|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2628 |
10.10.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2628 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Deireadh Fómhair 2024
lena n-athnuaitear an t-údarú maidir le táirgí ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × NK603 a chur ar an margadh, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 6915)
(Is iad na téacsanna Ollainnise agus Fraincise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagail 11(3) agus 23(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/648/AE ón gCoimisiún (2) údaraíodh bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × NK603. Cumhdaíodh le raon feidhme an údaraithe sin freisin táirgí seachas bia agus beatha a chur ar an margadh ach ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × NK603, le haghaidh na n-úsáidí céanna atá ag arbhar Indiach d’aon chineál eile, cé is moite de shaothrú. |
|
(2) |
An 21 Deireadh Fómhair 2022 chuir Corteva Agriscience Belgium B.V., atá lonnaithe sa Bheilg, iarratas faoi bhráid an Choimisiúin thar ceann Corteva Agriscience LLC, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, agus Bayer Agriculture B.V., atá lonnaithe sa Bheilg, thar ceann Bayer CropScience LP lonnaithe sna Stáit Aontaithe chun an t-údarú sin a athnuachan. |
|
(3) |
An 26 Aibreán 2024 d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch fhabhrach maidir leis an arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × NK603 (3). Thángthas ar an gconclúid sa tuairim nach raibh fianaise san iarratas ar athnuachan maidir le haon ghuais nua, nochtadh modhnaithe nó éiginnteacht eolaíoch nua a d’athródh conclúidí an mheasúnaithe riosca bunaidh ar arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × NK603, measúnú a ghlac an tÚdarás in 2010 (4). |
|
(4) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, rinne an tÚdarás breithniú ar gach ceist agus ábhar imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta, dá bhforáiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(5) |
An plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil a chuir na hiarratasóirí isteach, arb é atá ann plean faireachais ginearálta, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhfuil an plean sin i gcomhréir le húsáidí beartaithe na dtáirgí. |
|
(6) |
Agus na conclúidí sin á gcur san áireamh, ba cheart athnuachan a dhéanamh ar an údarú maidir le bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × NK603, agus ar an údarú maidir le táirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu MON 89034 × 1507 × NK603 a chur ar an margadh, le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú. |
|
(7) |
I gcomhthéacs an údaraithe tosaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/648/AE, tá aitheantóir uathúil sannta d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × NK603, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún (5). Ba cheart leanúint den aitheantóir uathúil sin a úsáid. |
|
(8) |
I gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, is cosúil nach gá aon cheanglas sonrach lipéadaithe, seachas na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Mar sin féin, chun a áirithiú maidir le táirgí ina bhfuil, nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × NK603 go bhfanfaidh úsáid na dtáirgí sin laistigh de theorainneacha an údaraithe a dheonaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart a léiriú go soiléir ar lipéadú na dtáirgí sin, cé is moite de bhia agus comhábhair bhia, nach bhfuil siad ceaptha lena saothrú. |
|
(9) |
Ba cheart do shealbhóirí an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún (7). |
|
(10) |
Ní thugann an tuairim ón Údarás údar le coinníollacha sonracha nó srianta sonracha a fhorchur maidir le cur ar an margadh, le húsáid agus láimhseáil, lena n-áirítear ceanglais faireacháin iarmhargaidh i ndáil le bia agus le beatha a chaitheamh ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × NK603, ná maidir le héiceachórais/comhshaoil agus/nó limistéir gheografacha ar leith a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 6(5), pointe (e) agus Airteagal 18(5), pointe (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(11) |
Ba cheart gach faisnéis ábhartha maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, a chur isteach i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(12) |
Tá fógra le tabhairt faoin gCinneadh seo trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do na Páirtithe i bPrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht don Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
|
(13) |
Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh an gníomh cur chun feidhme seo a bheith riachtanach agus chuir an Cathaoirleach faoi bhráid an Choiste Achomhairc é le go ndéanfar tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil
I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004, sanntar an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × MON-ØØ6Ø3-6 d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe (Zea mays L.) MON 89034 × 1507 × NK603, mar a shonraítear san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Athnuachan an údaraithe
An t-údarú maidir leis na táirgí seo a leanas a chur ar an margadh, déantar é a athnuachan a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil, arb é atá iontu nó a thairgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × MON-ØØ6Ø3-6; |
|
(b) |
beatha ina bhfuil, arb é atá inti nó a thairgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × MON-ØØ6Ø3-6; |
|
(c) |
táirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × MON-ØØ6Ø3-6, le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú. |
Airteagal 3
Lipéadú
1. Chun críocha na gceanglas maidir le lipéadú a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘arbhar Indiach’ a bheidh mar ainm an orgánaigh.
2. Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a).
Airteagal 4
Modh braite
Beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × MON-ØØ6Ø3-6 a bhrath.
Airteagal 5
Faireachán ar éifeachtaí comhshaoil
1. Áiritheoidh sealbhóirí an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.
2. Cuirfidh sealbhóirí an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.
Airteagal 6
An clár Comhphobail
An fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, cuirfear isteach í i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
Airteagal 7
Sealbhóirí an údaraithe
Is iad na gnóthais seo a leanas sealbhóirí an údaraithe:
|
(a) |
Corteva Agriscience LLC, na Stáit Aontaithe, arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience B.V., an Bheilg; |
|
(b) |
Bayer CropScience LP, na Stáit Aontaithe, arna ionadú san Aontas ag Bayer Agriculture B.V., an Bheilg. |
Airteagal 8
Bailíocht
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a dtabharfar fógra ina leith.
Airteagal 9
Seolaithe
Is chuig na gnóthais seo a leanas a dhírítear an Cinneadh seo:
|
(a) |
Corteva Agriscience LLC, 9330 Zionsville Road, Indianapolis, IN 46268-1054, na Stáit Aontaithe, arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium B.V., Rue Montoyer 25, 1000 an Bhruiséil, an Bheilg; agus |
|
(b) |
Bayer CropScience LP, 800 N. Lindbergh Boulevard, St. Louis, MO 63167, na Stáit Aontaithe, arna ionadú san Aontas ag Bayer Agriculture B.V., Scheldelaan 460, 2040 Antuairp, an Bheilg. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1829/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/648/AE ón gCoimisiún an 6 Samhain 2013 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil, arb é atá iontu nó a thairgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON89034 × 1507 × NK603 (MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × MON-ØØ6Ø3-6) a chur ar an margadh, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 302 13.11.2013, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2013/648/oj).
(3) Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2024. Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú ar arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × NK603 i ndáil lena húdarú a athnuachan faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (iarratas GMFF-2022-3670). EFSA Journal [Iris EFSA] 2024; 22(4):8716. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8716.
(4) Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2010. Tuairim Eolaíoch maidir le hiarratas (EFSA-GMO-NL-2009-65) chun arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × NK603 atá frithsheasmhach in aghaidh feithidí agus atá luibhicídfhulangach agus fo-chumaisc uile na dteagmhas aonar mar atá ina sliocht deighilte a chur ar an margadh, lena n-úsáid i mbia agus beatha, lena n-allmhairiú agus lena bpróiseáil faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Dow AgroSciences agus Monsanto. EFSA Journal [Iris EFSA] 2010; 8(9):1782. doi:10.2903/j.efsa.2010.1782.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/65/oj).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear as orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1830/oj).
(7) Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí caighdeánacha tuairiscithe chun na torthaí faireacháin ar scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol, i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí, chun iad a chur ar an margadh, a chur i láthair, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2009/770/oj).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1946/oj).
IARSCRÍBHINN
|
(a) |
Na hiarratasóirí agus na sealbhóirí údaraithe:
|
|
(b) |
Ainmniú agus sonrú na dtáirgí:
Léiríonn arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-89Ø34-3 na géinte cry1A.105 agus cry2Ab2, lena dtugtar cosaint ar lotnaidí léipidipteireacha áirithe. Léiríonn arbhar Indiach géinmhodhnaithe DAS-Ø15Ø7-1 an ghéin cry1F, lena dtugtar cosaint ar lotnaidí léipidipteireacha áirithe, agus an ghéin pat, lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí ina bhfuil amóiniam glúfosanáite. Léiríonn arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-ØØ6Ø3-6 na géinte CP4 epsps agus CP4 epsps L214P , lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí bunaithe ar ghliofosáit. |
|
(c) |
Lipéadú:
|
|
(d) |
Modh braite:
|
|
(e) |
Aitheantóir uathúil: MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × MON-ØØ6Ø3-6 |
|
(f) |
Faisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch: [Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a fhógraítear é]. |
|
(g) |
Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil: Ní gá. |
|
(h) |
Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil: Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). [Nasc: plean arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe] |
|
(i) |
Ceanglais faireacháin iarmhargaidh maidir le húsáid an bhia lena chaitheamh ag an duine: Ní gá. |
|
Tabhair faoi deara: |
d’fhéadfadh sé gur ghá na naisc chuig na doiciméid ábhartha a athrú thar thréimhse ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal trí chlár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta. |
(*1) Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/18/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2628/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)