European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2695

15.10.2024

CINNEADH (CBES) 2024/2695 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Deireadh Fómhair 2024

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1544 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach.

(2)

Beidh feidhm ag na bearta sriantacha a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2018/1544 go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2024. Ar bhonn athbhreithniú ar na bearta sin, ba cheart síneadh a chur lena mbailíocht go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2025.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2018/1544 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8 de Chinneadh (CBES) 2018/1544:

‘Airteagal 8

1.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2026. Leanfar d’athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an gCinneadh seo. Beidh feidhm ag na bearta a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2025.

2.   Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(7), (8) agus (9) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 3(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 14 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach (IO L 259, 16.10.2018, lch. 25).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2695/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)