European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2770

28.10.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/2770 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Iúil 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le critéir in-bhithdhíghrádaitheachta le haghaidh oibreáin bhratúcháin agus polaiméirí coinneála uisce

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (1), agus go háirithe Airteagal 42(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/1009, leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh. De bhun na gceanglas maidir le Catagóir Comhábhair 9 in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, féadfaidh polaiméirí a bheith i dtáirgí leasacháin AE chun scaoileadh cothaitheach a rialú (‘oibreáin bhratúcháin’), chun acmhainneacht coinneála uisce nó infhliuchtacht an táirge leasacháin AE a mhéadú (‘polaiméirí coinneála uisce’) nó mar ábhair cheangailteacha. Úsáidtear oibreáin bhratúcháin go háirithe chun leasacháin scaoilte rialaithe a tháirgeadh. Is é is cuspóir dóibh cothaithigh a scaoileadh go mall agus go tráthúil isteach i bplandaí agus dá bhrí sin, láisteadh cothaitheach a laghdú. Tá úsáid na dtáirgí sin an-tábhachtach chun an sprioc a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ (2) a bhaint amach chun caillteanais cothaitheach a laghdú faoi 50 % ar a laghad, agus a áirithiú an tráth céanna nach mbeidh aon mheath ar thorthúlacht na hithreach. Féadfar polaiméirí coinneála uisce a úsáid i gcatagóirí eile de tháirgí leasacháin AE freisin, amhail feabhsaitheoirí ithreach agus meáin fáis. Rannchuidíonn siad go díreach le húsáid inbhuanaithe uisce sa talmhaíocht, i measc nithe eile. Féadfar ábhair cheangailteacha atá bunaithe ar pholaiméirí a úsáid i meáin fáis. Níor cheart táirgí den sórt sin a úsáid i dteagmháil le hithreacha.

(2)

Láithreacht uileláithreach píosaí bídeacha polaiméirí sintéiseacha nó polaiméirí nádúrtha arna modhnú go ceimiceach, atá dothuaslagtha in uisce, a dhíghrádaíonn go han-mhall agus ar féidir le horgánaigh bheo iad a ionghabháil go héasca, is ábhar imní í maidir lena dtionchar ginearálta ar an gcomhshaol agus, go hionchasach, ar shláinte an duine. Tá sé sin bailí go háirithe i gcás polaiméirí a chuirtear d’aon ghnó le táirgí leasacháin AE a scaoiltear isteach sa chomhshaol ina dhiaidh sin. Chun dul i ngleic leis an ábhar imní ginearálta sin, ghlac an Coimisiún Rialachán (AE) 2023/2055 (3) lena dtugtar isteach srian ginearálta i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir le micreacháithníní polaiméire sintéisí a chur ar an margadh. Ní bhaineann an srian ginearálta le roinnt cineálacha polaiméirí (amhail polaiméirí nádúrtha nach bhfuil modhnaithe go ceimiceach) agus polaiméirí a chomhlíonann critéir áirithe in-bhithdhíghrádaitheachta nó intuaslagthachta, agus féadfar leanúint dá gcur ar an margadh.

Le Rialachán (AE) 2019/1009, leagtar amach oibleagáid don Choimisiún measúnú a dhéanamh faoin 16 Iúil 2024 ar na critéir in-bhithdhíghrádaitheachta le haghaidh oibreáin bhratúcháin agus polaiméirí coinneála uisce a úsáidtear mar chomhábhair i dtáirgí leasacháin AE. Dá bhrí sin, eisiatar táirgí leasacháin AE ó raon feidhme an tsriain ghinearálta sin i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

Rinne an Coimisiún measúnú le tacaíocht ó staidéar seachtrach ar na critéir in-bhithdhíghrádaitheachta le haghaidh oibreáin bhratúcháin agus polaiméirí coinneála uisce agus ar mhodhanna tástála chun comhlíonadh na gcritéar sin a fhíorú (‘an staidéar’) (5).

(3)

Tógadh uirlis sa staidéar chun iompar in-bhithdhíghrádaitheachta polaiméirí a thuar trí shamhail mhatamaiticiúil a úsáid agus léiriú a thabhairt ar an gcomhghaol idir in-bhithdhíghrádaitheacht faoi choinníollacha tástála agus in-bhithdhíghrádaitheacht i dtimpeallachtaí nádúrtha atá ionadaíoch ar réigiúin éagsúla an Aontais. Dá bhrí sin, rinneadh measúnú sa staidéar ar thosca éagsúla amhail teocht na hithreach, pH na hithreach, cion uisce san ithir, teocht an uisce agus tosca eile a bhaineann leis na saintréithe polaiméire (struchtúr ceimiceach, criostaltacht, dromchla agus tiús). Cuireadh tograí chun cinn sa staidéar maidir leis na critéir in-bhithdhíghrádaitheachta in ithreacha agus in uisce.

(4)

Ba cheart na critéir in-bhithdhíghrádaitheachta a leagan síos le haghaidh timpeallachtaí ithreach (an phríomh-urrann, an áit a gcuirtear na táirgí) agus le haghaidh timpeallachtaí uisceacha (i gcás láisteadh nó láithreacht neamhbheartaithe eile i gcórais na n-uiscí dromchla) araon.

A mhéid a bhaineann le bith-dhíghrádú in ithreacha, níor cheart ach polaiméirí ar féidir leo an díghrádú deiridh nó an mianrú a bhaint amach laistigh de 48 mí tar éis na tréimhse feidhmiúlachta a cheadú mar chomhábhair. Chun an tréimhse tástála a laghdú, ba cheart modh tástála luathaithe a cheadú. Léiríodh sa staidéar comhghaol leormhaith idir dálaí fíorshaoil agus teochtaí níos airde ná 25 °C, arb í sin an teocht a úsáidtear faoi choinníollacha tástála. Cuireann tástáil ag teocht níos airde amhail 37 °C dlús leis an mbith-dhíghrádú, cé go meastar go bhfuil sé fós inghlactha i dtéarmaí micribhitheolaíochta agus fachtóirí atá spleách ar an dtimpeallacht i ndálaí fíorshaoil. Léirigh na torthaí a fuarthas leis an uirlis ithreach a forbraíodh sa staidéar go bhféadfaí an tréimhse tástála a ghiorrú i gcásanna sonracha. Dá bhrí sin, ba cheart tástáil luathaithe ag 37 °C faoi choinníollacha sonracha a thabhairt isteach mar rogha mhalartach chun díghrádú deiridh nó mianrú 90 % a léiriú.

(5)

Ba cheart feidhm na polaiméire agus na modhanna tástála atá ar fáil araon a chur san áireamh sna critéir in-bhithdhíghrádaitheachta le haghaidh timpeallachtaí uisceacha. Maidir le feidhm na polaiméire, tá na hoibreáin bhratúcháin nó na polaiméirí coinneála uisce le cothaithigh a scaoileadh go mall in ithreacha nó tá siad leis an gcoinneáil uisce a mhéadú, ar feadh 6-9 mí ar an meán. Mar sin, tá na polaiméirí sin deartha chun díghrádú go mall nuair a nochtar d’fhachtóirí éagsúla in ithreacha iad, amhail uisce. Ba cheart an bith-dhíghrádú in ithir a tharlaíonn ar bhealach dosheachanta le linn na tréimhse feidhmiúlachta sin a theorannú ionas gur féidir leis an bpolaiméir a feidhm a chomhlíonadh fós. A mhéid a bhaineann leis na modhanna tástála atá ar fáil le haghaidh in-bhithdhíghrádaitheacht in uisce, tá siad iontaofa le linn thréimhse 12 mhí. Dá bhrí sin, le critéir dhiana don timpeallacht uisceach mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/2055, dhéanfaí difear diúltach do phríomhfheidhm na n-oibreán bratúcháin agus na bpolaiméirí coinneála uisce atá in-bhithdhíghrádaithe san ithir. Dá bhrí sin, ba cheart in-bhithdhíghrádaitheacht i dtimpeallachtaí uisceacha a leagan amach ar leibhéal níos ísle le linn na tréimhse tástála ach ba cheart í a bheith fós ard go leor chun a áirithiú nach mbeadh carnadh polaiméirí i dtimpeallachtaí uisceacha. Glactar leis go leanfar den phróiseas bith-dhíghrádaithe tar éis thréimhse tástála 12 mhí agus go sroichfidh sé 90 % laistigh de 48 mí tar éis na tréimhse feidhmiúlachta. Cé nach féidir an díghrádú deiridh sin a chruthú leis na modhanna tástála atá ann cheana, is toimhde shábháilte é mar sin féin toisc gur chruthaigh an t-ábhar acmhainneacht bhith-dhíghrádaithe cheana agus leanfaidh sé de bheith neamhchosanta ar na tosca comhshaoil céanna.

(6)

I ndálaí fíorshaoil, bíonn oibreáin bhratúcháin agus polaiméirí coinneála uisce i dtáirgí leasacháin AE atá le cur ar ithir. Níl siad ceaptha timpeallachtaí uisceacha a bhaint amach. Cé nach féidir láisteadh a chur as an áireamh go hiomlán, laghdaítear na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don timpeallacht uisceach toisc nach sroichfeadh na polaiméirí lena mbaineann dobharlaigh ach amháin tar éis tús a chur le díghrádú in ithreacha cheana. Chun na rioscaí féideartha a theorannú a thuilleadh, ba cheart ceanglas lipéadaithe a leagan amach, lena dtabharfaí rabhadh d’úsáideoirí deiridh gan an táirge a úsáid gar do chórais na n-uiscí dromchla agus stiallacha maoláin a choinneáil ar bun, i gcomhréir le bearta náisiúnta maidir le húsáid leasachán. In éagmais rialacha den sórt sin, ba cheart cloí le stiall mhaoláin íosta 3 m.

(7)

Chun coinníollacha comhionanna iomaíochta a áirithiú agus i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 42(6) de Rialachán (AE) 2019/1009, ba cheart na modhanna tástála chun cruthúnas a thabhairt ar chomhlíonadh na gcritéar in-bhithdhíghrádaitheachta a liostú. Leagtar amach na modhanna tástála sin i gcaighdeáin Eorpacha nó i gcaighdeáin idirnáisiúnta agus, dá bhrí sin, tá siad iontaofa agus in-atáirgthe.

(8)

A mhéid a bhaineann le polaiméirí a úsáidtear mar ábhair cheangailteacha, fuair an Coimisiún faisnéis maidir le húsáid polaiméirí in-bhithdhíghrádaithe mar ábhair cheangailteacha. Má chomhlíonann polaiméirí den sórt sin na coinníollacha a leagtar amach le haghaidh polaiméirí de chuid CMC 1, ní ábhar imní iad ó thaobh an chomhshaoil de agus níl údar cuí leis na ceanglais shonracha lipéadaithe a bhaineann le húsáid agus diúscairt táirgí leasacháin AE ina bhfuil polaiméirí den sórt sin agus níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin.

(9)

Tá feidhm le bheith ag Rialachán (AE) 2023/2055 maidir le táirgí leasacháin náisiúnta ón 17 Deireadh Fómhair 2028. Chun críocha an chomhleanúnachais agus chun go mbeidh dóthain ama ann chun oiriúnú do na ceanglais a thugtar isteach leis an Rialachán seo i dtaca le hin-bhithdhíghrádaitheacht polaiméirí, ba cheart an idirthréimhse chéanna a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Iarscríbhinn I agus pointe 1 d’Iarscríbhinn II ón 17 Deireadh Fómhair 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 170, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1009/oj.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020)381 final an 20 Bealtaine 2020).

(3)  Rialachán (AE) 2023/2055 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a mhéid a bhaineann le micreacháithníní polaiméire sintéisí (IO L 238, 27.9.2023, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2055/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún, IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/2014-04-10).

(5)  Staidéar chun measúnú a dhéanamh ar chritéir in-bhithdhíghrádaitheachta le haghaidh polaiméirí a úsáidtear i dtáirgí leasacháin AE mar oibreáin bhratúcháin nó chun acmhainneacht coinneála uisce nó infhliuchtachta screamha móta a mhéadú, ISBN 978-92-68-05051-7; doi:10.2873/23399.


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Cuid II, roinn ‘CMC 9: POLAIMÉIRÍ EILE SEACHAS POLAIMÉIRÍ COTHAITHEACHA’ d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:

(1)

i bpointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Féadfaidh polaiméirí a bheith i dtáirge leasacháin AE i gcás inarb é is aidhm do na polaiméirí na nithe seo a leanas a dhéanamh:’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

‘2.

Ón 17 Deireadh Fómhair 2028, is éard a bheidh sna polaiméirí dá dtagraítear i bpointe 1(a) agus (b):

(a)

polaiméirí ar toradh iad ar phróiseas polaiméirithe a tharla go nádúrtha, go neamhspleách ar an bpróiseas trínar eastóscadh iad, agus nach polaiméirí iad atá modhnaithe go ceimiceach de réir bhrí Airteagal 3, pointe (40), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; nó

(b)

polaiméirí atá in-bhithdhíghrádaithe i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.’;

(3)

cuirtear isteach an Fhoscríbhinn 1 seo a leanas:

‘‘Foscríbhinn 1

Critéir in-bhithdhíghrádaitheachta le haghaidh polaiméirí dá dtagraítear i roinn CMC 9, pointe 1(a) agus (b)

1.

Léireofar in-bhithdhíghrádaitheacht polaiméirí dá dtagraítear i roinn CMC 9, pointe 1(a) agus (b) sa dá urrann timpeallachta seo a leanas:

(a)

Urrann 1: ithir; agus

(b)

Urrann 2: fionnuisce, uisce inbhir nó uisce muirí.

2.

Bainfidh an pholaiméir an méid seo a leanas amach:

(a)

in urrann 1:

(1)

díghrádú deiridh 90 % ar a laghad i gcoibhneas le díghrádú an ábhair thagartha laistigh de 48 mí móide an tréimhse feidhmiúlachta (FP) mar a shonraítear ar an lipéad; nó

(2)

mianrú 90 % ar a laghad, arna thomhas mar CO2 éabhlóidithe, thar uastréimhse 48 mí móide an tréimhse feidhmiúlachta (FP) mar a shonraítear ar an lipéad;

(b)

in urrann 2, díghrádú deiridh i gcoibhneas le díghrádú an ábhair thagartha laistigh de 12 mhí mar a leagtar amach sa tábla seo a leanas:

Critéar arna mheasúnú

Critéar chun pas a fháil

(FP = 0)

Critéar chun pas a fháil

(FP = mí amháin)

Critéar chun pas a fháil

(FP = 2 mhí)

Critéar chun pas a fháil

(FP = 3 mhí)

Critéar chun pas a fháil

(FP ≥ 6 mhí)

Díghrádú sprice íosta tar éis 12 mhí

≥ 43,8  %

≥ 41,0  %

≥ 38,1  %

≥ 35,1  %

≥ 25,0  %

Maidir le tréimhsí feidhmiúlachta níos lú ná 6 mhí, seachas na cinn a leagtar amach sa tábla seo, ríomhfar na critéir chun pas a fháil trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle um lobhadh easpónantúil seo a leanas:

TD12m = 1-exp(- λ * (12-FP))

i gcás inarb amhlaidh:

TD12m

=

an díghrádú sprice íosta tar éis 12 mhí (arna sloinneadh mar chéatadán)

λ

=

an ráta díghrádaithe arna ríomh mar λ = -ln (0,1) / t90,

t90

=

an tréimhse le haghaidh bith-dhíghrádú 90 %, is é sin 48 mí,

FP

=

an tréimhse feidhmiúlachta (arna sloinneadh i míonna).

3.

Chun na critéir in-bhithdhíghrádaitheachta i bpointe 2(a) a léiriú, úsáidfear ceann de na modhanna tástála seo a leanas:

(a)

EN ISO 17556:2019. Plaistigh – In-bhithdhíghrádaitheacht aeróbach deiridh ábhar plaisteach in ithir a chinneadh tríd an éileamh ar ocsaigin i riospraiméadar nó an méid dé-ocsaíd charbóin atá éabhlóidithe a thomhas;

(b)

ASTM D5988-96:2018. Modh Tástála Caighdeánach chun Bith-dhíghrádú Aeróbach Ábhar Plaisteach in Ithir a Chinneadh.

4.

I gcás nach bhfuil aon trasdul céime (trasdul gloine nó trasdul leáite) idir 25 °C agus 37 °C, féadfar an teocht le linn tástála i gcomhréir le pointe 3(a) nó (b) a choigeartú ag 37 °C.

I gcás den sórt sin, measfar an critéar ábhartha i bpointe 2(a) a bheith léirithe má bhaineann an pholaiméir an méid seo a leanas amach:

(a)

ar a laghad 45 % díghrádú deiridh nó mianrú dá dtagraítear i bpointe 2(a) i dtástáil ar leithligh ag 25 °C laistigh de 20 mí, tástáil trína ndéanfar dul chun cinn maidir le díghrádú nó mianrú, agus nach mbeidh an chéim léibhinn bainte amach, mura mbeidh ar a laghad 90 % díghrádú nó mianrú ann; agus

(b)

ceann amháin de na critéir seo a leanas:

(i)

díghrádú deiridh 90 % ar a laghad i gcoibhneas le díghrádú an ábhair thagartha laistigh de 20 mí móide an tréimhse feidhmiúlachta mar a shonraítear ar an lipéad; nó

(ii)

mianrú 90 % ar a laghad, arna thomhas mar CO2 éabhlóidithe, thar uastréimhse 20 mí móide an tréimhse feidhmiúlachta mar a shonraítear ar an lipéad.

5.

Chun na critéir in-bhithdhíghrádaitheachta i bpointe 2(b) a léiriú, úsáidfear ceann de na modhanna tástála seo a leanas:

(a)

EN/ISO 14851:2019 In-bhithdhíghrádaitheacht aeróbach deiridh ábhar plaisteach i meán uiscí a chinneadh. Modh tríd an éileamh ar ocsaigin i riospraiméadar dúnta a thomhas;

(b)

EN/ISO 14852:2021. In-bhithdhíghrádaitheacht aeróbach deiridh ábhar plaisteach i meán uiscí a chinneadh. Modh trí anailís a dhéanamh ar dhé-ocsaíd charbóin éabhlóidithe;

(c)

ASTM D6691:2018 Modh Tástála Caighdeánach chun Bith-dhíghrádú Aeróbach Ábhar Plaisteach sa Mhuirthimpeallacht a Chinneadh ag Cuibhreannas Miocróbach Sainithe nó Ionaclam Uisce Mara Nádúrtha.

6.

Maidir le polaiméirí dá dtagraítear i roinn CMC 9, pointe 1(a), déanfar an tástáil ar ábhar ina bhfuil na nithe seo a leanas:

(a)

an pholaiméir nó na polaiméirí atá i gcáithníní nó lena dtógtar bratú leanúnach ar cháithníní (‘cáithníní polaiméire’) atá inchomparáide i dtéarmaí comhdhéanaimh, foirme, méide agus achair dromchla leis an oibreán bratúcháin atá i dtáirge leasacháin AE;

(b)

an bratú scoite; nó

(c)

an pholaiméir nó na polaiméirí san fhoirm a chuirtear ar an margadh ina gcuirtear ábhar támh amhail gloine in ionad croí an ábhair.

7.

Maidir le polaiméirí dá dtagraítear i roinn CMC 9, pointe 1(b), déanfar an tástáil ar ábhar ina bhfuil an pholaiméir san fhoirm a chuirtear ar an margadh.

8.

Féadfar na hábhair seo a leanas a úsáid mar ábhair thagartha:

(a)

rialuithe dearfacha: ábhair in-bhithdhíghrádaithe amhail púdar ceallalóis mhicricriostalta, scagairí ceallalóis gan luaith nó pola-β-hiodrocsabútaráit;

(b)

rialuithe diúltacha: polaiméirí nach bhfuil in-bhithdhíghrádaithe amhail poileitiléin nó polaistiréin.

’.’.

IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Cuid I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:

(1)

i bpointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (f):

‘(f)

maidir le táirgí ina bhfuil polaiméir dá dtagraítear i gCuid II, roinn CMC 9, pointe 1(a) nó (b), d’Iarscríbhinn II:

(i)

an tréimhse ama tar éis úsáide a bhfuil an scaoileadh cothaitheach á rialú lena linn nó a bhfuil acmhainneacht coinneála uisce á méadú lena linn (an ‘tréimhse feidhmiúlachta’), nach mbeidh níos faide ná an tréimhse idir dá leathadh i gcomhréir leis na treoracha úsáide dá dtagraítear i bpointe (d) den phointe seo;

(ii)

treoir maidir leis an táirge a chur i gcomhréir leis na criosanna maolánacha a cheanglaítear do tháirgí leasacháin i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta ábhartha nó, in éagmais rialacha den sórt sin, an táirge a chur ar a laghad 3 m ó aon chóras uiscí dromchla;’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:

‘7.

Tabharfar treoir don úsáideoir deiridh gan an táirge a úsáid i dteagmháil le hithir, agus i gcomhar leis an monaróir, chun diúscairt fhónta an táirge a áirithiú tar éis dheireadh na húsáide i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir le táirge leasacháin AE:

(a)

is meán fáis é dá dtagraítear i gCuid II, roinn PFC 4, pointe 2a, d’Iarscríbhinn I; nó

(b)

tá polaiméir ann arb é is cuspóir dó ábhar a cheangal sa táirge dá dtagraítear i gCuid II, roinn CMC 9, pointe 1(c) d’Iarscríbhinn II, nach gcomhlíonann aon cheann de na ceanglais i gCuid II, roinn CMC 1, pointe 1(f)(i), (ii), (iii) nó (iv) den Iarscríbhinn sin.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2770/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)