European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2707

22.10.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2707 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Deireadh Fómhair 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 lena leagtar síos rialacha maidir le seiceálacha comhréireachta ar chaighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige agus modhanna anailíse ar shaintréithe ola olóige

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 90a(6), pointí (b) agus (c), agus Airteagal 91, pointí (b), (d) agus (g), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha maidir le seiceálacha comhréireachta ar ola olóige chun cur chun feidhme na gcaighdeán margaíochta a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 ón gCoimisiún (3) a fhíorú.

(2)

Tá airmheán na bhfabhtanna orgánaileipteacha a leagtar síos i dTábla A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 ar cheann de na paraiméadair lena scartar an chatagóir ola olóige úríne ón gcatagóir ola olóige íne. D’fhéadfadh fabhtanna orgánaileipteacha tarlú le linn an próiseas táirgthe ola bheo, ach d’fhéadfadh sé freisin gur de thoradh dálaí míchuí iompair agus stórála iad. Is gá, dá bhrí sin, a shonrú conas fógra a thabhairt idir Ballstáit éagsúla faoi fhabhtanna orgánaileipteacha a fhaightear in ola atá lipéadaithe mar ola olóige úríon.

(3)

Déantar na modhanna anailíse atá le húsáid agus saintréithe olaí á seiceáil a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta ar bhonn thuairim na saineolaithe ceimiceacha agus i gcomhréir leis an obair a dhéantar laistigh de Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC).

(4)

Chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme i gceart ar leibhéal an Aontais na modhanna anailíse is déanaí arna mbunú ag IOC, is iomchuí na modhanna sin a áireamh i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105.

(5)

I bhfianaise léirmhínithe éagsúla ó údaráis a dhéanann seiceálacha comhréireachta, ba cheart an mhodheolaíocht samplála a shoiléiriú.

(6)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 a leasú dá réir sin.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4, cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:

‘4.   I gcás nach gcomhlíonann sampla d’ola olóige úríon an teorainn a leagtar síos le haghaidh airmheán na bhfabhtanna orgánaileipteacha i dTábla A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104, tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann fógra faoi sin mar neamhchomhlíontacht i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715, mura bhfuil amhras ar na húdaráis náisiúnta faoi ghníomhaíocht d’aon ghnó ag gnólachtaí nó ag daoine aonair chun meabhlú a chur ar cheannaitheoirí agus buntáiste míchuí a fháil uaidh sin.’

;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinní I agus II i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/2023-01-01.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le seiceálacha comhréireachta ar chaighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige agus modhanna anailíse ar shaintréithe ola olóige (IO L 284, 4.11.2022, lch. 23, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2105/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 29/2012 (IO L 284, 4.11.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2104/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2022/2105 mar a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs líne uimhir 7 sa tríú colún (‘modh IOC atá le húsáid’):

‘COI/T.20/Doc. Uimh. 28 (Cinneadh maidir le cion céaracha agus eistear eitile aigéid shailligh le crómatagrafaíocht gháis ribeach)’;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i bpointe 1.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad thábla 1:

‘Tábla 1

Ní mór an méid seo a leanas a bheith in íosmhéid sampla phríomhúil:

I gcás inarb é toilleadh an phacáistithe

Is é a bheidh sa sampla príomhúil an ola olóige ó

(a)

750 ml nó níos mó

(a)

pacáiste amháin ar a laghad;

(b)

níos lú ná 750 ml

(b)

an líon íosta pacáistí ina bhfuil toilleadh 750 ml ar a laghad

Ní mór ábhar an tsampla phríomhúil a homaiginiú sula ndéanfar na measúnuithe agus na hanailísí éagsúla.’;

(b)

i bpointe 1.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

Comhdhéanfar ‘Sampla Príomhúil’ le haghaidh pacáistí níos mó ná 5 lítear as líon iomlán na n-incrimintí a eastósctar as an líon íosta pacáistí a leagtar amach i dTábla 2. Déanfar na pacáistí a roghnú go randamach as an mbaisce. Nuair a chomhdhéantar an sampla príomhúil beidh toilleadh leordhóthanach ann chun gur féidir é a roinnt san iliomad samplaí.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1:

‘2.1.

Féadfaidh gach Ballstát líon na samplaí príomhúla a mhéadú, de réir a riachtanais féin.’;

(d)

i bpointe 2.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Agus aonchineálacht baisce á seiceáil, féadfaidh an t-údarás inniúil an líon samplaí príomhúla a mhéadú de réir an tábla seo a leanas:’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2707/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)