European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2593

30.9.2024

Faisnéis faoi dháta theacht i bhfeidhm an Phrótacail maidir le hiompar tráthrialta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus)

An Prótacal (1) a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) (2) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus, tiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2024 i gcomhréir le hAirteagal 17(1)(b) de. Tá sé formheasta nó daingnithe ag an Aontas Eorpach, ag an Moldóiv agus ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin.


(1)   IO L 122, 5.5.2023, lch. 3.

(2)   IO L 321, 26.11.2002, lch. 13.


ELI: http://data.europa.eu/eli/info/2024/2593/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)