European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2608

8.10.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/2608 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Deireadh Fómhair 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid ceallalóis phúdraithe (E 460(ii)) agus glúcón-deilte-lachtóin (E 575) i dtáirgí cáise boige neamhaibithe lena leathadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bhia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bhia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta Aontais de bhreiseáin bhia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide.

(2)

Féadfar liosta an Aontais de bhreiseáin bhia a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar.

(3)

De bhun Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, tá ceallalós púdraithe (E 460(ii)) agus glúcón-deilte-lachtón (E 575) údaraithe lena n-úsáid mar bhreiseáin bhia i réimse leathan bianna.

(4)

An 28 Iúil 2022 cuireadh dhá iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir le húsáid ceallalóis phúdraithe (E 460(ii)) agus glúcón-deilte-lachtóin (E 575) a údarú i dtáirgí cáise boige neamhaibithe lena leathadh, faoi chatagóir bhia 01.7.6 ‘Táirgí cáise (seachas táirgí a thagann faoi chatagóir 16)’. Cuireadh na hiarratais ar fáil do na Ballstáit ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

(5)

Tá ceallalós púdraithe (E 460(ii)) agus glúcón-deilte-lachtón (E 575) beartaithe lena n-úsáid i dtáirgeadh táirgí cáise boige neamhaibithe lena leathadh. Déanann glúcón-deilte-lachtón (E 575) an meascán bainne a aigéadú agus téachtann sé cáiséin go tapa tríd an pH a laghdú ar bhealach rialaithe gan úsáid a bhaint as baictéir aigéid lachtaigh. Nascann ceallalós púdraithe (E 460(ii)) an meadhg agus cuireann sé cosc lena scaradh ón ngruth, rud lena n-áirithítear táirge cobhsaí le linn a sheilfré. Dá bhrí sin bíonn próiseas táirgthe níos éifeachtaí mar thoradh ar úsáid bheartaithe ceallalóis phúdraithe (E 460(ii)) agus glúcón-deilte-lachtóin (E 575), próiseas lena mbíonn gá le níos lú amhábhair, níos lú fuinnimh agus níos lú ama.

(6)

De bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ní mór don Choimisiún tuairim a iarraidh ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) chun liosta an Aontais de bhreiseáin bhia a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a nuashonrú, seachas i gcás nach dócha go mbeidh tionchar ag an nuashonrú i gceist ar shláinte an duine.

(7)

An 16 Eanáir 2018 d’fhoilsigh an tÚdarás tuairim eolaíoch ina ndearnadh athmheastóireacht ar cheallalós púdraithe (E 460(ii)) mar bhreiseán bia (3). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh gá le ‘iontógáil laethúil inghlactha’ uimhriúil agus nach mbeadh aon ábhar imní ó thaobh na sábháilteachta de maidir leis na húsáidí a tuairiscíodh i ndáil leis na ceallalóis neamhmhodhnaithe agus mhodhnaithe (E 460(i), E 460(ii), E 461–466, E 468 agus E 469) agus ag na leibhéil úsáide a tuairiscíodh ina leith. Tagtar ar chonclúid dá leithéid i gcás substaintí inar ábhar imní an-bheag iad ó thaobh na sábháilteachta de, agus sin amháin má tá faisnéis iontaofa ann maidir le nochtadh agus maidir le tocsaineacht araon agus má tá dóchúlacht íseal ann go mbeidh éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine ag dáileoga nach cúis neamhchothroime cothaithí in ainmhithe iad (4).

(8)

Rinne An Coiste Eolaíoch um Bia meastóireacht ar shábháilteacht glúcón-deilte-lachtóin (E 575) in 1990, meastóireacht inar bunaíodh go raibh iontógáil laethúil inghlactha na substainte sin ‘gan sonrú’ (5). Is éard is ciall le ‘gan sonrú’, bunaithe ar na sonraí tocsaineolaíocha, bithcheimiceacha agus cliniciúla atá ar fáil, nach guais don tsláinte iontógáil laethúil iomlán na substainte, iontógáil a eascraíonn as í a bheith i láthair go nádúrtha i mbia agus an úsáid nó na húsáidí a mbaintear aisti faoi láthair i mbia ag na leibhéil is gá chun an éifeacht theicneolaíoch inmhianaithe a bhaint amach. I Rialachán (AE) Uimh. 257/2010 ón gCoimisiún (6), mheas an Coimisiún gur bheag an t-ábhar imní é glúcón-deilte-lachtón (E 575) agus nárbh ardtosaíocht é athmheastóireacht a dhéanamh air i bhfianaise na heaspa fianaise substaintiúla nua lena gcaithfí amhras ar an meastóireacht agus i bhfianaise na Tuarascála ón gCoimisiún maidir le hIontógáil Breiseán Bia san Aiste Bia san Aontas (7) ó 2001 agus i bhfianaise na tuarascála ‘Food additives in Europe 2000 [Breiseáin Bhia san Eoraip 2000]’ (8) a chuir Comhairle na nAirí Nordacha faoi bhráid an Choimisiúin, inar soláthraíodh faisnéis bhreise maidir le hord tosaíochta breiseán a mbeifí le hathmheastóireacht a dhéanamh orthu. Ar na cúiseanna céanna agus go dtí go ndéanfar athmheastóireacht ar ghlúcón-deilte-lachtón (E 575) faoin gclár sin, measann an Coimisiún gur bailí go fóill í an chonclúid ar tháinig An Coiste Eolaíoch um Bia uirthi.

(9)

Ós rud é nach dócha go mbeidh éifeacht ar shláinte an duine ag ceallalós púdraithe (E 460(ii)) arna úsáid mar cobhsaitheoir agus ag glúcón-deilte-lachtón (E 575) arna úsáid mar rialtán aigéadachta i dtáirgí cáise boige neamhaibithe lena leathadh, ní gá tuairim a iarraidh ón Údarás.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a leasú dá réir sin.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1333/oj.

(2)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1331/oj.

(3)  Tuairim Eolaíoch maidir le hathmheastóireacht ar cheallalóis E 460(i),E 460(ii), E 461, E 462, E 463, E 464, E 465, E 466, E 468 agus E 469 mar bhreiseáin bhia (EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(1):5047, 104 lch., https://doi.org/10.2903/j.efsa.2018.5047).

(4)  Ráiteas maidir le creat coincheapúil chun measúnú riosca a dhéanamh ar bhreiseáin bhia áirithe a ndearnadh athmheastóireacht orthu faoi Rialachán (AE) Uimh. 257/2010 ón gCoimisiún (EFSA Journal [Iris EFSA] 2014;12(6):3697, 11 lch., https://www.efsa.europa.eu/en/efsajournal/pub/3697).

(5)  Tuarascálacha ón gCoiste Eolaíoch um Bia, an Cúigiú Sraith is Fiche, 1991 (https://food.ec.europa.eu/system/files/2020-12/sci-com_scf_reports_25.pdf).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 257/2010 ón gCoimisiún an 25 Márta 2010 lena gcuirtear ar bun an clár maidir le hathmheastóireacht ar bhreiseáin bhia a formheasadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 80, 26.3.2010, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/257/oj).

(7)  COM(2001) 542 final.

(8)   Food Additives in Europe 2000, Status of safety assessments of food additives presently permitted in the EU, Comhairle na nAirí Nordacha, TemaNord 2002:560.


IARSCRÍBHINN

I gCuid E d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, leasaítear catagóir bia 01.7.6 ‘Táirgí cáise (seachas táirgí a thagann faoi chatagóir 16)’ mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh ceallalós púdraithe (E 460):

 

‘E 460(ii)

Ceallalós púdraithe

quantum satis

 

táirgí aibithe agus neamhaibithe, iad grátáilte agus sliste; táirgí cáise boige neamhaibithe lena leathadh, agus iad sin amháin’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh glúcón-deilte-lachtón (E 575):

 

‘E 575

Glúcón-deilte-lachtón

quantum satis

 

táirgí aibithe; táirgí cáise boige neamhaibithe lena leathadh, agus iad sin amháin’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2608/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)