|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2723 |
22.10.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/2723 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Deireadh Fómhair 2024
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2110 maidir le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 9 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/2110 (1), lenar bunaíodh Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) agus sainordú tosaigh aige tar éis a sheoladh go dtí an 8 Lúnasa 2022. |
|
(2) |
An 9 Iúil 2024, bunaithe ar an Measúnú Straitéiseach ar Mhisean an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) agus ar EUAM RCA, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go gcuirfí síneadh le sainordú EUAM RCA go dtí an 7 Lúnasa 2026 agus go ndéanfaí athbhreithniú straitéiseach ar an dá Mhisean in am trátha. |
|
(3) |
An 22 Iúil 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/2003 (2), lenar cuireadh síneadh le EUAM RCA sa chéad chéim go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024 le méid tagartha gan athrú. |
|
(4) |
Ba cheart síneadh breise a chur le sainordú EUAM RCA, le méid tagartha nua, go dtí an 7 Lúnasa 2026. |
|
(5) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2019/2110 a leasú dá réir. |
|
(6) |
Cuirfear EUAM RCA i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meath teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2110 mar a leanas;
|
(1) |
in Airteagal 13(1), cuirtear an fomhír seo a leanas leis: ‘Is é EUR 24 844 975,68, a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le EUAM RCA a chumhdach don tréimhse ón 1 Samhain 2024 go dtí an 7 Lúnasa 2026.’ ; |
|
(2) |
in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: ‘Gan dochar d’athbhreithniú straitéiseach a bheidh le déanamh ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála sa chéad ráithe de 2026, tiocfaidh deireadh le sainordú EUAM RCA an 7 Lúnasa 2026.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 21 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
NAGY I.
(1) Cinneadh (CBES) 2019/2110 ón gComhairle an 9 Nollaig 2019 maidir le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (IO L 318, 10.12.2019, lch. 141).
(2) Cinneadh (CBES) 2024/2003 ón gComhairle an 22 Iúil 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2110 maidir le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (IO L, 2024/2003, 23.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2003/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2723/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)