European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2611

1.10.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2611 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Meán Fómhair 2024

lena socraítear na praghsanna ionadaíocha, na dleachtanna allmhairiúcháin agus na dleachtanna allmhairiúcháin breise is infheidhme maidir le molás in earnáil an tsiúcra ón 1 Deireadh Fómhair 2024

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 183 agus 193a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 25(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834 ón gCoimisiún (2) foráiltear go measfar gurb é an praghas allmhairiúcháin CAL le haghaidh moláis an ‘praghas ionadaíoch’ dá dtagraítear in Airteagal 182(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(2)

Praghsanna allmhairiúcháin CAL nach mbaineann leis an gcáilíocht chaighdeánach a shainítear in Airteagal 31 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834, ba cheart iad a choigeartú de réir cháilíocht an mholáis a thairgtear, i gcomhréir le hAirteagal 32 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(3)

Na praghsanna ionadaíocha CAL is infheidhme maidir le hallmhairiú moláis a chumhdaítear le cóid AC 1703 10 00 agus 1703 90 00 , ba cheart iad a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834.

(4)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2835 ón gCoimisiún (3), i gcás inar mó an praghas ionadaíoch CAL le haghaidh moláis dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834 móide an dleacht allmhairiúcháin is infheidhme maidir le molás cána a thagann faoi chuimsiú chód AC 1703 10 00 , nó maidir le molás biatais a thagann faoi chuimsiú chód AC 1703 90 00 , i gcás inar mó sin, i dtaca leis an táirge i gceist, ná EUR 8,21/100 kg, beidh na dleachtanna allmhairiúcháin le cur ar fionraí nó le laghdú go dtí an méid a shocróidh an Coimisiún. Beidh an méid sin le socrú an tráth céanna leis na praghsanna ionadaíocha dá dtagraítear san Airteagal sin.

(5)

Na dleachtanna allmhairiúcháin is infheidhme maidir le hallmhairí an mholáis sin, ba cheart iad a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2835.

(6)

I gcás ina mbeidh difríocht idir truicearphraghas an táirge lena mbaineann agus an praghas ionadaíoch CAL, ba cheart dleachtanna allmhairiúcháin breise a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834.

(7)

Ba cheart na praghsanna ionadaíocha CAL a shocrú le haghaidh gach bliana margaíochta i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 183 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus féadfaidh an Coimisiún iad a leasú de bhun Airteagal 25(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834.

(8)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2092 ón gCoimisiún (4), leagtar amach na praghsanna ionadaíocha, na dleachtanna allmhairiúcháin agus na dleachtanna allmhairiúcháin breise is infheidhme maidir le hallmhairiú moláis a chumhdaítear le cóid AC 1703 10 00 agus 1703 90 00 ón 1 Deireadh Fómhair 2023.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2092 a aisghairm.

(10)

Chun rochtain chothrom ar mholás, a allmhairítear chuig margadh an Aontais, a áirithiú, is gá feidhm a bheith ag an mbeart sin a luaithe is féidir tar éis do na sonraí nuashonraithe a bheith curtha ar fáil. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

San Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leagtar amach na praghsanna ionadaíocha, na dleachtanna allmhairiúcháin agus na dleachtanna allmhairiúcháin breise is infheidhme maidir le hallmhairiú moláis a chumhdaítear le cóid AC 1703 10 00 agus 1703 90 00 .

Airteagal 2

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2092.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiún,

Ar son an Uachtaráin,

Wolfgang BURTSCHER

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hallmhairí sna hearnálacha ríse, gránach, siúcra agus leannlusanna (IO L, 2023/2834, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2834/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2835 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le hallmhairiúchán sna hearnálacha ríse, gránach, siúcra agus leannlusanna, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 3330/94, (CE) Uimh. 2810/95, (CE) Uimh. 951/2006, (CE) Uimh. 972/2006, (CE) Uimh. 504/2007, (CE) Uimh. 1375/2007, (CE) Uimh. 402/2008, (CE) Uimh. 1295/2008, (CE) Uimh. 1312/2008 agus (AE) Uimh. 642/2010, (CEE) Uimh. 1361/76 (CEE) Uimh. 1842/81, (CEE) Uimh. 3556/87, (CEE) Uimh. 3846/87, (CEE) Uimh. 815/89, (CE) Uimh. 765/2002, (CE) Uimh. 1993/2005, (CE) Uimh. 1670/2006, (CE) Uimh. 1731/2006, (CE) Uimh. 1741/2006, (CE) Uimh. 433/2007, (CE) Uimh. 1359/2007, (CE) Uimh. 1454/2007, (CE) Uimh. 508/2008, (CE) Uimh. 903/2008, (CE) Uimh. 147/2009, (CE) Uimh. 612/2009, (AE) Uimh. 817/2010, (AE) Uimh. 1178/2010, (AE) Uimh. 90/2011 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1373/2013 ón gCoimisiún (IO L, 2023/2835, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2835/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2092 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2023 lena socraítear na praghsanna ionadaíocha agus na dleachtanna allmhairiúcháin breise is infheidhme maidir le molás in earnáil an tsiúcra ón 1 Deireadh Fómhair 2023 (IO L 241, 29.9.2023, lch. 116, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2092/oj).


IARSCRÍBHINN

PRAGHSANNA IONADAÍOCHA, DLEACHTANNA ALLMHAIRIÚCHÁIN AGUS DLEACHTANNA ALLMHAIRIÚCHÁIN BREISE IS INFHEIDHME MAIDIR LE MOLÁS IN EARNÁIL AN tSIÚCRA ÓN 1 DEIREADH FÓMHAIR 2024

(in EUR)

Cód AC

Praghas ionadaíoch in aghaidh 100 kg glan den táirge lena mbaineann

Dleacht allmhairiúcháin in aghaidh 100 kg glan den táirge lena mbaineann (1)

Dleacht bhreise in aghaidh 100 kg glan den táirge lena mbaineann

1703 10 00  (2)

18,11

0

1703 90 00  (2)

15,68

0


(1)  I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Tarmlighte (AE) 2023/2835, cuirtear an méid seo in ionad ráta dleachta na Comhtharaife Custaim a shocraítear le haghaidh na dtáirgí sin.

(2)  Le haghaidh na cáilíochta caighdeánaí mar a shainítear in Airteagal 31 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2611/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)