|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2732 |
25.10.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2732 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Deireadh Fómhair 2024
lena gcuirtear allmhairí lísín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 23 Bealtaine 2024, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (‘an fógra tionscnaimh’) (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí lísín isteach san Aontas de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. |
|
(2) |
Tionscnaíodh na himeachtaí seo tar éis gearán a chuir METEX NOOVISTAGO (3) isteach an 8 Aibreán 2024 thar cheann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán lísín an Aontais acu. |
1. TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR CLÁRÚCHÁIN
|
(3) |
Is é atá sa táirge faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’), lisín agus a eistir, agus salainn díobh sin, agus breiseáin bheathaithe, ina bhfuil, ar bhonn meáchan tirim, cion 68 % nó níos mó ach nach mó ná 80 % de shulfáit L-lisín, agus cion nach mó ná 32 % de chomhpháirteanna eile amhail carbaihiodráití agus aimíonaigéid. |
|
(4) |
Tá an táirge lena mbaineann aicmithe faoi láthair faoi chóid AC ex 2309 90 31 , ex 2309 90 96 , agus 2922 41 00 (cóid TARIC: 2309 90 31 41, 2309 90 31 49, 2309 90 96 41, 2309 90 96 49). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC agus gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin. |
2. CLÁRÚ
|
(5) |
Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a ghearradh go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh torthaí ar na himscrúduithe as a dtiocfadh forchur dleachtanna frithdhumpála. |
|
(6) |
Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha. |
|
(7) |
Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe a thiocfadh sé. |
|
(8) |
Sna líomhaintí sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlaigh dhumpála ó 64 % go 81 % agus meánleibhéal díothaithe díobhála breis agus 150 % a bheith ann le haghaidh an táirge lena mbaineann ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 go dtí mí Mheán Fómhair 2023. De ghnáth, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. |
3. PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
|
(9) |
Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí isteach san Aontas a chlárú i gcás allmhairí lisín agus a eistir, agus salainn díobh sin, agus breiseáin bheathaithe, ina bhfuil, ar bhonn meáchan tirim, cion 68 % nó níos mó ach nach mó ná 80 % de shulfáit L-lisín, agus cion nach mó ná 32 % de chomhpháirteanna eile amhail carbaihiodráití agus aimíonaigéid, atá aicmithe faoi láthair faoi chóid AC ex 2309 90 31 , ex 2309 90 96 , agus 2922 41 00 (cóid TARIC: 2309 90 31 41, 2309 90 31 49, 2309 90 96 41, 2309 90 96 49), agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.
2. Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO C, C/2024/3265, 23.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3265/oj.
(3) An 16 Iúil 2024, d’athraigh METEX NOOVISTAGO a ainm go EUROLYSINE.
(4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2732/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)