European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2675

10.10.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2675 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Deireadh Fómhair 2024

lena ndéantar foráil maidir le tacaíocht airgeadais éigeandála le haghaidh na n-earnálacha talmhaíochta atá buailte le teagmhais dhíobhálacha aeráide sa Bhulgáir, san Eastóin, sa Ghearmáin, san Iodáil agus sa Rómáin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 221(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le linn shamhradh 2024, bhí an Bhulgáir buailte le teagmhais dhíobhálacha aeráide nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin, is é sin teochtaí is teo ná mar is gnách mar aon le dálaí leanúnacha triomaigh a rinne difear mór do tháirgeadh barr a cuireadh san earrach, go háirithe arbhar Indiach agus lus na gréine, chomh maith le dóiteáin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin a rinne difear don táirgeadh talmhaíochta sna limistéir a bhí buailte.

(2)

Le linn an dara leath de mhí Aibreáin 2024, bhí an Ghearmáin buailte le teagmhas díobhálach aeráide nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin, is é sin sioc, a rinne damáiste suntasach d’úlloird agus d’fhíniúnacha agus, dá bhrí sin, do tháirgeadh torthaí agus fíona áirithe.

(3)

Le linn mhí Iúil agus ag tús mhí Lúnasa 2024, bhí an Eastóin buailte le teagmhais dhíobhálacha aeráide nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin, is é sin teagmhais bháistí an-dian agus tuilte, tar éis teagmhais dhíobhálacha aeráide urghnácha a bheith ann roimhe sin, le linn gheimhreadh agus earrach 2024. Tar éis tréimhsí seaca agus fuachta, agus na teochtaí fuara ab ísle riamh a bhí le linn mhí na Nollag 2023 agus mhí Eanáir 2024, bhí teochtaí neamhghnácha teo ann ó mhí an Mhárta 2024, rud a d’fhág go raibh dálaí triomaigh ann, agus ina dhiaidh sin teagmhais seaca go luath i mí na Bealtaine 2024 agus cloichshneachta go luath i mí an Mheithimh 2024. Bhí tionchar ag na dálaí aimsire urghnácha luaineacha sin ar tháirgeadh barr, go háirithe prátaí, síol ráibe agus torthaí agus glasraí.

(4)

Le linn na chéad leath de mhí Aibreáin 2024, bhí codanna den Iodáil buailte le dálaí díobhálacha aeráide nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Taifeadadh teochtaí is teo ná mar is gnách agus dálaí triomaigh i ndeisceart na tíre agus ar na hoileáin, rud a chuir isteach go mór ar an táirgeadh sna hearnálacha torthaí agus glasraí, fíona agus barr curaíochta, go háirithe in earnáil na ngránach.

(5)

Le linn mhí Iúil 2024, bhí an Rómáin buailte le teagmhais dhíobhálacha aeráide nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, is é sin tonnta teasa, in éineacht le stoirmeacha fíochmhara agus cloichshneachta trom, agus ina dhiaidh sin teochtaí is teo ná mar is gnách agus dálaí triomaigh, agus rinneadh damáiste suntasach do tháirgeadh barr curaíochta. Chuir na teagmhais aimsire urghnácha sin isteach go mór ar tháirgeadh olashíolta agus ar earnáil na ngránach.

(6)

Cé go bhfuil an chosúlacht air go dtarlaíonn teagmhais dhíobhálacha aeráide chosúla ar fud an Aontais i gcomhthéacs foriomlán rioscaí méadaitheacha don talmhaíocht de dheasca an athraithe aeráide, bhí déine na dteagmhas sa Bhulgáir, san Eastóin, sa Ghearmáin, san Iodáil agus sa Rómáin neamhghnách, agus rinneadh difear do limistéar suntasach agus do sciar suntasach den táirgeadh.

(7)

Leis an damáiste mór a rinne na teagmhais dhíobhálacha aeráide sin do tháirgeoirí talmhaíochta agus an caillteanas ioncaim a bhí ann dá mbarr d’fheirmeoirí sa Bhulgáir, san Eastóin, sa Ghearmáin, sa Iodáil agus sa Rómáin, cuirtear inmharthanacht eacnamaíoch gabháltas talmhaíochta i mbaol.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, beart eisceachtúil a ghlacadh chun rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sonracha tar éis na dteagmhas díobhálach aeráide sin sa Bhulgáir, san Eastóin, sa Ghearmáin, san Iodáil agus sa Rómáin.

(9)

Is fadhb shonrach iad na damáistí suntasacha agus an caillteanas eacnamaíoch a bhain do tháirgeoirí talmhaíochta de bharr teagmhais dhíobhálacha aeráide de réir bhrí Airteagal 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nach féidir aghaidh a thabhairt orthu go héasca le bearta a dhéantar de bhun Airteagail 219 nó 220 den Rialachán sin. Níl baint shonrach ag an staid le suaitheadh uathúil sa mhargadh a sainaithníodh nó le bagairt shonrach suaite. Níl baint aici ach oiread le bearta a ndéanfadh leathadh galar ainmhithe a chomhrac ná le laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar rioscaí sláinte don phobal, d’ainmhithe nó do phlandaí.

(10)

Ba cheart na méideanna a chuirtear ar fáil don Bhulgáir, don Eastóin, don Ghearmáin, don Iodáil agus don Rómáin a chinneadh, agus aird á tabhairt go háirithe ar ualú na mBallstát sin in earnáil talmhaíochta an Aontais, ar bhonn na nglan-uasteorainneacha d’íocaíochtaí díreacha a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus aird á tabhairt freisin ar thionchar na dteagmhas díobhálach aeráide sna Ballstáit sin.

(11)

Ba cheart don Bhulgáir, don Eastóin, don Ghearmáin, don Iodáil agus don Rómáin an chabhair a dháileadh trí na bealaí is éifeachtaí ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ar critéir iad lena gcuirtear san áireamh méid na ndeacrachtaí agus na ndamáistí eacnamaíocha iarbhír a bhfuil aghaidh á tabhairt ag na feirmeoirí lena mbaineann orthu. Ba cheart dóibh a áirithiú gurb iad na feirmeoirí a thairbheoidh den chabhair ar deireadh agus go seachnófar aon saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht.

(12)

Ós rud é nach rachadh na méideanna a leithdháiltear ar an mBulgáir, ar an Eastóin, ar an nGearmáin, ar an Iodáil agus ar an Rómáin i ngleic ach i bpáirt leis na deacrachtaí eacnamaíocha atá ag feirmeoirí, ba cheart cead a bheith ag an mBallstát tacaíocht náisiúnta bhreise a dheonú d’fheirmeoirí, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(13)

Chun an tsolúbthacht a thabhairt don Bhulgáir, don Eastóin, don Ghearmáin, don Iodáil agus don Rómáin an chabhair a dháileadh de réir mar a éilítear le himthosca na bhfeirmeoirí, ba cheart cead a bheith ann an chabhair sin a charnadh le tacaíocht eile arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, gan na feirmeoirí a róchúiteamh.

(14)

Chun an róchúiteamh a sheachaint, ba cheart don Bhulgáir, don Eastóin, don Ghearmáin, don Iodáil agus don Rómáin a chur san áireamh an tacaíocht arna deonú faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó faoi ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do na caillteanais eacnamaíocha a fulaingíodh.

(15)

Ós rud é gur in euro a shocraítear an chabhair ón Aontas, is gá, chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach comhuaineach a áirithiú, dáta a shocrú chun an tsuim a leithdháilfear ar na Ballstáit nár ghlac an euro mar a n-airgeadra náisiúnta, mar is amhlaidh i gcás na Bulgáire agus na Rómáine. Ós rud é nach ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir le sprioc-am chun na hiarratais ar chabhair a chur isteach, is iomchuí, chun críocha Airteagal 30(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (3), dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a mheas mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte maidir leis na méideanna a leagtar amach sa Rialachán seo.

(16)

Ar chúiseanna buiséadacha, níor cheart don Aontas an caiteachas a thabhóidh an Bhulgáir, an Eastóin, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Rómáin faoin mbeart eisceachtúil sin a mhaoiniú ach amháin i gcás ina ndéanfar an caiteachas sin faoi dháta incháilitheachta áirithe. Dá bhrí sin, ba cheart an tacaíocht don bheart eisceachtúil sin a íoc faoin 30 Aibreán 2025.

(17)

Ó tharla nár cheart íocaíochtaí a dhéanamh tar éis an 30 Aibreán 2025, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 lena ndéantar foráil maidir le laghdú comhréireach ar na híocaíochtaí míosúla a dhéantar tar éis an sprioc-ama.

(18)

Ba cheart don Bhulgáir, don Eastóin, don Ghearmáin, don Iodáil agus don Rómáin faisnéis mhionsonraithe faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo a chur in iúl don Choimisiún chun go mbeidh an tAontas in ann faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhirt a thugtar isteach leis an Rialachán seo.

(19)

Chun a áirithiú go bhfaighidh feirmeoirí cabhair a luaithe is féidir, ba cheart a chur ar a gcumas don Bhulgáir, don Eastóin, don Ghearmáin, don Iodáil agus don Rómáin an Rialachán seo a chur chun feidhme gan mhoill. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(20)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Beidh cabhair ón Aontas dar méid iomlán EUR 119 700 000 ar fáil don Bhulgáir, don Eastóin, don Ghearmáin, don Iodáil agus don Rómáin chun tacaíocht eisceachtúil a chur ar fáil d’fheirmeoirí faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Maidir le caiteachas an Aontais arna thabhú i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní rachaidh sé thar mhéid iomlán:

(a)

EUR 10 900 000 i gcás na Bulgáire;

(b)

EUR 46 500 000 i gcás na Gearmáine;

(c)

EUR 3 300 000 i gcás na hEastóine;

(d)

EUR 37 400 000 i gcás na hIodáile;

(e)

EUR 21 600 000 i gcás na Rómáine.

3.   Úsáidfidh an Bhulgáir, an Eastóin, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Rómáin na méideanna dá dtagraítear i mír 2 le haghaidh bearta arb é is aidhm dóibh na feirmeoirí is mó atá buailte sna hearnálacha agus sna réimsí táirgthe ar a raibh tionchar ag teagmhais dhíobhálacha aeráide sna réigiúin atá buailte, iad a chúiteamh as na caillteanais eacnamaíocha a bhfuil tionchar acu ar inmharthanacht feirmeoirí.

4.   Déanfar na bearta dá dtagraítear i mír 3 ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha lena gcuirfear san áireamh na caillteanais eacnamaíocha iarbhír a sheas na feirmeoirí atá buailte agus lena n-áiritheofar nach mbeidh na híocaíochtaí a thiocfaidh astu ina gcúis le haon saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht.

5.   Áiritheoidh an Bhulgáir, an Eastóin, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Rómáin, i gcás nach iad na feirmeoirí a thairbheoidh go díreach d’íocaíochtaí na cabhrach ón Aontas, go gcuirfear sochar eacnamaíoch na cabhrach ón Aontas ar aghaidh chucu ina iomláine.

6.   Caiteachas a sheasfaidh an Bhulgáir, an Eastóin, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Rómáin dá dtagraítear i mír 2 i ndáil leis na híocaíochtaí i leith na mbeart dá dtagraítear i mír 3, ní bheidh sé incháilithe do chabhair ón Aontas ach amháin má dhéantar na híocaíochtaí sin faoin 30 Aibreán 2025.

7.   Féadfar bearta faoin Rialachán seo a charnadh in éineacht le tacaíocht eile arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.

8.   Féadfaidh an Bhulgáir, an Eastóin, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Rómáin tacaíocht náisiúnta bhreise a dheonú le haghaidh na mbeart arna ndéanamh faoi mhír 3 suas le huasmhéid 200 % de na méideanna faoi seach a leagtar amach i mír 2, ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ar choinníoll nach mbeidh na híocaíochtaí is toradh ar na bearta ina gcúis le haon saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht, ná le róchúiteamh. Íocfaidh an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Eastóin, an Iodáil agus an Rómáin an tacaíocht náisiúnta bhreise faoin 31 Iúil 2025.

9.   Chun an róchúiteamh a sheachaint, agus tacaíocht á deonú faoin Rialachán seo, cuirfidh an Bhulgáir, an Eastóin, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Rómáin san áireamh an tacaíocht arna deonú faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó faoi ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do na caillteanais eacnamaíocha lena mbaineann.

Airteagal 2

1.   Tabharfaidh an Bhulgáir, an Eastóin, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Rómáin fógra don Choimisiún, gan mhoill agus tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2024, faoin méid seo a leanas i ndáil leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(3):

(a)

tuairisc ar na bearta atá le déanamh;

(b)

na critéir a úsáideadh chun na modhanna maidir le deonú na cabhrach agus méideanna na ndeonuithe sin a chinneadh, agus an réasúnaíocht i dtaca leis an gcabhair a dháileadh ar fheirmeoirí;

(c)

an tionchar atá beartaithe leis na bearta d’fhonn feirmeoirí a chúiteamh as caillteanais eacnamaíocha;

(d)

na bearta a rinneadh lena fhíorú go mbainfear amach leis na bearta an tionchar atá beartaithe;

(e)

na bearta a rinneadh chun an saobhadh ar an iomaíocht agus an róchúiteamh a sheachaint;

(f)

an réamhaisnéis maidir le híocaíochtaí chaiteachas an Aontais arna miondealú in aghaidh na míosa go dtí an 30 Aibreán 2025;

(g)

leibhéal na tacaíochta náisiúnta breise atá le deonú de bhun Airteagal 1(8);

(h)

na bearta atá le déanamh chun incháilitheacht feirmeoirí a rialú agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

2.   Tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair 2025, tabharfaidh an Bhulgáir, an Eastóin, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Rómáin fógra don Choimisiún faoi na méideanna iomlána a íocadh in aghaidh an bhirt, i gcás inarb infheidhme, arna miondealú de réir chabhair an Aontais agus de réir na tacaíochta náisiúnta breise, mar aon le líon agus cineál na dtairbhithe agus an measúnú ar éifeachtacht an bhirt.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/127/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2675/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)