|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2661 |
15.10.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2661 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Deireadh Fómhair 2024
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí radaitheoirí alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus na bearta atá i bhfeidhm
|
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 1039/2012 (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí radaitheoirí alúmanaim, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘na bearta bunaidh’). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, gairfear ‘an t-imscrúdú bunaidh’ anseo feasta dó. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2019/59 (3), chuir an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) fad leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí radaitheoirí alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) tar éis athbhreithniú éaga (‘an t-athbhreithniú éaga roimhe seo’). |
|
(3) |
Na dleachta frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair, is ó rátaí idir 12,6 % agus 56,2 % atá siad ar allmhairí ón na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, 21,2 % ar na cuideachtaí comhoibríocha neamhshampláilte, agus 61,4 % ar gach cuideachta eile sa tSín. |
1.2. Iarraidh ar athbhreithniú éaga
|
(4) |
Tar éis foilsiú fógra maidir le dul in éag atá le tarlú (4), fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. |
|
(5) |
Is é Comhlachas Idirnáisiúnta na Monaróirí Radaitheoirí Alúmanaim (‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh ar athbhreithniú isteach an 17 Deireadh Fómhair 2023 thar ceann thionscal an Aontais i leith radaitheoirí alúmanaim de bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar an bhforas gur dócha go ndéanfar an dumpáil agus an díobháil do thionscal an Aontais arís mar gheall ar dhul in éag na mbeart. |
1.3. Athbhreithniú éaga a thionscnamh
|
(6) |
Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise a bhí ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain sé athbhreithniú éaga an 12 Eanáir 2024 maidir le hallmhairí radaitheoirí alúmanaim de thionscnamh na Síne isteach san Aontas ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (‘an fógra tionscnaimh’) (5). |
1.4. Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(7) |
An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den dumpáil nó an ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar na treochtaí atá ábhartha chun a mheas an dócha go leanfar den díobháil nó go ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go deireadh thréimhse an imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). |
1.5. Páirtithe leasmhara
|
(8) |
San fhógra tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, na táirgeoirí aitheanta sa tSín, údaráis na Síne agus allmhaireoirí aitheanta ar an eolas go sonrach maidir le tionscnamh an éaga agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach. |
|
(9) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála. |
1.6. Sampláil
|
(10) |
San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
1.6.1. Sampláil tháirgeoirí an Aontais
|
(11) |
Luaigh an Coimisiún san fhógra tionscnaimh go raibh sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais roghnaithe go sealadach aige. |
|
(12) |
De bhun Airteagal 17(1) den bhun-Rialachán frithdhumpála, an critéar a úsáideadh le haghaidh roghnú an tsampla, ba é an t-ionadaíochas i dtéarmaí mhéid táirgeachta agus díolacháin an táirge chomhchosúil san Aontas idir an 1 Deireadh Fómhair 2022 agus an 30 Meán Fómhair 2023. |
|
(13) |
Trí tháirgeoir de chuid an Aontais a bhí sa sampla sin, iad uile lonnaithe san Iodáil, agus bhí níos mó ná 65 % de tháirgeacht iomlán mheasta an táirge chomhchosúil san Aontas i gceist leo. |
|
(14) |
D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Ó tharla nach bhfuarthas aon bharúil, dhearbhaigh an Coimisiún gurb é an sampla a roghnaíodh go sealadach an sampla cinntitheach. |
1.6.2. Sampláil na n-allmhaireoirí
|
(15) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe agus ar a gcomhlachais ionadaíocha iad féin a chur in aithne agus an fhaisnéis a sonraíodh san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Níor tháinig aon allmhaireoir neamhchomhlachaithe chun cinn. |
1.6.3. Sampláil na dtáirgeoirí sa tSín
|
(16) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí uile sa tSín an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne táirgeoirí eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh. Ní bhfuarthas aon fhreagra. |
|
(17) |
Dá dhroim sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Síne go raibh sé beartaithe aige, in éagmais an chomhair, dul i muinín na bhfíoras bhí ar fáil, de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán, agus scrúdú a dhéanamh aige ar leanúint nó ar atarlú na dumpála. Ní bhfuarthas aon fhreagra. |
1.7. Freagraí ar an gceistneoir
|
(18) |
Ceistneoirí le haghaidh tháirgeoirí an Aontais, mar aon leo siúd le haghaidh allmhaireoirí, úsáideoirí agus táirgeoirí sa tSín, cuireadh ar fáil ar líne iad lá an tionscnaimh (6). |
|
(19) |
Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le saobhadh suntasach a bheith sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(20) |
Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais. |
|
(21) |
Níor thug Rialtas na Síne ná aon táirgeoir sa tSín freagra ar an gceistneoir. |
1.8. Fíorúchán
|
(22) |
Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go ndéanfar an athuair iad agus maidir le leas an Aontais. |
|
(23) |
Thug an Coimisiún cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán ar áitribh trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais:
|
1.9. Nós imeachta ina dhiaidh sin
|
(24) |
An 8 Lúnasa 2024, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe bunriachtanacha ar ar a mbonn a bhfuil sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála a choinneáil i bhfeidhm. Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh. |
|
(25) |
Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha arna dtabhairt ag na páirtithe leasmhara agus cuireadh san áireamh iad, i gcás inarb iomchuí. Níor iarr aon pháirtí éisteacht. |
2. AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi athbhreithniú
|
(26) |
Is ionann an táirge faoi athbhreithniú agus an táirge san imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú éaga roimhe seo, is é sin radaitheoirí alúmanaim agus eilimintí nó codanna de radaitheoirí den sórt sin, bídís cóimeáilte ina mbloic nó ná bídís, gan radaitheoirí agus eilimintí agus codanna díobh den chineál leictreach a áireamh, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 7615 10 10 , ex 7615 10 80 , ex 7616 99 10 agus ex 7616 99 90 (cóid TARIC 7615 10 10 10, 7615 10 80 10, 7616 99 10 91, 7616 99 90 01 agus 7616 99 90 91) (‘an táirge faoi athbhreithniú’). |
2.2. An táirge comhchosúil
|
(27) |
Mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, chomh maith leis an athbhreithniú éaga roimhe sin, deimhníodh leis an athbhreithniú éaga seo gurb iad na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, atá ag na táirgí seo a leanas:
|
|
(28) |
Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin uile de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
3. DUMPÁIL
3.1. Réamhbharúlacha
|
(29) |
I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú lena fháil amach an raibh dumpáil á déanamh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an dócha go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís nuair a rachaidh na bearta atá i bhfeidhm in éag. |
|
(30) |
Mar a luaitear in aithris (16), níor chomhoibrigh aon cheann de na táirgeoirí ón tSín san imscrúdú. Dá bhrí sin, ar an 21 Feabhra 2024 chuir an Coimisiún údaráis na Síne agus gach páirtí leasmhar ar an eolas go raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún, in éagmais comhair, Airteagal 18 den Bhunrialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí a bhaineann leis an tSín. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin. |
|
(31) |
Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfar leis an dumpáil nó go ndéanfar an athuair í, bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe an fhaisnéis atá san iarratas ar an athbhreithniú éaga, ar fhaisnéis a fuarthas ó pháirtithe comhoibritheacha le linn an imscrúdúcháin (is é sin, an t-iarratasóir) agus ar fhaisnéis ó fhoinsí eile atá ar fáil go poiblí, go háirithe Global Trade Atlas (7). |
3.2. An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le haghaidh allmhairí radaitheoirí alúmanaim de thionscnamh an Síne
|
(32) |
I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘[b]eidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir.’ |
|
(33) |
Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘más rud é go gcinntear […]nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ agus ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘costais riaracháin, díola agus ghinearálta’). |
|
(34) |
Mar a mhínítear thíos freisin, ba é conclúid an Choimisiúin san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. |
3.3. Saobhadh suntasach a bheith ann
|
(35) |
In imscrúduithe a rinneadh le déanaí maidir leis an earnáil alúmanaim sa tSín (8), shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(36) |
Sna himscrúduithe sin, shuigh an Coimisiún gurbh ann d’idirghabháil shuntasach ón rialtais sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (9). Go háirithe, ba é conclúid an Choimisiúin nach amháin gurbh ann do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil alúmanaim fós de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán (10) ach go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí freisin de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán (11). Shuigh an Coimisiún thairis sin go mbíonn éifeacht saofa bhreise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála sa tSín, fágann sé go mbíonn acmhainní á ndíriú ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (12). Thairis sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (13). Ar an gcaoi chéanna, rinne an Coimisiún amach gurbh ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil cruach de réir Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (14), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le gníomhaithe corparáideacha caipiteal a rochtain sa tSín (15). |
|
(37) |
Faoi mar a rinneadh in imscrúduithe roimhe seo maidir leis an earnáil alúmanaim sa tSín, d’fhéach an Coimisiún san imscrúdú reatha lena fháil amach an iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise atá san iarraidh agus sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála (16) (‘Tuarascáil’), chomh maith lena leagan atá cothrom le dáta (‘Tuarascáil atá cothrom le dáta’) (17), a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substaintiúla ón rialtas i ngeilleagar na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin staid shonrach an mhargaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear earnáil an táirge faoi athbhreithniú. |
|
(38) |
Líomhnaíodh san iarraidh nach féidir praghsanna agus costais intíre thionscal alúmanaim na Síne a úsáid sa chás seo mar gheall ar shaobhadh suntasach a bheith sa tSín. Chun tacú lena sheasamh, thagair an t-iarratasóir don Tuarascáil, go háirithe na ranna a bhaineann leis an earnáil alúmanaim (18), d’imscrúduithe a rinne an Coimisiún roimhe seo ar tháirgí alúmanaim agus iartheachtacha (19), do reachtaíocht na Síne, agus do staidéir bhreise. |
|
(39) |
Go háirithe, choimisiúnaigh an t-iarratasóir staidéar dar teideal China Household Aluminum Radiators Industry Market Research Report (‘an Staidéar’) [Tuarascáil maidir le Taighde Margaidh ar Thionscal Radaitheoirí Alúmanaim Tí na Síne], a tugadh cothrom le dáta ó mhí Dheireadh Fómhair 2023. Léiríodh sa Staidéar ní hamháin gurb í an tSín an táirgeoir báicsíte is mó ar domhan, an phríomhfhoinse alúmanaim, ach gurb í an táirgeoir alúmanaim is mó ar domhan freisin, agus ‘de réir na sonraí a d’eisigh an Comhlachas Idirnáisiúnta Alúmanaim agus an Imscaradh Fuinnimh Idirnáisiúnta, in 2020, tháinig méadú 5 % bliain ar bhliain ar tháirgeadh alúmanaim na Síne, agus níor tháinig ach méadú 0,3 % ar tháirgeadh alúmanaim sa chuid eile den domhan, agus tháinig laghdú ar tháirgeadh alúmanaim fiú i roinnt réigiún. Is í an tSín is cúis le 57,2 faoin gcéad den táirgeadh domhanda alúmanaim. Ar an iomlán, tá treocht in airde léirithe ag táirgeadh alúmanaim na Síne. Shroich táirgeadh alúmanaim na Síne in 2022 40 milliún tonna, arbh é is cúis arís le níos mó ná leath den táirgeadh alúmanaim domhanda. Tá an tSín ar cheann de na tomhaltóirí alúmanaim is mó ar domhan freisin’. |
|
(40) |
Ina theannta sin, d’áitigh an t-iarratasóir go raibh an borradh a bhí sa tionscal alúmanaim sa tSín faoi stiúir beartais rialtais fhabhracha a spreag Fiontair faoi Úinéireacht Stáit chun dul isteach sa phríomh-earnáil táirgthe alúmanaim agus fiontair faoi úinéireacht phríobháideach chun dul isteach sna hearnálacha monaraíochta alúmanaim. |
|
(41) |
Go sonrach, cuireadh in iúl san iarraidh go ndeimhnítear freisin le tionscnaimh mhóra réigiúnacha státchabhrach ó rialtas na Síne cineál saofa idirghabhálacha rialtas na Síne, lena dtacaítear leis an earnáil alúmanaim sna cúigí mar seo a leanas:
|
|
(42) |
Mar chonclúid, ba é seasamh na hiarrata nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna ná costais toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ar an mbonn sin, de réir na hiarrata, níl sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. |
|
(43) |
Níor thug Rialtas na Síne barúil ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad faoi láthair, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an t-iarratasóir, maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás atá i gceist. |
|
(44) |
Dá bhrí sin, agus scrúdú á dhéanamh san imscrúdú reatha an raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín, mar gheall gurb ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise atá san iarraidh agus sa Tuarascáil atá cothrom le dáta. Rinne an Coimisiún na heilimintí fianaiseacha sin a fhorlíonadh a thuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gur ann do shaobhadh suntasach sa tSín, rud a fuarthas in imscrúduithe eile a rinne sé ina leith sin roimhe seo. |
|
(45) |
Is ann do chuid mhór úinéireachta, smachta, maoirseachta beartais nó treoraíochta ag Rialtas na Síne in earnáil an táirge faoi athbhreithniú de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. Sa tSín, is cuid ríthábhachtach den gheilleagar iad fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht agus/nó maoirseacht bheartais nó faoi threoir an Stáit. Cothaíonn Rialtas na Síne agus Páirtí Cumannach na Síne struchtúir lena n-áirithítear go mbeidh tionchar leanúnach acu ar fhiontair, agus go háirithe ar fhiontair faoi úinéireacht stáit (20). Mar sin féin, tá idirghabhálacha Pháirtí Cumannach na Síne sa chinnteoireacht oibríochtúil tagtha chun bheith ina ngnáthchleachtas ní hamháin i bhfiontair faoi úinéireacht stáit (21), ach i bhfiontair phríobháideacha freisin, agus Páirtí Cumannach na Síne ag éileamh ceannaireachta ar bheagnach gach gné de gheilleagar na tíre. |
|
(46) |
Ó tharla nach bhfuarthas aon chomhoibriú ó onnmhaireoirí an táirge faoi athbhreithniú sa tSín, níorbh fhéidir cóimheas cruinn na dtáirgeoirí príobháideacha agus na dtáirgeoirí faoi úinéireacht stáit a dhearbhú. Suíodh san imscrúdú, áfach, go bhfreastalaíonn fiontair faoi úinéireacht stáit agus cuideachtaí príobháideacha araon ar earnáil an táirge faoi athbhreithniú. (22) Mar shampla, tá roinnt táirgeoirí príobháideacha, lena n-áirítear an grúpa Dosháraithe (‘Unbeatable’) (23), Zhejiang Navas Industry and Trade, ar a dtugtaí Yongkang Sanghe Radiator (24) (‘Zhejiang Navas’) roimhe seo, China Botai (25) agus China Flyhigh (26), agus is fiontar faoi úinéireacht an Stáit é an táirgeoir alúmanaim is mó sa tSín, China Aluminum Corporation (‘Chinalco’) (27), a bhfuil úinéireacht phoiblí níos má ná 35 % aige (28). |
|
(47) |
Thairis sin, cuireann Rialtas na Síne treoir i bhfeidhm maidir le fiontair freisin trí chuspóirí agus beartais shonracha a leagan síos don earnáil, a bhfuil sé d’oibleagáid ar gach rannpháirtí sa tionscal, bídís príobháideach nó poiblí, iad a chomhlíonadh. |
|
(48) |
Chun sampla a thabhairt, leis na Coinníollacha Caighdeánacha is Infheidhme maidir leis an Tionscal Alúmanaim (‘Coinníollacha Caighdeánacha’) (29), arna n-eisiúint ag an Aireacht Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise (‘ATTF’) in 2020, socraíodh an creat foriomlán le haghaidh oibriú an tionscail alúmanaim ar an leibhéal lárnach. Tá na Coinníollacha Caighdeánacha in ainm a bheith ceaptha chun an méid seo a leanas a bhaint amach: ‘an t-athchóiriú struchtúrach ar an tionscal alúmanaim ó thaobh an tsoláthair de a chur chun cinn, forbairt theicneolaíoch an tionscail a chur chun cinn, agus forbairt ardcháilíochta an tionscail a chur chun cinn’ agus foráil a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas: ‘ní mór do mhianadóireacht báicsíte, alúmana, alúmanam leictrealaíoch agus táirgeadh alúmanaim thánaistigh beartais thionsclaíocha náisiúnta agus áitiúla, pleananna acmhainní mianraí, dlíthe, rialacháin agus beartais maidir le cosaint an chomhshaoil agus caomhnú fuinnimh, dlíthe, rialacháin agus beartais mhianadóireachta, dlíthe, rialacháin agus beartais maidir le táirgeadh sábháilteachta, pleananna forbartha tionscail agus ceanglais eile a chomhlíonadh’ (30). |
|
(49) |
Liostaítear na spriocanna seo a leanas sa 14ú Plean Cúig Bliana de chuid Chúige Shandong maidir le Forbairt an Tionscail Alúmanaim (‘Plean Shandong’) (31): ‘Faoi 2025, sroichfidh luach aschuir an tionscail alúmanaim RMB 800 billiún, leanfaidh méid margaidh na dtáirgí deiridh de bheith ag leathnú, agus os cionn 60 % a bheidh sna táirgí ard-bhreisluacha, agus beidh an cóimheas idir méid táirgeachta ábhair alúmanaim/méid táirgeachta alúmanaim leictrealaíoch níos mó ná an meán náisiúnta […]. Forbróidh an cúige ina mhórbhraisle thionsclaíoch alúmanaim ag a mbeidh tionchar nach beag sa bhaile agus thar lear’ (32). |
|
(50) |
I mí Mheán Fómhair 2022, d’eisigh Buanchoiste Dhaon-Chomhdháil Réigiún Féinrialaitheach Guangxi Zhuang an Cinneadh maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Alúmanaim a Chur Chun Cinn (‘Cinneadh Guangxi’) (33) agus shonraigh sé na spriocanna maidir le príomhfhiontair a chothú agus conair forbartha na bhfiontar faoi úinéireacht stáit sa chúige a stiúradh: ‘Grúpa príomhfhiontar ag a bhfuil croí-iomaíochas a chothú agus a thabhairt isteach. Córas ‘ceannaire slabhra tionsclaíoch’ a bhunú sa tionscal alúmanaim, d’fhiontair atá i gceannas ar shlabhraí tionsclaíocha alúmana agus alúmanaim leictrealaíoch, chun sásra cuimsitheach meastóireachta agus dreasachta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme lena gcumhdófar an tionscal ar fad […] Iarrachtaí a neartú chun fiontair bheaga agus mheánmhéide a chothú sa tionscal alúmanaim, díriú ar ghrúpa fiontar speisialaithe, gairmiúil, speisialta agus nua a thógáil, ar ‘ollfhiontair bheaga’ iad, i réimse na domhainphróiseála alúmanaim, chomh maith le fiontair a chur chun cinn i réimse thionscal monaraíochta alúmanaim; agus branda Guangxi Aluminium a chur chun cinn a thuilleadh. Feabhas a chur ar cháilíocht forbartha agus éifeachtúlacht fiontar atá faoi úinéireacht stáit a bhaineann le halúmanam, tacú le Grúpa Infheistíochta Guangxi agus le fiontair eile faoi úinéireacht stáit chun a ngnólacht inmheánach alúmanaim a bharrfheabhsú agus a chomhtháthú; caipiteal a ghlacadh agus a úsáid chun slabhra an tionscail alúmanaim a imscaradh ar fud cúigí agus tíortha trí chumaisc agus éadálacha, trí pháirt a ghlacadh i leas cothromais nó modhanna eile nó iad sin a rialú, chun forbairt chomhordaithe ar an slabhra tionsclaíoch ina iomláine a chur chun feidhme agus chun príomhfhiontair a fhorbairt sa tionscal alúmanaim a bhfuil tionchar náisiúnta agus iomaíochas idirnáisiúnta acu’ (34). |
|
(51) |
Ní hamháin sin ach is féidir rialú rialtais agus maoirseacht bheartais a fheiceáil freisin ar leibhéal na gcomhlachas tionscail ábhartha. Go deimhin, tá ar chomhlachais tionscail na Síne a ráthú go gcuireann an tionscal beartais Rialtas na Síne i bhfeidhm. Deimhnítear an fhreagracht sin toisc go ndéanann siad idirchaidreamh dlúth le húdaráis Stáit ina ngníomhaíocht, rud a léirítear ina reachtanna. |
|
(52) |
Mar shampla, deir Comhlachas Thionscal Monaraithe Miotail Neamhfheiriúil na Síne (35)in Airteagal 3 dá Airteagail Chomhlachais, maidir leis an eagraíocht ‘go gcloíonn sí le ceannaireacht fhoriomlán Pháirtí Cumannach na Síne, go mbunaíonn sí eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne, go gcuireann sí gníomhaíochtaí Páirtí i gcrích, agus go soláthraíonn sí na coinníollacha is gá le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an Pháirtí’ agus ‘go nglacann sí leis an treoir, an mhaoirseacht agus an bhainistíocht ghairmiúil ó na heintitis atá i gceannas ar chlárú agus ar bhainistíocht, ó eintitis atá i gceannas ar neartú an Pháirtí, agus ó na ranna riaracháin ábhartha atá i gceannas ar bhainistíocht tionscail’ (36). De réir Airteagal 6, is é seo a leanas, inter alia, raon feidhme ghnó an Chomhlachais: ‘i gcomhréir leis an mbeartas ginearálta agus leis an gcúram ginearálta arna chur chun cinn ag an Páirtí agus ag an stát, is é sin córas eacnamaíoch margaidh shóisialaigh a bhunú, agus i bhfianaise staid iarbhír an tionscail, moltaí agus tuairimí a chur chun cinn go gníomhach maidir le forbairt tionscail, beartais tionscail, dlíthe agus rialúchán’ (37). Thairis sin, áirítear ar na coinníollacha le bheith incháilithe mar ionadaí ar an gCumann cloí le ceannasaíocht Pháirtí Cumannach na Síne, tacú leis an sóisialachas a bhfuil saintréithe Síneacha aige, seasamh, prionsabail agus beartais an Pháirtí a chur chun feidhme go diongbháilte, agus dea-cháilíochtaí polaitiúla a bheith acu’ (38). |
|
(53) |
Maidir le Rialtas na Síne a bheith in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán, bíonn tábhacht le cealla Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair, idir fhiontair faoi úinéireacht stáit agus fhiontair faoi úinéireacht phríobháideach, mar gur féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó trí na cealla sin. Le linn an imscrúdaithe, shuigh an Coimisiún gurb ann do naisc phearsanta idir táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú agus Páirtí Cumannach na Síne, mar shampla comhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne a bheith i measc lucht bainistíochta sinsearaí nó mar chomhaltaí an bhoird stiúrthóirí i roinnt cuideachtaí a mhonaraíonn an táirge faoi athbhreithniú. |
|
(54) |
Mar shampla, is iad cathaoirleach Chinalco agus stiúrthóir agus bainisteoir ginearálta Chinalco faoi seach rúnaí an pháirtí agus leas-rúnaí an pháirtí in eagraíocht pháirtí Chinalco. Ní hamháin, in 2024, sheol gach aonad den Ghrúpa Chinalco Staidéar Araíonachta agus Oideachas an Pháirtí: ‘cuireadh i dtábhacht i gcruinniú imscartha an Ghrúpa Chinalco maidir le Staidéar Araíonachta agus Oideachas an Pháirtí gur cheart d’eagraíochtaí páirtí ar gach leibhéal an meascán foghlama agus feidhmchláir a neartú, Staidéar Araíonachta agus Oideachas an Pháirtí a chomhcheangal le cur chun feidhme an chórais bhliantúil cur chun feidhme maidir le pleanáil straitéiseach phríomhthionscadail bhliantúla 4 + 4+N+ de chuid Ghrúpa Chinalco, agus iarracht a dhéanamh spriocanna agus cúraimí bliantúla a bhaint amach, agus na torthaí foghlama a chlaochlú go héifeachtach ina bhfórsa tiomána dosháraithe chun dlús a chur le tógáil cuideachta alúmanaim den chéad scoth a bhfuil buntáistí iomaíocha cuimsitheacha láidre aici, agus ráthaíochtaí polaitiúla láidre a sholáthar chun iarracht a dhéanamh caibidil nua de nuachóiriú Chinalco a scríobh’ (39). |
|
(55) |
Chomh maith leis sin, tá fiontair faoi úinéireacht phríobháideach i dtionscal na radaitheoirí alúmanaim faoi réir cur isteach ó pháirtithe. Mar shampla, ceapadh Cathaoirleach agus Rúnaí Bhrainse an Pháirtí Jiangsu Unbeatable Group Co., Teo., in 2021 i measc na 100 comhalta is fearr de Pháirtí Cumannach na Síne i mBardas Nantong. (40) Thairis sin, d’eagraigh Bardas Qidong (atá suite laistigh de chríoch Nantong, i gcúige Jiangsu) seisiúin foghlama Pháirtí Cumannach na Síne le Grúpa Dosháraithe: ‘Ina hóráid, dúirt […] go bhfuil dlúthnasc idir tógáil an Phointe Teagaisc ar an láthair maidir leis an nGrúpa Dosháraithe sa Chrios Ardteicneolaíochta agus staid iarbhír an cheantair agus an bhaile, i gcomhréir le saintréithe an fhiontair, agus léirítear go hiomlán an téama maidir le tógáil páirtí ardleibhéil a bheith i gceannas ar fhorbairt ardcháilíochta.’ (41). |
|
(56) |
Thairis sin, tá beartais i bhfeidhm in earnáil an táirge faoi athbhreithniú lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar an margadh ar shlí eile de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán. |
|
(57) |
Measann Rialtas na Síne i gcónaí gur tionscal ríthábhachtach atá sa tionscal alúmanaim (42). Deimhnítear é sin sna pleananna, treoracha agus doiciméid iomadúla eile atá dírithe ar alúmanam, a eisíodh ar an leibhéal náisiúnta, cúige agus bardasach, a ndearna an Coimisiún doiciméadú mionsonraithe orthu in imscrúduithe a rinneadh roimhe seo ar an earnáil, (43) agus sa Tuarascáil Nuashonraithe (44). |
|
(58) |
Ar an leibhéal náisiúnta, mar shampla (45), áirítear forálacha sa 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt lena n-áirithítear infhaighteacht alúmanaim mar amhábhar: ‘Gníomhaíochtaí a chur chun feidhme chun ganntanais i bpríomhábhair a shárú; […] Gníomhaíochtaí a chur chun feidhme chun bulc-ábhair bhunúsacha a chomhdhlúthú agus a fheabhsú agus, ar bhonn próisis táirgthe bharrfheabhsaithe, treoir a thabhairt d’fhiontair úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise na glúine nua amhail idirlíon tionsclaíoch chun feabhas a chur ar iomaíochas foriomlán […],cóimhiotail alúmanaim ardnirt, […]’. Sa bhreis air sin, iarrtar sa phlean go ndéanfaí rialú acmhainneachta san earnáil alúmanaim: ‘Rialú docht a dhéanamh ar acmhainneacht táirgeachta atá méadaithe le déanaí. Beartais athsholáthair acmhainneachta táirgeachta a fheabhsú agus a chur chun feidhme go docht don […] earnáil alúmanaim leictrealaíoch, forbairt mhí-ordúil […] agus ocsaíd alúmanaim a chosc’. Is éard atá i gceist leis an bplean freisin dáileadh geografach na dtionscal éagsúil sa tSín, faoin gcaibidil ‘Treoraíocht a áirithiú i dtreo leagan amach réasúnta’. Léitear an chaibidil mar a leanas: ‘Cuirfear feabhas ar leagan amach na hacmhainneachta táirgeachta nua. […] Príomhstraitéisí náisiúnta agus réigiúnacha, straitéisí forbartha um chomhordú réigiúnach, agus straitéisí maidir le príomhréimsí feidhme a chur chun feidhme, agus tionscal na n-amhábhar a spreagadh chun a leagan amach spásúil a bharrfheabhsú agus a choigeartú. […] Leagan amach ordúil na limistéar cósta a áirithiú le tionscadail ina n-úsáidtear acmhainní thar lear amhail ocsaíd alúmanaim’. Pléitear tuilleadh sa phlean faoi bhraislí tionsclaíocha a chruthú: ‘Braislí caighdeánaithe tionscail a chothú. […], an t-aistriú i leagan amach na hearnála alúmanaim leictrealaíoch a chothú ó ‘gual – leictreachas – alúmanam’ go ‘fuinneamh glan, hidreachumhacht den sórt sin, cumhacht ghaoithe – alúmanam’.’ Ar deireadh, déantar foráil sa phlean maidir le hardteicneolaíochtaí a chur chun cinn san earnáil alúmanaim, agus claochlú na hearnála á chur chun cinn. Mar is léir ón liosta thuas, déanann an rialtas láir dlúthfhaireachán ar an earnáil alúmanaim agus stiúrann sé í agus tá an earnáil múnlaithe den chuid is mó ag idirghabháil rialtais seachas ag fórsaí an mhargaidh shaoir. |
|
(59) |
Ar an leibhéal áitiúil, is soiléire an méid a chuireann an tSín isteach ar an tionscal alúmanaim. Sampla amháin de sin is ea Plean Shandong, ina leagtar amach, in éineacht leis na spriocanna a thuairiscítear in aithris (49) thuas, bearta tacaíochta do na fiontair alúmanaim áitiúla sna téarmaí seo a leanas: ‘Tacaíocht bheartais agus rialála a mhéadú. Beartais tacaíochta éagsúla ar an leibhéal náisiúnta agus cúige a chur chun feidhme go gníomhach, tacaíocht a chur ar fáil do bhraislí tionsclaíocha incháilithe, do phríomhtháirgí agus do phríomhtheicneolaíochtaí. Tacú le fiontair atá ag tabhairt faoi mhórthionscadail náisiúnta agus chúige. Leas maith a bhaint as an bpacáiste beartas lena dtacaítear le príomhthionscadail aistrithe fuinnimh, fiontair cheannródaíocha a chothú trí thacaíocht a chur ar fáil ó ghnéithe lena n-áirítear dreasachtaí fioscacha, soláthar talún, leithdháileadh fuinnimh ghlais, ciorruithe cánach, agus nuálaíochtaí teicneolaíochta, agus dreasachtaí cánach a chur chun feidhme le haghaidh athchúrsáil alúmanaim. Cistí infheistíochta cothromais ar leibhéal cúige a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i bhforbairt agus i dtionsclú príomhtháirgí nua, agus infheistíocht a mhealladh ó chaipiteal sóisialta’ (46). |
|
(60) |
In Yunnan, i bPlean Gníomhaíochta Chúige Yunnan maidir le Slabhra Iomlán na Miotal Neamhfheiriúil agus na dTionscal Nua-Ábhar a Athmhúnlú le Buntáistí Nua 2021-2023 (‘Plean Yunnan’) (47) tá, inter alia, bearta chun costais oibriúcháin an tionscail alúmanaim a laghdú trí bhíthin beartais chánach fhabhracha: ‘Beartais chánach fhabhracha a chur chun feidhme chun réigiún an iarthair a fhorbairt, agus imscrúdú agus clárú cuí a dhéanamh ar fhiontair ábhartha don tionscal sileacain ghlais, don tionscal alúmanaim ghlais agus don tionscal domhainphróiseála miotail neamhfheiriúil atá liostaithe sa chatalóg de thionscail spreagtha i réigiún an iarthair; comhairle agus seirbhísí gan iarraidh a sholáthar chun cuidiú le fiontair a n-ualach cánach a laghdú’ (48). |
|
(61) |
Leagtar amach i gCinneadh Guangxi, mar a léiríodh cheana in aithris (50), roinnt cuspóirí i leith fhorbairt an tionscail alúmanaim sa chúige. Thairis sin, sainordaítear ann an méid seo a leanas: ‘Faoi 2030, beidh an cóimheas idir táirgeadh alúmanaim agus táirgeadh alúmanaim leictrealaíoch níos mó ná 2:1, agus beidh cion na dtáirgí alúmanaim scagtha agus domhainphróiseáilte i dtáirgí alúmanaim níos mó ná 60 %. Déanfaidh comhlachtaí rialtais tionscadail a eagrú agus a chur chun feidhme chun an slabhra tionscail a leathnú agus a neartú agus tionscal brabúach domhainphróiseála alúmanaim a chruthú ag a mbeidh cainníocht agus cáilíocht araon, agus díriú ar bhuntáistí a fhorbairt agus a chruthú sna hearnálacha seo a leanas: alúmanam le haghaidh gluaisteáin éadroma, alúmanam le haghaidh foinsí nua fuinnimh amhail fótavoltachas agus ceallraí, alúmanam a úsáidtear le haghaidh cumhachta, alúmanam a úsáidtear le haghaidh pacáistiú bia agus cógais, alúmanam le haghaidh fearais leictreonacha, agus alúmanam le haghaidh tógála agus troscán tí. Cuirfear tacaíocht leanúnach ar fáil chun táirgí ardleibhéil a fhorbairt amhail alúmanam le haghaidh aeraspáis, long agus iarnród […] (49)’. |
|
(62) |
Sa bhreis ar an méid thuas, bhain táirgeoirí radaitheoirí alúmanaim tairbhe as bearta tacaíochta airgeadais freisin, rud a léiríonn go soiléir leas an Stáit san earnáil seo. Mar shampla, bhain Zhejiang Navas tairbhe as Ráthaíocht phoiblí shealúchas Infheistíochta Caipitil faoi Úinéireacht Stáit Bhardas Yongkang, le haghaidh iasacht RMB 10 milliún a bhí fós gan íoc in 2022 (50). |
|
(63) |
Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí maidir le tacú le tionscail spreagtha a chomhlíonadh, lena n-áirítear táirgeadh na bpríomh-ionchur a úsáidtear i monaraíocht an táirge faoi athbhreithniú. Cuireann bearta den sórt sin cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac. |
|
(64) |
Cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú easnamhach na ndlíthe féimheachta agus maoine san earnáil alúmanaim de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc, den bhun-Rialachán, níor tháinig an t-imscrúdú ar aon fhianaise lena léiriú nach mbeadh tionchar ag an méid sin ar mhonaróirí an táirge faoi athbhreithniú. |
|
(65) |
Ina theannta sin, tá an táirge faoi athbhreithniú faoi thionchar an tsaofa ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (35) freisin. Téann an saobhadh sin i gcion ar an earnáil go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi athbhreithniú nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach (nuair atá rochtain ar ionchuir i gceist ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna sa tSín). |
|
(66) |
Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise isteach san imscrúdú reatha lenar léiríodh nach ndéanann an idirghabháil ón rialtas sa chóras airgeadais aon difear d’earnáil an táirge faoi athbhreithniú de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (35) freisin. Fiú ar leibhéal beartais, déanann an rialtas bearta airgeadais a rialáil go domhain. Mar shampla, sainordaítear le Cinneadh Guangxi an méid seo a leanas a dhéanamh: ‘[c]iste speisialta a bhunú d’fhorbairt ardcháilíochta an tionscail alúmanaim agus tacaíocht a mhéadú do chlaochlú agus d’uasghrádú an tionscail alúmanaim. Lán-imirt a thabhairt do ról treorach Chiste Forbartha Ardchaighdeáin Tionscail Guangxi chomh maith le cistí infheistíochta thionscal an rialtais ar gach leibhéal; fiontair cheannródaíocha sa tionscal alúmana agus sa tionscal alúmanaim leictrealaíoch agus caipiteal sóisialta a spreagadh chun páirt a ghlacadh i mbunú cistí infheistíochta tionsclaíche alúmanaim chun díriú ar thacaíocht a thabhairt do dhomhainphróiseáil alúmanaim agus do thionscadail tionscail alúmanaim ard-bhreisluacha. Institiúidí airgeadais a spreagadh chun maoiniú slabhra soláthair alúmanaim, maoiniú teicneolaíochta, agus maoiniú glas a nuáil agus a fhorbairt don tionscal alúmanaim, agus beartais tacaíochta creidmheasa difreáilte a chur chun feidhme do thionscadail fiontar alúmana agus alúmanaim leictrealaíoch amhail caomhnú fuinnimh agus laghdú astaíochtaí, claochlú teicneolaíoch, síneadh agus deisiú slabhra tionsclaíoch, agus úsáid chuimsitheach acmhainní. Tacú le cuideachtaí alúmanaim cáilithe atá le liostú ar stocmhalartáin intíre agus eachtracha, agus atá le liostú ar an Tríú Bord Nua agus ar mhargaí trádála cothromais réigiúnacha. Fiontair alúmanaim a threorú chun maoiniú díreach a fháil tríd an margadh bannaí. Tacú le hurrúsú sócmhainní fiachais fiontar alúmanaim trí léasú airgeadais. Na beartais tacaíochta fhioscacha agus chánachais don tionscal alúmanaim a choigeartú agus a bharrfheabhsú; fócas na tacaíochta a choigeartú do phríomhréimsí den slabhra tionscail amhail domhainphróiseáil alúmanaim, taighde agus forbairt teicneolaíochta, slándáil an tslabhra soláthair, caomhnú fuinnimh agus laghdú astaíochtaí, chomh maith le halúmanam athchúrsáilte a fhorbairt’ (51). |
|
(67) |
Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstainteach ón rialtas sa chóras airgeadais. |
|
(68) |
Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún gur gá roinnt ionchur chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, tá siad faoi réir an chórais pleanála atá i bhfeidhm ar gach leibhéal rialtais agus earnála. |
|
(69) |
Dá bharr sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre an táirge faoi athbhreithniú a úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach tá na costais ionchuir uile faoi thionchar freisin (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil atá cothrom le dáta. Go deimhin, faightear na hidirghabhálacha ón rialtas a dtugtar tuairisc orthu i ndáil le leithdháileadh caipitil, talún, saothair, fuinnimh agus amhábhar ar fud na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nuair a chuirtear réimse tosca táirgeachta le chéile chun ionchur a tháirgeadh sa tSín, is ionchur é atá neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh atá d’ionchur an ionchuir agus mar sin de. |
|
(70) |
Mar achoimre, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus saothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léiríonn an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ábhartha a liostaítear iontu. Ar an mbonn sin, agus in éagmais comhair ó Rialtas na Síne, ba é conclúid an Choimisiúin nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a tuairiscíodh sa roinn seo a leanas. |
|
(71) |
Níor thug Rialtas na Síne aon fhianaise ná argóint ina choinne sin san imscrúdú atá ann faoi láthair. |
3.3.1. Tír ionadaíoch
3.3.1.1.
|
(72) |
Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:
|
|
(73) |
D’eisigh an Coimisiún Nóta faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, tugadh tuairisc ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha agus tugadh aghaidh iontu ar na barúlacha a fuarthas ó na páirtithe maidir leis na gnéithe sin agus maidir leis na foinsí ábhartha. Sa Nóta, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé ar intinn aige an Tuirc a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo. |
3.3.1.2.
|
(74) |
Sa nóta, shainaithin an Coimisiún an Tuirc mar thír lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche mar atá ag an tSín de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda iad go léir ina dtíortha ‘ard-mheánioncaim’ ar bhonn ollioncam náisiúnta, agus is tír í inar fios gur ann do tháirgeadh an táirge faoi athbhreithniú. |
|
(75) |
Sular foilsíodh an Nóta, fuair an Coimisiún barúlacha maidir leis an tír ionadaíoch ón iarratasóir inar moladh freisin go mbeadh an Tuirc ina tír ionadaíoch oiriúnach. |
3.3.1.3.
|
(76) |
Sa Nóta thug an Coimisiún le fios, i gcás na Tuirce, go bhfuil sonraí maidir leis na sonraí airgeadais ó tháirgeoirí na radaitheoirí alúmanaim chomh maith le hallmhairí d’amhábhar, d’fhuinneamh agus de shaothar ábhartha ar fáil go poiblí. |
|
(77) |
Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún cuardach ar Orbis maidir le hinfhaighteacht shonraí airgeadais na gcuideachtaí táirgthe sa Tuirc (54). Aimsíodh sonraí a bhí ar fáil go héasca le haghaidh dhá tháirgeoir radaitheoirí alúmanaim sa Tuirc: Sanica Isi Sanayi Anonim Sirketi agus Peksa Profil Sanayi Ve Ticaret Anonim Sirketi. Cumhdaítear an bhliain airgeadais dar chríoch 2022 sna ráitis airgeadais is déanaí ó na cuideachtaí sin. Ina theannta sin, tá sonraí allmhairiúcháin ar fáil ag an Tuirc maidir leis na tosca táirgeachta, leictreachais agus costais saothair is gá. |
|
(78) |
Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an Nóta go bhfuil sé beartaithe aige an Tuirc a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí agus sonraí an dá chuideachta a meabhraíodh thuas a úsáid chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. |
|
(79) |
Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Tuirce mar thír ionadaíoch agus ar oiriúnacht an dá chuideachta sin mar tháirgeoirí sa tír ionadaíoch. |
|
(80) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil tar éis fhoilsiú an Nóta. |
3.3.1.4.
|
(81) |
Tar éis a shuí gurb í an Tuirc an t-aon tír ionadaíoch iomchuí a bhí ar fáil, agus bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. |
3.3.1.5.
|
(82) |
I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Tuirc na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí. |
3.3.2. Costais agus tagarmharcanna neamhshaofa
|
(83) |
Sa Nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge faoi athbhreithniú de réir na modheolaíochta a mhínigh an t-iarratasóir agus lena léirítear an próiseas monaraíochta a úsáidtear san Aontas. Luaigh an Coimisiún freisin, d’fhonn an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) (a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé Global Trade Atlas (55) chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta, go sonrach na hamhábhair. Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé Institiúid Staidrimh na Tuirce chun costas neamhshaofa saothair a bhunú (56), agus Údarás Rialála Margaidh Fuinnimh na Tuirce chun costas neamhshaofa an fhuinnimh a bhunú (57). |
|
(84) |
D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh faoi luachanna neamhshaofa do gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir le liosta na dtosca táirgeachta tar éis fhoilsiú an Nóta. |
3.3.2.1.
|
(85) |
I bhfianaise na faisnéise uile ar bhonn na hiarrata agus na fáisnéise a ndearnadh an Coimisiún anailís uirthi ina dhiaidh sin, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a gcuid foinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán: Tábla 1 Tosca táirgeachta radaitheoirí alúmanaim
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
3.3.2.2.
|
(86) |
Is féidir radaitheoir alúmanaim a dhéanamh trí úsáid a bhaint as modhanna éagsúla, is iad teilgean dísle agus easbhrú na cinn is coitianta. Aithnítear radaitheoir alúmanaim go coitianta mar radaitheoir ina bhfuil alúmanam nó cóimhiotal alúmanaim an miotal a úsáidtear, nó níos ginearálta nuair is alúmanam den chuid is mó an miotal a úsáidtear. |
|
(87) |
Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora de chuid na tíre ionadaíche a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear i mbunachar sonraí GTA mar bhonn, inar cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin san áireamh agus lenar cuireadh costais iompair intíre leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (60). Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithris (70) agus i Roinn 3.3 nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a imríonn an saobhadh céanna ar tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin amhábhar. Tar éis allmhairí ón tSín chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós. |
3.3.2.3.
|
(88) |
Foilsíonn Institiúid Staidrimh na Tuirce faisnéis mhionsonraithe maidir le pá in earnálacha difriúla den gheilleagar sa Tuirc (61). Bhunaigh an Coimisiún an tagarmharc don tréimhse imscrúdúcháin bunaithe ar an meánchostas saothair san uair d’earnáil na monaraíochta in 2020 (62), arna innéacsú go 2023. Is é 35,02 CNY san uair an meánchostas saothair san uair in aghaidh coibhéis lánaimseartha (63). |
3.3.2.4.
|
(89) |
Is é Údarás Rialála Margaidh Fuinnimh na Tuirce a fhoilsíonn praghas an leictreachais do chuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) sa Tuirc (64). D’úsáid an Coimisiún na sonraí maidir le praghsanna leictreachais tionsclaíocha mar a foilsíodh iad an 15 Iúil 2024. Léirítear leis an staidreamh sin meántaraif thionsclaíoch 1,12 CNY san kWh le haghaidh 2023. |
3.3.2.5.
|
(90) |
De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. |
|
(91) |
Chun luachanna neamhshaofa a shuí le haghaidh forchostais mhonaraíochta, costais SGA agus brabúis agus ós rud é go bhfuil comhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. |
|
(92) |
Agus úsáid á baint as sonraí ó dhá tháirgeoir radaitheoirí alúmanaim de chuid na Tuirce (Sanica Isi Sanayi Anonim Sirketi agus Peksa Profil Sanayi Ve Ticaret Anonim Sirketi), (65) ríomh an Coimisiún na costais SGA (10,33 %) agus an brabús (9,12 %) mar chéatadán de chostas na n-earraí a díoladh. |
|
(93) |
D’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú chun forchostais mhonaraíochta a ríomh. Cinneadh na costais sin mar chéatadán, agus forchostais mhonaraíochta á roinnt ar na costais dhíreacha agus indíreacha. Cuireadh an céatadán sin (15,6 %) i bhfeidhm ansin ar luach neamhshaofa chostas na monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil. |
3.3.3. Ríomh an ghnáthluacha
|
(94) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
|
(95) |
Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú ar úsáid gach toisce (ábhair agus lucht saothair) chun radaitheoirí alúmanaim a tháirgeadh. D’iolraigh an Coimisiún na cóimheasa tomhaltais faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a chonacthas sa tír ionadaíoch, an Tuirc, mar a thuairiscítear i Roinn 3.3.2. |
|
(96) |
Tar éis dó costais neamhshaofa na monaraíochta a shuí, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, costais SG & A agus an brabús leis mar a shonraítear i roinn 3.3.2.5:
|
|
(97) |
Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
3.3.4. Leanúint den dumpáil
|
(98) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus, go háirithe, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí allmhairí radaitheoirí alúmanaim ón tSín diomaibhseach. De réir Eurostat, 159 913 eilimint (66) i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a bhí i méid na n-allmhairí radaitheoirí alúmanaim ón tSín agus is éard a bhí i gceist leis sin sciar de mhargadh an Aontais sa raon 0,5 – 1 %. I gcomparáid leis sin, 24 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh agus 3 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe roimhe sin a bhí sa sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí de chuid na Síne. |
|
(99) |
Ní fhéadfadh an méid diomaibhseach sin a bheith mar bhonn chun anailís a dhéanamh ar leanúnachas na dumpála. Rinne an Coimisiún anailís dá bhrí sin ar an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair sa chéad roinn eile. |
3.3.5. An dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair
|
(100) |
Rinne an Coimisiún imscrúdú de réir Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán maidir leis an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair má ligtear do na bearta dul in éag. Rinneadh anailís ar na heilimintí seo a leanas: na praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha, an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus an acmhainneacht ionsúcháin a d’fhéadfadh a bheith ag margaí tríú tíortha i bhfianaise na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm sna tíortha sin. |
3.3.5.1.
|
(101) |
Rinne an Coimisiún anailís ar phatrún praghsanna na n-onnmhairí de chuid na Síne chuig tríú tíortha le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(102) |
Rinne an Coimisiún anailís ar dtús ar shonraí onnmhairiúcháin ón tSín chuig tríú tíortha ar leibhéal na gcód custaim ocht ndigit san Atlas Trádála Domhanda le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar sin féin, níor measadh go raibh na praghsanna onnmhairiúcháin sin ina léiriú cruinn ar phraghsanna radaitheora alúmanaim toisc go raibh raon leathan táirgí chomh maith leis an táirge lena mbaineann san áireamh sna haicmiúcháin ar an leibhéal sin, rud a bhí i bhfad níos mó (100 uair níos mó ar a laghad) ná méid allmhairí radaitheoirí alúmanaim. Dá bhrí sin, ní sholáthraíonn staitisticí onnmhairiúcháin na Síne fianaise dhochloíte maidir le praghsanna onnmhairiúcháin na Síne ar mhargaí eile. |
|
(103) |
Dá réir sin, mar thoradh ar neamh-chomhoibriú táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín, bhí an meastachán ar phraghsanna onnmhairiúcháin ón tSín chuig tríú tíortha bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don Choimisiún, is é sin, faisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú, is é sin luachana praghsanna na Síne d’allmhaireoirí i dtríú tíortha. Go háirithe, sholáthair an t-iarratasóir roinnt tairiscintí praghais do thíortha i ngaireacht don Aontas, amhail an Mholdóiv, an Rúis agus an Asarbaiseáin, chomh maith le luachana ó ardáin díolacháin ar líne. |
|
(104) |
Rinne an Coimisiún an praghas onnmhairiúcháin measta chuig tríú tíortha a choigeartú mar a thuairiscítear in aithris (103) le haghaidh difríochtaí a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán. I dtaca leis sin, ceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus chun aird a thabhairt ar dhifríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. Sa chás i dtrácht, rinne an Coimisiún an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chuig leibhéal an phraghais dhírigh ón monarcha trí chostas iompair intíre a bhaint. (67) |
|
(105) |
Ba é EUR 3,68/eilimint arna sloinneadh in SAB, nó EUR 3,52/eilimint agus í coigeartaithe chuig an leibhéil díreach ón monarcha an meánphraghas onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha a mheastar agus a shonraítear in aithris (103). |
|
(106) |
Bhí an meánphraghas onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha a d’eascair as sin agus a fuarthas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe 34,4 % faoi bhun an ghnáthluacha a suíodh ar bhonn na gcritéar a léirítear i ranna 3.2 agus 3.3 thuas. Dá bhrí sin, measadh gur dócha, dá ndéanfaí na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair a aisghairm, go dtosódh táirgeoirí Síneacha onmhairiúcháin ag díol a dtáirgí leis an Aontas ar leibhéil a bheadh níos ísle ná an gnáthluach sin. |
|
(107) |
Tar éis an nochta, chuir an t-iarratasóir in iúl go raibh neamhréireacht sa phraghas onnmhairiúcháin díreach ón monarcha agus go raibh corrlach dumpála ann dá bharr idir an Doiciméad Nochta agus an comhad ríofa dumpála. Ós rud é gur earráid chléireachais sa chomhad ríofa dumpála ba chúis leis an neamhréireacht, cheartaigh an Coimisiún í. |
3.3.5.2.
|
(108) |
Maidir leis an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín, mar gheall ar neamh-chomhoibriú na dtáirgeoirí Síneacha, bhí na torthaí bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú éaga. Chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil go bhfuil margadh alúmanaim na Síne ag leathnú agus go leanfaidh sé de bheith ag leathnú fiú tar éis 2026. Ar bhonn na faisnéise sin, bhí aschur alúmanaim na Síne níos airde ná riamh sa bhliain iomlán 2022 (68). Thairis sin, i mí Mheán Fómhair 2023 tuairiscíodh go ‘gcuireann an tSín aschur alúmanaim domhanda chun cinn go dtí an leibhéal is airde riamh’ (69). Ar deireadh, i staidéar neamhspleách a d’iarr an t-iarratasóir, staidéar dar teideal ‘Tuarascáil maidir le Taighde Margaidh ar Thionscal Radaitheoirí Alúmanaim Tí na Síne’, (70) a tugadh cothrom le dáta i mí Dheireadh Fómhair 2023, soláthraítear sonraí úrnua nach beag maidir le ró-acmhainneacht na Síne. |
|
(109) |
Go háirithe, meastar sa staidéar go raibh acmhainneacht táirgeachta radaitheoirí alúmanaim na Síne ag thart ar 240 milliún eilimint in aghaidh na bliana in 2023, méadú 35 mhilliún eilimint i gcomparáid le 2021. Sáraíonn an fás acmhainneacht seo an méadú ar tháirgeadh, a d’ardaigh ó 188 milliún eilimint go 217 milliún eilimint le linn na tréimhse céanna, méadú 29 milliún eilimint. |
|
(110) |
Bhí an méadú ar an táirgeacht agus ar an acmhainneacht táirgeachta idir 2021 agus 2023 i bhfad níos airde ná an méadú ar thomhaltas intíre sa tSín, nár mhéadaigh ach ó 19 milliún eilimint go 23 mhilliún eilimint, méadú nach raibh ann ach 4 mhilliún eilimint. |
|
(111) |
Mar thoradh air sin, tháinig méadú ar an acmhainneacht bhreise ó 17 milliún eilimint go 23 mhilliún eilimint idir 2021 agus 2023, rud a bhí beagnach ag teacht le tomhaltas iomlán an Aontais de 23-25 mhilliún eilimint le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(112) |
Thairis sin, níor tugadh chun solais sa staidéar ná san imscrúdú aon eilimint a d’fhéadfadh aon mhéadú nach beag ar onnmhairí de chuid na Síne chuig tríú tíortha eile a léiriú toisc nach bhfuil aon fhaisnéis ar fáil a léireodh aon mhéadú suntasach ar an éileamh ar radaitheoirí alúmanaim ar fud an domhain. |
|
(113) |
Dá bhrí sin, in éagmais aon fhaisnéise eile, mheas an Coimisiún nach mbeadh éileamh intíre na Síne ná éileamh ar fud an domhain in ann an acmhainneacht bhreise nach beag atá ar fáil sa tSín a ionsú. |
|
(114) |
Deimhnítear leis sin conclúidí an Choimisiúin ón athbhreithniú éaga roimhe seo (71) go bhfuil acmhainneacht bhreise leordhóthanach ag táirgeoirí de chuid na Síne chun soláthar do mhargadh an Aontais má ligtear do na bearta dul in éag. |
3.3.5.3.
|
(115) |
Tá margadh an Aontais le haghaidh radaitheoirí alúmanaim, ar 23-25 mhilliún eilimint é i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ar cheann de na margaí is mó ar domhan. Cé gur tháinig laghdú 22 % ar thomhaltas radaitheoirí alúmanaim san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar gheall ar chrapadh an tionscail tógála a mhínítear in aithris (132), tá sé fós ina mhargadh láidir atá bunaithe ar rialacháin dhiana maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus athchóiriú seanfhoirgneamh chun caighdeáin nua a chomhlíonadh agus chun astaíochtaí carbóin a laghdú. |
|
(116) |
Chun léiriú a fháil ar na praghsanna is dócha a bheidh ann don Aontas in éagmais beart, rinne an Coimisiún anailís ar phraghsanna onnmhairiúcháin radaitheoirí alúmanaim de thionscnamh na Síne chuig margaí onnmhairiúcháin eile lasmuigh den Aontas. Mar a mhínítear in aithrisí (102) agus (103), ós rud é nach soláthraítear le staidreamh onnmhairiúcháin ag cód custaim ocht ndigit luachanna cruinne agus mar gheall ar neamh-chomhoibriú, shuigh an Coimisiún praghsanna onnmhairiúcháin trí úsáid a bhaint as sonraisc agus luachana iarbhír ó na táirgeoirí Síneacha onnmhairiúcháin chuig tríú margaí, mar a sholáthair an t-iarratasóir (féach freisin aithris (103) thuas). |
|
(117) |
Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ba é 8,56 EUR/eilimint meánphraghas díola thionscal an Aontais. Tá sé sin 82 % níos airde ná meánphraghas díola radaitheoirí alúmanaim na Síne (i.e. EUR 4,70/eilimint), arna ríomh trí úsáid a bhaint as na luachana a rinne táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne le custaiméirí sa Mholdóiv, sa Rúis agus san Asarbaiseáin, chomh maith le luachana ó ardáin díolacháin ar líne, a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú. |
|
(118) |
Bhí na praghsanna onnmhairiúcháin sin cuid mhaith níos ísle i gcomparáid le praghsanna thionscal an Aontais agus, dá bhrí sin, tá margadh an Aontais, i dtéarmaí praghsanna, fós tarraingteach do tháirgeoirí de chuid na Síne. |
|
(119) |
Sular forchuireadh na bearta in 2012, b’ionann allmhairí na Síne isteach san Aontas agus 10,6 milliún eilimint in aghaidh na bliana. Anuas ar na bearta arna bhforchur ar allmhairí na Síne atá faoi réir an athbhreithnithe seo, forchuireadh bearta frithdhumpála ar allmhairí radaitheoirí alúmanaim ón tSín i roinnt mhaith tríú tíortha eile (72), rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra do tháirgeoirí Síneacha onnmhairiúcháin táirgí a onnmhairiú chuig na margaí sin agus méadaítear leis sin tarraingteacht mhargadh an Aontais a thuilleadh, áit ar féidir onnmhairí den sórt sin a atreorú. |
3.3.5.4.
|
(120) |
De réir na faisnéise i mbunachar sonraí na hEagraíochta Domhanda Trádála (73), shuigh an Coimisiún go raibh dleachtanna frithdhumpála agus dleachtanna frithchúitimh infheidhme in 2023 maidir le hallmhairí radaitheoirí alúmanaim na Síne isteach san Airgintín agus sa Ríocht Aontaithe (74). Is toisc theorann onnmhairiúcháin iad na srianta sin do tháirgeoirí radaitheoirí alúmanaim de chuid na Síne. Mar sin féin, bunaithe ar an iarraidh ar athbhreithniú (75) agus ar na conclúidí in aithrisí (108) agus (109), tá táirgeoirí de chuid na Síne dírithe go mór ar onnmhairiú, ós rud é nach meastar ach an deichiú cuid dá méid táirgeachta iomlán a bheith i dtomhaltas inmheánach radaitheoirí alúmanaim sa tSín. |
|
(121) |
I bhfianaise dheacrachtaí onnmhaireoirí na Síne táirgí a dhíol leis na margaí sin mar gheall ar na bearta arna bhforchur ag na tríú tíortha eile sin ar allmhairí radaitheoirí alúmanaim ón tSín, dá ligfí do na bearta reatha dul in éag, bheadh margadh an Aontais níos tarraingtí fós d’onnmhaireoirí na Síne atá ag iarraidh a dtáirgeadh iomarcach a onnmhairiú agus acmhainneacht bhreise a úsáid. |
|
(122) |
Ina mbarúlacha maidir leis an Doiciméad Ginearálta um Nochtadh, mheabhraigh an t-iarratasóir gur chuir an Úcráin tús le himscrúdú frithdhumpála in 2024 ar allmhairí radaitheoirí alúmanaim ón tSín. |
3.3.5.5.
|
(123) |
Bunaithe ar an méid thuas, go háirithe i bhfianaise na hacmhainneachta breise nach mór atá ar fáil sa tSín agus i bhfianaise tharraingteacht mhargadh an Aontais, measann an Coimisiún gur dócha go ndéanfar an dumpáil an athuair mar thoradh ar bhearta a aisghairm, agus go dtiocfaidh onnmhairí dumpáilte isteach i margadh an Aontais i gcainníochtaí móra. Dá bhrí sin, meastar gur dócha go ndéanfar an dumpáil an dumpáil an athuair má ligtear do na bearta atá ann faoi láthair dul in éag. |
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(124) |
Rinne 11 tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is iad atá i gceist le ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. |
|
(125) |
Shuigh an Coimisiún táirgeacht an Aontais ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, amhail:
|
|
(126) |
Chun rúndacht shonraí FIR a chosaint, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún na figiúirí beachta a nochtadh, figiúirí a fuarthas trí shonraí FIR a chomhcheangal leis na sonraí a sholáthair Airal do tháirgeoirí eile de chuid an Aontais. Mar sin chuir an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil i raonta agus in innéacsanna, a thug faisnéis leordhóthanach do na páirtithe leasmhara uile chun anailís agus conclúidí an Choimisiúin a thuiscint agus chun barúlacha a sholáthar ina leith sin. |
|
(127) |
Suíodh gur thart ar [30-32] milliún eilimint a bhí i gceist le táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar a léirítear in aithris (13), táirgeann táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais thart ar 65 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(128) |
Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn dhíolacháin iomlán thionscal an Aontais san Aontas, agus allmhairí iomlána ó thríú tíortha isteach san Aontas. |
|
(129) |
Fuarthas díolacháin thionscal an Aontais san Aontas ó dhíolacháin fhíoraithe na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais san Aontas, ó shonraí arna soláthar ag an iarratasóir sa cheistneoir maicreacnamaíoch agus ó shonraí arna bhfáil ar leithligh ag FIR. |
|
(130) |
I gcás allmhairí, bhraith an Coimisiún ar bhunachar sonraí Surveillance (76). Ós rud é nár sholáthair bunachar sonraí Surveillance ach an meáchan agus ní an líon eilimintí a allmhairíodh, ba ghá an meáchan a thiontú ina eilimintí trí fhachtóir coinbhéartachta a úsáid bunaithe ar shonraí fíoraithe na dtrí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais a léirítear in aithris (23) thuas. |
|
(131) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar thomhaltas an Aontais: Tábla 2 Tomhaltas an Aontais
|
||||||||||||||||||||||
|
(132) |
Tháinig laghdú 22 % ar thomhaltas radaitheoirí alúmanaim san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Léirítear in anailís ó bhliain go bliain méadú 18 % ó 2020 go 2021, agus ina dhiaidh sin tháinig laghdú de réir a chéile ar thomhaltas sa dá bhliain ina dhiaidh sin. |
|
(133) |
Ba é an fás a tharla i ngníomhaíochtaí tógála cónaithe agus tráchtála tar éis roinnt pacáistí spreagtha eacnamaíocha a sheoladh chun borradh a chur faoin ngeilleagar tar éis ráig COVID-19 ba mhó ba chúis leis an méadú géar ar éileamh radaitheoirí alúmanaim ó 2020 go 2021. San Iodáil, mar shampla, i gcás ina bhfuil táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais bunaithe, le ‘Foraithne athsheolta’ (77), mar a thugtar uirthi, cuireadh dreasachtaí ar fáil chun foirgnimh chónaithe a athchóiriú agus chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh. |
|
(134) |
Mar sin féin, thosaigh an t-éileamh ar radaitheoirí alúmanaim ag laghdú in 2022 nuair a thosaigh an ghéarchéim fuinnimh agus nuair a tháinig méadú tapa ar phraghsanna amhábhar agus ar rátaí úis. Lean an treocht dhiúltach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus thit an tomhaltas ó [36-38] milliún eilimint go [23-25] milliún eilimint, beagnach cosúil leis na leibhéil chéanna in 2014. |
4.3. Allmhairí ón tSín
4.3.1. Méid agus sciar margaidh na n-allmhairí ón tSín
|
(135) |
Shuigh an Coimisiún méid allmhairí radaitheoirí alúmanaim ón tSín ar bhonn bhunachar sonraí Surveillance, arna dtiontú ina n-eilimintí trí úsáid a bhaint as fachtóir coinbhéartachta bunaithe ar shonraí fíoraithe na dtrí tháirgeoir sampláilte de chuid an Aontais, mar a luaitear in aithris (130). Suíodh sciar margaidh de na hallmhairí trí chomparáid a dhéanamh idir méideanna na n-allmhairí sin agus tomhaltas an Aontais mar a léirítear i dTábla 2. |
|
(136) |
Is mar seo a leanas a d’fhorbair allmhairí ón tSín isteach san Aontas: Tábla 3 Méid na n-allmhairí agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(137) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí allmhairí radaitheoirí alúmanaim ón tSín teoranta ó thaobh cainníochtaí de agus tháinig laghdú 61 % orthu go seasta, agus baineadh amach an pointe is ísle i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig laghdú 38 % ar an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ón tSín in 2021 agus d’fhan sé cobhsaí ansin ó 2021 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar gheall ar an tomhaltas níos ísle. |
4.3.2. Praghsanna na n-allmhairí ón tSín
|
(138) |
Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn bhunachar sonraí Surveillance. |
|
(139) |
Is mar a leanas a d’fhorbair meánphraghas na n-allmhairí isteach san Aontas ón tSín: Tábla 4 Meánphraghsanna allmhairiúcháin
|
||||||||||||||||||||||
|
(140) |
Tháinig méadú ar phraghsanna allmhairiúcháin ón tSín i gcomhréir le treochtaí an mhargaidh. Bhain siad buaicphointe amach in 2022, nuair a bhí siad níos airde fós ná meánphraghas na gcuideachtaí sampláilte, ach thit siad 25 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig méadú 117 % ar phraghsanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(141) |
Tháinig ardú ar phraghsanna allmhairiúcháin na Síne i gcomhréir le treochtaí an mhargaidh idir 2020 agus 2022. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig laghdú ar an meánphraghas allmhairiúcháin in aghaidh an aonaid ón tSín isteach san Aontas agus bhí sé níos ísle ná an meánphraghas díola in aghaidh an aonaid agus an meánchostas táirgthe in aghaidh an aonaid san Aontas araon, mar a thuairiscítear i dTábla 9 thíos. |
4.4. Allmhairí ó thríú tíortha nach an tSín iad
|
(142) |
Is ón Iaráin agus ón Tuirc den chuid is mó a allmhairíodh radaitheoirí alúmanaim ó thríú tíortha seachas an tSín. |
|
(143) |
Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí isteach san Aontas agus ar an sciar den mhargadh agus ar threochtaí praghsanna i gcás allmhairí radaitheoirí alúmanaim ó thríú tíortha eile: Tábla 5 Allmhairí ó thríú tíortha
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(144) |
Tháinig méadú 19 % ar allmhairí ó thríú tíortha le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus shroich siad an leibhéal is airde in 2022, ach go bunúsach d’fhan an sciar den mhargadh cobhsaí. Tháinig méadú níos mó ná faoi dhó ar mheánphraghas na n-allmhairí ó thríú tíortha le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(145) |
Tar éis an nochta, d’iarr an t-iarratasóir ar an gCoimisiún méideanna, sciartha den mhargadh agus meánphraghas na n-allmhairí ón Iaráin agus ón Tuirc a thaispeáint ar leithligh. Thug an Coimisiún Tábla 5 thuas cothrom le dáta dá réir sin. |
4.5. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.5.1. Barúlacha ginearálta
|
(146) |
Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(147) |
Mar a luaitear in aithris (11), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch thionscal an Aontais a mheasúnú. |
|
(148) |
Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. |
|
(149) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí a bhí san iarraidh ar athbhreithniú, sna freagraí fíoraithe ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus sna sonraí maicreacnamaíocha arna soláthar ag AIRAL agus FIR. Cuimsíonn na sonraí táirgeoirí uile de chuid an Aontais. |
|
(150) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí fíoraithe sna freagraí a thug na táirgeoirí sampláilte san Aontas ar an gceistneoir. Bhain na sonraí leis na táirgeoirí sampláilte san Aontas. |
|
(151) |
Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
|
(152) |
Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: an táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta, an úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, sciar den mhargadh, an fás, an fhostaíocht agus an táirgiúlacht, agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin. |
|
(153) |
Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus an cumas caipiteal a chruinniú. |
4.5.2. Táscairí maicreacnamaíocha
4.5.2.1.
|
(154) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 6 Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta san Aontas
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(155) |
Tháinig laghdú 21 % ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Léirítear in anailís ó bhliain go bliain méadú 20 % ó 2020 go 2021, agus ina dhiaidh sin bhí laghdú de réir a chéile ann ó 2021 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tá sé sin comhsheasmhach leis an treocht san éileamh ar radaitheoirí alúmanaim san Aontas, mar a léirítear i dTábla 2. |
|
(156) |
Tháinig laghdú 9 % ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú. D’fhan sí réasúnta cobhsaí ó 2020 go 2022 agus ansin tháinig laghdú 6 % uirthi, rud a léirigh go raibh tionscal an Aontais in ann an acmhainneacht a laghdú go páirteach chun déileáil leis an laghdú ar tháirgeacht i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(157) |
Tháinig laghdú 13 % ar an úsáid acmhainneachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a léirigh an treocht laghdaithe táirgeachta d’ainneoin na hacmhainneachta táirgeachta laghdaithe. |
4.5.2.2.
|
(158) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 7 An méid díolachán agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(159) |
Tháinig laghdú 23 % ar mhéid díolachán thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí treocht na ndíolachán ar aon dul leis na treochtaí i dtomhaltas agus i méid táirgeachta an Aontais. Tháinig méadú 17 % ar dhíolacháin ó 2020 go 2021 chun freastal ar an éileamh méadaithe i margadh an Aontais, mar a mhínítear in aithris (133), agus ansin tháinig laghdú de réir a chéile orthu in 2022 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar gheall ar éileamh laghdaitheach de bharr praghsanna agus rátaí úis níos airde, mar a mhínítear in aithris (134). |
|
(160) |
D’fhan an sciar de mhargadh thionscal an Aontais cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tar éis an laghdaithe ar thomhaltas agus ar mhéid díolachán an Aontais agus tar éis an laghdaithe ar allmhairí. |
4.5.2.3.
|
(161) |
Mar gheall ar an laghdú ar thomhaltas i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig laghdú ar mhéid díolachán thionscal an Aontais ach choinnigh tionscal an Aontais a sciar den mhargadh ar bun i margadh an Aontais. D’fhorbair an táirgeacht, an fostaíocht agus an infheistíocht agus bhí treocht laghdaitheach acu a bhí cosúil leis an méid díolachán. |
4.5.2.4.
|
(162) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 8 Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(163) |
Tháinig laghdú 18 % freisin ar fhostaíocht thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, i gcomhréir leis na hathruithe ar mhéideanna táirgeachta. D’fhéadfadh tionscal an Aontais, áfach, an laghdú ar tháirgiúlacht a shrianadh go 4 %. |
4.5.2.5.
|
(164) |
Mar a mhínítear in aithris (99), níorbh fhéidir cinneadh dearfach a shuí maidir le dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir corrlach dumpála a shuí. Dá bhrí sin, díríodh san imscrúdú ar an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair má n-aisghairtear na bearta frithdhumpála. |
|
(165) |
Leis na bearta frithdhumpála a forchuireadh tar éis an imscrúdaithe bunaidh, bhí tionscal an Aontais in ann téarnamh ó dhumpáil roimhe seo, mar a léirítear leis na sonraí le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4.5.3. Táscairí micreacnamaíocha
4.5.3.1.
|
(166) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 9 Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(167) |
Tháinig méadú 48 % ar mheánphraghas thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tar éis an mhéadaithe ar an gcostas táirgthe. |
|
(168) |
Tháinig méadú 47 % ar an meánchostas táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig méadú géar air cheana féin in 2022 (+ 45 % ó 2020) agus shroich sé an buaicphointe in 2022. Ba é an méadú géar ar chostais fuinnimh agus ar phraghas alúmanaim, an príomh-amhábhar, ba chúis leis an méadú ar chostas den chuid is mó. |
4.5.3.2.
|
(169) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 10 Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí
|
||||||||||||||||||||||
|
(170) |
Tháinig méadú 11 % ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí i dtionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig méadú 13 % air in 2021, agus d’fhan sé réasúnta cobhsaí ina dhiaidh sin. |
4.5.3.3.
|
(171) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 11 Fardail
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(172) |
Tháinig méadú 24 % ar fhardail le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mhéadaigh leibhéal na stoc deiridh ó 4,5 milliún go 6,1 milliún eilimint in 2021, ansin go 6,2 milliún eilimint in 2022 sular laghdaigh sé go 5,5 milliún eilimint i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar fhreagairt ar an tomhaltas níos airde in 2021 agus chun a bpróiseas táirgthe a bharrfheabhsú, mhéadaigh tionscal an Aontais leibhéil stoic. Mar sin féin, ós rud é go raibh éileamh níos ísle ann in 2022, ní raibh tionscal an Aontais in ann na stoic sin a laghdú go tapa. |
|
(173) |
I ndáil le táirgeacht, tháinig méadú 47 % ar na stoic deiridh mar chéatadán den táirgeacht. |
4.5.3.4.
|
(174) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 12 Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(175) |
Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. |
|
(176) |
Tháinig méadú aon phointe céatadáin amháin ar bhrabúsacht thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Léirítear in anailís ó bhliain go bliain go raibh an bhrabúsacht ag an leibhéal is airde in 2021, nuair a shroich sí leibhéal 10 %, méid a bhí dhá oiread níos mó ná torthaí na bliana roimhe sin, ach ansin tháinig laghdú géar uirthi arís in 2022 síos go 4 % mar gheall ar dhálaí an mhargaidh a bhí ag dul in olcas. Tháinig sé ar ais go 6 % i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ó tháinig laghdú ar chostas alúmanaim le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ach bhí moill ann ó thaobh praghsanna díola radaitheoirí a laghdú dá réir. |
|
(177) |
Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Tháinig méadú aníos ar threocht an ghlansreafa airgid agus tháinig méadú 85 % uirthi le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(178) |
Tháinig laghdú 15 % ar infheistíochtaí bliantúla thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Cé go raibh na hinfheistíochtaí thart ar 40 % níos airde in 2021 agus 2022 ná mar a bhí in 2020, thit siad le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ó thart ar EUR 14 mhilliún go EUR 8,5 milliún agus bhí siad teoranta den chuid is mó d’athsholáthar trealaimh a bhí ann cheana. |
|
(179) |
Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. D’fhorbair sé le treocht atá cosúil le treocht na brabúsachta, agus é ag an treocht is airde in 2021, ag laghdú in 2022 agus ag feabhsú arís in 2023, agus bhí méadú foriomlán de sheacht bpointe céatadáin air le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
4.6. Conclúid maidir le díobháil
|
(180) |
Léiríodh san imscrúdú gur tháinig forbairt dhearfach ar fhormhór na dtáscairí micreacnamaíocha agus gur tháinig feabhas ar staid eacnamaíoch agus airgeadais thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(181) |
Bhí tionscal an Aontais in ann a sciar den mhargadh a choinneáil leis na bearta a bhí i bhfeidhm agus bhí sé in ann sreabhadh airgid agus toradh ar infheistíochtaí a aisghabháil. |
|
(182) |
Tháinig méadú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú ach d’fhan sí faoi bhun an spriocbhrabúis a socraíodh san imscrúdú bunaidh. |
|
(183) |
Mar sin féin, laghdaigh tionscal an Aontais an táirgeacht agus an fhostaíocht agus lean sé de bheith ag feidhmiú ar úsáid íseal acmhainneachta, go príomha mar gheall ar an laghdú nach beag ar an éileamh ar radaitheoirí alúmanaim. |
|
(184) |
Tugann meath na dtáscairí maicreacnamaíocha, in éineacht le laghdú ar ghlaninfheistíochtaí agus méadú ar fhardail, laigí foluiteacha le fios i dtionscal an Aontais. Áirítear ar na príomhábhair imní cumas thionscal an Aontais a bhrabúsacht a choinneáil ar bun i gcomhthéacs costais atá ag fás agus éileamh atá ag laghdú, chomh maith leis na himpleachtaí fadtéarmacha a bhaineann le glaninfheistíocht laghdaithe. Cé go bhfuil leachtacht agus brabúsacht ghearrthéarmach cobhsaí, d’fhéadfadh cobhsaíocht agus fás amach anseo a bheith i mbaol. |
|
(185) |
D’ainneoin sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, tar éis measúnú foriomlán a dhéanamh ar na tosca díobhála, nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
5. AN DÓCHÚLACHT GO nDÉANFAR AN DÍOBHÁIL AN ATHUAIR
|
(186) |
Ba é conclúid an Choimisiúin in aithris (185) nach ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de bharr allmhairí ón tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar an dóchúlacht go ndéanfaí an díobháil an athuair mar gheall ar na hallmhairí dumpáilte ón tSín má ligtear do na bearta dul in éag. |
|
(187) |
Chun a shuí an dócha go ndéanfar an díobháil an athuair má aisghairtear na bearta in aghaidh na Síne, scrúdaigh an Coimisiún (i) an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín agus tarraingteacht mhargadh an Aontais; agus (ii) leibhéil praghsanna dhóchúla allmhairí ón tSín agus a dtionchar ar staid thionscal an Aontais, i gcás ina ligfeadh do na bearta dul in éag. |
5.1. Acmhainneacht bhreise sa tSín agus tarraingteacht mhargadh an Aontais
|
(188) |
Mar a leagtar amach i Roinn 3.3.5.2, ba mhó go mór an acmhainneacht táirgeachta sa tSín ná na méideanna táirgeachta agus an t-éileamh ar mhargadh intíre na Síne le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ina theannta sin, ní raibh aon eilimint ann a d’fhéadfadh aon mhéadú nach beag ar an éileamh intíre sa tSín nó in aon mhargadh tríú tír eile a léiriú go luath amach anseo. Agus na conclúidí á dtabhairt aige maidir le tarraingteacht mhargadh an Aontais mar a thuairiscítear i Roinn 3.3.5.3, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur rídhócha go n-úsáidfí acmhainneacht bhreise den sórt sin chun soláthar a dhéanamh do mhargadh an Aontais, dá rachadh na bearta in éag. |
5.2. Leibhéil praghsanna dhóchúla allmhairí ón tSín agus a dtionchar ar thionscal an Aontais
|
(189) |
Mar a leagtar amach in aithris (103), mheas an Coimisiún na sonraisc agus na luachana dá bhforáiltear san iarraidh ar athbhreithniú, arna gcoigeartú le haghaidh costais iompair, costais tuirlingthe agus dleachtanna custaim an Aontais, a bheith ionadach le haghaidh praghsanna díola féideartha chuig an Aontas. Bunaithe ar na praghsanna onnmhairiúcháin sin, dhéanfadh allmhairí ón tSín isteach san Aontas, gan an dleacht frithdhumpála san áireamh, sladghearradh 45 % ar phraghas díola an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tugann sé sin le fios go gcuirfeadh allmhairí na Síne, ar mhéideanna méadaithe, brú substaintiúil ar phraghsanna thionscal an Aontais in éagmais na mbeart. |
|
(190) |
Dá n-aisghairfí na bearta, i bhfianaise na leibhéal praghsanna is dócha a bheadh ann, ní bheadh tionscal an Aontais in ann a mhéid díolachán agus a sciar den mhargadh a choinneáil in aghaidh allmhairí ar phraghsanna níos ísle ón tSín. Is rídhócha go dtiocfadh méadú tapa ar an sciar den mhargadh atá ag an tSín dá ligfí do na bearta dul in éag, agus i bhfianaise na mbeart atá ann cheana arna bhforchur ag tríú tíortha eile ar allmhairí radaitheoirí alúmanaim, a mheabhraítear thuas in aithrisí (119) agus (120). |
|
(191) |
Dá gcaillfí an méid díolachán, bheadh ráta úsáide níos ísle fós ann agus thiocfadh méadú ar an meánchostas táirgthe, rud a d’fhágfadh go dtiocfadh meath ar staid airgeadais thionscal an Aontais agus go méadófaí an riosca maidir leis an tionscal a chur chun cinn i staid chaillteanais. |
|
(192) |
I gcás ina gcinnfeadh tionscal an Aontais a leibhéil praghsanna a ísliú mar iarracht a mhéid díolachán agus a sciar den mhargadh a choinneáil, rachaidh a staid airgeadais in olcas beagnach láithreach, agus is dócha go dtiocfaidh staid chaillteanais chun cinn. |
|
(193) |
Sa dá chás, is dócha go mbeidh tionchar diúltach ag dul in éag na mbeart ar thionscal an Aontais. |
5.3. Conclúid
|
(194) |
Ar an mbonn sin, thángthas ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ón tSín ar phraghsanna díobhálacha mar thoradh ar easpa na mbeart agus gur dócha go ndéanfar díobháil ábhartha an athuair. |
6. LEAS AN AONTAIS
|
(195) |
I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí. |
6.1. Leas thionscal an Aontais
|
(196) |
Leis na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair agus a meabhraíodh in aithris (3), bhí tionscal an Aontais in ann a sciar den mhargadh a choinneáil ar bun i margadh an Aontais agus a staid airgeadais a fheabhsú, ach níl an tionscal fós in ann úsáid acmhainneachta a mhéadú agus an spriocbhrabús a bhaint amach. |
|
(197) |
An tráth céanna, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin gur dócha go dtiocfadh meath ar staid thionscal an Aontais dá ligfí do na bearta atá ann cheana in aghaidh na Síne dul in éag. |
|
(198) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go mbeadh sé i bhfabhar thionscal an Aontais na bearta frithdhumpála atá ann cheana a choinneáil ar bun. |
6.2. Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil
|
(199) |
Níor chomhoibrigh aon allmhaireoir leis an imscrúdú. San athbhreithniú éaga roimhe seo, fuarthas amach nach mbeadh tionchar mór ag forchur na mbeart ar allmhaireoirí. |
|
(200) |
In éagmais fianaise a thabharfadh a mhalairt le fios, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon éifeacht dhiúltach shubstaintiúil ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ar allmhaireoirí agus nach ndéanfadh coinneáil na mbeart difear míchuí dóibh. |
6.3. Leas na n-úsáideoirí
|
(201) |
Níor tháinig aon úsáideoir chun cinn agus níor chomhoibrigh siad leis an imscrúdú. Is táirge tomhaltais iad radaitheoirí alúmanaim; is dáileoirí agus eagraíochtaí móra miondíola iad na húsáideoirí a athdhíolann na radaitheoirí ansin. |
|
(202) |
San imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú éaga roimhe seo (78), fuarthas amach go raibh na húsáideoirí in ann an méadú ar fad, nó nach mór an méadú ar fad, ar phraghsanna a d’eascair as an dualgas a chur ar aghaidh chuig na húsáideoirí deiridh, agus é á chur san áireamh nach raibh tionchar mór ag na bearta sin sa chás gur cuireadh nach mór an méadú ar fad ar aghaidh chuig úsáideoirí deiridh. |
|
(203) |
Deimhníodh na torthaí sin san athbhreithniú éaga reatha toisc nár léiríodh san imscrúdú aon léiriú a thiocfadh salach ar na torthaí bunaidh. |
|
(204) |
Ar an mbonn sin, agus i gcomhréir leis an gconclúid ar thángthas uirthi sna himscrúduithe roimhe seo, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeadh tionchar mór ar úsáideoirí dá gcoinneofaí na bearta ar bun. |
6.4. An chonclúid maidir le leas an Aontais
|
(205) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis láidir ann lena chinneadh nach raibh sé chun leasa an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí radaitheoirí alúmanaim de thionscnamh na Síne a choinneáil ar bun. |
7. BEARTA FRITHDHUMPÁLA
|
(206) |
Ar bhonn na gconclúidí ón gCoimisiún maidir le hatarlú na dumpála, na díobhála agus leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála maidir le radaitheoirí alúmanaim ón tSín a choimeád ar bun. |
|
(207) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a chuirtear sonrasc tráchtála bailí faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne. |
|
(208) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(209) |
Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta(í) aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
|
(210) |
Tá feidhm ag na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na Síne é agus a tháirgtear ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Síne’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair. |
|
(211) |
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(212) |
Onnmhaireoir nó táirgeoir nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme faoi láthair maidir lena onnmhairí a shocrú, féadfaidh an t-onnmhaireoir nó an táirgeoir sin a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála é le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) ní dhearna sé an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme ar a onnmhairí a shocrú; (ii) ní bhaineann sé le cuideachta a rinne amhlaidh agus tá sé faoi réir na ndleachtanna frithdhumpála dá bharr sin; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó chuaigh sé faoi oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe déanamh amhlaidh i gcainníochtaí substaintiúla. |
|
(213) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (79), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
|
(214) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí radaitheoirí alúmanaim agus eilimintí nó codanna díobh a bhfuil an radaitheoir sin comhdhéanta díobh, bídís cóimeáilte ina mbloic nó ná bídís, gan radaitheoirí agus eilimintí agus codanna díobh den chineál leictreach a áireamh, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7615 10 10 , ex 7615 10 80 , ex 7616 99 10 agus ex 7616 99 90 (cóid TARIC 7615 10 10 10, 7615 10 80 10, 7616 99 10 91, 7616 99 90 01 agus 7616 99 90 91) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.
2. Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála cinntitheach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge arna shonrú i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála |
Cód breise TARIC |
|
Zhejiang Flyhigh Metal Products Co., Ltd. |
12,6 % |
B272 |
|
Metal Group Co. Ltd. |
56,2 % |
B273 |
|
Sira (Tianjin) Aluminium Products Co. Ltd. |
14,9 % |
B279 |
|
Sira Group (Tianjin) Heating Radiators Co. Ltd. |
14,9 % |
B280 |
|
Cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn |
21,2 % |
|
|
Gach cuideachta eile |
61,4 % |
B999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge faoi athbhreithniú) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.
4. Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir mheánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
ní dhearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a onnmhairiú le linn na tréimhse idir an 1 Iúil 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2011 (tréimhse an imscrúdaithe bunaidh); |
|
(b) |
níl sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo; agus a chomhoibrigh nó a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú as ar eascair an dleacht; agus |
|
(c) |
is amhlaidh a d’onnmhairigh sé an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht an Síne é nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air cainníocht nach mór a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1039/2012 ón gComhairle an 29 Deireadh Fómhair 2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí radaitheoirí alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 310, 9.11.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/1039/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/59 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí radaitheoirí alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 12, 15.1.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/59/oj).
(4) IO C 138, 21.4.2023, lch. 4.
(5) Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí radaitheoirí alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C, C/2024/680, 12.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/680/oj).
(6) https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2711.
(7) https://www.spglobal.com/marketintelligence/en/mi/products/maritime-global-trade-atlas.html.
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 18, 19.1.2023, lch. 66, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/112/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/402 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scragall alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 10.3.2022, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/402/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2021/546 ón gCoimisiún an 29 Márta 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí d’easbhrúnna alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 109, 30.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/546/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 124, 12.4.2021, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/582/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí scragaill tiontaire alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 216, 18.6.2021, lch. 142, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/983/oj).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/402 ón gCoimisiún, aithrisí (50-52); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582, aithrisí 125-131, agus 185-188; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983, aithrisí 80-86, agus 140-143.
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112, aithris (45); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/402, aithris (39); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1428 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí easbhrúnna alúmanaim ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 336, 13.10.2020, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1428/oj), aithrisí (98-104); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582 ón gCoimisiún, aithrisí (132-137); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983 ón gCoimisiún, aithrisí (87-92).
(11) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112, aithris (46); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/402, aithrisí (40-42); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582 ón gCoimisiún, aithrisí (138-143); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983 ón gCoimisiún, aithrisí (93-98). An ceart atá ag údaráis ábhartha na Síne chun príomhphearsanra bainistíochta i bhfiontair faoi úinéireacht stáit a cheapadh nó a chur as a bpost, ceart dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, cé gur féidir an ceart sin a mheas mar cheart a léiríonn na cearta úinéireachta comhfhreagracha, ó tharla gurb ann do chealla de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair stáit agus i bhfiontair phríobháideacha araon, is modh tábhachtach eile é sin trínar féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachtaí na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (agus triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad inti mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. Ní léir gur leanadh an ceanglas sin i gcónaí roimhe seo nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na maímh atá aige go bhfuil smacht aige ar chinntí gnó i bhfiontair faoi úinéireacht an Stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar na cuideachtaí sin ligean d’eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh de na cuideachtaí lena mbaineann siad. Cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear táirgeoirí rotha alúmanaim agus soláthróirí a gcuid ionchur.
(12) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112, aithrisí (51-63); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/402, aithrisí (43-45); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582, aithrisí (144-166); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983, aithrisí (99-120).
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112, aithris (64); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/402, aithris (46); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582, aithrisí (167-171); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983, aithrisí (121-125).
(14) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112, aithris (65); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/402, aithris (47); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582, aithrisí (172-173); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983, aithrisí (126-127).
(15) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112, aithris (66); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/402, aithris (48); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582, aithrisí (174-184); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983, aithrisí (128-139).
(16) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD (2017) 483 final/2, 20. Nollaig 2017, le fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2017)483&lang=en.
(17) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, 2024, SWD (2024) 91 final, an 10 Aibreán 2024, atá le fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2024)91&lang=en.
(18) Féach an Tuarascáil – Roinn 15. Mar shampla, luaitear an méid seo a leanas i mír 15.2: ‘léirítear go soiléir leis an iliomad pleananna, treoracha agus doiciméad eile a bhaineann le halúmanam, arna n-eisiúint ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardasach, an leibhéal ard idirghabhála a rinne rialtas na Síne san earnáil alúmanaim. Trí na hionstraimí seo agus ionstraimí eile, stiúrann an rialtas agus rialaíonn sé beagnach gach gné d‘fhorbairt agus d’fheidhmiú na hearnála’.
(19) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582, aithris 188; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983, aithris 143.
(20) Tuarascáil Nuashonraithe – Caibidil 5, lgh. 120-131.
(21) Airteagal 33 de Bhunreacht Pháirtí Cumannach na Síne, Airteagal 19 de Dhlí Cuideachtaí na Síne. Féach freisin an Tuarascáil atá cothrom le dáta – Caibidil 3, lgh. 47-50.
(22) Féach freisin an Tuarascáil nuashonraithe – lch. 422 agus lch. 441.
(23) Féach ag: http://www.unbeatable.cn/ (arna rochtain an 5 Iúil 2024).
(24) Féach ag: http://www.zjsanghe.com/company (arna rochtain an 5 Iúil 2024).
(25) Féach ag: http://cn.china-botai.com/product-507627-1.html (arna rochtain an 5 Iúil 2024).
(26) Féach ag: http://cn.chinaflyhigh.com/company (arna rochtain an 5 Iúil 2024).
(27) Féach ag: https://www.chinalco.com.cn/xwzx/ (arna rochtain an 5 Iúil 2024).
(28) Féach ag: https://www.chinalco.com.cn/xwzx/ (arna rochtain an 5 Iúil 2024).
(29) Féach ag: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/yclgy/art/2020/art_824a381780ea4607821b89b4b848976e.html (arna rochtain an 5 Iúil 2024).
(30) Ibidem, Pointe 1.1.
(31) Féach ag: https://h5.drcnet.com.cn/docview.aspx?version=integrated&docid=6289467&leafid=3046&chnid=1024 (arna rochtain an 5 Iúil 2024).
(32) Ibidem, Roinn II.3.
(33) Féach ag: https://gxrd.gov.cn/html/art175354.html (arna rochtain an 5 Iúil 2024).
(34) Ibidem, pointe XV.
(35) Féach ag: https://www.cnfa.net.cn/index.aspx (arna rochtain an 5 Iúil 2024).
(36) Féách ag: https://www.cnfa.net.cn/about/1546.aspx (arna rochtain an 5 Iúil 2024).
(37) Ibidem.
(38) Ibidem, Airteagal 21.
(39) Féach ag: https://www.chinalco.com.cn/dqjs/dqjs_djdt/202404/t20240422_126423.html (arna rochtain an 5 Iúil 2024).
(40) Féach ag: https://dj.nantong.gov.cn/ntdjw/tzggt/content/67ee1ab2-abb2-4bc3-a57e-52281c699398.html (arna rochtain an 5 Iúil 2024).
(41) Féach ag: https://www.qddj.gov.cn/Dj/ShowInfo/ItemInfo/3996/gbjy (arna rochtain an 12 Iúil 2024).
(42) Tuarascáil Nuashonraithe – Cuid III, caibidil 15, lch. 427.
(43) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112 ón gCoimisiún, aithrisí (51-63); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582 ón gCoimisiún, aithrisí (147-155); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983 ón gCoimisiún, aithrisí (102-109).
(44) Tuarascáil Nuashonraithe – Cuid III, caibidil 15, mír 15.3, lch. 427.
(45) Féach ag: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/tz/art/2021/art_2960538d19e34c66a5eb8d01b74cbb20.html (arna rochtain an 5 Iúil 2024).
(46) Féach Roinn VIII.2 de Phlean Shandong.
(47) Le fáil ag: http://www.yn.gov.cn/ztgg/lqhm/lqzc/djzc/202202/t20220223_236886.html (arna rochtain an 5 Iúil 2024).
(48) Féach Roinn IV.3(3) de Phlean Yunnan.
(49) Féach Pointe VII de Chinneadh Guangxi.
(50) Féach ‘Yongkang State-owned Capital Investment Holding Group Co., Ltd. maidir le Tairiscint Phoiblí Bannaí Corparáideacha 2022 (an Chéad Chéim) a thabhairt do Réamheolaire Infheisteoirí Gairmiúla’, lch. 145, ar fáil ag http://www.sse.com.cn/disclosure/bond/announcement/company/c/new/2022-11-08/138560_20221108_L2VN.pdf (arna rochtain an 5 Iúil 2024).
(51) Féach Pointe XVIII de Chinneadh Guangxi.
(52) Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.
(53) Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar táirgeadh táirge in aicme agus/nó in earnáil ghinearálta chéanna an táirge faoi athbhreithniú a bhreithniú.
(54) https://login.bvdinfo.com/R0/Orbis.
(55) https://connect.ihsmarkit.com/.
(56) TÜİK - Veri Portalı (tuik.gov.tr).
(57) ÚRMF | Údarás Rialála Margaidh Fuinnimh (epdk.gov.tr).
(58) TÜİK - Veri Portalı (tuik.gov.tr).
(59) ÚRMF | Údarás Rialála Margaidh Fuinnimh (epdk.gov.tr).
(60) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj). Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.
(61) TÜİK - Veri Portalı (tuik.gov.tr) agus TÜİK - Veri Portalı (tuik.gov.tr).
(62) An meán le haghaidh monarú táirgí déanta as miotail, seachas innealra agus trealamh.
(63) Coibhéis lánaimseartha.
(64) ÚRMF | Údarás Rialála Margaidh Fuinnimh (epdk.gov.tr).
(65) https://login.bvdinfo.com/R1/Orbis.
(66) Is í eilimint an t-aonad teasa is lú is féidir a mhonarú agus is éard atá inti ná cabhail mhiotail le seomra chun sreabhán a scaipeadh. Is féidir eilimintí a chur le chéile chun radaitheoir den mhéid is gá a thógáil.
(67) Foinse: iarraidh ar athbhreithniú.
(68) Foinse: iarraidh ar athbhreithniú Roinn 5.4.
(69) Foinse: iarraidh ar athbhreithniú Roinn 5.4.
(70) Foinse: Anailís Taighde Maia. Sholáthair an t-iarratasóir asbhaint sonraí i roinn 5.4 den leagan oscailte den iarraidh ar athbhreithniú.
(71) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/59, Ranna 3.2.1 agus 4.6.
(72) Tá bearta i bhfeidhm ag an Airgintín agus ag an Ríocht Aontaithe i gcoinne radaitheoirí alúmanaim ón tSín. Díríonn SAM, Meicsiceo agus Ceanada ar tháirgí easbhrúite alúmanaim ón tSín (bíonn na cóid sainithe táirge ar a bhfuiltear ag brath chomh leathan sin go minic go n-áirítear radaitheoirí a tháirgtear trí easbhrú freisin).
(73) An Eagraíocht Dhomhanda Trádála - Tairseach Chomhtháite um Fhaisnéis Trádála - Leathanach baile (wto.org).
(74) Tá bearta i bhfeidhm ag an Airgintín agus ag an Ríocht Aontaithe i gcoinne radaitheoirí alúmanaim ón tSín. Díríonn SAM, Meicsiceo agus Ceanada ar tháirgí easbhrúite alúmanaim ón tSín (bíonn na cóid sainithe táirge ar a bhfuiltear ag brath chomh leathan sin go minic go n-áirítear radaitheoirí a tháirgtear trí easbhrú freisin).
(75) Roinn 5.4 den iarraidh oscailte ar athbhreithniú.
(76) https://taxation-customs.ec.europa.eu/online-services/online-services-and-databases-customs/surveillance-system_ga.
(77) Gazzetta Ufficiale, Decreto Legge 19 maggio 2020, nr. 34, airteagal 119.
(78) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/59.
(79) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Ainm na Cuideachta |
Cód breise TARIC |
|
Jinyun Shengda Industry Co., Ltd |
B274 |
|
Ningbo Ephraim Radiator Equipment Co., Ltd |
B275 |
|
Ningbo Everfamily Radiator Co., Ltd |
B276 |
|
Ningbo Ningshing Kinhil Industrial Co., Ltd |
B277 |
|
Ningbo Ninhshing Kinhil International Co., Ltd |
B278 |
|
Yongkang Jinbiao Machine Electric Co., Ltd |
B281 |
|
Yongkang Sanghe Radiator Co., Ltd |
B282 |
|
Zhejiang Aishuibao Piping Systems Co., Ltd |
B283 |
|
Zhejiang Botai Tools Co., Ltd |
B284 |
|
Zhejiang East Industry Co., Ltd |
B285 |
|
Zhejiang Guangying Machinery Co., Ltd |
B286 |
|
Zhejiang Kangfa Industry & Trading Co., Ltd |
B287 |
|
Zhejiang Liwang Industrial and Trading Co., Ltd |
B288 |
|
Zhejiang Ningshuai Industry Co., Ltd |
B289 |
|
Zhejiang Rongrong Industrial Co., Ltd |
B290 |
|
Zhejiang Yuanda Machinery & Electrical Manufacturing Co., Ltd |
B291 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2661/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)