European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2748

8.11.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/2748 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Deireadh Fómhair 2024

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 305/2011, (AE) 2016/424, (AE) 2016/425, (AE) 2016/426, (AE) 2023/988 agus (AE) 2023/1230 a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh an mheasúnaithe comhréireachta, toimhde chomhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) , leagtar síos rialacha arb é is aidhm dóibh, le linn géarchéime, gnáthfheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, lena n-áirítear saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, agus infhaighteacht earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime agus earraí agus seirbhísí atá ríthábhachtach do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus d’údaráis phoiblí. Tá feidhm ag an Rialachán sin maidir le hearraí agus seirbhísí araon.

(2)

Le Rialachán (AE) 2024/2747, leagtar síos bearta atá le himlonnú ar bhealach comhleanúnach, trédhearcach, éifeachtúil, comhréireach agus tráthúil, chun an tionchar géarchéime ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosc, a mhaolú agus a íoslaghdú.

(3)

Le Rialachán (AE) 2024/2747, leagtar síos sásra ilsrathach arb é atá ann ná pleanáil theagmhasach agus, modhanna forairdill an mhargaidh inmheánaigh agus modhanna éigeandála.

(4)

Chun an creat arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/2747 a chomhlánú, a chomhsheasmhacht a áirithiú agus éifeachtacht an chreata sin a fheabhsú tuilleadh, is iomchuí a áirithiú gur féidir earraí atá ábhartha i gcás géarchéime dá dtagraítear sa Rialachán sin a chur ar an margadh inmheánach go pras chun rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar shuaitheadh sa mhargadh sin agus iad a mhaolú.

(5)

Le roinnt gníomhartha dlí earnála de chuid an Aontais, leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le dearadh, monarú, cur ar an margadh agus, de réir mar is infheidhme, measúnú comhréireachta táirgí áirithe. Áirítear ar na gníomhartha dlí sin Rialacháin (AE) Uimh. 305/2011 (5), (AE) 2016/424 (6), (AE) 2016/425 (7), (AE) 2016/426 (8) agus (AE) 2023/1230 (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (na ‘Rialacháin leasaithe’). Tá Rialacháin (AE) 2016/424, (AE) 2016/425, (AE) 2016/426 agus (AE) 2023/1230 bunaithe ar phrionsabail an chur chuige nua maidir le comhchuibhiú teicniúil. Thairis sin, tá na Rialacháin sin ailínithe freisin leis na forálacha tagartha a leagtar síos le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).I bhfianaise shainiúlacht na dtáirgí foirgníochta agus fhócas faoi leith an chórais chun measúnú a dhéanamh orthu, níl na nósanna imeachta maidir leis an measúnú comhréireachta dá bhforáiltear i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE, ná na modúil a leagtar amach ann, iomchuí. Dá bhrí sin, leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 modhanna sonracha chun seasmhacht feidhmíochta a mheasúnú agus a fhíorú i ndáil le buntréithe táirgí foirgníochta.

(6)

Ní dhéantar foráil leis na forálacha tagartha a leagtar síos le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, ná leis na forálacha sonracha a leagtar síos le reachtaíocht earnála an Aontais um chomhchuibhiú maidir le nósanna imeachta atá ceaptha feidhm a bheith acu le linn géarchéime. Dá bhrí sin, is iomchuí coigeartuithe spriocdhírithe a thabhairt isteach ar na Rialacháin leasaithe, lena gceadófar freagairt ar thionchar géarchéimeanna a dhéanann difear do tháirgí arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/2747 agus a chumhdaítear leis na Rialacháin leasaithe.

(7)

Is léir ón taithí a fuarthas ó ghéarchéimeanna roimhe seo a rinne difear don mhargadh inmheánach nach bhfuil na nósanna imeachta a leagtar síos i ngníomhartha dlí earnála an Aontais ceaptha chun freastal ar riachtanais na gcásanna freagartha géarchéime agus nach bhfuil an tsolúbthacht rialála is gá ag gabháil leo. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le bunús dlí do nósanna imeachta freagartha géarchéime den sórt sin chun na bearta arna nglacadh faoi Rialachán (AE) 2024/2747 a chomhlánú.

(8)

Is féidir táirgí neamh-chomhchuibhithe a ainmniú freisin mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh roinnt de na sásraí ábhartha faoin Rialachán seo, go háirithe an toimhde chomhréireachta leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta bunaithe ar cheanglais náisiúnta, nó ar chaighdeáin náisiúnta nó idirnáisiúnta, bealach breise a sholáthar chun an toimhde maidir le sábháilteacht earraí neamh-chomhchuibhithe atá ábhartha i gcás géarchéime a léiriú le linn géarchéime. D’éascódh sé sin na hearraí sin a chur ar an margadh le linn géarchéime.

(9)

Chun na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag suathadh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a shárú i gcás géarchéime agus chun a áirithiú, le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, gur féidir earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar an margadh go pras, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le ceanglas ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta tosaíocht a thabhairt d’iarratais ar mheasúnú comhréireachta le haghaidh na n-earraí sin thar aon iarratas atá ar feitheamh a bhaineann le táirgí nach bhfuil ainmnithe mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. I gcomhthéacs na tosaíochta sin, níor cheart cead a bheith ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta costais dhíréireacha bhreise a ghearradh ar an monaróir. Ba cheart na costais bhreise uile a ghearrann comhlacht um measúnú comhréireachta ar an monaróir a bheith i gcomhréir go docht leis na hiarrachtaí breise iarbhír arna ndéanamh ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta chun an tosaíocht a chur chun feidhme agus níor cheart iad a ghearradh ach amháin le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart aistriú costas breise agus comhréireach áirithe a dhéanann na comhlachtaí um measúnú comhréireachta chuig na monaróirí leanúint de bheith eisceachtúil agus ba cheart go léireofaí leis dáileadh cothrom na gcostas i measc na ngeallsealbhóirí uile a bhfuil baint acu leis na hiarrachtaí srian a chur leis an suaitheadh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Níor cheart go mbeadh na costais a bhaineann le measúnú comhréireachta ina mbacainn ar mhonaróirí nua ionchasacha, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, teacht isteach ar an margadh agus níor cheart go gcuirfidís srian ar theacht chun cinn táirgí nuálacha. Thairis sin, ba cheart na comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra faoi na Rialacháin leasaithe a spreagadh chun a n-acmhainneacht tástála a mhéadú le haghaidh táirgí arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar tugadh fógra dóibh ina leith.

(10)

Ba cheart nósanna imeachta éigeandála a leagan síos i Rialacháin (AE) Uimh. 305/2011, (AE) 2016/424, (AE) 2016/425, (AE) 2016/426, (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus Rialachán (AE) 2023/1230. Níor cheart na nósanna imeachta sin a bheith infheidhme ach amháin tar éis mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú agus amháin nuair a ainmnítear earra sonrach a chumhdaítear leis na Rialacháin sin mar earra atá ábhartha i gcás géarchéime i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/2747 agus nuair a bheidh gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún lena ngníomhachtaítear na nósanna imeachta sin i gcomhréir leis an Rialachán sin.

(11)

Ina theannta sin, i gcásanna, mar shampla, ina bhféadfadh an suathadh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh difear a dhéanamh do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta nó i gcásanna nach leordhóthanach na hacmhainneachtaí tástála le haghaidh táirgí arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go n-údaródh na húdaráis náisiúnta inniúla ar bhonn eisceachtúil sealadach táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad nach ndearnadh na gnáthnósanna imeachta um measúnú comhréireachta a cheanglaítear le reachtaíocht earnála ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú faoi seach

(12)

A mhéid a bhaineann le táirgí a thagann faoi raon feidhme na Rialachán leasaithe, arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla a bheith in ann, i gcomhthéacs éigeandáil leanúnach sa mhargadh inmheánach, a maolú ar an oibleagáid na nósanna imeachta sin um measúnú comhréireachta a leagtar síos sna Rialacháin leasaithe a dhéanamh, i gcás ina bhfuil rannpháirtíocht comhlachta faoina dtugtar fógra éigeantach. I gcásanna den sórt sin, ba cheart na húdaráis sin a bheith in ann údaruithe a eisiúint chun na táirgí sin a chur ar an margadh, agus, de réir mar is infheidhme, a chur i seirbhís, ar choinníoll go n-áiritheofar comhréireacht leis na ceanglais sábháilteachta riachtanacha uile is infheidhme. Ba cheart é a bheith indéanta comhlíonadh na gceanglas sin a léiriú trí mhodhanna éagsúla, lena n-áirítear tástáil arna déanamh ag na húdaráis náisiúnta ar shamplaí arna gcur ar fáil ag an monaróir a rinne iarratas ar údarú. Ba cheart tuairisc shoiléir a thabhairt san údarú arna eisiúint ag an údarás inniúil náisiúnta ar na nósanna imeachta sonracha a leanadh chun comhlíonadh agus torthaí na nósanna imeachta sin a léiriú.

(13)

Ós rud é go leanfaidh na ceanglais riachtanacha sábháilteachta arna gcomhchuibhiú leis na Rialacháin leasaithe de bheith infheidhme agus gur cheart go mbeadh údarás náisiúnta inniúil in ann an t-údarú a eisiúint chun táirgí a chur ar an margadh gan an mharcáil CE, go heisceachtúil, go sealadach agus de bhreis ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar síos sna Rialacháin sin, leanann an Rialachán seo d’fheabhas a chur ar na dálaí le haghaidh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Leis an Rialachán seo, cuirtear san áireamh an comhthéacs a bunaíodh leis na rialacha lán-chomhchuibhithe a eascraíonn as na Rialacháin atá ann cheana agus na rialacha comhlántacha a eascraíonn as na leasuithe a dhéantar orthu leis an Rialachán seo. Leis na leasuithe sin, bheadh údaráis náisiúnta in ann údaruithe arna n-eisiúint i mBallstáit eile a aithint agus cheanglófaí ar an gCoimisiún bailíocht na n-údaruithe náisiúnta sin a leathnú ó chríoch aon Bhallstáit amháin go críoch an Aontais, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar choinníoll go n-áirithítear leis na ceanglais a leagtar amach san údarú, comhréireacht leis na ceanglais riachtanacha a leagtar síos sna Rialacháin leasaithe sin. Tá údar cuí le scéim údaraithe náisiúnta chomhthreomhar den sórt sin in amanna eisceachtúla géarchéime, chomh maith le nós imeachta um measúnú comhréireachta an Aontais, agus tá sí comhréireach chun an cuspóir dlisteanach maidir le sláinte, beatha agus sábháilteacht daoine a chosaint. Trí gan foráil a dhéanamh maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch do gach údarú náisiúnta a mhaolaíonn ó nósanna imeachta um measúnú comhréireachta le linn géarchéime, is é is aidhm don Rialachán leasaitheach seo nach dtiocfar timpeall ar an nós imeachta um marcáil CE ná nach mbainfear an bonn de, agus, ar an gcaoi sin, go leanfaidh tomhaltóirí de mhuinín a bheith acu as sábháilteacht táirgí ar mhargadh an Aontais ar a bhfuil an mharcáil CE.Dá bhrí sin, níor cheart go ndéanfadh na rialacha maolaithe nua sin difear, a mhéid a chuirtear toirmeasc leo ar ghreamú na marcála CE de tháirgí nach bhfuil formheasta ach ar an leibhéal náisiúnta amháin, don reachtaíocht chomhchuibhithe maidir le táirgí ná do mhuinín na dtomhaltóirí sa mharcáil CE, nach féidir a ghreamú ach amháin i gcás inar urramaíodh na rialacha substainteacha agus na rialacha nós imeachta comhchuibhithe uile. Trí bhealach breise comhthreomhar a sholáthar chun earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar an margadh go heisceachtúil i gcomhthéacs éigeandáil sa mhargadh inmheánach, cuireann na rialacha maolaithe ar chumas monaróirí nua a dtáirgí a chur ar an margadh go tapa gan fanacht go dtabharfar na gnáthnósanna imeachta um measúnú comhréireachta chun críche. Leis an gcur ar an margadh brostaithe agus eisceachtúil sin, chuideofaí leis an méadú tapa ar sholáthar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, agus ag an am céanna, dhéanfadh sé éascú do mhonaróirí toisc go gceadódh sé dóibh baisceanna tosaigh nó sraith táirgí tosaigh a chur ar an margadh sula gcuirtear na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcrích. A luaithe a bheidh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta curtha i gcrích go rathúil, ba cheart baisceanna nó sraith táirgí ina dhiaidh sin a bheith i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha ábhartha is infheidhme agus, ar an gcaoi sin, tairbhiú den tsaorghluaiseacht. Ós rud é, le linn éigeandáil sa mhargadh inmheánach, gurb ann do shraith eisceachtúil, maolaithe de rialacha, i dteannta na rialacha is infheidhme de ghnáth, is féidir aistriú go dtí na rialacha is infheidhme de ghnáth, rud a chuireann ar chumas na monaróirí leanúint dá dtáirgí a chur ar an margadh tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh.

(14)

I gcás ina ndearna an Coimisiún bailíocht údaraithe arna eisiúint ag Ballstát a leathnú chuig críoch an Aontais ina iomláine trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, níor cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha maidir leis na hearraí lena mbaineann a chur ar an margadh ach amháin maidir leis na hearraí sin a chuirfear ar an margadh tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme sin. D’fhéadfaí foráil a dhéanamh leis an ngníomh cur chun feidhme sin maidir le tairbhe na saorghluaiseachta a dheonú freisin d’earraí atá curtha ar an margadh cheana féin ar bhonn údaruithe atá ann cheana. Na húdaruithe uile atá ann cheana arna n-eisiúint ag na Ballstáit roimh theacht i bhfeidhm gnímh cur chun feidhme ón gCoimisiún, ba cheart dóibh scor de bhunús dlí a thabhairt do na hearraí a chur ar an margadh tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme ón gCoimisiúin maidir leis na hearraí céanna, agus ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chuige sin. Maidir le hearraí a cuireadh ar an margadh cheana ar bhonn údarú arna ghlacadh ag Ballstát sular glacadh gníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún, níor cheart gur ghá iad a tharraingt siar ná a aisghairm mura rud é gur sainaithníodh ábhair shonracha imní sábháilteachta maidir leis na hearraí sin a bhfuil gá le gníomhaíochtaí ceartaitheacha nó sriantacha mar thoradh orthu a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomh cur chun feidhme eile.

(15)

Bailíocht na n-údaruithe uile, arna n-eisiúint le linn mhodh gníomhach éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir leis na nósanna imeachta éigeandála a bhunaítear leis an Rialachán seo, chun táirgí arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar an margadh, ba cheart go rachadh an bhailíocht sin in éag go huathoibríoch ar dháta éaga nó dhíghníomhachtaithe mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh. Mar sin féin, ba cheart go bhféadfaí údaruithe a eisiúint a bhfuil bailíocht níos giorra acu. A luaithe a bheidh údarú imithe in éag, níor cheart earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar an margadh a thuilleadh ar bhonn an údaraithe sin. Mar sin féin, níor cheart, mar thoradh ar dhul in éag údaraithe, oibleagáid a ghníomhachtú go huathoibríoch earraí a cuireadh ar an margadh cheana ar bhonn an údaraithe sin a tharraingt siar nó a aisghairm. I gcásanna inar cuireadh ar an margadh iad de shárú ar na coinníollacha a leagtar síos san údarú nó i gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na hearraí a chumhdaítear faoin údarú sin, ba cheart go mbeadh na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh i dteideal na gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus sriantacha uile atá ar fáil dóibh a dhéanamh i gcomhréir leis na Rialacháin leasaithe agus Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na nósanna imeachta éigeandála earnála, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir leis na gníomhaíochtaí leantacha atá le déanamh agus na nósanna imeachta atá le leanúint i ndáil leis na hearraí a chuirtear ar an margadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta earnála éigeandála ábhartha.

(16)

Chun comhroinnt thráthúil faisnéise a áirithiú agus chun go mbeidh na Ballstáit uile in ann freagairt, ba cheart an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas láithreach faoi aon chinneadh a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta chun earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a údarú. Leis an gCóras Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (ICSMS) dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1020, soláthraítear na feidhmeanna is gá cheana chun gur féidir fógra a thabhairt go tapa faoi chinntí riaracháin agus, dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann é a úsáid chun na críche sin. Ina theannta sin, ba cheart faisnéis faoi gach gníomhaíocht cheartaitheach nó shriantach a chomhroinnt freisin. De bhun Rialachán (AE) 2019/1020, ní mór an fhaisnéis a bheith inrochtana in ICSMS gan beann ar cibé acu is gá nó nach gá fógra a thabhairt faoi na gníomhaíochtaí sin sa chóras Safety Gate mar gheall ar na táirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag leo. Seachnófar iontráil dhúbailte tríd an gcomhéadan sonraí idir an córas Safety Gate agus ICSMS, comhéadan a choinneoidh an Coimisiún ar bun i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020.

(17)

Ba cheart a chur sna húdaruithe uile arna n-eisiúint ag na Ballstáit chun earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar an margadh, ar a laghad, faisnéis áirithe a thacaíonn leis an measúnú go gcomhlíonann na hearraí lena mbaineann na ceanglais riachtanacha is infheidhme agus ba cheart gnéithe áirithe a bheith iontu lena n-áirithítear inrianaitheacht. Ba cheart a áireamh ar na heilimintí a bhaineann le hinrianaitheacht ceanglais shonracha maidir leis an lipéadú, na doiciméid a ghabhann leis nó aon mhodh breise chun a áirithiú go sainaithnítear na hearraí lena mbaineann agus chun gur féidir iad a rianú feadh an tslabhra soláthair. Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach agus comhleanúnach na gceanglas inrianaitheachta a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart na ceanglais choiteanna inrianaitheachta a shonrú freisin i ngníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún lena ndéantar bailíocht údaruithe arna n-eisiúint ag Ballstát a fhadú. Ba cheart a áireamh ar na ceanglais sin na socruithe sonracha maidir leis an tásc gur ‘earra atá ábhartha i gcás géarchéime’ é an táirge lena mbaineann. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, a luaithe a rachaidh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh in éag nó a luaithe a dhíghníomhachtófar é, aon choigeartuithe is gá a ghlacadh ar na ceanglais inrianaitheachta le haghaidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus atá curtha ar an margadh cheana féin ar bhonn údarú arna eisiúint ag Ballstát.

(18)

I gcás ina dtiocfaidh méadú as cuimse ar an éileamh ar tháirgí áirithe mar thoradh ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach, agus chun tacú le hiarrachtaí oibreoirí eacnamaíocha freastal ar an éileamh sin, is iomchuí sásra a bhunú chun tagairtí teicniúla a sholáthar, ar cheart do mhonaróirí a bheith in ann a úsáid chun earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a dhearadh agus a tháirgeadh, ar earraí iad a chomhlíonann na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme.

(19)

Le roinnt gníomhartha reachtacha earnála comhchuibhithe de chuid an Aontais, déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht do mhonaróir a bheith in ann tairbhiú de thoimhde chomhréireachta má chomhlíonann a tháirge caighdeán comhchuibhithe. Ina theannta sin, le creat ginearálta an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí a bunaíodh le Rialachán (AE) 2023/988, bunaítear, faoi choinníollacha áirithe, sásra um thoimhde comhréireachta leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta i gcás ina gcomhlíonann táirge caighdeáin Eorpacha ábhartha, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, i gcásanna nach ann do chaighdeáin den sórt sin nó ina bhféadfadh sé go mbeadh sé ródheacair iad a chomhlíonadh mar gheall ar an suaitheadh a tharla de dheasca na géarchéime, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le sásraí malartacha freagartha ar ghéarchéimeanna.

(20)

Maidir le Rialacháin (AE) 2016/424, (AE) 2016/425, (AE) 2016/426 agus (AE) 2023/1230, ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla a bheith in ann a thoimhdiú, maidir le táirgí a mhonaraítear i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha, caighdeáin náisiúnta ábhartha is infheidhme de chuid na mBallstát, nó caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha is infheidhme arna bhforbairt ag comhlacht idirnáisiúnta aitheanta um chaighdeánú, atá aitheanta ag an gCoimisiún mar bheith oiriúnach chun comhréireacht a bhaint amach agus lena n-áirithítear leibhéal cosanta atá coibhéiseach leis an leibhéal a thairgtear leis na caighdeáin chomhchuibhithe, go gcomhlíonann siad na ceanglais riachtanacha ábhartha is infheidhme. Táirgí a chuirtear ar an margadh ar bhonn na toimhde comhréireachta arna suí tríd an sásra éigeandála a bhunaítear leis an Rialachán seo, níor cheart iad a tharraingt siar go huathoibríoch nuair a scoirfidh an gníomh cur chun feidhme ina liostaítear na caighdeáin Eorpacha nó na caighdeáin ábhartha náisiúnta nó idirnáisiúnta is infheidhme d’fheidhm a bheith aige. I gcásanna ina bhfuil ábhair imní ann maidir le comhlíontacht táirge chomhchuibhithe arna ainmniú mar earra atá ábhartha i gcás géarchéime agus a cuireadh ar an margadh le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh ar bhonn toimhde chomhréireachta arna bunú trí ghníomh cur chun feidhme den sórt sin, ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh a bheith in ann na gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus sriantacha uile is gá a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2019/1020 agus faoin reachtaíocht earnálach faoi seach. Tar éis do ghníomh cur chun feidhme den sórt sin scor d’fheidhm a bheith aige, níor cheart, le comhlíonadh na gcaighdeán Eorpach ná na gcaighdeán náisiúnta ná idirnáisiúnta ábhartha is infheidhme, go léireofaí a thuilleadh gurbh ionann comhlíonadh agus toimhde chomhréireachta leis na ceanglais riachtanacha is ábhartha is infheidhme.

(21)

Maidir le Rialachán (AE) 2023/988, ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla a bheith in ann a thoimhdiú go gcomhlíonann táirgí a mhonaraítear i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha nó náisiúnta na mBallstát, nó i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha arna bhforbairt ag comhlacht caighdeánaithe idirnáisiúnta aitheanta, an ceanglas sábháilteachta ginearálta. Táirgí a chuirtear ar an margadh ar bhonn na toimhde comhréireachta arna suí tríd an sásra éigeandála a bhunaítear leis an Rialachán seo, níor cheart iad a tharraingt siar go huathoibríoch nuair a scoirfidh an gníomh cur chun feidhme lena liostaítear na caighdeáin Eorpacha nó na caighdeáin ábhartha náisiúnta nó idirnáisiúnta is infheidhme d’fheidhm a bheith aige. I gcás ina bhfuil fianaise ann go bhfuil contúirt le táirge arna ainmniú mar earra atá ábhartha i gcás géarchéime, agus a cuireadh ar an margadh le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh ar bhonn na toimhde comhréireachta a bhunaítear trí bhíthin an ghnímh cur chun feidhme sin, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis um fhaireachas margaidh gach beart iomchuí a dhéanamh faoi Rialachán (AE) 2023/988. Tar éis do ghníomh cur chun feidhme den sórt sin scor de léiriú go bhfuil na caighdeáin Eorpacha nó na caighdeáin ábhartha náisiúnta nó idirnáisiúnta is infheidhme á gcomhlíonadh, níor cheart toimhde chomhréireachta leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a sholáthar a thuilleadh.

(22)

Thairis sin, i dtaca le Rialacháin (AE) 2016/424, (AE) 2016/425, (AE) 2016/426 agus (AE) 2023/1230, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, arar cheart na monaróirí a bheith in ann brath chun tairbhe a bhaint as toimhde chomhréireachta leis na ceanglais riachtanacha is infheidhme. Ba cheart go leanfadh an gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos na sonraíochtaí coiteanna sin de bheith infheidhme ar feadh ré mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh. Táirgí a chuirtear ar an margadh ar bhonn na toimhde comhréireachta arna suí trí chomhlíonadh na sonraíochtaí coiteanna sin a léiriú, níor cheart iad a tharraingt siar go huathoibríoch nuair a scoirfidh an gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos na sonraíochtaí coiteanna sin d’fheidhm a bheith aige. I gcásanna ina bhfuil ábhair imní ann maidir le comhlíontacht táirge arna ainmniú mar earra atá ábhartha i gcás géarchéime, agus a chuirtear ar an margadh le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, ar bhonn na toimhde comhréireachta arna suí trí chomhlíonadh sonraíochtaí coiteanna a léiriú, ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh a bheith in ann na gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus sriantacha uile is gá a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2019/1020 agus faoin reachtaíocht earnálach faoi seach. Tar éis don ghníomh cur chun feidhme lena leagtar síos na sonraíochtaí coiteanna scor d’fheidhm a bheith aige, níor cheart a thuilleadh gurbh ionann léiriú gur comhlíonadh na sonraíochtaí coiteanna sin agus toimhde chomhréireachta leis na ceanglais riachtanacha ábhartha is infheidhme.

(23)

Chun a áirithiú nach gcuirfear i mbaol an leibhéal sábháilteachta a sholáthraítear leis na táirgí comhchuibhithe agus neamh-chomhchuibhithe, is gá foráil a dhéanamh maidir le rialacha d’fhaireachas margaidh feabhsaithe, go háirithe i ndáil le hearraí arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, lena n-áirítear trí chomhar níos dlúithe agus tacaíocht fhrithpháirteach níos dlúithe a chumasú i measc na n-údarás um fhaireachas margaidh.

(24)

I gcomhréir le forálacha ábhartha na Rialachán leasaithe, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i ndáil le sáruithe a dhéanann oibreoirí eacnamaíocha agus comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar fhorálacha na Rialachán sin, lena n-áirítear na forálacha nua a thugtar isteach leis an Rialachán seo. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla, lena n-áirítear na húdaráis faoi seach faoina dtugtar fógra, na rialacha sin a fhorfheidhmiú.

(25)

I gcomhréir lena chleachtas seanbhunaithe, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle go córasach leis na geallsealbhóirí ábhartha i gcomhthéacs luathchéimeanna ullmhúcháin na ndréachtghníomhartha cur chun feidhme uile lena leagtar síos sonraíochtaí coiteanna.

(26)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 305/2011, (AE) 2016/424, (AE) 2016/425, (AE) 2016/426, (AE) 2023/988 agus (AE) 2023/1230 a leasú dá réir sin.

(27)

Chun go mbeidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta céanna le Rialachán (AE) 2024/2747, ba cheart a chur i bhfeidhm a chur siar,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 305/2011

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(29)

ciallaíonn “earraí atá ábhartha i gcás géarchéime” earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(30)

‘ciallaíonn “modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh” modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2024/2747.

(*1)  Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO L, 2024/2747, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2747/oj).’;"

(2)

cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:

‘Caibidil VIA

Nósanna imeachta éigeandála

Airteagal 38a

Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 38b go 38d den Rialachán seo ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2024/2747 i dtaca le táirgí foirgníochta arna gcumhdach leis an Rialachán seo.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 38b go 38d den Rialachán seo ach amháin maidir le táirgí foirgníochta arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2024/2747.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 38b go 38d den Rialachán seo ach amháin le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a gníomhachtaíodh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha nó sriantacha atá le déanamh, na nósanna imeachta atá le leanúint agus na ceanglais shonracha lipéadaithe agus inrianaitheachta i ndáil le táirgí foirgníochta a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagail 38b agus 38c. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 64(2a).

Airteagal 38b

Tosaíocht a thabhairt do mheasúnú agus fíorú seasmhachta feidhmíochta táirgí foirgníochta arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le táirgí foirgníochta atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 38a(1) atá faoi réir cúraimí tríú páirtí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra a bhaineann le measúnú agus fíorú seasmhachta feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 28(1).

2.   Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall iarrataí a phróiseáil, mar thosaíocht, ar chúraimí tríú páirtí a bhaineann le seasmhacht feidhmíochta táirgí foirgníochta dá dtagraítear i mír 1 a mheasúnú agus a fhíorú, gan beann ar cé acu ar taisceadh na hiarrataí sin roimh nó i ndiaidh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 38a.

3.   Maidir le tosaíocht a thabhairt d’iarrataí ar chúraimí tríú páirtí a bhaineann le measúnú agus le fíorú seasmhachta feidhmíochta táirgí foirgníochta de bhun mhír 2, ní bheidh mar thoradh orthu costais dhíréireacha bhreise ar mhonaróirí a bhfuil na hiarrataí sin taiscthe acu.

4.   Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra iarrachtaí réasúnta chun a n-acmhainneachtaí measúnúcháin agus fíorúcháin faoi seach a mhéadú maidir le táirgí foirgníochta dá dtagraítear i mír 1 ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 38c

Measúnú agus dearbhú feidhmíochta bunaithe ar chaighdeáin agus ar shonraíochtaí coiteanna

1.   I gcás inar ainmníodh táirgí foirgníochta mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena liostaítear caighdeáin iomchuí nó lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna chun na modhanna agus na critéir a chumhdach chun measúnú a dhéanamh ar na táirgí sin i ndáil lena saintréithe bunriachtanacha sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nár foilsíodh tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na modhanna ábhartha agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtáirgí sin i ndáil lena saintréithe bunriachtanacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) agus nach meastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta; nó

(b)

i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747 mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe a sholáthraíonn na modhanna agus na critéir ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtáirgí sin i ndáil lena saintréithe bunriachtanacha, agus na tagairtí a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.   Leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, leagfar amach an réiteach teicniúil malartach is iomchuí chun críocha measúnú agus dearbhú feidhmíochta a sholáthar i gcomhréir le mír 5. Chuige sin, féadfar tagairtí i leith caighdeáin Eorpacha nó tagairtí i leith caighdeáin ábhartha náisiúnta nó idirnáisiúnta is infheidhme a fhoilsiú sna gníomhartha cur chun feidhme sin nó, murab ann d’aon chaighdeán Eorpach ábhartha nó aon chaighdeán ábhartha náisiúnta nó idirnáisiúnta is infheidhme, féadfar sonraíochtaí coiteanna a bhunú leis na gníomhartha cur chun feidhme sin.

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 64(2a) agus beidh feidhm acu go dtí an lá deiridh den tréimhse ina ngníomhachtófar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, mura leasófar nó mura n-aisghairfear na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.

4.   Sula n-ullmhóidh sé an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 1 den Airteagal seo comhlíonta. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme sin á ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha a bhunaítear faoin Rialachán seo agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

5.   Gan dochar d’Airteagail 4 agus 6, féadfar na modhanna agus na critéir arna soláthar sna caighdeáin nó sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó codanna díobh, a úsáid chun feidhmíocht na dtáirgí foirgníochta a chumhdaítear leis na caighdeáin nó na sonraíochtaí coiteanna sin a mheasúnú agus a dhearbhú i ndáil lena saintréithe bunriachtanacha. Ón lá tar éis do mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh dul in éag nó a dhíghníomhachtú, ní fhéadfar dearbhuithe feidhmíochta bunaithe a tharraingt suas a thuilleadh bunaithe ar na caighdeáin nó ar na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

6.   De mhaolú ar Airteagal 38a(3), ach amháin má tá cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine le táirgí foirgníochta a chumhdaítear leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó mura n-éiríonn leo an fheidhmíocht dhearbhaithe a bhaint amach, leanfaidh dearbhuithe feidhmíochta na dtáirgí foirgníochta a cuireadh ar an margadh i gcomhréir leis na caighdeáin sin nó leis na sonraíochtaí coiteanna sin de bheith bailí tar éis do ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo dul in éag nó a aisghairm agus tar éis do mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh dul in éag nó a dhíghníomhachtú.

7.   Nuair a mheasann Ballstát go bhfuil caighdeán nó sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 mícheart i dtéarmaí modhanna agus critéar chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht i ndáil le saintréithe bunriachtanacha, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus, más iomchuí, déanfaidh sé an gníomh cur chun feidhme lena liostaítear an caighdeán nó lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú nó a aisghairm.

Airteagal 38d

Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na n-údarás

1.   Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh le haghaidh táirgí foirgníochta a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 38a(1) den Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún comhordú na n-iarrachtaí tosaíochta sin a éascú trí Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí a bhunaítear faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

2.   Áiritheoidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát go ndéanfar gach iarracht réasúnta ar chúnamh a thabhairt d’údaráis eile um fhaireachas margaidh le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na n-údarás um fhaireachas margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar, amhail atreisiú na hacmhainneachta tástála do tháirgí foirgníochta a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 38a(1).

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12)."

(*3)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).’;"

(3)

in Airteagal 64, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

(*4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).’."

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/424

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/424 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(28)

ciallaíonn “earraí atá ábhartha i gcás géarchéime” earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5);

(29)

ciallaíonn “modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh” modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2024/2747.

(*5)  Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO L, 2024/2747, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2747/oj).’;"

(2)

cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:

‘Caibidil VA

Nósanna imeachta éigeandála

Airteagal 43a

Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 43b go 43e den Rialachán seo ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2024/2747 i dtaca le fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta arna gcumhdach leis an Rialachán seo.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 43b go 43e den Rialachán seo ach amháin maidir le fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2024/2747.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 43b go 43e den Rialachán seo ach amháin le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a gníomhachtaíodh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 43c(7) den Rialachán seo le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh agus tar éis a éaga nó a dhíghníomhachtaithe.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha nó sriantacha atá le déanamh, na nósanna imeachta atá le leanúint agus na ceanglais shonracha lipéadaithe agus inrianaitheachta i ndáil le fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear isteach i suiteáil chábla-bhealaigh i gcomhréir le hAirteagail 43c agus 43d. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(3).

Airteagal 43b

Tosaíocht a thabhairt do mheasúnú comhréireachta ar fhochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43a(1) atá faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 18 lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra.

2.   Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar fhochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, gan beann ar cé acu ar taisceadh na hiarratais sin roimh nó i ndiaidh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 43a.

3.   Ní bheidh costas breise díréireach ar na monaróirí a thaisc iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar fhochórais agus ar chomhpháirteanna sábháilteachta de bhun mhír 2 mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt do na hiarratais sin.

4.   Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra iarrachtaí réasúnta ar a n-acmhainneachtaí tástála a mhéadú i gcás fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí dá dtagraítear i mír 1 ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 43c

Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra

1.   De mhaolú ar Airteagal 18, féadfaidh Ballstát, ar iarraidh a bhfuil údar cuí léi a fháil ó oibreoir eacnamaíoch, a údarú chun fochóras sonrach nó comhpháirt sábháilteachta shonrach a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43a(1) a chur ar an margadh nó a ionchorprú i suiteáil chábla-bhealaigh laistigh de chríoch an Bhallstáit sin agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 18 lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra curtha i gcrích ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha uile is infheidhme a leagtar síos in Iarscríbhinn II i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear san údarú sin.

2.   Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi aon údarú arna dheonú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Ar choinníoll go n-áirithítear leis na ceanglais a leagtar amach san údarú go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar síos in Iarscríbhinn II, glacfaidh an Coimisiún, gan mhoill, gníomh cur chun feidhme lena ndéanfar bailíocht an údaraithe arna dheonú ag Ballstát i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo a fhadú chuig críoch an Aontais ina iomláine agus leagfaidh sé amach na coinníollacha faoinar féidir an fochóras sonrach nó an chomhpháirt sábháilteachta shonrach a chur ar an margadh nó a ionchorprú i suiteáil chábla-bhealaigh. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme á ullmhú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh faisnéis nó barúlacha ábhartha a sholáthar maidir leis an measúnú teicniúil arbh é an bonn é don údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(3).

Ar an bhfochóras nó ar an gcomhpháirt sábháilteachta atá faoi réir an fhadaithe bailíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh an fhaisnéis go gcuirtear ar an margadh é mar “earra atá ábhartha i gcás géarchéime”. Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír ábhar agus cur i láthair na faisnéise sin. Beidh an fhaisnéis sin, chomh maith le haon lipéadú, soiléir, soléite agus intuigthe agus, i gcás inarb ábhartha, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.

3.   Ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann leis an ngá atá le sláinte agus sábháilteacht daoine a chothú, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme a ghlacadh láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 44(4).

4.   Fad nach nglacfar gníomh cur chun feidhme amhail dá dtagraítear i mír 2 nó 3, ní bheidh an t-údarú arna dheonú ag údarás inniúil náisiúnta i mBallstát amháin bailí ach amháin ar chríoch an Bhallstáit sin, agus ar chríocha aon Bhallstáit eile ar aithin a n-údaráis náisiúnta inniúla bailíocht an údaraithe sin sular glacadh an gníomh cur chun feidhme sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh i dtaobh bhailíocht an údaraithe sin a aithint.

5.   Déanfaidh monaróirí fochóras nó comhpháirteanna sábháilteachta atá faoi réir an nós imeachta údaraithe dá dtagraítear i mír 1 a dhearbhú, ar a bhfreagracht féin amháin, go gcomhlíonann an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta lena mbaineann na ceanglais riachtanacha uile is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus beidh siad freagrach as na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta uile arna sonrú ag an údarás náisiúnta inniúil a chomhlíonadh.

6.   Aon údarú a eiseofar de bhun mhír 1, leagfar amach leis na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an fochóras nó an chomhpháirt sábháilteachta a chur ar an margadh nó a chorprú i suiteáil chábla-bhealaigh. Leagfar amach an méid seo a leanas ar a laghad leis na ceanglais sin:

(a)

tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil go gcomhlíontar na gceanglas riachtanach is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)

aon cheanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht an fhochórais nó na comhpháirte sábháilteachta lena mbaineann;

(c)

dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747;

(d)

aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i dtaca leis an bhfochóras nó leis an gcomhpháirt sábháilteachta lena mbaineann;

(e)

bearta atá le déanamh ar dhul in éag nó ar dhíghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i ndáil leis an bhfochóras nó comhpháirt sábháilteachta lena mbaineann atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís.

7.   De mhaolú ar Airteagail 7, 20 agus 21, ní bheidh an mharcáil CE ar fhochórais nó comhpháirteanna sábháilteachta ar tugadh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus ní bheidh feidhm ag Airteagal 7 maidir leis.

8.   Na húdaráis um fhaireachas margaidh i mBallstát i gcás ina bhfuil údarú de bhun mhíreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo bailí, beidh siad i dteideal, maidir leis na fochórais agus na comhpháirteanna sábháilteachta sin, gach gníomhaíocht cheartaitheach agus shriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) agus faoin Rialachán seo. Cuirfidh siad an Coimisiún agus údaráis um fhaireachas margaidh gach Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi na gníomhaíochtaí sin.

9.   Le húsáid an nós imeachta údaraithe a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo, ní dhéanfar difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 18 ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 43d

Toimhde chomhréireachta atá bunaithe ar chaighdeáin agus ar shonraíochtaí coiteanna

1.   I gcás inar ainmníodh fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena liostaítear caighdeáin iomchuí nó lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh na bhfochóras agus na gcomhpháirteanna sábháilteachta sin chun na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chumhdach sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nár foilsíodh tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta; nó

(b)

i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán EU 2024/2747, mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus a foilsíodh cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.   Leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, leagfar amach an réiteach teicniúil malartach is iomchuí chun toimhde chomhréireachta a sholáthar i gcomhréir le mír 5. Chuige sin, féadfar tagairtí i leith caighdeáin Eorpacha nó tagairtí i leith caighdeáin ábhartha náisiúnta nó idirnáisiúnta is infheidhme a fhoilsiú sna gníomhartha cur chun feidhme sin nó, murab ann d’aon chaighdeán Eorpach nó aon chaighdeán ábhartha náisiúnta nó idirnáisiúnta is infheidhme, féadfar sonraíochtaí coiteanna a bhunú leis na gníomhartha cur chun feidhme sin.

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(3) agus beidh feidhm acu go dtí an lá deiridh den tréimhse ina ngníomhachtófar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, mura leasófar nó mura n-aisghairfear na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.

4.   Sula n-ullmhóidh sé an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 1 den Airteagal seo comhlíonta. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme sin á ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha a bhunaítear faoin Rialachán seo agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

5.   Gan dochar d’Airteagal 17, toimhdeofar go bhfuil fochórais agus comhpháirteanna sábháilteachta atá i gcomhréir leis na caighdeáin nó na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó le codanna díobh, i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chumhdaítear leis na caighdeáin sin, leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh. Ón lá tar éis do mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh dul in éag nó a bheith díghníomhachtaithe, ní bheidh monaróirí in ann brath a thuilleadh ar an toimhde chomhréireachta dá bhforáiltear leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

6.   De mhaolú ar Airteagal 43a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na fochórais agus na comhpháirteanna sábháilteachta a chumhdaítear leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, measfar na fochórais agus na comhpháirteanna sábháilteachta atá i gcomhréir leis na caighdeáin sin nó leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus atá curtha ar an margadh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II tar éis dul in éag nó a aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh.

7.   Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann caighdeán nó sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, más iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena liostaítear an caighdeán nó lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú nó a aisghairm.

Airteagal 43e

Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na n-údarás

1.   Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh le haghaidh fochórais agus comhpháirteanna sábhailteachta a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43a(1) den Rialachán seo. Éascóidh an Coimisiún comhordú iarrachtaí tosaíochta den sórt sin trí Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí arna bhunú faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/1020.

2.   Áiritheoidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát go ndéanfar gach iarracht réasúnta ar chúnamh a thabhairt d’údaráis eile um fhaireachas margaidh le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na n-údarás um fhaireachas margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar, amhail atreisiú na hacmhainneachta tástála do na fochórais agus na comhpháirteanna sábháilteachta a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43a(1).

(*6)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).’."

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/425

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/425 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(19)

ciallaíonn “earraí atá ábhartha i gcás géarchéime” earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7);

(20)

ciallaíonn “modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh” modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2024/2747.

(*7)  Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO L, 2024/2747, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2747/oj).’;"

(2)

cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:

‘Caibidil VIA

Nósanna imeachta éigeandála

Airteagal 41a

Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 41b go 41e den Rialachán seo ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2024/2747 i dtaca le TCP arna chumhdach leis an Rialachán seo.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 41b go 41e den Rialachán seo ach amháin maidir le TCP arna ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2024/2747.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 41b go 41e den Rialachán seo ach amháin le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a gníomhachtaíodh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 41d(7) den Rialachán seo le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh agus tar éis a dhul in éag nó a dhíghníomhachtaithe.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha nó sriantacha atá le déanamh, na nósanna imeachta atá le leanúint agus na ceanglais shonracha lipéadaithe agus inrianaitheachta i ndáil le TCP a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagail 41c agus 41d. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(3).

Airteagal 41b

Tosaíocht a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar TCP arna ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le TCP a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 41a(1) atá faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 19 lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra.

2.   Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar TCP dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, gan beann ar cé acu ar taisceadh na hiarratais sin roimh nó i ndiaidh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 41a.

3.   Ní bheidh aon chostais dhíréireacha bhreise ar na monaróirí a thaisc na hiarratais sin mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt d’iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar TCP de bhun mhír 2.

4.   Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra iarrachtaí réasúnta a n-acmhainneachtaí tástála a mhéadú le haghaidh TCP dá dtagraítear i mír 1 ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 41c

Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra

1.   De mhaolú ar Airteagal 19, féadfaidh Ballstát, ar iarraidh a bhfuil údar cuí léi a fháil ó oibreoir eacnamaíoch, a údarú go gcuirfear ar an margadh laistigh de chríoch an Bhallstáit sin TCP sonrach a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 41a(1) agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 19 lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra curtha i gcrích ina leith ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sé na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta uile is infheidhme a leagtar síos in Iarscríbhinn II i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear san údarú sin.

2.   Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi aon údarú arna dheonú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Ar choinníoll go n-áirithítear leis na ceanglais a leagtar amach san údarú go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar síos in Iarscríbhinn II, glacfaidh an Coimisiún, gan mhoill, gníomh cur chun feidhme lena ndéanfar bailíocht an údaraithe arna dheonú ag Ballstát i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo a fhadú chuig críoch an Aontais ina iomláine agus leagfaidh sé amach na coinníollacha faoinar féidir an TCP sonrach a chur ar an margadh. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme á ullmhú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar údaráis um fhaireachas margaidh náisiúnta faisnéis nó barúlacha ábhartha a sholáthar maidir leis an measúnú teicniúil arbh é an bonn é don údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(3).

Beidh ar TCP atá faoi réir an fhadaithe bailíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír an fhaisnéis go gcuirfear ar an margadh é mar “earra atá ábhartha i gcás géarchéime”. Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír ábhar agus cur i láthair na faisnéise sin. Beidh an fhaisnéis sin, chomh maith le haon lipéadú, soiléir, soléite agus intuigthe agus, i gcás inarb ábhartha, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.

3.   Ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann leis an ngá atá le sláinte agus sábháilteacht daoine a chothú, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme a ghlacadh láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 44(4).

4.   Fad nach nglacfar gníomh cur chun feidhme amhail dá dtagraítear i mír 2 nó 3, ní bheidh an t-údarú arna dheonú ag údarás inniúil náisiúnta i mBallstát amháin bailí ach amháin ar chríoch an Bhallstáit sin, agus ar chríocha aon Bhallstáit eile ar aithin a n-údaráis náisiúnta inniúla bailíocht an údaraithe sin sular glacadh an gníomh cur chun feidhme sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh i dtaobh bhailíocht an údaraithe sin a aithint.

5.   Dearbhóidh monaróirí TCP atá faoi réir an nós imeachta um údarú dá dtagraítear i mír 1, dá bhfreagracht féin, go gcomhlíonann TCP lena mbaineann na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta uile is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus beidh sé freagrach as na nósanna imeachta uile um measúnú comhréireachta arna sonrú ag an údarás náisiúnta inniúil a chomhlíonadh.

6.   Aon údarú arna eisiúint de bhun mhír 1, leagfar amach leis na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar TCP a chur ar an margadh. Leagfar amach an méid seo a leanas ar a laghad sna húdaruithe den sórt sin:

(a)

tuairisc ar na nósanna imeachta trínar éiríodh le comhlíonadh na gceanglas riachtanach sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a léiriú;

(b)

aon cheanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht TCP lena mbaineann;

(c)

dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747;

(d)

aon cheanglais shonracha maidir leis an ngá measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i dtaca le TCP lena mbaineann;

(e)

bearta atá le déanamh ar dhul in éag nó ar dhíghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le TCP lena mbaineann atá curtha ar an margadh.

7.   De mhaolú ar Airteagail 7, 16 agus 17, ní bheidh an mharcáil CE ar TCP ar tugadh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus ní bheidh feidhm ag Airteagal 7 maidir leis.

8.   Na húdaráis um fhaireachas margaidh i mBallstát i gcás ina bhfuil údarú de bhun mhíreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo bailí, beidh siad i dteideal, maidir le TCP sin, gach gníomhaíocht cheartaitheach agus shriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8) agus faoin Rialachán seo. Cuirfidh siad an Coimisiún agus údaráis um fhaireachas margaidh gach Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi na gníomhaíochtaí sin.

9.   Ní dhéanann úsáid an nós imeachta um údarú a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 19 ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 41d

Toimhde chomhréireachta atá bunaithe ar chaighdeáin agus ar shonraíochtaí coiteanna

1.   I gcás inar ainmníodh TCP mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina liostaítear caighdeáin iomchuí nó lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh an TCP sin chun na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chumhdach, sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nár foilsíodh tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta; nó

(b)

i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747 mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus ar foilsíodh tagairtí ina leith cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.   Leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, leagfar amach an réiteach teicniúil malartach is iomchuí chun toimhde chomhréireachta a sholáthar i gcomhréir le mír 5. Chuige sin, féadfar tagairtí i leith caighdeáin Eorpacha nó tagairtí i leith caighdeáin ábhartha náisiúnta nó idirnáisiúnta is infheidhme a fhoilsiú sna gníomhartha cur chun feidhme sin nó, murab ann d’aon chaighdeán Eorpach nó aon chaighdeán ábhartha náisiúnta nó idirnáisiúnta is infheidhme, féadfar sonraíochtaí coiteanna a bhunú leis na gníomhartha cur chun feidhme sin.

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(3) agus beidh feidhm acu go dtí an lá deiridh den tréimhse ina ngníomhachtófar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, mura leasófar nó mura n-aisghairfear na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.

4.   Sula n-ullmhóidh sé an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 1 den Airteagal seo comhlíonta. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme sin á ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha a bhunaítear faoin Rialachán seo agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

5.   Gan dochar d’Airteagal 14, toimhdeofar go bhfuil TCP atá i gcomhréir leis na caighdeáin nó na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó le codanna díobh, i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chumhdaítear leis na caighdeáin sin, leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh. Ón lá tar éis do mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh dul in éag nó a bheith díghníomhachtaithe, ní bheidh monaróirí in ann brath a thuilleadh ar an toimhde chomhréireachta dá bhforáiltear leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

6.   De mhaolú ar Airteagal 41a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine le TCP a chumhdaítear leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, measfar TCP atá i gcomhréir leis na caighdeáin sin nó leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus atá curtha ar an margadh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha ábhartha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II tar éis do ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo dul in éag nó a aisghairm agus tar éis do mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh dul in éag nó a dhíghníomhachtú.

7.   Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann caighdeán nó sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, más iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena liostaítear an caighdeán nó lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú nó a aisghairm.

Airteagal 41e

Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na n-údarás

1.   Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh i gcás TCP a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 41a(1) den Rialachán seo. Éascóidh an Coimisiún comhordú iarrachtaí tosaíochta den sórt sin trí Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí arna bhunú faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/1020.

2.   Áiritheoidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát go ndéanfar gach iarracht réasúnta ar chúnamh a thabhairt d’údaráis eile um fhaireachas margaidh le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na n-údarás um fhaireachas margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar, amhail atreisiú na hacmhainneachta tástála do TCP a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 41a(1).

(*8)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).’."

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/426

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/426 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(32)

ciallaíonn “earraí atá ábhartha i gcás géarchéime” earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9);

(33)

ciallaíonn “modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh” modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2024/2747.

(*9)  Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO L, 2024/2747, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2747/oj).’;"

(2)

cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:

‘Caibidil VA

Nósanna imeachta éigeandála

Airteagal 40a

Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 40b go 40e den Rialachán seo ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2024/2747 i dtaca le fearais agus feistis arna gcumhdach leis an Rialachán seo.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 40b go 40e den Rialachán seo ach amháin maidir le fearais agus feistis arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2024/2747.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 40b go 40e den Rialachán seo ach amháin le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a gníomhachtaíodh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 40c(7) den Rialachán seo le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh agus tar éis a dhul in éag nó a dhíghníomhachtaithe.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha nó sriantacha atá le déanamh, na nósanna imeachta atá le leanúint agus na ceanglais shonracha lipéadaithe agus inrianaitheachta maidir le fearais agus feistis a chuirtear ar an margadh nó a úsáidtear chun críocha an mhonaróra féin i gcomhréir le hAirteagail 40c agus 40d. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

Airteagal 40b

Tosaíocht a thabhairt do mheasúnú comhréireachta ar fhearais agus feistis arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo i leith na bhfearas agus na feisteas uile a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 40a(1), atá faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14, lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra.

2.   Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar fhearais agus feistí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, gan beann ar cé acu ar taisceadh na hiarratais sin roimh nó i ndiaidh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 40a.

3.   Ní bheidh costais bhreise dhíréireacha ar na monaróirí a thaisc iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar fhearais agus feistis de bhun mhír 2 mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt do na hiarratais sin.

4.   Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra iarrachtaí réasúnta a n-acmhainneachtaí tástála a mhéadú le haghaidh fearais agus feistis dá dtagraítear i mír 1 ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 40c

Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra

1.   De mhaolú ar Airteagal 14, féadfaidh Ballstát, ar iarraidh a bhfuil údar cuí léi a fháil ó oibreoir eacnamaíoch, a údarú go gcuirfear ar an margadh nó go n-úsáidfear chun críocha an mhonaróra féin laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, fearas nó feisteas sonrach a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 40a(1) agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra curtha i gcrích ina leith ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sé na ceanglais riachtanacha uile is infheidhme a leagtar síos in Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear san údarú sin.

2.   Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi aon údarú arna dheonú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Ar choinníoll go n-áiritheofar leis na ceanglais a leagtar amach san údarú go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar síos in Iarscríbhinn I, glacfaidh an Coimisiún, gan mhoill, gníomh cur chun feidhme lena ndéanfar bailíocht an údaraithe arna dheonú ag Ballstát i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo a fhadú chuig críoch an Aontais ina iomláine agus leagfaidh sé amach na coinníollacha faoinar féidir an fearas nó feisteas sonrach a chur ar an margadh nó a úsáid chun críocha an mhonaróra féin. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme á ullmhú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar údaráis um fhaireachas margaidh náisiúnta faisnéis nó barúlacha ábhartha a sholáthar maidir leis an measúnú teicniúil arbh é an bonn é don údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

Beidh ar an bhfearas nó feisteas atá faoi réir an fhadaithe bailíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír an fhaisnéis go gcuirfear ar an margadh é nó a úsáidtear chun críocha an mhonaróra féin mar “earra atá ábhartha i gcás géarchéime”. Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír ábhar agus cur i láthair na faisnéise sin. Beidh an fhaisnéis sin, chomh maith le haon lipéadú, soiléir, soléite agus intuigthe agus, i gcás inarb ábhartha, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.

3.   Ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann leis an ngá atá le sláinte agus sábháilteacht daoine a chothú, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme a ghlacadh láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(4).

4.   Fad nach nglacfar gníomh cur chun feidhme amhail dá dtagraítear i mír 2 nó i mír 3, ní bheidh an t-údarú arna dheonú ag údarás inniúil náisiúnta i mBallstát amháin bailí ach amháin ar chríoch an Bhallstáit sin, agus ar chríocha aon Bhallstáit eile ar aithin a n-údaráis náisiúnta inniúla bailíocht an údaraithe sin sular glacadh an gníomh cur chun feidhme sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh i dtaobh bhailíocht an údaraithe sin a aithint.

5.   Dearbhóidh monaróirí fearas nó feisteas atá faoi réir an nós imeachta um údarú dá dtagraítear i mír 1 dá bhfreagracht féin go gcomhlíonann fearas nó an feisteas lena mbaineann na ceanglais riachtanacha uile is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus beidh siad freagrach as na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta uile arna sonrú ag an údarás náisiúnta inniúil a chomhlíonadh.

6.   Aon údarú a eisítear de bhun mhír 1, leagfar amach leis na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an fearas nó feisteas a chur ar an margadh nó a úsáid chun críocha an mhonaróra féin. Leagfar amach an méid seo a leanas ar a laghad sna húdaruithe sin:

(a)

tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar éiríodh le comhlíonadh na gceanglas riachtanach is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a léiriú;

(b)

aon cheanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht an fhearais nó an fheistis lena mbaineann;

(c)

dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747;

(d)

aon cheanglais shonracha maidir leis an ngá measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i dtaca leis an bhfearas nó feisteas lena mbaineann;

(e)

bearta atá le déanamh ar dhul in éag nó ar dhíghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh maidir leis an bhfearas nó feisteas lena mbaineann atá curtha ar an margadh nó a úsáidtear chun críocha an mhonaróra féin.

7.   De mhaolú ar Airteagail 6, 16 agus 17, ní bheidh an mharcáil CE ar fhearais ná feistis ar tugadh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus ní bheidh feidhm ag Airteagal 6 maidir leis.

8.   Na húdaráis um fhaireachas margaidh i mBallstát i gcás ina bhfuil údarú de bhun mhíreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo bailí, beidh siad i dteideal, maidir le fearais ná feistis den sórt sin, gach gníomhaíocht cheartaitheach agus shriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10) agus faoin Rialachán seo. Cuirfidh siad an Coimisiún agus údaráis um fhaireachas margaidh gach Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi na gníomhaíochtaí sin.

9.   Ní dhéanfaidh úsáid an nós imeachta údaraithe a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 14 ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 40d

Toimhde chomhréireachta atá bunaithe ar chaighdeáin agus ar shonraíochtaí coiteanna

1.   I gcás inar ainmníodh fearais nó feistis mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena liostaítear caighdeáin iomchuí nó lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh na bhfearas agus na bhfeisteas sin chun na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a chumhdach i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nár foilsíodh tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta; nó

(b)

i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747 mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus ar foilsíodh tagairtí ina leith cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.   Leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, leagfar amach an réiteach teicniúil malartach is iomchuí chun toimhde chomhréireachta a sholáthar i gcomhréir le mír 5. Chuige sin, féadfar tagairtí i leith caighdeáin Eorpacha nó tagairtí i leith caighdeáin ábhartha náisiúnta nó idirnáisiúnta is infheidhme a fhoilsiú sna gníomhartha cur chun feidhme sin nó, murab ann d’aon chaighdeán Eorpach nó aon chaighdeán ábhartha náisiúnta nó idirnáisiúnta is infheidhme, féadfar sonraíochtaí coiteanna a bhunú leis na gníomhartha cur chun feidhme sin.

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3) agus beidh feidhm acu go dtí an lá deiridh den tréimhse ina ngníomhachtófar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, mura ndéanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a leasú nó a aisghairm i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.

4.   Sula n-ullmhóidh sé an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 1 den Airteagal seo comhlíonta. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme sin á ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha a bhunaítear faoin Rialachán seo agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

5.   Gan dochar d’Airteagal 13, toimhdeofar go bhfuil fearais nó feistis atá i gcomhréir leis na caighdeáin nó na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó le codanna díobh, i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdaítear leis na caighdeáin sin, leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh. Ón lá tar éis do mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh dul in éag nó a bheith díghníomhachtaithe, ní bheidh monaróirí in ann brath a thuilleadh ar an toimhde chomhréireachta dá bhforáiltear leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

6.   De mhaolú ar Airteagal 40a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na fearais agus feistis a chumhdaítear leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, measfar na fearais agus feistis atá i gcomhréir leis na caighdeáin sin nó leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus atá curtha ar an margadh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I tar éis do ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo dul in éag nó a aisghairm agus tar éis do mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh dul in éag nó a dhíghníomhachtú.

7.   Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann caighdeán nó sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, más iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena liostaítear an caighdeán nó lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú nó a aisghairm.

Airteagal 40e

Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na n-údarás

1.   Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh i gcás fearais agus feistis a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 40a(1) den Rialachán seo. Éascóidh an Coimisiún comhordú na n-iarrachtaí tosaíochta sin trí Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí arna bhunú faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/1020.

2.   Áiritheoidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát go ndéanfar gach iarracht ar chúnamh a thabhairt d’údaráis eile um fhaireachas margaidh le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na n-údarás um fhaireachas margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar, amhail atreisiú na hacmhainneachta tástála i gcás fearais agus feistis a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 40a(1).

(*10)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).’."

Airteagal 5

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/988

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/988 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2(1), an tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

níl feidhm ag Caibidil IIa, Caibidil III, Roinn 1, Caibidil V ná Caibidil VII agus Caibidil IX go XI.’

;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(29)

ciallaíonn “earraí atá ábhartha i gcás géarchéime” earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11);

(30)

ciallaíonn “modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh” modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2024/2747.

(*11)  Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO L, 2024/2747, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2747/oj).’;"

(3)

cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:

‘Caibidil IIA

Nósanna imeachta éigeandála

Airteagal 8a

Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 8b agus 8c den Rialachán seo ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2024/2747 i dtaca le táirgí arna gcumhdach leis an Rialachán seo.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 8b agus 8c den Rialachán seo ach amháin maidir le táirgí arna gcumhdach leis an Rialachán seo ar ainmníodh iad mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2024/2747.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 8b agus 8c den Rialachán seo ach amháin le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a gníomhachtaíodh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747.

Airteagal 8b

Toimhde chomhréireachta leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta i gcomhthéacs éigeandáil sa mhargadh inmheánach

1.   De bhreis ar an toimhde chomhréireachta a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán seo, i gcás ina gcuireann mórshuaitheadh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, a cuireadh san áireamh nuair a gníomhachtaíodh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as caighdeáin Eorpacha ábhartha ar foilsíodh a dtagairtí cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, féadfar an toimhde chomhréireachta leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5 a bhunú freisin chun táirgí a chur ar an margadh má tá an táirge i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta maidir leis na rioscaí agus na catagóirí riosca a chumhdaítear le ceanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh, ar choinníoll go bhfuil an dlí sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

2.   De bhreis ar na cásanna ina bhfuil feidhm ag an toimhde chomhréireachta leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 5 den Rialachán seo faoi mhír 1 den Airteagal seo agus faoi Airteagal 7(1) den Rialachán seo, déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun a áirithiú, ar mhaithe le táirgí a chur nó a chur ar fáil ar an margadh, go measfaidh a n-údaráis inniúla go bhfuil táirgí a chomhlíonann caighdeáin Eorpacha ábhartha seachas na caighdeáin ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 10(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha arna bhforbairt ag comhlacht aitheanta idirnáisiúnta um chaighdeánú mar a shainmhínítear in Airteagal 2(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, nó le caighdeáin náisiúnta ábhartha arna bhforbairt ag comhlacht náisiúnta um chaighdeánú mar a shainmhínítear in Airteagal 2(10) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, toimhdithe a bheith i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis na rioscaí agus na catagóirí riosca a chumhdaítear leis na caighdeáin sin, mura rud é nach bhfuil na caighdeáin sin leordhóthanach i bhfianaise eilimintí eile d’Airteagail 6 agus 8 den Rialachán seo.

3.   Tá feidhm ag Airteagal 7(3) maidir leis an toimhde chomhréireachta a bhunaítear i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 8c

Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na n-údarás

1.   Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh i gcás táirgí arna gcumhdach leis an Rialachán seo a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8a(1).

2.   Áiritheoidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát go ndéanfar gach iarracht cúnamh a thabhairt d’údaráis eile um fhaireachas margadh le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh.’.

Airteagal 6

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/1230

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/1230 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(37)

ciallaíonn “earraí atá ábhartha i gcás géarchéime” earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*12);

(38)

ciallaíonn “modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh” modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2024/2747.

(*12)  Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO L, 2024/2747, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2747/oj).’;"

(2)

cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:

‘Caibidil IVA

Nósanna imeachta éigeandála

Airteagal 25a

Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 25b go 25e den Rialachán seo ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2024/2747 i dtaca le hinnealra agus táirgí gaolmhara arna gcumhdach leis an Rialachán seo.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 25b go 25e den Rialachán seo ach amháin maidir le hinnealra agus táirgí gaolmhara arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2024/2747.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 25b go 25e den Rialachán seo ach amháin le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a gníomhachtaíodh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 25c(7) den Rialachán seo le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh agus tar éis a dhul in éag nó a dhíghníomhachtaithe.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha nó sriantacha atá le déanamh, na nósanna imeachta atá le leanúint agus na ceanglais shonracha lipéadaithe agus inrianaitheachta i ndáil le hinnealra agus táirgí gaolmhara a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís i gcomhréir le hAirteagal 25c agus Airteagal 25d. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

Airteagal 25b

Tosaíocht a thabhairt do mheasúnú comhréireachta ar innealra agus táirgí gaolmhara arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gach cineál innealra agus táirgí gaolmhara a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25a(1) atá faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 25 lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra.

2.   Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ndícheall gach iarratas ar mheasúnú comhréireachta ar innealra agus táirgí gaolmhara dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a phróiseáil mar ábhar tosaíochta, gan beann ar cé acu ar taisceadh na hiarratais sin roimh nó i ndiaidh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála de bhun Airteagal 25a.

3.   Ní bheidh costais bhreise dhíréireacha ar na monaróirí a thaisc iarratais ar mheasúnú comhréireachta ar innealra agus táirgí gaolmhara de bhun mhír 2 mar thoradh ar thosaíocht a thabhairt do na hiarratais sin.

4.   Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra iarrachtaí réasúnta ar a n-acmhainneachtaí tástála a mhéadú i gcás innealra agus táirgí gaolmhara dá dtagraítear i mír 1 ar tugadh fógra dóibh ina leith.

Airteagal 25c

Maolú ar nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra

1.   De mhaolú ar Airteagal 25, féadfaidh Ballstát, ar iarraidh a bhfuil údar cuí léi a fháil ó oibreoir eacnamaíoch, a údarú go gcuirfear ar an margadh nó go gcuirfear i seirbhís laistigh de chríoch an Bhallstáit sin innealra sonrach nó táirgí gaolmhara a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25a(1) agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 25 lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra curtha i gcrích ina leith ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sé na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta uile is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear san údarú sin.

2.   Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi aon údarú arna dheonú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Ar choinníoll go n-áiritheofar leis na ceanglais a leagtar amach san údarú go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar síos in Iarscríbhinn III, glacfaidh an Coimisiún, gan mhoill, gníomh cur chun feidhme lena ndéanfar bailíocht an údaraithe arna dheonú ag Ballstát i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo a fhadú ar feadh tréimhse theoranta chuig críoch an Aontais ina iomláine agus leagfaidh sé amach na coinníollacha faoinar féidir an t-innealra sonrach nó na táirgí gaolmhara a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme á ullmhú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar údaráis um fhaireachas margaidh náisiúnta faisnéis nó barúlacha ábhartha a sholáthar maidir leis an measúnú teicniúil arbh é an bonn é don údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

Beidh ar an innealra nó táirgí gaolmhara atá faoi réir an fhadaithe bailíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír an fhaisnéis go gcuirfear ar an margadh iad nó go gcuirfear i seirbhís iad mar “earra atá ábhartha i gcás géarchéime”. Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír ábhar agus cur i láthair na faisnéise sin. Beidh an fhaisnéis sin, chomh maith le haon lipéadú, soiléir, soléite agus intuigthe agus, i gcás inarb ábhartha, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.

3.   Ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann leis an ngá atá le sláinte agus sábháilteacht daoine a chothú, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme a ghlacadh láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 48(4).

4.   Fad nach nglacfar gníomh cur chun feidhme amhail dá dtagraítear i mír 2 nó i mír 3, ní bheidh an t-údarú arna dheonú ag údarás inniúil náisiúnta i mBallstát amháin bailí ach amháin ar chríoch an Bhallstáit sin, agus ar chríocha aon Bhallstáit eile ar aithin a n-údaráis náisiúnta inniúla bailíocht an údaraithe sin sular glacadh an gníomh cur chun feidhme sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh i dtaobh bhailíocht an údaraithe sin a aithint.

5.   Dearbhóidh monaróirí innealra nó táirgí gaolmhara atá faoi réir an nós imeachta um údarú dá dtagraítear i mír 1 dá bhfreagracht féin go gcomhlíonann an t-innealra nó na táirgí gaolmhara na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta uile is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus beidh siad freagrach as na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta uile arna sonrú ag an údarás náisiúnta inniúil a chomhlíonadh.

6.   Aon údarú arna eisiúint de bhun mhír 1, leagfar amach leis na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an t-innealra nó na táirgí gaolmhara a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís. Leagfar amach an méid seo a leanas ar a laghad sna húdaruithe sin:

(a)

tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil comhlíonadh na gceanglas riachtanach sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)

aon cheanglas sonrach maidir le hinrianaitheacht an innealra agus na dtáirgí gaolmhara;

(c)

dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar gníomhachtaíodh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747;

(d)

aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá atá le measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú maidir leis an innealra agus na táirgí gaolmhara lena mbaineann;

(e)

bearta atá le déanamh ar dhul in éag nó ar dhíghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i ndáil leis an innealra nó na táirgí gaolmhara lena mbaineann atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís.

7.   De mhaolú ar Airteagail 4, 23 agus 24, ní bheidh an mharcáil CE ar innealra ná ar tháirgí gaolmhara ar tugadh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus ní bheidh feidhm ag Airteagal 4.

8.   Na húdaráis um fhaireachas margaidh i mBallstát i gcás ina bhfuil údarú de bhun mhíreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo bailí, beidh siad i dteideal, maidir leis an innealra sin agus táirgí gaolmhara, gach gníomhaíocht cheartaitheach agus shriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2019/1020 agus faoin Rialachán seo. Cuirfidh siad an Coimisiún agus údaráis um fhaireachas margaidh gach Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi na gníomhaíochtaí sin.

9.   Ní dhéanann an úsáid a bhaintear as an nós imeachta um údarú a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo difear ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 25.

Airteagal 25d

Toimhde chomhréireachta atá bunaithe ar chaighdeáin agus ar shonraíochtaí coiteanna

1.   I gcás inar ainmníodh innealra ná na táirgí gaolmhara mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina liostaítear caighdeáin iomchuí nó lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh an innealra sin nó na táirgí gaolmhara chun na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III den Rialachán seo a chumhdach sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nár foilsíodh tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha is infheidhme sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta; nó

(b)

i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747 mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo agus ar foilsíodh tagairtí ina leith cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.   Leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, leagfar amach an réiteach teicniúil malartach is iomchuí chun toimhde chomhréireachta a sholáthar i gcomhréir le mír 5. Chuige sin, féadfar tagairtí i leith caighdeáin Eorpacha nó tagairtí i leith caighdeáin ábhartha náisiúnta nó idirnáisiúnta is infheidhme a fhoilsiú sna gníomhartha cur chun feidhme sin nó, murab ann d’aon chaighdeán Eorpach nó aon chaighdeán ábhartha náisiúnta nó idirnáisiúnta is infheidhme, féadfar sonraíochtaí coiteanna a bhunú leis na gníomhartha cur chun feidhme sin.

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3) agus beidh feidhm acu go dtí an lá deiridh den tréimhse ina ngníomhachtófar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, mura leasófar nó mura n-aisghairfear na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.

4.   Sula n-ullmhóidh sé an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 1 den Airteagal seo comhlíonta. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme sin á ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó na ngrúpaí saineolaithe ábhartha a bhunaítear faoin Rialachán seo agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

5.   Gan dochar d’Airteagal 20, toimhdeofar go bhfuil innealra agus táirgí gaolmhara atá i gcomhréir leis na caighdeáin nó na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó le codanna díobh, i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chumhdaítear leis na caighdeáin sin, leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh. Ón lá tar éis do mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh dul in éag nó a bheith díghníomhachtaithe, ní bheidh monaróirí in ann brath a thuilleadh ar an toimhde chomhréireachta dá bhforáiltear leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

6.   De mhaolú ar Airteagal 25a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis an innealra agus na táirgí gaolmhara a chumhdaítear leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, measfar an t-innealra agus na táirgí gaolmhara atá i gcomhréir leis na caighdeáin sin nó leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís a bheith i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III tar éis dul in éag nó aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh.

7.   Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann caighdeán nó sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, más iomchuí, an gníomh cur chun feidhme ina liostaítear an caighdeán nó lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú nó a aisghairm.

Airteagal 25e

Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na n-údarás

1.   Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh le haghaidh innealra agus táirgí gaolmhara sábhailteachta a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25a(1) den Rialachán seo. Éascóidh an Coimisiún comhordú na n-iarrachtaí tosaíochta sin trí Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí arna bhunú faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/1020.

2.   Áiritheoidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát go ndéanfar gach iarracht ar chúnamh a thabhairt d’údaráis eile um fhaireachas margadh le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na n-údarás um fhaireachas margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar, amhail atreisiú na hacmhainneachta tástála i gcás innealra agus na táirgí gaolmhara a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25a(1)’

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó 29 Bealtaine 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

BÓKA J.


(1)   IO C 100, 16.3.2023, lch. 95.

(2)   IO C 157, 3.5.2023, lch. 82.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2024.

(4)  Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO L, 2024/2747, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2747/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).

(6)  Rialachán (AE) 2016/424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/9/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51).

(8)  Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 99).

(9)  Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le hinnealra agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 73/361/CEE ón gComhairle (IO L 165, 29.6.2023, lch. 1).

(10)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann chun táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).

(11)  Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1)


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2748/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)