnteachta thar a bheith ard a bhaineann leis an ionchas maidir leis an staid san Úcráin, tráth an cheathrú hathbhreithniú cláir faoi CEI, chuir CAI cás neamhfhabhrach nuashonraithe i láthair, rud a chuireann an suaitheadh eacnamaíoch a eascraíonn as cogadh níos déine a bheidh ar siúl go dtí 2025 san áireamh. Mar thoradh ar an drochthionchar ar an meon eacnamaíoch, ar an imirce, ar an mbrú méadaitheach ar an soláthar fuinnimh, ar lagú na n-acmhainneachtaí onnmhairiúcháin, agus go háirithe ar chaiteachas cosanta, bheadh an baol ann go méadódh an bhearna mhaoiniúcháin iomlán faoin gcás neamhfhabhrach sin go USD 140,7 billiún le linn thréimhse chlár an CAI. I bhfianaise dhéine leanúnach an chogaidh, agus an damáiste do bhonneagar sibhialtach criticiúil na hÚcráine de dheasca ionsaithe méadaithe mórscála ag ionsaitheoir na Rúise, ní mór don Úcráin acmhainní móra breise a shlógadh dá tosaíochtaí buiséadacha agus dá tosaíochtaí téarnaimh fhadtéarmaigh agus dá tosaíochtaí atógála fadtéarmaí. Mar thoradh air sin agus ós rud é go bhfuil bearna mhaoiniúcháin iarmharach ann fós de bhreis ar na hacmhainní atá soláthartha cheana féin ag an Aontas, ag deontóirí eile agus ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta, lena n-áirítear CAI, ba cheart don Aontas leanúint de fhreagairt iomchuí a thabhairt. |
|
(7) |
Sa Communiqué ó Cheannairí G7 arna ghlacadh an 14 Meitheamh 2024 in Apulia, d’athdhearbhaigh siad a dtacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin, agus a ngealltanas láidir cabhrú leis an Úcráin a riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin ghearrthéarmacha a chomhlíonadh, agus tacú freisin lena tosaíochtaí fadtéarmacha téarnaimh agus atógála. Chuige sin, d’fhógair Ceannairí G7 seoladh an tionscnaimh ‘Iasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Urghnách don Úcráin’, chun thart ar USD 50 billiún de chistiú breise a chur ar fáil le haghaidh riachtanais mhíleata, bhuiséadacha agus atógála na hÚcráine faoi dheireadh 2024. D’fhógair Ceannairí G7 go bhfuil sé ar intinn acu maoiniú a sholáthar a ndéanfar seirbhísiú air agus a aisíocfar le sreafaí ioncaim urghnácha amach anseo a eascraíonn as blocáil shócmhainní ceannasacha na Rúise atá á sealbhú san Aontas agus i ndlínsí ábhartha eile. |
|
(8) |
Sna conclúidí uaithi an 27 Meitheamh 2024, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún, ar an Ardionadaí agus ar an gComhairle leanúint den obair, agus aghaidh á tabhairt san am céanna ar na gnéithe ábhartha dlíthiúla agus airgeadais uile, chun cistiú breise a sholáthar don Úcráin faoi dheireadh na bliana i bhfoirm iasachtaí a ndéanfar seirbhísiú orthu agus a aisíocfar le sreafaí amach anseo den ioncam urghnách in éineacht le comhpháirtithe G7 mar a phléigh Ceannairí G7, chun tacú le riachtanais mhíleata, bhuiséadacha agus atógála na hÚcráine atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Dúirt an Chomhairle Eorpach freisin, faoi réir dhlí an Aontais, gur cheart sócmhainní na Rúise leanúint de bheith blocáilte go dtí go gcuirfeadh an Rúis deireadh lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus go gcúiteodh sí an Úcráin as an damáiste a rinne an cogadh sin. |
|
(9) |
I gcomhthéacs chogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, is gá a áirithiú go soláthrófar tacaíocht airgeadais leordhóthanach leanúnach don Úcráin. Chuige sin, ba cheart an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin (‘an Sásra’) a bhunú chun tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a sholáthar don Úcráin d’fhonn cabhrú leis an tír na hiasachtaí a soláthraíodh chun tacú léi a aisíoc. Ba cheart an Sásra acmhainní a fháil, lena n-áirítear acmhainní ó shreafaí amach anseo de bhrabúis urghnácha a eascraíonn as sócmhainní blocáilte na Rúise, agus na hacmhainní sin a eisíoc ar bhonn rialta leis an Úcráin chun an phríomhshuim, an t-ús agus aon chostais ghaolmhara eile a bhaineann le hiasachtaí a chumhdach. Thairis sin, chun go mbeidh an tAontas féin in ann cabhrú go díreach leis an Úcráin chun freastal ar a riachtanais mhaoiniúcháin, ba cheart don Aontas cúnamh macrairgeadais eisceachtúil a sholáthar don Úcráin i bhfoirm iasachta (an ‘Iasacht MFA’) a bhfuil an Sásra le tacú léi. |
|
(10) |
An 21 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1470 ón gComhairle (4), lenar leasaíodh Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle (5). Sonraítear i gCinneadh (CBES) 2024/1470, aithris 28, gur ‘cheart na bearta sriantacha a bhaineann leis an toirmeasc ar idirbhearta a bhaineann le bainistiú shócmhainní agus chúlchistí Bhanc Ceannais na Rúise a bheith i bhfeidhm go dtí go gcuirfidh an Rúis deireadh lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus go gcúiteoidh sí an Úcráin as an damáiste a rinne an cogadh sin’. |
|
(11) |
An 21 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/1469 ón gComhairle (6), lenar leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle (7). Le Rialachán (AE) 2024/1469, tugtar éifeacht do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2024/1470. Is é atá sna bearta sin na rialacha maidir leis an gcaoi a bhfuil an glanbhrabús a eascraíonn as na hioncaim urghnácha gan choinne a fhabhraítear i dtaisclanna lárnacha urrús de thoradh chur chun feidhme an toirmisc a leagtar síos in Airteagal 1a(4) de Chinneadh 2014/512/CBES agus in Airteagal 5a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a dhíriú ar thacaíocht le tabhairt don Úcráin, lena n-áirítear tacaíocht trí chláir ón Aontas, arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais, i gcomhsheasmhacht leis na hoibleagáidí conarthacha is infheidhme, agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta, i gcomhordú le comhpháirtithe. Go sonrach, tá taisclanna lárnacha urrús a shealbhaíonn sócmhainní agus cúlchistí Bhanc Ceannais na Rúise ar mó a luach iomlán ná EUR 1 mhilliún le ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leis an Aontas arb ionann í agus 99,7 % de na glanbhrabúis a eascraíonn as blocáil shócmhainní ceannasacha na Rúise agus atá ag carnadh ó bhí 15 Feabhra 2024 ann. |
|
(12) |
Ba cheart an ranníocaíocht airgeadais ó na taisclanna lárnacha urrús don Aontas a bheith dlite fad atá na bearta sriantacha a bhaineann leis an toirmeasc ar idirbhearta a bhaineann le bainistiú shócmhainní agus chúlchistí Bhanc Ceannais na Rúise i bhfeidhm, agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh fanacht i bhfeidhm go dtí go gcuirfidh an Rúis deireadh lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus go gcúiteoidh sí an Úcráin as an damáiste a rinne an cogadh sin. |
|
(13) |
An 24 Deireadh Fómhair 2024, rinne an Chomhairle an céatadán de mhéideanna na ranníocaíochta airgeadais atá dlite ó thaisclanna lárnacha urrús a úsáidfear chun tacú leis an Úcráin trí chláir de chuid an Aontais a leagtar amach i gCinneadh 2014/512/CBES a choigeartú go 95 %. An dáta céanna, rinne an Chomhairle leithdháileadh mhéideanna na ranníocaíochta airgeadais a íocadh le buiséad an Aontais mar ioncaim shannta sheachtracha, a leagtar amach in Iarscríbhinn XLI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle, a choigeartú, agus rinne an Chomhairle 100 % den ranníocaíocht sin a leithdháileadh ar an Sásra. Dá bhrí sin, tá na bearta is gá déanta ag an Aontas chun a áirithiú go leanfar d’úsáid a bhaint as an ranníocaíocht airgeadais le haghaidh an tSásra. |
|
(14) |
Ba cheart é a bheith indéanta tacú leis an Sásra trí ioncam urghnách a eascraíonn as blocáil shócmhainní ceannasacha na Rúise atá á sealbhú i ndlínsí ábhartha seachas an tAontas a sholáthar. Chuige sin, ba cheart do thríú tíortha nó d’fhoinsí eile a bheith in ann rannchuidiú leis an Sásra. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rannchuidiú ar bhonn deonach leis an Sásra, go háirithe ó ioncam a fhabhraíonn don Bhallstát lena mbaineann a thagann as blocáil shócmhainní ceannasacha na Rúise. Ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointí (a), (d) agus (e), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (‘an Rialachán Airgeadais’) ba cheart a bheith i ranníocaíochtaí den sórt sin. Thairis sin, ba cheart do thríú tíortha a bheith in ann úsáid dhíreach a bhaint as ioncaim urghnácha a eascraíonn as blocáil shócmhainní ceannasacha na Rúise laistigh dá ndlínse chun riachtanais aisíocaíochta aon iasachta déthaobhaí a thugtar don Úcráin a laghdú, agus ar an gcaoi sin tacú leis an Sásra tríd an leibhéal iomlán tacaíochta a bheadh ag teastáil don iasacht sin a laghdú. |
|
(15) |
Ba cheart tacaíocht faoin Sásra a bheith ar fáil chun méid foriomlán na príomhshuime, an úis agus aon chostais ghaolmhara eile a bhaineann leis an Iasacht MFA arna tógáil ag an Úcráin trí shíniú comhaontaithe a bhaineann leis an Iasacht MFA (‘an Comhaontú Iasachta MFA’), agus trí chomhaontuithe iasachta déthaobhaí le hiasachtóirí déthaobhacha ag gníomhú dóibh faoi choimirce thionscnamh G7 ‘Iasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Urghnách don Úcráin’ mar a leagtar amach i Communiqué Cheannairí G7 a glacadh an 14 Meitheamh 2024 in Apulia. |
|
(16) |
Ba cheart tacaíocht faoin Sásra a bheith ar fáil agus soláthartha ar bhealach lena n-áirithítear rochtain chomhionann d’iasachtóirí déthaobhacha agus don Aontas araon. Le soláthar iasachtaí déthaobhacha trí idirghabhálaí, níor cheart bac a chur ar incháilitheacht iasachtaí den sórt sin chun críocha an Rialacháin seo. Ba cheart tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a leithdháileadh ar an Úcráin chun an Iasacht MFA agus na hiasachtaí déthaobhacha incháilithe a aisíoc i gcomhréir le príomhshuim na hiasachta faoi seach in aghaidh shuim phríomhshuim na hiasachta MFA agus na n-iasachtaí déthaobhacha incháilithe uile. Ba cheart an leithdháileadh a athchoigeartú a luaithe a bheidh na hiasachtaí faoi seach, lena n-áirítear ús agus aon chostais ghaolmhara eile, aisíoctha go hiomlán ag an Úcráin, sa chaoi go leithdháilfear aon acmhainn amach anseo ar na hiasachtaí atá fágtha i gcomhréir le príomhshuim na hIasachta MFA nó na hiasachta déthaobhaí incháilithe in aghaidh shuim phríomhshuim na n-iasachtaí uile atá fágtha. Ba cheart príomhshuim gach iasachta a mheas mar an phríomhshuim tosaigh a gealladh i ndoiciméadacht na hiasachta faoi seach agus níor cheart tosca eile a chur san áireamh léi, amhail aisíocaíochtaí, maoiniú breise nó aon suim chaipitlithe. |
|
(17) |
Chun a áirithiú gur féidir leis an Sásra tacú go tapa agus go héifeachtúil le hiasachtaí déthaobhacha arna soláthar ag iasachtóirí déthaobhacha, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na hiasachtaí déthaobhacha atá le soláthar ag iasachtóirí déthaobhacha atá ag gníomhú faoi choimirce thionscnamh G7 ‘Iasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Urghnách don Úcráin’ agus, i gcás inarb ábhartha, iad a fhormheas le haghaidh tacaíochta. I gcás ina bhfuil comhaontuithe iasachta déthaobhaí den sórt sin i bhfoirm dréachta nó i gcás nach bhfuil siad tagtha i bhfeidhm go fóill, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar a dteacht i bhfeidhm. Chun eisíocaíocht thráthúil iasachtaí déthaobhacha don Úcráin a áirithiú, ba cheart comhaontuithe iasachta déthaobhaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Meitheamh 2025 agus ba cheart iad a theacht i bhfeidhm faoin 30 Meitheamh 2025. |
|
(18) |
Ba cheart scaoileadh na tacaíochta faoin Sásra a bheith ag brath ar chomhaontú a thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin maidir leis na forálacha mionsonraithe chun an Sásra a chur chun feidhme, agus ar mheasúnú dearfach ón gCoimisiún ar iarraidh ar thacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha arna tíolacadh ag an Úcráin. Ba cheart don Úcráin an fhaisnéis is gá a sholáthar don Choimisiún chun a áirithiú go dtacaíonn an Sásra le hiasachtaí déthaobhacha suas leis an méid iomlán atá dlite don iasachtóir déthaobhach lena mbaineann. Go heisceachtúil, agus ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, d’fhéadfadh an Coimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar iarrataí ar íocaíochtaí ó iasachtóirí déthaobhacha. |
|
(19) |
Sa bhreis ar an tacaíocht faoin Sásra, ba cheart Iasacht MFA a sholáthar chun tacú le cobhsaíocht macrairgeadais san Úcráin, agus chun srianta na hÚcráine maidir le maoiniú seachtrach a éascú, go háirithe d’fhonn riachtanais mhaoiniúcháin na tíre a chumhdach. I bhfianaise a phráinní atá na riachtanais mhaoiniúcháin sin, ba cheart an Iasacht MFA a bheith ar fáil roimh dheireadh 2024. |
|
(20) |
Ba cheart don Iasacht MFA tacaíocht i bhfoirm iasachta suas le EUR 35 bhilliún a sholáthar. Chun freastal ar na hiarrataí a d’fhéadfadh a bheith ann ar thacaíocht d’iasachtaí déthaobhacha faoin Sásra agus bainistiú fónta airgeadais tacaíochta ón Aontas atá ar fáil faoin Rialachán seo á áirithiú ag an am céanna, ba cheart méid na hIasachta MFA a choigeartú agus iasachtaí déthaobhacha don Úcráin arna bhformheas mar iasachtaí incháilithe faoin Sásra á gcur san áireamh, mar aon leis an bpríomhshuim a léirítear in rúin shonraithe tríú tíortha a cuireadh in iúl don Choimisiún faoi choimirce thionscnamh G7 ‘Iasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Urghnách don Úcráin’. Ba cheart an coigeartú sin a dhéanamh i gcás ina sáraíonn méid iomlán na n-iasachtaí uile ar lorgaíodh tacaíocht ina leith faoin Rialachán seo EUR 45 bhilliún. |
|
(21) |
Ba cheart an tacaíocht don Úcráin faoin Iasacht MFA a bheith sa bhreis ar an tacaíocht ón Aontas arna soláthar faoin tSaoráid don Úcráin. Ba cheart í a bheith comhlántach léi. Ba cheart don Choimisiún, i ngach cás inar féidir, féachaint leis an ualach riaracháin agus leis an ualach tuairiscithe ar an Úcráin a íoslaghdú. |
|
(22) |
Ba cheart an tacaíocht faoin Iasacht MFA a chur ar fáil faoin réamhchoinníoll go leanfadh an Úcráin de shásraí agus institiúidí éifeachtacha daonlathacha a chaomhnú agus a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine a ráthú, lena n-áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Ba cheart feidhm a bheith ag an réamhchoinníoll sin freisin maidir le hiarrataí ar eisíocaíocht ón Sásra mar a bhaineann siad leis an Iasacht MFA. Tá feidhm ag an réamhchoinníoll céanna maidir leis an tacaíocht arna soláthar faoin tSaoráid don Úcráin agus ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a dhéanamh ar an dá ionstraim i dteannta a chéile. |
|
(23) |
Ba cheart don Choimisiún Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (9) agus ról na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí. |
|
(24) |
Ba cheart an Iasacht MFA a bheith nasctha le coinníollacha beartais atá le leagan amach i meabhrán tuisceana idir an Coimisiún agus an Úcráin (‘an Meabhrán Tuisceana’). Ba cheart na coinníollacha sin a bheith comhsheasmhach leis na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle (10), agus le haon leasú orthu a dhéanfar faoin tráth a ghlacfar an Meabhrán Tuisceana. Ina theannta sin, ba cheart a áireamh sa Mheabhrán Tuisceana gealltanas ón Úcráin comhar leis an Aontas a chur chun cinn maidir le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú thionscal cosanta na hÚcráine, i gcomhréir le cuspóirí na gclár de chuid an Aontais atá dírithe ar théarnamh, atógáil agus nuachóiriú Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch Cosanta na hÚcráine agus cuspóirí clár ábhartha eile de chuid an Aontais. Ba cheart na bearta is gá a dhéanamh freisin chun comhordú agus comhlántacht na n-iasachtaí déthaobhacha a áirithiú, lena n-áirítear an Iasacht MFA, leis na deontóirí eile. I ndáil leis an méid sin, ba cheart an tArdán Deontóirí don Úcráin a úsáid mar fhóram atá bunaithe cheana féin le haghaidh an mhalartaithe sin. |
|
(25) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann leis an éifeachtúlacht, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na hÚcráine faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a d’fhéadfadh a bheith ag cúnamh, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a úsáid. I bhfianaise mhéid na hIasachta MFA don Úcráin, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le glacadh an Mheabhráin Tuisceana, agus maidir le haon chás ina ndéanfaí an Iasacht MFA a laghdú nó a chur ar ceal. |
|
(26) |
Ba cheart scaoileadh na tráthchoda aonair faoin Iasacht MFA a bheith ag brath ar mheasúnú dearfach arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar iarraidh ar chistí arna tíolacadh ag an Úcráin. Ba cheart an measúnú ar na coinníollacha beartais a leagtar amach sa Mheabhrán Tuisceana a bheith gan dochar don mheasúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha ailínithe faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. |
|
(27) |
I bhfianaise phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, agus chun bainistiú leachtachta údaráis na hÚcráine a éascú agus chun intuarthacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go n-eisíocfar na tráinsí den Iasacht MFA le linn 2024 agus 2025, chun éagsúlachtaí móra idir méideanna ó ráithe go ráithe á seachaint a mhéid is féidir. Ba cheart eisíocaíocht na dtráinsí sin a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, le huainiú eisíocaíochtaí na hiasachta nó na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha faoi Cholún I den tSaoráid don Úcráin. Thairis sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht athmheasúnú a dhéanamh ar riachtanais chistiúcháin na hÚcráine agus an tacaíocht faoin Iasacht MFA a laghdú nó a chur ar ceal má thagann laghdú bunúsach ar na riachtanais sin le linn thréimhse infhaighteachta na tacaíochta faoin Iasacht MFA i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh. |
|
(28) |
Maidir leis an gChomhaontú Iasachta MFA atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis na hÚcráine, ba cheart forálacha a bheith ann atá ailínithe leis na cearta, na freagrachtaí agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa chreat-chomhaontú faoin tSaoráid don Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/792 a síníodh idir an tAontas agus an Úcráin agus a tháinig i bhfeidhm an 20 Meitheamh 2024. Leis sin, áiritheofar go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha leis an Iasacht MFA, agus go soláthrófar na bearta iomchuí a bhaineann le calaois, éilliú agus aon neamhrialtacht eile a chosc agus a chomhrac i dtaca leis an gcúnamh sin. Ina theannta sin, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tabharfaidh sé na cearta agus an rochtain is gá don Choimisiún, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i gcás inarb infheidhme, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, lena n-áirítear ó thríú páirtithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme chistí an Aontais le linn agus i ndiaidh na tréimhse ina mbeidh an Iasacht MFA ar fáil. Ba cheart don Úcráin neamhrialtachtaí maidir le húsáid na gcistí a thuairisciú don Choimisiún freisin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa chreat-chomhaontú faoin tSaoráid don Úcráin. |
|
(29) |
I gcomhthéacs riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine, is iomchuí an cúnamh airgeadais a eagrú faoin straitéis chistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 224 den Rialachán Airgeadais agus a bhunaítear mar mhodh cistiúcháin aonair ann, rud a bhfuil coinne leis go bhfeabhsóidh sé leachtacht bhannaí an Aontais agus tarraingteacht agus costéifeachtacht eisiúint an Aontais. |
|
(30) |
De mhaolú ar Airteagal 31(3), an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), níor cheart tacú leis an dliteanas airgeadais ón Iasacht MFA leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, arna bunú le Rialachán (AE) 2021/947. Ba cheart tacaíocht i bhfoirm na hIasachta MFA a bheith ina cúnamh airgeadais de réir bhrí Airteagal 223(1) den Rialachán Airgeadais. Ós rud é go bhfuil cúnamh airgeadais na hIasachta MFA ar fáil in 2024 agus go n-údaraítear é i gcomhréir le hAirteagal 223(1) den Rialachán Airgeadais, is iomchuí an ráthaíocht le haghaidh na hIasachta MFA don Úcráin a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) agus suas le teorainneacha na n-uasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (13) i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (14). Nuair atá na rioscaí airgeadais agus an cumhdach buiséadach á mbreithniú, níor cheart aon soláthar a dhéanamh don tacaíocht ón Iasacht MFA, a bheadh le ráthú de bhreis ar na huasteorainneacha CAI agus, de mhaolú ar Airteagal 214(1) den Rialachán Airgeadais, níor cheart aon ráta soláthair a shocrú. |
|
(31) |
I bhfianaise staid dheacair na hÚcráine mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise agus chun tacú leis an Úcráin ar a conair fhadtéarmach cobhsaíochta, is iomchuí don Aontas an Iasacht MFA a sholáthar don Úcráin ar ardleibhéal lamháltais a mhairfidh ar feadh tréimhse sách fada chun freastal ar acmhainneachtaí na ráthaíochta os cionn na n-uasteorainneacha MFF. |
|
(32) |
Ba cheart don Choimisiún tacaíocht ón Aontas don Úcráin faoin Rialachán seo a bhainistiú. |
|
(33) |
Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Rialacháin seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi aon dul chun cinn a dhéantar maidir le tacaíocht ón Aontas don Úcráin faoin Rialachán seo, agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh. |
|
(34) |
Chun éifeachtacht leanúnach na socruithe a bhunaítear leis an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar leordhóthanacht na socruithe sin agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis sin, agus ar an gcaoi sin, trédhearcacht agus cuntasacht a ráthú. |
|
(35) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
(36) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon tacaíocht a sholáthar don Úcráin chun a riachtanais mhaoiniúcháin a chumhdach, go háirithe trí fhaoiseamh gearrthéarmach agus fadtéarmach lamháltais a sholáthar i bhfoirm na hIasachta MFA agus i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha faoin Sásra, ach, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(37) |
I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla atá ann mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a agairt. |
|
(38) |
I bhfianaise na staide san Úcráin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, bunaítear an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin (‘an Sásra’) agus cuirtear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ar fáil don Úcráin i bhfoirm iasachta (an ‘Iasacht MFA’) d’fhonn tacú leis an Úcráin a riachtanais mhaoiniúcháin a chumhdach.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘tacaíocht ón Aontas’ an Iasacht MFA agus an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha atá ar fáil faoin Sásra; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘iasacht dhéthaobhach’ iasacht a thugann tríú tír go díreach nó go hindíreach mar iasachtóir déthaobhach chun tairbhe na hÚcráine; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘iasacht dhéthaobhach incháilithe’ iasacht dhéthaobhach arna formheas ag an gCoimisiún mar iasacht atá incháilithe faoin Sásra; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘Iasacht MFA’ an tacaíocht airgeadais eisceachtúil a chuireann an tAontas ar fáil don Úcráin i bhfoirm iasachta faoi Chaibidil III; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘Comhaontú Iasachta MFA’ an comhaontú iasachta arna shíniú ag an gCoimisiún, thar ceann an Aontais, agus ag an Úcráin faoi Chaibidil III; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘costais ghaolmhara eile’ aon chostas nó táille atá dlite faoin Iasacht MFA agus faoin iasacht dhéthaobhach, faoi seach. |
CAIBIDIL II
SÁSRA COMHAIR LE hAGHAIDH IASACHTAÍ DON ÚCRÁIN
Airteagal 3
Cuspóir
Is é is cuspóir don Sásra tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a sholáthar don Úcráin d’fhonn cúnamh a thabhairt don Úcráin an Iasacht MFA agus iasachtaí déthaobhacha incháilithe a aisíoc. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, gheobhaidh an Sásra acmhainní agus eisíocfaidh sé leis an Úcráin iad ar bhonn rialta chun príomhshuim, ús agus aon chostais ghaolmhara eile a bhaineann leis an Iasacht MFA agus le hiasachtaí déthaobhacha incháilithe a chumhdach. Áiritheofar leis an Sásra, ina chuid oibríochtaí, go mbeidh rochtain chomhionann ag iasachtóirí déthaobhacha agus ag an Aontas araon.
Airteagal 4
Maoiniú
1. Tabharfar acmhainní don Sásra a chuirfear ar fáil tríd an méid seo a leanas:
|
(a) |
méideanna arna n-aistriú i gcomhréir le hIarscríbhinn XLI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle, arb é a bheidh iontu ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais; agus |
|
(b) |
méideanna arna bhfáil mar ranníocaíochtaí airgeadais ó Bhallstáit, ó thríú tíortha nó ó fhoinsí eile:. ioncam sannta seachtrach a bheidh i ranníocaíochtaí den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointí (a), (d) agus (e), faoi seach, den Rialachán Airgeadais. |
2. Le haghaidh na ranníocaíochtaí uile dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo tabharfar comhaontú ranníocaíochta i gcrích idir an Coimisiún, thar ceann an Aontais, agus an ranníocóir. Go sonrach, beidh forálacha maidir le coinníollacha íocaíochta sa chomhaontú ranníocaíochta. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go comhuaineach agus gan mhoill faoi na comhaontuithe ranníocaíochta arna dtabhairt i gcrích.
Airteagal 5
Tacaíocht atá ar fáil
1. Beidh an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoin Sásra ar fáil faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 6, 7 agus 8 chun cúnamh a thabhairt don Úcráin an phríomhshuim, an t-ús agus aon chostais ghaolmhara eile a bhaineann leis na nithe seo a leanas a aisíoc:
|
(a) |
an iasacht MFA; agus |
|
(b) |
iasachtaí déthaobhacha incháilithe. |
2. Ba cheart an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoin Sásra a leithdháileadh ar an Úcráin chun cúnamh a thabhairt an Iasacht MFA agus na hiasachtaí déthaobhacha incháilithe dá dtagraítear i mír 1 a aisíoc i gcomhréir le príomhshuim gach iasachta arna sloinneadh in euro in aghaidh shuim phríomhshuim na hiasachta MFA agus na n-iasachtaí déthaobhacha incháilithe uile arna sloinneadh in euro. A luaithe a bheidh an Iasacht MFA nó iasacht dhéthaobhach incháilithe aisíoctha go hiomlán ag an Úcráin, lena n-áirítear ús agus aon chostais ghaolmhara eile, déanfar an leithdháileadh sin a choigeartú ionas go leithdháilfear aon acmhainn amach anseo faoin Iasacht ar iasachtaí atá fágtha i gcomhréir le príomhshuim gach iasachta arna sloinneadh in euro in aghaidh shuim phríomhshuim na n-iasachtaí uile atá fágtha arna sloinneadh in euro.
3. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena mbunófar an leithdháileadh dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo idir an Iasacht MFA agus iasachtaí déthaobhacha incháilithe. Úsáidfidh an Coimisiún príomhshuim gach iasachta déthaobhaí incháilithe arna sloinneadh in euro dá dtagraítear in Airteagal 6(5), pointe (b). Leasóidh an Coimisiún an cinneadh sin gan mhoill chun gach iasacht dhéthaobhach a áireamh ar theacht i bhfeidhm na hiasachta sin. Féadfaidh an Coimisiún an cinneadh sin a leasú chun an leithdháileadh ar iasacht dhéthaobhach a laghdú go comhréireach i gcás nach n-eisíocfar an iasacht dhéthaobhach sin go hiomlán faoin 31 Nollaig 2027.
4. Ní rachaidh méid foriomlán phríomhshuim na hiasachta MFA agus na n-iasachtaí déthaobhacha incháilithe dá dtagraítear i mír 1 thar EUR 45 bhilliún.
5. Is in euro a thabharfar an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoin Sásra.
6. Beidh gach íocaíocht faoi réir infhaighteacht na n-acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
7. Ní ghabhfaidh an tAontas aon dliteanas air féin maidir le haisíoc iasachtaí déthaobhacha incháilithe.
Airteagal 6
Cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún maidir le hincháilitheacht na n-iasachtaí déthaobhacha
1. Más mian leis an Úcráin tacaíocht a iarraidh faoin Sásra chun cúnamh a thabhairt di iasacht dhéthaobhach a aisíoc, cuirfidh sí téacs an chomhaontaithe iasachta déthaobhaí ábhartha faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Meitheamh 2025.
2. Déanfaidh an Coimisiún measúnú gan mhoill ar incháilitheacht iasachtaí déthaobhacha faoin Sásra i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:
|
(a) |
níor síníodh an comhaontú iasachta déthaobhaí roimh an 20 Meán Fómhair 2024; |
|
(b) |
tá contrapháirtí na hiasachta déthaobhaí ag gníomhú faoi choimirce thionscnamh G7 ‘Iasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Urghnách don Úcráin’; agus |
|
(c) |
tá an iasacht dhéthaobhach le heisíoc go hiomlán chun tairbhe na hÚcráine roimh an 31 Nollaig 2027; féadfaidh eisíocaíochtaí den sórt sin a bheith nasctha le cur i gcrích na gcoinníollacha beartais. |
Chun críocha an mheasúnaithe, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a lorg ón Úcráin.
3. Coinníoll fionraíochta i gcomhaontú iasachta déthaobhaí lena bhforáiltear nach dtiocfaidh comhaontú den sórt sin i bhfeidhm sula bhformheasfaidh an Coimisiún incháilitheacht na hiasachta déthaobhaí nó sula dtiocfaidh an comhaontú maidir leis an Sásra dá dtagraítear in Airteagal 7 i bhfeidhm, ní chuirfidh an coinníoll sin cosc ar an gCoimisiún measúnú dearfach a dhéanamh ar an iasacht dhéthaobhach.
4. Déanfaidh an Coimisiún incháilitheacht iasachta déthaobhaí a fhormheas trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme.
5. Leagfar amach an méid seo a leanas sa chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo:
|
(a) |
an t-iasachtóir déthaobhach; |
|
(b) |
príomhshuim na hiasachta déthaobhaí arna sloinneadh in euro; a mhéid is gá, sloinnfear príomhshuim na hiasachta déthaobhaí in airgeadra na hiasachta déthaobhaí faoi seach, i gcás inarb é ráta comhshó na hiasachta déthaobhaí go euro ráta malairte laethúil an euro arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 20 Meán Fómhair 2024; agus |
|
(c) |
an t-údar leis an measúnú dearfach ar an iasacht dhéthaobhach. |
6. Ní rachaidh suim phríomhshuimeanna na n-iasachtaí déthaobhacha uile arna bhformheas ag an gCoimisiún de réir an Airteagail seo agus na hiasachta MFA thar an méid a leagtar síos in Airteagal 5(4).
7. Féadfaidh an Coimisiún an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a aisghairm mura dtiocfaidh an comhaontú iasachta déthaobhaí ábhartha i bhfeidhm faoin 30 Meitheamh 2025.
8. I gcás measúnú diúltach ar an iasacht dhéthaobhach, cuirfidh an Coimisiún an measúnú sin in iúl don Úcráin, agus tabharfaidh sé cúiseanna lena mheasúnú.
Airteagal 7
Comhaontú maidir leis an Sásra a chur chun feidhme
1. Ní dheonófar tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoin Sásra dá dtagraítear in Airteagal 5 don Úcráin go dtí go mbeidh comhaontú maidir leis an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin a chur chun feidhme tugtha i gcrích ag an gCoimisiún leis an Úcráin (‘Comhaontú ULCM’).
2. Beidh na heilimintí seo a leanas i gComhaontú ULCM, go háirithe:
|
(a) |
an oibleagáid atá ar an Úcráin an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a úsáid faoin Sásra chun an phríomhshuim, an t-ús agus aon chostais ghaolmhara eile a bhaineann leis an Iasacht MFA nó le hiasachtaí déthaobhacha incháilithe a aisíoc; |
|
(b) |
sonraí cuntais bhainc na n-iasachtóirí déthaobhacha uile, lena n-íocfaidh an Coimisiún íocaíochtaí na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha faoin Sásra a bhaineann lena n-iasachtaí déthaobhacha; |
|
(c) |
maidir le híocaíochtaí na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha faoin Sásra a bhaineann leis an Iasacht MFA, forálacha lena n-áirithítear go n-úsáidfidh an tAontas na méideanna sin chun an Iasacht MFA a aisíoc go díreach; |
|
(d) |
forálacha tiomnaithe lena léirítear Airteagal 5(7) agus lena n-áirithítear nach mbeidh an tAontas faoi dhliteanas i leith aon damáiste arb í an Úcráin nó aon tríú páirtí is cúis leis agus iasachtaí déthaobhacha incháilithe á gcur chun feidhme, lena n-áirítear damáiste mar thoradh ar chur chun feidhme an tSásra, agus go sonrach i gcás ina n-athraíonn na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 4(1) le himeacht ama nó ina scoireann siad de bheith ann; |
|
(e) |
an oibleagáid atá ar an Úcráin cruthúnas a fháil ó na hiasachtóirí déthaobhacha agus cruthúnas ar an méid seo a leanas a sholáthar don Choimisiún gan mhoill:
|
|
(f) |
an oibleagáid atá ar an Úcráin aontú le gach iasachtóir déthaobhach go mbeidh aon mhéid arna soláthar ag an Úcráin le hiasachtóir déthaobhach chun an iasacht dhéthaobhach a aisíoc nach n-urscaoileann na hoibleagáidí aisíocaíochta láithreach, go mbeidh siad fós ar fáil go dtí go mbeidh na hoibleagáidí aisíocaíochta dlite, agus go mbeidh aon ús atá fabhraithe ar an méid sin ar fáil freisin lena úsáid chun na hoibleagáidí faoin gcomhaontú iasachta déthaobhaí a urscaoileadh; |
|
(g) |
an oibleagáid atá ar an Úcráin an méid seo a leanas a chur le gach iarraidh ar íocaíocht:
|
|
(h) |
údarú sainráite d’iasachtóirí déthaobhacha iarraidh ar íocaíocht a dhéanamh go heisceachtúil de bhun Airteagal 8(6), ar choinníoll go gcuirfidh na hiasachtóirí déthaobhacha an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g) den mhír seo isteach; agus |
|
(i) |
aon cheanglas eile is gá chun an Sásra a chur chun feidhme. |
3. A mhéid is gá, leasófar Comhaontú ULCM tar éis theacht i bhfeidhm aon chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún arna ghlacadh de bhun Airteagal 6(4).
Airteagal 8
An tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a eisíoc
1. Féadfaidh an Úcráin iarraidh ar thacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoin Sásra i leith na hiasachta MFA agus i leith iasachtaí déthaobhacha incháilithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi dhó sa bhliain.
2. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar iarraidh na hÚcráine ar thacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoin Sásra ar bhonn na gceanglas seo a leanas:
|
(a) |
comhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach in Airteagal 11(1), réamhchoinníoll nach mbeidh infheidhme ach amháin a mhéid a bhaineann leis an Iasacht MFA; |
|
(b) |
deimhniú nach mó luach iomlán na n-eisíocaíochtaí i leith na hiasachta MFA nó i leith gach iasachta déthaobhaí incháilithe, mar aon le haon ús a fabhraíodh ina leith, ná an méid iomlán atá dlite don iasachtóir déthaobhach sin; agus |
|
(c) |
comhlíonadh oibleagáidí Chomhaontú ULCM. |
3. Faoi réir infhaighteacht na n-acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 4(1), i gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú dearfach ar an iarraidh ar thacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoin Sásra, glacfaidh sé cinneadh gan moill mhíchuí lena n-údarófar an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a eisíoc faoin Sásra, lena n-áirítear an méid a eisíocadh chun tacú le haisíoc gach iasachta déthaobhaí incháilithe agus an méid a cuireadh ar fáil chun tacú le haisíoc na hiasachta MFA. Beidh an méid a eisíocfar faoin Sásra cothrom le méid na n-acmhainní atá ar fáil ar bhonn Airteagal 4(1). Déanfar an méid a eisíocfar a leithdháileadh i gcomhréir leis an gcinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 5(3).
4. I gcás ina mbeidh an méid a chuirfear ar fáil don Úcráin chun tacú le haisíoc na hiasachta MFA níos mó ná an méid atá dlite le haisíoc faoin Iasacht MFA, féadfar an méid barrachais a úsáid chun an Iasacht MFA a aisíoc go luath i gcomhréir le hAirteagal 15(2), pointe (e), nó féadfaidh an tAontas é a choinneáil chun tacú le haisíoc na hiasachta MFA amach anseo, agus chun na críche sin amháin. Aon ús a fhabhraítear air sin, beidh sé ar fáil freisin chun tacú leis an gcuspóir sin.
5. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú diúltach ar an iarraidh ar thacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoin Sásra, cuirfidh sé an Úcráin ar an eolas, gan mhoill, agus tabharfaidh sé cúiseanna lena mheasúnú.
6. Gan dochar do mhíreanna 1 ná 2 den mhír seo, féadfaidh an Coimisiún, ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, measúnú eisceachtúil a dhéanamh ar iarrataí ar íocaíocht arna dtíolacadh ag na hiasachtóirí déthaobhacha, go háirithe i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 11(5) nó i gcás nach bhfuil an Úcráin i gcomhréir lena hoibleagáidí faoi Chomhaontú ULCM.
CAIBIDIL III
CÚNAMH MACRAIRGEADAIS
Airteagal 9
Infhaighteacht an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas
1. Cuirfidh an tAontas cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ar fáil don Úcráin d’fhonn tacú leis an Úcráin a cuid riachtanais mhaoiniúcháin a chumhdach. Is i bhfoirm iasachta (an ‘Iasacht MFA’) a sholáthrófar an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas don Úcráin. Rannchuideoidh an Iasacht MFA le bearna mhaoinithe na hÚcráine a chumhdach mar a shainaithnítear í i gcomhar le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais.
2. Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an chaoi a scaoilfear an Iasacht MFA ón Aontas ar bhonn a mheasúnaithe ar an réamhchoinníoll dá dtagraítear in Airteagal 11(1) agus ar chur chun feidhme na gcoinníollacha beartais a áirítear sa mheabhrán tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 12(1).
3. Beidh an Iasacht MFA ar fáil go dtí an 31 Nollaig 2024. Cuirfidh an Coimisiún an iasacht sin ar fáil in aon tráthchuid amháin, tráthchuid a fhéadfar a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó. Déanfar na tráinsí sin uile a eisíoc faoin 31 Nollaig 2025.
Airteagal 10
Méid
1. Uasmhéid EUR 35 bhilliún a bheidh san Iasacht MFA. Mar sin féin, tráth a ghlacfar an cinneadh ón gCoimisiún maidir le scaoileadh na tráthchoda dá dtagraítear in Airteagal 13, más mó ná EUR 45 bhilliún suim an uasmhéid sin agus phríomhshuim na n-iasachtaí déthaobhacha incháilithe a d'fhormheas an Coimisiún cheana féin de réir Airteagal 6, agus na príomhshuime a léirítear i rúin shonraithe tríú tíortha a cuireadh in iúl don Choimisiún faoi choimirce thionscnamh G7 ‘Iasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Urghnách don Úcráin’, déanfar uasmhéid na hiasachta MFA a laghdú faoi luach an bharrachais.
2. Má thagann laghdú suntasach ar riachtanais mhaoinithe na hÚcráine le linn na tréimhse ina mbeidh an Iasacht MFA ar fáil, lena n-áirítear laghdú i gcás réiteach ón Rúis ar dhamáistí cogaidh na hÚcráine, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2), méid na hIasachta MFA a laghdú nó é a chur ar ceal.
3. Is é 45 bliana an uastréimhse a bheidh ag an Iasacht MFA.
Airteagal 11
Réamhchoinníoll maidir leis an tacaíocht
1. Mar réamhchoinníoll chun an Iasacht MFA a dheonú don Úcráin, ní mór don Úcráin leanúint de shásraí éifeachtacha daonlathacha a choinneáil ar bun agus a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, agus urraim a ráthú do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.
2. Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1, go háirithe sula scaoilfear an tráthchuid agus sula ndéanfar tráinsí a eisíoc, agus aird chuí á tabhairt, de réir mar is iomchuí, ar thuarascáil rialta an Choimisiúin maidir le méadú. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar na moltaí ábhartha ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, amhail Comhairle na hEorpa agus Coimisiún na Veinéise, sa phróiseas sin. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas go bhfuil an réamhchoinníoll a leagtar amach i mír 1 á chomhlíonadh sula scaoilfear an tráthchuid agus sula ndéanfar tráinsí a eisíoc leis an Úcráin.
3. Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE.
4. Déanfar an measúnú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo in éineacht leis an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2024/792.
5. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil an réamhchoinníoll a leagtar amach i mír 1 á chomhlíonadh nó nach bhfuil sé á chomhlíonadh a thuilleadh, cuirfidh sé eisíocaíochtaí na hIasachta MFA agus scaoileadh na tacaíochta neamh-inaisíoctha faoin Sásra dá dtagraítear in Airteagal 8 ar fionraí a mhéid a bhaineann sí leis an Iasacht MFA.
Airteagal 12
Meabhrán Tuisceana
1. Comhaontóidh an Coimisiún i gcomhar leis an Úcráin coinníollacha beartais a bhfuil an Iasacht MFA nasctha leo. Déanfar na coinníollacha beartais sin a leagan amach i meabhrán tuisceana.
2. Beidh na coinníollacha beartais sa mheabhrán tuisceana comhsheasmhach leis na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447, agus aon leasú air. Ina theannta sin, ba cheart a áireamh sna coinníollacha beartais sa mheabhrán tuisceana gealltanas chun comhar leis an Aontas a chur chun cinn maidir le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú thionscal cosanta na hÚcráine, i gcomhréir le cuspóirí na gclár de chuid an Aontais atá dírithe ar théarnamh, atógáil agus nuachóiriú Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch Cosanta na hÚcráine agus cuspóirí clár ábhartha eile de chuid an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún síniú an mheabhráin tuisceana agus na leasuithe air a fhormheas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).
Airteagal 13
Cinneadh maidir le scaoileadh
1. Tíolacfaidh an Úcráin iarraidh ar chistí sula scaoilfear an tráthchuid, agus beidh tuarascáil ag gabháil léi i gcomhréir le forálacha an mheabhráin tuisceana.
2. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le scaoileadh na tráthchoda faoi réir a mheasúnaithe ar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
comhlíonadh an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 11(1); agus |
|
(b) |
comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha beartais a leagtar amach sa mheabhrán tuisceana. |
3. Féadfar eisíocaíocht na dtráinsí a ailíniú le huainiú eisíocaíochtaí iasachta nó tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha faoi Cholún I den tSaoráid don Úcráin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/792.
Airteagal 14
Oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí
1. Chun an Iasacht MFA a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 224 den Rialachán Airgeadais.
2. De mhaolú ar Airteagal 31(3), an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/947, ní thacóidh an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha leis an gcúnamh airgeadais a sholáthraítear don Úcráin faoin Sásra. Ní dhéanfar aon soláthar don Iasacht MFA agus, de mhaolú ar Airteagal 214(1) den Rialachán Airgeadais, ní shocrófar aon ráta soláthair mar chéatadán den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo.
3. Méideanna a chuirtear ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 11(5) den Rialachán seo, beidh siad ar fáil, a mhéid is gá, chun tacú le haisíocaíocht oibríochtaí iasachtaíochta an Aontais. Má úsáidtear acmhainní den sórt sin ar an gcaoi sin, ní scaoilfear an Úcráin óna dliteanas an Iasacht MFA a aisíoc de réir théarmaí an Chomhaontaithe Iasachta MFA.
Airteagal 15
Comhaontú Iasachta MFA
1. Leagfar síos téarmaí airgeadais mionsonraithe na hIasachta MFA sa Chomhaontú Iasachta MFA.
2. Sa bhreis ar na heilimintí a leagtar síos in Airteagal 223(4) den Rialachán Airgeadais, ceanglófar an méid seo a leanas leis an gComhaontú Iasachta MFA:
|
(a) |
go mbeidh feidhm ag na cearta, na freagrachtaí agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa chreat-chomhaontú faoin tSaoráid don Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/792 maidir leis an gComhaontú Iasachta MFA agus leis na cistí ann; |
|
(b) |
go n-úsáidfidh an Úcráin na córais bhainistíochta agus rialaithe chéanna leo siúd a mholtar i bPlean na hÚcráine a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2024/792; |
|
(c) |
go n-áirithítear go mbeidh an tAontas i dteideal luath-aisíocaíocht na hIasachta MFA i gcás ina mbeidh sé suite, i ndáil le bainistiú na hIasachta MFA, gur thug an Úcráin faoi aon ghníomh calaoise nó éillithe nó faoi aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais; |
|
(d) |
go leanfaidh an Úcráin de na réamhchoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 11(1) a urramú; |
|
(e) |
go bhféadfar an méid barrachais dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a úsáid go hiomlán nó go páirteach chun an Iasacht MFA a aisíoc go luath ar thionscnamh an Choimisiúin nó, faoi réir fhormheas an Choimisiúin, ar iarraidh ón Úcráin; agus |
|
(f) |
go saineofar socruithe mionsonraithe le haghaidh aisíocaíochta, bunaithe ar struchtúr cascáide sna cásanna seo a leanas:
|
3. Is foras don Choimisiún é neamhchomhlíonadh théarmaí an Chomhaontaithe Iasachta MFA chun scaoileadh na tráthchoda nó na dtráinsí a chur ar fionraí nó a chealú, nó, i gcás inar gá sin, chun aisíoc luath na hIasachta MFA a éileamh.
4. Déanfar an Comhaontú Iasachta MFA a chur ar fáil, arna iarraidh sin, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.
Airteagal 16
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 17
Faisnéis a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
1. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí maidir cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear eisíocaíochtaí faoin Sásra agus faoin Iasacht MFA, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha. Soláthrófar an fhaisnéis sin i gcomhréir leis na socruithe idirinstitiúideacha a comhaontaíodh faoin tSaoráid don Úcráin, lena n-áirítear an tIdirphlé maidir leis an tSaoráid don Úcráin.
2. Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo sa bhliain roimhe sin, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:
|
(a) |
scrúdófar an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtaca leis an Iasacht MFA a chur chun feidhme; agus |
|
(b) |
déanfar staid eacnamaíoch agus ionchais na hÚcráine a mheas, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na coinníollacha beartais dá dtagraítear in Airteagal 12(1) a chur chun feidhme. |
I gcás inarb iomchuí, go háirithe tar éis don Iasacht MFA agus do na comhaontuithe iasachta déthaobhaí incháilithe uile dul in éag, áireoidh an Coimisiún sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír athbhreithniú ar leordhóthanacht na socruithe atá sa Rialachán seo.
3. Faoin 31 Nollaig 2027, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus ar éifeachtúlacht na hIasachta MFA arna tabhairt i gcrích, dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, agus ar a mhéid a rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.
Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 24 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
ZSIGMOND B. P.
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024.
(2) Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +) (IO L 322, 16.12.2022, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj).
(4) Cinneadh (CBES) 2024/1470 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L, 2024/1470, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1470/oj).
(5) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).
(6) Rialachán (AE) 2024/1469 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L, 2024/1469, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1469/oj).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).
(8) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
(9) Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).
(10) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine (IO L, 2024/1447, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1447/oj).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(12) Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).
(13) Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).
(14) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2773/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)