European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2713

18.10.2024

CINNEADH (AE) 2024/2713 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Deireadh Fómhair 2024

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg i dtaca le haontachas San Mairíne leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 (4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tugadh an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (an ‘Comhaontú’) i gcrích thar ceann an Aontais trí bhithín Chinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle (1).

(2)

De bhun Airteagal 29 den Chomhaontú, tá Comhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (‘Comhairle na gComhaltaí’) chun na coinníollacha maidir le haontachas Rialtais leis an gComhaontú a leagan síos.

(3)

Rinne Rialtas San Mairíne iarratas foirmiúil ar aontú don Chomhaontú. Iarrfar ar Chomhairle na gComhaltaí, dá bhrí sin, le linn seisiúin amach anseo, nó faoi chuimsiú nós imeachta um chinntí a ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chómhalartú, na coinníollacha maidir le haontachas San Mairíne a leagan síos, i leith na sciartha rannpháirtíochta de Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC) agus na teorann ama chun an ionstraim aontachais a thaisceadh.

(4)

Ós rud é go bhfuil a hearnáil olóige á bhforbairt ag San Mairíne a mhéid a bhaineann le tomhaltas agus go bhfuil sé i gceist aici an táirgeacht a fhorbairt, d’fhéadfadh a haontachas IOC a threisiú faoi choinníollacha áirithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le haonfhoirmeacht a bhaint amach sa reachtaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le saintréithe táirgí olóige chun aon bhacainn ar thrádáil a sheachaint.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhairle na gComhaltaí a leagan síos ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag na cinntí atá le glacadh ar an Aontas trí dhifear a dhéanamh don chothromaíocht cinnteoireachta laistigh de Chomhairle na gComhaltaí nuair nach nglacfar le cinntí trí chomhthoil i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Chomhaontú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (‘Comhairle na gComhaltaí’) le linn seisiún amach anseo, nó faoi chuimsiú nós imeachta um chinntí a ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chómhalartú, a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha maidir le haontachas Rialtas San Mairíne leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 10 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

PINTÉR S.


(1)  Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le tabhairt i gcrích thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta mailir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 139, 27.5.2019, lch 1, ELI: http://data.europa.eu/doc/2019/848/oj).


IARSCRÍBHINN

Tacóidh an tAontas le haontachas Rialtas San Mairíne leis an gComhaontú, ag seisiún de chuid Chomhairle na gComhaltaí amach anseo nó faoi chuimsiú nós imeachta maidir le glacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chómhalartú, ar choinníoll go ríomhfar sciartha rannpháirtíochta San Mairíne de réir na foirmle a shonraítear in Airteagal 11 den Chomhaontú agus nach mbeidh an teorainn ama chun an ionstraim aontachais a thaisceadh níos faide ná 18 mí tar éis an chinnidh ó Chomhairle na gComhaltaí. Má chuirtear moill ar thaisceadh na hionstraime aontachas, féadfaidh an tAontas, i gcinntí ina dhiaidh sin a bheidh le glacadh ag Comhairle na gComhaltaí, tacú le síneadh a chur leis an teorainn amachun an ionstraim aontachais a thaisceadh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2713/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)