|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2686 |
18.10.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2686 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Deireadh Fómhair 2024
lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/558 ón gCoimisiún ar allmhairí córas áirithe leictreoidí graifíte de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne trí allmhairí graifíte saorga i mbloic nó i sorcóirí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 an 8 Meitheamh 2016 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’) agus go háirithe d’Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) de,
Tar éis dóibh na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
A. IARRAIDH
|
(1) |
Fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh de bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, chun imscrúdú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a forchuireadh ar allmhairí córas áirithe leictreoidí graifíte de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus chun allmhairí graifíte saorga i mbloic nó i sorcóirí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a chur faoi réir a gcláraithe. |
|
(2) |
Is é an Comhlachas Eorpach Carbóin agus Graifíte (‘ECGA’) a chuir an iarraidh isteach an 4 Meán Fómhair 2024. |
B. AN TÁIRGE
|
(3) |
Is é an táirge lena mbaineann an t-imchéimniú féideartha leictreoidí graifíte de chineál a úsáidtear le haghaidh foirnéisí leictreacha, a bhfuil dlús dealraitheach de 1,5 g/cm3 nó níos mó acu agus friotachas leictreach de 7,0 μ.Ω.m nó níos lú, bíodh siad feistithe le siní nó ná bíodh, agus trastomhas ainmniúil is mó ná 350 mm, earraí a bhí aicmithe faoi chód AC ex 8545 11 00 (cóid TARIC 8545 11 00 10 agus 8545 11 00 15) ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/558 (2) ón gCoimisiún, agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an táirge lena mbaineann’). Is é sin an táirge a bhfuil feidhm ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis. |
|
(4) |
Is é an táirge faoi imscrúdú maidir le himchéimniú graifíte saorga i mbloic nó i sorcóirí a bhfuil dlús dealraitheach 1,5 g/cm3 nó níos mó acu agus friotachas leictreach 7,0 μ.Ω.m nó níos lú, agus trastomhas ainmniúil is mó ná 350 mm, a thagann faoi chóid AC ex 3801 10 00 agus ex 3801 90 00 (có(i)d TARIC 3801 10 00 15 agus 3801 90 00 80) faoi láthair, (‘an táirge faoi imscrúdú’). |
C. BEARTA ATÁ ANN CHEANA
|
(5) |
Is iad na bearta atá i bhfeidhm agus a d’fhéadfadh a bheith á n-imchéimniú faoi láthair, bearta frithdhumpála arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/558 ón gCoimisiún (na bearta atá ann cheana). |
D. FORAS
|
(6) |
Tá fianaise leordhóthanach san iarraidh lena léiriú go bhfuil na bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair ar allmhairí an táirge lena mbaineann á n-imchéimniú mar gheall ar allmhairí an táirge faoi imscrúdú. |
|
(7) |
Léiríonn an fhianaise san iarraidh an méid seo a leanas. |
|
(8) |
Tháinig athrú ar phatrún trádála na n-allmhairí ó DhaonPhoblacht na Síne chuig an Aontas tar éis fhorchur na mbeart ar an táirge lena mbaineann. Cuireann an iarraidh fianaise ar fáil gur tháinig allmhairí an táirge faoi imscrúdú in ionad allmhairí an táirge lena mbaineann ó Dhaon-Phoblacht na Síne go pointe áirithe agus ar ar díríodh na bearta atá ann cheana. |
|
(9) |
Is cosúil go n-eascraíonn an t-athrú sin as cleachtas, is é sin na hoibríochtaí cóimeála/na hoibríochtaí críochnaithe le haghaidh páirteanna Síneacha san Aontas agus díolachán na dtáirgí cóimeáilte/críochnaithe comhchosúla ina dhiaidh sin nach bhfuil cúis chuí ná údar eacnamaíoch leordhóthanach ina leith sin, seachas forchur na dleachta. Léiríonn an fhianaise gurb é atá sna hoibríochtaí cóimeála/críochnaithe sin ná imchéimniú mar gur tháinig méadú suntasach ar na hoibríochtaí ón uair a tionscnaíodh an t-imscrúdú frithdhumpála, nó go díreach roimhe sin, arbh é an toradh a bhí air sin forchur na mbeart atá ann faoi láthair. Thairis sin, is é atá sna páirteanna ó Dhaon-Phoblacht na Síne os cionn 60 % de luach iomlán pháirteanna an táirge tar éis a chóimeáilte agus an luach a cuireadh leis na páirteanna a tugadh isteach le linn na hoibríochta cóimeála, tá sé níos ísle ná 25 % den chostas monaraíochta. |
|
(10) |
Thairis sin, is léir ón bhfianaise, mar gheall ar na cleachtais a thuairiscítear thuas, go bhfuil an bonn á bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála atá ann cheana ar an táirge lena mbaineann ó thaobh chainníocht agus phraghsanna an táirge chóimeáilte/chríochnaithe chomhchosúil de. Is cosúil gur tháinig méideanna suntasacha d’allmhairí an táirge faoi imscrúdú isteach i margadh an Aontais. Ina theannta sin, tá fianaise leordhóthanach ann go bhfuil praghsanna an táirge chóimeáilte/chríochnaithe chomhchosúil díobhálach. |
|
(11) |
Ar deireadh, léiríonn an fhianaise gur praghsanna dumpáilte iad praghsanna an táirge chóimeáilte/chríochnaithe chomhchosúil san Aontas i ndáil leis an ngnáthluach a suíodh roimhe seo don táirge lena mbaineann. |
|
(12) |
Le linn an imscrúdaithe, má aithnítear cleachtais imchéimniúcháin a chumhdaítear le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán, seachas na cleachtais thuasluaite, féadfaidh an t-imscrúdú na cleachtais sin a chumhdach freisin. |
E. NÓS IMEACHTA
|
(13) |
I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil an fhianaise atá ann leordhóthanach chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán agus chun allmhairí an táirge faoi imscrúdú a chur faoi réir a gcláraithe, i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán. |
|
(14) |
Chun an fhaisnéis is gá a fháil le haghaidh an imscrúdaithe seo, ba cheart do gach páirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach, ach tráth nach déanaí ná an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo. Tá feidhm ag an teorainn ama a shocraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo maidir leis na páirtithe leasmhara uile. Féadfar faisnéis a lorg freisin ar thionscal an Aontais de réir mar is iomchuí. |
|
(15) |
Cuireadh údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne ar an eolas faoi thionscnamh an imscrúdaithe. |
(a) Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh
|
(16) |
Faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipchirt. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis nó sonraí atá faoi réir cóipchirt tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear a) don Choimisiún an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críche na n-imeachtaí cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis nó na sonraí a sholáthar do pháirtithe leasmhara san imscrúdú seo i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú. |
|
(17) |
Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar sa Rialachán seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna soláthar ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfear leo, cuirfear an lipéad ‘Íogair (3) ’ orthu. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu cúis a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfí i modh rúin leo. |
|
(18) |
Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogair’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) de, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara. Ba cheart na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach i modh rúin a thuiscint go réasúnta. |
|
(19) |
Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thaispeáint le hiarraidh gur i modh rúin a gcaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart. |
|
(20) |
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara, agus cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de bhileoga deimhniúcháin. |
|
(21) |
Chun rochtain a fháil ar TRON.tdi, ní mór cuntas EU Login a bheith ag páirtithe leasmhara. Tá treoracha iomlána maidir le conas clárú agus conas TRON.tdi a úsáid le fáil ar https://webgate.ec.europa.eu/tron/resources/documents/gettingStarted.pdf. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad dar dteideal ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, doiciméad arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3. |
|
(22) |
Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir teileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a sholáthraíonn siad, agus gur seoladh é a sheiceáiltear go laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí ríomhphost, seachas i gcás ina n-iarrfaidh siad go soiléir na doiciméid uile ón gCoimisiún ar mhodh eile cumarsáide, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí ríomhphost, ba cheart do na páirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid leis na páirtithe leasmhara. |
|
(23) |
Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:
TRON.tdi: https://webgate.ec.europa.eu/tron/tdi Ríomhphost: TRADE-R828-GES-AC@ec.europa.eu |
(b) Faisnéis a bhailiú agus éisteachtaí a thionól
|
(24) |
Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus aon chomhlachas ábhartha, a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus fianaise thacaíochta a sholáthar ar choinníoll go ndéanfar na haighneachtaí sin faoin sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo. Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún éisteacht le páirtithe leasmhara, ar choinníoll go ndéanfaidh siad iarraidh i scríbhinn agus go gcuirfidh siad in iúl go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a thabhairt dóibh. |
(c) Iarrataí ar dhíolúintí
|
(25) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(4) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge faoi imscrúdú a dhíolmhú ó bhearta mura bhfuil imchéimniú i gceist leis an allmhairiú. |
|
(26) |
Ós rud é gur laistigh den Aontas a tharlaíonn an t-imchéimniú féideartha, féadfar díolúintí a dheonú, i gcomhréir le hAirteagal 13(4) den bhun-Rialachán, d’allmhaireoirí an táirge faoi imscrúdú ar féidir leo a thaispeáint nach bhfuil siad páirteach sna cleachtais imchéimniúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán. Táirgeoirí ar mian leo díolúine a fháil, más ann dá leithéid, ba cheart dóibh iad féin a chur in aithne laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo. Cóipeanna den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne, den fhoirm éilimh ar dhíolúine le haghaidh allmhaireoirí nó le haghaidh cuideachtaí a dhéanann oibríochtaí cóimeála san Aontas, agus ceistneoirí le haghaidh onnmhaireoirí san Aontas, tá siad le fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2755 Ní mór na ceistneoirí a chur isteach laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo. |
F. CLÁRÚ
|
(27) |
De bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, cuirfear allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú, i gcás ina léiríonn torthaí an imscrúdaithe go raibh imchéimniú á dhéanamh, go bhféadfar dleachtanna frithdhumpála de mhéid iomchuí a ghearradh, méid nach mó ná an dleacht iarmharach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/558 ón gCoimisiún, ón dáta a forchuireadh clárú na n-allmhairí sin. |
G. TEORAINNEACHA AMA
|
(28) |
Ar mhaithe le dea-riarachán, ba cheart teorainneacha ama a shonrú:
|
|
(29) |
Tugtar chun suntais go bhfuil feidhmiú na gceart nós imeachta a leagtar amach sa bhun-Rialachán ag brath ar pháirtithe a chuirfidh iad féin in iúl laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo. |
H. NEAMH-CHOMHOIBRIÚ
|
(30) |
I gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí dearfacha nó diúltacha a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. |
|
(31) |
I gcás ina ndéanfar amach gur chuir páirtí leasmhar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach ar fáil, tabharfar neamhaird ar an bhfaisnéis sin agus féadfar na fíorais atá ar fáil a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. |
|
(32) |
Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, más ar na fíorais atá ar fáil a bhunófar na torthaí i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige. |
I. SCEIDEAL AN IMSCRÚDAITHE
|
(33) |
Tabharfar an t-imscrúdú chun críche, de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, laistigh de 9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
J. PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
|
(34) |
Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, tugtar faoi deara go gcaithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(35) |
Tá fógra cosanta sonraí le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine aonair ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W. |
K. AN tOIFIGEACH ÉISTEACHTA
|
(36) |
Féadfaidh na páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí. |
|
(37) |
Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí/na páirtithe leasmhara agus seirbhísí de chuid an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha. |
|
(38) |
Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do na páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirfear iarrataí ar éisteacht isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú freisin ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a tarraingíodh anuas agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe. |
|
(39) |
Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_ga. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tionscnaítear imscrúdú de bhun Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2016/1036, chun a chinneadh an bhfuil na hallmhairí seo a thagann isteach san Aontas ag imchéimniú na mbeart arna bhforchur le Rialachán Cur Chun (AE) 2022/558 ón gCoimisiún, is iad sin na hallmhairí graifíte saorga i mbloic nó i sorcóirí a bhfuil dlús dealraitheach 1,5 g/cm3 nó níos mó acu agus friotachas leictreach 7,0 μ.Ω.m nó níos lú agus trastomhas ainmniúil is mó ná 350 mm, a thagann faoi chóid AC ex 3801 10 00 agus ex 3801 90 00 (cóid TARIC 3801 10 00 15 agus 3801 90 00 80) faoi láthair,.
Airteagal 2
1. De bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, tabharfaidh údaráis chustaim na mBallstát na céimeanna iomchuí chun na hallmhairí a thagann isteach san Aontas a shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a chlárú.
2. Rachaidh an clárú in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
1. Ní mór do na páirtithe leasmhara scéala a thabhairt don Choimisiún le hiad a chur in iúl laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2. Chun a n-aighneachtaí a chur san áireamh le linn an imscrúdaithe, ní mór do na páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus freagraí ar an gceistneoir, iarrataí ar dhíolúintí, nó aon fhaisnéis eile a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mura sonraítear a mhalairt.
3. Féadfaidh na páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh freisin ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin laistigh den teorainn ama chéanna de 37 lá. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le céim thionscnaimh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh a shonrú inti.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/558 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí córas áirithe leictreoidí graifíte de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 108, 7.4.2022, lch. 20, ELI http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/558/oj).
(3) Is doiciméad ‘ Íogair ’ doiciméad a mheastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).
(4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2686/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)