European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2620

4.10.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/2620 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Iúil 2024

lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais chun a mheas go bhfuil ceangal buan ceimiceach ag gáis cheaptha teasa i dtáirge

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 12(3b), an dara fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), rinneadh Treoir 2003/87/CE a leasú chun í a ailíniú le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lena socraítear sprioc mar atá laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí faoi 2030 i gcomparáid le 1990.

(2)

Ba cheart na critéir agus na ceanglais a bhunú, ar critéir agus ceanglais iad is gá chun go measfar go bhfuil gáis ceaptha teasa ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge.

(3)

Níl feidhm ag na próisis gabhála agus úsáide reatha le haghaidh buanstórála ach amháin maidir le hastaíochtaí CO2, toisc nach bhfuil gá le buanstóráil i gcás gás ceaptha teasa eile, amhail CH4 nó N2O, chun astaíochtaí den sórt sin a mhaolú. Ós rud é go bhféadfadh claochlú ceimiceach ar an móilín CO2 a bheith mar thoradh ar na himoibrithe ceimiceacha le linn an phróisis úsáide, ba cheart adaimh charbóin atá ceangailte go ceimiceach a chur san áireamh freisin.

(4)

Maidir le hastaíochtaí CO2 atá ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge, is gá go mbeidh an tairbhe aeráide a bhaineann leo cosúil leis an tairbhe a bhaineann le stóráil gheolaíoch, agus cineál difriúil na gcur chuige sin á gcur san áireamh ag an am céanna. Dá bhrí sin, ba cheart an CO2 sin a bheith ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ar feadh na gcéadta bliain nó tréimhse níos faide ar a laghad, ar bhonn chineál an naisc cheimicigh atá sa táirge, ar bhonn ghnáthúsáid an táirge agus ar bhonn an chóireáil deireadh ré is dócha a dhéanfar ar an táirge.

(5)

Beidh dóchúlachtaí éagsúla ann go scaoilfear an carbón stóráilte atá leabaithe i dtáirge mar thoradh ar an ngnáthúsáid éagsúil agus socruithe éagsúla deireadh ré le haghaidh táirgí a dhéantar as CO2 arna ghabháil. D’fhéadfadh sé tarlú go scaoilfí CO2 mar thoradh ar dhóchán, mar chuid lárnach d’úsáid táirgí, mar is amhlaidh i gcás breoslaí sintéiseacha, nó ar dhiúscairt, amhail trí loscadh dramhaíola. Chun a áirithiú go bhfanfaidh an carbón a stóráiltear i dtáirge ceangailte go ceimiceach go buan agus nach rachaidh sé isteach san atmaisféar ar feadh na gcéadta bliain ar a laghad, ba cheart an CO2 a cheangal i dtáirgí a bhfuil saolré fhada acu faoi aon ghnáthúsáid agus go ndiúscraítear iad, faoi aon ghnáthghníomhaíocht deireadh ré, ar bhealach seachas loscadh, lena scaoilfí an carbón atá stóráilte san atmaisféar.

(6)

Maidir le hairíonna ceimiceacha carbónáití mianracha, amhail carbónáit chailciam nó carbónáit mhaignéisiam, áirithítear leo naisc cheimiceacha láidre a sholáthraíonn an fhéidearthacht go measfaí an carbón a bheith ceangailte go ceimiceach go buan, mura nochtar na naisc do theochtaí ardaithe nó d’aigéid láidre. Dá bhrí sin, choinneofaí carbón ar feadh tréimhsí an-fhada i gcarraig charbónáite mar thoradh ar charbónú mianraí, agus ní scaoilfí an carbón sin isteach san atmaisféar faoi ghnáthchoinníollacha (4).

(7)

Na dálaí atá i loisceoirí dramhaíola, tá siad leordhóthanach chun tús a chur leis an imoibriú dícharbónaithe. Dá bhrí sin, carbón a ghabhtar agus a úsáidtear i dtáirgí a fhaigheann sciar suntasach den chóireáil deireadh ré trí loscadh, níor cheart a mheas go bhfuil sé ceangailte go ceimiceach go buan.

(8)

Táirgí atá bunaithe ar charbónáití mianracha agus a úsáidtear mar tháirgí foirgníochta, amhail tathagaithe, stroighin, coincréit, brící nó tíleanna, tá saolré fhada acu agus is féidir iad a úsáid ar feadh ndeicheanna de bhlianta nó na céadta bliain. Ag deireadh a ré, tagann táirgí den sórt sin faoi chatagóir na dramhaíola tógála agus scartála, i gcomhréir leis an Liosta Dramhaíola (5). De réir an mheasúnaithe is déanaí ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh (6), is éard atá i gceist le meánchóireáil deireadh ré an Aontais i gcás an chodáin mianraí de dhramhaíl tógála agus scartála athchúrsáil (79 %), aislíonadh (10 %) agus líonadh talún (11 %). Dá bhrí sin, an CO2 arna ghabháil a úsáidtear i monarú carbónáití mianracha agus a úsáidtear i dtáirgí foirgníochta, ba cheart a mheas go bhfuil sé ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge.

(9)

Ba cheart an liosta táirgí a mheastar go gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach in Airteagal 12(3b) de Threoir 2003/87/CE a athbhreithniú agus, más gá, a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá ar bhonn aon fhorbairte teicneolaíochta ábhartha agus ar aon nuálaíocht i réimse na buanstórála carbóin i dtáirgí, feabhsuithe ar chleachtais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe atá in ann buaine stórála a dheimhniú, mar aon leis an taithí ar an Rialachán sin a chur chun feidhme.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos sa Rialachán seo na ceanglais lena measfar go bhfuil CO2 ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

Ciallaíonn ‘gabháil’ aon phróiseas nó nós imeachta teicneolaíochta is gá chun CO2 a ghabháil, agus, más gá, a phróiseáil nó a íonú sula n-úsáidtear é, ar próiseas nó nós imeachta é a eascraíonn as gníomhaíochtaí faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE;

(2)

Ciallaíonn ‘úsáid’ aon phróiseas nó cleachtas teicneolaíochta a úsáideann CO2 arna ghabháil mar bhunábhar chun táirgí a mhonarú;

(3)

Ciallaíonn ‘ceangailte go ceimiceach’ go ndéantar CO2 a chlaochlú go ceimiceach ionas go ndéantar an t-adamh carbóin a shocrú go ceimiceach le naisc láidre ar bhealach a chuireann cosc air tionchar a bheith aige ar an téamh domhanda;

(4)

Ciallaíonn ‘táirge’ earraí nó ábhair, lena n-áirítear idirmheánaigh agus díorthaigh díobh, a úsáideann CO2 atá ceangailte go ceimiceach nó adaimh charbóin a dhíorthaítear ó CO2;

(5)

Ciallaíonn ‘táirge foirgníochta’ aon ítim fhisiceach atá foirmithe nó gan fhoirm a chuirtear ar an margadh chun í a ionchorprú go buan in oibreacha foirgníochta nó i gcodanna d’oibreacha foirgníochta;

(6)

Ciallaíonn ‘gnáthúsáid’ aon bhealach a mheastar go n-úsáidfidh an t-úsáideoir deiridh táirge de ghnáth ar bhonn shaintréithe an táirge;

(7)

Ciallaíonn ‘gnáthghníomhaíocht a dhéanfar tar éis dheireadh shaolré an táirge’ aon chóireáil atá i réim ar tháirge tar éis don úsáideoir deiridh é a dhiúscairt ar bhonn na gcleachtas bainistithe dramhaíola ábhartha agus ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm.

Airteagal 3

Ceanglais maidir le gabháil agus úsáid bhuan i dtáirgí

1.   Measfar go bhfuil CO2 ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge i gcás ina gcomhlíonfar na critéir uile seo a leanas:

(a)

Tá sé ceangailte go ceimiceach i dtáirge trí phróiseas úsáide gníomhach agus rialaithe, lenar féidir an méid coibhéise CO2 atá ceangailte sa táirge le linn an phróisis úsáide a thomhas agus a chinneadh, seachas aon charbón atá san ábhar roimh an bpróiseas úsáide nó aon charbón a ionsúitear go nádúrtha ón atmaisféar nó ó fhoinsí eile tar éis an phróisis úsáide a áireamh, agus;

(b)

Fanann sé ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach dtéann sé isteach san atmaisféar faoi ghnáthúsáid an táirge, lena n-áirítear aon ghnáthghníomhaíocht a dhéanfar tar éis dheireadh shaolré an táirge, ar feadh na gcéadta bliain ar a laghad. I gcás táirgí a bhfuil ilbhealaí gnáthúsáide agus deireadh ré acu, ní mór gach bealach den sórt sin a chur san áireamh chun críocha na míre seo. Táirgí a d’fhéadfadh a bheith nochta do dhóchán ardteochta le linn gnáthúsáide, lena n-áirítear aon ghnáthghníomhaíocht a dhéantar tar éis dheireadh shaolré an táirge, amhail le linn loscadh dramhaíola, ní mheasfar iad mar tháirgí a cheanglaíonn CO2 go ceimiceach go buan.

2.   Na táirgí a mheastar go gcomhlíonann siad ceanglais mhír 1, liostaítear iad san Iarscríbhinn.

Airteagal 4

An próiseas athbhreithnithe

1.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn ar bhonn forbairtí ábhartha teicneolaíochta agus ar an nuálaíocht i réimse na buanstórála carbóin i dtáirgí, feabhsuithe ar chleachtais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe, mar aon leis an taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur chun feidhme agus tabharfaidh sé an Iarscríbhinn cothrom le dáta, más gá.

2.   Chun críocha mhír 1, cuirfidh an Coimisiún san áireamh iarrataí a chuireann na húdaráis inniúla isteach chun an liosta táirgí san Iarscríbhinn a thabhairt cothrom le dáta, i gcás ina bhfuil fianaise ar chomhlíonadh na gceanglas in Airteagal 3(1) ag tacú go cuí leis sin.

3.   Torthaí agus doiciméadacht ábhartha ó aon athbhreithniú ar na táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn, cuirfear ar fáil iad go poiblí.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(2)  Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(4)  IPCC, 2005. Tuarascáil Speisialta maidir le Gabháil agus Stóráil Dé-ocsaíde Carbóin. [Metz, B, Davidson, O., de Coninck, H. C., Loos, M., agus Meyer, L. A. (eds.)]. Ullmhaithe ag Meitheal III den Phainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, Cambridge agus Nua-Eabhrac: Cambridge University Press.

(5)  Cinneadh 2014/955/AE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2014 lena leasaítear Cinneadh 2000/532/CE a mhéid a bhaineann leis an liosta dramhaíola de bhun Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 370, 30.12.2014, lch. 44).

(6)  Cristobal Garcia, J., Caro, D., Foster, G., Pristera, G., Gallo, F. agus Tonini, D., Techno-economic and environmental assessment of construction and demolition waste management in the European Union [Measúnú teicnea-eacnamaíoch agus comhshaoil ar bhainistiú dramhaíola tógála agus scartála san Aontas Eorpach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2024, doi:10.2760/721895, JRC135470.


IARSCRÍBHINN

TÁIRGÍ A MHEASTAR GO GCEANGLAÍONN SIAD CO2 GO CEIMICEACH GO BUAN

Carbónáití mianracha a úsáidtear sna táirgí foirgníochta seo a leanas:

(a)

tathagaithe carbónáitithe a úsáidtear ar bhonn neamhcheangailte nó ceangailte i dtáirgí foirgníochta de bhunús mianrach;

(b)

comhábhair charbónáitithe stroighne, aoil nó ceanglóirí hiodrálacha eile a úsáidtear i dtáirgí foirgníochta;

(c)

coincréit charbónáitithe, lena n-áirítear bloic réamhtheilgthe, clocha pábhála, nó coincréit aeraithe;

(d)

brící, tíleanna, nó aonaid saoirseachta charbónáitithe eile.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2620/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)