|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2596 |
7.10.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2596 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Deireadh Fómhair 2024
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/655 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2024
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 6784)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 lena gcinntear bearta i dtaca le cabhracha agus aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a bhaineann le comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 5(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún (2), na Ballstáit ar mian leo a bheith rannpháirteach i scéim cabhrach an Aontais chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais (‘an scéim scoile’), tá siad lena n-iarraidh ar chabhair ón Aontas a bhaineann leis an gcéad scoilbhliain eile a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Eanáir gach bliain agus, más infheidhme, tabharfaidh siad cothrom le dáta an iarraidh ar chabhair ón Aontas a bhaineann leis an scoilbhliain reatha. |
|
(2) |
Ar bhonn na faisnéise ar thug na Ballstáit fógra fúithi faoin 31 Eanáir 2023, socraíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/655 (3) ón gCoimisiún leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna i measc na mBallstát ar mian leo a bheith rannpháirteach sa scéim scoile le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2024. |
|
(3) |
Sna fógraí a cuireadh isteach faoin 31 Lúnasa 2024 de bhun Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, thug an Phortaingéil agus an Rómáin fógra faoi na haistrithe idir an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/655 a leasú dá réir. |
|
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/655.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 346, 20.12.2013, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1370/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 maidir le rialacha i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cabhair ón Aontas chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais (IO L 5, 10.1.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/39/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/655 ón gCoimisiún an 10 Márta 2023 lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2024 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 (IO L 81, 21.3.2023, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/655/oj).
IARSCRÍBHINN
‘‘IARSCRÍBHINN I
Scoilbhliain 2023/2024
|
Ballstát |
Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna in EUR |
Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna in EUR |
|
an Bheilg |
3 815 785 |
1 433 417 |
|
an Bhulgáir |
2 185 256 |
1 800 090 |
|
an tSeicia |
3 507 158 |
3 124 223 |
|
an Danmhairg |
1 739 147 |
1 632 431 |
|
an Ghearmáin |
20 984 737 |
9 628 111 |
|
an Eastóin |
416 641 |
764 787 |
|
Éire |
1 986 571 |
873 414 |
|
an Ghréig |
3 149 503 |
1 464 086 |
|
an Spáinn |
13 751 007 |
5 736 134 |
|
an Fhrainc |
18 176 401 |
14 523 309 |
|
an Chróit |
1 322 043 |
610 533 |
|
an Iodáil |
15 293 816 |
6 910 347 |
|
an Chipir |
300 828 |
252 652 |
|
an Laitvia |
677 025 |
882 003 |
|
an Liotuáin |
932 083 |
1 256 256 |
|
Lucsamburg |
299 593 |
197 646 |
|
an Ungáir |
3 588 755 |
2 376 098 |
|
Málta |
314 320 |
170 050 |
|
an Ísiltír |
5 776 465 |
932 699 |
|
an Ostair |
2 439 606 |
1 072 595 |
|
an Pholainn |
12 565 488 |
12 791 591 |
|
an Phortaingéil |
2 244 412 |
1 861 261 |
|
an Rómáin |
4 942 588,80 |
12 669 381,20 |
|
an tSlóivéin |
689 729 |
305 638 |
|
an tSlóvaic |
1 932 221 |
1 698 579 |
|
an Fhionlainn |
1 672 943 |
2 731 455 |
|
an tSualainn |
0 |
8 401 227 |
|
Iomlán |
124 704 121,80 |
96 100 013,20 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2596/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)