Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2672 |
9.10.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2672 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Deireadh Fómhair 2024
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1716 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua (1), agus go háirithe Airteagal 13(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 14 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/1716. |
(2) |
Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart an ráiteas ar chúiseanna maidir le beirt daoine nádúrtha agus eintiteas amháin a thabhairt cothrom le dáta. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 8 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
VARGA M.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 mar a leanas:
(1) |
Faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 2’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 5 agus 12:
|
(2) |
Faoin gceannteideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 2:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2672/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)