|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2715 |
25.10.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2715 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Deireadh Fómhair 2024
lena gcuirtear allmhairí aigéid ghliocsalaigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 25 Iúil 2024, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (‘an fógra tionscnaimh’) (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí aigéid ghliocsalaigh isteach san Aontas de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. |
|
(2) |
Tionscnaíodh na himeachtaí seo tar éis gearán a chuir WeylChem Lamotte SAS isteach an 10 Meitheamh 2024 thar cheann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán aigéid ghliocsalaigh an Aontais acu. |
1. TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR CLÁRÚCHÁIN
|
(3) |
Is é atá sa táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’), aigéad gliocsalach (Uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS) 298-12-4), ag a bhfuil íonacht 95 % de réir meáchan tirim, bíodh sé i bhfoirm sholadach nó mar thuaslagán uiscí ag a bhfuil tiúchan níos mó ná 40 % de réir meáchain. |
|
(4) |
Tá an táirge lena mbaineann aicmithe faoi chód AC ex 2918 30 00 (cód TARIC 2918 30 00 13) faoi láthair. Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC agus gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin. |
2. CLÁRÚ
|
(5) |
Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a ghearradh go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh torthaí ar na himscrúduithe as a dtiocfadh forchur dleachtanna frithdhumpála. |
|
(6) |
Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha. |
|
(7) |
Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe a thiocfadh sé. |
|
(8) |
De réir na líomhaintí sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlaigh dhumpála idir 96 % agus 112 % agus meánleibhéal díothaithe díobhála thart ar 50 % go 60 % a bheith ann le haghaidh an táirge lena mbaineann sa tréimhse ó mhí Eanáir go dtí mí na Nollag 2023. |
|
(9) |
De ghnáth, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Más rud é go dtagann an Coimisiún ar fhianaise le linn an imscrúdaithe gur ann do shaobhadh ar amhábhair de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dumpála mar a fhoráiltear in Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán má chinntear nár leor dleacht faoi bhun an chorrlaigh dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. |
3. PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
|
(10) |
Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Leis seo, ordaítear do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí isteach san Aontas a chlárú i gcás allmhairí aigéid ghliocsalaigh (Uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS) 298-12-4), ag a bhfuil íonacht 95 % de réir meáchan tirim, bíodh sé i bhfoirm sholadach nó mar thuaslagán uiscí ag a bhfuil tiúchan níos mó ná 40 % de réir meáchain, atá aicmithe faoi láthair faoi chód AC ex 2918 30 00 (cód TARIC 2918 30 00 13), agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.
2. Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO C, C/2024/4751, 25.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4751/oj.
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2715/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)