|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2771 |
30.10.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/2771 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Deireadh Fómhair 2024
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/1693 (1). |
|
(2) |
An 10 Meitheamh 2024, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) Rún 2734 (2024). D’athdhearbhaigh CSNA go n-áirítear an méid seo a leanas ar ghníomhartha nó gníomhaíochtaí lena léirítear go bhfuil duine aonair, grúpa, gnóthas nó eintiteas bainteach le ISIL (Da’esh) nó Al-Qaeda, ar ghníomhartha nó gníomhaíochtaí iad arna ndéanamh ag, i gcomhar le, faoi ainm, thar ceann, nó chun tacú le Al-Qaeda, ISIL nó aon chill, cleamhnaí, foghrúpa nó díorthach díobh: a bheith rannpháirteach i maoiniú, pleanáil, éascú, ullmhú nó cur i gcrích gníomhartha nó gníomhaíochtaí; airm agus ábhar gaolmhar a sholáthar, a dhíol nó a aistriú; earcú le haghaidh gníomhartha nó gníomhaíochtaí Al-Qaeda, ISIL, nó aon chill, cleamhnaí, foghrúpa nó díorthaigh díobh, nó tacaíocht a thabhairt do na gníomhartha nó na gníomhaíochtaí sin ar bhealach eile. Aithníodh leis freisin go bhféadfadh pleanáil, stiúradh nó déanamh gníomhartha a bhaineann le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear éigniú, sclábhaíocht daoine, agus cásanna fuadaigh agus gáinneála ar dhaoine a bheith incháilithe lena n-ainmniú ar liosta smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe in aghaidh ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda ar bhonn na gcritéar maidir le liostú sin, nuair a úsáideann ISIL, Al-Qaeda agus daoine aonair, grúpaí agus eintitis ghaolmhara na gníomhaíochtaí sin mar oirbheart sceimhlitheoireachta. |
|
(3) |
I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus ó dhaoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo, measann an Chomhairle gur gá a shoiléiriú go gcuimsítear freisin leis na critéir maidir le bearta sriantacha a bheith á bhforchur ag CSNA, de bhun Rúin 1267 (1999), 1333 (2000) agus 2253 (2015), nó ag an gCoiste arna bhunú de bhun Rún 1267 (1999), pleanáil, stiúradh, nó déanamh gníomhartha a bhaineann le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe lena n-áirítear éigniú, sclábhaíocht daoine, agus cásanna fuadaigh agus gáinneála ar dhaoine, nuair a úsáideann ISIL (Da’esh), Al-Qaeda agus daoine aonair, grúpaí agus eintitis ghaolmhara na gníomhartha sin mar oirbheart sceimhlitheoireachta. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2016/1693 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha, a chosc i gcás daoine ainmnithe atá faoi réir srianta taistil arna bhforchur ag CSNA de bhun Rúin 1267 (1999), 1333 (2000) agus 2253 (2015) ó CSNA, nó ag an gCoiste, a shainaithnítear go bhfuil ceann de na nithe seo a leanas á dhéanamh acu:
|
|
(2) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘Na cistí, na sócmhainní airgeadais agus na hacmhainní eacnamaíocha eile go léir atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis arna n-ainmniú agus atá faoi réir reo sócmhainní ag CSNA de bhun Rúin 1267 (1999), 1333 (2000) agus 2253 (2015) ó CSNA, nó ag an gCoiste, a shainaithnítear go bhfuil ceann de na nithe a leanas á dhéanamh acu:
déanfar iad a reo.’ |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2771/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)