European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2541

26.9.2024

CINNEADH (AE) 2024/2541 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meán Fómhair 2024

lena leasaítear Cinneadh 2009/908/AE lena leagtar síos bearta chun Cinneadh ón gComhairle Eorpach maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle, agus maidir le cathaoirleacht comhlachtaí ullmhúcháin de chuid na Comhairle a chur chun feidhme

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh 2009/881/AE ón gComhairle Eorpach an 1 Nollaig 2009 maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2009/908/AE (2) leag an Chomhairle síos bearta do chur chun feidhme Chinneadh 2009/881/AE. Eagraítear cathaoirleacht comhlachtaí ullmhúcháin de chuid na Comhairle Gnóthaí Eachtracha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2009/908/AE.

(2)

An 17 Iúil 2024, d’fhormheas Coiste Bhuanionadaithe rialtais na mBallstát, i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle (3), Meitheal maidir le Tionscal Cosanta a bhunú mar chomhlacht ullmhúcháin de chuid na Comhairle Gnóthaí Eachtracha.

(3)

I bhfianaise chineál cothrománach na Meithle maidir le Tionscal Cosanta agus na bhfreagrachtaí atá uirthi maidir le gníomhartha reachtacha, ba cheart í a chur le catagóir 3 de chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, agus ba cheart foráil a dhéanamh go bhfuil an Uachtaránacht 6 mhí le bheith ina cathaoirleach ar an Meitheal maidir le Tionscal Cosanta.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2009/908/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2009/908/AE mar a leanas:

(1)

sa chéad mhír, pointe 3, cuirtear an fhleasc seo a leanas léi:

‘—

An Mheitheal maidir le Tionscal Cosanta.’

;

(2)

sa tábla, pointe 3, cuirtear an ró nua seo a leanas leis:

‘An Mheitheal maidir le Tionscal Cosanta’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

FELDMAN Z.


(1)   IO L 315, 2.12.2009, lch. 50.

(2)  Cinneadh 2009/908/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009, lena leagtar síos bearta chun Cinneadh ón gComhairle Eorpach maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle, agus maidir le cathaoirleacht comhlachtaí ullmhúcháin de chuid na Comhairle a chur chun feidhme (IO L 322, 9.12.2009, lch. 28).

(3)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2541/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)