|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2612 |
8.10.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/2612 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Deireadh Fómhair 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhair le haghaidh ciotósáin, clóipirilide, défheanaconasóil, iarmhair ó dhriogadh saille, floiniocaimíde, próitéiní hidrealaithe agus seinicíó-áit lavandailile i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 5 agus Airteagal 14(1), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcás na substainte gníomhaí floiniocaimíd, socraíodh uasleibhéil iarmhar (‘MRLanna’) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. I gcás na substaintí gníomhacha clóipirilid agus défheanaconasól, socraíodh MRLanna i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcás ciotósáin, iarmhair ó dhriogadh saille, próitéiní hidrealaithe agus seinicíó-áit lavandailile, níor socraíodh aon MRL sonrach ina leith, ná níor áiríodh na substaintí sin in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, mar sin tá feidhm ag an luach réamhshocraithe a leagtar síos in Airteagal 18(1), pointe (b) de. |
|
(2) |
A mhéid a bhaineann le clóipirilid, cuireadh iarratas isteach de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 lena n-iarrtar na MRLanna atá ann cheana a mhodhnú i leith meala agus táirgí beachaireachta eile. A mhéid a bhaineann le défheanaconasól, cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh seagail agus cruithneachta. A mhéid a bhaineann le floiniocaimíd, cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh trátaí, leitísí agus plandaí sailéid, spionáistí agus duilleoga comhchosúla, pónairí (gan faighneoga), cardún, soilire, fhinéal Fhlórans agus biabhóg. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne na Ballstáit lena mbaineann meastóireacht ar na hiarratais sin agus cuireadh na tuarascálacha meastóireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Chuir an Coimisiún na hiarratais, na tuarascálacha meastóireachta, agus na sainchomhaid tacaíochta chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (an ‘tÚdarás’). |
|
(4) |
Rinne an tÚdarás measúnú ar na hiarratais agus ar na tuarascálacha meastóireachta, agus rinne sé scrúdú faoi leith ar na rioscaí atá ann do thomhaltóirí agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe, agus thug sé tuairimí réasúnaithe faoi na MRLanna atá beartaithe (2). Chuir sé na tuairimí réasúnaithe uaidh ar aghaidh chuig na hiarratasóirí, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus chuir sé ar fáil don phobal iad. |
|
(5) |
A mhéid a bhaineann leis na MRLanna le haghaidh défheanaconasóil i gcruithneacht agus seagal, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur ghá do na bainisteoirí riosca an cheist a scrúdú a thuilleadh toisc gur measadh an nochtadh ainsealach foriomlán a bheith sealadach go dtí go gcuirfear isteach sonraí deimhniúcháin maidir le meitibileacht/díghrádú féideartha na gceithre steiré-isiméir de dhéfheanaconasól i bplandaí agus in ainmhithe agus maidir leis an tionchar isiméirithe ar thocsaineacht défheanaconasóil. Ós rud é nach bhfuil baint mhór ag cruithneacht agus seagal leis an nochtadh ainsealach foriomlán, agus ós rud é gur dheimhnigh an tÚdarás nach bhfuil coinne le sáruithe fiú má ghlactar leis go bhféadfadh athrú teacht ar chóimheas a isiméirí, is iomchuí an MRL nua le haghaidh défheanaconasóil i gcruithneacht agus seagal a bhunú ar leibhéal 0,1 mg/kg mar a mhol an tÚdarás. |
|
(6) |
A mhéid a bhaineann leis na modhnuithe uile eile ar MRLanna le haghaidh clóipirilide, défheanaconasóil agus floiniocaimíde a d’iarr na hiarratasóirí, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais sonraí uile agus go raibh na modhnuithe sin inghlactha maidir le sábháilteacht tomhaltóirí ar bhonn measúnú ar nochtadh an tomhaltóra i gcás 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha shonracha. Chuir an tÚdarás san áireamh an fhaisnéis is déanaí maidir le hairíonna tocsaineolaíocha na substaintí sin. Le nochtadh ar feadh an tsaoil do na substaintí sin trí chaitheamh na dtáirgí bia uile a bhféadfadh siad a bheith iontu, agus le nochtadh gearrthéarmach trí go leor de na táirgí lena mbaineann a chaitheamh, léirítear nach bhfuil baol ann go sárófaí an iontógáil laethúil inghlactha ná an ghéardháileog thagartha. |
|
(7) |
Ar bhonn na dtuairimí ón Údarás, agus na tosca ábhartha a liostaítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 á gcur san áireamh, thángthas ar an gconclúid go bhfuil na modhnuithe atá beartaithe ar na MRLanna inghlactha. |
|
(8) |
Formheastar ciotósán mar shubstaint bhunata le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/456 ón gCoimisiún (3). Rinneadh iarmhair ó dhriogadh saille agus próitéiní hidrealaithe a athnuachan mar shubstaintí gníomhacha ísealriosca le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1755 (4) agus (AE) 2024/821 (5) ón gCoimisiún, faoi seach. Rinneadh seinicíó-áit lavandailile a athnuachan mar shubstaint ghníomhach ísealriosca le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/646 ón gCoimisiún (6). Ní mheastar go mbeidh láithreacht iarmhar i dtráchtearraí bia nó beatha a d’fhéadfadh a bheith ina riosca don tomhaltóir de thoradh choinníollacha úsáide na substaintí sin agus, dá bhrí sin, níl gá le MRLanna ina leith. Dá bhrí sin, is iomchuí na substaintí sin a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/396/oj.
(2) EFSA 2024. Modhnú a dhéanamh ar an uasleibhéal iarmhar atá ann cheana le haghaidh clóipirilide i mil. EFSA Journal [Iris EFSA], 22(1), e8546. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8546.
EFSA 2023. Modhnú a dhéanamh ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh défheanaconasóil i gcruithneacht agus seagal. EFSA Journal [Iris EFSA], 21(8), e08207. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8207.
EFSA 2023. Modhnú a dhéanamh ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh floiniocaimíde i mbarra éagsúla, EFSA Journal [Iris EFSA], 22(1), e8545. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8545.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/456 ón gCoimisiún an 21 Márta 2022 lena bhformheastar an tsubstaint bhunata ciotósán i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 (IO L 93, 22.3.2022, lch. 138, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/456/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1755 ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2023 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí ísealriosca iarmhair ó dhriogadh saille a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 224, 12.9.2023, lch. 18, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1755/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/821 ón gCoimisiún an 8 Márta 2024 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí ísealriosca próitéiní hidrealaithe a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L, 2024/821, 11.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/821/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/646 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2020 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach Seinicíó-áit lavandailile mar shubstaint ísealriosca i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 151, 14.5.2020, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/646/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh floiniocaimíde: ‘ Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
in Iarscríbhinn III, Cuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh défheanaconasóil: ‘ Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(3) |
in Iarscríbhinn IV, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
(*1) íosteorainn an chinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí ar de bhunadh ainmhíoch agus plandaí iad a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
(*2) íosteorainn an chinnidh anailísigh
(2) Chun liosta iomlán na dtáirgí ar de bhunadh ainmhíoch agus plandaí iad a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2612/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)