European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2554

17.10.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 173/2024

an 5 Iúil 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn XIV (Iomaíocht) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/2554]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2023/1066 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe taighde agus forbartha (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán (AE) 2023/1067 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe speisialtóireachta (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Tá Rialacháin (AE) Uimh. 1217/2010 ón gCoimisiún (3) agus (AE) Uimh. 1218/2010 ón gCoimisiún (4), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE, imithe in éag agus ba cheart iad a aisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 6 (Rialachán (AE) Uimh. 1218/2010 ón gCoimisiún):

32023 R 1067: Rialachán (AE) 2023/1067 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe speisialtóireachta (IO L 143, 2.6.2023, lch. 20).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

a)

In Airteagal 6(1) agus (2), cuirtear isteach na focail ‘nó na forála comhfhreagraí in Airteagal 29(1) de Chaibidil II de Chuid II de Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú’ i ndiaidh na bhfocal ‘de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003’.

b)

In Airteagal 7, cuirtear isteach na focail ‘nó an fhoráil chomhfhreagrach in Airteagal 29(2) de Chaibidil II de Chuid II de Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú’ i ndiaidh na bhfocal ‘coinníollacha Airteagal 29(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003’.’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 7 (Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010 ón gCoimisiún):

32023 R 1066: Rialachán (AE) 2023/1066 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe taighde agus forbartha (IO L 143, 2.6.2023, lch. 9).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

a)

In Airteagal 10(1) agus (2), cuirtear isteach na focail ‘nó a forála comhfhreagraí in Airteagal 29(1) de Chaibidil II de Chuid II de Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú’ i ndiaidh na bhfocal ‘de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003’.

b)

In Airteagal 11, cuirtear isteach na focail ‘nó an fhoráil chomhfhreagrach in Airteagal 29(2) de Chaibidil II de Chuid II de Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú’ i ndiaidh na bhfocal ‘coinníollacha Airteagal 29(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003’.’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2023/1066 agus (AE) 2023/1067 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Iúil 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2023.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Iúil 2024.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Anders H. Eide


(1)   IO L 143, 2.6.2023, lch. 9.

(2)   IO L 143, 2.6.2023, lch. 20.

(3)   IO L 335, 18.12.2010, lch. 36.

(4)   IO L 335, 18.12.2010, lch. 43.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2554/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)