European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2519

24.9.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2519 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meán Fómhair 2024

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

(2)

Tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta i gCás T-209/22 (2), ba cheart iontráil amháin a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. FELDMAN


(1)   IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.

(2)  Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra Méadaithe) an 17 Iúil 2024 – Shahla Makhlouf v Comhairle an Aontais Eorpaigh, T-209/22, ECLI:EU:T:2024:498.


IARSCRÍBHINN

Scriostar an iontráil seo a leanas ón liosta a leagtar amach i Roinn A (‘Daoine’) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:

‘320.

Shalaa Mohammed MAKHLOUF’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2519/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)