European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2598

7.10.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2598 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Deireadh Fómhair 2024

lena leagtar síos an liosta de thríú tíortha nó réigiúin díobh atá údaraithe i dtaobh ainmhithe áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm an toirmisc ar úsáid táirgí áirithe íocshláinte frithmhiocróbacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 127(2) de,

Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm an toirmisc ar úsáid táirgí áirithe íocshláinte frithmhiocróbacha in ainmhithe nó i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha isteach san Aontas (2), agus go háirithe Airteagal 6 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/625 rialacha maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí rialúcháin eile a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais a fhíorú i réimsí sonracha. Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2017/625 go mbeidh feidhm ag an Rialachán sin maidir le rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh Airteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhíorú (3). Foráiltear le Rialachán (AE) 2017/625 freisin go bhféadfaidh an Coimisiún a cheangal nach dtiocfaidh coinsíneachtaí d’ainmhithe agus earraí áirithe isteach san Aontas ach amháin ó thríú tíortha nó ó réigiúin sna tíortha sin atá ar liosta arna tharraingt suas ag an gCoimisiún chun na críche sin.

(2)

Ceanglaítear le hAirteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2019/6, a mhéid a bhaineann le hainmhithe nó táirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha chuig an Aontas, nach n-úsáidfear na táirgí seo a leanas: (i) táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha chun fás a chur chun cinn nó chun an táirgeacht a mhéadú; agus (ii) táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha ina bhfuil ábhar frithmhiocróbach atá ar an liosta d’ábhair fhrithmhiocróbacha arna bhforchoimeád chun ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine a chóireáil a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1255 ón gCoimisiún (4) .

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905 forlíontar Rialachán (AE) 2019/6 a mhéid a bhaineann, i measc nithe eile, leis na coinníollacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, táirgí a thagann ó thríú tíortha nó ó réigiúin díobh, a theacht isteach san Aontas, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an toirmeasc ar úsáid táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha chun fás a chur chun cinn agus an táirgeacht a mhéadú agus úsáid ábhar frithmhiocróbach arna bhforchoimeád chun ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine a chóireáil. Ar na coinníollacha sin tá an choinníoll nach bhféadfaidh na coinsíneachtaí ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann teacht isteach san Aontas ach amháin más de thionscnamh tríú tír nó réigiún di a atá san áireamh ar liosta arna tharraingt suas ag an gCoimisiún chun na críche sin iad.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905, níor cheart a áireamh ar an liosta sin ach tríú tíortha nó réigiúin díobh a bhfuil fianaise agus ráthaíochtaí iomchuí curtha isteach acu go gcomhlíonann na hainmhithe agus na táirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann an toirmeasc ar úsáid táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha chun fás a chur chun cinn nó an táirgeacht a mhéadú, agus ar úsáid ábhar frithmhiocróbach arna bhforchoimeád chun ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine a chóireáil, lena n-áirítear faisnéis a fuarthas faoi na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun inrianaitheacht agus tionscnamh a ráthú.

(5)

Dá bhrí sin, na tríú tíortha nó na réigiúin díobh a bhfuil an fhianaise agus na ráthaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905 curtha isteach acu, ba cheart iad a áireamh ar an liosta de thríú tíortha nó réigiúin díobh atá údaraithe agus óna bhféadfaidh ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas.

(6)

Beidh feidhm ag na coinníollacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe nó táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905 ó 24 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/399 ón gCoimisiún (5). Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin freisin ón 3 Meán Fómhair 2026.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo bunaítear an liosta de thríú tíortha nó réigiúin díobh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905 óna gceadaítear coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine a theacht isteach san Aontas a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm an toirmisc ar úsáid táirgí áirithe íocshláinte frithmhiocróbacha a leagtar síos in Airteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2019/6.

Airteagal 2

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin díobh atá údaraithe i dtaobh coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine a theacht isteach san Aontas

1.   Na tríú tíortha nó na réigiúin díobh ina gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905 a mhéid a bhaineann le hainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú chuig an Aontas, déantar iad a mharcáil le ‘X’, i gcás na speiceas nó na dtráchtearraí ábhartha, san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Na tríú tíortha nó na réigiúin díobh nach bhfuil sé beartaithe acu ach ainmhithe nó táirgí de bhunadh ainmhíoch de thionscnamh na mBallstát nó tríú tíortha eile a liostaítear san Iarscríbhinn i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo a phróiseáil chun táirgí atá beartaithe lena n-onnmhairiú chuig an Aontas a tháirgeadh, déantar iad a mharcáil le ‘Δ’, i gcás na speiceas nó na dtráchtearraí ábhartha, san Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 3 Meán Fómhair 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.

(2)   IO L 116, 4.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/905/oj.

(3)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1255 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2022 lena n-ainmnítear frithmhiocróbaigh nó grúpaí frithmhiocróbach arna bhforchoimeád chun ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine a chóireáil, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 191, 20.7.2022, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1255/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/399 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a mhéid a bhaineann le deimhnithe caighdeánacha i dtaca le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch agus catagóirí áirithe ainmhithe (IO L 2024/399, 12.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/399/oj).


IARSCRÍBHINN

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin díobh óna n-údaraítear coinsíneachtaí ainmhithe áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine a theacht isteach san Aontas a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm an toirmisc ar úsáid táirgí áirithe íocshláinte frithmhiocróbacha a leagtar síos in Airteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2019/6:

 

Ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine (*1)

Cód ISO na Tíre

Tríú tír (1)nó réigiúin di

Bó-ainmhithe

Ainmhithe de chineál caorach/ ainmhithe de chineál gabhair

Muc-ainmhithe

Each-ainmhithe

Éanlaith

Dobharshaothrú (14)

Bainne

Uibheacha

Coinín

Géim feirme

Mil

Cásálacha

AD

Andóra

X

X

Δ

X

 

 

 

 

 

 

X

 

AL

An Albáin

 

X

 

 

 

X (11)

 

X

 

 

 

X

AR

An Airgintín

X

X

 

X

X

X (11)

X

X

X

X

X

X

AU

An Astráil

X

X

 

X

 

X

M

X

X

 

X

X

X

AZE

An Asarbaiseáin

 

 

 

 

 

X (13)

 

 

 

 

 

 

BA

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

X

X

X

 

X

X (11)

X

X

 

 

X

 

BD

An Bhanglaidéis

 

 

 

 

 

X

 

 

 

 

 

 

BR

An Bhrasaíl

X

 

 

X

X

X

 

 

 

 

X

X

BW

An Bhotsuáin

X

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

BY

An Bhealarúis

 

 

 

X (5)

 

X (11)

X

X

 

 

X

X

CA

Ceanada

X

X

X

X

X

X

M

X

X

X

X

X

 

CH

An Eilvéis

X

X

X

X

X

X (11)

M

X

X

X

X

X

X

CL

An tSile

X

X (3)

X

 

X

X (11)

M

X

 

 

 

X

X

CM

Camarún

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

CN

An tSín

 

 

 

 

X

X

 

X

X

 

X

X

CO

An Cholóim

 

 

 

 

 

X

 

 

 

 

 

 

CR

Cósta Ríce

 

 

 

 

 

X

 

 

 

 

 

 

CU

Cúba

 

 

 

 

 

X (12)

 

 

 

 

X

 

DO

An Phoblacht Dhoiminiceach

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

EC

Eacuadór

 

 

 

 

 

X

 

 

 

 

 

 

EG

An Éigipt

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

ET

An Aetóip

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

FK

Oileáin Fháclainne

X

X (3)

 

 

 

X (11)

 

 

 

 

 

 

FO

Oileáin Fharó

 

 

 

 

 

X (11)

 

 

 

 

 

 

GB

An Ríocht Aontaithe (4)

X

X

X

X

X

X (11)

Δ

M

X

X

Δ

X

X

X

GE

An tSeoirsia

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

GL

An Ghraonlainn

 

X (3)

 

 

 

 

 

 

 

X

 

 

GT

Guatamala

 

 

 

 

 

X (12)

 

 

 

 

X

 

HK

Hong Cong

 

 

 

 

 

Δ

 

Δ

 

 

 

 

HN

Hondúras

 

 

 

 

 

X

 

 

 

 

 

 

IL

Iosrael (2)

 

 

 

 

X

X (11)

X

 

 

 

X

 

IM

Oileán Mhanann

X

X (3)

X

 

 

X (11)

M

X

 

 

 

X

 

JE

Geirsí

X

 

 

 

 

 

X

 

 

 

 

 

JP

An tSeapáin

X

 

Δ

 

X

X (11)

M

X

X

 

 

Δ

X

KR

An Chóiré Theas

 

 

 

 

X

X

M

 

 

 

 

Δ

 

LB

An Liobáin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

X

MA

Maracó

 

 

 

 

X

X (11)

Δ

M

 

 

 

 

X

X

MD

An Mholdóiv

 

 

 

 

X

X (11)

X

X

 

 

X

 

ME

Montainéagró

X

X

X

 

X

X (11)

X

X

 

 

X

X

MG

Madagascar

 

 

 

 

 

X

 

 

 

 

X

 

MK

An Mhacadóin Thuaidh

X

X

X

 

X

X (11)

X

X

 

 

X

 

MM

Maenmar/Burma

 

 

 

 

 

X

 

 

 

 

X

 

MN

An Mhongóil

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

MX

Meicsiceo

 

 

Δ

 

 

X

 

X

 

 

X

 

MY

An Mhalaeisia

 

 

 

 

Δ

X

 

 

 

 

 

 

NA

An Namaib

X

X (3)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

NC

An Nua-Chaladóin

 

 

 

 

 

X (12)

 

 

 

X

X

 

NI

Nicearagua

 

 

 

 

 

X (12)

 

 

 

 

X

 

NZ

An Nua-Shéalainn

X

X

 

 

 

X (11)

M

X

 

 

X

X

X

PE

Peiriú

 

 

 

 

 

X

M

 

 

 

 

 

 

PH

Na hOileáin Fhilipíneacha

 

 

 

 

 

X

 

 

 

 

 

 

PK

An Phacastáin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

PM

Saint Pierre et Miquelon

 

 

 

 

X

 

 

 

 

 

 

 

PY

Paragua

X

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

RU

An Rúis

X

X

X

 

X

 

X

X

 

X (6)

X

X

RW

Ruanda

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

SA

An Araib Shádach

 

 

 

 

 

X

 

 

 

 

 

 

SG

Singeapór

Δ

Δ

Δ

 

Δ

X (11)

Δ

Δ

 

X (7)

 

 

SM

San Mairíne

X

 

Δ

 

 

 

X

 

 

 

X

 

SV

An tSalvadóir

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

TG

Tóga

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

TH

An Téalainn

 

 

 

 

X

X

M

Δ

Δ

 

 

X

 

TR

An Tuirc

 

 

 

 

X

X (11)

M

X

X

 

 

X

X

TW

An Téaváin

 

 

 

 

 

X

 

X

 

 

X

 

UA

An Úcráin

X

 

X

 

X

X (11)

M

X

X

X

 

X

X

US

Na Stáit Aontaithe

X

X (8)

X

 

X

X

M

X

X

X

X

X

X

UY

Uragua

X

X

 

X

 

 

X

 

 

 

X

X

VE

Veiniséala

 

 

 

 

 

X (12)

 

 

 

 

 

 

VN

Vítneam

 

 

 

 

 

X

M

 

 

 

 

X

 

XK

An Chosaiv (9)

 

 

 

 

Δ

 

 

 

 

 

 

 

ZA

An Afraic Theas

 

 

 

 

 

M

 

 

 

X (10)

 

 

ZM

An tSaimbia

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 


(*1)  Tá ainmhithe fiáine, táirgí atá díorthaithe uathu agus táirgí ilchodacha eisiata ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm an toirmisc ar úsáid táirgí áirithe íocshláinte frithmhiocróbacha in ainmhithe nó i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha isteach san Aontas (IO L 116, 4.5.2023, lch. 1,ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/905/oj).

(1)  Liosta tríú tíortha agus críoch (níl sé teoranta do thríú tíortha arna n-aithint ag an Aontas).

(2)  Tuigtear anseo feasta gurb é Stát Iosrael é, cé is moite de na críocha faoi riar Stát Iosrael tar éis an 5 Meitheamh 1967, is é sin Arda Golan, Stráice Gaza, Iarúsailéim Thoir agus an chuid eile den Bhruach Thiar.

(3)  Speicis de chineál caorach, agus iad sin amháin.

(4)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87)) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críche an ghnímh seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.

(5)  Onnmhairiú each-ainmhithe beo chun an Aontais a bhfuil sé beartaithe iad a mharú (bia-ainmhithe, agus na hainmhithe sin amháin).

(6)  Réinfhianna, agus iad sin amháin.

(7)  I gcás coinsíneachtaí d’feoil úr de thionscnamh na Nua-Shéalainne, a bheartaítear a chur chuig an Aontas agus a bheidh á ndíluchtú, le stóráil nó gan stóráil, i Singeapór agus a bheidh á n-athlódáil i mbunaíocht fhormheasta le linn dóibh a bheith ar idirthuras trí Shingeapór, agus ina gcás siúd amháin.

(8)  Speicis de chineál gabhair, agus iad sin amháin.

(9)  Ní dochar an t-ainmniú sin do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(10)  Raitítigh, agus iad sin amháin.

(11)  Éisc eite agus táirgí éisc eite, agus iad sin amháin.

(12)  Crústaigh, agus iad sin amháin.

(13)  Táirgí éisc eite, agus iad sin amháin (e.g. eochraí agus caibheár).

(14)  Le dobharshaothrú, cumhdaítear éisc eite, lena n-áirítear eascanna, agus táirgí ó éisc eite (amhail eochraí agus caibheár) agus crústaigh. Na tríú tíortha nó na réigiúin díobh a liostaítear le haghaidh moilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí bheo, fhuaraithe, reoite nó phróiseáilte in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 118, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/405/oj), tá siad marcáilte le ‘M’ sa cholún seo. Tríú tíortha a bhfuil an ráiteas ‘gabháil fhiáin amháin’ leo in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún, níl siad marcáilte le ‘M’ sa cholún seo toisc go bhfuil na tráchtearraí sin lasmuigh de raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2598/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)