European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2517

23.9.2024

CINNEADH (AE) 2024/2517 ÓN gCOMHAIRLE,

a glacadh de chomhthoil le hUachtarán toghaí an Choimisiúin,

an 19 Meán Fómhair 2024

lena nglactar an liosta de na daoine eile a mholann an Chomhairle a cheapadh mar chomhaltaí den Choimisiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 17(3) agus (5) agus Airteagal 17(7), an dara fomhír, de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/272/AE ón gComhairle an 22 Bealtaine 2013 maidir le líon chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tiocfaidh deireadh le sainordú an Choimisiúin arna cheapadh le Cinneadh (AE) 2019/1989 (2) ón gComhairle Eorpach an 31 Deireadh Fómhair 2024.

(2)

Ba cheart Coimisiún nua a cheapadh, ina mbeidh náisiúnach amháin as gach Ballstát, lena n-áirítear an tUachtarán agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2029.

(3)

Le Cinneadh (AE) 2024/1862 (3), mhol an Chomhairle Eorpach Ursula VON DER LEYEN do Pharlaimint na hEorpa mar iarrthóir le haghaidh Uachtarán an Choimisiúin, agus thogh Parlaimint na hEorpa í ina hUachtarán ar an gCoimisiún ag a Seisiún Iomlánach an 18 Iúil 2024.

(4)

Le Cinneadh (AE) 2024/2086 (4), rinne an Chomhairle Eorpach, le comhaontú Uachtarán toghaí an Choimisiúin, Kaja KALLAS a cheapadh mar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

(5)

Ba cheart don Chomhairle, de chomhthoil le hUachtarán toghaí an Choimisiúin, an liosta de na daoine eile a mholann sí a cheapadh mar Chomhaltaí den Choimisiún go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2029 a ghlacadh.

(6)

Le litir dar dáta 19 Meán Fómhair 2024, thug Uachtarán toghaí an Choimisiúin fógra faoina comhaontú i gcomhréir le hAirteagal 17(7), an dara fomhír, den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 17(7), an tríú fomhír, CAE, beidh an tUachtarán, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus comhaltaí eile den Choimisiún, mar chomhlacht, faoi réir vóta um thoiliú ag Parlaimint na hEorpa,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De chomhthoil le hUrsula VON DER LEYEN, Uachtarán toghaí an Choimisiúin, molann an Chomhairle leis seo na daoine seo a leanas a cheapadh mar chomhaltaí den Choimisiún go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2029:

 

Magnus BRUNNER

 

Maria Luís CASANOVA MORGADO DIAS DE ALBUQUERQUE

 

Valdis DOMBROVSKIS

 

Raffaele FITTO

 

Christophe HANSEN

 

Wopke Bastiaan HOEKSTRA

 

Dan JØRGENSEN

 

Constantinos KADIS

 

Márta KOS

 

Andrius KUBILIUS

 

Hadja LAHBIB

 

Michael MCGRATH

 

Glenn MICALLEF

 

Roxana MÎNZATU

 

Teresa RIBERA RODRÍGUEZ

 

Jessika ROSWALL

 

Mr Maroš ŠEFČOVIČ

 

Stéphane Séjourné

 

Piotr Arkadiusz SERAFIN

 

Jozef SÍKELA

 

Ekaterina SPASOVA GECHEVA-ZAHARIEVA

 

Dubravka ŠUICA

 

Apostolos TZITZIKOSTAS

 

Olivér VÁRHELYI

 

Henna Maria VIRKKUNEN,

ina theannta sin:

 

Kaja KALLAS, arna ceapadh mar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Airteagal 2

Cuirfear an Cinneadh seo ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

BÓKA J.


(1)   IO L 165, 18.6.2013, lch. 98.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/1989 ón gComhairle Eorpach an 28 Samhain 2019 lena gceaptar an Coimisiún Eorpach (IO L 308, 29.11.2019, lch. 100).

(3)  Cinneadh (AE) 2024/1862 ón gComhairle Eorpach an 27 Meitheamh 2024 lena moltar iarrthóir do Pharlaimint na hEorpa ar Uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh (IO L, 2024/1862, 1.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1862/oj).

(4)  Cinneadh (AE) 2024/2086 ón gComhairle Eorpach an 24 Iúil 2024 lena gceaptar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (IO L, 2024/2086, 26.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2086/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2517/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)