European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2694

18.10.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2694 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Deireadh Fómhair 2024

lena n-údaraítear L-tréónáit mhaignéisiam a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283 (2), bunaíodh liosta an Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún.

(3)

An 24 Márta 2021, chuir an chuideachta AIDP Inc. (‘an t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun L-tréónáit mhaignéisiam a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. Iarradh cead san iarratas an bia núíosach a úsáid i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) atá beartaithe do dhaoine fásta, cé is moite de mhná torracha agus de mhná atá ag lachtadh.

(4)

An 24 Márta 2021 chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun na sonraí dílseánaigh seo a leanas a chosaint: staidéar ar bhith-infhaighteacht i bhfrancaigh (4), staidéir thocsaineolaíocha (measúnacht bhaictéarach ais-sócháin in vitro, tástáil micreanúicléis (5) in vivo agus (6) staidéir ar thocsaineacht (7)) agus staidéar ar an duine, é randamaithe agus rialaithe le placebo (8).

(5)

An 28 Meitheamh 2021 d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú a dhéanamh ar L-tréónáit mhaignéisiam mar bhia núíosach. Ina theannta sin, mheas an Coimisiún gur cheart L-tréónáit mhaignéisiam a mheas mar fhoinse mhaignéisiam i gcomhthéacs Threoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Dá bharr sin, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás freisin meastóireacht a dhéanamh, tar éis thoradh an mheasúnaithe ar an mbia núíosach, ar shábháilteacht agus bith-infhaighteacht an bhia núíosaigh nuair a chuirtear chun críocha cothaitheacha é le forbhianna mar fhoinse mhaignéisiam.

(6)

An 30 Eanáir 2024 ghlac an tÚdarás an tuairim eolaíoch uaidh maidir le ‘Sábháilteacht L-tréónáite maignéisiam mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283 agus bith-infhaighteacht iarainn ón bhfoinse sin i gcomhthéacs Threoir 2002/46/CE’ (9) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(7)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil an bia núíosach L-tréónáit mhaignéisiam sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Mheas an tÚdarás freisin gur foinse mhaignéisiam bhith-infhaighte é an bia núíosach.

(8)

Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim eolaíoch sin chun a shuí go gcomhlíonann L-tréónáit mhaignéisiam na coinníollacha maidir lena cur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, nuair a úsáidtear í faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe.

(9)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire freisin go raibh a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar an staidéar bith-infhaighteachta i bhfrancaigh, ar an measúnacht bhaictéarach ais-sócháin in vitro, ar an tástáil micreanúicléis in vivo, agus ar an staidéar ar an duine, é randamaithe agus rialaithe le placebo, nithe nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach ná teacht ar a chonclúid dá n-uireasa.

(10)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an údar a soláthraíodh i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na sonraí agus na staidéir sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach tagartha orthu i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(11)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta tagartha dílseánaigh agus eisiacha aige ar an staidéar bith-infhaighteachta i bhfrancaigh, ar an measúnacht bhaictéarach ais-sócháin in vitro, ar an tástáil micreanúicléis in vivo, agus ar an staidéar ar an duine, é randamaithe agus rialaithe le placebo, tráth a chuir sé an t-iarratas isteach, agus nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí sin, iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh go dleathach.

(12)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a sholáthraigh an t-iarratasóir agus mheas sé go raibh bunús leordhóthanach tugtha ag an iarratasóir gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, an staidéar bith-infhaighteachta i bhfrancaigh, an mheasúnacht bhaictéarach ais-sócháin in vitro, an tástáil micreanúicléis in vivo, agus an staidéar ar an duine, é randamaithe agus rialaithe le placebo, ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun L-tréónáit mhaignéisiam a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(13)

Mar sin féin, maidir le húdarú L-tréónáite maignéisiam agus an tagairt do na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile ina dhiaidh sin cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin atá a n-iarratas bunaithe.

(14)

Is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 san iontráil a bhaineann le L-tréónáit mhaignéisiam mar bhia núíosach ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha. I gcomhréir le coinníollacha úsáide forbhianna ina bhfuil L-tréónáit mhaignéisiam, mar atá molta ag an iarratasóir agus atá measúnaithe ag an Údarás, is gá na tomhaltóirí a chur ar an eolas ina leith sin trí lipéadú iomchuí faoi úsáidí forbhianna ina bhfuil L-tréónáit mhaignéisiam.

(15)

Ba cheart L-tréónáit mhaignéisiam a chur le liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Údaraítear L-tréónáit mhaignéisiam a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

Déanfar L-tréónáit mhaignéisiam a a chur le liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ní údaraítear ach an chuideachta AIDP Inc. (10) an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ón 7 Samhain 2024, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh sin gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá á gcosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú AIDP Inc.

Airteagal 3

Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú AIDP Inc.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).

(3)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/46/oj).

(4)  Iarscríbhinn 37 – Staidéar bith-infhaighteachta.

(5)  Iarscríbhinn 38 – Staidéar ECFE 471.

(6)  Iarscríbhinn 39 – Staidéar ECFE 474.

(7)  Iarscríbhinní 41 agus 42 – Staidéar ECFE 408.

(8)  Iarscríbhinní 43 agus 44 – staidéar trialach cliniciúla.

(9)   EFSA Journal. [Iris EFSA]. 2024;22:e8656.

(10)  19535 East Walnut Drive South City of Industry, CA 91748, Stáit Aontaithe Mheiriceá.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe):

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

L-tréónáit mhaignéisiam

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil

1.

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is é “L-tréónáit mhaignéisiam” an t-ainmniú a bheidh air.

2.

Ar an lipéadú a chuirtear ar fhorbhianna ina bhfuil L-tréónáit mhaignéisiam, beidh ráiteas á rá nár cheart ach daoine fásta amháin na forbhianna a ithe cé is moite de mhná torracha agus de mhná atá ag lachtadh.

 

Údaraithe an 7 Samhain 2024. Tá an t-áireamh sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus ar shonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: AIDP Inc., 19535 East Walnut Drive South City of Industry, CA 91748, Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is é AIDP Inc. amháin atá údaraithe chun an bia núíosach L-tréónáit mhaignéisiam a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó AIDP Inc.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: an 7 Samhain 2029.’

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE do dhaoine fásta cé is moite de mhná torracha agus de mhná ata ag lachtadh

250 mg/lá

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach: [Oifig na bhFoilseachán: cuir seo isteach sa leagan GA in ord aibítre.]

Bia núíosach údaraithe

Sonraíocht

‘L-tréónáit mhaignéisiam

Tuairisc/Sainmhíniú:

Táirgtear an bia núíosach trí shintéis cheimiceach agus tá L-tréónáit mhaignéisiam ann.

Céannacht cheimiceach:

Ainm ceimiceach (IUPAC): Monaihiodráit (2R,3S)-2,3,4-tríhiodrocsabútánóáite mhaignéisiam

Gnáthainm: L-tréónáit mhaignéisiam

Foirmle mhóilíneach: C8H16MgO11

Uimhir CAS: 500304-76-7

An mhais mhóilíneach: 312,5 Da

Saintréithe/comhdhéanamh:

Cuma: Púdar bán

Mg Monaihiodráit L-tréónáite: 98 %–102 %

Maignéisiam: 7,2 %–8,3  %

L-Tréónáit 82 %–91 %

Aigéad ocsalach: ≤ 1 %

Eatánól: ≤ 5 000 ppm

Caillteanas de bharr a thriomaithe: ≤ 5,0 %

Critéir mhicribhitheolaíocha:

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha: ≤ 100 CFU/g

Áireamh iomlán na ngiostaí agus na múscán: ≤ 10 CFU/g

E. coli: Níor aimsíodh in 10 g

Salmonella: Níor aimsíodh in 25 g

Giorrúcháin: CAS: Seirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha, IUPAC: Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí, CFU; aonad déanta coilíneachta’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2694/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)