European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2734

22.10.2024

CINNEADH (AE) 2024/2734 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2024

maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an tríú tráthchuid le haghaidh 2024

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis (1), agus go háirithe Airteagal 7(2), i gcomhar le hAirteagal 14(3), de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (2), agus go háirithe Airteagal 19(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) le meastacháin nuashonraithe ar ghealltanais agus ar íocaíochtaí faoi na hionstraimí a bhainistíonn sé a sheoladh chuig an gCoimisiún.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Coimisiún le togra a chur i láthair faoin 10 Deireadh Fómhair 2024, lena leagtar amach méid an tríú tráthchuid den ranníocaíocht le haghaidh 2024.

(3)

De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, le glaonna ar ranníocaíochtaí tá na méideanna a leagtar súis le haghaidh Cistí Eorpacha Forbraíochta (CEF) a bhí ann roimh an gCiste is deireanaí le hídiú ar dtús. Ba cheart, dá bhrí sin, glao ar chistí de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 a dhéanamh le haghaidh BEI agus le haghaidh an Choimisiúin.

(4)

De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) chun leanúint de bheith ina páirtí in CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, ní athúsáidfear sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF, i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020, nó faoi CEFanna roimhe sin.

(5)

Le Cinneadh (AE) 2023/2586 ón gComhairle (3), socraítear méid bliantúil na ranníocaíochta atá le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2024 ag EUR 1 200 000 000 le haghaidh an Choimisiúin, agus ag EUR 300 000 000 le haghaidh BEI.

(6)

Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Socraítear leis seo ag EUR 350 000 000 méid bliantúil na ranníocaíochta at bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta (CEF) mar an tríú tráthchuid le haghaidh 2024. Íocfar é mar a leanas:

(a)

le haghaidh an Choimisiúin, EUR 250 000 000; agus

(b)

le haghaidh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI), EUR 100 000 000.

Airteagal 2

Déanfaidh na páirtithe sa CEF ranníocaíochtaí aonair CEF a íoc leis an gCoimisiún agus le BEI mar an tríú tráthchuid le haghaidh 2024, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 21 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

NAGY I.


(1)   IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.

(2)   IO L 307, 3.12.2018, lch. 1.

(3)  Cinneadh (AE) 2023/2586 ón gComhairle an 13 Samhain 2023 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2025, an méid bliantúil le haghaidh 2024, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2024 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027 (IO L, 2023/2586, 15.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2586/oj).


IARSCRÍBHINN

An tríú tráthchuid de ranníocaíochtaí CEF le haghaidh 2024 (EUR)

BALLSTÁIT & AN RÍOCHT AONTAITHE

Scála 11ú CEF %

An tríú tráthchuid 2024 (EUR)

Iomlán

An Coimisiún

BEI

11ú CEF

11ú CEF

AN BHEILG

3,24927

8 123 175

3 249 270

11 372 445

AN BHULGÁIR

0,21853

546 325

218 530

764 855

AN tSEICIA

0,79745

1 993 625

797 450

2 791 075

AN DANMHAIRG

1,98045

4 951 125

1 980 450

6 931 575

AN GHEARMÁIN

20,57980

51 449 500

20 579 800

72 029 300

AN EASTÓIN

0,08635

215 875

86 350

302 225

ÉIRE

0,94006

2 350 150

940 060

3 290 210

AN GHRÉIG

1,50735

3 768 375

1 507 350

5 275 725

AN SPÁINN

7,93248

19 831 200

7 932 480

27 763 680

AN FHRAINC

17,81269

44 531 725

17 812 690

62 344 415

AN CHRÓIT

0,22518

562 950

225 180

788 130

AN IODÁIL

12,53009

31 325 225

12 530 090

43 855 315

AN CHIPIR

0,11162

279 050

111 620

390 670

AN LAITVIA

0,11612

290 300

116 120

406 420

AN LIOTUÁIN

0,18077

451 925

180 770

632 695

LUCSAMBURG

0,25509

637 725

255 090

892 815

AN UNGÁIR

0,61456

1 536 400

614 560

2 150 960

MÁLTA

0,03801

95 025

38 010

133 035

AN ÍSILTÍR

4,77678

11 941 950

4 776 780

16 718 730

AUSTRIA

2,39757

5 993 925

2 397 570

8 391 495

POLAND

2,00734

5 018 350

2 007 340

7 025 690

PORTUGAL

1,19679

2 991 975

1 196 790

4 188 765

ROMANIA

0,71815

1 795 375

718 150

2 513 525

SLOVENIA

0,22452

561 300

224 520

785 820

SLOVAKIA

0,37616

940 400

376 160

1 316 560

FINLAND

1,50909

3 772 725

1 509 090

5 281 815

SWEDEN

2,93911

7 347 775

2 939 110

10 286 885

UNITED KINGDOM (*1)

14,67862

36 696 550

14 678 620

51 375 170

TOTAL EU-27 & UK

100,00

250 000 000

100 000 000

350 000 000


(*1)  De bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, i mí an Mhárta 2023 d’iarr an Ríocht Aontaithe go foirmiúil go ndéanfadh an Coimisiún sciar gan íoc na Ríochta Aontaithe de chúlchistí an 10ú agus an 11ú CEF a aisíoc trí ghlanáireamh a dhéanamh ar ranníocaíocht gan íoc na Ríochta Aontaithe. Cuirfear an socrú glanáirimh sin san áireamh sna treoracha íocaíochta faoi seach.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2734/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)