European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2714

25.10.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2714 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Deireadh Fómhair 2024

lena ndéantar allmhairí roisíní eapocsacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Phoblacht na Cóiré, na Téaváine agus na Téalainne a chur faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 1 Iúil 2024, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí roisíní eapocsacha san Aontas de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Phoblacht na Cóiré, na Téaváine agus na Téalainne.

(2)

Tionscnaíodh na himeachtaí seo tar éis don Chomhlachas Ad Hoc de Tháirgeoirí Roisín Eapocsaigh gearán a chur isteach an 6 Meitheamh 2024 thar ceann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán roisíní eapocsacha an Aontais acu le chéile.

1.   TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE

(3)

Is é atá sa táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’), táirgí ina bhfuil, de réir meáchain, cion 35 % nó níos mó de roisíní eapocsacha nó de phoileapocsaídí, ar a dtugtar roisíní eapocsaíde nó poileapocsaídí freisin, ar polaiméirí nó réamhpholaiméirí iad ina bhfuil grúpaí eapocsacha imoibríocha, atá bunaithe ar eipeaclóraihidrin agus ar chomhpháirt alcólach alafatach nó aramatach (amhail BPA), i bhfoirmeacha soladacha, leathsholadacha nó leachtacha, de gach cineál gráid, íonachta, meáchain móilín nó struchtúir mhóilínigh, bíodh modhnóirí, oibreáin leasaithe, nó breiseáin iontu nó ná bíodh, fad nach mbeidh imoibriú ceimiceach déanta ag na hoibreáin leasaithe sa tslí go leasaítear an roisín eapocsach nó go dtiontaítear é ina tháirge difriúil nach bhfuil grúpaí eapocsacha ann a thuilleadh.

(4)

Ní áirítear na táirgí seo a leanas:

Táirgí áirithe péinte agus brataithe, ar cumaisc, meascáin, nó foirmlithe eile de roisín eapocsach, oibreán leasaithe, agus lí iad, in aon fhoirm, iad pacáiste i gcoimeádán amháin nó níos mó, a bhfuil an méid seo a leanas i gceist leo (1) tá 10 faoin gcéad ar a laghad de mheáchan iomlán an táirge i gceist leis an lí, (2) tá 80 faoin gcéad ar a mhéad de mheáchan iomlán an táirge i gceist leis an roisín eapocsach, agus (3) tá idir 5 agus 40 faoin gcéad de mheáchan iomlán an táirge i gceist leis an oibreán leasaithe.

Fabraicí nó snáithíní réamhthuilte, a dtugtar ‘ pre-pregs ’ orthu go minic, ar ábhair chomhchodacha iad, arb é atá iontu fabraicí nó snáithíní (de charbón nó de ghloine de ghnáth) atá tuilte le roisín eapocsach.

Cumaisc roisíní eapocsacha agus ábhar eile, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC seachas 2910 90 00 , 3824 99 92 , 3824 99 93 , agus 3907 30 00 .

(5)

Aicmítear an táirge lena mbaineann faoi láthair faoi chóid AC ex 2910 90 00 , ex 3824 99 92 , ex 3824 99 93 , agus ex 3907 30 00 (cóid TARIC 2910 90 00 05, 3824 99 92 96, 3824 99 93 10, 3907 30 00 05, 3907 30 00 20, agus 3907 30 00 80). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin.

2.   CLÁRÚCHÁN

(6)

Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú, dá mba rud é go bhforchuirfí dleachtanna frithdhumpála mar thoradh ar an imscrúdú, go bhféadfar na dleachtanna sin, más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha is gá, a thobhach go cúlghabhálach i leith na n-allmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme.

(7)

Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha.

(8)

Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe a thiocfadh sé.

(9)

Maidir le hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne, de réir na líomhaintí sa ghearán lena n-iarrtar imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar go raibh corrlaigh dhumpála ann idir 140 % agus 170 % agus go raibh meánleibhéal díothaithe díobhála ann idir 50 % agus 60 % i gcás an táirge lena mbaineann idir mí Dheireadh Fómhair 2022 agus mí Mheán Fómhair 2023.

(10)

De ghnáth, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Más rud é go dtagann an Coimisiún ar fhianaise le linn an imscrúdaithe gur ann do shaobhadh ar amhábhair de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dumpála mar a fhoráiltear in Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán má chinntear nár leor dleacht faoi bhun an chorrlaigh dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(11)

Maidir le hallmhairí ó Phoblacht na Cóiré, tugtar corrlaigh dhumpála mheasta idir 10 % agus 40 % sa ghearán agus meánleibhéal díothaithe díobhála idir 40 % agus 50 % i gcás an táirge lena mbaineann idir mí Dheireadh Fómhair 2022 agus mí Mheán Fómhair 2023.

(12)

Maidir le hallmhairí ón Téaváin, tugtar corrlaigh dhumpála idir 10 % agus 40 % sa ghearán agus meánleibhéal díothaithe díobhála idir 40 % agus 60 % i gcás an táirge lena mbaineann idir mí Dheireadh Fómhair 2022 agus mí Mheán Fómhair 2023.

(13)

Maidir le hallmhairí ón Téalainn, tugtar corrlaigh dhumpála idir 60 % agus 90 % sa ghearán agus meánleibhéal díothaithe díobhála idir 40 % agus 50 % i gcás an táirge lena mbaineann idir mí Dheireadh Fómhair 2022 agus mí Mheán Fómhair 2023.

(14)

De ghnáth, dhéanfaí méid dliteanais Phoblacht na Cóiré, na Téaváine agus na Téalainne a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán.

3.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(15)

Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ordaítear do na húdaráis chustaim faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí a thagann isteach san Aontas a chlárú, ar allmhairí iad ina bhfuil, de réir meáchain, cion 35 % nó níos mó de roisíní eapocsacha, ar a dtugtar roisíní eapocsaíde nó poileapocsaídí freisin, ar polaiméirí nó réamhpholaiméirí iad ina bhfuil grúpaí eapocsacha imoibríocha, atá bunaithe ar eipeaclóraihidrin agus ar chomhpháirt alcólach alafatach nó aramatach (amhail BPA), i bhfoirmeacha soladacha, leathsholadacha nó leachtacha, de gach cineál gráid, íonachta, meáchain móilín nó struchtúir mhóilínigh, bíodh modhnóirí, oibreáin leasaithe, nó breiseáin iontu nó ná bíodh, fad nach mbeidh imoibriú ceimiceach déanta ag na hoibreáin leasaithe sa tslí go leasaítear an roisín eapocsach nó go dtiontaítear é ina tháirge difriúil nach bhfuil grúpaí eapocsacha ann a thuilleadh, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 2910 90 00 , ex 3824 99 92 , ex 3824 99 93 , agus ex 3907 30 00 (cóid TARIC 2910 90 00 05, 3824 99 92 96, 3824 99 93 10, 3907 30 00 05, 3907 30 00 20, agus 3907 30 00 80), agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Phoblacht na Cóiré, na Téaváine agus na Téalainne.

Ní áirítear ar an táirge a thuairiscítear in Airteagal 1(1) na táirgí seo a leanas:

Táirgí áirithe péinte agus brataithe, ar cumaisc, meascáin, nó foirmlithe eile de roisín eapocsach, oibreán leasaithe, agus lí iad, in aon fhoirm, iad pacáiste i gcoimeádán amháin nó níos mó, a bhfuil an méid seo a leanas i gceist leo (1) tá 10 faoin gcéad ar a laghad de mheáchan iomlán an táirge i gceist leis an lí, (2) tá 80 faoin gcéad ar a mhéad de mheáchan iomlán an táirge i gceist leis an roisín eapocsach, agus (3) tá idir 5 % agus 40 faoin gcéad de mheáchan iomlán an táirge i gceist leis an oibreán leasaithe.

Fabraicí nó snáithíní réamhthuilte, a dtugtar ‘ pre-pregs ’ orthu go minic, ar ábhair chomhchodacha iad, arb é atá iontu fabraicí nó snáithíní (de charbón nó de ghloine de ghnáth) atá tuilte le roisín eapocsach.

Cumaisc roisíní eapocsacha agus ábhar eile, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC seachas 2910 90 00 , 3824 99 92 , 3824 99 93 , agus 3907 30 00 .

Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)   IO C, C/2024/4137, 1.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4137/oj.

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2714/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)