European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2747

8.11.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/2747 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Deireadh Fómhair 2024

lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 21, 46 agus 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le géarchéimeanna roimhe seo, go háirithe laethanta tosaigh ghéarchéim COVID-19, léiríodh gur féidir difear mór a dhéanamh do shaorghluaiseacht earraí, daoine agus seirbhísí sa mhargadh inmheánach agus dá shlabhraí soláthair. Is féidir iarmhairtí a bheith aige sin ar thrádáil trasteorann idir na Ballstáit, rud a chruthaíonn bacainní ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Ina theannta sin, le linn na ngéarchéimeanna sin, bhí uirlisí bainistithe géarchéime iomchuí agus sásraí comhordúcháin iomchuí in easnamh, níor cumhdaíodh gach gné den mhargadh inmheánach leo nó ní rabhthas in ann freagairt thráthúil agus éifeachtach a thabhairt ar na géarchéimeanna sin leo.

(2)

Ag tús ghéarchéim COVID-19, thug na Ballstáit bacainní ar shaorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach isteach chomh maith le bearta éagsúla maidir le soláthar earraí agus seirbhísí a raibh ríthábhacht leo nó a bhí fíor-riachtanach chun freagairt ar an ngéarchéim, nach raibh údar leo i gcónaí. Níor leor bearta ad hoc a ghlac an Coimisiún chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a athbhunú bunaithe ar na rialacha atá ann cheana. Ní raibh an tAontas ullmhaithe go leordhóthanach chun monarú, soláthar agus dáileadh éifeachtúil earraí neamhleighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú, amhail trealamh cosanta pearsanta. Na bearta chun a áirithiú go mbeadh fáil ar earraí neamhleighis atá ábhartha i gcás géarchéime le linn ghéarchéim COVID-19, ba ghá go raibh siad frithghníomhach. Ina theannta sin, le géarchéim COVID-19, léiríodh comhroinnt neamhleor faisnéise agus forléargas neamhleor ar acmhainneachtaí monaraíochta ar fud an Aontais, chomh maith le leochaileachtaí a bhaineann le slabhraí soláthair laistigh den Aontas agus le slabhraí soláthair domhanda.

(3)

Ina theannta sin, bhí tionchar ar leith ag bearta neamhchomhordaithe lenar cuireadh srian ar shaorghluaiseacht daoine ar earnálacha a bhraitheann ar oibrithe taistil, lena n-áirítear oibrithe i réigiúin teorann, a raibh ról ríthábhachtach acu sa mhargadh inmheánach le linn ghéarchéim COVID-19.

(4)

Bhí an Chomhairle in ann, trí na socruithe Comhtháite maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IPCR), faisnéis a mhalartú agus gníomhaíochtaí áirithe a chomhordú maidir le géarchéim COVID-19, agus ghníomhaigh na Ballstáit go neamhspleách i gcásanna eile. Mar sin féin, cuireadh moill roinnt seachtainí ar ghníomhaíochtaí de chuid an Choimisiúin mar gheall ar easpa beart pleanála teagmhasaí ar fud an Aontais agus easpa soiléireachta maidir leis an údarás náisiúnta ar cheart dul i dteagmháil leis chun teacht ar réitigh thapa ar thionchar na géarchéime ar an margadh inmheánach. Ina theannta sin, ba léir go gcuirfeadh gníomhaíochtaí sriantacha neamhchomhordaithe a rinne na Ballstáit le tionchar na géarchéime ar an margadh inmheánach. Tháinig sé chun solais go bhfuil gá le socruithe idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais maidir le pleanáil theagmhasach, comhordú agus comhar ar an leibhéal teicniúil, agus malartú faisnéise. Ina theannta sin, ba léir gur ghéaraigh an easpa comhordaithe éifeachtaigh idir na Ballstáit ar na ganntanais earraí agus gur chruthaigh sé níos mó bacainní ar shaorghluaiseacht seirbhísí agus daoine.

(5)

Mhaígh eagraíochtaí ionadaíocha oibreoirí eacnamaíocha nach raibh faisnéis leordhóthanach ag oibreoirí eacnamaíocha faoi na srianta ar shaorghluaiseacht ná faoi bhearta freagartha ar ghéarchéimeanna a thug na Ballstáit isteach le linn ghéarchéim COVID-19. Ba é ba chúis leis sin, inter alia, easpa trédhearcachta ó údaráis na mBallstát, oibreoirí eacnamaíocha nach raibh a fhios acu cén áit ar cheart dóibh fhaisnéis den sórt sin a fháil, srianta teanga agus an t-ualach riaracháin a bhaineann le fiosrúcháin a dhéanamh arís agus arís eile sna Ballstáit uile, go háirithe i dtimpeallacht rialála a bhíonn ag síorathrú. Leis an easpa faisnéise sin, cuireadh cosc ar oibreoirí eacnamaíocha cinntí feasacha gnó a dhéanamh maidir lena mhéid a d’fhéadfaidís a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú nó leanúint d’oibríochtaí gnó trasteorann le linn na géarchéime sin. Is gá feabhas a chur ar infhaighteacht faisnéise maidir le srianta ar an tsaorghluaiseacht ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus maidir le bearta freagartha ar ghéarchéimeanna ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

(6)

D’ainneoin na heaspa comhordaithe a bhí ann ar dtús, bhí ról lárnach ag rialacha an mhargaidh inmheánaigh maidir le tionchar diúltach ghéarchéim COVID-19 a mhaolú agus maidir le téarnamh tapa gheilleagar an Aontais a áirithiú, eadhon trí chosc a chur ar shrianta náisiúnta díréireacha nach bhfuil údar leo atá sna freagairtí aontaobhacha ó na Ballstáit agus trí dhreasacht láidir a sholáthar chun teacht ar réitigh choiteanna, agus ar an gcaoi sin an dlúthpháirtíocht a chur chun cinn.

(7)

Le himeachtaí a bhaineann le géarchéim COVID-19, léiríodh gur gá don Aontas cur chuige comhordaithe a ghlacadh agus a bheith níos ullmhaithe do ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, go háirithe i bhfianaise éifeachtaí leanúnacha an athraithe aeráide a mbíonn tubaistí nádúrtha mar thoradh orthu, chomh maith le héagobhsaíochtaí eacnamaíocha agus geopholaitiúla ar fud an domhain. I measc na ngéarchéimeanna eile a bhféadfadh freagairt níos tapúla a bheith ag teastáil ina leith chun bacainní ar shaorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach a chosc agus chun cur isteach mór ar shlabhraí soláthair a sheachaint, ar géarchéimeanna iad atá fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí sa mhargadh inmheánach a choinneáil ar bun, áirítear, mar shampla, dóiteáin foraoise, creathanna talún nó cibirionsaithe mórscála. Ós rud é gur teagmhais eisceachtúla thobanna de chineál urghnách agus ar scála urghnách iad géarchéimeanna den sórt sin, tugtar le tuiscint go bhfuil teagmhais den sórt sin réasúnta gan choinne. Ós rud é nach eol cén cineál géarchéimeanna eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus tionchar tromchúiseach a bheith acu ar an margadh inmheánach agus ar a shlabhraí soláthair amach anseo, is gá foráil a dhéanamh maidir le hionstraim a mbeadh feidhm aici i gcás réimse leathan géarchéimeanna a mbeadh tionchar acu ar an margadh inmheánach.

(8)

Is féidir le tionchar géarchéime ar an margadh inmheánach bac a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ar dhá bhealach. Is féidir leis a bheith ina chúis le bacainní ar shaorghluaiseacht nó is féidir leis cur isteach ar shlabhraí soláthair. Má chuirtear isteach ar shlabhraí soláthair, is féidir ganntanais earraí agus seirbhísí sa mhargadh inmheánach a ghéarú agus is féidir bac a chur ar tháirgeadh, rud as a n-eascraíonn bacainní breise ar thrádáil agus saobhadh iomaíochta idir na Ballstáit agus idir oibreoirí príobháideacha, rud a chuireann isteach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Má chuirtear isteach ar shlabhraí soláthair, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh bearta náisiúnta éagsúla chun cinn nó gur dócha go dtiocfaidh siad chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin sa slabhra soláthair, rud a d’fhágfadh go ndéanfaí modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú. Leis an Rialachán seo, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na cineálacha tionchair sin ar an margadh inmheánach agus ba cheart bearta a thabhairt isteach chun bacainní ar shaorghluaiseacht nó cur isteach ar shlabhra soláthair a sheachaint, ar bacainní iad lena gcruthaítear ganntanais earraí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime.

(9)

Chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar na Ballstáit a sheachaint, ba cheart teagmhais a thuairiscítear trí bhíthin na bhfoláireamh ad hoc maidir le luathrabhadh dá dtagraítear sa Rialachán seo a shainiú sa chaoi go n-eisiatar leo teagmhais nach bhfuil ach iarmhairt dhiomaibhseach intuartha acu ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, nó ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun sa mhargadh inmheánach.

(10)

Chun a áirithiú go mbeidh an creat beart a leagtar síos leis an Rialachán seo in ann leas iomlán a bhaint as a éifeacht iomlán i gcomhthéacs mhodhanna forairdill agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún socruithe mionsonraithe a leagan amach maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, comhar, malartú faisnéise agus cumarsáid géarchéime. Ba cheart a leagan amach sna socruithe mionsonraithe sin, i bhfoirm creat teagmhasach, gnéithe teicniúla agus oibríochtúla sonracha na sásraí chun faisnéis a mhalartú idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Ina theannta sin, ba cheart socruithe a leagan síos leis le haghaidh comhordú oibríochtúil idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le cumarsáid géarchéime. Sa chomhthéacs sin, ba cheart fardal tiomnaithe a chur ar bun, ar bhonn na faisnéise arna cur in iúl ag na Ballstáit, fardal d’údaráis inniúla uile na mBallstát lena mbaineann a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an chreata a leagtar síos leis an Rialachán seo. Ba cheart a léiriú san fhardal sin, go háirithe, na róil agus na freagrachtaí a sannadh d’údaráis inniúla a mBallstát faoi seach le linn mhodhanna forairdill agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart a chumhdach freisin leis na socruithe idir an Coimisiún agus na Ballstáit malartú slán faisnéise a bhaineann le comhairliúchán leis na hoibreoirí eacnamaíocha agus leis na comhpháirtithe sóisialta maidir lena dtionscnaimh agus lena ngníomhaíochtaí faoi seach chun éifeachtaí géarchéime a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú agus chun freagairt orthu.

(11)

Ba cheart na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo a úsáid ar bhealach comhleanúnach, trédhearcach, éifeachtúil, comhréireach agus tráthúil, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun, lena n-áirítear an tslándáil phoiblí, an tsábháilteacht phoiblí, an beartas poiblí nó an tsláinte phoiblí. Leis an Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh d’inniúlacht na mBallstát i ndáil le beartais náisiúnta na sláinte poiblí, mar shampla, agus ba cheart é a bheith gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit an tslándáil náisiúnta a choimirciú agus dá gcumhacht feidhmeanna sár-riachtanacha eile stáit a choimirciú, lena n-áirítear iomláine chríochach an stáit a áirithiú agus an t-ord poiblí a chaomhnú. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar d’ábhair a bhaineann le slándáil agus cosaint náisiúnta.

(12)

Leis an Rialachán seo, soláthraítear na hacmhainní is gá chun a áirithiú, le linn géarchéime, go leanfar d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, na ngnólachtaí a oibríonn sa mhargadh inmheánach agus a shlabhraí soláthair straitéiseacha, lena n-áirítear saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, agus infhaighteacht earraí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus d’údaráis phoiblí. Ina theannta sin, bunaítear leis an Rialachán seo fóram le haghaidh comhordú, comhar agus malartú faisnéise iomchuí. Ina theannta sin, soláthraítear leis na modhanna chun go mbeidh rochtain thráthúil ar an bhfaisnéis is gá le haghaidh freagairt spriocdhírithe agus iompraíocht leormhaith sa mhargadh ag gnólachtaí agus saoránaigh le linn géarchéime agus chun go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil go tráthúil.

(13)

I gcás inar féidir, ba cheart a cheadú leis an Rialachán seo go mbeifí in ann imeachtaí agus géarchéimeanna a thuar trína cheadú don Aontas leanúint d’fhorbairt a dhéanamh ar anailís leanúnach a bhaineann le hearnálacha ríthábhachtacha den gheilleagar margaidh inmheánaigh.

(14)

Trí athléimneacht agus ullmhacht thionscal an Aontais a threisiú maidir le hamhábhair chriticiúla, comhlánaítear an Rialachán seo le Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), rud a chuireann ar chumas an Choimisiúin, le linn mhodh forairdill an mhargaidh inmheánaigh nó mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, bearta spriocdhírithe a ghníomhachtú nuair a thagann bagairt nó cur isteach ar sholáthar earraí a bhfuil ríthábhacht leo chun cinn, lena n-áirítear maidir le hamhábhair chriticiúla.

(15)

Leis an Rialachán seo, níor cheart dúbláil a dhéanamh ar an gcreat atá ann cheana maidir le táirgí íocshláinte, feistí leighis nó frithbhearta leighis eile faoi Chreat Slándála Sláinte an Aontais, lena n-áirítear Rialacháin (AE) 2022/123 (5), (AE) 2022/2370 (6) agus (AE) 2022/2371 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2022/2372 ón gComhairle (8) maidir le hullmhacht agus freagairt i gcomhair géarchéimeanna i réimse na sláinte. Ba cheart tosaíocht a bheith ag Creat Slándála Sláinte an Aontais ar an Rialachán seo maidir le cur isteach ar an slabhra soláthair agus ganntanais táirgí íocshláinte, feistí leighis nó frithbheart leighis eile i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha an chreata sin. Dá bhrí sin, ba cheart táirgí íocshláinte, feistí leighis nó frithbhearta leighis eile de réir bhrí Rialacháin (AE) 2022/2371 agus (AE) 2022/2372 a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, i gcás inar áiríodh iad ar an liosta a glacadh de bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2022/2372, seachas i ndáil leis na forálacha a bhaineann le saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, le linn éigeandáil sa mhargadh inmheánach, agus go háirithe iad siúd atá ceaptha chun saorghluaiseacht a athbhunú agus a éascú.

(16)

Leis an Rialachán seo, ba cheart comhlánú a dhéanamh ar shocruithe IPCR arna n-oibriú ag an gComhairle faoi Chinneadh 2014/415/AE ón gComhairle (9) maidir le hobair na Comhairle ar an tionchar atá ag géarchéimeanna trasearnála ar an margadh inmheánach lena n-éilítear cinnteoireacht i ndáil le pleanáil theagmhasach agus cur chun feidhme beart forairdill agus éigeandála. Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do shocruithe IPCR arna n-oibriú ag an gComhairle faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle (10).

(17)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM). Leis an Rialachán seo, ba cheart UCPM a chomhlánú agus ba cheart tacú leis, i gcás inar gá, maidir le hinfhaighteacht earraí criticiúla agus saorghluaiseacht oibrithe cosanta sibhialta, lena n-áirítear a dtrealamh, le haghaidh géarchéimeanna a thagann faoi shainchúram UCPM.

(18)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), lena n-áirítear a chreat ginearálta maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a thabhairt isteach nó a fhadú ar bhonn sealadach agus an córas fógartha chun rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach.

(19)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar d’fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) maidir le bainistiú géarchéime, mar a leagtar amach in Airteagail 55 go 57 de, arna gcur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 ón gCoimisiún (13).

(20)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar don Sásra Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i gcás Géarchéimeanna Slándála Bia. Mar sin féin, ba cheart táirgí bia a rialú le forálacha saorghluaiseachta an Rialacháin seo, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann le srianta ar an gceart chun saorghluaiseachta. Is féidir athbhreithniú a dhéanamh freisin ar na bearta a bhaineann le táirgí bia maidir lena mhéid a chomhlíonann siad aon fhorálacha ábhartha eile de dhlí an Aontais.

(21)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do chumas an Choimisiúin dul i mbun comhairliúchán nó comhoibriú, thar ceann an Aontais, le húdaráis ábhartha tíortha lasmuigh den Aontas, i gcomhréir le dlí an Aontais, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha atá i mbéal forbartha, d’fhonn réitigh chomhoibritheacha a lorg chun cur isteach ar shlabhraí soláthair a sheachaint, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta. D’fhéadfadh comhordú i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha a bheith i gceist leis sin, i gcás inarb iomchuí.

(22)

Ar cheann de na dúshláin a sainaithníodh le linn ghéarchéim COVID-19 bhí an easpa líonra chun ullmhacht agus comhroinnt faisnéise a áirithiú idir na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún, ar an taobh eile. Dá bhrí sin, ba cheart tacú le baint amach na gcuspóirí arna saothrú leis an Rialachán seo trí shásra rialachais. Ar leibhéal an Aontais, ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo Bord um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh (‘an Bord’), atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit agus atá faoi chathaoirleacht an Choimisiúin, chun comhar, malartú faisnéise agus cur chun feidhme rianúil, éifeachtach agus comhchuibhithe an Rialacháin seo a éascú. Ba cheart don Bhord comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le ceisteanna sonracha, lena n-áirítear cur chun feidhme comhsheasmhach an Rialacháin seo, comhar i measc na mBallstát a éascú, agus ba cheart dó anailís agus plé a dhéanamh ar ábhair ábhartha a bhaineann le géarchéimeanna atá ar tí tarlú nó le géarchéimeanna leanúnacha.

(23)

Ba cheart don Choimisiún a bheith ina chathaoirleach ar an mBord agus a rúnaíocht a sholáthar. Ba cheart do gach Ballstát ionadaí agus ionadaí malartach a cheapadh. Ba cheart don Chathaoirleach cuireadh a thabhairt d’ionadaí ó Pharlaimint na hEorpa mar bhreathnóir buan. Chun comhairle ábhartha a fháil maidir le gníomhaíochtaí an Bhoird agus chun rannpháirtíocht iomchuí saineolaithe a cheadú, ba cheart don Chathaoirleach a bheith in ann cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a bheith rannpháirteach, mar bhreathnóirí, in obair an Bhoird agus freastal ar chruinnithe sonracha, ar bhonn ad hoc, i gcás ina bhfuil an freastal sin ábhartha i bhfianaise chlár oibre an chruinnithe. D’fhonn freagairt chomhleanúnach chomhordaithe ón Aontas a áirithiú do ghéarchéimeanna éagsúla a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart don Chathaoirleach cuireadh a thabhairt freisin d’ionadaithe ó chomhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais mar bhreathnóirí chuig cruinnithe ábhartha an Bhoird. D’fhonn comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn, ba cheart don Chathaoirleach cuireadh a thabhairt d’ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tíortha lasmuigh den Aontas páirt a ghlacadh i gcruinnithe ábhartha an Bhoird i gcomhréir leis na comhaontuithe ábhartha déthaobhacha nó idirnáisiúnta. Ba cheart don Chathaoirleach a bheith in ann cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí rannchuidiú leis an bplé le saineolas, faisnéis agus léargais ábhartha, ach níor cheart do bhreathnóirí páirt a ghlacadh i gceapadh tuairimí, moltaí ná comhairle ón mBord.

(24)

Ba cheart cúraimí sonracha a bheith ag an mBord i gcomhthéacs an chreata theagmhasaigh, mhodh forairdill an mhargaidh inmheánaigh agus mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh. Áirítear ar na cúraimí sin tuairimí a mhalartú agus comhairle a sholáthar don Choimisiún maidir le measúnú a dhéanamh ar na critéir atá le cur i gcuntas agus na modhanna éagsúla á ngníomhachtú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na réamhchoinníollacha sonracha chun bearta freagartha nithiúla a úsáid. Ba cheart don Choimisiún lánaird a thabhairt ar thuairimí, ar mholtaí nó ar thuarascálacha arna nglacadh ag an mBord.

(25)

Ar mhaithe le rúndacht na faisnéise a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a ráthú, spreagtar an Bord foráil a dhéanamh ina rialacha nós imeachta nach bhfuil a chomhaltaí ná a bhreathnóirí le rúin trádála agus ghnó agus faisnéis íogair agus rúnda eile a fhaightear nó a ghintear agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm a nochtadh agus go bhfuil siad le hoibleagáidí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leis na hoibleagáidí is infheidhme maidir le baill foirne an Choimisiúin a urramú.

(26)

Chun trédhearcacht, cuntasacht agus comhordú níos fearr a áirithiú, go háirithe le linn géarchéimeanna, ba cheart do choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a bheith in ann a iarraidh ar Chathaoirleach an Bhoird teacht os comhair an choiste sin. Ba cheart Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas a luaithe is féidir faoi aon ghníomhartha cur chun feidhme ón gComhairle a mholtar nó a ghlactar. Ba cheart don Choimisiún gnéithe a chur san áireamh a eascraíonn as na tuairimí a cuireadh in iúl tríd an idirphlé éigeandála agus athléimneachta arna dhéanamh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear na rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa.

(27)

Ina theannta sin, chun rannpháirtíocht na bpríomh-gheallsealbhóirí a fheabhsú, go háirithe ionadaithe oibreoirí eacnamaíocha, comhpháirtithe sóisialta, taighdeoirí agus an tsochaí shibhialta, ba cheart don Choimisiún ardán geallsealbhóirí a chur ar bun chun freagairt dheonach ar éigeandálaí sa mhargadh inmheánach a éascú agus a spreagadh.

(28)

Chun comhordú agus malartú faisnéise éifeachtach a áirithiú i gcomhthéacs an chreata theagmhasaigh, agus i gcomhthéacs mhodhanna forairdill agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart do na Ballstáit lároifig idirchaidrimh a ainmniú chun bheith freagrach as teagmháil a dhéanamh leis an oifig idirchaidrimh ar leibhéal an Aontais arna hainmniú ag an gCoimisiún agus le lároifigí idirchaidrimh na mBallstát eile. Ba cheart do na lároifigí idirchaidrimh oibriú mar phointe fócasach maidir le teagmhálacha a dhéanamh le húdaráis inniúla ábhartha na mBallstát, agus faisnéis a thiomsú ó na húdaráis sin, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, údaráis ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Ba cheart do na lároifigí idirchaidrimh a bheith freagrach freisin as comhordú agus malartú faisnéise. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann údarás atá ann cheana a ainmniú mar lároifig idirchaidrimh. Ba cheart d’oifigí idirchaidrimh den sórt sin an fhaisnéis uile atá ábhartha i gcás géarchéime a tharchur freisin chuig na pointí teagmhála aonair sna Ballstáit i bhfíor-am i gcás inar féidir.

(29)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar don fhéidearthacht atá ag an gCoimisiún measúnú a dhéanamh i dtaobh an iomchuí srianta a fhorchur ar onnmhairí earraí i gcomhréir le cearta agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoi Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(30)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do bhearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(31)

Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Threoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus tá sé comhlántach léi, ar treoir í lena leagtar síos rialacha íosta comhchuibhithe chun a áirithiú go ndéanfar seirbhísí atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun a sholáthar ar bhealach gan bhac sa mhargadh inmheánach, chun feabhas a chur ar athléimneacht eintiteas criticiúil a sholáthraíonn seirbhísí den sórt sin, agus chun comhar trasteorann idir údaráis inniúla a fheabhsú.

(32)

Agus é mar chuspóir a bheith ullmhaithe níos fearr do ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus a bheith níos athléimní le linn géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, ar géarchéimeanna iad a d’fhéadfadh tionchar diúltach tromchúiseach a imirt ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, nó a bheith ina gcúis le cur isteach ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí sa mhargadh inmheánach, ba cheart don Choimisiún oibreoirí eacnamaíocha a spreagadh agus a éascú chun prótacail dheonacha ghéarchéime a tharraingt suas. Ba cheart saoirse a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha i gcónaí cinneadh a dhéanamh an nglacfaidh siad páirt i bprótacail dheonacha ghéarchéime den sórt sin. Níor cheart ualach riaracháin díréireach a bheith mar thoradh ar rannpháirtíocht i bprótacail dheonacha ghéarchéime den sórt sin. Ba cheart a leagan amach sna prótacail dheonacha ghéarchéime paraiméadair shonracha an chur isteach a bhfuiltear ag súil leis, chomh maith le leithdháileadh róil shonracha gach rannpháirtí, cur síos ar shásraí gníomhachtaithe prótacal den sórt sin agus ar na gníomhaíochtaí gaolmhara. Maidir le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear údaráis na mBallstát, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó eagraíochtaí ábhartha eile, d’fhéadfadh baint a bheith acu freisin le tarraingt suas prótacal deonach géarchéime den sórt sin. Agus paraiméadair an chur isteach atá le breithniú á gcinneadh, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a bheith in ann cur leis an taithí a fuair siad roimhe seo i ndáil le srianta ar shaorghluaiseacht agus ar chur isteach ar shlabhra soláthair arb iad géarchéimeanna éagsúla is cúis leo.

(33)

D’fhonn leas a bhaint as an taithí a fuarthas ó ghéarchéimeanna roimhe seo, ba cheart don Choimisiún cláir oiliúna agus ábhair a fhorbairt agus a chur ar fáil le haghaidh geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear oibreoirí eacnamaíocha. Ba cheart rannpháirtíocht i gcláir oiliúna den sórt sin agus in ionsamhlúcháin a bheith deonach i gcónaí.

(34)

Mar chuid d’ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, ba cheart a bheith in ann, leis an Rialachán seo, teagmhais agus géarchéimeanna a thuar a bhféadfaí tástálacha struis agus ionsamhlúcháin a dhéanamh ina leith, agus forbairt á déanamh ar anailís leanúnach maidir le hearnálacha ríthábhachtacha de gheilleagar an mhargaidh inmheánaigh agus obair fadbhreathnaitheachta leanúnach an Aontais. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún cásanna agus paraiméadair a fhorbairt in earnálacha sonracha lena ngabhtar na rioscaí ar leith a bhaineann le géarchéim. Chun ullmhacht na ngníomhaithe uile i gcomhair géarchéimeanna a áirithiú, is gá rialacha maidir le tástálacha struis a leagan amach, ar rialacha iad ba cheart a dhéanamh gach 2 bhliain ar a laghad. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún forbairt straitéisí ullmhachta éigeandála a éascú agus a spreagadh, lena n-áirítear straitéisí le haghaidh cumarsáid géarchéime agus faisnéis a mhalartú faoi na srianta is infheidhme in imthosca dúshlánacha. Ba cheart sainaithint na n-earnálacha sonracha fócais a bheith bunaithe ar uirlisí táscaire-bhunaithe atá ann cheana lena ndéantar faireachán ar fhorbairt slabhraí soláthair san Aontas d’fhonn deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, agus critéir shonracha ábhartha á gcur san áireamh amhail sreafaí trádála, éileamh agus soláthar, comhchruinniú an tsoláthair, acmhainneachtaí táirgthe agus táirgeachta domhanda agus de chuid an Aontais ag céimeanna éagsúla den slabhra luacha agus na hidirspleáchais idir oibreoirí eacnamaíocha.

(35)

Ba cheart é a bheith féideartha faisnéis a bhaineann le foláirimh ad hoc maidir le luathrabhadh a mhalartú tríd an líonra arna chruthú idir lároifigí idirchaidrimh na mBallstát agus an oifig idirchaidrimh ar leibhéal an Aontais. Ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún faoi fholáirimh ad hoc den sórt sin maidir le luathrabhadh i gcásanna teagmhas suntasach chun go mbeidh an tAontas in ann súil níos fearr a choinneáil ar fhorbairt géarchéime féideartha, géarchéime atá ar tí tarlú nó géarchéime leanúnaí, agus ar an gcaoi sin leibhéal ullmhachta níos fearr a áirithiú i gcás ina dtiocfadh an ghéarchéim chun cinn nó ina dtiocfadh forbairt uirthi.

(36)

Chun cineál eisceachtúil fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le linn mhodh forairdill an mhargaidh inmheánaigh nó le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a chur san áireamh, agus chun na hiarmhairtí forleathana a d’fhéadfadh a bheith ann d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le linn na modhanna sin a chur san áireamh, ba cheart, ar bhonn eisceachtúil, cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle chun modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh nó modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú de bhun Airteagal 291(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ba cheart gnéithe a bheith sa ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle chun modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú, ar gnéithe iad a bhfuil dlúthbhaint acu leis an measúnú ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha lena dtugtar údar leis an ngníomhachtú, eadhon measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an ngéarchéim ábhartha ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, sa mhargadh inmheánach agus ar a shlabhraí soláthair, liosta de na hearraí agus de na seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo agus atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun sa mhargadh inmheánach agus na bearta forairdill atá le déanamh. Ina theannta sin, i gcás ina n-éilítear freisin, chun modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú, liosta a ghlacadh d’earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó de sheirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, nó iad araon, ba cheart an liosta sin a ghlacadh an tráth céanna a ghníomhachtaítear modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh agus ba cheart, dá bhrí sin, é a bheith nasctha go dlúth leis an ngníomhachtú sin. Ar an gcúis sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle freisin chun an liosta sin d’earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a ghlacadh agus chun aon nuashonrú ar an liosta sin a ghlacadh. Ba cheart a bheith in ann modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh nó modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a leathnú trí ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle ar thogra ón gCoimisiún. Má tharlaíonn sé nach gá ceachtar de na modhanna a bheith gníomhach, ba cheart an modh faoi seach a dhíghníomhachtú.

(37)

Chun a áirithiú go bhfaigheann an Bord faisnéis iomchuí faoi éigeandáil a d’fhéadfadh a bheith ann sa mhargadh inmheánach, is gá foráil a dhéanamh maidir le faireachán. Ba cheart baint a bheith ag faireachán den sórt sin le slabhraí soláthair earraí agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo agus a bhfuil modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh gníomhachtaithe ina leith agus le saorghluaiseacht daoine a bhfuil baint acu le táirgeadh agus soláthar earraí agus seirbhísí den sórt sin. Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát faireachán a dhéanamh ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo ar bhonn iarrataí ar sholáthar deonach faisnéise faoi thosca a mbíonn tionchar acu ar infhaighteacht na n-earraí agus na seirbhísí roghnaithe a bhfuil ríthábhacht leo, amhail acmhainneacht táirgthe, infhaighteacht an lucht saothair is gá, stoic, teorainneacha soláthróirí, féidearthachtaí maidir le héagsúlú agus ionadú, dálaí éilimh agus scrogaill. Ba cheart an iarraidh ar sholáthar deonach faisnéise i gcomhthéacs faireacháin den sórt sin a dhíriú chuig na gníomhaithe uile feadh shlabhra soláthair ábhartha na n-earraí agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo agus chuig geallsealbhóirí ábhartha eile atá bunaithe i gcríoch na mBallstát. Tá tábhacht ar leith ag baint le faisnéis a bhailiú faoi chur isteach ar an tsaorghluaiseacht ó na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha feadh shlabhraí soláthair na n-earraí agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo toisc go bhfuil easpa lucht saothair iomchuí ar cheann de na cúiseanna atá ann faoi láthair le cur isteach ar shlabhraí soláthair. Ba cheart an faireachán a dhéanann údaráis na mBallstát ar chur isteach ar shaorghluaiseacht daoine a bhfuil baint acu le táirgeadh agus soláthar earraí agus seirbhísí a thuiscint go leathan, lena gcumhdaítear oibrithe, soláthraithe seirbhíse, ionadaithe gnó agus daoine eile a bhfuil baint acu le taighde, forbairt agus earraí a chur ar an margadh. Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis a bhailítear a sholáthar don Choimisiún agus don Bhord trí na lároifigí idirchaidrimh. Ba cheart a chur ar chumas an Bhoird leis an bhfaisnéis sin comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir leis an ngá atá le modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú.

(38)

I gcás bearta náisiúnta nach bhfuil comhchuibhithe faoin Rialachán seo agus a dhéanann difear, nuair a ghlactar iad agus nuair a chuirtear i bhfeidhm iad mar fhreagairt ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach, don tsaorghluaiseacht earraí nó daoine, nó don tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar le linn éigeandálaí sa mhargadh inmheánach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfaidh bearta den sórt sin CFAE agus forálacha eile de dhlí an Aontais amhail Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), agus Treoracha 2004/38/CE (18), 2005/36/CE (19), 2006/123/CE (20) agus (AE) 2015/1535 (21) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Má ghlacann na Ballstáit bearta den sórt sin, ba cheart údar a bheith leo agus ba cheart dóibh prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe a urramú i gcomhréir le dlí an Aontais. Ina theannta sin, i gcomhréir leis na prionsabail sin, níor cheart, le bearta den sórt sin, ualach riaracháin neamhriachtanach a chruthú agus ba cheart do na Ballstáit gach beart is féidir a dhéanamh chun teorainn a chur le haon ualach riaracháin arb iad bearta arna nglacadh mar fhreagairt ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach is cúis leis. Chomh maith leis sin, ba cheart staid na réigiún teorann agus na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh go leormhaith i mbearta den sórt sin, go háirithe i gcás oibrithe trasteorann. Ba cheart do na Ballstáit deireadh a chur le bearta a rinneadh chun freagairt ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht a luaithe nach mbeidh gá leo a thuilleadh. Go ginearálta, ní bheadh údar a thuilleadh i bprionsabal le bearta náisiúnta lena gcuirtear srian leis an tsaorghluaiseacht nach bhfuil comhchuibhithe faoin Rialachán seo ná ní bheadh siad comhréireach a thuilleadh i bprionsabal nuair a dhéantar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a dhíghníomhachtú agus ba cheart, dá bhrí sin, deireadh a chur leo.

(39)

Níor cheart an Rialachán seo a fhorléiriú mar Rialachán lena n-údaraítear nó lena dtugtar údar le srianta ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, ar srianta iad atá contrártha le CFAE nó le forálacha eile de dhlí an Aontais. Mar shampla, ós rud é go ndéantar roinnt srianta a thoirmeasc go sainráite le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, níor cheart a fhorléiriú leis sin go bhfuil údar le srianta den sórt sin lasmuigh den mhodh sin nó mar údar le srianta féideartha eile nach bhfuil ag luí le dlí an Aontais nach dtoirmisctear go sainráite leis an Rialachán seo.

(40)

Le hAirteagal 21 CFAE, leagtar síos an ceart atá ag saoránaigh den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí agus sna forálacha arna nglacadh lena gcur chun feidhme. Leagtar síos na coinníollacha agus na teorainneacha mionsonraithe maidir leis an gceart sin i dTreoir 2004/38/CE. Leagtar amach sa Treoir sin na prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir leis na teorainneacha sin agus na forais is féidir a úsáid chun údar a thabhairt le bearta den sórt sin. Is iad an beartas poiblí, an tslándáil phoiblí nó an tsláinte phoiblí na forais sin. Sa chomhthéacs sin, is féidir údar a thabhairt le srianta ar an tsaoirse gluaiseachta má tá siad comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Níl sé beartaithe leis an Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le forais bhreise chun an ceart chun saorghluaiseachta atá ag daoine a theorannú thar na forais dá bhforáiltear i gCaibidil VI de Threoir 2004/38/CE.

(41)

Tá bearta chun saorghluaiseacht daoine a éascú agus aon bhearta eile lena ndéantar difear do shaorghluaiseacht daoine dá bhforáiltear faoin Rialachán seo bunaithe ar Airteagal 21 CFAE agus comhlánaíonn siad Treoir 2004/38/CE le linn éigeandálaí sa mhargadh inmheánach. Níor cheart srianta ar an tsaorghluaiseacht atá contrártha leis na Conarthaí nó le dlí eile de chuid an Aontais a údarú ná údar a thabhairt leo mar thoradh ar bhearta den sórt sin.

(42)

Le hAirteagal 45 CFAE, leagtar síos an ceart chun saorghluaiseachta oibrithe, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus sna forálacha arna nglacadh lena gcur chun feidhme. Is é Airteagal 46 CFAE an bunús dlí chun bearta a ghlacadh a bhfuil gá leo chun saoirse gluaiseachta d’oibrithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 45 CFAE, a thabhairt i gcrích. Tá forálacha sa Rialachán seo lena gcomhlánaítear na bearta atá ann cheana chun saorghluaiseacht daoine a neartú tuilleadh, trédhearcacht a mhéadú agus cúnamh riaracháin a sholáthar le linn éigeandálaí sa mhargadh inmheánach. Áirítear ar bhearta den sórt sin pointí teagmhála aonair a chur ar bun agus a chur ar fáil d’oibrithe agus dá n-ionadaithe sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais le linn mhodhanna forairdill agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(43)

Is iomchuí toirmeasc a chur ar bhearta náisiúnta áirithe lena gcuirtear srian ar an tsaorghluaiseacht nó ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus nár cheart a fhorchur le linn éigeandáil sa mhargadh inmheánach ná mar fhreagairt uirthi, toisc gur follasach go bhfuil siad díréireach. Dá bhrí sin, aon bhearta den sórt sin a dhéanann na Ballstáit, ba cheart measúnú a dhéanamh orthu i bhfianaise na bhforálacha comhchuibhithe sin seachas i bhfianaise CFAE ná dlí eile de chuid an Aontais.

(44)

Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó bhearta a thabhairt isteach arb ionann iad agus idirdhealú bunaithe ar náisiúntacht nó, i gcás cuideachtaí, an áit ina bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó.

(45)

Ba cheart do na Ballstáit staonadh ó bhearta a thabhairt isteach a fhágann go bhfuil sé dodhéanta do thairbhithe an chirt chun saorghluaiseachta filleadh ar a mBallstát cónaithe má bhíonn siad i mBallstát eile nuair a bhriseann géarchéim amach.

(46)

Ba cheart do na Ballstáit staonadh ó bhearta a dhéanamh a fhágann go bhfuil sé dodhéanta do thairbhithe an chirt chun saorghluaiseachta taisteal chuig Ballstáit eile ar chúiseanna teaghlaigh dianriachtanacha, i gcás ina gceadaítear taisteal den sórt sin fós laistigh den Bhallstát a bhfuil an beart á ghlacadh aige sna himthosca céanna.

(47)

Leis an Rialachán seo, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit cead a thabhairt dá náisiúnaigh agus dá gcónaitheoirí filleadh ar a gcríoch le linn éigeandálaí sa mhargadh inmheánach. Chun taisteal den sórt sin a éascú, ba cheart do Bhallstáit eile cead a thabhairt do náisiúnaigh agus cónaitheoirí den sórt sin imeacht as a gcríoch chun taisteal chuig Ballstát na náisiúntachta nó an chónaithe, nó chun idirthuras a dhéanamh trína gcríoch chun Ballstát na náisiúntachta nó an chónaithe a bhaint amach.

(48)

Toirmisctear srianta ar an tsaorghluaiseacht, lena n-áirítear srianta i bhfoirm ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin amhail nósanna imeachta dearbhúcháin, clárúcháin nó údarúcháin, mura gcomhlíonann siad dlí an Aontais. I gcás inar glacadh ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhfuil údar leo agus atá comhréireach i gcomhréir le dlí an Aontais, ba cheart do na Ballstáit, le linn éigeandáil sa mhargadh inmheánach, tosaíocht a thabhairt do chomhlíonadh ceanglas den sórt sin a éascú agus nósanna imeachta den sórt sin a phróiseáil do dhaoine a bhfuil baint acu le táirgeadh nó soláthar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime. Chuige sin agus nuair is gá sin a dhéanamh chun saorghluaiseacht soláthraithe den sórt sin nó catagóirí áirithe díobh a éascú, ba cheart don Choimisiún socruithe a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear uirlisí digiteacha agus teimpléid dhigiteacha.

(49)

Leagtar síos leis an Rialachán seo oibleagáidí d’fhonn trédhearcacht a áirithiú i ndáil le bearta náisiúnta arna nglacadh le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh lena gcuirtear srian ar an gceart chun saorghluaiseachta atá ag daoine. Le haon srianta den sórt sin, ba cheart dlí an Aontais, go háirithe Treoir 2004/38/CE, a chomhlíonadh. Ba cheart na hoibleagáidí sin a bheith gan dochar d’aon oibleagáidí atá ann cheana maidir le faisnéis nó fógra a thabhairt a leanann d’fheidhm a bheith acu. Tá saorghluaiseacht daoine ríthábhachtach d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Is léir ón taithí a fuarthas ó ghéarchéim COVID-19 gur féidir éifeachtaí iarmharta a bheith ag srianta ar an gceart sin chun saorghluaiseachta ar na saoirsí bunúsacha eile go léir. Is féidir le heaspa faisnéise faoi shrianta a bhaineann le géarchéimeanna ar shaorghluaiseacht daoine a bheith ina cúis le deacrachtaí breise a bheith ag saoránaigh den Aontas agus ag oibreoirí eacnamaíocha a gcuid gníomhaíochtaí a bhainistiú le linn géarchéime. Faoi láthair, níl aon chóras trédhearcachta is infheidhme i bhfeidhm a d’fhéadfadh faisnéis a sholáthar do shaoránaigh den Aontas agus d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le srianta ar shaorghluaiseacht daoine. Ba cheart do na Ballstáit téacs na bhforálacha reachtacha nó rialála náisiúnta lena dtugtar isteach srianta ar fheidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta atá ag daoine mar fhreagairt ar ghéarchéim, chomh maith leis na modhnuithe ar an gceart sin, a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile gan mhoill tar éis a nglactha. Ba cheart na cúiseanna atá le bearta den sórt sin a bheith ag gabháil leis an téacs sin, lena n-áirítear cúiseanna lena léirítear go bhfuil údar leis na bearta agus go bhfuil siad comhréireach, chomh maith le haon sonraí eolaíocha foluiteacha nó sonraí foluiteacha eile a thacaíonn lena nglacadh, raon feidhme beart den sórt sin, na dátaí ar glacadh agus ar cuireadh i bhfeidhm iad, agus fad na mbeart sin. Chun a áirithiú gur féidir le saoránaigh den Aontas agus oibreoirí eacnamaíocha faisnéis iontaofa a fháil maidir le srianta ar an tsaorghluaiseacht, ba cheart do na Ballstáit faisnéis shoiléir, chuimsitheach agus thráthúil a sholáthar don phobal lena mínítear bearta den sórt sin, go háirithe a raon feidhme, an dáta ar glacadh agus ar cuireadh i bhfeidhm iad agus a bhfad, a luaithe is féidir. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar don Choimisiún freisin. Ar an mbonn sin, ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis ábhartha a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin tiomnaithe atá ar fáil i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais.

(50)

Chun a áirithiú nach n-úsáidfear bearta sonracha éigeandála an mhargaidh inmheánaigh dá bhforáiltear sa Rialachán seo ach amháin nuair atá siad fíor-riachtanach chun freagairt ar éigeandáil áirithe sa mhargadh inmheánach, ba cheart a éileamh go ndéanfar bearta den sórt sin a ghníomhachtú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún lena léirítear na cúiseanna atá le gníomhachtú den sórt sin agus na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó na seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a bhfuil feidhm ag bearta den sórt sin maidir leo.

(51)

Ina theannta sin, chun comhréireacht na ngníomhartha cur chun feidhme sin a áirithiú agus chun urraim chuí do ról na n-oibreoirí eacnamaíocha i mbainistiú géarchéime a áirithiú, níor cheart don Choimisiún dul i muinín ghníomhachtú na mbeart freagartha éigeandála sa mhargadh inmheánach ach amháin tar éis don Chomhairle modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú agus mura mbeidh oibreoirí eacnamaíocha in ann réiteach a sholáthar ar bhonn deonach laistigh de thréimhse réasúnach ama (‘gníomhachtú dhá shraith’). Ba cheart údar a thabhairt i ngach gníomh cur chun feidhme den sórt sin leis an ngá atá le bearta freagartha éigeandála sa mhargadh inmheánach a ghníomhachtú, agus i ndáil le gach gné ar leith de ghéarchéim.

(52)

Chun gur féidir measúnuithe beachta a dhéanamh i dtaobh an bhféadfaí laghdú a dhéanamh ar na ganntanais thromchúiseacha earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime nó ar an ngarbhaol go bhféadfaidís a bheith ann i gcás éigeandáil sa mhargadh inmheánach dá n-úsáidfí bearta sonracha freagartha éigeandála sa mhargadh inmheánach, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann faisnéis a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha i slabhraí soláthair earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime. Ba cheart iarrataí ar an bhfaisnéis sin a bheith bainteach, i gcás inarb iomchuí, leis an méid seo a leanas: acmhainneachtaí táirgthe agus stoic earraí atá ábhartha i gcás géarchéime i saoráidí táirgthe atá lonnaithe san Aontas agus i dtíortha lasmuigh den Aontas araon a oibríonn na hoibreoirí eacnamaíocha sin, a ndéanann siad conradh leo nó a gceannaíonn siad soláthairtí uathu; sceideal an aschuir táirgeachta a bhfuiltear ag súil leis do na 3 mhí ina dhiaidh sin i gcás gach saoráide táirgthe atá lonnaithe san Aontas agus i dtíortha lasmuigh den Aontas a oibríonn na hoibreoirí eacnamaíocha sin nó a ndéanann siad conradh leo nó meastachán ar an aschur táirgeachta sin; agus mionsonraí faoi aon chur isteach ábhartha ar shlabhraí soláthair nó faoi aon ghanntanais i slabhraí soláthair. Chun rannpháirtíocht iomlán an Bhallstáit ina bhfuil a shaoráid táirgthe ag an oibreoir eacnamaíoch a áirithiú, ba cheart don Choimisiún cóip den iarraidh ar fhaisnéis a chur ar aghaidh, gan mhoill, chuig an mBallstát sin agus, má iarrann údarás inniúil an Bhallstáit sin amhlaidh, ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis atá faighte aige a roinnt leis an mBallstát sin trí mhodhanna slána.

(53)

Níor cheart don Choimisiún iarrataí ar fhaisnéis arna gcur chuig oibreoirí eacnamaíocha a úsáid ach amháin i gcás, maidir leis an bhfaisnéis is gá chun freagairt leormhaith a thabhairt ar an éigeandáil sa mhargadh inmheánach, amhail faisnéis is gá le haghaidh soláthar arna dhéanamh ag an gCoimisiún thar ceann nó in ainm na mBallstát nó meastachán a dhéanamh ar acmhainneachtaí táirgthe monaróirí earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ar cuireadh isteach ar a slabhraí soláthair, nach bhfuil sí ar fáil fós don Choimisiún agus nach féidir í a fháil ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí nó mar thoradh ar fhaisnéis a chuirtear ar fáil go deonach. Agus iarraidh ar fhaisnéis á déanamh aige trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún a áirithiú gur mó an tairbhe ar mhaithe le leas an phobail ná na míchaoithiúlachtaí a d’fhéadfadh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a choinneáil ar bun. Ba cheart don Choimisiún an t-ualach a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hiarraidh den sórt sin ar fhaisnéis a chur i gcuntas, go háirithe do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus ba cheart dó an teorainn ama a leagan síos le haghaidh freagra dá réir sin. I gcás ina bhféadfadh próiseáil iarrata ar fhaisnéis ag oibreoir eacnamaíoch cur isteach go suntasach ar a oibríochtaí, ba cheart cead a bheith ag an oibreoir eacnamaíoch sin diúltú an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar. Aon diúltú an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar an oibreoir eacnamaíoch na cúiseanna atá le haon diúltú den sórt sin a sholáthar don Choimisiún. Ba cheart a áireamh ar na cúiseanna sin, go háirithe, an riosca dliteanais i leith sárú oibleagáidí conarthacha neamhnochta bunaithe ar chonarthaí arna rialú ag dlí tíre lasmuigh den Aontas nó an riosca maidir le faisnéis a nochtadh a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta i gcás earraí a bhféadfaí úsáidí a bhaint astu i gcomhthéacs na slándála náisiúnta, lena bhféadfaí cúlchistí náisiúnta a áireamh.

(54)

Ba cheart 20 lá oibre a bheith san uasteorainn ama d’oibreoir eacnamaíoch chun freagra a thabhairt ar iarraidh ar fhaisnéis. Ba cheart an teorainn ama aonair shonrach a shocrú de réir an cháis agus d’fhéadfadh sí, in imthosca áirithe, a bheith níos giorra. Ba cheart cead a bheith ag an oibreoir eacnamaíoch síneadh aonuaire ar an teorainn ama a iarraidh a d’fhéadfadh, faoi réir chomhaontú sainráite an Choimisiúin, síneadh ama a chur leis fhoriomlán thar 20 lá oibre. Ba cheart foráil a dhéanamh go ndéanfar aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an teorainn ama ón oibreoir eacnamaíoch a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis na socruithe cumarsáide a shonraítear sa chinneadh aonair. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin go measfar an chéad teorainn ama a bheith infheidhme go hiomlán go dtí go dtabharfaidh an Coimisiún freagra ar an iarraidh ar shíneadh.

(55)

Le gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, i gcás inar gá, ba cheart a bheith in ann cur i bhfeidhm nósanna imeachta áirithe um fhreagairt do ghéarchéimeanna a ghníomhachtú, ar nósanna imeachta iad lena dtugtar isteach coigeartuithe ar na rialacha lena rialaítear dearadh, monarú, measúnú comhréireachta agus cur ar an margadh earraí atá faoi réir rialacha comhchuibhithe an Aontais chomh maith le rialacha áirithe lena rialaítear na hearraí atá faoi réir chreat ginearálta sábháilteachta táirgí an Aontais. Leis na nósanna imeachta sin um fhreagairt do ghéarchéimeanna, ba cheart a bheith in ann táirgí arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar an margadh go tapa i gcomhthéacs éigeandála. I gcás táirgí comhchuibhithe, ba cheart do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta tosaíocht a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime thar aon iarratas leanúnach eile le haghaidh táirgí eile. I gcás ina bhfuil moill mhíchuí ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta ar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát a bheith in ann údaruithe a eisiúint le haghaidh earraí den sórt sin nach ndeachaigh faoi na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme chun iad a chur ar a margadh faoi seach, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais sábháilteachta is infheidhme. Níor cheart údaruithe den sórt sin a bheith bailí ach amháin i gcríoch an Bhallstáit eisiúna go dtí go sínfear bailíocht na n-údaruithe sin chuig críoch an Aontais trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún. Ba cheart bailíocht údaruithe den sórt sin lena maolaítear ó nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a theorannú d’fhad mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh. Ina theannta sin, d’fhonn an méadú ar sholáthar earraí comhchuibhithe agus neamh-chomhchuibhithe atá ábhartha i gcás géarchéime a éascú, ba cheart solúbthachtaí áirithe a thabhairt isteach i ndáil leis na sásraí toimhde comhréireachta agus i ndáil leis an toimhde comhréireachta leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta, faoi seach. I gcomhthéacs éigeandáil sa mhargadh inmheánach, ba cheart do mhonaróirí earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a bheith in ann brath ar chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta freisin lena soláthraítear leibhéal coibhéiseach cosanta leis na caighdeáin Eorpacha ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Maidir leis na hearraí comhchuibhithe atá ábhartha i gcás géarchéime, agus maidir leo amháin, i gcásanna nach ann do chaighdeáin Eorpacha den sórt sin nó ina bhfuil comhlíonadh na gcaighdeán sin ródheacair mar thoradh ar chur isteach ar an margadh inmheánach, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann sonraíochtaí coiteanna a eisiúint lena bhforáiltear toimhde comhréireachta chun réitigh theicniúla atá réidh le húsáid a sholáthar do na monaróirí.

(56)

Chun na coigeartuithe sin atá ábhartha i gcás géarchéime ar rialacha earnála ábhartha an Aontais a thabhairt isteach, is gá coigeartuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar na 16 ghníomh seo a leanas: Treoracha 2000/14/CE (22), 2006/42/AE (23), 2010/35/AE (24), 2014/29/AE (25), 2014/30/AE (26), 2014/33/AE (27), 2014/34/AE (28), 2014/35/AE (29), 2014/53/AE (30), 2014/68/AE (31) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/424 (32), (AE) 2016/425 (33), (AE) 2016/426 (34), (AE) Uimh. 305/2011 (35), (AE) 2023/988 (36) agus (AE) 2023/1230 (37) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Níor cheart feidhm a bheith ag na leasuithe lena leagtar síos nósanna imeachta éigeandála i ngach ceann de na gníomhartha lena mbaineann ach amháin nuair a ghníomhachtaítear iad go sonrach. Ba cheart gníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála faoi gach gníomh lena mbaineann a bheith coinníollach ar mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú faoin Rialachán seo agus ba cheart é a theorannú do tháirgí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus a bheith teoranta ó thaobh ama d’fhad mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh.

(57)

I gcásanna ina bhfuil rioscaí substaintiúla ann d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh nó i gcásanna ganntanas tromchúiseach agus leanúnach nó éilimh aird as an ngnáth ar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, d’fhéadfadh bearta ar leibhéal an Aontais arb é is aidhm dóibh a áirithiú go mbeidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fáil, amhail iarrataí tosaíochta, a bheith fíor-riachtanach chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus a shlabhraí soláthair a áirithiú.

(58)

Mar ionstraim na rogha deiridh chun a áirithiú go gcoinneofar feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha ar bun sa mhargadh inmheánach i gcás nárbh fhéidir táirgeadh nó soláthar earraí áirithe atá ábhartha i gcás géarchéime a bhaint amach le bearta eile, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann iarrataí a dhíriú chuig oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe san Aontas earraí áirithe atá ábhartha i gcás géarchéime a tháirgeadh nó a sholáthar. Agus iarraidh á heisiúint aige, ba cheart don Choimisiún an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a chur san áireamh chomh maith leis an mbaol go ngéarófaí ar shaobhadh an mhargaidh. Ina theannta sin, níor cheart rogha fhaighteoirí agus thairbhithe na n-iarrataí a bheith idirdhealaitheach.

(59)

Ba cheart an iarraidh tosaíochta a bheith bunaithe ar shonraí oibiachtúla, fíorasacha, intomhaiste agus réasúnaithe. In iarrataí den sórt sin, ba cheart aird a thabhairt ar leasanna dlisteanacha na n-oibreoirí eacnamaíocha agus ar an gcostas agus ar an iarracht is gá le haghaidh aon athrú ar an seicheamh táirgthe. Ba cheart a shonrú go soiléir san iarraidh tosaíochta go bhfanann an rogha glacadh leis an iarraidh nó diúltú di go hiomlán leis an oibreoir eacnamaíoch. I gcás ina roghnaíonn an t-oibreoir eacnamaíoch diúltú don iarraidh tosaíochta, tá sé de shaoirse ag an oibreoir eacnamaíoch freisin cinneadh a dhéanamh i dtaobh diúltú sainráite a sholáthar agus údar a thabhairt agus an Coimisiún á chur ar an eolas faoina dhiúltú.

(60)

Nuair a ghlactar léi, ba cheart tosaíocht a bheith ag an oibleagáid an iarraidh tosaíochta a dhéanamh ar aon oibleagáid feidhmíochta faoin dlí príobháideach nó poiblí. Ba cheart gach iarraidh tosaíochta a dhéanamh ar phraghas cóir réasúnach. Ba cheart a bheith in ann praghas den sórt sin a ríomh ar bhonn meánphraghsanna margaidh le blianta beaga anuas, faoi réir cúiseanna a thabhairt maidir le haon mhéadú nó laghdú, mar shampla boilsciú nó costais ionchuir a chur san áireamh. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé soláthar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú, ar earraí iad atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun sa mhargadh inmheánach, níor cheart comhlíonadh na hoibleagáide maidir le hiarraidh tosaíochta a dhéanamh a bheith faoi dhliteanas do thríú páirtithe i leith damáistí a d’fhéadfadh eascairt as aon sárú ar oibleagáidí conarthacha arna rialú ag dlí Ballstáit, a mhéid a bhí gá le sárú na n-oibleagáidí conarthacha chun an tosaíocht shainordaithe a chomhlíonadh. Ba cheart cead a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith laistigh de raon feidhme iarrata tosaíochta foráil a dhéanamh, faoi choinníollacha a gconarthaí tráchtála, d’iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh tosaíochta. Gan dochar d’infheidhmeacht forálacha eile, níor cheart, leis an díolúine dliteanais sin, difear a dhéanamh don dliteanas i leith táirgí lochtacha dá bhforáiltear i dTreoir 85/374/CEE ón gComhairle (38).

(61)

I gcás inar ghlac an t-oibreoir eacnamaíoch go sainráite le hiarraidh tosaíochta agus ina bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún tar éis an ghlactha sin, ba cheart don oibreoir eacnamaíoch coinníollacha uile an ghnímh cur chun feidhme sin a chomhlíonadh. Mura gcomhlíonann an t-oibreoir eacnamaíoch na coinníollacha a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme, ba cheart an tairbhe a bhaineann le tarscaoileadh dliteanais chonarthaigh a chailleadh mar gheall air sin. Nuair a dhéantar an neamhchomhlíonadh d’aon ghnó nó nuair is mórfhaillí is cúis leis, féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a bheith faoi réir fíneála freisin, faoi réir phrionsabal na comhréireachta. Níor cheart é a bheith indéanta fíneálacha a fhorchur ar oibreoirí eacnamaíocha nár ghlac go sainráite le hiarraidh tosaíochta.

(62)

I gcás ina gcuireann Ballstát amháin nó níos mó an Coimisiún ar an eolas faoi ghanntanais earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime nó faoi riosca go bhféadfaidís a bheith ann, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a mholadh go ndéanfadh na Ballstáit bearta arb é is aidhm dóibh a áirithiú go dtiocfaidh méadú tapa ar infhaighteacht earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime. Ba cheart don Choimisiún tionchar na mbeart atá beartaithe ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a mheas. D’fhéadfaí bearta a áireamh ar na moltaí sin ar bearta iad arb é is aidhm dóibh leathnú, athrú cuspóra nó bunú acmhainneachtaí táirgthe nua a éascú le haghaidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó acmhainneachtaí nua a bhaineann le gníomhaíochtaí seirbhíse atá ábhartha i gcás géarchéime agus arb é is aidhm dóibh freisin dlús a chur leis na nósanna imeachta formheasa, údarúcháin agus clárúcháin ábhartha agus is infheidhme.

(63)

I gcás ina gcuireann Ballstát amháin nó níos mó an Coimisiún ar an eolas faoi ghanntanais earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó faoi ghanntanais seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis sin a tharchur chuig údaráis inniúla uile na mBallstát agus comhordú na freagartha a chuíchóiriú. Ina theannta sin, chun a áirithiú go mbeidh fáil ar earraí áirithe atá ábhartha i gcás géarchéime nó ar sheirbhísí áirithe atá ábhartha i gcás géarchéime le linn éigeandáil sa mhargadh inmheánach agus d’fhonn deireadh a chur leis an éigeandáil sa mhargadh inmheánach, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a mholadh do na Ballstáit na hearraí nó na seirbhísí sin a dháileadh, ag féachaint go cuí do phrionsabail na dlúthpháirtíochta, an riachtanais agus na comhréireachta. Ba cheart don Choimisiún cuidiú leis an dáileadh sin a chomhordú.

(64)

I dteannta na féidearthachta maidir le soláthar comhpháirteach idir an Coimisiún agus Ballstát amháin nó níos mó, agus dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39) (‘an Rialachán Airgeadais’), ba cheart do Bhallstát amháin nó níos mó a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún soláthar a sheoladh thar a gceann nó ina n-ainm chun earraí agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo nó earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a cheannach, chun cumhacht ceannaigh agus seasamh caibidlíochta an Choimisiúin a ghiaráil le linn mhodh forairdill an mhargaidh inmheánaigh nó mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart a chumhdach le soláthar den sórt sin fáil oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime ag an údarás conarthach nó ag an eintiteas conarthach, trí bhíthin conartha, agus talamh, foirgnimh nó maoin dhochorraithe eile a fháil nó a fháil ar cíos ó oibreoirí eacnamaíocha arna roghnú ag an údarás conarthach sin nó ag an eintiteas conarthach sin chun freagairt ar an ngéarchéim. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an nós imeachta soláthair ábhartha a sheoladh thar ceann nó in ainm na mBallstát bunaithe ar chomhaontú idir na páirtithe, nó gníomhú mar mhórdhíoltóir, trí sholáthairtí agus seirbhísí a cheannach, a stocáil agus a athdhíol nó a dheonú, lena n-áirítear talamh, foirgnimh nó maoin dhochorraithe eile a fháil ar cíos, do na Ballstáit rannpháirteacha nó do na heagraíochtaí comhpháirtíochta atá roghnaithe aige.

(65)

Ba léir le linn ghéarchéim COVID-19 gur cheart don Choimisiún a bheith in ann earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar i gcomhpháirt le Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) agus tíortha lasmuigh den Aontas, amhail micreastáit na hEorpa. Aon nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh a sheoltar chun earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime nó earraí agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo a fháil, níor cheart dóibh difear diúltach a dhéanamh d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus níor cheart idirdhealú ná srianadh ar thrádáil a bheith iontu, ná níor cheart nósanna imeachta soláthair den sórt sin a bheith ina gcúis le saobhadh iomaíochta ná níor cheart aon tionchar díreach airgeadais a bheith acu ar bhuiséad na dtíortha nach bhfuil rannpháirteach sa nós imeachta soláthair chomhpháirtigh. Tá sé ríthábhachtach freisin a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú le tacaíocht ón gCoimisiún agus ón mBord sula seolfar nósanna imeachta chun earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar. Le linn na céime teagmhasaí, ba cheart do na Ballstáit córas a chur i bhfeidhm lena gceadófaí sainaithint na n-údarás conarthach agus na n-eintiteas conarthach atá faoi réir Threoracha 2014/24/AE (40) agus 2014/25/AE (41) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhfuil na hearraí agus na seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime á soláthar acu le linn éigeandálaí. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann brath ar na lároifigí idirchaidrimh chun faisnéis a bhailiú agus a tharchur maidir le soláthar leanúnach agus beartaithe ag na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha ina gcríoch chun críocha chomhlíonadh an chlásail comhordúcháin faoin Rialachán seo.

(66)

Leis an gcomhaontú lena rialaítear soláthar an Choimisiúin thar ceann Ballstát amháin nó níos mó nó in ainm Ballstáit amháin nó níos mó nó soláthar comhpháirteach idir an Coimisiún agus Ballstát amháin nó níos mó, ba cheart foráil a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, do chlásal eisiachais, faoina ngeallann na Ballstáit rannpháirteacha gan na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime i dtrácht nó na seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime i dtrácht a sholáthar trí bhealaí eile agus gan caibidlíocht chomhthreomhar a dhéanamh. I gcás ina bhforáiltear do chlásal eisiachais den sórt sin, ba cheart a shonrú ann, i gcás ina bhfuil riachtanais bhreise soláthair ag na Ballstáit agus nach mbaineann soláthar den sórt sin an bonn ón soláthar comhpháirteach leanúnach nó ón soláthar leanúnach thar ceann nó in ainm na mBallstát de réir mheasúnú an Choimisiúin, gur féidir leis na Ballstáit rannpháirteacha a nós imeachta soláthair féin a sheoladh. Chun críocha an tsoláthair chomhpháirtigh, ba cheart Stáit CSTE agus tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, chomh maith le Prionsacht Andóra, Prionsacht Mhonacó, Poblacht San Mairíne agus Stát Chathair na Vatacáine a mheas mar Bhallstáit rannpháirteacha i gcás ina gcinneann siad a bheith rannpháirteach sa soláthar comhpháirteach. Is é is cuspóir don chlásal eisiachais a áirithiú nach mbainfear an bonn ón soláthar comhpháirteach leanúnach nó ón soláthar leanúnach thar ceann nó in ainm na mBallstát. Ní dhéanann soláthar de minimis difear do sholáthar den sórt sin, agus dá bhrí sin ba cheart a cheadú d’údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha na mBallstát nós imeachta soláthair a sheoladh a thiteann faoi bhun thairseacha Threoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE. Ina theannta sin, ós rud é nach ndéanann soláthar ó oibreoir eacnamaíoch nach bhfuil rannpháirteach sa tairiscint leanúnach an bonn a bhaint ón soláthar leanúnach, níor cheart feidhm a bheith ag an gclásal eisiachais a leagtar síos sa Rialachán seo maidir leis an gcineál sin soláthair. I gcás ina gcinneann Ballstát a bheith rannpháirteach i soláthar comhpháirteach nó i soláthar thar ceann nó in ainm na mBallstát chun earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a fháil, ba cheart dó a bheith in ann na lároifigí idirchaidrimh dá bhforáiltear sa Rialachán seo a úsáid chun na húdaráis chonarthacha uile agus na heintitis chonarthacha uile ina chríoch a chur ar an eolas faoin soláthar leanúnach lena spreagtar cur i bhfeidhm an chlásail eisiachais.

(67)

Is bunphrionsabal í an trédhearcacht maidir le soláthar poiblí éifeachtach lena bhfeabhsaítear an iomaíocht, lena méadaítear an éifeachtúlacht agus lena gcruthaítear machaire comhréidh. Ba cheart Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi nósanna imeachta a bhaineann le soláthairtí comhpháirteacha faoin Rialachán seo agus, arna iarraidh sin, rochtain a dheonú di ar na conarthaí arna dtabhairt i gcrích mar thoradh ar na nósanna imeachta sin, faoi réir cosaint leormhaith rúndachta, cosaint sonraí pearsanta, chosaint shlándáil náisiúnta na mBallstát agus cosaint faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de, lena n-áirítear rúin ghnó.

(68)

Is gá coimircí a sholáthar do shealbhóirí faisnéise go ndéanfar an fhaisnéis atá soláthartha acu mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a phróiseáil agus a úsáid agus prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta á n-urramú. Maidir le faisnéis a fhaightear trí bhíthin faireacháin, iarrataí ar fhaisnéis agus iarrataí tosaíochta, ba cheart d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais agus a bhfoireann, údaráis na mBallstát agus a bhfoireann, nó aon duine aonair, lena n-áirítear comhaltaí agus breathnóirí an Bhoird, agus dóibhsean amháin, í a úsáid chun na críche ar iarradh faisnéis den sórt sin ina leith.

(69)

Ós rud é go ngníomhaíonn an Bord mar chomhlacht comhairleach don Choimisiún, ba cheart dó prionsabail, caighdeáin agus rialacha an Choimisiúin a urramú maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, lena n-áirítear, inter alia, forálacha chun faisnéis den sórt sin a phróiseáil agus a stóráil mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (42) agus (AE, Euratom) 2015/444 (43) ón gCoimisiún. Ba cheart do bhaill foirne an Choimisiúin agus institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis rúnaicmithe agus ar fhaisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a bhaineann le hobair an Bhoird a bheith faoi cheangal na gceanglas rúndachta faoi Airteagal 339 CFAE, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

(70)

I gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí atá le déanamh de bhun an Rialacháin seo le próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart do phróiseáil den sórt sin reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh, eadhon Rialacháin (AE) 2016/679 (44) agus (AE) 2018/1725 (45) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(71)

Is gá rialacha a leagan síos maidir le huirlisí digiteacha chun ullmhacht a áirithiú chun freagairt ar éigeandálaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil chun feidhmiú leanúnach an mhargaidh inmheánaigh, saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine le linn géarchéime agus infhaighteacht earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a ráthú do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus d’údaráis phoiblí. Ina theannta sin, ba cheart rialacha a leagan amach sa Rialachán seo maidir le huirlisí digiteacha lena n-áirithítear go dtabharfar tosaíocht do nósanna imeachta údarúcháin, clárúcháin nó dearbhúcháin, agus go gcuirfear dlús leo, chun saorghluaiseacht daoine agus tarchur agus malartú slán faisnéise a éascú. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit na huirlisí digiteacha atá acu cheana a athúsáid nó a leathnú a mhéid is féidir. I gcás nach féidir sin a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit uirlisí digiteacha nua a bhunú, i gcás inar gá agus ina bhfuil údar leis. Ba cheart don Choimisiún gnéithe teicniúla uirlisí nó bonneagar den sórt sin a leagan amach trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

(72)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le sonraíochtaí an chreata theagmhasaigh maidir le hullmhacht, comhar, malartú faisnéise agus cumarsáid géarchéime maidir le modhanna forairdill agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh. Thairis sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca leis an bhféidearthacht bearta maolaithe a ghlacadh, eadhon socruithe riaracháin, uirlisí digiteacha agus teimpléid dhigiteacha, lena n-éascaítear saorghluaiseacht daoine. Thairis sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le bearta sonracha freagartha éigeandála a ghníomhachtú tráth mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, chun gur féidir freagairt go tapa agus ar bhonn comhordaithe. Ina theannta sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le gnéithe teicniúla d’uirlisí digiteacha sonracha a bhunú chun tacú le cuspóirí an Rialacháin seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46).

(73)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le tionchair na géarchéime ar an margadh inmheánach, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

(74)

Leis an Rialachán seo, urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go háirithe, urramaítear leis an ceart chun príobháideachais atá ag na hoibreoirí eacnamaíocha a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, an ceart go ndéanfar sonraí a chosaint a leagtar amach in Airteagal 8 den Chairt, an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus an tsaoirse conartha, a chosnaítear le hAirteagal 16 den Chairt, an ceart chun maoine, a chosnaítear le hAirteagal 17 den Chairt, an ceart chun cómhargála agus an ceart chun gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh a chosnaítear le hAirteagal 28 den Chairt agus an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach agus triail chóir a fháil dá bhforáiltear in Airteagal 47 den Chairt.

(75)

Leis an Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta mar a aithnítear le CFAE.

(76)

Níor cheart an Rialachán seo a léirmhíniú mar ní a dhéanann difear don cheart chun cosaint an chomhshaoil, don cheart chun cómhargála ná don cheart chun gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh i gcomhréir leis an gCairt, lena n-áirítear an ceart atá ag oibrithe agus ag fostóirí gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh chun a leasanna a chosaint, lena n-áirítear dul ar stailc, agus an ceart nó an tsaoirse chun dul ar stailc nó gníomhaíocht eile a dhéanamh a chumhdaítear leis na córais shonracha caidrimh thionsclaíoch sna Ballstáit i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.

(77)

Ní dhéanann gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, amhail na gníomhartha sin lena bhforáiltear maidir le hoibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha sonraí a chur ar fáil do chomhlachtaí earnála poiblí, difear don Rialachán seo. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil forálacha i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais freisin maidir le hiarrataí ar fhaisnéis ón gCoimisiún a bhfuil an cuspóir céanna acu agus atá leo siúd dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, tar éis don Chomhairle modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú, níor cheart feidhm a bheith ach ag na forálacha ábhartha den Rialachán seo a bhaineann le hiarrataí ar fhaisnéis.

(78)

Tá an tAontas tiomanta i gcónaí don dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta agus tacaíonn sé go láidir leis an bprionsabal go ndéanfar aon bhearta a mheastar a bheith riachtanach arna ndéanamh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear na bearta sin is gá chun ganntanais chriticiúla a chosc nó a mhaolú, a chur chun feidhme ar bhealach spriocdhírithe, trédhearcach, comhréireach, sealadach agus comhsheasmhach le hoibleagáidí na hEagraíochta Domhanda Trádála.

(79)

Ba cheart a áireamh i gcreat an Aontais gnéithe idir-réigiúnacha chun bearta comhleanúnacha, ilearnála agus trasteorann a bhunú, ar bearta freagartha ar chásanna teagmhasacha, forairdill agus éigeandála sa mhargadh inmheánach iad, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar na hacmhainní, na hacmhainneachtaí agus na leochaileachtaí ar fud réigiún comharsanachta, go háirithe réigiúin teorann.

(80)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht thráthrialta a dhéanamh ar fheidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena n-áirítear meastóireacht ar obair an Bhoird, tástálacha struis, oiliúint agus prótacail ghéarchéime, na critéir chun modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh agus modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú chomh maith le húsáid uirlisí digiteacha. Ina theannta sin, ba cheart tuarascálacha a thíolacadh laistigh de 4 mhí tar éis modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh nó modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, de réir mar is infheidhme, a dhíghníomhachtú. Ba cheart a áireamh sna tuarascálacha sin meastóireacht ar na bearta a chuirtear chun feidhme faoin Rialachán seo i ndáil leis an ngéarchéim as ar eascair gníomhachtú an mhodha sin, go háirithe ar éifeachtacht na mbeart sin. D’fhéadfaí aon fheabhsuithe a mholadh sna tuarascálacha sin más gá, agus d’fhéadfaí tograí reachtacha ábhartha a bheith ag gabháil leo, i gcás inarb iomchuí.

(81)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (47) do shásra le haghaidh plé déthaobhach agus fógra a thabhairt faoi bhacainní ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chun dúbláil rialacha a sheachaint i gcás ina bhfuil modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh gníomhachtaithe, ba cheart an Rialachán sin a leasú dá réir. Níor cheart do Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 difear a dhéanamh ar bhealach ar bith d’fheidhmiú na gceart bunúsach mar a aithnítear iad ar leibhéal an Aontais agus sna Ballstáit, lena n-áirítear an ceart nó an tsaoirse chun dul ar stailc nó chun gníomhaíocht eile a dhéanamh a chumhdaítear leis na córais shonracha caidrimh thionsclaíoch sna Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta. Ba cheart é a bheith gan dochar freisin don cheart dul i mbun caibidlíochta, comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích agus gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.

(82)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon feidhmiú rianúil agus gan bhriseadh an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trí bhearta teagmhasacha, forairdill agus éigeandála a chur i bhfeidhm ar fud an mhargaidh inmheánaigh chun comhordú na mbeart freagartha a éascú i gcás géarchéime, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

CAIBIDIL I

Ábhar, cuspóirí, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo creat de bhearta comhchuibhithe chun tionchar géarchéimeanna ar an margadh inmheánach a thuar go héifeachtach, chun ullmhú dóibh agus chun freagairt orthu.

2.   Is é is aidhm don chreat dá dtagraítear i mír 1:

(a)

saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, a choimirciú agus a éascú;

(b)

a áirithiú go mbeidh earraí agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo agus earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fáil sa mhargadh inmheánach i gcás inar ghlac na Ballstáit bearta náisiúnta atá éagsúil óna chéile nó i gcás inar dócha go nglacfaidh siad na bearta sin; agus

(c)

cosc a chur ar bhacainní a chruthú ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

3.   Leagtar síos leis an Rialachán seo, go háirithe:

(a)

rialacha maidir le Bord um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh a bhunú agus a fheidhmiú chun cúnamh agus comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le tionchar géarchéime ar an margadh inmheánach a thuar nó a chosc nó chun freagairt air;

(b)

bearta teagmhasacha a bhaineann le tuar, pleanáil agus athléimneacht;

(c)

bearta, le linn mhodh forairdill an mhargaidh inmheánaigh, chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a bheadh ag baol go bhféadfadh géarchéim a bheith ann a d’fhéadfadh géarú le bheith ina héigeandáil sa mhargadh inmheánach;

(d)

bearta, le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar géarchéime ar an margadh inmheánach, lena n-áirítear bearta lena n-éascaítear saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, le linn an mhodha sin;

(e)

rialacha maidir le soláthar poiblí le linn mhodhanna forairdill agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh;

(f)

rialacha maidir le huirlisí digiteacha a sholáthar agus maidir leis an gcomhar idir na húdaráis inniúla.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, laistigh den mhargadh inmheánach.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

táirgí íocshláinte mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (2), de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48);

(b)

feistí leighis mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (e), de Rialachán (AE) 2022/123;

(c)

frithbhearta leighis eile dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (10), de Rialachán (AE) 2022/2371 agus a áirítear sa liosta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2022/2372;

(d)

leathsheoltóirí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (49);

(e)

táirgí fuinnimh de réir bhrí Airteagal 2, mír 1, de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle (50), leictreachas de réir bhrí Airteagal 2, mír 2, den Treoir sin agus táirgí eile dá dtagraítear in Airteagal 2, mír 3, den Treoir sin;

(f)

seirbhísí airgeadais, amhail baincéireacht, creidmheas, árachas agus athárachas, pinsin cheirde nó phearsanta, urrúis, cistí infheistíochta, comhairle íocaíochta agus infheistíochta, lena n-áirítear na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (51), chomh maith le gníomhaíochtaí socraíochta agus imréitigh agus seirbhísí comhairleacha, idirghabhála agus seirbhísí cúnta airgeadais eile;

(g)

táirgí a bhaineann le cosaint mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 1, de Threoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (52) nó mar a shainmhínítear i ndlí náisiúnta na mBallstát i gcomhréir le dlí an Aontais.

3.   De mhaolú ar mhír 2, beidh feidhm ag pointí (a), (b) agus (c) den Airteagal seo, ag Airteagail 20 go 23 agus ag Airteagal 44 den Rialachán seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear sna pointí sin.

4.   Ní dochar an Rialachán seo do ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le freagairt ar ghéarchéimeanna nó bainistiú géarchéime, amhail na cinn seo a leanas:

(a)

Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (53) lena mbunaítear an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta;

(b)

na forálacha ábhartha de Rialachán (AE) 2015/479 a bhaineann le cumhacht an Choimisiúin measúnú a dhéanamh i dtaobh an iomchuí srianta a fhorchur ar onnmhairí earraí i gcomhréir le cearta agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais;

(c)

Rialacháin (AE) 2022/2371 agus (AE) 2022/2372 a bhaineann le Creat Slándála Sláinte an Aontais;

(d)

Cinneadh 2014/415/AE lena mbunaítear na socruithe Comhtháite maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IPCR), lena n-áirítear ról comhordúcháin pholaitiúil IPCR, agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 lena leagtar síos rialacha maidir le hoibriú na socruithe sin.

5.   Ní dochar an Rialachán seo do rialacha iomaíochta an Aontais, lena n-áirítear rialacha in aghaidh trustaí, rialacha maidir le cumaisc agus rialacha maidir le Státchabhair.

6.   Ní dochar an Rialachán seo do fhreagracht na mBallstát as an tslándáil náisiúnta a choimirciú ná dá gcumhacht feidhmeanna sár-riachtanacha stáit a choimirciú, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an smacht reachta a chaomhnú. Fanfaidh an tslándáil náisiúnta, go háirithe, ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin.

7.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’fheidhmiú na gceart bunúsach, i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go háirithe, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear don cheart chun dul ar stailc ná don cheart chun gníomhaíocht eile a dhéanamh a chumhdaítear leis na córais shonracha caidrimh thionsclaíoch sna Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta. Ní dhéanfaidh sé difear ach oiread don cheart chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú, nó chun gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘géarchéim’ teagmhas eisceachtúil, gan choinne agus tobann, nádúrtha nó de dhéantús an duine, de chineál urghnách agus ar scála urghnách a tharlaíonn laistigh nó lasmuigh den Aontas, a bhfuil tionchar diúltach tromchúiseach aige, nó a bhféadfadh tionchar den sórt sin a bheith aige, ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus a chuireann isteach ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine nó a chuireann isteach ar fheidhmiú a shlabhraí soláthair;

(2)

ciallaíonn ‘modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh’ creat chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol go bhféadfadh géarchéim a bheith ann a d’fhéadfadh géarú le bheith ina héigeandáil sa mhargadh inmheánach laistigh de na 6 mhí atá romhainn;

(3)

ciallaíonn ‘modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh’ creat chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim a bhfuil tionchar diúltach suntasach aici ar an margadh inmheánach, ar géarchéim í a chuireann isteach go mór ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine nó, i gcás ina raibh nó inar dócha go mbeidh cur isteach mór den sórt sin faoi réir bearta náisiúnta éagsúla, ar fheidhmiú a shlabhraí soláthair;

(4)

ciallaíonn ‘earnálacha ríthábhachtacha’ earnálacha a bhfuil tábhacht shistéamach agus ríthábhacht leo don Aontas agus dá Bhallstáit chun seasamh leis an tslándáil phoiblí, leis an tsábháilteacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó leis an tsláinte phoiblí, agus a bhféadfadh a gcur isteach, a dteip, a gcaillteanas nó a scriosadh tionchar diúltach suntasach a imirt ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh tráth a bhfuil baol ann go bhféadfadh géarchéim a bheith ann;

(5)

ciallaíonn ‘earraí a bhfuil ríthábhacht leo’ nó ‘seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo’, dá ngairtear le chéile ‘earraí agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo’, earraí nó seirbhísí atá neamh-inionadaithe, neamh-inéagsúlaithe nó fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus a shlabhraí soláthair in earnálacha ríthábhachtacha a áirithiú agus atá liostaithe i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gComhairle de bhun Airteagal 14(1);

(6)

ciallaíonn ‘earraí atá ábhartha i gcás géarchéime’ nó ‘seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime’, dá ngairtear le chéile ‘earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime’, earraí nó seirbhísí atá neamh-inionadaithe, neamh-inéagsúlaithe nó fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus a shlabhraí soláthair a áirithiú agus a mheastar a bheith riachtanach chun freagairt ar ghéarchéim agus atá liostaithe i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gComhairle de bhun Airteagal 18(4);

(7)

ciallaíonn ‘teagmhais shuntasacha’ teagmhais a chuireann isteach go suntasach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus a shlabhraí soláthair nó a d’fhéadfadh cur isteach go suntasach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus a shlabhraí soláthair;

(8)

ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch ábhartha’ oibreoir eacnamaíoch ar feadh an tslabhra soláthair atá i gcumas nó in acmhainn aon cheann díobh seo a leanas a tháirgeadh nó a dháileadh:

(a)

earraí a bhfuil ríthábhacht leo agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo;

(b)

earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime;

(c)

comhchodanna de na hearraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b);

(9)

ciallaíonn ‘micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide’ nó ‘FBManna’ micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (54).

CAIBIDIL II

Rialachas

Airteagal 4

Bord um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh

1.   Bunaítear Bord um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh (‘an Bord’).

2.   Beidh an Bord comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát agus d’ionadaí amháin ón gCoimisiún. Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí agus ionadaí malartach. Sa bhreis air sin, féadfaidh na Ballstáit ionadaí ad hoc earnáilsonrach a cheapadh más iomchuí, ag brath ar chineál na géarchéime.

3.   Beidh ionadaí de chuid an Choimisiúin mar chathaoirleach ar an mBord agus soláthróidh an Coimisiún rúnaíocht an Bhoird.

4.   Iarrfaidh Cathaoirleach an Bhoird (‘an Cathaoirleach’) ar ionadaí ó Pharlaimint na hEorpa a bheith mar bhreathnóir buan ar an mBord.

5.   Féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar shaineolaithe ag a bhfuil eolas sonrach páirt a ghlacadh, mar bhreathnóirí, in obair an Bhoird agus freastal ar chruinnithe sonracha, ar bhonn ad hoc, i gcás ina bhfuil freastal den sórt sin ábhartha i bhfianaise chlár oibre an chruinnithe. Féadfar ionadaithe de chuid oibreoirí eacnamaíocha, eagraíochtaí geallsealbhóirí agus comhpháirtithe sóisialta a áireamh ar shaineolaithe den sórt sin.

6.   Iarrfaidh an Cathaoirleach ar ionadaithe ar chomhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais a bheith mar bhreathnóirí ar na cruinnithe ábhartha den Bhord.

7.   Tabharfaidh an Cathaoirleach cuireadh d’ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tíortha lasmuigh den Aontas chuig na cruinnithe ábhartha den Bhord i gcomhréir leis na comhaontuithe déthaobhacha nó idirnáisiúnta ábhartha.

8.   Ní bheidh cearta vótála ag na breathnóirí ná ní bheidh siad rannpháirteach agus tuairimí, moltaí nó comhairle an Bhoird á gceapadh. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar na breathnóirí sin faisnéis agus léargas a sholáthar.

9.   Tiocfaidh an Bord le chéile trí huaire sa bhliain ar a laghad. Sa chéad chruinniú a bheidh aige, ar thogra ón gCoimisiún agus i gcomhaontú leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta.

10.   Féadfaidh an Bord tuairimí, moltaí nó tuarascálacha a ghlacadh i gcomhthéacs a chúraimí a leagtar amach in Airteagal 5. Tabharfaidh an Coimisiún, ar bhealach trédhearcach, lánaird ar na tuairimí, na moltaí nó na tuarascálacha sin.

Airteagal 5

Cúraimí an Bhoird

1.   Chun críocha na pleanála teagmhasaí don mhargadh inmheánach faoi Airteagail 9 go 13, tabharfaidh an Bord cúnamh don Choimisiún, agus cuirfidh sé comhairle air, maidir leis na cúraimí seo a leanas:

(a)

socruithe a mholadh i leith comhar riaracháin chun malartú faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit a éascú le linn mhodhanna forairdill agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh atá le bheith ar áireamh sa chreat teagmhasach dá dtagraítear in Airteagal 9;

(b)

measúnú a dhéanamh ar theagmhais a bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit don Choimisiún fúthu i gcomhréir le hAirteagal 13 agus ar thionchar na dteagmhas sin ar an margadh inmheánach agus a shlabhraí soláthair;

(c)

faisnéis a bhailiú ionas go mbeadh fadbhreathnaitheacht ann faoin bhféidearthacht go dtarlódh géarchéim, anailís a dhéanamh ar shonraí agus faisnéis mhargaidh a sholáthar;

(d)

dul i gcomhairle le hionadaithe oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear FBManna, agus le hionadaithe an tionscail, agus freisin, i gcás inarb ábhartha, le hionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta, chun faisnéis mhargaidh a bhailiú i gcomhréir le hAirteagal 43;

(e)

anailís a dhéanamh ar shonraí comhiomlánaithe arna bhfáil ag comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(f)

stór beart géarchéime náisiúnta agus beart géarchéime de chuid an Aontais a rinneadh i ngéarchéimeanna roimhe seo agus a raibh tionchar acu ar an margadh aonair agus a shlabhraí soláthair a choinneáil; agus

(g)

comhairle a thabhairt i dtaobh na mbeart atá le roghnú chun géarchéim a thuar agus chun pleanáil a dhéanamh ina leith, agus athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh á neartú an tráth céanna, agus comhairle a thabhairt maidir le cur chun feidhme na mbeart arna roghnú.

2.   Chun críocha mhodh forairdill an mhargaidh inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 14, tabharfaidh an Bord cúnamh don Choimisiún, agus cuirfidh sé comhairle air, maidir leis na cúraimí seo a leanas:

(a)

a shuí cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na critéir chun modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú chun a chinneadh an ann do bhaol go bhféadfadh géarchéim dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (2), a bheith ann, agus chun méid baoil den sórt sin a chinneadh;

(b)

malartuithe agus comhroinnt faisnéise a chomhordú agus a éascú, lena n-áirítear le comhlachtaí ábhartha eile agus le comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais agus, de réir mar is iomchuí, le tíortha lasmuigh den Aontas, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus ar thíortha atá i mbéal forbartha, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta; agus

(c)

anailís a dhéanamh ar thionchar an bhaoil go bhféadfadh géarchéim a bheith ann ar an margadh aonair agus an tionchar sin a phlé, ag féachaint go cuí don staid sna réigiúin teorann, d’fhonn teacht ar réitigh a d’fhéadfaí a dhéanamh.

3.   Chun críocha mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 18, tabharfaidh an Bord cúnamh don Choimisiún, agus cuirfidh sé comhairle air, maidir leis na cúraimí seo a leanas:

(a)

anailís a dhéanamh ar fhaisnéis atá ábhartha i gcás géarchéime arna bailiú ag na Ballstáit nó ag an gCoimisiún;

(b)

a shuí cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na critéir chun modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú;

(c)

comhairle a thabhairt i dtaobh na mbeart atá le roghnú chun freagairt ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach ar leibhéal an Aontais, agus comhairle a thabhairt maidir le cur chun feidhme na mbeart arna roghnú;

(d)

athbhreithniú a dhéanamh ar bhearta géarchéime náisiúnta;

(e)

malartuithe agus comhroinnt faisnéise a chomhordú agus a éascú, lena n-áirítear le comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, agus, de réir mar is iomchuí, le tíortha lasmuigh den Aontas, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus ar thíortha atá i mbéal forbartha, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

(f)

anailís a dhéanamh ar thionchar na géarchéime ar an margadh aonair agus an tionchar sin a phlé, ag féachaint go cuí don staid sna réigiúin teorann, d’fhonn teacht ar réitigh a d’fhéadfaí a dhéanamh; agus

(g)

liosta a bhunú, i gcás inarb iomchuí, de chatagóirí daoine a bhfuil baint acu le táirgeadh nó soláthar earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime ar ina leith is gá teimpléid choiteanna agus foirmeacha coiteanna a bhunú is féidir leis na Ballstáit a úsáid ar bhonn deonach.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh baint ag na comhlachtaí uile ar leibhéal an Aontais atá ábhartha don ghéarchéim lena mbaineann le hobair an Bhoird. Comhoibreoidh an Bord agus comhordóidh sé go dlúth, i gcás inarb iomchuí, le comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais agus leis an mBord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1252. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhordú ann leis na bearta a chuirtear chun feidhme trí shásraí eile de chuid an Aontais, amhail Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM), IPCR, Creat Slándála Sláinte an Aontais agus an creat Eorpach um amhábhair chriticiúla. Áiritheoidh an Bord go malartófar faisnéis leis an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha faoi UCPM agus an Acmhainneacht Tacaíochta Chomhtháite um Fheasacht agus Anailís ar an Suíomh faoi IPCR.

5.   Glacfaidh an Bord, i gcomhar leis an gCoimisiún, tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus tarchuirfidh sé chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle í.

Airteagal 6

Idirphlé éigeandála agus athléimneachta

1.   Chun treisiú leis an idirphlé idir institiúidí an Aontais agus chun a áirithiú go mbeidh breis trédhearcachta, cuntasachta agus comhordaithe ann, féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún, ina cháil mar Chathaoirleach ar an mBord, teacht os comhair an choiste sin chun faisnéis ar na hábhair uile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a sholáthar, go háirithe tar éis gach cruinnithe den Bhord agus tar éis gach uaire a dhéantar modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh nó modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a dhíghníomhachtú.

2.   Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas a luaithe is féidir faoi aon ghníomhartha cur chun feidhme ón gComhairle arna mbeartú nó arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

3.   Déanfaidh an Coimisiún aon ghnéithe a eascraíonn as na tuairimí arna gcur in iúl tríd an idirphlé éigeandála agus athléimneachta, lena n-áirítear na rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa, a chur san áireamh.

Airteagal 7

An t-ardán éigeandála agus athléimneachta

1.   Bunóidh an Coimisiún ardán geallsealbhóirí chun idirphlé earnáilsonrach agus comhpháirtíochtaí earnáilsonracha a éascú trí phríomh-gheallsealbhóirí a thabhairt le chéile, eadhon ionadaithe oibreoirí eacnamaíocha, comhpháirtithe sóisialta, taighdeoirí agus an tsochaí shibhialta. Go háirithe, beidh feidhmiúlacht ar an ardán sin lena gcuirtear ar chumas geallsealbhóirí leasmhara an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

gníomhaíochtaí deonacha a léiriú a bhfuil gá leo chun freagairt go rathúil ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach;

(b)

comhairle eolaíoch, tuairimí nó tuarascálacha ar shaincheisteanna a bhaineann le géarchéimeanna a sholáthar;

(c)

rannchuidiú le malartú faisnéise agus dea-chleachtas, go háirithe a mhéid a bhaineann le saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, agus le bearta náisiúnta éagsúla a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ina siocair le srianta trasteorann.

2.   Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord torthaí an idirphlé earnáilsonraigh agus na gcomhpháirtíochtaí earnáilsonracha dá dtagraítear i mír 1, chomh maith le haon ionchur ábhartha a sholáthraíonn geallsealbhóirí i gcomhréir leis an mír sin, a chur san áireamh agus an Rialachán seo á chur chun feidhme.

Airteagal 8

Oifigí idirchaidrimh

1.   Ainmneoidh gach Ballstát lároifig idirchaidrimh.

2.   Beidh lároifig idirchaidrimh Ballstáit freagrach as teagmháil a dhéanamh, as comhordú a dhéanamh, agus as faisnéis a mhalartú, leo seo a leanas:

(a)

lároifigí idirchaidrimh na mBallstát eile agus an oifig idirchaidrimh ar leibhéal an Aontais dá dtagraítear i mír 4;

(b)

údaráis inniúla ábhartha an Bhallstáit sin, go háirithe leis na pointí teagmhála aonair náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24.

3.   Chun a cúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo, tiomsóidh lároifig idirchaidrimh Ballstáit ionchur ó údaráis inniúla ábhartha an Bhallstáit sin.

4.   Ainmneoidh an Coimisiún oifig idirchaidrimh ar leibhéal an Aontais.

5.   Beidh an oifig idirchaidrimh ar leibhéal an Aontais freagrach as a áirithiú go ndéanfar comhordú agus go malartófar faisnéis, lena n-áirítear malartú faisnéise atá ábhartha i gcás géarchéime, le lároifigí idirchaidrimh na mBallstát chun modhanna forairdill agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a bhainistiú.

TEIDEAL II

PLEANÁIL THEAGMHASACH DON MHARGADH INMHEÁNACH

Airteagal 9

Creat teagmhasach

1.   Féadfaidh an Coimisiún, agus aird chuí á tabhairt aige ar thuairim an Bhoird agus ar ionchur comhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun na socruithe mionsonraithe le haghaidh creat teagmhasach maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, comhair, malartú faisnéise agus cumarsáid le linn géarchéime i leith mhodhanna forairdill agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a leagan amach. Sa ghníomh cur chun feidhme sin, leagfar amach na socruithe mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

comhar idir údaráis inniúla na mBallstát agus comhlachtaí ar leibhéal an Aontais le linn mhodhanna forairdill agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh;

(b)

malartú slán faisnéise; agus

(c)

cur chuige comhordaithe i leith na cumarsáide le linn géarchéime le linn mhodhanna forairdill agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh maidir leis an bpobal, agus ról comhordúcháin ag an gCoimisiún.

2.   Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

3.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh socruithe i bhfeidhm le haghaidh comhar tráthúil agus malartú slán faisnéise idir an Coimisiún, na comhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais agus na Ballstáit maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

fardal d’údaráis inniúla na mBallstát, de na lároifigí idirchaidrimh arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus de na pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 24, lena n-áirítear a sonraí teagmhála, agus na róil agus na freagrachtaí a shanntar dóibh le linn mhodhanna forairdill agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh faoin Rialachán seo, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(b)

comhairliúchán le hionadaithe na n-oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear FBManna, maidir lena dtionscnaimh agus a ngníomhaíochtaí chun géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh inmheánach a mhaolú agus chun freagairt orthu;

(c)

comhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta maidir leis na himpleachtaí, do shaorghluaiseacht oibrithe, a bheadh ag a dtionscnaimh agus a ngníomhaíochtaí chun géarchéim a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú agus freagairt uirthi;

(d)

comhar ar an leibhéal teicniúil le linn mhodhanna forairdill agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh;

(e)

cumarsáid riosca agus éigeandála, agus ról comhordúcháin ag an gCoimisiún, agus na struchtúir atá ann cheana á gcur san áireamh;

4.   Chun oibriú an chreata arna bhunú i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún tástálacha struis, ionsamhlúcháin agus athbhreithnithe le linn na gníomhaíochta agus tar éis na gníomhaíochta a dhéanamh leis na Ballstáit, agus a mholadh go ndéanfadh na comhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais agus na Ballstáit an creat a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá.

5.   Chun saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a chur chun cinn agus a éascú, cuideoidh an Coimisiún leis na Ballstáit a n-iarrachtaí a chomhordú a mhéid a bhaineann le foirmeacha digiteacha aonair a leagan síos chun gníomhaíochtaí a dhéantar idir na Ballstáit a dhearbhú, a chlárú nó a údarú.

Airteagal 10

Prótacail ghéarchéime dheonacha

1.   Féadfaidh an Bord a mholadh don Choimisiún tús a chur le tarraingt suas prótacal géarchéime deonach ag oibreoirí eacnamaíocha chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna faoi mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh.

2.   Déanfaidh an Coimisiún tarraingt suas na bprótacal géarchéime deonach sin ag oibreoirí eacnamaíocha a spreagadh agus a éascú. Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha a chinneadh, ar bhonn deonach, cé acu a bheidh nó nach mbeidh siad rannpháirteach i bprótacail ghéarchéime dheonacha.

3.   Sna prótacail ghéarchéime dheonacha, leagfar amach an méid seo a leanas:

(a)

paraiméadair shonracha an chur isteach a bhfuil sé d’aidhm ag an bprótacal géarchéime deonach aghaidh a thabhairt air agus na cuspóirí a shaothraítear leis;

(b)

ról gach rannpháirtí faoin bprótacal géarchéime deonach agus na bearta ullmhúcháin atá le cur i bhfeidhm acu a luaithe a bheidh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh gníomhachtaithe chun an ghéarchéim a mhaolú agus chun freagairt uirthi;

(c)

nós imeachta soiléir chun tráth an ghníomhachtaithe a chinneadh agus chun an tréimhse a chinneadh a bhfuil na bearta le glacadh lena linn a luaithe a bheidh an prótacal géarchéime gníomhachtaithe;

(d)

gníomhaíochtaí chun géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú, agus chun freagairt orthu, faoi mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, agus na gníomhaíochtaí sin teoranta go docht don mhéid is gá chun aghaidh a thabhairt orthu.

4.   Tabharfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, rannpháirt d’údaráis na mBallstát, agus do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, i dtarraingt suas na bprótacal géarchéime deonach. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá agus inarb iomchuí, rannpháirt a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó d’eagraíochtaí ábhartha eile freisin.

Airteagal 11

Oiliúint agus ionsamhlúcháin

1.   Déanfaidh an Coimisiún oiliúint ar ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, comhordú, comhar agus malartú faisnéise a fhorbairt agus a eagrú go tráthrialta d’fhoireann na lároifigí idirchaidrimh. Eagróidh sé ionsamhlúcháin a mbeidh foireann na lároifigí idirchaidrimh ó na Ballstáit go léir rannpháirteach iontu bunaithe ar chásanna ionchasacha ina mbeadh éigeandálaí sa mhargadh inmheánach.

2.   Go háirithe, forbróidh agus bainisteoidh an Coimisiún clár oiliúna a eascraíonn as ceachtanna arna bhfoghlaim ó ghéarchéimeanna roimhe seo, lena n-áirítear gnéithe den timthriall bainistithe éigeandálaí iomlán, chun freagairt mhear a thabhairt ar ghéarchéimeanna faoi mhodh forairdill an mhargaidh inmheánaigh nó modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh. Féadfaidh an méid seo a leanas, go háirithe, a bheith ar áireamh sa chlár sin:

(a)

faireachán, anailís agus meastóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí ábhartha uile chun saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine a éascú;

(b)

cur chun feidhme dea-chleachtas ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus, i gcás inarb iomchuí, dea-chleachtas arna bhforbairt ag tíortha lasmuigh den Aontas agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, a chur chun cinn;

(c)

treoir a fhorbairt maidir le scaipeadh eolais agus cur chun feidhme cúraimí éagsúla ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil;

(d)

úsáid teicneolaíochtaí nua ábhartha agus uirlisí digiteacha ábhartha a spreagadh chun freagairt ar éigeandálaí sa mhargadh inmheánach.

3.   Déanfaidh an Coimisiún cláir oiliúna agus ábhair oiliúna do gheallsealbhóirí, lena n-áirítear oibreoirí eacnamaíocha, a fhorbairt agus a chur ar fáil. I gcás inarb ábhartha, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar gheallsealbhóirí a bheith rannpháirteach in oiliúint agus in ionsamhlúcháin.

4.   Arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún comhairle agus tacaíocht a thabhairt maidir le bearta ullmhachta i gcomhair géarchéimeanna agus bearta freagartha ar ghéarchéimeanna, agus aird ar leith á tabhairt aige ar riachtanais agus leasanna an Bhallstáit sin.

Airteagal 12

Tástálacha struis

1.   Déanfaidh an Coimisiún, agus tuairim an Bhoird á cur i gcuntas aige, tástálacha struis a sheoladh agus a chomhordú, lena n-áirítear ionsamhlúcháin a bhfuil sé d’aidhm acu géarchéim sa mhargadh inmheánach a thuar agus ullmhú di.

2.   Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

cásanna agus paraiméadair a fhorbairt in earnáil shonrach lena léirítear na rioscaí ar leith a bhaineann le géarchéim, chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aici ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine san earnáil sin;

(b)

forbairt straitéisí maidir le hullmhacht éigeandála a éascú agus a spreagadh;

(c)

bearta maolaithe riosca a shainaithint, i gcomhar leis na gníomhaithe uile lena mbaineann, tar éis na tástálacha struis a bheith curtha i gcrích.

3.   Chun an earnáil shonrach dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), a shainaithint, bainfidh an Coimisiún úsáid, i gcomhar leis an mBord, as na huirlisí uile atá ar fáil dó, lena n-áirítear cleachtaí mapála.

4.   Déanfaidh an Coimisiún tástálacha struis go tráthrialta, agus uair amháin gach 2 bhliain ar a laghad, ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, iarrfaidh an Coimisiún ar bhaill foirne ó lároifigí idirchaidrimh na mBallstát uile a bheith rannpháirteach in ionsamhlúcháin. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ghníomhaithe ábhartha eile a bhfuil baint acu le héigeandálaí sa mhargadh inmheánach a chosc, le hullmhacht a dhéanamh ina gcomhair, agus le freagairt a thabhairt orthu, a bheith rannpháirteach ar bhonn deonach.

5.   Ar bhonn iarraidh ó dhá Bhallstát nó níos mó, féadfaidh an Coimisiún tástálacha struis a dhéanamh i limistéir gheografacha shonracha nó i réigiúin teorann shonracha sna Ballstáit sin.

6.   Déanfaidh an Coimisiún torthaí na dtástálacha struis arna ndéanamh de bhun an Airteagail seo a chur in iúl don Bhord agus foilseoidh sé tuarascáil orthu.

Airteagal 13

Foláirimh ad hoc le haghaidh luathrabhaidh

1.   Tabharfaidh lároifig idirchaidrimh Ballstáit fógra don Choimisiún agus do lároifigí idirchaidrimh Ballstát eile, gan moill mhíchuí, faoi aon teagmhais shuntasacha.

2.   Glacfaidh na lároifigí idirchaidrimh agus aon údaráis inniúla ábhartha de chuid na mBallstát, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais, gach beart is gá chun déileáil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar bhealach lena n-urramaítear a rúndacht, lena gcosnaítear slándáil agus beartas poiblí an Aontais nó na mBallstát, agus lena gcosnaítear leasanna slándála agus tráchtála na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

3.   Chun a chinneadh cibé ar cheart teagmhais a bheith faoi réir foláireamh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh lároifig idirchaidrimh Ballstáit an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

suíomh margaidh nó líon na n-oibreoirí eacnamaíocha a ndéanann an teagmhas difear dóibh;

(b)

fad an teagmhais nó an fad a mheastar a mhairfidh an teagmhas;

(c)

an limistéar geografach agus an sciar den mhargadh inmheánach dá ndéanann an teagmhas agus a éifeachtaí trasteorann difear, mar aon lena thionchar ar limistéir gheografacha atá an-leochaileach nó neamhchosanta, amhail na réigiúin is forimeallaí; agus

(d)

tionchar na dteagmhas sin ar earraí neamh-inéagsúlaithe agus neamh-ionadacha.

TEIDEAL III

FORAIRDEALL SA MHARGADH INMHEÁNACH

CAIBIDIL I

Modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh

Airteagal 14

Critéir maidir le gníomhachtú

1.   I gcás ina measann an Coimisiún, agus an tuairim arna soláthar ag an mBord á cur i gcuntas aige, go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (2), molfaidh sé don Chomhairle modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú. Féadfaidh an Chomhairle modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ón gComhairle. Sonrófar fad an ghníomhachtaithe sin sa ghníomh cur chun feidhme, agus 6 mhí ar a mhéad a bheidh san fhad sin. Beidh an méid seo a leanas ar áireamh sa ghníomh cur chun feidhme sin:

(a)

measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an ngéarchéim ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, sa mhargadh inmheánach agus ar a shlabhraí soláthair;

(b)

liosta de na hearraí agus na seirbhísí lena mbaineann a bhfuil ríthábhacht leo; agus

(c)

na bearta forairdill atá le déanamh, lena n-áirítear údar maidir le riachtanas agus comhréireacht beart den sórt sin.

2.   Agus measúnú á dhéanamh acu ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3, pointe (2), chun a chinneadh an gá modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú, déanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle na critéir seo a leanas ar a laghad a chur san áireamh:

(a)

an t-am a mheastar a bheidh ann sula ngéaróidh an baol go bhféadfadh géarchéim a bheith ann le bheith ina éigeandáil sa mhargadh inmheánach;

(b)

líon nó suíomh margaidh na n-oibreoirí eacnamaíocha a meastar go ndéanfaidh an ghéarchéim difear dóibh;

(c)

a mhéid a mheastar go mbeidh tionchar ag an ngéarchéim ar earraí agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo; agus

(d)

an limistéar geografach a meastar go mbeidh tionchar ag an ngéarchéim air, go háirithe an tionchar ar na réigiúin teorann agus na réigiúin is forimeallaí.

Airteagal 15

Fadú agus díghníomhachtú

1.   I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil na cúiseanna le modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú de bhun Airteagal 14(1) fós bailí, molfaidh sé don Chomhairle, agus an tuairim arna soláthar ag an mBord á cur i gcuntas aige, modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh a fhadú. Faoi réir athruithe práinneacha agus eisceachtúla ar na himthosca, déanfaidh an Coimisiún a dhícheall déanamh amhlaidh tráth nach déanaí ná 30 lá roimh dhul in éag don tréimhse a bhfuil modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh gníomhachtaithe ina leith. Ar bhonn an togra sin, féadfaidh an Chomhairle modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh a fhadú go ceann tréimhse nach faide ná 6 mhí sa turas trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ón gComhairle.

2.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, agus an tuairim arna soláthar ag an mBord á cur i gcuntas aige, nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (2), i ndáil le roinnt de na bearta forairdill nó iad go léir nó i ndáil le roinnt de na hearraí agus na seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo nó iad go léir, molfaidh sé don Chomhairle modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh a dhíghníomhachtú go hiomlán nó go páirteach. Ar bhonn an togra sin, féadfaidh an Chomhairle modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh a dhíghníomhachtú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ón gComhairle.

CAIBIDIL II

Bearta forairdill

Airteagal 16

Faireachán

1.   Nuair a bheidh modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh gníomhachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 14, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát faireachán ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo agus ar shaorghluaiseacht daoine, lena n-áirítear oibrithe, a bhfuil baint acu le táirgeadh agus soláthar na n-earraí agus na seirbhísí sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún foráil do mhodhanna leictreonacha caighdeánaithe agus slána chun an fhaisnéis a fhaightear tríd an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 1 a bhailiú agus chun an fhaisnéis sin a phróiseáil ar bhealach comhiomlánaithe. Gan dochar don dlí náisiúnta lena gceanglaítear, i gcomhréir le dlí an Aontais, go gcoinnítear faisnéis den sórt sin, lena n-áirítear rúin ghnó, faoi rún, áiritheofar rúndacht maidir le faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus faisnéis a bhaineann le slándáil agus beartas poiblí an Aontais nó na mBallstát.

3.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inar féidir, fardal de na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha atá bunaithe ina gcríoch náisiúnta féin agus a oibríonn ar feadh slabhraí soláthair earraí agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo a chur ar bun, a thabhairt cothrom le dáta agus a chothabháil. Beidh ábhar an fhardail sin faoi rún i gcónaí.

4.   Ar bhonn an fhardail arna chur ar bun de bhun mhír 3, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, i gcás nach féidir an fhaisnéis a fháil ó fhoinsí eile, iarrataí ar sholáthar deonach faisnéise a dhíriú chuig na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha ar feadh slabhraí soláthair earraí agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo a oibríonn ina gcríoch náisiúnta féin. In iarrataí den sórt sin, luafar go háirithe cén fhaisnéis faoi thosca a mbíonn tionchar acu ar infhaighteacht na n-earraí agus na seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo arna sainaithint atáthar a iarraidh. Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch chuig a ndírítear an iarraidh an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar ar bhonn deonach, i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát na torthaí ábhartha a tharchur chuig an gCoimisiún agus chuig an mBord gan mhoill trína lároifig idirchaidrimh féin.

5.   Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát aird chuí ar an ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha, agus go háirithe ar FBManna, a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar iarrataí ar fhaisnéis, agus áiritheoidh siad go gcoinneofar ualach riaracháin den sórt sin chomh híseal agus is féidir agus go n-urramófar rúndacht na faisnéise.

6.   Ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí na gníomhaíochtaí faireacháin a dhéantar i gcomhréir le mír 1, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar na torthaí comhiomlánaithe a chur faoi bhráid an Bhoird.

7.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an mBord na torthaí comhiomlánaithe agus na hionchais forbartha a phlé bunaithe ar an bhfaisnéis arna fáil ag na Ballstáit de bhun mhíreanna 1 agus 4 maidir leis an bhfaireachán a dhéanann siad ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo, agus sa chás sin áiritheoidh sé rúndacht na faisnéise lena mbaineann agus urramóidh sé íogaireacht tráchtála na faisnéise lena mbaineann.

8.   Féadfaidh an Coimisiún faisnéis ábhartha, arna fáil trí mhodhanna nó córais faireacháin eile, a chomhroinnt leis na Ballstáit freisin.

TEIDEAL IV

ÉIGEANDÁIL SA MHARGADH INMHEÁNACH

CAIBIDIL I

Modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh

Airteagal 17

Critéir maidir le gníomhachtú

1.   Agus measúnú á dhéanamh acu ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3), chun a chinneadh an gá modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú, déanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle, bunaithe ar fhianaise nithiúil agus iontaofa, measúnú ar cé acu a chuireann nó nach gcuireann an ghéarchéim bacainn amháin nó níos mó ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí nó daoine, a mbíonn tionchar aici nó acu ar earnáil feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha amháin ar a laghad sa mhargadh inmheánach.

I gcás, mar gheall ar an ngéarchéim, ina gcuirtear isteach ar fheidhmiú slabhraí soláthair, sa bhreis ar na critéir a leagtar amach sa chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle measúnú ar cé acu is féidir nó nach féidir na hearraí nó na seirbhísí a éagsúlú nó a ionadú nó ar cé acu is féidir nó nach féidir na hoibrithe lena mbaineann a ionadú.

2.   Agus mír 1 á cur i bhfeidhm acu, déanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle, go háirithe, na táscairí seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

líon na dteagmhas suntasach a mbeidh fógra tugtha fúthu de bhun Airteagal 13(1);

(b)

gurb amhlaidh gur gníomhachtaíodh aon cheann acu seo a leanas mar gheall ar an ngéarchéim:

(i)

sásra freagartha ábhartha de chuid na Comhairle ar ghéarchéimeanna, lena n-áirítear IPCR;

(ii)

UCPM; nó

(iii)

aon cheann de na sásraí arna gcur ar bun laistigh de Chreat Slándála Sláinte an Aontais, lena n-áirítear an creat éigeandála a bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/2372;

(c)

meastachán ar líon nó suíomh margaidh na n-oibreoirí eacnamaíocha, agus ar éileamh an mhargaidh orthu, mar aon le meastachán ar líon na n-úsáideoirí, a bhíonn ag brath ar earnáil nó earnálacha an mhargaidh inmheánaigh ar cuireadh isteach uirthi nó orthu chun na hearraí nó na seirbhísí lena mbaineann a sholáthar;

(d)

meastachán ar na cineálacha earraí agus seirbhísí, nó líon na ndaoine, lena n-áirítear oibrithe, a ndéanann an ghéarchéim difear dóibh;

(e)

tionchar na géarchéime, nó an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aici, ó thaobh méide agus faid de, ar fheidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha, ar an gcomhshaol agus ar an tsábháilteacht phoiblí;

(f)

gurb amhlaidh nach raibh na hoibreoirí eacnamaíocha a ndearna an ghéarchéim difear dóibh in ann réiteach a aimsiú, laistigh de thréimhse réasúnach ama, ar na gnéithe sonracha den ghéarchéim ar bhonn deonach;

(g)

na limistéir gheografacha, lena n-áirítear na réigiúin teorann agus na réigiúin is forimeallaí, a ndéanann an ghéarchéim difear dóibh agus a bhféadfadh an ghéarchéim difear a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann ar fheidhmiú slabhraí soláthair atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha sa mhargadh inmheánach a choinneáil ar bun;

(h)

a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh na hoibreoirí eacnamaíocha dá ndéantar difear leibhéal leordhóthanach soláthair na n-earraí nó na seirbhísí a choinneáil ar bun, agus infhaighteacht modhanna malartacha chun na hearraí nó na seirbhísí sin a sholáthar á cur san áireamh; agus

(i)

easpa nó ganntanas ionadach ar earraí nó seirbhísí.

Airteagal 18

Gníomhachtú

1.   Ní dhéanfar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú ach amháin má chomhlíontar na critéir a leagtar síos in Airteagal 17(1).

2.   Féadfar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú gan modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh a bheith gníomhachtaithe cheana maidir leis na hearraí agus na seirbhísí céanna.

Le gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh maidir le hearraí agus seirbhísí áirithe, ní chuirtear cosc ar ghníomhachtú nó cur i bhfeidhm leanúnach mhodh forairdill an mhargaidh inmheánaigh ná úsáid na mbeart forairdill a leagtar síos in Airteagal 16 maidir leis na hearraí agus na seirbhísí céanna. I gcás inar gníomhachtaíodh modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh cheana, féadfar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a chur ina ionad go páirteach nó go hiomlán.

3.   I gcás ina measann an Coimisiún, agus an tuairim arna soláthar ag an mBord á cur i gcuntas aige, go bhfuil éigeandáil sa mhargadh inmheánach, molfaidh sé don Chomhairle go ndéanann an Chomhairle modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú agus, i gcás inarb infheidhme, liosta d’earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a ghlacadh.

4.   Féadfaidh an Chomhairle modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú agus, i gcás inarb infheidhme, liosta d’earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó de sheirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, nó díobh araon, a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ón gComhairle ar bhonn togra ón gCoimisiún. Sonrófar fad an ghníomhachtaithe sa ghníomh cur chun feidhme, agus 6 mhí ar a mhéad a bheidh san fhad sin. Féadfar an liosta d’earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a leasú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ón gComhairle ar bhonn togra ón gCoimisiún.

Airteagal 19

Fadú agus díghníomhachtú

1.   I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil na cúiseanna le modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú de bhun Airteagal 17(1) fós bailí, molfaidh sé don Chomhairle, agus an tuairim arna soláthar ag an mBord á cur i gcuntas aige, modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a fhadú. Faoi réir athruithe práinneacha agus eisceachtúla ar na himthosca, déanfaidh an Coimisiún a dhícheall déanamh amhlaidh tráth nach déanaí ná 30 lá roimh dhul in éag don tréimhse a bhfuil modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh gníomhachtaithe ina leith. Ar bhonn an togra sin, féadfaidh an Chomhairle modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a fhadú go ceann tréimhse nach mó ná 6 mhí sa turas trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ón gComhairle.

2.   I gcás ina bhfuil fianaise nithiúil agus iontaofa ag an mBord gur cheart modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a dhíghníomhachtú, féadfaidh sé tuairim a cheapadh chun na críche sin agus í a tharchur chuig an gCoimisiún. I gcás ina measann an Coimisiún, agus an tuairim arna soláthar ag an mBord á cur i gcuntas aige, nach ann d’éigeandáil sa mhargadh inmheánach a thuilleadh, molfaidh sé don Chomhairle, gan mhoill, modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a dhíghníomhachtú.

3.   Scoirfidh na bearta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagail 27 go 35 d’fheidhm a bheith acu ar mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a bheith díghníomhachtaithe.

CAIBIDIL II

Saorghluaiseacht le linn éigeandáil sa mhargadh inmheánach

Roinn I

Bearta lena ndéantar saorghluaiseacht a éascú

Airteagal 20

Srianta ar shaorghluaiseacht le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh

1.   Gan dochar d’Airteagal 21, agus bearta náisiúnta á nglacadh agus á gcur i bhfeidhm acu mar fhreagairt ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh bearta den sórt sin dlí an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le neamh-idirdhealú, údar agus comhréireacht.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, go háirithe, go mbainfear na bearta dá dtagraítear i mír 1 a luaithe nach mbeidh údar leo a thuilleadh nó a luaithe nach mbeidh siad comhréireach a thuilleadh.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gcruthófar, le haon cheanglas a fhorchuirtear ar shaoránaigh nó ar oibreoirí eacnamaíocha, ualach riaracháin míchuí nó neamhriachtanach.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na saoránaigh agus na geallsealbhóirí uile dá ndéantar difear ar an eolas, ar bhealach soiléir agus gan débhrí, faoi na bearta lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe agus soláthraithe seirbhíse, sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm. Áiritheoidh na Ballstáit idirphlé leanúnach leis na geallsealbhóirí, lena n-áirítear cumarsáid leis na comhpháirtithe sóisialta agus na comhpháirtithe idirnáisiúnta.

Airteagal 21

Srianta toirmiscthe ar an gceart chun saorghluaiseachta le linn éigeandáil sa mhargadh inmheánach

Le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh agus nuair a bhíonn siad ag freagairt ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach, staonfaidh na Ballstáit ó aon cheann díobh seo a leanas a thabhairt isteach:

(a)

aon bhearta nach bhfuil teoranta ó thaobh ama de;

(b)

toirmisc ar earraí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a onnmhairiú laistigh den Aontas, nó ar bhearta comhéifeachta, nó toirmisc ar thrasghluaiseacht earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, nó bearta comhéifeachta;

(c)

bearta lena gcuirtear srian ar onnmhairiú earraí laistigh den Aontas, nó bearta comhéifeachta nó bearta lena gcuirtear srian ar sholáthar nó fáil trasteorann seirbhísí, i gcás ina mbeadh na srianta sin ina gcúis le haon cheann acu seo a leanas:

(i)

cur isteach ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime; nó

(ii)

ganntanais earraí agus seirbhísí den sórt sin sa mhargadh inmheánach nó méadú ar ghanntanais den sórt sin;

(d)

bearta lena ndéantar idirdhealú idir tairbhithe an chirt chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais bunaithe ar náisiúntacht nó, i gcás cuideachtaí, ar shuíomh a n-oifige cláraithe, a riaracháin lárnaigh nó a bpríomháite gnó;

(e)

bearta lena séantar na nithe seo a leanas ar thairbhithe an chirt chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais: an ceart chun dul isteach i gcríoch a mBallstáit náisiúntachta nó cónaithe; an ceart chun imeacht as críoch Ballstáit chun taisteal chuig a mBallstát náisiúntachta nó cónaithe; nó an ceart chun idirthuras a dhéanamh trí Bhallstát chun a mBallstát náisiúntachta nó cónaithe a shroicheadh;

(f)

bearta lena gcuirtear toirmeasc ar thaisteal gnó a bhaineann le taighde ar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, lena bhforbairt, lena dtáirgeadh, lena gcur ar an margadh nó le hiniúchtaí gaolmhara orthu agus lena gcothabháil ghaolmhar;

(g)

bearta lena gcuirtear toirmeasc ar thaisteal idir na Ballstáit ar chúiseanna teaghlaigh dianriachtanacha, nuair a cheadaítear taisteal den sórt sin laistigh den Bhallstát a bhfuil beart den sórt sin á thabhairt isteach aige;

(h)

bearta lena bhforchuirtear srianta taistil ar sholáthraithe seirbhíse, ionadaithe gnó agus oibrithe, trína gcuirtear cosc orthu taisteal idir na Ballstáit chun rochtain a fháil ar a n-áit ghníomhaíochta nó ar a n-áit oibre nuair nach ann d’aon srianta taistil den sórt sin laistigh den Bhallstát a bhfuil beart den sórt sin á thabhairt isteach aige;

(i)

bearta lena bhforchuirtear srianta lena gcoisctear an méid seo a leanas:

(i)

taisteal soláthraithe seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, ionadaithe gnó agus oibrithe a bhfuil baint acu le táirgeadh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, nó le soláthar seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, nó oibrithe cosanta sibhialta; nó

(ii)

iompar threalamh na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (i) chuig áit a ngníomhaíochtaí.

Airteagal 22

Bearta maolaithe maidir le saorghluaiseacht daoine

1.   Le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh agus chun saorghluaiseacht daoine dá dtagraítear in Airteagal 21, pointí (f) go (i), a éascú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, socruithe riaracháin a ghlacadh nó uirlisí digiteacha a sholáthar do na Ballstáit chun a fhágáil gur furasta do na Ballstáit, i gcomhar leis na Ballstáit ábhartha eile agus leis an gCoimisiún, na catagóirí daoine a shainaithint agus na fíorais dá dtagraítear sna forálacha sin a fhíorú.

2.   Le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, i gcás ina suíonn an Coimisiún go bhfuil teimpléid curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit lena dheimhniú go gcomhlíonann duine aonair nó oibreoir eacnamaíoch na ceanglais ghinearálta a leagtar amach i mbearta éigeandála náisiúnta agus ina measann sé gur bacainn ar shaorghluaiseacht na ndaoine aonair nó na n-oibreoirí eacnamaíocha sin agus a dtrealaimh é teimpléid éagsúla a bheith á n-úsáid ag gach Ballstát, féadfaidh an Coimisiún teimpléid a eisiúint, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar teimpléid iad a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid ar bhonn deonach.

3.   Gan dochar do dhlí ábhartha an Aontais agus don dlí náisiúnta agus na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme, tabharfaidh na Ballstáit tús áite do nósanna imeachta dearbhúcháin, clárúcháin nó údarúcháin maidir le soláthraithe seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime.

4.   Sainaithneoidh an Coimisiún na catagóirí daoine a bhfuil baint acu le táirgeadh nó soláthar earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime ar ina leith is gá an tsaorghluaiseacht a éascú trí theimpléid a bhunú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid ar bhonn deonach.

5.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2). Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le tionchar na géarchéime ar an margadh inmheánach, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 45(3).

6.   Déanfaidh an Coimisiún faisnéis ar na bearta maolaithe atá glactha aige de bhun an Airteagail seo a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

Roinn II

Trédhearcacht agus cúnamh riaracháin

Airteagal 23

Trédhearcacht

1.   I gcás ina bhfuil modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh gníomhachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 18(4), déanfaidh na Ballstáit téacs aon bheart éigeandála atá glactha mar fhreagairt ar an ngéarchéim a chur in iúl, gan mhoill agus tar éis a nglactha, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile tríd an oifig idirchaidrimh ar leibhéal an Aontais. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin ach i gcás ina dtugtar isteach, leis na bearta sin, srianta ar fheidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta atá ag daoine idir na Ballstáit agus nach gcumhdaítear na bearta sin cheana le hoibleagáid maidir le faisnéis nó maidir le fógra a thabhairt dá bhforáiltear i reachtaíocht eile de chuid an Aontais. Áireofar an méid seo a leanas i gcur in iúl den sórt sin:

(a)

na cúiseanna atá le bearta den sórt sin, lena n-áirítear na cúiseanna lena léirítear go bhfuil údar leis na bearta agus go bhfuil siad comhréireach, mar aon le haon sonraí eolaíocha bunúsacha nó sonraí eile a thacaíonn le glacadh na mbeart sin;

(b)

raon feidhme beart den sórt sin;

(c)

dáta glactha agus dáta chur i bhfeidhm agus fad na mbeart sin.

2.   Féadfaidh na Ballstáit dréacht-téacs aon bheart dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl, tríd an oifig idirchaidrimh ar leibhéal an Aontais, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, sula nglacfar iad, maille leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) de mhír 1.

3.   Leis an gcur in iúl dá dtagraítear i mír 2, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit na bearta i dtrácht a ghlacadh.

4.   Déanfaidh na Ballstáit faisnéis shoiléir, chuimsitheach agus thráthúil ina mínítear na bearta dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar don phobal agus, ag an am céanna, don Choimisiún a luaithe is féidir.

5.   Comhordóidh an Coimisiún an malartú faisnéise idir na Ballstáit agus, bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear de bhun an Airteagail seo, déanfaidh sé faisnéis ábhartha ar aon srianta ar fheidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta, lena n-áirítear faisnéis ar raon feidhme agus fad na mbeart náisiúnta i dtrácht, agus, i gcás inar féidir, faisnéis fíor-ama, a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin tiomnaithe, atá ar fáil i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais. Féadfar léarscáil idirghníomhach ar a bhfuil faisnéis fíor-ama ábhartha ar na bearta sin a áireamh ar an suíomh gréasáin tiomnaithe sin.

6.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 1, 2 agus 4 ar fáil don Bhord.

7.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 a tharchur trí uirlis shlán arna soláthar ag an gCoimisiún.

Airteagal 24

Pointí teagmhála aonair sna Ballstáit

1.   Oibreoidh gach Ballstát pointe teagmhála aonair náisiúnta trína soláthrófar an méid seo a leanas do shaoránaigh, tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíochta agus oibrithe agus a n-ionadaithe:

(a)

cúnamh maidir le faisnéis faoi shrianta náisiúnta ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus oibrithe, arna dtabhairt isteach le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, a iarraidh agus a fháil;

(b)

cúnamh maidir le feidhmíocht aon nósanna imeachta géarchéime agus foirmiúlachtaí géarchéime ar an leibhéal náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm mar gheall ar ghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le saoránaigh, tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus oibrithe agus a n-ionadaithe faisnéis a fháil ó na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin dóibh agus tríd an bpointe teagmhála aonair ábhartha, ar an dóigh a ndéantar na bearta náisiúnta freagartha lena mbaineann ar ghéarchéimeanna a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcoitinne. I gcás inarb iomchuí, beidh treoir céim ar chéim i bhfaisnéis den sórt sin. Soláthrófar an fhaisnéis sin i dteanga shoiléir, shothuigthe agus intuigthe. Beidh sí inrochtana go héasca ó chian agus trí mhodhanna leictreonacha, agus coimeádfar cothrom le dáta í.

3.   Soláthróidh na Ballstáit rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 freisin i dteanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais ar a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó úsáideoirí trasteorann is féidir agus déanfaidh siad a ndícheall faisnéis den sórt sin a sholáthar i dteangacha oifigiúla eile de chuid institiúidí an Aontais, agus aird ar leith á tabhairt acu ar staid agus riachtanais na réigiún teorann.

Airteagal 25

Pointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais

1.   Déanfaidh an Coimisiún pointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais a chur ar bun agus a oibriú.

2.   Leis an bpointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh a sholáthar do shaoránaigh, tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha, oibrithe agus a n-ionadaithe maidir le faisnéis a iarraidh agus a fháil a mhéid a bhaineann le bearta freagartha ar leibhéal an Aontais ar ghéarchéimeanna, ar bearta iad atá ábhartha d’fheidhmiú saorghluaiseachta earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, nó a dhéanann difear d’fheidhmiú na saorghluaiseachta sin, le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh;

(b)

cúnamh a sholáthar do shaoránaigh, tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha, oibrithe agus a n-ionadaithe maidir le feidhmíocht aon nósanna imeachta géarchéime agus foirmiúlachtaí géarchéime a cuireadh i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais mar gheall ar ghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh;

(c)

liosta de na bearta géarchéime náisiúnta agus na pointí teagmhála náisiúnta uile a chur i dtoll a chéile agus a fhoilsiú.

3.   Leithdháilfear acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha ar an bpointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais.

CAIBIDIL III

Bearta freagartha éigeandála sa mhargadh inmheánach

Roinn I

Iarrataí ar fhaisnéis, nósanna imeachta éigeandála faoi reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí agus iarrataí tosaíochta

Airteagal 26

Ceanglas go mbeadh gníomhachtú dhá shraith ann

1.   Ní ghlacfaidh an Coimisiún na bearta faoin gCaibidil seo ach amháin nuair atá modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh gníomhachtaithe agus nuair atá liosta bunaithe ag an gComhairle de bhun Airteagal 18(4).

2.   Le gníomh cur chun feidhme lena dtugtar isteach beart faoin Roinn seo, sainaithneofar go soiléir agus go sonrach, ó na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó na seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, iadsan a bhfuil feidhm ag beart den sórt sin maidir leo. Ní bheidh feidhm ag an mbeart sin ach go ceann fhad mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 27

Iarrataí ar fhaisnéis chuig oibreoirí eacnamaíocha

1.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha i slabhraí soláthair earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime faisnéis shonrach a sholáthar, ar bhonn deonach laistigh de theorainn ama shocraithe, sna himthosca seo a leanas:

(a)

tá géarghanntanais earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime ann nó tá garbhaol ann go bhféadfadh géarghanntanais den sórt sin a bheith ann;

(b)

tá géarghá leis an bhfaisnéis atá á lorg chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil aon cheann de na bearta a leagtar síos in Airteagal 28, nó Airteagail 34 go 39, in ann géarghanntanais den sórt sin nó an garbhaol go bhféadfadh géarghanntanais den sórt sin a bheith ann a laghdú;

(c)

ní leor an fhaisnéis arna soláthar tríd an mBord nó arna fáil trí mhodhanna eile ó na Ballstáit sa chéim theagmhasach nó i modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh; agus

(d)

níl an Coimisiún in ann faisnéis den sórt sin a fháil ó fhoinsí eile.

Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, measúnú a dhéanamh an ann do na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme i gcás inar fíor an méid seo a leanas:

(a)

ní sholáthraítear aon fhaisnéis don Choimisiún ar bhonn deonach laistigh den teorainn ama shocraithe de bhun mhír 1; nó

(b)

ní leor fós an fhaisnéis atá faighte ag an gCoimisiún, trí fhaisnéis a sholáthar go deonach de bhun mhír 1, nó ó aon fhoinsí eile atá ar fáil le linn na céime teagmhasaí nó le linn mhodh forairdill an mhargaidh inmheánaigh, chun measúnú a dhéanamh i dtaobh cibé an laghdófaí, trí na bearta a leagtar síos in Airteagal 28 nó in Airteagail 34 go 39 a úsáid, na géarghanntanais earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime nó an garbhaol go bhféadfadh géarghanntanais den sórt sin a bheith ann agus i dtaobh cibé ar cheart aon bhearta den sórt sin a dhéanamh.

3.   Sula nglacfaidh sé gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, agus tuairim an Bhoird á cur i gcuntas aige:

(a)

measúnú ar a riachtanaí agus a chomhréirí atá iarraidh den sórt sin ar fhaisnéis chun na cuspóirí a leagtar síos i mír 1, pointe (b), a bhaint amach; agus

(b)

aird chuí a thabhairt ar an ualach riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, go háirithe ar FBManna, mar gheall ar iarraidh den sórt sin agus an teorainn ama a shocrú chun an fhaisnéis a thíolacadh dá réir.

4.   Beidh na hiarrataí ar fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 teoranta d’fhaisnéis spriocdhírithe faoin méid seo a leanas:

(a)

na hacmhainneachtaí táirgthe agus na stoic a d’fhéadfadh a bheith ann cheana de na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime i saoráidí táirgthe atá lonnaithe san Aontas nó i dtíortha lasmuigh den Aontas a oibríonn an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha, a ndéanann sé conradh leo nó a gceannaíonn sé soláthar uathu, agus rúin trádála agus ghnó á n-urramú go hiomlán ag an am céanna;

(b)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, sceideal aschuir ionchasaigh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime i saoráidí táirgthe, atá lonnaithe san Aontas agus i dtíortha lasmuigh den Aontas a oibríonn an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó a ndéanann sé conradh leo, ar feadh na 3 mhí tar éis an iarraidh ar fhaisnéis a fháil;

(c)

aon chur isteach ábhartha ar shlabhraí soláthair earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime nó aon ghanntanais i slabhraí soláthair den sórt sin.

5.   Leis an ngníomh cur chun feidhme lena ndéantar foráil d’iarraidh ar fhaisnéis ón gCoimisiún chuig oibreoirí eacnamaíocha de bhun mhír 2, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

na hearraí agus na seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime atá ábhartha don iarraidh ar fhaisnéis a shonrú;

(b)

catagóir na n-oibreoirí eacnamaíocha ábhartha a oibríonn ar feadh slabhraí soláthair earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime agus a mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis leo a shonrú;

(c)

an fhaisnéis atá á lorg a shonrú, lena n-áirítear teimpléad a sholáthar, i gcás inar gá, ina bhfuil ceisteanna a d’fhéadfaí a chur ar na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha aonair;

(d)

a léiriú gur ann don ghá eisceachtúil dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a bhfuil an fhaisnéis á hiarraidh ina leith agus an measúnú dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), a áireamh;

(e)

cuspóir na hiarrata, an úsáid a bheartaítear a bhaint as an bhfaisnéis a iarrtar, agus fad na húsáide sin, a mhíniú; agus

(f)

an tréimhse a shonrú ar lena linn is féidir leis an oibreoir eacnamaíoch a iarraidh ar an gCoimisiún an iarraidh a mhodhnú.

Déanfar an iarraidh ar fhaisnéis dá bhforáiltear leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur in iúl i dteanga shoiléir, ghonta agus intuigthe agus déanfar cosaint rún trádála agus an iarracht is gá don oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh chun an fhaisnéis a chur ar fáil ar bhonn deonach, go háirithe más FBM é, a chur san áireamh inti.

6.   Tar éis don Choimisiún faisnéis a iarraidh ó na hoibreoirí eacnamaíocha trí bhíthin gníomh cur chun feidhme de bhun mhír 2, díreoidh an Coimisiún cinneadh aonair chuig gach duine de na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ón gcatagóir a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme sin, cinneadh lena n-iarrtar orthu an fhaisnéis a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme sin a sholáthar nó míniú a thabhairt i dtaobh cén fáth nach féidir leo faisnéis den sórt sin a sholáthar. Braithfidh an Coimisiún, i gcás inar féidir, ar an bhfardal ábhartha agus atá ar fáil de na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, fardail arna gcur i dtoll a chéile ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16(3). Féadfaidh an Coimisiún freisin, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis is gá ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a fháil ó na Ballstáit.

7.   Beidh údar cuí leis na cinntí ón gCoimisiún ina bhfuil iarrataí aonair ar fhaisnéis arna nglacadh de bhun mhír 6 agus beidh siad comhréireach ó thaobh mhéid, chineál agus ghráinneacht na sonraí arna n-iarraidh, mar aon le minicíocht na rochtana ar na sonraí sin, agus beidh gá leo chun an éigeandáil a bhainistiú.

Beidh na gnéithe seo a leanas go léir i gcinntí den sórt sin:

(a)

tagairt don ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 ar a bhfuil siad bunaithe;

(b)

tuairisc ar chásanna géarghanntanas a bhaineann le géarchéimeanna, nó ar gharbhaol go bhféadfadh cásanna den sórt sin a bheith ann, ba shiocair leis an gcinneadh;

(c)

coimircí chun sonraí pearsanta a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 42, chun gan faisnéis ghnó íogair a nochtadh, chun gan rúin trádála a nochtadh agus chun an mhaoin intleachtúil a chuimsítear sa fhreagra a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 43;

(d)

faisnéis ar an bhféidearthacht an cinneadh a chonspóid os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais;

(e)

teorainn ama réasúnach nach faide ná 20 lá oibre ar laistigh di atá an fhaisnéis nó an t-údar atá leis an diúltú faisnéis den sórt sin a sholáthar le soláthar.

Agus an teorainn ama dá dtagraítear i bpointe (e) den dara fomhír á socrú aige, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas, go háirithe, méid an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann ó thaobh fostaithe de mar aon leis an iarracht is gá a dhéanamh chun faisnéis a bhailiú agus a chur ar fáil.

Féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a iarraidh go ndéanfaí an teorainn ama a fhadú aon uair amháin go dtí 2 lá sula rachaidh sí in éag i gcás ina bhfuil gá le fadú den sórt sin mar gheall ar thromchúis na staide. Tabharfaidh an Coimisiún freagra, laistigh de 1 lá oibre, ar aon iarraidh den sórt sin ar an teorainn ama a fhadú.

8.   Nuair a d’fhéadfaí, mar thoradh ar oibreoir eacnamaíoch iarraidh ar fhaisnéis a phróiseáil, cur isteach go suntasach ar oibríochtaí an oibreora sin, féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch sin diúltú an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar agus déanfaidh sé na cúiseanna atá le diúltú den sórt sin a thabhairt don Choimisiún. Ní nochtfaidh an Coimisiún aon diúltú den sórt sin an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar ná na cúiseanna atá le diúltú den sórt sin.

9.   Déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill, cóip d’aon iarraidh ar fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur ar aghaidh chuig údarás inniúil ábhartha an Bhallstáit a bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch suite ina chríoch. Má iarrann an t-údarás inniúil sin amhlaidh, tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis arna fáil ón oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann i gcomhréir le dlí an Aontais.

10.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó faisnéis a fháil de bhun iarraidh ar fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, an méid seo a leanas:

(a)

gan an fhaisnéis a úsáid ach ar bhealach atá comhoiriúnach leis an gcríoch ar iarradh an fhaisnéis ina leith;

(b)

a áirithiú, sa mhéid gur gá sonraí pearsanta a phróiseáil, go ndéanfar bearta teicniúla agus eagraíochtúla lena gcaomhnaítear rúndacht agus sláine na faisnéise arna hiarraidh, go háirithe sonraí pearsanta, agus lena gcoimircítear cearta agus saoirsí ábhar sonraí, a chur chun feidhme;

(c)

an fhaisnéis a léirscriosadh a luaithe nach mbeidh gá léi a thuilleadh chun na críche sonraithe agus a chur in iúl don oibreoir eacnamaíoch agus d’údarás inniúil ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann, gan moill mhíchuí, go bhfuil an fhaisnéis léirscriosta, mura rud é gur gá an fhaisnéis a chartlannú chun críoch trédhearcachta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

11.   Déanfaidh gach oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, nó aon duine atá údaraithe go cuí chun ionadaíocht a dhéanamh ar an oibreoir eacnamaíoch sin, an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar ar bhonn aonair i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise.

12.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2). Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le tionchar na géarchéime ar an margadh inmheánach, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 45(3).

13.   Ní bhainfidh na hiarrataí ar fhaisnéis a eisítear de bhun an Airteagail seo le faisnéis arb amhlaidh, dá nochtfaí í, a bheifí ar neamhréir le leasanna bunúsacha shlándáil náisiúnta na mBallstát.

Airteagal 28

Gníomhachtú nósanna imeachta éigeandála i reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le táirgí

1.   Nuair atá modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh gníomhachtaithe trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ón gComhairle arna ghlacadh de bhun Airteagal 18 den Rialachán seo agus nuair atá ganntanas earraí áirithe atá ábhartha i gcás géarchéime ann, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na nósanna imeachta éigeandála a áirítear i ngníomhartha dlí an Aontais a leasaítear le Rialachán (AE) 2024/2748. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (55) agus Treoir (AE) 2024/2749 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (56) a ghníomhachtú a mhéid a bhaineann leis na hearraí sin atá ábhartha i gcás géarchéime. Sna gníomhartha cur chun feidhme sin, léireofar na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus na nósanna imeachta éigeandála atá faoi réir an ghníomhachtaithe, tabharfar na cúiseanna atá le gníomhachtú den sórt sin agus a chomhréireacht, agus léireofar fad gníomhachtaithe den sórt sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag gníomhachtú nósanna imeachta éigeandála dá dtagraítear i mír 1 ach go ceann fhad mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh.

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2). Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le tionchar na géarchéime ar an margadh inmheánach, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 45(3).

Airteagal 29

Iarrataí tosaíochta

1.   Féadfaidh an Coimisiún, i staideanna eisceachtúla, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit ina bhfuil na hoibreoirí eacnamaíocha bunaithe, agus lánaird á tabhairt ar a dtuairimí aige, iarraidh a dhíriú chuig oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó atá bunaithe san Aontas glacadh le táirgeadh nó soláthar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus tosaíocht a thabhairt do tháirgeadh nó soláthar earraí den sórt sin (‘iarrataí tosaíochta’) i gcás inar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá ganntanas tromchúiseach agus leanúnach na n-earraí atá ábhartha i gcás géarchéime sin atá faoi réir na hiarrata ann; agus

(b)

níorbh fhéidir táirgeadh nó soláthar earraí den sórt sin a bhaint amach le bearta eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear iad sin dá dtagraítear in Airteagal 35 nó i dTeideal V.

2.   Léireoidh an Coimisiún go bhfuil rogha fhaighteoirí agus thairbhithe na n-iarrataí tosaíochta dá dtagraítear san Airteagal seo neamh-idirdhealaitheach agus go gcomhlíonann sí rialacha iomaíochta an Aontais.

3.   Bunóidh an Coimisiún na hiarrataí tosaíochta dá dtagraítear san Airteagal seo ar shonraí oibiachtúla, fíorasacha, intomhaiste agus réasúnaithe, trína léirítear go bhfuil tosaíocht den sórt sin fíor-riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha sa mhargadh inmheánach a choinneáil ar bun, agus freisin ag féachaint do leasanna dlisteanacha an oibreora eacnamaíoch agus do chostas aon athraithe ar sheicheamh táirgeachta an tslabhra soláthair agus an iarracht is gá a dhéanamh chun athrú den sórt sin a bhaint amach. Léireoidh an Coimisiún go sainráite san iarraidh tosaíochta go mbeidh sé de shaoirse ag an oibreoir eacnamaíoch an iarraidh sin a dhiúltú.

4.   I gcás ina bhfuil glactha go sainráite leis an iarraidh tosaíochta dá dtagraítear i mír 1 ag an oibreoir eacnamaíoch chuig a ndírítear an iarraidh sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena ndéanfar foráil don mhéid seo a leanas:

(a)

bunús dlí na hiarrata tosaíochta nach mór don oibreoir eacnamaíoch a chomhlíonadh;

(b)

na hearraí atá faoi réir na hiarrata tosaíochta agus an chainníocht ina bhfuil siad le soláthar;

(c)

na teorainneacha ama ar laistigh díobh atá an iarraidh le cur i gcrích;

(d)

tairbhithe na hiarrata tosaíochta; agus

(e)

tarscaoileadh an dliteanais chonarthaigh faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 6.

5.   Beidh praghas cothrom agus réasúnach ar an iarraidh tosaíochta a dhéantar de bhun mhír 4 agus deischostais an oibreora eacnamaíoch agus an iarraidh tosaíochta á comhlíonadh aige i gcomparáid leis na hoibleagáidí feidhmíochta atá ann cheana á gcur san áireamh go leormhaith. Beidh tosaíocht ag an iarraidh tosaíochta sin ar aon réamh-oibleagáid feidhmíochta, faoin dlí príobháideach nó faoin dlí poiblí, i dtaca leis na hearraí atá faoi réir na hiarrata tosaíochta.

6.   Ní bheidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá faoi réir iarraidh tosaíochta de bhun mhír 4 faoi dhliteanas i leith aon sárú ar an oibleagáid chonarthach a rialaítear le dlí Ballstáit, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

bhí gá leis an sárú ar an oibleagáid chonarthach chun an tosaíocht is gá a chomhlíonadh;

(b)

comhlíonadh an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4; agus

(c)

níor glacadh leis an iarraidh tosaíochta chun réamh-oibleagáid chonarthach a sheachaint go míchuí agus chun na críche sin amháin.

7.   Ní dhéanfar earraí arb amhlaidh, dá ndéanfaí iad a tháirgeadh nó a sholáthar, a bheifí ar neamhréir le leasanna bunúsacha shlándáil náisiúnta nó chosaint náisiúnta na mBallstát a áireamh sna hiarrataí tosaíochta.

8.   Déanfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4 a ghlacadh i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, lena n-áirítear prionsabal an riachtanais agus prionsabal na comhréireachta, agus le hoibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta.

9.   Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

10.   I gcás nach ndéanann oibreoir eacnamaíoch, tar éis dó glacadh go sainráite le hiarraidh tosaíochta, an iarraidh sin a chomhlíonadh, d’aon turas nó le mórfhaillí, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin cinnidh, i gcás ina meastar gur gá sin agus gur comhréireach sin, fíneáil a fhorchur ar an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann. Ní bheidh an fhíneáil sin níos mó ná EUR 100 000. Ní bheidh na fíneálacha a fhorchuirtear ar FBManna níos mó ná EUR 25 000.

Airteagal 30

Fíneálacha a fhorchur ar oibreoirí eacnamaíocha as mainneachtain iarraidh tosaíochta a bhfuil glactha go sainráite léi a chomhlíonadh

1.   Agus méid na fíneála dá dtagraítear in Airteagal 29(10) á shocrú aige, déanfaidh an Coimisiún méid agus acmhainní eacnamaíocha an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann, mar aon le cineál, tromchúis agus fad neamhchomhlíonadh na hiarrata tosaíochta a bhfuil glactha go sainráite léi, a chur i gcuntas, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta agus ar phrionsabal na hoiriúnachta.

2.   Beidh dlínse gan teorainn ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí trína bhfuil fíneáil socraithe ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 29(10). Féadfaidh sí an fhíneáil arna forchur a chur ar ceal, a laghdú nó a mhéadú.

Airteagal 31

An tréimhse teorann chun fíneálacha a fhorchur

1.   Beidh cumhacht an Choimisiúin fíneálacha a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 29(10) faoi réir tréimhse teorann 2 bhliain.

2.   Tosóidh an tréimhse ama an lá a thagann an Coimisiún ar an eolas go bhfuil an iarraidh tosaíochta a bhfuil glactha go sainráite léi á neamhchomhlíonadh. I gcás neamhchomhlíonadh leanúnach nó leantach, áfach, tosóidh an tréimhse ama an lá a thagann deireadh leis an neamhchomhlíonadh.

3.   Aon ghníomhaíocht a dhéanann an Coimisiún nó údaráis inniúla na mBallstát chun a áirithiú go gcomhlíonfar an iarraidh tosaíochta, brisfidh sí an tréimhse teorann.

4.   Beidh feidhm ag briseadh na tréimhse teorann maidir leis na páirtithe go léir a mheastar a bheith freagrach as an rannpháirtíocht sa neamhchomhlíonadh.

5.   Atosófar an tréimhse teorann le gach briseadh. Rachaidh an tréimhse teorann in éag, áfach, ar a dhéanaí an lá atá tréimhse, arb ionann í agus dhá oiread na tréimhse teorann, caite gan fíneáil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Déanfar an tréimhse sin a fhadú den am ar lena linn atá an tréimhse teorann curtha ar fionraí toisc an cinneadh ón gCoimisiún a bheith ina ábhar d’imeachtaí atá ar feitheamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 32

An tréimhse teorann chun íocaíocht fíneálacha a fhorfheidhmiú

1.   Beidh cumhacht an Choimisiúin cinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 29(10) a fhorfheidhmiú faoi réir tréimhse teorann 5 bliana.

2.   Tosóidh an tréimhse ama an lá a dhéantar cinneadh críochnaitheach den chinneadh.

3.   Brisfear an tréimhse teorann chun íocaíocht fíneálacha a fhorfheidhmiú:

(a)

trí fhógra a thabhairt faoi chinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó lena ndiúltaítear d’iarratas ar athrú;

(b)

le haon ghníomhaíocht a dhéanann an Coimisiún nó a dhéanann Ballstát, ag gníomhú dó ar iarraidh ón gCoimisiún, a bhfuil sé d’aidhm aici íocaíocht na fíneála a fhorfheidhmiú.

4.   Atosófar an tréimhse teorann le gach briseadh.

5.   An tréimhse teorann chun íocaíocht fíneálacha a fhorfheidhmiú, cuirfear ar fionraí í a fhad:

(a)

is a cheadaítear am le haghaidh íocaíochta;

(b)

is a chuirtear forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun breith ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 33

An ceart éisteacht a fháil i leith forchur fíneálacha

1.   Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagal 29(10), tabharfaidh an Coimisiún deis don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann éisteacht a fháil maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

réamhthorthaí an Choimisiúin, lena n-áirítear aon ábhar a bhfuil agóidí déanta ag an gCoimisiún ina aghaidh;

(b)

bearta a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh i bhfianaise na réamhthorthaí de bhun phointe (a) den mhír seo.

2.   Féadfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a gcuid barúlacha ar réamhthorthaí an Choimisiúin a thíolacadh de bhun mhír 1, pointe (a), laistigh de theorainn ama a shocróidh an Coimisiún ina réamhthorthaí agus nach bhféadfaidh a bheith níos giorra ná 21 lá.

3.   Bunóidh an Coimisiún a chuid cinntí ar na hagóidí ar a raibh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann in ann barúlacha a thabhairt, agus ar na hagóidí sin amháin.

4.   Déanfar cearta cosanta an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann a urramú go hiomlán in aon imeachtaí. Beidh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann i dteideal rochtain a fháil ar chomhad an Choimisiúin faoi théarmaí nochta idirbheartaithe, faoi réir leas dlisteanach oibreoirí eacnamaíocha i gcosaint a rún gnó. Ní leathnóidh an ceart rochtain a fháil ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda ná doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin nó de chuid údaráis na mBallstát. Go háirithe, ní leathnóidh an ceart rochtana chuig comhfhreagras idir an Coimisiún agus údaráis na mBallstát. Faisnéis is gá chun neamhchomhlíonadh a chruthú, ní choiscfidh aon ní sa mhír seo an Coimisiún ar í a nochtadh agus a úsáid.

Roinn II

Bearta eile chun infhaighteacht earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú

Airteagal 34

Dlúthpháirtíocht agus dáileadh comhordaithe earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime

1.   I gcás ganntanas earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a dhéanann difear do Bhallstát amháin nó níos mó a bheith ann, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún faoin nganntanas sin agus na cainníochtaí is gá agus aon fhaisnéis ábhartha eile a léiriú. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a tharchur chuig na húdaráis inniúla ábhartha agus comhordú fhreagairtí na mBallstát a chuíchóiriú.

2.   I gcás ina gcuirtear in iúl don Choimisiún, de bhun mhír 1, nach leor na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime ná na seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime i mBallstát chun freastal ar na riachtanais a bhaineann leis an éigeandáil sa mhargadh inmheánach, féadfaidh an Coimisiún, agus an tuairim arna soláthar ag an mBord agus an fhaisnéis arna bailiú faoin Rialachán seo á gcur i gcuntas aige, a mholadh do na Ballstáit eile na hearraí nó na seirbhísí sin a dháileadh ar bhealach spriocdhírithe, i gcás inar féidir, ag féachaint don ghá atá ann cosc a chur ar aon chur isteach eile ar an margadh inmheánach, lena n-áirítear i limistéir gheografacha a ndéanann cur isteach den sórt sin difear ar leith dóibh agus i gcomhréir le prionsabal an riachtanais, prionsabal na comhréireachta agus prionsabal na dlúthpháirtíochta, tríd an úsáid is éifeachtúla as na hearraí nó na seirbhísí sin a shuí d’fhonn deireadh a chur leis an éigeandáil sa mhargadh inmheánach.

Airteagal 35

Bearta chun infhaighteacht agus soláthar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú

1.   I gcás ina gcuirtear in iúl don Choimisiún, de bhun Airteagal 34(1), go bhfuil baol ann nach leor na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime ná na seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime i mBallstát chun freastal ar na riachtanais a bhaineann leis an éigeandáil sa mhargadh inmheánach, féadfaidh sé, agus tuairim an Bhoird á cur i gcuntas aige, a mholadh do na Ballstáit bearta sonracha a dhéanamh. Leis na bearta sin, áiritheofar, chomh tapa agus is féidir, atheagrú éifeachtúil slabhraí soláthair agus línte táirgthe agus úsáid stoc atá ann cheana chun infhaighteacht agus soláthar earraí agus seirbhísí den sórt sin a mhéadú.

2.   Go háirithe, ar na bearta dá dtagraítear i mír 1, féadfar na bearta seo a leanas a áireamh:

(a)

bearta lena n-éascaítear méadú nó athrú cuspóra na n-acmhainneachtaí táirgthe atá ann cheana, nó bunú acmhainneachtaí táirgthe nua, i leith earraí atá ábhartha i gcás géarchéime;

(b)

bearta lena n-éascaítear méadú na n-acmhainneachtaí atá ann cheana, nó bunú acmhainneachtaí nua, a bhaineann le gníomhaíochtaí seirbhíse;

(c)

bearta a bhfuil sé d’aidhm acu dlús a chur le nósanna imeachta formheasa agus údarúcháin ábhartha, lena n-áirítear ceadanna comhshaoil, a bhaineann le táirgeadh agus dáileadh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó a dhéanann difear do tháirgeadh agus dáileadh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime;

(d)

bearta a bhfuil sé d’aidhm acu dlús a chur le nósanna imeachta údarúcháin agus clárúcháin maidir le seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime;

(e)

bearta a bhfuil sé d’aidhm acu dlús a chur le nósanna imeachta formheasa táirgí d’fhonn earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nach bhfuil faoi réir aon reachtaíocht de chuid an Aontais lena gcomhchuibhítear na coinníollacha maidir le margú táirgí a chur ar an margadh.

TEIDEAL V

SOLÁTHAR POIBLÍ

CAIBIDIL I

Soláthar poiblí arna dhéanamh ag an gCoimisiún thar ceann nó in ainm na mBallstát le linn mhodh forairdill an mhargaidh inmheánaigh nó mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh

Airteagal 36

Iarraidh ó na Ballstáit ar an gCoimisiún earraí agus seirbhísí a sholáthar thar a gceann nó ina n-ainm

1.   Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó a iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún soláthar a sheoladh thar ceann nó in ainm na mBallstát sin ar mian leo go ndéanfadh an Coimisiún ionadaíocht orthu (‘na Ballstáit rannpháirteacha’), chun earraí agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo nó earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a cheannach.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú, gan mhoill agus i gcomhairle leis an mBord, ar a riachtanaí agus a chomhréirí atá an iarraidh dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina bhfuil sé de rún ag an gCoimisiún gan an iarraidh sin a dheonú, cuirfidh sé na Ballstáit lena mbaineann agus an Bord ar an eolas faoi sin agus tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis an diúltú í a dheonú.

3.   I gcás ina gcomhaontaíonn an Coimisiún soláthar a dhéanamh thar ceann nó in ainm na mBallstát rannpháirteach, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

a chur in iúl do na Ballstáit uile agus don Bhord go bhfuil sé de rún aige an nós imeachta soláthair a chur i gcrích agus a iarraidh ar na Ballstáit leasmhara a bheith rannpháirteach;

(b)

togra a tharraingt suas le haghaidh comhaontú atá le tabhairt i gcrích leis na Ballstáit rannpháirteacha trína gcuirtear ar a chumas don Choimisiún soláthar a dhéanamh thar a gceann nó ina n-ainm.

Sa chomhaontú atá bunaithe ar an togra dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, leagfar síos na coinníollacha mionsonraithe maidir leis an soláthar, lena n-áirítear na socruithe praiticiúla, na cainníochtaí uasta arna moladh, na coinníollacha i leith an chomhcheannaigh nó an chíosa thar ceann nó in ainm na mBallstát rannpháirteach, lena n-áirítear na praghsanna agus na tréimhsí ama seachadta.

4.   I gcás ina ndéanann an Coimisiún an nós imeachta soláthair a chur ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 174 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 (‘an Rialachán Airgeadais’), cuirfidh sé na Ballstáit rannpháirteacha ar an eolas faoi sin láithreach, ionas gur féidir leo tús a chur lena gcuid nósanna imeachta soláthair féin gan mhoill.

Airteagal 37

Sainordú caibidlíochta an Choimisiúin a bhunú agus a chur chun feidhme

1.   Leis an gcomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 36(3), an dara fomhír, bunófar sainordú caibidlíochta don Choimisiún trína bhféadfaidh sé, thar ceann nó in ainm na mBallstát rannpháirteach, na hearraí agus na seirbhísí ábhartha a bhfuil ríthábhacht leo nó na hearraí agus na seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar trí chonarthaí nua a thabhairt i gcrích. Áireofar na critéir dhámhachtana sa sainordú caibidlíochta sin.

2.   Iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit rannpháirteacha ionadaithe a ainmniú chun páirt a ghlacadh i gcaibidliú an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 36(3), pointe (b), agus freisin in ullmhú an nós imeachta soláthair phoiblí.

3.   Faoin gcomhaontú sin, beidh an Coimisiún i dteideal, agus soláthar á dhéanamh aige thar ceann nó in ainm na mBallstát rannpháirteach, conarthaí a dhéanamh le hoibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear tairgeoirí aonair earraí agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo nó earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, maidir le soláthar earraí agus seirbhísí den sórt sin.

4.   Gan dochar d’Airteagal 174 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún na nósanna imeachta soláthair thar ceann nó in ainm na mBallstát rannpháirteach, lena n-áirítear an cinneadh dámhachtana a ghlacadh agus na conarthaí a bheidh ann mar thoradh air sin a thabhairt i gcrích leis na hoibreoirí eacnamaíocha.

5.   Agus na comhaontuithe a bheidh ann mar thoradh air sin á gcur chun feidhme aige agus na nósanna imeachta soláthair á gcur i gcrích aige, áiritheoidh an Coimisiún go gcaithfear leis na Ballstáit rannpháirteacha ar bhealach neamh-idirdhealaitheach.

Airteagal 38

Na socruithe faoina ndéanann an Coimisiún soláthar thar ceann nó in ainm na mBallstát

1.   Déanfaidh an Coimisiún an soláthar faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais i leith a sholáthair féin.

2.   I gcás ina bhfuil údar cuí leis mar gheall ar fhíorphráinn nó ina bhfuil géarghá leis chun dul in oiriúint d’imthosca gan choinne i bhforbairt na héigeandála sa mhargadh inmheánach, agus ar choinníoll nach ndéanfaidh an modhnú ábhar an chonartha a athrú go mór, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhaontú leis an gconraitheoir, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a cheadú go ndéanfar an conradh atá sínithe a mhodhnú, os cionn na tairsí 50 % agus suas le 100 % de luach tosaigh an chonartha; nó

(b)

i gcomhaontú le tromlach simplí de na Ballstáit rannpháirteacha, a cheadú do Bhallstáit eile a bheith ina bpáirtithe i gconradh atá sínithe, nó conradh breise a shíniú leis an gconraitheoir arna roghnú.

3.   Measfar go ndéanann modhnú ábhar an chonartha a athrú go mór i gcás ina bhfágann sé an conradh a bheith éagsúil go hábhartha, ó thaobh bunúis de, leis an gceann arna thabhairt i gcrích ar dtús, eadhon i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

leis an modhnú, tugtar isteach nó baintear coinníollacha suntasacha arb amhlaidh, dá mba chuid den nós imeachta soláthair tosaigh iad, a d’fhágfaidís go bhféadfadh forthairgeoirí eile a bheith páirteach seachas iad siúd a roghnaíodh ar dtús nó go bhféadfaí glacadh le tairiscint seachas an tairiscint ar glacadh léi ar dtús, a mheallfaidís rannpháirtithe breise sa nós imeachta soláthair, nó nach mbeidís ina siocair le roghnú an fhorthairgeora bhuaitigh;

(b)

leis an modhnú, déantar cothromaíocht eacnamaíoch an chonartha nó a athrú go suntasach i bhfabhar an chonraitheora ar bhealach nach ndearnadh foráil dó sa chonradh tosaigh ná;

(c)

leis an modhnú, déantar raon feidhme an chonartha a leathnú go suntasach.

CAIBIDIL II

Soláthar comhpháirteach le linn mhodh forairdill an mhargaidh inmheánaigh agus mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh

Airteagal 39

Nós imeachta soláthair chomhpháirtigh

1.   Féadfaidh an Coimisiún, agus údarás conarthach amháin nó níos mó nó eintiteas conarthach amháin nó níos mó mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE ó na Ballstáit rannpháirteacha, nós imeachta soláthair chomhpháirtigh a chur i gcrích i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 168(2) den Rialachán Airgeadais d’fhonn earraí agus seirbhísí a bhfuil ríthábhacht leo agus earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar. Féadfaidh na Ballstáit na hacmhainneachtaí arna soláthar go comhpháirteach a fháil, a ghlacadh ar cíos nó a léasú go hiomlán.

2.   Na Ballstáit uile, Stáit uile CSTE agus na tíortha uile is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, chomh maith le Prionsacht Andóra, Prionsacht Mhonacó, Poblacht San Mairíne agus Stát Chathair na Vatacáine, beidh deis acu a bheith rannpháirteach sa nós imeachta soláthair chomhpháirtigh. Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 41, measfar gur Ballstáit rannpháirteacha iad na tíortha sin i gcás ina gcinneann siad a bheith rannpháirteach sa soláthar comhpháirteach.

3.   Roimh an nós imeachta soláthair chomhpháirtigh, tabharfar comhaontú maidir le soláthar comhpháirteach i gcrích idir an Coimisiún agus na Ballstáit rannpháirteacha chun na socruithe praiticiúla lena rialaítear an soláthar agus na critéir dhámhachtana a chinneadh, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais.

4.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh arna gcur i gcrích i gcomhréir leis an Airteagal seo agus, arna iarraidh sin air, deonóidh sé rochtain ar na conarthaí a thugtar i gcrích de thoradh na nósanna imeachta sin, faoi réir cosaint leormhaith a bheith á tabhairt d’fhaisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de, lena n-áirítear rúin ghnó, caidreamh tráchtála agus leasanna an Aontais.

CAIBIDIL III

Soláthar arna dhéanamh ag na Ballstáit le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh

Airteagal 40

Comhairliúchán agus comhordú maidir le soláthar aonair arna dhéanamh ag na Ballstáit

Nuair atá modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh gníomhachtaithe de bhun Airteagal 18, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall a chéile agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi nósanna imeachta soláthair leanúnacha earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime.

Sula ndéanfaidh siad aon nósanna imeachta soláthair nua a sheoladh i gcomhréir le Treoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

cur in iúl dá chéile go bhfuil sé de rún ag aon cheann dá n-údaráis chonarthacha nó dá n-eintitis chonarthacha nósanna imeachta soláthair a sheoladh i leith earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime;

(b)

dul i gcomhairle leis na Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún faoin mbealach is iomchuí chun soláthar a dhéanamh; agus

(c)

a gcuid nósanna imeachta soláthair a chomhordú tráth mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh de mheon na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit.

Airteagal 41

Clásal eisiachais

1.   Le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, sa chomhaontú lena rialaítear soláthar an Choimisiúin thar ceann nó in ainm Ballstát rannpháirteach amháin nó níos mó nó an soláthar comhpháirteach idir an Coimisiún agus Ballstát rannpháirteach amháin nó níos mó, déanfar foráil, i gcás inarb iomchuí, do chlásal eisiachais, faoina ngeallfaidh na Ballstáit rannpháirteacha nach ndéanfaidh siad na hearraí i dtrácht atá ábhartha i gcás géarchéime nó na seirbhísí i dtrácht atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar trí bhealaí eile ná nach rachaidh siad i mbun caibidlíocht chomhthreomhar.

I gcás ina ndéantar foráil do chlásal eisiachais, sonrófar leis go mbeidh cead ag na Ballstáit rannpháirteacha a nós imeachta soláthair féin a sheoladh chun cainníochtaí breise de na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó na seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime atá faoi réir an tsoláthair chomhpháirtigh leanúnaigh nó an tsoláthair a dhéanann an Coimisiún thar ceann nó in ainm na mBallstát a fháil ar bhealach nach mbaineann an bonn ón soláthar leanúnach, faoi réir chomhaontú an Choimisiúin agus tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit rannpháirteacha eile go léir. Déanfar an iarraidh ar chomhaontú den sórt sin a dhíriú chuig an gCoimisiún, a chuirfidh ar aghaidh chuig na Ballstáit rannpháirteacha eile í chun go mbreithneoidís í.

2.   Beidh feidhm ag an gclásal eisiachais maidir le haon chonarthaí nua, lena n-áirítear conarthaí sonracha i gcreatchonarthaí, a gcuimhneodh údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha na mBallstát rannpháirteach ar iad a thabhairt i gcrích le linn ghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh.

TEIDEAL VI

COSAINT SONRAÍ, RÚNDACHT, RIALACHA SLÁNDÁLA AGUS UIRLISÍ DIGITEACHA

Airteagal 42

Cosaint sonraí pearsanta

1.   Ní dochar an Rialachán seo d’oibleagáidí na mBallstát i ndáil leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2022/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (57) maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach, ná d’oibleagáidí an Choimisiúin agus, i gcás inarb iomchuí, oibleagáidí institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais i ndáil leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725, agus a bhfreagrachtaí á gcomhlíonadh acu.

2.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ná a chur in iúl seachas i gcásanna ina bhfuil fíorghá leis sin chun críocha an Rialacháin seo. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag coinníollacha Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 de réir mar is iomchuí.

3.   I gcás nach bhfuil fíorghá le sonraí pearsanta a phróiseáil chun na sásraí arna mbunú leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, déanfar sonraí anaithnide de na sonraí pearsanta sa chaoi is nach mbeidh an t-ábhar sonraí inaitheanta.

Airteagal 43

Rúndacht agus rialacha slándála maidir le cosaint na faisnéise arna fáil

1.   Ní úsáidfear faisnéis a fhaightear mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ach chun na críche ar ina leith a iarradh í.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcosnófar rúin trádála agus ghnó agus faisnéis íogair agus rúnda eile a fhaightear agus a ghintear agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i dtaca le moltaí agus bearta atá le déanamh, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

3.   Ní dhéanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis atá faighte aige faoin Rialachán seo a chomhroinnt ar bhealach is féidir a bheith ina siocair le hoibreoir eacnamaíoch aonair a shainaithint i gcás inarb amhlaidh, mar thoradh ar an bhfaisnéis a chomhroinnt, a d’fhéadfaí damáiste a dhéanamh don oibreoir eacnamaíoch sin ó thaobh tráchtála de nó damáiste a dhéanamh dá chlú nó a d’fhéadfaí rúin trádála a nochtadh.

4.   Beidh an Bord faoi cheangal ag rialacha slándála an Choimisiúin chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh agus faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair a chosaint.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún nach ndéanfar faisnéis rúnaicmithe a sholáthraítear nó a mhalartaítear faoin Rialachán seo a íosghrádú ná a scaoileadh ó rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn a fháil roimh ré ó thionscnóir na faisnéise sin.

Airteagal 44

Uirlisí digiteacha

1.   Faoin 29 Bealtaine 2026, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, i gcás nach bhfuil aon uirlisí oiriúnacha ná bonneagair TF oiriúnacha cheana ann, uirlisí digiteacha idir-inoibritheacha nó bonneagair TF idir-inoibritheacha lena dtacaítear le cuspóirí an Rialacháin seo a chur ar bun, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Déanfar uirlisí nó bonneagair den sórt sin a fhorbairt lasmuigh d’fhad mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh chun freagairt ar éigeandálaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil. Áireofar orthu, inter alia, uirlisí digiteacha caighdeánaithe, slána agus éifeachtacha chun faisnéis a bhailiú agus a mhalartú go slán, mar aon le tairseach dhigiteach aonair thiomnaithe nó suíomh gréasáin tiomnaithe ar a bhfuil saoránaigh agus gnólachtaí in ann teacht ar fhoirmeacha dearbhúcháin, clárúcháin nó údarúcháin agus iad a thíolacadh.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, gnéithe teicniúla uirlisí nó bonneagar den sórt sin a leagan amach trí úsáid a bhaint, i gcás inar féidir, as uirlisí nó tairseacha TF atá ann cheana. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

TEIDEAL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 45

Coiste

1.   Tabharfaidh coiste darb ainm ‘an Coiste um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh’ cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 46

Tuarascáil, athbhreithniú agus meastóireacht

1.   Faoin 29 Samhain 2029, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo agus déanfaidh sé tuarascáil ar fheidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Sa bhreis air sin, faoi 4 mhí tar éis dhíghníomhachtú mhodh forairdill an mhargaidh inmheánaigh nó mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, de réir mar is infheidhme, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na bearta arna gcur chun feidhme faoin Rialachán seo i ndáil leis an ngéarchéim ba shiocair le gníomhachtú an mhodha sin, go háirithe ar éifeachtacht na mbeart sin, agus déanfaidh sé tuarascáil ar na bearta sin, go háirithe ar éifeachtacht na mbeart sin, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

3.   I gcás inarb iomchuí, beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil leis na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

4.   Sna tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, áireofar, go háirithe, meastóireacht ar an méid seo a leanas:

(a)

rannchuidiú an Rialacháin seo le feidhmiú rianúil agus éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe a mhéid a bhaineann le saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine agus le bearta náisiúnta éagsúla a chruthódh srianta trasteorann a sheachaint;

(b)

na bearta arna gcur chun feidhme faoin Rialachán seo, lena n-áirítear measúnú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe agus ar phrionsabal na comhréireachta, go háirithe:

(i)

tionchar na mbeart arna gcur chun feidhme faoin gcéim theagmhasach, go háirithe bearta maidir le tástálacha struis, oiliúint agus prótacail ghéarchéime, uirlisí digiteacha, athléimneacht agus infhaighteacht earraí;

(ii)

tionchar na mbeart arna gcur chun feidhme faoi mhodh forairdill an mhargaidh inmheánaigh;

(iii)

tionchar na mbeart arna gcur chun feidhme faoi mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, agus go háirithe maidir leis na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt, eadhon a mhéid a bhaineann leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an tsaoirse chun fostaíocht a lorg agus chun obair a dhéanamh, agus maidir leis an gceart chun cómhargála agus chun gníomhaíochta comhchoitinne, lena n-áirítear an ceart chun dul ar stailc.

(c)

obair an Bhoird, go háirithe obair an Bhoird i dtaca le hobair comhlachtaí ábhartha eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, go háirithe IPCR, an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte agus UCPM;

(d)

a iomchuí atá na critéir chun modh forairdill an mhargaidh inmheánaigh nó modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, de réir mar is iomchuí, a ghníomhachtú.

5.   Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát agus an Bord faisnéis a sholáthar don Choimisiún arna iarraidh sin dó.

I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún freisin aon eolas speisialaithe nó eolaíoch ábhartha a iarraidh ar chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus an t-eolas sin a fháil uathu.

Airteagal 47

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2679/98

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear, ar dhóigh ar bith, d’fheidhmiú na gceart bunúsach mar a aithnítear sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an ceart nó an tsaoirse chun dul ar stailc nó chun gníomhaíocht eile a dhéanamh a chumhdaítear leis na córais caidrimh thionsclaíoch shonracha sna Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta. Ní dhéanfaidh sé difear do cheart na n-oibrithe agus na bhfostóirí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích agus, i gcásanna ina bhfuil coinbhleachtaí leasa ann, chun gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh chun a leasanna a chosaint, lena n-áirítear dul ar stailc.’

;

(2)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 5a

1.   I gcás ina bhfuil modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) gníomhachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán sin, scoirfidh Airteagail 3, 4 agus 5 den Rialachán seo d’fheidhm a bheith acu maidir leis na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 18(4) den Rialachán sin go ceann fhad mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh.

2.   I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 1 den Airteagal seo, ní dhéanfar difear ar bith do na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo sula ngníomhachtófar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/2747.

(*1)  Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO, L, 2024/2747, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2747/oj)’."

Airteagal 48

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 29 Bealtaine 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

BÓKA J.


(1)   IO C 100, 16.3.2023, lch. 95.

(2)   IO C 157, 3.5.2023, lch. 82.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2024.

(4)  Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024) ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról atreisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis (IO L 20, 31.1.2022, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2022/2370 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um ghalair a chosc agus a rialú (IO L 314, 6.12.2022, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022, lch. 26).

(8)  Rialachán (AE) 2022/2372 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022 maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais (IO L 314, 6.12.2022, lch. 64).

(9)  Cinneadh 2014/415/AE ón gComhairle an 24 Meitheamh 2014 maidir leis na socruithe i dtaca le cur chun feidhme an chlásail dlúthpháirtíochta ag an Aontas (IO L 192, 1.7.2014, lch. 53).

(10)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Socruithe Comhtháite an Aontais Eorpaigh maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IO L 320, 17.12.2018, lch. 28).

(11)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(13)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 an 19 Feabhra 2019 ón gCoimisiún lena leagtar síos plean ginearálta le haghaidh bainistiú géarchéimeanna i réimse na sábháilteachta bia agus beatha (IO L 50, 21.2.2019, lch. 55).

(14)  Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 34).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(16)  Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse gluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (IO L 141, 27.5.2011, lch. 1).

(18)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(19)  Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).

(20)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

(21)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(22)  Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le hastaíocht torainn sa chomhshaol ó threalamh lena úsáid lasmuigh (IO L 162, 3.7.2000, lch. 1).

(23)  Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24).

(24)  Treoir 2010/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2010 maidir le brú-threalamh iniompartha agus lena n-aisghairtear Treoracha 76/767/CEE, 84/525/CEE, 84/526/CEE, 84/527/CEE agus 1999/36/CE ón gComhairle (IO L 165, 30.6.2010, lch. 1).

(25)  Treoir 2014/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hárthaí brú simplí a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 45).

(26)  Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79).

(27)  Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí (IO L 96, 29.3.2014, lch. 251).

(28)  Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha chun úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 309).

(29)  Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).

(30)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).

(31)  Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (IO L 189, 27.6.2014, lch. 164).

(32)  Rialachán (AE) 2016/424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/9/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 1).

(33)  Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51).

(34)  Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 99).

(35)  Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).

(36)  Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1).

(37)  Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le hinnealra agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 73/361/CEE ón gComhairle (IO L 165, 29.6.2023, lch. 1).

(38)  Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.1985, lch. 29).

(39)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(40)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(41)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(42)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(43)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(44)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(45)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(46)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(47)  Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle an 7 Nollaig 1998 maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le saorghluaiseacht earraí i measc na mBallstát (IO L 337, 12.12.1998, lch. 8).

(48)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

(49)  Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh um Shliseanna) (IO L 229, 18.9.2023, lch. 1).

(50)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).;

(51)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(52)  Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal (IO L 146, 10.6.2009, lch. 1).

(53)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

(54)  Moladh ón gCoimisiún 2003/361/EC an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(55)  Rialachán (AE) 2024/2748 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 305/2011, (AE) 2016/424, (AE) 2016/425, (AE) 2016/426, (AE) 2023/988 agus (AE) 2023/1230 a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh an mheasúnaithe comhréireachta, toimhde chomhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach (IO, L, 2024/ 2748, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2748/oj).

(56)  Treoir (AE) 2024/2749 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/35/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE agus 2014/68/AE a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh measúnú comhréireachta, toimhde chomhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach (IO, L, 2024/2749, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2749/oj).

(57)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2747/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)