|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2638 |
11.10.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2638 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Deireadh Fómhair 2024
maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/2281 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le táirgí téite aeir, táirgí fuaraithe, fuaraitheoirí próisis ardteochta agus aonaid ghaothráin agus chorna
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), maidir le haonaid ghaothráin agus chorna atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, ar foilsíodh a n-uimhir thagartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glacfar leis go gcomhlíonann siad ceanglais ábhartha an bhirt cur chun feidhme is infheidhme lena mbaineann na caighdeáin sin. Tagraítear do na caighdeáin sin in Airteagal 9(2) de Threoir 2009/125/CE agus leagtar amach iad in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir, agus cumhdaítear iad leis na caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh. |
|
(2) |
Trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2019) 1725 final (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú chun tacú le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2281 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2019) 1725 final, d’fhoilsigh CEN caighdeáin oiriúnaithe (5), go háirithe an caighdeán EN 1397:2021 maidir le haonaid ghaothráin agus chorna. |
|
(4) |
An caighdeán EN 1397:2021 a dhréachtaigh CEN, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an gcomhlíonann sé iarraidh M/560 an 11.3.2019. |
|
(5) |
Comhlíonann an caighdeán na ceanglais is aidhm dó a chumhdach agus a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/2281. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí don chaighdeán a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(6) |
Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na riachtanais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha, lena n-áirítear na cuspóirí sábháilteachta, a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na tagairtí do chaighdeán chomhchuibhithe le haghaidh aonaid ghaothráin agus chorna arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2016/2281, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, foilsítear iad leis seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.
(2) Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/125/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún C(2019) 1725 final an 11.3.2019 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú chuig na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí téite aeir, táirgí fuaraithe, fuaraitheoirí próisis ardteochta agus cornaí gaothráin chun tacú le Rialachán (AE) 2016/2281 ón gCoimisiún.
(4) Rialachán (AE) 2016/2281 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2016 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú, i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le táirgí téite aeir, táirgí fuaraithe, fuaraitheoirí próisis ardteochta agus aonaid ghaothráin agus chorna (IO L 346, 20.12.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2281/oj).
(5) Maidir le haonaid ghaothráin agus chorna, d’iarr an Coimisiún ar CEN na caighdeáin EN 1397:2015, EN 13053 agus EN 16583:2015 nó aon chaighdeán ábhartha eile a oiriúnú. Tá sé ríthábhachtach caighdeán a ghlacadh lena n-áirítear ídiú cumhachta sa mhód ‘as’, sa mhód ‘teirmeastat as’, agus sa mhód fuireachais, mar aon le nósanna imeachta tástála chun feidhmíocht a bhunú, chun éifeachtúlacht fuinnimh agus inbhuanaitheacht comhshaoil a áirithiú.
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
Uimhir thagartha an chaighdeáin |
|
1. |
EN 1397:2021 Teasmhalartóirí - Aonaid ghaothráin agus chorna hidreanacha seomra - Nósanna imeachta tástála chun an fheidhmíocht a bhunú |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2638/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)