European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2636

9.10.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2636 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Deireadh Fómhair 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1194 a mhéid a bhaineann le freagrachtaí oibreoirí gairmiúla agus leis an teimpléad chun torthaí suirbhé ar Clavibacter sepedonicus (Spieckermann & Kotthoff 1914) Nouioui et al. 2018 a thuairisciú

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 28(1), pointí (a) go (h), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1194 ón gCoimisiún (2), bunaítear bearta chun Clavibacter sepedonicus (Spieckermann & Kotthoff 1914) Nouioui et al. 2018 a dhíothú agus chun a leathadh a chosc i gcríoch an Aontais.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 6(1), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1194, níl plandaí sonraithe a ainmnítear mar phlandaí ionfhabhtaithe leis an lotnaid shonraithe le plandú. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go scriosfar na plandaí sonraithe ionfhabhtaithe nó go ndíorthófar iad ar bhealach eile, ar choinníoll nach ann d’aon riosca inaitheanta go leathfaidh an lotnaid shonraithe.

(3)

Ós rud é nach féidir leis na húdaráis inniúla rochtain éasca a fháil ar na suíomhanna uile faoi seach, is féidir le hoibreoirí gairmiúla, faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil, na bearta sin a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí ná na húdaráis inniúla féin.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 3(3) den Rialachán sin, déanfaidh na Ballstáit suirbhéanna bliantúla rioscabhunaithe maidir leis an lotnaid sin a bheith ann agus tuairisceoidh siad torthaí na suirbhéanna sin don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ar bhonn bliantúil. Agus na torthaí sin á dtuairisciú acu, úsáidfidh na Ballstáit teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

(5)

Is léir anois ó chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1194 gur cheart an teimpléad sin a leasú chun feabhas a chur ar a úsáid phraiticiúil agus ar a éifeachtúlacht.

(6)

Go háirithe, ní sholáthraítear faisnéis shuntasach chun críoch an tsuirbhé le sonraí a thuairiscítear maidir leis an tsampláil ar thiúbair seachas tiúbair le haghaidh plandú agus prátaí margaidh agus prátaí próiseála.

(7)

Ina theannta sin, is gá a shoiléiriú an dtagann torthaí tástála saotharlainne ó shampláil ar thiúbair atá á stóráil nó ó shampláil ar thiúbair le linn cigireachtaí amhairc ar bharra atá ag fás.

(8)

Ní féidir an líon cigireachtaí amhairc dearfacha a thaifeadadh go dtí go bhfaightear na torthaí ó thástáil saotharlainne. Dá bhrí sin, ba cheart an colún ábhartha a aistriú go dtí na ranna maidir le tástálacha saotharlainne.

(9)

Tógtar samplaí siomptómacha agus samplaí aisiomptómacha le linn cigireachtaí amhairc. Braitear ionfhabhtuithe folaigh ar shamplaí aisiomptómacha. Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann le hionfhabhtú folaigh chun leathadh féideartha an ghalair a thuiscint agus chun na bearta atá le déanamh chun leathadh den sórt sin a sheachaint, ba cheart idirdhealú a dhéanamh sa teimpléad idir torthaí ó shamplaí siomptómacha agus ó shamplaí aisiomptómacha.

(10)

Is léir ón taithí a fuarthas nach soláthraítear faisnéis shuntasach chun críoch an tsuirbhé le sonraí a thuairiscítear maidir leis an tréimhse samplála ar thiúbair le haghaidh tástáil saotharlainne.

(11)

Soláthraítear ceanglais maidir le méid an tsampla i bpointe 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1194. Dá bhrí sin, níl gá a thuilleadh leis an gceanglas sonraí maidir le méid na mbaisceanna i dtona a chur in iúl sna teimpléid, ní chruthaíonn sé ach ualach breise riaracháin.

(12)

Thairis sin, is gá a shoiléiriú sa chéad abairt d’Iarscríbhinn II go gcuirtear i láthair leis an teimpléad torthaí an tsuirbhé ó fhómhar prátaí na bliana roimh bhliain an tuairiscithe, chun nach mbeidh mearbhall ar na húdaráis inniúla maidir leis an mbliain lena mbaineann agus chun aighneachtaí comhsheasmhacha na dtorthaí faoi seach ó na húdaráis inniúla éagsúla a éascú.

(13)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1194 a leasú dá réir sin.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1194

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1194 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Ní dhéanfar plandaí sonraithe a ainmnítear mar phlandaí ionfhabhtaithe ag an lotnaid shonraithe de bhun Airteagal 5(5), pointe (a) a phlandú. Áiritheoidh oibreoirí gairmiúla, faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúla, go scriosfar na plandaí sonraithe ionfhabhtaithe nó go ndíorthófar iad ar bhealach eile, i gcomhréir le pointe 1 d’Iarscríbhinn V, ar choinníoll go suitear nach ann d’aon riosca inaitheanta go leathfaidh an lotnaid shonraithe’;

(2)

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1194 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2022 lena mbunaítear bearta chun Clavibacter sepedonicus (Spieckermann & Kotthoff 1914) Nouioui et al. 2018 a dhíothú agus chun leathadh Clavibacter sepedonicus a chosc (IO L 185, 12.7.2022, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1194/oj).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN II

Teimpléad suirbhé dá dtagraítear in Airteagal 3(3)

Teimpléad chun torthaí na suirbhéanna ar lobhadh fáinneach prátaí a rinneadh le linn na bliana féilire roimh bhliain an tuairiscithe a chur i láthair.

An Ballstát

Catagóir

Limistéar faoi bharr (ha)

Cigireachtaí amhairc ar na barra atá ag fás

Cigireachtaí amhairc ar bhaisceanna tiúbair i stóras (1)

Limistéar ar a ndearnadh cigireacht amhairc (ha)

An líon cigireachtaí amhairc (3)

An líon cigireachtaí amhairc inar tugadh siomptóim faoi deara (4)

An líon samplaí siomptómacha a tógadh (5)

An líon samplaí aisiomptómacha a tógadh (5)

An líon cigireachtaí amhairc (3)

An líon cigireachtaí amhairc inar tugadh siomptóim faoi deara (6)

An líon samplaí siomptómacha a tógadh (5)

An líon samplaí aisiomptómacha a tógadh (5)

 

Tiúbair prátaí le haghaidh plandú (2)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tiúbair prátaí le haghaidh plandú ar a láthair táirgthe

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tiúbair prátaí cé is moite de na tiúbair prátaí le haghaidh plandú

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

An Ballstát

Catagóir

Tástálacha saotharlainne a bhaineann le cigireachtaí amhairc ar bharra atá ag fás

Tástálacha saotharlainne a bhaineann le scrúduithe ar bhaisceanna tiúbair

Uimhir/uimhreacha fógra na ráigeanna ar tugadh fógra ina leith, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715

Faisnéis bhreise

An líon samplaí siomptómacha a fuair toradh dearfach

An líon samplaí aisiomptómacha a fuair toradh dearfach

An líon cigireachtaí amhairc dearfacha (7)

An líon samplaí siomptómacha a fuair toradh dearfach

An líon samplaí aisiomptómacha a fuair toradh dearfach

An líon baisceanna dearfacha

 

Tiúbair prátaí le haghaidh plandú (b)

 

 

 

 

 

 

 

 

Tiúbair prátaí le haghaidh plandú ar a láthair táirgthe

 

 

 

 

 

 

 

 

Tiúbair prátaí cé is moite de na tiúbair prátaí le haghaidh plandú

 

 

 

 

 

 

 

 


(1)  Le líonadh le haghaidh thorthaí na suirbhéanna a rinneadh ar phlandaí sonraithe a fásadh agus a buaineadh i do thír féin, agus le haghaidh na dtorthaí sin amháin.

(2)  Seachas tiúbair prátaí le haghaidh plandú ar a láthair táirgthe.

(3)  Lena n-áirítear an líon cigireachtaí amhairc iolracha a rinneadh ar an mbarr céanna nó ar an mbaisc chéanna, de réir mar is infheidhme.

(4)  Fuarthas siomptóim ar thiúbair nó ar phlandaí gearrtha, agus tógadh samplaí le haghaidh tástáil saotharlainne.

(5)  Tugtar tuairisc ar ullmhúchán samplaí in Iarscríbhinn I.4.

(6)  Fuarthas siomptóim ar thiúbair ghearrtha agus tógadh samplaí le haghaidh tástáil saotharlainne.

(7)  An líon iomlán cigireachtaí amhairc a bhfuarthas torthaí dearfacha ina leith le haghaidh C. sepedonicus sna samplaí a tástáladh lena linn.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2636/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)