|
(1)
|
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:
|
|
Ainm
|
Faisnéis aitheantais
|
Ráiteas ar chúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
|
‘12.
|
Evghenia GUȚUL
|
Feidhm: Gobharnóir Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia
Dáta breithe: 5.9.1986
Áit bhreithe: Etulia, Vulcănești, PSS na Moldóive (Poblacht na Moldóive anois).
Inscne: baineann
Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive
|
Is í Evghenia Guţul Gobharnóir (Bashkan) Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia i bPoblacht na Moldóive. D’oibrigh sí roimhe sin do pháirtí polaitiúil Ilan Shor, “SHOR” (“ȘOR”), atá toirmiscthe anois, agus bhí baint aici lena mhaoiniú neamhdhleathach. Mhol sí roinnt comhpháirtithe de chuid Shor chun poist ar Choiste Feidhmiúcháin Gagauzia a líonadh, in ainneoin nach bhfuil naisc ag na daoine sin le Gagauzia.
Thug sí cuairt fhoirmiúil ar Chónaidhm na Rúise agus bhuail sí le hUachtarán na Rúise, Vladimir Putin, in ainneoin nach raibh an inniúlacht bhunreachtúil aici, mar Ghobharnóir, é sin a dhéanamh. D’iarr sí dearbhú ar Putin go dtacaíonn an Rúis le cearta, údarás agus seasaimh Gagauzia agus fuair sí an dearbhú sin.
Trí scarúnachas agus dlúthnaisc le Cónaidhm na Rúise a chur chun cinn in Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia, tá Evghenia Guţul ag iarraidh an t-ord bunreachtúil a threascairt, rud a chuireann ceannasacht agus neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus an daonlathas, an chobhsaíocht agus an tslándáil i bPoblacht na Moldóive, i mbaol.
|
14.10.2024
|
|
13.
|
Iurii CUZNEŢOV
|
Feidhm: Leas-Cheann na Roinne Ginearálta um Chaidreamh Seachtrach, Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia
Dáta breithe: 18.7.1988
Áit bhreithe: PSS na Moldóive (Poblacht na Moldóive anois).
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive
Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 2004042080868
|
Is é Iurii Cuzneţov, iarchomhalta de chuid pháirtí polaitiúil Ilan Shor, “SHOR” (“ȘOR”), Leas-Cheann na Roinne Ginearálta um Chaidreamh Seachtrach de Choiste Feidhmiúcháin Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia. Bhí sé in éineacht le Evghenia Guţul nuair a thug sí cuairt ar Chónaidhm na Rúise agus bhí sé páirteach sa scéim chun saoránaigh Gagauzia a mhaoiniú trí bhanc Rúiseach. Thacaigh sé go gníomhach le feachtas Evghenia Guţul le bheith ina Gobharnóir (Bashkan) ar Gagauzia.
Dá bhrí sin, tá baint ag Iurii Cuzneţov le Evghenia Guţul.
|
14.10.2024
|
|
14.
|
Nelli PARUTENCO
|
Feidhm: Bunaitheoir/Stiúrthóir Evrazia
Dáta breithe: 21.3.1962
Inscne: baineann
Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive
Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0970403899047
|
Ba í Nelli Parutenco cisteoir pháirtí polaitiúil Ilan Shor, “SHOR” (“ȘOR”), go dtí gur toirmeascadh é. I gcomhthéacs na n-imscrúduithe ar SHOR mar gheall ar mhaoiniú neamhdhleathach, d’éalaigh sí go Moscó in 2022.
Anois, is í Nelli Parutenco bunaitheoir agus stiúrthóir an chumainn neamhrialtasach, Evrazia, atá lonnaithe sa Rúis agus arb é is aidhm dó leasanna na Rúise a chur chun cinn i bpoblachtaí iar-Shóivéadacha, Poblacht na Moldóive san áireamh. Tá insintí bolscaireachta na Rúise á gcur chun cinn ag Evrazia, i measc leanaí óga, freisin, i gcampaí óige a eagraíonn sé. Feidhmíonn Evrazia mar chainéal chun maoiniú a chur ar fáil do shaoránaigh agus do thionscadail bhonneagair i Gagauzia ó bhanc Rúiseach agus ó Ilan Shor.
Dá bhrí sin, trí Evrazia, tá Nelli Parutenco ag iarraidh an t-ord bunreachtúil a threascairt, rud a chuireann ceannasacht agus neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus an daonlathas, an chobhsaíocht agus an tslándáil i bPoblacht na Moldóive, i mbaol.
Tá baint ag Nelli Parutenco le Evrazia. Ina theannta sin, tá baint aici le Ilan Shor.
|
14.10.2024
|
|
15.
|
Ilia UZUN
|
Feidhm: Leas-Uachtarán Choiste Feidhmiúcháin Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia, Comhalta de Chomhthionól Phobal Gaugazia
Dáta breithe: 16.5.1967
Áit bhreithe: Chioselia Rusă, Comrat, PSS na Moldóive (Poblacht na Moldóive anois)
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive
Uimhir Aitheantais Stáit (IDNP): 0961607975268
|
Is comhalta de Chomhthionól Phobal Gaugazia é Ilia Uzun agus is é Leas-Uachtarán Choiste Feidhmiúcháin Gagauzia é. Bhuail sé le Ilan Shor in Iosrael chun cur chun feidhme phleananna toghcháin an Ghobharnóra (Bashkan) Evghenia Guţul in Gagauzia a phlé. Tá bolscaireacht na Rúise á scaipeadh aige, bolscaireacht a sheol foireann Ilan Shor. Phleanáil sé léirsithe i gcoinne údaráis Phoblacht na Moldóive, léirsithe a d’eagraigh Ilan Shor nó a chomhpháirtithe, d’fhreastail sé orthu agus bhí sé i gceannas orthu. Thacaigh sé go poiblí le Ilan Shor nó lena ghníomhaíochtaí. Dá bhrí sin, tá baint aige le Ilan Shor.
|
14.10.2024
|
|
16.
|
Mihail VLAH
|
Feidhm: Leas-Ghobharnóír agus comhairleoir um chaidreamh leis na meáin do Ghobharnóir Aonad Críochach Féinrialaithe Gagauzia
Dáta breithe: 4.2.1978
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Poblacht na Moldóive
Pasuimhir: 2000019014568
|
Tá Mihail Vlah ina leas-ghobharnóir do Ghobharnóir (Bashkan) Gagauzia, Evghenia Guţul. Cheap Evghenia Guţul é ach níor fhormheas Comhthionól Phobal Gagauzia an ceapachán. Is é comhairleoir Evghenia Guţul um chaidreamh leis na meáin freisin é. Bhuail sé le Ilan Shor in Iosrael chun cur chun feidhme phleananna toghcháin an Ghobharnóra Guţul in Gagauzia a phlé. Phleanáil sé léirsithe i gcoinne údaráis Phoblacht na Moldóive, léirsithe inar tacaíodh le Evghenia Guţul nó a d’eagraigh Ilan Shor nó a chomhpháirtithe agus d’fhreastail sé orthu. Thacaigh sé go poiblí le gníomhaíochtaí Ilan Shor nó Evghenia Guţul. Dá bhrí sin, tá baint ag Mihail Vlah le Ilan Shor agus le Evghenia Guţul. Ina theannta sin, ghlac sé páirt i léirsiú foréigneach i gcoinne Rialtas Phoblacht na Moldóive agus rinne sé iarracht an t-ord bunreachtúil a dhíchobhsú trína mhaíomh go bhfuil sé de cheart ag Réigiún Críochach Féinrialaithe Gagauzia ionadaíochtaí taidhleoireachta a oscailt thar lear.
|
14.10.2024’
|
|