|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2581 |
1.10.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2581 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Meán Fómhair 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh an tSásra Idirghabhála, na Rialacha Nós Imeachta agus an Chóid Iompair
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Bhí feidhm shealadach ag an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’) ón 1 Meitheamh 2018 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Márta 2021. |
|
(2) |
Le hAirteagail 319(3) agus 335(2) den Chomhaontú, ceanglaítear ar an gCoiste Comhpháirtíochta an Sásra Idirghabhála, na Rialacha Nós Imeachta agus an Cód Iompair i dtaca leis na nósanna imeachta um réiteach díospóidí faoi Chaibidil 13 de Theideal VI den Chomhaontú a ghlacadh ag a chéad chruinniú tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe. |
|
(3) |
Níor glacadh an Sásra Idirghabhála, na Rialacha Nós Imeachta ná an Cód Iompair ó bhí an chéad chruinniú den Choiste Comhpháirtíochta ann an 25 Meán Fómhair 2018. |
|
(4) |
D’ullmhaigh na Páirtithe dréacht athbhreithnithe den Sásra Idirghabhála, de na Rialacha Nós Imeachta agus den Chód Iompair agus tá sé le glacadh ag an gCoiste Comhpháirtíochta. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhpháirtíochta a bhunú maidir leis an Sásra Idirghabhála, na Rialacha Nós Imeachta agus an Cód Iompair a ghlacadh. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Choiste Comhpháirtíochta a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Comhpháirtíochta atá i gceangal leis seo. Beidh an Sásra Idirghabhála, na Rialacha Nós Imeachta agus an Cód Iompair ina gcomhlánú ar an gComhaontú agus ba cheart iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh an tSásra Idirghabhála, na Rialacha Nós Imeachta agus an Chóid Iompair, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinnidh ón gCoiste Comhpháirtíochta atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Féadfaidh ionadaithe ón Aontas laistigh den Choiste Comhpháirtíochta glacadh le mioncheartúcháin theicniúla ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Comhpháirtíochta gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Tar éis ghlacadh an Chinnidh ón gCoiste Comhpháirtíochta, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
FELDMAN Z.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2581/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)