European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2509

26.9.2024

RIALACHÁN (AE, Euratom) 2024/2509 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meán Fómhair 2024

maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322(1) de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Táthar chun roinnt leasuithe a dhéanamh ar Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú.

(2)

Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (‘an buiséad’) de réir bhrí Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus ní dhéantar cur chun feidhme beart sriantach arna nglacadh ar bhonn CFAE agus an Chonartha ar an Aontas Eorpach (CAE) a rialú ná ní dhéantar difear dó, lena n-áirítear faoi chuimsiú chur chun feidhme an bhuiséid.

(3)

Agus an taithí a fuarthas le cur chun feidhme na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an mbuiséad á cur i gcuntas, agus tar éis Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (4) a ghlacadh, ba cheart leasuithe spriocdhírithe áirithe a dhéanamh chun na rialacha airgeadais sin a ailíniú leis an gcreat dlíthiúil nua, iad a oiriúnú do na riachtanais a bhaineann le bainistíocht éifeachtúil ghéarchéime agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais a fheabhsú. Thairis sin, ba cheart simpliú spriocdhírithe, nuashonruithe teicniúla agus ceartúcháin a dhéanamh.

(4)

Tar éis Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 a ghlacadh, ba cheart na tagairtí do bhunghníomhartha a ionadú agus ba cheart na tagairtí do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (5), do Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 ón gComhairle (6) agus do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 maidir leis an smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (7), a chur leis na tagairtí a úsáidtear sa Rialachán seo.

(5)

Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart tagairtí do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a chur in ionad na dtagairtí uile do Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a aisghaireadh.

(6)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart roinnt crostagairtí a cheartú.

(7)

Is gá cineál sonrach agus feidhmiú an tsoláthair dliteanas airgeadais agus an tsoláthair ráthaíochtaí buiséadacha a léiriú ar bhealach níos fearr. Dá bhrí sin, ba cheart coigeartú a dhéanamh ar shainmhínithe agus rialacha áirithe maidir le ráthaíochtaí buiséadacha, gealltanais bhuiséadacha, gealltanais dhlíthiúla, leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, faighteoirí agus faisnéis faoi fhaighteoirí a fhoilsiú. Ba cheart sainmhíniú ar chéim cur le chéile an tsoláthair dliteanas airgeadais a chur isteach. Ina theannta sin, ba cheart sainmhínithe a thabhairt cothrom le dáta chun leasuithe ar rialacha soláthair agus tabhairt isteach rialacha maidir le tabhartais neamhairgeadais a léiriú.

(8)

Chun an trédhearcacht a fheabhsú a mhéid a bhaineann le faighteoirí cistí de chuid an Aontais arb eagraíochtaí neamhrialtasacha iad, ba cheart sainmhíniú ar eagraíochtaí neamhrialtasacha a thabhairt isteach, lena bhforáiltear do chritéir chun iad a shainaithint. Ina theannta sin, ba cheart d’iarratasóirí deontais a stádas dlíthiúil a dhearbhú, lena n-áirítear an eagraíochtaí neamhrialtasacha iad.

(9)

Ba cheart tagairt a chur isteach sa Rialachán seo don chóras ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Is bunchloch den chreat dlíthiúil chun buiséad an Aontais a chur chun feidhme é Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092.

(10)

Tá sé bunriachtanach, agus an buiséad á chur chun feidhme, go n-áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcomhlíonfar Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go n-urramófar luachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE.

(11)

Leis an Rialachán seo, ba cheart oifigigh údarúcháin a chumasú, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, bearta iomchuí a ghlacadh agus gníomhaíocht a dhéanamh chun an buiséad a chosaint, mar shampla trí íocaíochtaí a chur ar fionraí, i gcásanna ina ndéanann neamhurramú luachanna agus chearta bunúsacha ábhartha an Aontais ag Ballstát difear don dóigh a gcuireann an Ballstát sin gníomhaíocht arna maoiniú le cistí de chuid an Aontais chun feidhme.

(12)

Ba cheart cloí leis na prionsabail bhuiséadacha bhunúsacha. Ba cheart maoluithe reatha ar na prionsabail sin i gcás réimsí sonracha amhail an taighde, gníomhaíochtaí seachtracha agus cistí struchtúracha a athbhreithniú agus a shimpliú a oiread is féidir, ag cur i gcuntas a ábhartha atá siad go fóill, an breisluach a bhaineann leo ó thaobh an bhuiséid, agus an t-ualach a chuireann siad ar gheallsealbhóirí.

(13)

Ba cheart rialacha maidir le tabhairt anonn leithreasuithe a chur i láthair ar bhealach níos soiléire agus ba cheart deighilt a dhéanamh idir tabhairt anonn uathoibríoch agus neamh-uathoibríoch. Ba cheart do na hinstitiúidí lena mbaineann de chuid an Aontais faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i dtaobh tabhairt anonn uathoibríoch agus neamh-uathoibríoch araon.

(14)

Maidir le tabhairt anonn ioncaim shannta sheachtraigh, agus úsáid an ioncaim sin, don ghníomhaíocht nó don chlár ina dhiaidh sin, ba cheart é sin a cheadú ar mhaithe le cistí den chineál sin a úsáid go héifeachtach. Ba cheart a bheith in ann ioncam sannta inmheánach a thabhairt anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile agus go dtí an bhliain sin amháin, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

(15)

Tar éis Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 agus na bunghníomhartha a bhaineann leis a ghlacadh, ba cheart rialacha áirithe a bhaineann le prionsabail bhuiséadacha, go háirithe a mhéid a bhaineann le cealú agus tabhairt anonn, saoradh agus leithreasuithe a chomhfhreagraíonn do shaoradh a chur ar fáil arís, ar rialacha iad a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2021/1060 (11) agus (AE) 2021/2116 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle , a ionchorprú sa Rialachán seo.

(16)

Maidir le hioncam sannta inmheánach, ba cheart maoiniú tionscadal nua foirgníochta leis an ioncam ó ligean nó díol foirgneamh a cheadú. Chuige sin, ba cheart ioncam den chineál sin a mheas ina ioncam sannta inmheánach ar féidir é a thabhairt anonn nó go gcaitear ina iomláine é.

(17)

Ar mhaithe le simpliú agus chun uainiú ranníocaíochtaí ó na Ballstáit a ailíniú ar bhealach níos fearr leis na riachtanais íocaíochta chomhfhreagracha, ba cheart ranníocaíochtaí airgeadais breise uile na mBallstát le gníomhaíochtaí agus cláir de chuid an Aontais, lena n-áirítear ranníocaíochtaí saorálacha, a bheith faoi réir na cóireála céanna agus ba cheart iad a mheas mar ioncam sannta seachtrach.

(18)

Chun an trédhearcacht agus an infheictheacht a mhéadú agus ioncam sannta á chur i láthair, agus substaint na faisnéise a soláthraíodh roimhe á coinneáil, ba cheart faisnéis mhionsonraithe maidir le méid measta an ioncaim shannta inmheánaigh agus sheachtraigh atá le fáil, agus an leithdháileadh a bheartaítear ar na línte buiséid ábhartha, a chur ar fáil in iarscríbhinn, rud atá ina chuid lárnach den bhuiséad. Ina theannta sin, is iomchuí soiléiriú a dhéanamh ar na ceanglais tuairiscithe maidir le cur chun feidhme an ioncaim shannta inmheánaigh agus sheachtraigh sa bhliain roimhe sin. Áiritheofar leis sin go ndéanfar an fhaisnéis uile maidir le cur chun feidhme ioncaim shannta agus réamhaisnéis ioncaim shannta atá le fáil a chur i láthair ar bhealach soiléir agus inrochtana.

(19)

Na rialacha maidir le haistrithe atá faoi réir forálacha speisialta, ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta chun an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála arna bhunú de bhun Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 a chur i gcuntas. Thairis sin, ba cheart coigeartuithe a dhéanamh chun a léiriú nach bhfuil gá le dréachtbhuiséid leasaitheacha a thuilleadh chun an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála a shlógadh.

(20)

Ba cheart d’institiúidí de chuid an Aontais a bheith in ann glacadh le haon tabhartas don Aontas.

(21)

Chun gur féidir freagairt go tapa in imthosca eisceachtúla, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann glacadh le tabhartais chomhchineáil, gan beann ar an luach atá orthu, i gcás ina ndéantar tabhartais den sórt sin chun críoch cabhrach daonnúla, tacaíochta éigeandála, cosanta sibhialta nó cabhrach um bainistiú géarchéime. Chun na coimircí iomchuí a áirithiú, níor cheart don Choimisiún glacadh leis na tabhartais sin ach amháin i gcás ina bhfuil sé sin i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus prionsabal na trédhearcachta, i gcás nach n-eascraíonn coinbhleacht leasa as, nach ndéanann sé dochar d’íomhá an Aontais agus nach ndéanann sé dochar do shlándáil ná do bheartas poiblí an Aontais ná na mBallstát nó nach bhfuil baol ann go ndéanfaidh sé dochar dóibh. Níor cheart don deontóir, tráth a ghlactar leis an tabhartas, a bheith i gceann de na staideanna eisiaimh faoin gcóras luathbhraite agus eisiaimh agus níor cheart é nó í a bheith cláraithe mar eisiata sa bhunachar sonraí comhfhreagrach. I gcás ina nglacann an Coimisiún le tabhartas, ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach faisnéis faoi a sholáthar ina thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí nó ina tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí.

(22)

Ba cheart foráil a thabhairt isteach ionas go mbeadh duine dlítheanach in ann urraíocht chomhchineáil a dhéanamh ar imeacht nó ar ghníomhaíocht chun críoch fógraíochta nó freagrachta sóisialta corparáidí.

(23)

Ba cheart coincheap na feidhmíochta maidir leis an mbuiséad a shoiléiriú. Ba cheart an fheidhmíocht a nascadh le cur i bhfeidhm díreach phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Ba cheart sainmhíniú a thabhairt freisin ar phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, agus ba cheart nasc a bhunú idir na cuspóirí arna leagan amach agus táscairí feidhmíochta, torthaí agus barainneacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht maidir le húsáid leithreasuithe. Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart an téarmaíocht feidhmíochta, go háirithe i dtaca le haschur agus torthaí, a shainmhíniú, ach coinbhleachtaí le creataí feidhmíochta reatha na gclár éagsúil a sheachaint.

(24)

I bhfianaise na sprice cothrománaí príomhshruthaithe inscne, spriocanna chun faireachán a dhéanamh ar chaiteachas aeráide agus ar fheidhmíocht agus ar chaiteachas a chuidíonn le stop a chur le meath na bithéagsúlachta agus é a aisiompú, ba cheart táscairí sonracha feidhmíochta a thabhairt isteach chun rianú a dhéanamh ar an tionchar atá ag an gcaiteachas ar an gcomhionannas inscne, ar an maolú ar an athrú aeráide, ar an oiriúnú don athrú sin agus ar chosaint na bithéagsúlachta. Ba cheart na táscairí sin a bheith gonta agus comhréireach, ba cheart aon fhorluí a sheachaint leo, ba cheart an líon acu a theorannú agus níor cheart ualach iomarcach riaracháin a bheith mar thoradh orthu. Ba cheart iad a bheith bunaithe ar mhodheolaíocht éifeachtach, thrédhearcach agus chuimsitheach agus, i gcás inarb iomchuí, ar fhianaise eolaíoch a aithnítear go forleathan. I gcás inarb iomchuí, ba cheart na sonraí arna mbailiú i ndáil le táscairí den sórt sin a mhiondealú de réir inscne agus iad a bhailiú ar bhealach ina bhféadfar na sonraí sin a chomhiomlánú ar fud na gclár ábhartha go léir.

(25)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar dhúshláin aeráide agus chomhshaoil agus chun a áirithiú go mbeidh cur chun feidhme an bhuiséid ina rannchuidiú leis an gComhaontú Glas don Eoraip dá dtagraítear i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais, agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, ba cheart coincheap na feidhmíochta a mhéid a bhaineann leis an mbuiséad a leathnú chun cur chun feidhme clár agus gníomhaíochtaí ar shlí inbhuanaithe a áireamh, rud nach gcuirfeadh bac ar bhaint amach na gcuspóirí comhshaoil um maolú ar an athrú aeráide, an t-oiriúnú don athrú aeráide, úsáid inbhuanaithe agus cosaint acmhainní uisce agus muirí, an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach, cosc agus rialú ar thruailliú agus bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú.

(26)

Tá sé tábhachtach cearta sóisialta agus dálaí córa oibre agus saothair a chur chun cinn, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Airteagal 9 CFAE. I gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit an dlí náisiúnta ábhartha is infheidhme, dlí an Aontais, coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus comhaontuithe comhchoiteanna a urramú agus cláir agus gníomhaíochtaí arna gcistiú leis an mbuiséad á gcur chun feidhme acu.

(27)

I gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13), ba cheart reachtaíocht an Aontais a bheith ar ardchaighdeán, agus ba cheart í a bheith ag díriú ar na réimsí ina bhfuil an breisluach is mó le fáil ag saoránaigh agus ina bhfuil sí chomh héifeachtúil agus chomh héifeachtach agus is féidir a mhéid a bhaineann le comhchuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Trí mheastóireacht a dhéanamh ar chláir agus gníomhaíochtaí caiteachais reatha agus nua, a bhfuil caiteachas suntasach ag gabháil leo, is féidir cabhrú leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

(28)

Chun gealltanas an Choimisiúin a chur chun feidhme, is é sin a bheith digiteach mar réamhshocrú agus rialuithe agus iniúchtaí níos éifeachtúla agus níos cáilíochtúla a chothú tríd an leibhéal dearbhaithe a mhéadú agus, an tráth céanna, an costas a laghdú, is iomchuí tagairt shainráite a thabhairt isteach d’úsáid uirlisí digiteacha agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail an mheaisínfhoghlaim, uathoibriú an phróisis róbataice, an mhianadóireacht sonraí agus an intleacht shaorga.

(29)

Chun feabhas a chur ar chosaint an bhuiséid ar neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte , ba cheart bearta caighdeánaithe a thabhairt isteach chun faisnéis maidir le faighteoirí cistí de chuid an Aontais a bhailiú, a chur i gcomparáid agus a chomhiomlánú. Go háirithe, chun an chalaois a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a cheartú go héifeachtach nó chun neamhrialtachtaí a réiteach, is gá a bheith in ann na daoine nádúrtha a thairbhíonn, go díreach nó go hindíreach, de chistiú an Aontais nó de mhí-úsáid an chistithe sin sa deireadh a shainaithint. Le taifeadadh agus stóráil leictreonach sonraí maidir le faighteoirí cistí de chuid an Aontais, lena n-áirítear a n-úinéirí tairbhiúla mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), agus le cur ar fáil tráthrialta na sonraí sin i gcóras faisnéise agus faireacháin comhtháite aonair agus idir-inoibritheach, lena n-áirítear uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca aonair (‘córas TF comhtháite aonair’), arna sholáthar ag an gCoimisiún, ba cheart measúnú riosca a éascú chun críoch roghnúcháin, dámhachtana, bainistíochta airgeadais, faireacháin, imscrúdaithe, rialaithe agus iniúchóireachta agus ba cheart rannchuidiú le neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte , a chosc, a bhrath, a cheartú go héifeachtach agus obair leantach a dhéanamh ina leith. Ba cheart na rialacha a bhaineann le taifeadadh, stóráil, aistriú agus próiseáil sonraí a bheith i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme. Ba cheart an córas TF comhtháite aonair a fhorbairt d’fhonn tuairisciú dúbailte a sheachaint agus an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar eintitis eile cur chun feidhme a laghdú. Ba cheart don Choimisiún gníomhú marrialaitheoir agus a bheith freagrach as an gcóras TF comhtháite aonair a fhorbairt, a bhainistiú agus a mhaoirsiú. Ba cheart rochtain a bheith ag na Ballstáit, comhlachtaí imscrúdaitheacha, rialaithe agus iniúchóireachta de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), an Chúirt Iniúchóirí agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) ar na sonraí sin laistigh d'fheidhmiú a n-inniúlachtaí faoi seach. Le rochtain den sórt sin, ba cheart prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a urramú. Ba cheart na sonraí atá ar fáil tríd an gcóras TF comhtháite aonair a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn cás ar chás a mhéid is gá agus is comhréireach le feidhmiú a n-inniúlachtaí faoi seach, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh don Choimisiún.

(30)

Ba cheart an córas TF comhtháite aonair a bheith bunaithe ar idir-inoibritheacht, lenar cheart faisnéis agus sonraí atá cothrom le dáta maidir le faighteoirí cistí de chuid an Aontais a aisghabháil ón gcóras sin agus a aistriú isteach ann, ar bhealach uathoibríoch, i bhfíor-am i gcás inarb indéanta, agus úsáid á baint, inter alia, as bunachair sonraí náisiúnta ábhartha, córais inmheánacha na gcomhlachtaí agus na n-údarás náisiúnta ábhartha, údaráis bhainistíochta agus íocaíochta, bunachair sonraí náisiúnta soláthair phoiblí agus tairisceana, sonraí atá ar fáil go poiblí, agus sonraí ó bhunachair sonraí eile de chuid an Choimisiúin, agus ar an gcaoi sin cuimsitheacht agus iomláine na faisnéise agus na sonraí a áirithiú.

(31)

Ba cheart an córas TF comhtháite aonair a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach lena bhféadfaí faisnéis ábhartha a chomhiomlánú i ndáil leis na faighteoirí céanna i gcláir chistiúcháin éagsúla de chuid an Aontais. Níor cheart ach táscairí riosca atá oibiachtúil, comhréireach agus riachtanach le haghaidh measúnú riosca, agus atá bunaithe ar fhoinsí iontaofa sonraí agus faisnéise atá cothrom le dáta, i bhfíor-am i gcás inarb indéanta, a úsáid leis. Ba cheart an córas TF comhtháite aonair a dhearadh lena úsáid i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear íoslaghdú sonraí agus teorannú stórála, is infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta.

(32)

Chun a áirithiú go bhfanfaidh feidhmeanna an chórais TF chomhtháite aonair ar ardchaighdeán, ba cheart gníomhaíochtaí agus bearta áirithe a chur chun feidhme i gcás inarb indéanta, lena n-áirítear réimsí sonraí a ailíniú le córais TF agus bunachair sonraí ábhartha náisiúnta agus de chuid an Choimisiúin, leis na nithe breise is gá chun críche na huirlise mianadóireachta sonraí agus scórála riosca, lena n-áirítear tagairt d’aitheantóir uathúil na n-oibríochtaí; na córais TF agus na bunachair sonraí ábhartha náisiúnta a chomhtháthú leis an gcóras TF comhtháite aonair le haghaidh uathmhalartú faisnéise; an deis a thabhairt d’úsáideoirí táscairí riosca agus a n-ualaí a chur in oiriúint agus a chur ina ngrúpaí de réir riachtanais agus sainiúlachtaí ciste, cláir nó tíre de chuid an Aontais; an intleacht shaorga a úsáid chun sonraí a anailísiú agus a léirmhíniú; ilfhéidearthachtaí a sholáthar d’úsáideoirí chun roghanna cuardaigh agus cumais scagtha a úsáid; treoir a sholáthar d’úsáideoirí faoi léirmhíniú agus úsáid sonraí agus torthaí; agus oiliúint a sholáthar maidir le conas nascleanúint a dhéanamh ar an gcóras TF comhtháite aonair, measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus iad a chur i gcuntas i bhfíoruithe agus in iniúchtaí.

(33)

I gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta a chumhdaítear in Airteagal 15 CFAE, tá institiúidí de chuid an Aontais lena gcuid oibre a dhéanamh ar bhealach chomh hoscailte agus is féidir. I dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid, tugtar le fios le cur i bhfeidhm an phrionsabail sin gur cheart do shaoránaigh a bheith ar an eolas faoi cén áit, agus cad chuige, a gcaitheann an tAontas cistí. Leis an bhfaisnéis sin, cothaítear díospóireacht dhaonlathach, cuirtear le rannpháirtíocht na saoránach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais, neartaítear an rialú agus an grinnscrúdú institiúideach a dhéantar ar chaiteachas an Aontais, agus cuirtear lena inchreidteacht. Ba cheart don chumarsáid a bheith níos spriocdhírithe agus ba cheart é a bheith d’aidhm léi infheictheacht na ranníocaíochta ón Aontas a mhéadú i measc na saoránach. Ba cheart cuspóirí den sórt sin a bhaint amach trí fhoilsiú faisnéise ábhartha maidir le gach faighteoir cistí arna maoiniú ón mbuiséad, agus úsáid á baint as uirlisí nua-aimseartha cumarsáide más féidir, ar foilsiú é lena gcuirtear i gcuntas leasanna rúndachta agus slándála dlisteanacha na bhfaighteoirí sin agus, a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha, a gceart chun príobháideachas agus cosaint a sonraí pearsanta. Ba cheart d’institiúidí de chuid an Aontais, dá bhrí sin, cur chuige roghnaitheach a ghlacadh i leith faisnéis a fhoilsiú, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Ba cheart cinntí i dtaobh

(34)

Gan dochar do na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, ba cheart féachaint leis an trédhearcacht is fearr is féidir a bheith ann a mhéid a bhaineann le faisnéis faoi fhaighteoirí. Ba cheart an fhaisnéis faoi fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin láraithe agus tiomnaithe institiúidí de chuid an Aontais, amhail an Córas um Thrédhearcacht Airgeadais, agus ba cheart í a bheith sofhaighte trí bhíthin réitigh theicniúla oiriúnacha agus shlána. Le ceanglais maidir le foilsiú, ba cheart modhanna uile chur chun feidhme an bhuiséid a chumhdach, lena n-áirítear an cur chun feidhme a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais.

(35)

Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an buiséad a chur chun feidhme go hindíreach trí bhíthin eagraíochtaí de chuid na mBallstát. Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí, dá bhrí sin, eagraíocht de chuid na mBallstát a shainiú mar eintiteas arna bhunú i mBallstát mar chomhlacht dlí phoiblí, nó mar chomhlacht faoi rialú an dlí phríobháidigh a gcuireann an Ballstát sin misean seirbhíse poiblí de chúram air agus a dtugann an Ballstát sin ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dó. Tacaíocht airgeadais arna tabhairt ag Ballstát do chomhlachtaí dlí phríobháidigh i gcomhréir le ceanglais reatha arna leagan amach i ndlí an Aontais, i riocht arna chinneadh ag an mBallstát sin agus nach n-éilítear ráthaíocht bainc ina leith, ba cheart sin a mheas mar ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais.

(36)

Níor cheart sonraí pearsanta ina dtagraítear do dhaoine nádúrtha a bheith ar fáil go poiblí ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse ar lena linn a úsáideann an faighteoir na cistí agus ba cheart, mar sin, na sonraí sin a bhaint tar éis 2 bhliain.

(37)

Sa chuid is mó de na cásanna a thagann faoin Rialachán seo, baineann an foilsiú le daoine dlítheanacha. I gcás ina bhfuil daoine nádúrtha i gceist, ba cheart d’fhoilsiú sonraí pearsanta prionsabal na comhréireachta a urramú, idir tábhacht an mhéid arna dheonú agus an gá atá le rialú a dhéanamh ar dhea-úsáid na gcistí. I gcásanna den sórt sin, tá foilsiú an réigiúin ar leibhéal 2 d’aicmiú coiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) ag teacht leis an gcuspóir maidir le foilsiú faisnéise faoi fhaighteoirí agus áirithítear cóir chomhionann idir Ballstáit de mhéideanna éagsúla leis, agus ceart faighteoirí chun saoil phríobháidigh agus, go háirithe, cosaint a sonraí pearsanta, á n-urramú.

(38)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart na staideanna nár cheart foilsiú a dhéanamh a shonrú. Mar shampla, níor cheart faisnéis a fhoilsiú maidir le scoláireachtaí nó cineálacha eile tacaíochta dírí a íoctar leis na daoine nádúrtha is mó gátar, maidir le conarthaí áirithe ar luach an-íseal nó maidir le tacaíocht airgeadais faoi thairseach ar leith arna soláthar trí ionstraimí airgeadais nó trí ráthaíochtaí buiséadacha, nó i gcásanna inar baol, le nochtadh na faisnéise sin, do chearta agus saoirsí na ndaoine aonair lena mbaineann, mar a chosnaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, nó ina ndéanfaí dochar do leasanna tráchtála na bhfaighteoirí. I gcás deontas, áfach, chun an cleachtas reatha a choinneáil ar bun agus ionas go mbeadh trédhearcacht ann, níor cheart d’aon díolúine speisialta eascairt as an oibleagáid faisnéis a fhoilsiú ar bhonn tairseach ar leith.

(39)

I gcás ina bhfoilsítear sonraí pearsanta faighteoirí chun críoch trédhearcachta i dtaca le húsáid cistí de chuid an Aontais agus rialú nósanna imeachta dámhachtana, ba cheart na faighteoirí sin a chur ar an eolas faoin bhfoilsiú sin, agus faoina gcearta agus faoi na nósanna imeachta is infheidhme chun na cearta sin a fheidhmiú, i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2018/1725 agus (AE) 2016/679 (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(40)

Chun a áirithiú go ndéanfar prionsabal na córa comhionainne a urramú do gach faighteoir, ba cheart faisnéis a bhaineann le daoine nádúrtha a fhoilsiú freisin, i gcomhréir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú i gcás conarthaí os cionn na dtairseach a leagtar síos i dTreoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(41)

I gcás bainistíocht indíreach agus chomhroinnte, ba cheart do na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí ainmnithe a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme faisnéis a chur ar fáil faoi fhaighteoirí agus faoi fhaighteoirí deiridh. I gcás bainistíocht chomhroinnte, ba cheart an fhaisnéis a fhoilsiú i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha. Ballstáit a fhaigheann agus a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, ba cheart dóibh faisnéis a chur ar fáil faoina bhfaighteoirí i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún faisnéis a chur ar fáil faoi shuíomh gréasáin amháin, lena n-áirítear tagairt dá sheoladh, ar suíomh é ar ar féidir teacht ar an bhfaisnéis faoi fhaighteoirí agus faoi fhaighteoirí deiridh.

(42)

Ionas gur soléite agus gur trédhearcaí a bheidh na sonraí a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, is iomchuí gach ceanglas tuairiscithe a chumasc in aon doiciméad oibre amháin a bheadh ag gabháil leis an dréachtbhuiséad.

(43)

Chun trédhearcacht a áirithiú, dúbláil áirithe a sheachaint agus uainiú an tuairiscithe a ailíniú le hinfhaighteacht na sonraí ábhartha, agus é á áirithiú nach gcailltear aon fhaisnéis, ba cheart an fhaisnéis faoi ráthaíochtaí buiséadacha, faoin gciste don soláthar coiteann agus faoi dhliteanais theagmhasacha a chumhdaítear faoi uasteorainn na n-acmhainní dílse a athghrúpáil faoi na trí chatagóir sin agus a chur i láthair ar bhealach cuimsitheach sna tuarascálacha faoi seach.

(44)

Chun an trédhearcacht agus an cruinneas a mhéadú agus tuairisciú á dhéanamh, ba cheart faisnéis maidir le caillteanais réadaithe ó shócmhainní a áireamh san fhaisnéis maidir le hionstraimí airgeadais a chuirtear i láthair sa doiciméad oibre atá i gceangal leis an dréachtbhuiséad.

(45)

Chun a áirithiú go mbeidh sioncrónú ann leis an amlíne chun an ráiteas ar mheastacháin a ghlacadh, ba cheart an doiciméad oibre maidir le beartas foirgníochta an Choimisiúin a chur i gceangal leis an dréachtbhuiséad.

(46)

Chun dea-chleachtais a chur chun cinn maidir le cur chun feidhme Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), an Chiste Comhtháthaithe, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), agus an Chiste Eorpaigh Mhuirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), chomh maith leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), ba cheart don Choimisiún, chun críoch faisnéise, a bheith in ann treoir neamhcheangailteach mhodheolaíoch a chur ar fáil do chomhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí bainistíochta agus rialaithe ina leagfar amach cur chuige agus straitéis rialaithe dá chuid féin, lena n-áirítear seicliostaí, agus samplaí dea-chleachtais. Ba cheart an treoir sin a nuashonrú nuair is gá.

(47)

Le cásdlí (17) lena gcuirtear d’oibleagáid ar an gCoimisiún ús nó muirear eile a bhí dlite ar mhéideanna fíneálacha arna gcur ar ceal nó arna laghdú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a íoc, cruthaíodh staid nua nárbh fhéidir a thuar. Dá bhrí sin, is gá a cheadú aon ús nó aon mhuirear eile atá dlite ar mhéideanna na bhfíneálacha, na bpionós eile nó na smachtbhannaí arna gcealú nó arna laghdú, lena n-áirítear aon toradh diúltach a bhaineann leis na méideanna sin, a asbhaint d’ioncam an bhuiséid. Ba cheart an eisceacht sin ar an toirmeasc ar ioncam diúltach a theorannú don staid shonrach sin. An prionsabal ginearálta i dtaca le hathbhunú chuig an staid ina raibh sé roimhe sin (restitutio in integrum) is infheidhme maidir le fíneálacha, pionóis eile nó smachtbhannaí a fhorchuireann institiúidí de chuid an Aontais agus a gcealaíonn nó a laghdaíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina dhiaidh sin iad, chun an prionsabal sin a chomhlíonadh, is gá foráil a dhéanamh nach ndéanfar aon toradh diúltach ar mhéid na bhfíneálacha, na bpionós eile nó na smachtbhannaí arna mbailiú go sealadach ag institiúidí de chuid an Aontais a asbhaint den mhéid atá le haisíoc. Chun na tríú páirtithe lena mbaineann a chúiteamh as gan bheith in ann tairbhiú d’airgead ón dáta a d’íoc siad an fhíneáil go sealadach leis an gCoimisiún go dtí dáta na haisíocaíochta, ba cheart an méid atá le haisíoc a mhéadú le hús ar an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin agus aon phointe céatadáin go leith curtha leis mar chúiteamh leordhóthanach le haghaidh na dtríú páirtithe sin i staideanna den sórt sin, lena n-eisiatar an gá atá le ráta úis eile a chur i bhfeidhm ar an méid sin. Thairis sin, comhfhreagraíonn an ráta sin don ráta úis is infheidhme i ndáil leis an bhféichiúnaí i gcás ina roghnaíonn an féichiúnaí íocaíocht fíneála, pionóis eile nó smachtbhanna eile a chur siar, agus foráiltear leis do ráthaíocht airgeadais seachas íocaíocht. Níor cheart ús agus muirir den sórt sin a asbhaint mar ioncam diúltach ach amháin go dtí an 31 Nollaig 2027, go dtí go dtiocfar ar réiteach cinntitheach don chreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027 i gcoibhneas leis an ráta úis agus muirir eile ba cheart a íoc mar chúiteamh leordhóthanach ar aisíocaíocht fíneálacha, pionós eile nó smachtbhannaí arna gcur ar ceal nó arna laghdú. Leis an réiteach cinntitheach sin, ba cheart breithniú a dhéanamh ar an taithí a fuarthas roimhe seo agus ar na forbairtí a bhfuiltear ag súil leo amach anseo agus ba cheart é a bheith i gcomhréir le cur i bhfeidhm na bprionsabal buiséadach a leagtar síos sa Rialachán seo. Chun sreabhadh airgid leordhóthanach a áirithiú chun na tríú páirtithe lena mbaineann a chúiteamh as gan a bheith in ann tairbhiú d’airgead i gcás ina ndearnadh fíneáil, pionós eile nó smachtbhanna a chur ar ceal nó a méid a laghdú, d’fhéadfadh sé gur ghá foráil a dhéanamh maidir leis na méideanna a gheofar trí fhíneálacha, trí phionóis eile nó trí smachtbhannaí agus aon ús fabhraithe nó aon ioncam eile a ghinfidh siad a iontráil sa bhuiséad faoi dheireadh na bliana airgeadais ina dhiaidh sin. Chun trédhearcacht iomlán an tsásra sin a áirithiú, ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis uile atá ar fáil faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(48)

I bhfianaise an mhéadaithe ar an líon oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí a dhéanann an Coimisiún thar ceann an Aontais chun an téarnamh ó phaindéim COVID-19 a mhaoiniú, ba cheart an trédhearcacht maidir leis na hoibríochtaí sin a fheabhsú a thuilleadh. Chun aghaidh a thabhairt ar chastacht mhéadaithe na n-oibríochtaí sin agus chun infheictheacht níos fearr i dtaca lena n-ábhar a áirithiú, ba cheart forléargas cuimsitheach ar oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí a dhéanann an Coimisiún a chur leis an doiciméad atá ceangailte leis an roinn den bhuiséad a bhaineann leis an gCoimisiún. Ba cheart a sholáthar san fhorléargas sin, inter alia, faisnéis mhionsonraithe maidir le haibíochtaí, sceideal na n-íocaíochtaí, ús atá dlite ar an leibhéal comhiomlán, an bonn infheisteoirí ar an mbunmhargadh, agus, i gcás inarb infheidhme, gné agus costais an chomhthiomsaithe choitinn leachtachta atá mar bhonn taca faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe, chomh maith leis an bplean iasachtaíochta. Ina theannta sin, ba cheart a leagan amach san fhorléargas sin na sonraí foluiteacha agus an mhodheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún chun an t-ús a tabhaíodh a ríomh agus chun an t-ús atá dlite a mheas, gan aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh an mhargaidh de a chur san áireamh.

(49)

Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht a bheith ag institiúidí de chuid an Aontais comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a thabhairt i gcrích le chéile chun gur fusa a leithreasuithe a chur chun feidhme agus maidir leis an bhféidearthacht freisin comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích idir ranna de chuid institiúidí de chuid an Aontais, comhlachtaí de chuid an Aontais, oifigí Eorpacha, comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme sa chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) de bhun Theideal V de CAE agus Oifig Ard-Rúnaí Bhord Gobharnóirí na Scoileanna Eorpacha maidir le soláthar seirbhísí, soláthar táirgí nó forghníomhú conarthaí oibreacha nó foirgníochta.

(50)

Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, is gá a shoiléiriú go n-áirítear leis an dlí is infheidhme, faoina bhfuil aon ghníomhaíocht iomchuí le déanamh maidir le coinbhleachtaí leasa, dlí an Aontais a bhaineann le coinbhleachtaí leasa agus an dlí náisiúnta a bhaineann le coinbhleachtaí leasa.

(51)

Chun cuimsitheacht a mhéadú, comhlachtaí dlí phríobháidigh nó comhlachtaí dlí de chuid an Aontais atá bunaithe i mBallstát agus atá incháilithe chun é a chur de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí de chuid an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, ba cheart iad a chur leis an liosta eintiteas ar féidir cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a chur de chúram orthu, a mhéid atá siad á rialú ag comhlachtaí dlí phoiblí nó ag comhlachtaí dlí phríobháidigh a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu atá incháilithe faoi bhainistíocht indíreach, agus a thugtar ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh. I gcás nach dtairbhíonn comhlachtaí dlí phríobháidigh nó comhlachtaí dlí de chuid an Aontais de thacaíocht airgeadais arna cur ar fáil ag Ballstát, ba cheart ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha a bheith i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach ó na comhlachtaí rialúcháin nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha.

(52)

Is iomchuí an nós imeachta a leagan síos lena gcuirfear ar bun oifigí Eorpacha nua agus lena ndéanfar idirdhealú idir cúraimí éigeantacha agus cúraimí neamhéigeantacha na n-oifigí sin. Ba cheart féidearthacht a thabhairt isteach d’institiúidí de chuid an Aontais, do chomhlachtaí de chuid an Aontais agus d’oifigí Eorpacha eile cumhachtaí an oifigigh údarúcháin a tharmligean chuig stiúrthóir oifige Eorpaí. Ina theannta sin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag oifigí Eorpacha comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a thabhairt i gcrích maidir le soláthar seirbhísí, soláthar táirgí nó forghníomhú conarthaí oibreacha nó foirgníochta. Is iomchuí rialacha sonracha a leagan amach maidir le taifid chuntasaíochta a tharraingt suas, mar aon le forálacha lena dtugtar údarú d’oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuid dá chúraimí nó cúraimí a tharmligean chuig baill foirne sna hoifigí sin, agus nósanna imeachta oibriúcháin do chuntais bhainc ar cheart an Coimisiún a bheith in ann iad a oscailt in ainm oifige Eorpaí.

(53)

Chun costéifeachtúlacht na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin a fheabhsú agus i bhfianaise na taithí praiticiúla a fuarthas le comhlachtaí eile de chuid an Aontais, ba cheart a bheith in ann cúraimí uile oifigeach cuntasaíochta na gníomhaireachta feidhmiúcháin lena mbaineann, nó cuid de na cúraimí sin, a chur faoi chúram oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin.

(54)

Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, is gá a shoiléiriú go ngníomhaíonn stiúrthóirí gníomhaireachtaí feidhmiúcháin mar oifigigh údarúcháin trí tharmligean agus leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí na gclár arna dtarmligean chuig a ngníomhaireachtaí á mbainistiú acu. Chun go mbainfí an leas is mó as gnóthachain éifeachtúlachta mar thoradh ar an lárú foriomlán ar sheirbhísí áirithe tacaíochta, ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite don fhéidearthacht go ndéanfadh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin caiteachas riaracháin a chur chun feidhme.

(55)

Is gá rialacha a shocrú maidir le cumhachtaí agus freagrachtaí gníomhaithe airgeadais, go háirithe oifigigh údarúcháin agus oifigigh chuntasaíochta.

(56)

Ba cheart Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Chúirt Iniúchóirí agus oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a chur ar an eolas faoi cheapachán oifigigh údarúcháin trí tharmligean, ceapachán iniúchóra inmheánaigh agus ceapachán oifigigh cuntasaíochta, nó faoi fhoirceannadh dhualgais na ndaoine sin, laistigh de 2 sheachtain ón gceapachán nó ón bhfoirceannadh sin.

(57)

Ba cheart freagracht iomlán a bheith ar oifigigh údarúcháin as na hoibríochtaí ioncaim agus caiteachais go léir arna ndéanamh faoina n-údarás, agus as córais rialaithe inmheánaigh, agus ba cheart iad a bheith cuntasach as a mbearta, lena n-áirítear, nuair is gá, trí imeachtaí araíonachta.

(58)

Ba cheart na cúraimí, na freagrachtaí agus prionsabail na nósanna imeachta atá le hurramú ag na hoifigigh údarúcháin a leagan síos freisin. Ba cheart do na hoifigigh údarúcháin trí tharmligean a áirithiú go bhfaighidh na hoifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean agus a gcuid ball foirne faisnéis agus oiliúint maidir leis na caighdeáin rialaithe agus na modhanna agus teicnící faoi seach agus go nglacfar bearta chun feidhmiú an chórais rialaithe a áirithiú. Ba cheart don oifigeach údarúcháin trí tharmligean tuairisciú dá institiúid nó dá hinstitiúid de chuid an Aontais ar fheidhmiú na ndualgas i bhfoirm tuarascáil bhliantúil. Ba cheart a áireamh sa tuarascáil sin an fhaisnéis airgeadais agus bhainistíochta atá riachtanach chun tacú le dearbhú urrúis an oifigigh sin maidir le feidhmiú a chuid nó a cuid dualgas, lena n-áirítear faisnéis faoi fheidhmíocht fhoriomlán na n-oibríochtaí arna ndéanamh. Ba cheart na doiciméid tacaíochta a bhaineann leis na hoibríochtaí a dhéantar a choimeád ar feadh 5 bliana ar a laghad. Maidir leis na cineálacha éagsúla nósanna imeachta idirbheartaithe chun conarthaí poiblí a dhámhachtain, ba cheart tuarascáil speisialta ón oifigeach údarúcháin trí tharmligean a chur chuig an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais agus tuarascáil ón institiúid sin de chuid an Aontais a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ina leith, ós rud é gur maolú ar na gnáthnósanna imeachta dámhachtana atá i gceist leis na nósanna imeachta sin.

(59)

Ba cheart a chur san áireamh an ról dúbailte a bhíonn ag Cinn toscaireachtaí de chuid an Aontais, agus a bhíonn ag a gcuid ionadaithe ina n-éagmais, mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus, a mhéid a bhaineann le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, don Choimisiún.

(60)

Maidir le tarmligean na gcumhachtaí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid ag an gCoimisiún, a mhéid a bhaineann leis na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí atá mar chuid dá roinn féin den bhuiséad, chuig leas-Chinn toscaireachtaí de chuid an Aontais, ba cheart an tarmligean a bheith srianta do na staideanna sin ina bhfuil fíorghá le comhlíonadh na gcúraimí sin ag leas-Chinn toscaireachtaí de chuid an Aontais chun leanúnachas gnó a áirithiú nuair nach mbíonn Cinn toscaireachtaí de chuid an Aontais i láthair. Níor cheart cead a thabhairt do leas-Chinn toscaireachtaí de chuid an Aontais na cumhachtaí sin a fheidhmiú ar bhonn córasach ná ar chúiseanna a bhaineann le roinnt inmheánach na hoibre.

(61)

Ba cheart an t-oifigeach cuntasaíochta a bheith freagrach as cur chun feidhme ceart na n-íocaíochtaí, as bailiú ioncaim agus as aisghabháil na méideanna is infhaighte. Ba cheart don oifigeach cuntasaíochta an cisteán, na cuntais bhainc agus comhaid tríú páirtí a bhainistiú, na cuntais a choimeád agus a bheith freagrach as ráitis airgeadais institiúidí de chuid an Aontais a tharraingt suas. Oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin an t-aon duine amháin ar cheart é a bheith de cheart aige nó aici rialacha cuntasaíochta agus cairteacha comhchuibhithe na gcuntas a leagan síos, agus ba cheart d’oifigigh chuntasaíochta na n-institiúidí eile uile de chuid an Aontais na nósanna imeachta cuntasaíochta is infheidhme ina n-institiúidí féin a leagan síos.

(62)

Ba cheart freisin na socruithe um cheapadh an oifigigh cuntasaíochta agus foirceannadh a chuid dualgas nó a cuid dualgas a bhunú freisin.

(63)

Ba cheart don oifigeach cuntasaíochta nósanna imeachta a bhunú chun a áirithiú nach mbeidh na cuntais arna n-oscailt i ngeall ar cheanglais maidir le bainistiú cisteáin ná na cuntais óinchiste sa dochar.

(64)

An modh íocaíochta atá údaraithe chun an cisteán a bhainistiú, is iomchuí é sin a ailíniú leis na modhanna íocaíochta nua-aimseartha, lena n-áirítear cártaí creidmheasa agus tiachóga leictreonacha.

(65)

Maidir le híocaíochtaí ó thoscaireachtaí de chuid an Aontais trí na rialacha caighdeánacha maidir le hoibríochtaí buiséadacha, cisteáin agus cuntasaíochta (nósanna imeachta buiséadacha), ós rud é gur mó díobh a dhéantar tríd an gcisteán lárnach agus, dá thoradh sin, go bhfuil laghdú tagtha ar an líon idirbheart agus ar na méideanna a íoctar trí chuntais óinchiste, is iomchuí simpliú a dhéanamh ar na rialacha maidir le cuntais óinchiste a chruthú, a riar agus a rialú.

(66)

Ba cheart na coinníollacha maidir le húsáid cuntas óinchiste, is é sin córas bainistíochta arb eisceacht ar na gnáthnósanna imeachta buiséadacha é agus nach mbaineann sé ach le méideanna teoranta, a leagan síos, agus ba cheart cúraimí agus freagrachtaí na riarthóirí óinchiste, chomh maith le cúraimí agus freagrachtaí an oifigigh údarúcháin agus an oifigigh cuntasaíochta i ndáil le rialú cuntas óinchiste, a leagan amach. Ar chúiseanna éifeachtúlachta, ba cheart cuntais óinchiste a bhunú i dtoscaireachtaí de chuid an Aontais le haghaidh leithreasuithe ó na ranna sin den bhuiséad a bhaineann leis an gCoimisiún agus le SEGS araon. Is iomchuí freisin, faoi choinníollacha sonracha, úsáid cuntas óinchiste a cheadú i dtoscaireacht an Aontais chun méideanna teoranta a íoc trí bhíthin nósanna imeachta buiséadacha. Maidir le riarthóirí óinchiste a cheapadh, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann iad a roghnú freisin ó bhaill foirne arna bhfostú ag an gCoimisiún i réimse na cabhrach um bainistiú géarchéime agus na n-oibríochtaí cabhrach daonnúla aon uair nach mbíonn fáil ar bhaill foirne de chuid an Choimisiúin a thagann faoi Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (18) (‘Rialacháin Foirne’).

(67)

Chun an staid i réimse na cabhrach um bainistiú géarchéime agus na n-oibríochtaí cabhrach daonnúla nuair nach mbíonn fáil ar bhaill foirne de chuid an Choimisiúin a thagann faoi na Rialacháin Foirne a chur i gcuntas, chomh maith leis na deacrachtaí teicniúla a bhaineann le síniú an oifigigh údarúcháin atá freagrach a fháil do gach gealltanas dlíthiúil, ba cheart a cheadú do na baill foirne atá fostaithe ag an gCoimisiún sa réimse sin gealltanais dhlíthiúla ar luach an-íseal suas go EUR 2 500 atá nasctha leis na híocaíochtaí arna ndéanamh ó chuntais óinchiste a dhéanamh, agus a cheadú do Chinn toscaireachtaí de chuid an Aontais nó dá n-ionadaithe tabhairt faoi ghealltanais dhlíthiúla faoi threoir oifigeach údarúcháin an Choimisiúin atá freagrach.

(68)

Nuair a bheidh cúraimí agus freagrachtaí gníomhaithe airgeadais sainithe, ní fhéadfar iad a bheith faoi dhliteanas ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne. Is in institiúidí de chuid an Aontais a bunaíodh sainphainéil um neamhrialtachtaí airgeadais de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Mar gheall ar líon teoranta na gcásanna arna gcur faoina mbráid, áfach, agus ar mhaithe le héifeachtúlacht, is iomchuí a gcuid feidhmeanna a aistriú chuig painéal idirinstitiúideach arna bhunú de bhun an Rialacháin seo (an ‘painéal’). Ba cheart an painéal a chur ar bun chun iarrataí a mheas agus moltaí a eisiúint faoin ngá atá le cinntí a ghlacadh maidir le heisiamh agus forchur pionós airgeadais arna gcur faoina bhráid ag an gCoimisiún nó ag institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, gan dochar dá neamhspleáchas riaracháin i dtaca lena mbaill foirne. Tá sé mar aidhm leis an aistriú sin freisin an dúbláil a sheachaint agus na rioscaí go mbeadh moltaí nó tuairimí ag teacht salach ar a chéile a mhaolú, i gcásanna ina mbeadh oibreoir eacnamaíoch agus ball foirne institiúide nó comhlachta de chuid an Aontais araon i gceist. Is gá an nós imeachta trína bhféadfaidh oifigeach údarúcháin deimhniú a lorg maidir le treoir a mheasann an t-oifigeach sin a bheith mírialta nó i gcoinne phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a choimeád, agus ar an gcaoi sin é nó í a scaoileadh ó aon dliteanas. Ba cheart comhdhéanamh an phainéil sin a athrú nuair a bheidh an ról sin á chomhlíonadh aige. Níor cheart cumhachtaí imscrúdaitheacha a bheith ag an bpainéal.

(69)

Maidir le hioncam, is gá aghaidh a thabhairt ar choigeartuithe diúltacha ar acmhainní dílse a chumhdaítear le Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 (20) agus (AE, Euratom) 2021/770 (21) ón gComhairle. Ach amháin i gcás acmhainní dílse, is gá na cúraimí agus na rialuithe reatha atá faoi chúram na n-oifigeach údarúcháin a choimeád ag céimeanna éagsúla an nós imeachta: an meastachán ar na méideanna is infhaighte a shocrú, orduithe aisghabhála a eisiúint, an nóta dochair lena gcuirtear in iúl don fhéichiúnaí gur socraíodh an méid is infhaighte a sheoladh agus an cinneadh, i gcás inar gá, teidlíocht a tharscaoileadh faoi réir critéir lena ráthaítear go bhfuiltear ag cloí le bainistíocht fhónta airgeadais chun bailiú éifeachtúil ioncaim a áirithiú.

(70)

Ba cheart an t-oifigeach údarúcháin a bheith in ann aisghabháil méid arna shuí mar mhéid is infhaighte a tharscaoileadh go hiomlán nó i bpáirt i gcás ina bhfuil an féichiúnaí faoi réir aon cheann de na himeachtaí dócmhainneachta arna sainiú i Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), go háirithe i gcásanna socruithe breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí comhchosúla.

(71)

Ba cheart forálacha sonracha a leagan síos maidir le nósanna imeachta um meastachán ar an méid is infhaighte a choigeartú nó a laghdú go nialas.

(72)

Ní mór soiléiriú a thabhairt maidir le cén t-am a dhéanfar méideanna a fhaightear mar fhíneálacha, pionóis eile agus smachtbhannaí a chur isteach sa bhuiséad, mar aon le haon ús fabhraithe nó ioncam eile arna ghiniúint dá mbarr.

(73)

Mar gheall ar na forbairtí sna margaí airgeadais le déanaí agus an ráta úis a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm ar a chuid príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha a bhaineann leis an ráta úis le haghaidh fíneálacha nó pionóis eile.

(74)

Chun cineál sonrach na méideanna is infhaighte a léiriú, ar méideanna iad atá comhdhéanta d’fhíneálacha nó de phionóis eile arna bhforchur ag institiúidí de chuid an Aontais faoi CFAE nó faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom), is gá forálacha sonracha a thabhairt isteach i leith na rátaí úis is infheidhme maidir le méideanna atá dlite ach nach bhfuil íoctha fós, i gcás ina méadaíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh na méideanna sin.

(75)

Ba cheart na rialacha maidir le haisghabháil a shoiléiriú agus a neartú. Go háirithe, ba cheart a shonrú go bhfuil an t-oifigeach cuntasaíochta le méideanna a aisghabháil lena bhfritháireamh freisin i gcoinne méideanna atá dlite don fhéichiúnaí ag gníomhaireacht feidhmiúcháin agus an buiséad á chur chun feidhme aici.

(76)

Chun deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a ráthú, ba cheart rialacha maidir leis na sprioc-amanna le haghaidh seoladh nóta dochair a leagan síos.

(77)

Chun bainistíocht sócmhainní a dhaingniú agus tosaíocht á tabhairt don aidhm maidir le slándáil agus leachtacht an airgid, ba cheart na méideanna a bhaineann le fíneálacha, pionóis eile nó smachtbhannaí arna bhforchur faoi CFAE nó faoi Chonradh Euratom, amhail fíneálacha iomaíochta atá á gconspóid, a bhailiú ar bhonn sealadach. Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún freisin na méideanna sin a infheistiú i sócmhainní airgeadais, agus sannadh an toraidh orthu a chinneadh. Toisc nach é an Coimisiún an t-aon institiúid amháin de chuid an Aontais a bhfuil sé de cheart aige fíneálacha, pionóis eile nó smachtbhannaí a fhorchur, is gá forálacha a leagan síos a bhaineann leis na fíneálacha, na pionóis eile nó na smachtbhannaí sin arna bhforchur ag institiúidí eile de chuid an Aontais agus rialacha a leagan síos maidir lena n-aisghabháil, ar rialacha iad ba cheart a bheith coibhéiseach leo sin is infheidhme maidir leis an gCoimisiún.

(78)

Chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis uile is gá ag an gCoimisiún chun cinntí maoiniúcháin a ghlacadh, is gá na híoscheanglais le haghaidh inneachar na gcinntí maoiniúcháin maidir le deontais, soláthar, cistí iontaobhais de chuid an Aontais maidir le gníomhaíochtaí seachtracha (cistí iontaobhais de chuid an Aontais), duaiseanna, ionstraimí airgeadais, saoráidí measctha nó ardáin mheasctha agus ráthaíochtaí buiséadacha a leagan síos. An tráth céanna, chun go mbeidh dearcadh níos fadtéarmaí ag na faighteoirí ionchasacha, is gá cead a thabhairt na cinntí maoiniúcháin a ghlacadh ar feadh níos mó ná bliain airgeadais amháin agus é á shonrú go bhfuil an cur chun feidhme faoi réir ag leithreasuithe buiséid a bheith ar fáil do na blianta ábhartha airgeadais. Thairis sin, is gá líon na n-eilimintí a éilítear don chinneadh maoiniúcháin a laghdú. An tráth céanna, i gcomhréir le haidhm an tsimplithe, ba cheart an cinneadh maoiniúcháin a bheith ina chlár oibre bliantúil nó ina chlár oibre ilbhliantúil. Toisc go bhfuil ranníocaíochtaí leis na comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 suite sa bhuiséad cheana féin, níor cheart é a bheith de cheangal cinneadh sonrach maoiniúcháin a ghlacadh ina leith sin.

(79)

Maidir le caiteachas, ba cheart an gaol idir cinntí maoiniúcháin, gealltanais bhuiséadacha fhoriomlána agus gealltanais bhuiséadacha aonair, chomh maith le coincheapa an ghealltanais bhuiséadaigh agus dhlíthiúil a shoiléiriú chun creat soiléir a bhunú do na céimeanna éagsúla de chur chun feidhme an bhuiséid.

(80)

Chun líon na ngealltanas dlíthiúil arna ndéanamh ag toscaireachtaí agus ionadaíochtaí de chuid an Aontais, go háirithe, agus luaineacht sa ráta malairte a bhíonn i gceist leo a chur san áireamh, ba cheart a bheith in ann gealltanais shealadacha bhuiséadacha a dhéanamh freisin i gcásanna inarb eol cén t-íocaí deiridh agus cén méid atá i gceist.

(81)

Chun CERT a ailíniú leis na nósanna imeachta cuntasaíochta agus buiséadacha ginearálta a luaithe is féidir go teicniúil, ba cheart a cheadú leanúint ar aghaidh le gealltanais bhuiséadacha aonair chun na híocaíochtaí a dhéanamh, gan aon ghá gealltanas sealadach foriomlán a dhéanamh ar dtús chun na híocaíochtaí a dhéanamh agus gealltanais aonair a dhéanamh ina dhiaidh sin laistigh de thréimhse suas le 2 mhí, nó, faoi choinníollacha áirithe, laistigh de thréimhse níos faide. Thairis sin, ionas gur féidir leanúint ar aghaidh le gealltanais bhuiséadacha aonair agus le híocaíochtaí don chéad mhí den bhliain airgeadais i mí na Nollag, ba cheart gnáthchaiteachas bainistíochta le haghaidh CERT a chur leis na cineálacha caiteachais a dtugtar údarú íocaíochtaí a dhéanamh roimh ré ina leith.

(82)

A mhéid a bhaineann le tíopeolaíocht na n-íocaíochtaí is féidir le hoifigigh údarúcháin a dhéanamh, ba cheart soiléiriú a sholáthar ar na cineálacha éagsúla íocaíochta, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Ba cheart soiléiriú breise a thabhairt ar na rialacha maidir le híocaíochtaí réamh-mhaoiniúcháin a imréiteach, go háirithe i staideanna nach féidir imréiteach eatramhach a dhéanamh. Chuige sin, ba cheart forálacha iomchuí a bheith mar chuid de ghealltanais dhlíthiúla arna ndéanamh.

(83)

Ba cheart a shonrú sa Rialachán seo go bhfuil íocaíochtaí le déanamh laistigh de theorainneacha ama sonraithe agus, i gcás nach gcloítear leis na teorainneacha ama sin, go mbeidh creidiúnaithe i dteideal ús mainneachtana a fháil, arb ús é a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad, seachas i gcás na mBallstát, an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (CEI).

(84)

Ba cheart na príomheilimintí de shonraisc leictreonacha sa soláthar poiblí a bhunú ar na rialacha a leagtar amach i dTreoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

(85)

Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar thairiscintí neamhoiriúnacha sa soláthar poiblí chun tairiscintí ar ina leith nach bhfuil rochtain ag an oibreoir eacnamaíoch ar sholáthar a chur san áireamh.

(86)

Is gá a shoiléiriú gur féidir conarthaí sonracha faoi chreatchonarthaí a thugtar i gcrích le hoibreoir eacnamaíoch aonair a dhámhachtain agus a mhodhnú laistigh de theorainneacha na dtéarmaí a leagtar síos sa chreatchonradh.

(87)

Ós rud é gurb ionann na bearta poiblíochta ex ante i gcás nósanna imeachta oscailte, srianta agus iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht, ba cheart a cheadú faoi choinníollacha áirithe nós imeachta idirbheartaithe a úsáid gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré tar éis nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht nár éirigh leis.

(88)

Is gá na seirbhísí deimhniúcháin agus fíordheimhniúcháin doiciméad a sholáthraíonn nótairí a eisiamh ó raon feidhme rialacha soláthair an Rialacháin seo, i gcásanna nach bhfuil na nósanna imeachta lena rialaítear na seirbhísí sin sa Bhallstát lena mbaineann ar oscailt don iomaíocht.

(89)

Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht nósanna imeachta idirbheartaithe a bheith ann gan foilsiú roimh ré le haghaidh seirbhísí a sholáthraíonn eagraíochtaí de chuid na mBallstát nach féidir leo a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta iomaíocha.

(90)

Chun comhlíonadh chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a áirithiú (24), ba cheart don oifigeach údarúcháin a iarraidh go ndéanfar an fhianaise maidir le critéir eisiaimh agus roghnúcháin a chur isteach roimh an gcinneadh dámhachtana.

(91)

Is iomchuí na forálacha a bhaineann le bailíochtú agus údarú caiteachais a chomhtháthú in aon airteagal amháin agus sainmhíniú ar ‘saoradh’ a thabhairt isteach. Toisc go ndéantar na hidirbhearta ar chórais ríomhairithe, ba cheart síniú arna dhaingniú go leictreonach a chur in ionad dearbhán ‘ceadaithe chun a íoctha’ a shíniú chun an cinneadh bailíochtaithe a chur in iúl, ach amháin i líon teoranta cásanna. Is gá freisin a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag bailíochtú an chaiteachais maidir le gach costas incháilithe, lena n-áirítear, mar a bhíonn i gceist i dtaca le réamh-mhaoiniú a imréiteach, costais nach bhfuil bainteach le hiarratas ar íocaíocht.

(92)

Chun an chastacht a laghdú, rialacha atá ann cheana féin a chuíchóiriú agus soléiteacht an Rialacháin seo a fheabhsú, ba cheart rialacha atá i gcoiteann ag níos mó ná ionstraim cur chun feidhme buiséid amháin a bhunú. Ar na cúiseanna sin, ba cheart athghrúpáil a dhéanamh ar fhorálacha áirithe, ba cheart foclaíocht agus raon feidhme forálacha eile a ailíniú agus ba cheart athrá agus crostagairtí nach bhfuil gá leo a bhaint.

(93)

Ba cheart do gach institiúid de chuid an Aontais coiste um dhul chun cinn iniúchóireachta inmheánaí a bhunú a mbeidh sé mar chúram air neamhspleáchas an iniúchóra inmheánaigh a áirithiú, faireachán cáilíochta a dhéanamh ar an obair iniúchóireachta inmheánaí agus a áirithiú go gcuirfear moltaí iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí san áireamh go cuí, agus go ndéanfaidh seirbhísí na hinstitiúide obair leantach ina leith. Cinnfidh gach institiúid de chuid an Aontais comhdhéanamh an choiste sin um dhul chun cinn iniúchóireachta inmheánaí, agus cuirfear i gcuntas féinriail eagrúcháin gach institiúide de chuid an Aontais agus an tábhacht a bhaineann le sainchomhairle neamhspleách.

(94)

Ba cheart béim níos mó a leagan ar fheidhmíocht agus ar thorthaí tionscadail a mhaoinítear ón mbuiséad. Dá bhrí sin, is iomchuí foirm bhreise maoinithe a shainiú nach bhfuil nasctha le costais na n-oibríochtaí ábhartha, sa bhreis ar fhoirmeacha na ranníocaíochta ón Aontas arna suí cheana féin (aisíocaíocht ar na costais iarbhír arna dtabhú, costas aonaid, cnapshuimeanna agus maoiniú ar ráta comhréidh). Ba cheart an cineál breise maoinithe a bheith bunaithe ar choinníollacha áirithe a chomhlíonadh ex ante nó ar thorthaí a bhaint amach, ar torthaí iad arna dtomhas faoi threoir garspriocanna a leagadh síos roimhe sin nó trí tháscairí feidhmíochta.

(95)

Nuair atá an ranníocaíocht ón Aontas i bhfoirm maoiniú nach bhfuil nasctha le costais agus i gcás ina bhfuil aisíocaíocht bunaithe ar thorthaí, ba cheart baint amach na dtorthaí sin a thomhas trí gharspriocanna nó spriocanna réamhshainithe, agus ba cheart baint amach na ngarspriocanna nó na spriocanna sin a fhíorú sula n-íoctar an ranníocaíocht. Ba cheart taifid agus doiciméid tacaíochta atá nasctha le gnóthú na spriocanna nó na ngarspriocanna a choinneáil chun críocha seiceálacha nó iniúchtaí ex post, lena n-áirítear ag an gCúirt Iniúchóirí.

(96)

I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnuithe ar acmhainneacht oibríochtúil agus airgeadais faighteoirí cistí de chuid an Aontais nó ar na córais agus nósanna imeachta atá acu, ba cheart dó a bheith in ann dul ar iontaoibh na measúnuithe atá déanta cheana féin aige féin, ag eintitis eile, nó ag deontóirí amhail gníomhaireachtaí náisiúnta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, chun nach mbeidh measúnaithe á ndéanamh faoi dhó ar na faighteoirí céanna. Ba cheart úsáid a bhaint as an bhféidearthacht maidir le trasiontaoibh ar mheasúnuithe arna ndéanamh ag eintitis eile i gcásanna ina ndearnadh na measúnuithe sin i gcomhréir le coinníollacha atá coibhéiseach leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo maidir leis an modh cur chun feidhme is infheidhme. Dá bhrí sin, chun trasiontaoibh ar mheasúnuithe a chothú i measc deontóirí, ba cheart don Choimisiún aitheantas ar chaighdeáin a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta nó ar dhea-chleachtais idirnáisiúnta a chur chun cinn.

(97)

Tá sé tábhachtach freisin staideanna a sheachaint ina ndéanfadh eintitis éagsúla iniúchadh roinnt uaireanta ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais maidir le húsáid na gcistí sin. Dá bhrí sin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann dul ar iontaoibh iniúchtaí arna ndéanamh cheana féin ag iniúchóirí neamhspleácha ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach ann ar a n-inniúlacht agus ar a neamhspleáchas agus ar choinníoll go mbíonn an saothar iniúchóireachta sin bunaithe ar chaighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta agus lena dtugtar dearbhú réasúnach, agus gur cuireadh i bhfeidhm iad ar na ráitis agus tuarascálacha airgeadais ina leagtar amach an úsáid atá le baint as an ranníocaíocht sin ón Aontas. Ba cheart na hiniúchtaí sin a bheith ina mbonn leis an dearbhú foriomlán ar úsáid cistí de chuid an Aontais. Chuige sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirtear tuarascáil an iniúchóra neamhspleách agus doiciméadacht ábhartha i dtaca leis an iniúchadh ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus d’údaráis iniúchóireachta na mBallstát, arna iarraidh sin dóibh.

(98)

Ionas gur féidir brath ar mheasúnaithe agus iniúchtaí agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú do dhaoine agus eintitis atá ag fáil cistí de chuid an Aontais, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéantar athúsáid ar aon fhaisnéis atá ar fáil cheana in institiúidí de chuid an Aontais, sna húdaráis bhainistíochta nó i gcomhlachtaí nó eintitis eile a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme, chun iarrataí iolracha ar fhaighteoirí nó ar thairbhithe a sheachaint.

(99)

Chun foráil a dhéanamh maidir le sásra comhair fhadtéarmaigh le faighteoirí, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht comhaontuithe comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais a shíniú. Ba cheart comhpháirtíochtaí creata airgeadais a chur chun feidhme trí bhíthin deontas nó trí chomhaontuithe ranníocaíochta le daoine agus le heintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme. Chun na críche sin, ba cheart inneachar íosta na gcomhaontuithe ranníocaíochta sin a shonrú. Níor cheart do chomhpháirtíochtaí creata airgeadais srian míchuí a chur ar rochtain ar chistiú ón Aontas.

(100)

Maidir leis na coinníollacha agus nósanna imeachta a bhaineann le ranníocaíocht ón Aontas a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó a laghdú, ba cheart iad a chomhchuibhiú i dtaca leis na hionstraimí éagsúla cur chun feidhme buiséid amhail deontais, soláthar, bainistíocht indíreach, duaiseanna, etc. Ba cheart na forais atá le fionraí, foirceannadh nó laghdú den sórt sin a shainiú. I gcás ina bhfaightear amach ina dhiaidh sin gur tharla neamhrialtachtaí nó calaois le linn nós imeachta dámhachtana, ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach bearta ceartaitheacha áirithe a dhéanamh ach amháin má tá údar lena mhalairt, mar shampla i gcás inar chun leasa na hinstitiúide nó an chomhlachta lena mbaineann é an gealltanas dlíthiúil a chur chun feidhme, nó i gcás inar gá leanúnachas seirbhíse a ráthú.

(101)

Ba cheart tréimhsí caighdeánacha a bhunú leis an Rialachán seo, arb iad sin na tréimhsí ba cheart d’fhaighteoirí doiciméid a bhaineann le ranníocaíochtaí ón Aontas a choimeád, chun ceanglais chonarthacha éagsúla nó dhíréireacha a sheachaint agus chun dóthain ama a thabhairt don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF rochtain a fháil ar shonraí agus ar dhoiciméid den sórt sin agus chun na seiceálacha agus iniúchtaí ex post a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart iallach a chur ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais dul i mbun comhair chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(102)

Chun faisnéis leordhóthanach a sholáthar do rannpháirtithe agus d’fhaighteoirí agus chun a áirithiú go mbeadh an fhéidearthacht acu a gceart chun cosanta a fheidhmiú, ba cheart cead a thabhairt do rannpháirtithe agus d’fhaighteoirí a mbarúlacha a sheoladh isteach sula nglacfar aon bheart a d’imreodh drochthionchar ar a gcearta agus ba cheart iad a chur ar an eolas faoi na modhanna sásaimh atá ar fáil dóibh chun agóid a dhéanamh i gcoinne beart den sórt sin.

(103)

I gcomhthéacs nós imeachta dámhachtana, ní gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach deis a thabhairt do rannpháirtí barúlacha a chur isteach i gcás inar diúltaíodh don rannpháirtí sin ó nós imeachta dámhachtana. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart é sin a shonrú freisin san fhoráil maidir le nósanna imeachta sáraíochta agus modhanna sásaimh.

(104)

I bhfianaise na timpeallachta geopholaitiúla atá ag éirí níos dúshlánaí de bharr bagairtí hibrideacha agus cibearbhagairtí atá ag athrú go tapa, mar aon leis an ngá atá le claochlú digiteach mar gheall ar neamhchosaint bhunúsach na timpeallachta sin ar leochaileachtaí teicniúla, ní mór don Aontas a áirithiú go dtabharfar cosaint do shlándáil agus beartas poiblí an Aontais nó a Bhallstát, mar a léirítear sa bheartas poiblí agus sa dlí poiblí. Baineann sé sin le leasanna bunúsacha na sochaí a chaomhnú, cuir i gcás slándáil an tsoláthair fuinnimh a áirithiú, agus an choireacht eagraithe agus an chalaois a chomhrac. Agus aon chomhaontú idirnáisiúnta de chuid an Aontais á urramú, chun cistí de chuid an Aontais a dhámhachtain i ndáil le sócmhainní agus leasanna straitéiseacha, cuir i gcás bonneagar digiteach nó spáis, agus córais agus seirbhísí cumarsáide agus faisnéise, d’fhéadfadh sé gur ghá coinníollacha sonracha a chur i bhfeidhm chun an chosaint sin a áirithiú, lena n-áirítear ar mhaithe le sláine córas cumarsáide agus faisnéise, agus le slabhraí soláthair gaolmhara. Ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na cineálacha coinníollacha agus ceanglas chun iad a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, ní coinníollacha uileghabhálacha iad na coinníollacha sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo, agus is féidir coinníollacha sonracha a áireamh i mbunghníomh ar choinníoll nach modhnaítear leis na ceanglais agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le cosaint na slándála agus an bheartais phoiblí ná nach maolaítear ar na ceanglais agus na nósanna imeachta sin.

(105)

Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ba cheart don Choimisiún córas luathbhraite agus eisiaimh aonair a chur ar bun.

(106)

Ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras luathbhraite agus eisiaimh maidir le rannpháirtithe, faighteoirí, eintitis a bhfuil sé i gceist ag an iarrthóir nó tairgeoir brath ar a n-acmhainneacht, fochonraitheoirí conraitheora, úinéirí tairbhiúla agus eintitis chleamhnaithe eintitis arna eisiamh, daoine nádúrtha, ráthóirí, mar aon le haon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais i gcás ina gcuirtear an buiséad chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais faoi ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, rannpháirtithe nó faighteoirí ar sholáthair eintitis a chuireann an buiséad chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte faisnéis ina dtaobh, agus urraitheoirí.

(107)

Chun feabhas a chur ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais, ba cheart an córas luathbhraite agus eisiaimh a threisiú. Tá sé tábhachtach a sheachaint go mbeadh an fhéidearthacht ag duine nó ag eintiteas atá i staid eisiaimh iarratas a dhéanamh ar chistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme nó go roghnófaí chuige sin iad, nó go bhfaighidís na cistí sin faoi chlár atá faoi bhainistíocht chomhroinnte. I gcás inar ann do bhreithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach, ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach a bheith ábalta duine nó eintiteas a eisiamh, ar choinníoll go bhfuil an duine nó an t-eintiteas sin i staid eisiaimh agus go meastar nach bhfuil siad iontaofa toisc go raibh siad ag gabháil do chineálacha áirithe mí-iompair thromchúisigh. Gan dochar d’oibleagáidí faisnéise a leagtar amach i mbunghníomhartha eile, ba cheart do dhaoine agus d’eintitis a bhfuil an buiséad á chur chun feidhme acu faoi bhainistíocht chomhroinnte faisnéis a chur in iúl don Choimisiún, trí aon bhealach oifigiúil, amhail an córas faisnéise uathoibrithe arna bhunú ag an gCoimisiún agus atá in úsáid faoi láthair chun calaois agus neamhrialtachtaí a thuairisciú (‘an Córas Bainistíochta Neamhrialtachtaí’), ar faisnéis í a bhaineann le fíorais arna suí agus fionnachtana, i gcomhthéacs na mbreithiúnas críochnaitheach nó na gcinntí riaracháin críochnaitheacha sin amháin, agus tagairt inti do na forais a leagtar amach faoi Airteagal 138(1), pointí (c)(iv) agus (d), nuair a fhaigheann siad amach faoin bhfaisnéis sin. In éagmais breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach, ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach a bheith in ann tabhairt faoi eisiamh, ar bhonn réamhaicmiú sa dlí arna dhéanamh ag an bpainéal, ag féachaint d’fhíorais agus d’fhionnachtana arna suí i gcomhthéacs iniúchtaí nó imscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF, ag OIPE nó ag an gCúirt Iniúchóirí, nó i gcomhthéacs aon seiceála, iniúchta nó rialaithe eile arna ndéanamh faoi fhreagracht an oifigigh údarúcháin. Ba cheart eisiamh den sórt sin a chlárú i mbunachar sonraí an chórais luathbhraite agus eisiaimh. Ba cheart do dhaoine agus d’eintitis a chuireann an buiséad chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte breathnú ar bhunachar sonraí an chórais luathbhraite agus eisiaimh sula ndéantar cistí de chuid an Aontais a dhámhachtain nó rannpháirtithe agus tairbhithe a roghnú. Ba cheart baint a bheith ag an mbreathnú sin leis an duine nó leis an eintiteas a dhéanann iarratas ar chistí de chuid an Aontais nó a roghnaíodh chun cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme. Chun cur chun feidhme éifeachtach an chórais luathbhraite agus eisiaimh a áirithiú, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát na heisiaimh a thaifeadtar sa bhunachar sonraí a fhorfheidhmiú maidir le daoine nó eintitis sin a dhéanann iarratas ar chistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme nó a roghnaítear chun cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme ar feadh thréimhse iomlán an eisiaimh. Ba cheart don eisiamh sin sláine an phróisis soláthair nó roghnúcháin a chosaint agus é a choimirciú in aghaidh rannpháirtíocht daoine aonair nó eintiteas a bhfuil baint acu le mí-iompar tromchúiseach. Níor cheart aisíocaíocht a dhéanamh i leith iarratais ar íocaíocht ó na Ballstáit atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, lena n-áirítear caiteachas a bhaineann le duine nó le heintiteas atá eisiata. I gcás ina n-eisíoctar cistí le Ballstáit faoi chreat atá bunaithe ar fheidhmíocht, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha sonracha, mar a leagtar amach sna rialacha earnáilsonracha.

(108)

Tá sé tábhachtach a chur i dtábhacht nár cheart feidhm a bheith ag an gcóras luathbhraite agus eisiaimh ach amháin maidir le cistí de chuid an Aontais a eisíoctar leis na Ballstáit faoi bhainistíocht dhíreach, i gcás ina bhfuil sé de fhreagracht ar na Ballstáit gach beart is iomchuí a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, a mhéid atá freagrachtaí ábhartha ar an gCoimisiún faoin gcreat dlíthiúil faoi seach . Dá bhrí sin, ba cheart freagrachtaí an Choimisiúin a bheith teoranta don oibleagáid maidir le cás a tharchur chuig an bpainéal chun duine nó eintiteas a eisiamh má fhaigheann an t-oifigeach údarúcháin amach faoi mhí-iompar tromchúiseach tar éis breithiúnais chríochnaitheacha, cinntí riaracháin críochnaitheacha, nó fíoras agus fionnachtana arna suí i gcomhthéacs iniúchtaí nó imscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF, ag OIPE nó ag an gCúirt Iniúchóirí maidir leis na cistí sin, nó i gcomhthéacs aon seiceála, iniúchta nó rialaithe eile arna ndéanamh faoi fhreagracht an oifigigh údarúcháin. Gan dochar do na freagrachtaí sin atá ar an gCoimisiún, tá na Ballstáit fós freagrach as an bhfaisnéis i dtaca le cinntí maidir le heisiamh a chláraítear i mbunachar sonraí an chórais luathbhraite agus eisiaimh a fhíorú, as na cinntí sin a fhorfheidhmiú agus as a áirithiú nach gcuirfear aon iarratas ar íocaíocht isteach i leith duine nó eintiteas atá i staid eisiaimh den sórt sin. Gan dochar do rialacha earnáilsonracha agus do chur i bhfeidhm saorálach, níor cheart feidhm a bheith ag an gcóras luathbhraite agus eisiaimh maidir le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

(109)

Ba cheart a shoiléiriú, i gcás ina ndéantar cinneadh chun duine nó eintiteas a chlárú i mbunachar sonraí an chórais luathbhraite agus eisiaimh ar bhonn staid eisiaimh a bhaineann le duine nádúrtha nó dlítheanach atá ina chomhalta nó ina comhalta de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an duine nó an eintitis sin, nó ag a bhfuil cearta uiríll, cinnteoireachta nó rialaithe i ndáil leis an duine nó an t-eintiteas sin, nó le duine nádúrtha nó dlítheanach a nglacann dliteanas neamhtheoranta air nó uirthi féin as fiachais an duine sin nó an eintitis sin nó le duine nádúrtha atá bunriachtanach chun go ndéanfaí an gealltanas dlíthiúil a dhámhachtain nó a chur chun feidhme, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil an fhaisnéis a bhaineann leis na daoine sin le bheith san áireamh san fhaisnéis arna clárú sa bhunachar sonraí.

(110)

Ba cheart do na hoifigigh údarúcháin atá freagrach, i bhfianaise a neamhspleáchais in ábhair riaracháin, an cinneadh a dhéanamh duine nó eintiteas a eisiamh ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta dámhachtana nó pionós airgeadais a fhorchur agus an cinneadh a dhéanamh an fhaisnéis ghaolmhar a fhoilsiú. In éagmais breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach agus i gcásanna a bhaineann le sárú tromchúiseach conartha, ba cheart do na hoifigigh údarúcháin atá freagrach a gcinneadh a dhéanamh ar bhonn réamhaicmiú sa dlí, ag féachaint don mholadh ón bpainéal. Ba cheart don phainéal measúnú a dhéanamh freisin ar ré eisiaimh i gcásanna nár socraíodh an ré leis an mbreithiúnas críochnaitheach nó leis an gcinneadh riaracháin críochnaitheach.

(111)

Ba cheart an ról a bheith ag an bpainéal a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas luathbhraite agus eisiaimh go comhleanúnach. Ba cheart a bheith ar an bpainéal buanchathaoirleach, buan-leaschathaoirleach ar cheart dó nó di ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an chathaoirligh, beirt ionadaithe ón gCoimisiún agus ionadaí de chuid an oifigigh údarúcháin is iarrthóir.

(112)

Chun an córas luathbhraite agus eisiaimh a ailíniú le rialacha soláthair phoiblí agus chun feabhas a chur ar a éifeachtacht, i gcás iarrachtaí ar thionchar a imirt ar dhámhachtain cistí de chuid an Aontais nó cistí neamhdhlite de chuid an Aontais a fháil, lena n-áirítear i ndáil le coinbhleachtaí leasa, ba cheart é sin a áireamh go sainráite mar staid shonrach eisiaimh ar fhoras an mhí-iompair ghairmiúil thromchúisigh.

(113)

Agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta, ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach duine nó eintiteas a eisiamh i gcás ina bhfuil easpa ionracais léirithe aige nó aici trína bheith ag gabháil d’aon iompar éagórach atá ar neamhréir leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cuir i gcás gríosú chun idirdhealaithe, fuatha nó foréigin in aghaidh grúpa daoine nó ball de ghrúpa, i gcás ina bhféadfadh sé go ndéanfaí difear diúltach do chomhlíonadh an chonartha de bharr an iompair.

(114)

I gcás easpa comhair d’aon ghnó nach bhfuil údar léi i gcomhthéacs imscrúduithe, seiceálacha nó iniúchtaí a dhéanann oifigeach údarúcháin, OLAF, OIPE nó an Chúirt Iniúchóirí, ba cheart foras neamhspleách eisiaimh a chur isteach, ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha ag an easpa comhair sin ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

(115)

Leis an réamhaicmiú sa dlí, ní dhéantar réamhbhreithiúnas ar an measúnú críochnaitheach ar iompar an duine nó an eintitis lena mbaineann a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát faoin dlí náisiúnta. Ba cheart, dá bhrí sin, an moladh ón bpainéal agus an cinneadh ón oifigeach údarúcháin atá freagrach a athbhreithniú, tar éis fógra a thabhairt faoin measúnú críochnaitheach sin.

(116)

Ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach duine nó eintiteas a eisiamh i gcás inar suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go raibh an duine nó an t-eintiteas ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, i neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a bhaineann le ranníocaíochtaí slándála sóisialta nó le cánacha a íoc, bíodh an neamhchomhlíonadh sin d’aon turas nó ná bíodh, in eintiteas a chruthú i ndlínse eile agus é mar aidhm aige nó aici dul timpeall ar oibleagáidí fioscacha nó sóisialta nó oibleagáidí dlíthiúla eile, i gcalaois a dhéanann difear don bhuiséad, in éilliú, in iompar a bhaineann le heagraíocht choiriúil, i sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, i gcionta sceimhlitheoireachta nó i gcionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, i saothar leanaí nó cionta eile a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine nó i neamhrialtacht a dhéanamh. Ba cheart duine nó eintiteas a eisiamh freisin i gcás sárú tromchúiseach ar ghealltanas dlíthiúil, lena n-áirítear sárú ar an gceanglas aon chonradh a dhéanamh ar an gcaighdeán gairmiúil is airde, nó sárú féimheachta nó i gcásanna ina ndiúltaítear comhoibriú in imscrúduithe, seiceálacha nó iniúchtaí. Agus measúnú á dhéanamh ar na forais eisiaimh sin, d’fhéadfaí gníomhartha díobhálacha míréasúnta a cháintear sa dlí trádála idirnáisiúnta a mheas mar thoisc ábhartha, i gcás ina mbaineann siad le mí-iompar gairmiúil tromchúiseach.

(117)

I gcomhréir le breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 15 Feabhra 2023 (26), agus cinneadh á dhéanamh aige nó aici maidir le duine nó eintiteas a eisiamh ar fhoras an mhí-iompair ghairmiúil thromchúisigh, ba cheart don oifigeach údarúcháin brath ar fhianaise atá sách sonrach, diongbháilte agus nithiúil agus atá, mar sin, ábalta a shuí go soiléir go bhfuil an t-iarratasóir ag gabháil d’iompar éagórach a raibh tionchar aige ar a inchreidteacht ghairmiúil nó a hinchreidteacht ghairmiúil, rud a léireodh, thairis sin, intinn éagórach nó mórfhaillí de réir bhrí an Rialacháin seo.

(118)

Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le duine nó eintiteas a eisiamh nó pionós airgeadais a fhorchur ar dhuine nó ar eintiteas agus maidir leis an bhfaisnéis ghaolmhar a fhoilsiú, ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabal na comhréireachta, go háirithe tríd an méid seo a leanas a chur i gcuntas: tromchúis an cháis, a thionchar buiséadach, an méid ama a d’imigh thart ón iompar ábhartha, ré agus atarlú an iompair, cibé an raibh rún ann i dtaobh an iompair nó méid na faillí sin agus an méid a chomhoibrigh an duine nó an t-eintiteas leis an údarás ábhartha inniúil agus rannchuidiú an duine nó an eintitis sin leis an imscrúdú.

(119)

Ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach a bheith in ann duine nó eintiteas a eisiamh freisin i gcás ina bhfuil duine nádúrtha nó dlítheanach a ghlacann dliteanas neamhtheoranta as fiachais an oibreora eacnamaíoch sin ina fhéimheach nó féimheach nó i staid chomhchosúil dócmhainneachta nó i gcás ina mainníonn an duine nádúrtha nó dlítheanach sin a chuid oibleagáidí nó a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh chun ranníocaíochtaí slándála sóisialta nó cánacha a íoc, i gcás ina bhfuil tionchar ag na staideanna sin ar staid airgeadais an oibreora eacnamaíoch sin.

(120)

Chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a fheabhsú tuilleadh, ba cheart don oifigeach údarúcháin a bheith in ann úinéirí tairbhiúla agus eintitis chleamhnaithe de chuid an eintitis arna eisiamh a bhí rannpháirteach i mí-iompar an eintitis arna eisiamh a eisiamh nó pionós airgeadais a fhorchur orthu. Tá sé d’aidhm ag an bhféidearthacht chun úinéirí tairbhiúla agus eintitis chleamhnaithe a eisiamh cosc a chur ar dhuine nó ar eintiteas atá eisiata ó bheith roghnaithe chun cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme leanúint de bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair agus dámhachtana, trí chuideachta nua nó trí eintitis chleamhnaithe atá ann cheana.

(121)

Chun a éifeachtacht a mhéadú, ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras luathbhraite agus eisiaimh freisin maidir le daoine nádúrtha a mheastar a bheith freagrach as mí-iompar eintitis, ionas nach mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana nó a bheith roghnaithe chun cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme i gcáil phearsanta nó trí fhéiniúlacht chorparáideach nua, gan dochar don cheart chun éisteacht a fháil.

(122)

Ba cheart do phainéal an chórais luathbhraite agus eisiaimh, arna iarraidh sin don oifigeach údarúcháin, a bheith in ann a chuid moltaí a eisiúint trí bhíthin nós imeachta brostaithe, gan dochar don cheart chun éisteacht a fháil. Ba cheart an nós imeachta sin a úsáid i gcás ina n-éilítear sin de bharr imthosca an cháis nó chineál an cháis, mar shampla, i gcás ina n-eisíonn údarás Ballstáit breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach ach nach bhfuil fad an eisiaimh socraithe; nó i gcás ina n-eisíonn tríú tír breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach; nó i gcás ina bhfuil smachtbhanna atá coibhéiseach le heisiamh forchurtha cheana ar an duine nó ar an eintiteas de bhua cinneadh ó eagraíochtaí idirnáisiúnta.

(123)

Níor cheart duine ná eintiteas a bheith faoi réir cinneadh maidir le heisiamh i gcás ina bhfuil bearta feabhais déanta aige nó aici, rud a léiríonn, ar an gcaoi sin, a iontaofacht nó a hiontaofacht. Níor cheart feidhm a bheith ag an deis sin i gcás na ngníomhaíochtaí coiriúla is tromchúisí.

(124)

I bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna sin inar féidir pionós airgeadais a fhorchur seachas eisiamh a dhéanamh, ar thaobh amháin, agus na cásanna inarb amhlaidh, de bharr a thromchúisí atá iompar an fhaighteora lena mbaineann i leith iarracht a dhéanamh cistí neamhdhlite de chuid an Aontais a fháil, go bhfuil údar le pionós airgeadais a fhorchur de bhreis ar an eisiamh chun éifeacht dhíspreagthach a áirithiú, ar an taobh eile. Ba cheart sainiú a dhéanamh freisin ar uasmhéid an phionóis airgeadais a fhéadfaidh an t-údarás conarthach a fhorchur.

(125)

Níor cheart pionós airgeadais a fhorchur ach amháin ar fhaighteoir agus gan é a fhorchur ar rannpháirtí toisc go ndéantar méid an phionóis airgeadais atá le forchur a ríomh ar bhonn luach an ghealltanais dhlíthiúil atá i ngeall.

(126)

Is neamhspleách ar an deis pionóis chonarthacha, amhail damáistí leachtaithe, a chur i bhfeidhm atá an deis chun cinntí a ghlacadh maidir le heisiamh agus pionóis airgeadais a fhorchur.

(127)

Ba cheart ré eisiaimh a bheith teoranta ó thaobh ama, amhail an cás faoi Threoir 2014/24/AE agus ba cheart í bheith i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

(128)

Is gá an dáta ar a dtosóidh an tréimhse theorann chun cinntí a dhéanamh maidir le heisiamh nó pionóis airgeadais a fhorchur agus ré na tréimhse sin a chinneadh.

(129)

Tá sé tábhachtach go bhféadfar an éifeacht dhíspreagthach a bheidh ag an eisiamh agus ag an bpionós airgeadais a atreisiú. I ndáil leis an méid sin, ba cheart an éifeacht dhíspreagthach a atreisiú tríd an deis an fhaisnéis a bhaineann leis an eisiamh agus/nó leis an bpionós airgeadais a fhoilsiú, ar bhealach lena gcomhlíontar na ceanglais um chosaint sonraí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart an foilsiú sin a bheith ina chuidiú chun a áirithiú nach ndéanfar an t-iompar céanna an athuair. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart na staideanna a shonrú nár cheart foilsiú a dhéanamh ina leith. Sa mheasúnú a dhéanann sé nó sí, ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach féachaint d’aon mholadh ón bpainéal. A mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha, níor cheart sonraí pearsanta a fhoilsiú ach i gcúinsí eisceachtúla, a bhfuil údar leo de bharr a thromchúisí atá an gníomh nó de bharr an tionchair a bheidh aige ar leasanna airgeadais an Aontais.

(130)

Níor cheart faisnéis a bhaineann le heisiamh nó le pionós airgeadais a fhoilsiú ach amháin i gcásanna áirithe amhail mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, calaois, easnamh suntasach le linn na príomhoibleagáidí a chomhlíonadh atá ag baint le gealltanas dlíthiúil a mhaoinítear leis an mbuiséad, nó neamhrialtacht, nó i gcás ina gcruthaítear eintiteas i ndlínse eile agus é mar aidhm aige dul timpeall ar oibleagáidí fioscacha nó sóisialta nó oibleagáidí dlíthiúla eile.

(131)

Ba cheart na critéir eisiaimh a bheith scartha go soiléir ó na critéir as a dtiocfaidh diúltú féideartha i gcás nós imeachta dámhachtana.

(132)

An fhaisnéis faoi rioscaí a bhrath go luath agus faoi chinntí maidir le heisiamh agus faoi phionóis airgeadais a fhorchur ar dhuine nó ar eintiteas, ba cheart í a lárú. Chun na críche sin, ba cheart faisnéis ghaolmhar a stóráil i mbunachar sonraí a bhunóidh agus a fheidhmeoidh an Coimisiún mar úinéir an chórais láraithe. Ba cheart don chóras sin feidhmiú i gcomhréir leis an gceart chun príobháideachais agus chun sonraí pearsanta a chosaint.

(133)

Is é an Coimisiún is ceart a bheith freagrach as an gcóras luathbhraite agus eisiaimh a bhunú agus a fheidhmiú, ach ba cheart d’institiúidí agus do chomhlachtaí eile de chuid an Aontais, mar aon leis na daoine agus na heintitis uile a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, chomhroinnte agus indíreach, páirt a ghlacadh sa chóras sin trí fhaisnéis ábhartha a tharchur chuig an gCoimisiún. Ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach agus don phainéal an ceart chun cosanta atá ag an duine nó ag an eintiteas a ráthú. Ba cheart an ceart céanna a thabhairt do dhuine nó d’eintiteas, i gcomhthéacs luathbhraite, i gcás ina bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith ag beart arna bheartú ag oifigeach údarúcháin ar chearta an duine nó an eintitis lena mbaineann. I gcásanna ina mbeidh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile ann a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil fós faoi réir breithiúnas críochnaitheach, ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach a bheith in ann an fógra don duine nó don eintiteas a iarchur agus ba cheart don phainéal a bheith in ann ceart an duine nó an eintitis a chuid barúlacha nó a cuid barúlacha a chur in iúl a iarchur. Níor cheart iarchur den sórt sin a cheadú ach amháin i gcás ina bhfuil forais dhlisteanacha láidre ann chun rúndacht an imscrúdaithe nó na n-imeachtaí náisiúnta breithiúnacha a chaomhnú.

(134)

Ba cheart dlínse neamhtheoranta a thabhairt do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le cinntí i dtaobh eisiamh agus pionóis airgeadais arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE.

(135)

Chun aghaidh a thabhairt ar iarrachtaí a dhéanann eintitis iarmhairtí díobhálacha a d’fhéadfadh teacht as a mí-iompar a sheachaint, ba cheart rialacha maidir le fógra a thabhairt a bhunú faoi choinníollacha beachta i gcomhthéacs nósanna imeachta um luathbhrath agus eisiamh. Thairis sin, ba cheart feidhm a bheith ag úsáid córas malartaithe leictreonaigh maidir leis na nósanna imeachta sin.

(136)

Chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a éascú ar fud mhodhanna uile chur chun feidhme an bhuiséid, ba cheart do na daoine agus do na heintitis atá rannpháirteach i gcur chun feidhme an bhuiséid a bheith ábalta rochtain a fháil ar an mbunachar sonraí luathbhraite agus eisiaimh agus na heisiaimh a fhíorú a chinnfidh na hoifigigh údarúcháin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. Ba cheart an bunachar sonraí luathbhraite agus eisiaimh a cheadú sula ndámhfar cistí de chuid an Aontais do dhuine nó d’eintiteas nó sula roghnófar duine nó eintiteas chun cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme agus a fháil. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht atá ann an bunachar sonraí a cheadú ag céimeanna eile de chur chun feidhme an ghealltanais dhlíthiúil.

(137)

Ba cheart cuspóirí an r-rialtais a chothú leis an Rialachán seo, go háirithe sonraí leictreonacha a úsáid i malartú faisnéise idir institiúidí an Aontais agus tríú páirtithe.

(138)

Ba cheart coinníollacha soiléire d’inghlacthacht na gcóras a úsáidfear a bheith mar chuid den dul chun cinn i dtreo malartú leictreonach faisnéise agus seoladh isteach leictreonach doiciméad, ríomhsholáthar san áireamh, i gcás inarb iomchuí, ar mórbhearta i dtreo an tsimplithe iad, chun timpeallacht atá fónta ó thaobh an dlí de a bhunú agus solúbthacht a choinneáil an tráth céanna do na rannpháirtithe, do na faighteoirí agus do na hoifigí údarúcháin i dtaca le bainistíocht ar chistí de chuid an Aontais, mar a fhoráiltear faoin Rialachán seo.

(139)

Chun rialachas agus cáilíocht seirbhísí poiblí digiteacha idir-inoibritheacha a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit, d'institiúidí de chuid an Aontais, do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus do chomhlachtaí de chuid an Aontais an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta a chur i bhfeidhm a mhéid is féidir.

(140)

Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le comhdhéanamh agus cúraimí an choiste atá i gceannas ar dhoiciméid iarratais a mheas a bhaineann le nósanna imeachta soláthair, le nósanna imeachta dámhachtana deontas agus le comórtais i gcomhair duaiseanna. Ba cheart a bheith in ann saineolaithe seachtracha a áireamh ar an gcoiste i gcás ina bhforáiltear dó sin sa bhunghníomh.

(141)

I gcomhréir le prionsabal an dea-riaracháin, ba cheart don oifigeach údarúcháin soiléirithe nó doiciméid atá in easnamh a iarraidh, agus prionsabal na córa comhionainne á urramú aige nó aici agus gan athrú substaintiúil a dhéanamh ar na doiciméid iarratais. Níor cheart don oifigeach údarúcháin a bheith in ann cinneadh a dhéanamh é sin a dhéanamh ach i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Ina theannta sin, ba cheart don oifigeach údarúcháin a bheith in ann earráid shoiléir chléireachais a cheartú nó a iarraidh ar an rannpháirtí í a cheartú.

(142)

Ba cheart é a bheith de cheangal faoi bhainistíocht fhónta airgeadais go gcosnódh an Coimisiún é féin trí ráthaíochtaí a iarraidh tráth a íoctar réamh-mhaoiniú. Níor cheart ceanglas uathoibríoch a bheith sa cheanglas ar chonraitheoirí ráthaíochtaí a thaisceadh, ach ba cheart é a bheith bunaithe ar anailís riosca. I gcás, le linn an chur chun feidhme, ina bhfaigheann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach amach nach bhfuil údarú ag ráthóir ráthaíochtaí a eisiúint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, nó nach bhfuil an t-údarú sin ag an ráthóir a thuilleadh, ba cheart don oifigeach údarúcháin a bheith in ann a éileamh go ndéanfaí an ráthaíocht a ionadú.

(143)

Ba chúis mhearbhaill na tacair éagsúla rialacha do bhainistíocht dhíreach agus indíreach, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcoincheap ‘cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid’, agus ghabh baol leo maidir le hearráidí ó thaobh incháilitheachta de don Choimisiún agus dá chuid comhpháirtithe araon, agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a shimpliú agus a chomhchuibhiú.

(144)

Ba cheart na forálacha maidir leis an gcolún-mheasúnú ex ante ar dhaoine agus ar eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach a athbhreithniú le go mbeidh an Coimisiún in ann, a oiread is féidir, dul ar iontaoibh na gcóras, na rialacha agus na nósanna imeachta, lena n-áirítear dícheall cuí, atá ag na daoine agus na heintitis sin, ar measadh iad a bheith comhionann leis na cinn a úsáideann an Coimisiún. Ina theannta sin, is den tábhacht soiléiriú a thabhairt gur cheart don Choimisiún, i gcás gur léir de thoradh an mheasúnaithe gur ann do réimsí nach leor na nósanna imeachta atá i bhfeidhm iontu chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, gur cheart don Choimisiún sa chás sin a bheith in ann comhaontuithe ranníocaíochta a shíniú agus bearta maoirseachta iomchuí á nglacadh aige an tráth céanna. Is den tábhacht soiléiriú a thabhairt cé na cásanna ina bhféadfaidh an Coimisiún a chinneadh nach bhfuil colún-mheasúnú ex ante de dhíth air chun comhaontuithe ranníocaíochta a shíniú.

(145)

Chun cur chun feidhme éifeachtúil an bhuiséid a áirithiú, is iomchuí cur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta maidir le bainistíocht indíreach a shoiléiriú tuilleadh. Cé nach féidir difear a dhéanamh do chineál na n-oibleagáidí a fhorchuirtear leis an gcreat dlíthiúil ábhartha is infheidhme mar gheall ar phrionsabal na comhréireachta, ba cheart é a úsáid go córasach sa chomhar le comhpháirtithe cur chun feidhme de chuid an Aontais, chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus caomhnú chumas an Aontais a chuid beartas a chur chun feidhme. Ba cheart coigeartuithe áirithe agus athstruchtúrú a dhéanamh ar na forálacha ábhartha. Níor cheart a thuiscint leis sin go bhfuiltear ag teorannú sa chleachtas na gceart agus na rochtana is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OIPE i dtaca leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (27), do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb iomchuí, do na húdaráis náisiúnta ábhartha, chun gur féidir leo a gcúraimí féin a dhéanamh go hiomlán.

(146)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí dá bhforáiltear leis an Rialachán seo maidir leis na faighteoirí deiridh a fhaigheann tacaíocht ón mbuiséad faoi ionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha. Leis an gcur i bhfeidhm sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar chineál na bhfaighteoirí deiridh agus na gníomhaíochta, mar aon leis na rioscaí airgeadais atá i gceist, agus ba cheart an cur i bhfeidhm sin a bheith i gcomhréir leosan. Ba cheart ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint go háirithe i gcás ina bhfuil faighteoirí deiridh ina micrifhiontair agus ina bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus ina n-oibreoirí eacnamaíocha inchomparáide ag a bhfuil láimhdeachas coibhéiseach nó iomlán cláir comhardaithe coibhéiseach.

(147)

Ba cheart na rialacha airgeadais a leagtar síos sa Rialachán seo a choinneáil simplí agus soiléir chun rórialáil agus ualaí riaracháin breise ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais, ar na Ballstáit, ar institiúidí de chuid an Aontais nó ar dhaoine agus ar eintitis eile a chuireann an buiséad chun feidhme a sheachaint.

(148)

Ní mór prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm freisin maidir leis an measúnú ar rialacha, córais agus nósanna imeachta atá ag eintitis a ndearnadh measúnú orthu cheana, amhail eintitis a bhaineann úsáid as rialacha a bhunaigh an Coimisiún, ar cheart iad a bheith díolmhaithe ó mheasúnú ex ante. Ba cheart a bheith in ann eagraíochtaí na mBallstát a bhfuil de chúram orthu cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte a dhíolmhú ó mheasúnú ex ante freisin.

(149)

Is gá a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag prionsabal na córa comhionainne agus ag prionsabal an neamh-idirdhealaithe i gcás ina roghnaítear eintitis chun oibriú faoi bhainistíocht indíreach mar thoradh ar ghlao ar léiriú spéise.

(150)

Ba cheart luach saothair na ndaoine agus na n-eintiteas a chuireann an buiséad chun feidhme a bheith bunaithe ar fheidhmíocht, i gcás inarb ábhartha agus nuair is féidir sin.

(151)

Chun sláine an bhuiséid a áirithiú agus é á chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, is iomchuí a iarraidh ar chomhpháirtithe cur chun feidhme an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chásanna amhrasta calaoise, éillithe nó aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile agus an oibleagáid sin a áireamh i gcomhaontuithe a thugann siad i gcrích le tríú páirtithe faoi bhainistíocht indíreach.

(152)

Téann an Coimisiún i gcomhpháirtíochtaí le tríú tíortha trí bhíthin comhaontuithe maoiniúcháin. Is den tábhacht soiléiriú a thabhairt ar a bhfuil sna comhaontuithe maoiniúcháin sin, go háirithe i gcás na gcodanna sin de ghníomhaíocht a chuireann an tríú tír chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach.

(153)

Is den tábhacht an ghné shonrach a bhaineann le saoráidí measctha nó ardáin mheasctha a aithint, saoráidí faoina ndéanann an Coimisiún a ranníocaíocht féin a mheascadh le ranníocaíochtaí ó institiúidí airgeadais, agus soiléiriú a thabhairt ar fhorálacha na n-ionstraimí airgeadais agus na ráthaíochtaí buiséadacha a chur i bhfeidhm.

(154)

Ba cheart rialacha agus prionsabail maidir le soláthar is infheidhme i leith conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag institiúidí de chuid an Aontais ar a gcuntas féin a bheith bunaithe ar na rialacha a leagtar amach i dTreoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) agus ar Threoir 2014/24/AE.

(155)

Is léir ón taithí a fuarthas nach bhfuil cur i bhfeidhm na rialacha soláthair faoin Rialachán seo iomchuí i gcás dámhachtain conarthaí poiblí le haghaidh seirbhísí airgeadais ag a bhfuil baint dhíreach le hurrúis nó ionstraimí airgeadais eile a eisiúint, a dhíol, a cheannach nó a aistriú de réir bhrí Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), ar seirbhísí iad a úsáideann an Coimisiún i gcomhthéacs a oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe, a oibríochtaí bainistíochta sócmhainní agus a oibríochtaí cisteáin. Áirítear leis sin seirbhísí a sholáthraíonn bainc cheannais, an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, BEI agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, agus eintitis náisiúnta a bhfuil de chúram orthu fiachas ceannasach a eisiúint agus a bhainistiú. Ar an gcúis sin agus i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2014/24/AE, níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha soláthair a leagtar síos sa Rialachán seo maidir leis na seirbhísí sin.

(156)

I bhfianaise phaindéim COVID-19, is iomchuí an sainmhíniú ar ghéarchéim a mhodhnú, sainmhíniú a bhfuil feidhm aige go háirithe maidir leis na forálacha coiteanna agus maidir leis an soláthar i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha agus ba cheart sláinte phoiblí agus ainmhithe, éigeandálaí slándála bia agus sábháilteachta bia agus bagairtí sláinte domhanda a chumhdach ann. Chun go mbeidh an tsolúbthacht is gá ann chun a áirithiú go dtabharfar mearfhreagairt ar imthosca deargphráinne gan choinne atá mar thoradh ar ghéarchéim, ba cheart cead a bheith ag an údarás conarthach na rialacha simplithe soláthair a chur i bhfeidhm, amhail an nós imeachta idirbheartaithe a úsáid gan fógra conartha is infheidhme maidir le cásanna géarchéime a fhoilsiú roimh ré agus glacadh le fianaise ar chritéir eisiaimh agus roghnúcháin ón tairgeoir a dtoimhdítear gur éirigh leis nó léi tar éis an chinnidh dámhachtana, ach in aon chás roimh shíniú an chonartha. Ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag an údarás conarthach freisin conradh nó creatchonradh a mhodhnú go heisceachtúil, lastall de na tairseacha is infheidhme, gan nós imeachta soláthair chun freagairt do ghéarchéim. Thairis sin, i ngéarchéim, ba cheart a bheith in ann, go heisceachtúil, údaráis chonarthacha nua a chur isteach tar éis nós imeachta soláthair a sheoladh agus sula síneofar an conradh nó tar éis conradh a mhodhnú gan srian a chur le hiomaíocht. Ba cheart gá a bheith le géarchéim a dhearbhú i gcomhréir leis na rialacha inmheánacha ábhartha sula rachfar ar iontaoibh na rialacha simplithe sin, seachas i gcás soláthar i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha i gcás nach bhfuil gá leis an dearbhú sin. Ina theannta sin, ba cheart do na hoifigigh údarúcháin atá freagrach údar a thabhairt cás ar chás leis an deargphráinn mhór atá mar thoradh ar an ngéarchéim dhearbhaithe.

(157)

I gcás conarthaí measctha, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar mhodheolaíocht na n-údarás conarthach chun na rialacha is infheidhme a chinneadh.

(158)

Na bearta poiblíochta ex ante agus ex post is gá chun nós imeachta soláthair a sheoladh, ba cheart iad a shoiléiriú do chonarthaí is comhionann leis na tairseacha a leagtar amach i dTreoir 2014/24/AE, nó is mó ná iad, do chonarthaí faoi bhun na dtairseach sin agus do chonarthaí nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach sin.

(159)

Ba cheart liosta uileghabhálach de nósanna imeachta soláthair uile na n-institiúidí de chuid an Aontais, beag beann ar na tairseacha, a bheith sa Rialachán seo.

(160)

De ghrá an tsimplithe riaracháin agus chun FBManna a spreagadh le bheith rannpháirteach, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta idirbheartaithe le haghaidh conarthaí ar luach meánach.

(161)

I gcás inar gá, ba cheart a bheith in ann soláthar comhpháirteach a dhéanamh idir, ar thaobh amháin, údarás conarthach amháin nó níos mó ó na Ballstáit agus, ar an taobh eile, institiúidí de chuid an Aontais, comhlachtaí de chuid an Aontais nó gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, gan na hinstitiúidí, na comhlachtaí nó na gníomhaireachtaí sin a bheith faoi cheangal oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí a fháil. Chun gur féidir le húdaráis chonarthacha tairbhiú go hiomlán d’acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh i dtéarmaí barainneacht scála agus comhroinnt sochair-riosca, ba cheart na féidearthachtaí d’institiúidí de chuid an Aontais, do chomhlachtaí de chuid an Aontais nó do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin soláthairtí nó seirbhísí thar ceann dhá Bhallstát nó níos mó a leathnú. Ba cheart d’institiúid de chuid an Aontais, do chomhlacht de chuid an Aontais nó do ghníomhaireacht feidhmiúcháin a bheith in ann an nós imeachta soláthair ábhartha a dhéanamh thar ceann nó in ainm na mBallstát bunaithe ar chomhaontú idir na páirtithe, nó a bheith in ann gníomhú mar mhórdhíoltóir, trí sholáthairtí agus seirbhísí, lena n-áirítear cíosanna, a cheannach, a stocáil agus a athdhíol nó a dheonú do Bhallstáit nó d’eagraíochtaí comhpháirtíochta a roghnaigh an institiúid, an comhlacht nó an ghníomhaireacht sin. I gcomhréir le rialacha maidir leis an reachtaíocht thánaisteach do chomhlíonadh an Rialacháin seo, is féidir rialacha níos sonraí a bheith i ngníomhartha reachtacha eile an Aontais maidir le soláthar comhpháirteach nó soláthar thar ceann nó in ainm na mBallstát. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart na maoluithe sin a léiriú go soiléir sna gníomhartha sin agus na cúiseanna sonracha a thugann údar leo a lua iontu.

(162)

Mar is amhlaidh i dTreoir 2014/24/AE, ba cheart don Rialachán seo comhairliúchán margaidh a cheadú sula seolfar nós imeachta soláthair. Chun a áirithiú nach n-úsáidfear an chomhpháirtíocht nuálaíochta ach amháin nuair nach mbeidh na hoibreacha, na soláthairtí agus na seirbhísí inmhianaithe ar fáil ar an margadh nó mar ghníomhaíocht forbartha atá gar don mhargadh, ba cheart oibleagáid a leagan síos sa Rialachán seo go gcaithfear réamhchomhairliúchán margaidh a dhéanamh sula mbainfear úsáid as comhpháirtíocht nuálaíochta.

(163)

Ba cheart rannchuidiú na n-údarás conarthach le cosaint an chomhshaoil agus le cur chun cinn na forbartha inbhuanaithe a shoiléiriú agus, an tráth céanna, a áirithiú go bhfaigheann siad an luach is fearr ar airgead dá gcuid conarthaí, go háirithe trí lipéid shonracha a éileamh nó trí mhodhanna iomchuí dámhachtana a úsáid.

(164)

I gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ba cheart dul chun cinn i dtreo cur chun feidhme gnéithe glasúcháin a áirithiú trí chritéir roghnúcháin nó dhámhachtana ghlasa a áireamh, i gcás inarb ábhartha, le haghaidh glaonna ar thairiscintí, rud a bheidh ina dhreasacht d’oibreoirí eacnamaíocha chun roghanna níos inbhuanaithe a chur ar fáil.

(165)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha, agus conarthaí á bhforghníomhú acu, oibleagáidí an chomhshaoil, na hoibleagáidí sóisialta agus oibleagáidí dhlí an tsaothair is infheidhme arna mbunú le dlí an Aontais, le dlí náisiúnta na mBallstát, le comhaontuithe comhchoiteanna nó leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta shóisialta agus chomhshaoil a liostaítear in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2014/24/AE, ba cheart na hoibleagáidí sin a bheith mar chuid de na híoscheanglais a shainíonn an t-údarás conarthach agus ba cheart iad a chomhtháthú sna conarthaí arna síniú ag an údarás conarthach.

(166)

Is iomchuí cásanna éagsúla, ar cásanna iad dá ngairtear cásanna coinbhleachta leasa de ghnáth, a shainaithint agus a láimhseáil ar bhealach ar leith. Ba cheart an coincheap ‘coinbhleacht leasanna’ a úsáid le haghaidh cásanna ina mbeidh duine nó eintiteas a bhfuil freagrachtaí cláraithe, cur chun feidhme, iniúchóireachta nó rialaithe air nó uirthi i leith an bhuiséid, nó oifigeach nó gníomhaire d’institiúid de chuid an Aontais a bhfuil an cúram sin air nó uirthi nó údaráis náisiúnta ar aon leibhéal a bhfuil an cúram sin orthu, agus sna cásanna sin amháin. Ba cheart féachaint ar iarrachtaí tionchar míchuí a imirt ar nós imeachta dámhachtana nó faisnéis rúnda a fháil mar mhí-iompar gairmiúil tromchúiseach a bhféadfadh diúltú i gcás nós imeachta dámhachtana agus/nó eisiamh ó chistí de chuid an Aontais a bheith mar thoradh air. Ina theannta sin, d’fhéadfadh oibreoirí eacnamaíocha a bheith i gcás nár cheart iad a roghnú chun conradh a chur chun feidhme de bharr leas coinbhleachta gairmiúil. Mar shampla, níor cheart do chuideachta meastóireacht a dhéanamh ar thionscadal a mbeidh sí féin rannpháirteach ann agus níor cheart d’iniúchóir a bheith in ann cuntais a iniúchadh a bheidh deimhnithe aige nó aici roimhe sin. Leis an measúnú ar choinbhleachtaí leasa, agus leis an oibleagáid córais a bhunú chun na coinbhleachtaí sin a bhrath agus a chosc, ba cheart prionsabal na comhréireachta a urramú. Le treoir iomchuí ar mheasúnú ar choinbhleachtaí leasa, ba cheart soiléiriú breise a thabhairt dóibh siúd a dhéanann measúnú ar na cásanna sin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, d’fhonn rannchuidiú le deimhneacht dhlíthiúil.

(167)

Chun a áirithiú nach ann do leasanna coinbhleachta gairmiúla is féidir difear a dhéanamh, nó lena mbaineann an riosca go ndéanfaidís difear, don chumas maidir leis an gconradh a chomhlíonadh ar bhealach neamhspleách, neamhchlaonta agus oibiachtúil, is gá oibleagáidí an údaráis chonarthaigh agus na n-iarrthóirí nó na dtairgeoirí a shoiléiriú. Ar thaobh amháin, ba cheart do na hiarrthóirí, na tairgeoirí agus, i gcás inarb iomchuí, na heintitis a mbraitheann siad ar a n-acmhainneacht mar aon leis na fochonraitheoirí samhlaithe, a dhearbhú nach ann do na leasanna coinbhleachta sin, agus faisnéis ghaolmhar a chur ar fáil i gcás ina n-iarrtar amhlaidh. Ar an taobh eile, ba cheart don údarás conarthach measúnú a dhéanamh ar cé acu is ann nó nach ann do na leasanna coinbhleachta gairmiúla sin tráth a dhearbhaítear sin nó ar bhonn na faisnéise breise. I gcás ina suitear gur ann do na leasanna coinbhleachta gairmiúla sin, ba cheart na hiarrthóirí nó na tairgeoirí a dhiúltú ón dámhachtain mar thoradh air sin.

(168)

Le margadh inmheánach iomaíoch agus oscailte, ba cheart cothrom na Féinne a áirithiú agus a chur ar chumas oibreoirí eacnamaíocha Eorpacha agus eachtracha araon dul san iomaíocht ar bhonn na bhfiúntas. Is féidir le fóirdheontais eachtracha an margadh inmheánach a shaobhadh agus an bonn a bhaint de chothrom na Féinne i nósanna imeachta soláthair i gcás inar bhain na hoibreoirí eacnamaíocha dáfa, mar shampla, tairbhe as fóirdheontais eachtracha. Chun an riosca sin a leigheas, le Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), bunaíodh rialacha agus nósanna imeachta chun imscrúdú a dhéanamh ar fhóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach go hiarbhír nó a d’fhéadfadh an margadh inmheánach a shaobhadh agus, i gcás inarb ábhartha, chun a áirithiú go ndéanfar an saobhadh sin a cheartú. Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na rialacha is infheidhme maidir leis na Ballstáit agus na nósanna imeachta soláthair faoin Rialachán seo, ba cheart d’institiúidí de chuid an Aontais, do chomhlachtaí de chuid an Aontais agus do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin na rialacha agus na nósanna imeachta céanna a chur i bhfeidhm mutatis mutandis maidir le fóirdheontais eachtracha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2560.

(169)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a bhaineann leis na mionsonraí nós imeachta agus le míreanna gaolmhara maidir leis an athbhreithniú tosaigh agus leis an imscrúdú domhain ar aon ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais a fhaightear i nós imeachta soláthair. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31).

(170)

I gcomhréir le Treoir 2014/24/AE, ba cheart a bheith in ann a fhíorú an bhfuil oibreoir eacnamaíoch eisiata, critéir roghnúcháin agus dhámhachtana a chur i bhfeidhm, chomh maith le comhlíonadh na ndoiciméad soláthair a fhíorú in aon ord. Mar thoradh air sin, ba cheart a bheith in ann diúltú do thairiscintí ar bhonn na gcritéar dámhachtana gan an tairgeoir comhfhreagrach a sheiceáil roimh ré maidir le critéir eisiaimh nó roghnúcháin.

(171)

Ba cheart conarthaí a dhámhachtain ar bhonn na tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch i gcomhréir le hAirteagal 67 de Threoir 2014/24/AE.

(172)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is gá a shoiléiriú go bhfuil nasc docht idir na critéir roghnúcháin agus an mheastóireacht a dhéantar ar iarrthóirí nó ar thairgeoirí agus go bhfuil nasc docht idir na critéir dhámhachtana agus an mheastóireacht a dhéantar ar na tairiscintí. Chun rialacha soláthair an Aontais a ailíniú le Treoir 2014/24/AE, ba cheart cead a thabhairt d’údaráis chonarthacha eagrú, cáilíocht agus taithí na mball foirne atá sannta chun an conradh a chomhlíonadh a úsáid mar chritéar dámhachtana, i gcás inar féidir leo difear mór a dhéanamh do cháilíocht chomhlíonadh an chonartha agus, mar thoradh air sin, do luach eacnamaíoch na tairisceana. Ba cheart d’údaráis chonarthacha a bhaineann úsáid as aon cheann de na critéir dhámhachtana sin a áirithiú, trí mhodhanna conarthacha iomchuí, go ndéanfaidh na baill foirne atá sannta chun an conradh a chomhlíonadh na caighdeáin cháilíochta shonraithe a chomhlíonadh go héifeachtach. Ba cheart do na húdaráis chonarthacha a dtoiliú a thabhairt d’aon ionadú a dhéantar ar na baill foirne sin agus ba cheart dóibh a fhíorú an bhfuil leibhéal cáilíochta ag baint leis na baill foirne nua atá coibhéiseach le leibhéal cáilíochta na mball foirne ar cuireadh iad ina n-ionad. Thairis sin, ba cheart a áirithiú nach mbeidh aon fhorluí ann agus nach ndéanfar meastóireacht faoi dhó ar an eilimint chéanna faoi na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana.

(173)

Chun nósanna imeachta fadálacha a laghdú agus chun a chur ar chumas na n-údarás conarthach lántairbhe a bhaint as na féidearthachtaí a ghabhann le córais dhinimiciúla cheannaigh, is gá na rialacha lena rialaítear na córais sin a shimpliú. Go háirithe, ba cheart na córais sin a oibriú i bhfoirm nós imeachta srianta agus, dá bhrí sin, a cheadú d’aon oibreoir eacnamaíoch a chuireann iarraidh isteach chun bheith rannpháirteach agus a chomhlíonann na critéir eisiaimh agus roghnúcháin páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta soláthair a dhéantar tríd an gcóras dinimiciúil ceannaigh thar a thréimhse bhailíochta, nár cheart a bheith teoranta do cheithre bliana. Is féidir tairiscintí a chur i láthair i bhfoirm catalóg leictreonach go háirithe i gcás táirgí atá le ceannach i siopa nó seirbhísí atá ar fáil go ginearálta ar an margadh. Thairis sin, chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart an ceanglas chun coiste oscailte agus meastóireachta a cheapadh a tharscaoileadh i gcás soláthairtí sonracha faoi chóras dinimiciúil ceannaigh.

(174)

I bhfianaise an dul chun cinn i ndigitiú nósanna imeachta soláthair, ba cheart a shoiléiriú go bhféadfar oscailtí poiblí le haghaidh nósanna imeachta oscailte a eagrú ó chian trí fhíschomhdhálacha.

(175)

Chun na rialacha a shimpliú agus ailíniú leo sin is infheidhme maidir leis an soláthar a dhéanann institiúidí de chuid an Aontais ar a gcuntas féin, ba cheart an oibleagáid an liosta iarrthóirí roghnaithe a fhoilsiú a dtabharfar cuireadh dóibh tairiscint a thíolacadh ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin a bhaint i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha.

(176)

Le soláthar an Aontais, ba cheart a áirithiú go n-úsáidfear cistí de chuid an Aontais ar bhealach éifeachtach, trédhearcach agus iomchuí, agus go laghdófar an t-ualach riaracháin ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais an tráth céanna. I ndáil leis sin, ba cheart, leis an ríomhsholáthar, go rannchuideofaí le cistí de chuid an Aontais a úsáid ar bhealach níos fearr agus feabhas a chur ar an rochtain ar chonarthaí do na hoibreoirí eacnamaíocha uile. Ba cheart do gach institiúid de chuid an Aontais a sheolann soláthar rialacha soiléire a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin maidir le fáil, caiteachas agus faireachán, agus maidir leis na conarthaí a dámhadh, luach na gconarthaí san áireamh.

(177)

Sa ríomhsholáthar, ba cheart an malartú leictreonach faisnéise le rannpháirtithe a bheith ag brath a mhéid is féidir ar chaighdeáin atá ann cheana, amhail an Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar agus caighdeáin ríomhshonrasctha arna sainordú faoi seach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/7 (32) ón gCoimisiún agus le Treoir 2014/55/AE.

(178)

Ba cheart a shoiléiriú gur ann do réamhchéim agus meastóireacht le haghaidh aon nós imeachta. Ba cheart cinneadh dámhachtana a bheith ina thoradh ar mheastóireacht i gcónaí.

(179)

Nuair a chuirfear iarrthóirí agus tairgeoirí ar an eolas faoin toradh ar nós imeachta, ba cheart na forais ar a ndéanfar an cinneadh a chur in iúl dóibh agus ba cheart dóibh ráiteas mionsonraithe a fháil bunaithe ar a mbeidh sa tuarascáil mheastóireachta ina leagfar amach na cúiseanna leis an gcinneadh.

(180)

Is iomchuí a shonrú gur cheart, nuair a iarrfar sin, do thairgeoirí mírathúla a chuirfidh isteach tairiscintí comhlíontacha faisnéis a fháil mar gheall ar shaintréithe agus buntáistí coibhneasta na tairisceana rathúla. Ba cheart do thairgeoirí mírathúla, nuair a iarrfar sin, faisnéis bhreise a fháil fiú i gcás nach ndéantar seiceáil ar chomhlíontacht a dtairisceana de bharr ord roghnaithe na gcritéar. Ba cheart a shoiléiriú chomh maith nár cheart rochtain a bheith ag tairgeoirí a diúltaíodh ar an bhfaisnéis sin.

(181)

I gcás creatchonarthaí lena ngabhfaidh athoscailt na hiomaíochta, níor cheart aon oibleagáid a bheith ann faisnéis mar gheall ar shaintréithe agus buntáistí coibhneasta na tairisceana rathúla a chur ar fáil do chonraitheoir mírathúil, ar an mbonn go bhféadfaí dochar a dhéanamh don iomaíocht chóir idir na páirtithe sa chreatchonradh céanna dá bhfaighidís an fhaisnéis sin gach uair a d’athosclófaí iomaíocht.

(182)

Ba cheart d’údarás conarthach a bheith ábalta nós imeachta soláthair a chur ar ceal, nó a chur ar ceal i bpáirt i gcás nósanna imeachta a dhámhtar ina míreanna nó trí ilfhoinsiú, sula síneofar an conradh, gan na hiarrthóirí ná na tairgeoirí a bheith i dteideal cúiteamh a éileamh. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do na cásanna sin ina ngníomhóidh an t-údarás conarthach ar cibé slí ina bhféadfar é a chur faoi dhliteanas i leith damáistí i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais.

(183)

Ba cheart dámhachtain conarthaí tar éis soláthar ilfhoinsiúcháin a cheadú i gcásanna ina bhfuil údar cuí leo, go háirithe chun an róbhrath ar sholáthraí aonair a sheachaint, i gcás trealamh criticiúil agus seirbhísí criticiúla, agus cuspóirí an neamhspleáchais theicneolaíoch agus an leanúnachais seirbhísí á gcur i gcuntas.

(184)

Mar is amhlaidh i dTreoir 2014/24/AE, is gá soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina bhféadfar conradh a mhodhnú agus é á chomhlíonadh gan nós imeachta nua soláthair. Go háirithe, níor cheart nós imeachta nua dámhachtana a éileamh i gcás athruithe riaracháin, comharbas uilíoch agus cur i bhfeidhm clásal nó roghanna athbhreithnithe atá soiléir aonchiallach agus nach n-athraíonn íoscheanglais an nós imeachta tosaigh. Ba cheart nós imeachta nua soláthair a éileamh i gcás ina ndéantar modhnuithe ábhartha ar an gconradh tosaigh, go háirithe ar raon feidhme agus ar ábhar chearta agus oibleagáidí frithpháirteacha na bpáirtithe, lena n-áirítear maidir le dáileadh na gceart maoine intleachtúla. Leis na modhnuithe sin, léirítear go bhfuil sé i gceist ag na páirtithe téarmaí nó coinníollacha bunriachtanacha an chonartha sin a idirbheartú an athuair, go háirithe dá mbeadh tionchar ag na modhnuithe ar thoradh an nós imeachta, dá mbeidís mar chuid den nós imeachta tosaigh.

(185)

Léirítear leis an taithí a fuarthas gur gá a shoiléiriú cad iad na cásanna ina meastar go n-athraítear ábhar an chonartha le modhnú.

(186)

Is gá foráil a dhéanamh maidir leis an rogha chun ráthaíocht um chomhlíonadh a éileamh i gcás oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí casta chun comhlíonadh oibleagáidí suntasacha conarthacha a ráthú agus chun feidhmiú iomchuí le linn ré an chonartha a áirithiú. Lena chois sin, ní mór foráil a dhéanamh maidir leis an rogha chun ráthaíocht um airgead coinneála a éileamh chun tréimhse dhliteanais an chonartha a chumhdach, i gcomhréir leis an gcleachtas is gnách sna hearnálacha lena mbaineann.

(187)

Chun na tairseacha agus na nósanna imeachta is infheidhme a chinneadh, is gá a shoiléiriú an meastar gur údaráis chonarthacha iad institiúidí de chuid an Aontais, mar aon le gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus comhlachtaí de chuid an Aontais. Níor cheart a mheas gur údaráis chonarthacha iad i gcásanna ina gceannóidh siad ó chomhlacht lárnach ceannaigh. Ina theannta sin, is eintiteas dlítheanach aonair iad institiúidí de chuid an Aontais agus ní fhéadfaidh a gcuid ranna conarthaí a thabhairt i gcrích, agus ní fhéadfaidh siad ach comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a thabhairt i gcrích, eatarthu.

(188)

Is iomchuí tagairt a chur isteach sa Rialachán seo do na tairseacha a leagtar amach i dTreoir 2014/24/AE is infheidhme maidir le hoibreacha agus le soláthairtí agus seirbhísí agus i dTreoir 2014/23/AE i gcás lamháltas. Dá bhrí sin, ba cheart an t-athbhreithniú ar na tairseacha sin dá bhforáiltear i dTreoracha 2014/24/AE agus 2014/23/AE a bheith infheidhme go díreach maidir le soláthar agus lamháltais faoin Rialachán seo faoi seach.

(189)

Ba cheart dámhachtain na gconarthaí lamháltais a shimpliú trí na tairseacha a leagtar síos i dTreoir 2014/23/AE a chur i bhfeidhm maidir le lamháltais.

(190)

Chun críocha comhchuibhiú agus simpliú, ba cheart freisin na nósanna imeachta caighdeánacha is infheidhme maidir le soláthar a chur i bhfeidhm i gcás ceannacháin dá bhforáiltear faoin réimeas bog do chonarthaí do sheirbhísí sóisialta agus do sheirbhísí sonracha eile dá dtagraítear in Airteagal 74 de Threoir 2014/24/AE. Ar an ábhar sin, ba cheart an tairseach i gcás ceannacháin faoi réimeas bog a ailíniú leis an tairseach maidir le conarthaí seirbhíse.

(191)

Chun nósanna imeachta soláthair a oiriúnú ar bhealach níos fearr do dhálaí margaidh lasmuigh den Aontas, ba cheart forálacha sonracha a áireamh sa Rialachán seo faoina ndámhfaidh toscaireachtaí an Aontais conarthaí ar a gcuntas féin i dtríú tíortha. Dá bhrí sin, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha chun conarthaí a dhámhachtain a chuireann toscaireachtaí an Aontais i bhfeidhm i dtríú tíortha agus iad a ailíniú leis na tairseacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le conarthaí a dhámhachtain i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha.

(192)

Is gá coinníollacha chur i bhfeidhm na tréimhse neamhghníomhaíochta atá le hurramú sula síneofar conradh nó creatchonradh a shoiléiriú.

(193)

Ba cheart na rialacha is infheidhme maidir le soláthar i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha a bheith comhsheasmhach leis na prionsabail a leagtar síos i dTreoir 2014/23/AE agus Treoir 2014/24/AE.

(194)

Ba cheart a áireamh sna rialacha maidir le rochtain ar sholáthar, is infheidhme tráth a chuirtear an tairiscint isteach agus le linn chur chun feidhme an chonartha araon, na coinníollacha a leagtar síos i ngníomhartha cur chun feidhme (bearta na hIonstraime Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta) arna nglacadh faoi Rialachán (AE) 2022/1031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) mar aon le hoibleagáidí faoi seach na dtairgeoirí rathúla a leagtar amach sa Rialachán sin.

(195)

Chun castacht a laghdú, rialacha láithreacha a chuíchóiriú agus inléiteacht na rialacha soláthair a fheabhsú, is gá na forálacha ginearálta maidir le soláthar agus na forálacha sonracha is infheidhme maidir le soláthar i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha a athghrúpáil agus fáil réidh le haon athrá nó crostagairt iontu nach bhfuil gá leo.

(196)

Is gá a shoiléiriú cé na hoibreoirí eacnamaíocha a mbeidh rochtain acu ar sholáthar arna dhéanamh faoin Rialachán seo ag brath ar an áit a bhfuil siad bunaithe agus foráil a dhéanamh go sainráite go mbeidh deis ag eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin an rochtain sin a bheith acu.

(197)

I gcásanna ina bhfuil údar cuí leis, i gcás ina bhfuil conradh le dámhachtain ag toscaireacht de chuid an Aontais i dtríú tír nó go heisiach ar mhaithe le toscaireacht de chuid an Aontais i dtríú tír, ba cheart cead a bheith ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach rochtain ar an nós imeachta soláthair a oscailt do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhaontú speisialta aici leis an Aontas i réimse an tsoláthair. Ba cheart an tsolúbthacht sin a sholáthar go háirithe i gcás nach bhfuil aon duine nádúrtha ná dlítheanach bunaithe i dtíortha a bhfuil rochtain acu ar an soláthar faoi chomhaontú speisialta leis an Aontas i réimse an tsoláthair ar féidir leis nó léi an obair, na soláthairtí nó na seirbhísí is gá a sholáthar.

(198)

Chun cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá le trédhearcacht agus comhleanúnachas níos fearr i leith rialacha soláthair ar thaobh amháin agus an gá atá le solúbthacht maidir le gnéithe teicniúla áirithe de na rialacha sin a chur ar fáil ar an taobh eile, ba cheart na rialacha teicniúla maidir le soláthar a leagan amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe ar an Iarscríbhinn sin.

(199)

Is gá raon feidhme an Teidil maidir le deontais a shoiléiriú, go háirithe i dtaca leis an gcineál gníomhaíochta nó comhlachta atá i dteideal deontais agus, chomh maith leis sin, i dtaca le gealltanais dhlíthiúla is féidir a úsáid chun deontais a chumhdach. Ba cheart, go háirithe, deireadh a chur le cinntí deontais de réir a chéile i ngeall ar an úsáid theoranta a bhaintear astu agus i ngeall ar thabhairt isteach an chórais ríomhdheontais ar bhonn céimnithe. Ba cheart an leagan amach a shimpliú trí fhorálacha maidir le hionstraimí nach deontais iad a bhogadh go codanna eile den Rialachán. Ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na cineálacha comhlachta is féidir deontais oibriúcháin a fháil gan tagairt a thuilleadh do chomhlachtaí a bhfuil aidhm lena mbaineann leas ginearálta an Aontais á saothrú acu óir cumhdaítear na comhlachtaí sin leis an gcoincheap de chomhlachtaí a bhfuil cuspóir acu ar cuid de bheartas an Aontais é, agus a bhfuil an beartas sin á thacú acu.

(200)

Chun nósanna imeachta a shimpliú agus chun feabhas a chur ar inléiteacht an Rialacháin seo, ba cheart forálacha a bhaineann le hábhar an iarratais ar dheontas, an ghlao ar thograí agus an chomhaontaithe deontais a shimpliú agus a chuíchóiriú.

(201)

Chun cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá maoinithe ag ildeontóirí a éascú, i gcás nach eol an ann do mhaoiniú foriomlán na gníomhaíochta tráth a gheallfar an ranníocaíocht ón Aontas, is gá soiléiriú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanfar an ranníocaíocht ón Aontas a shainiú agus ar an modh chun a húsáid a fhíorú.

(202)

Ba cheart catagóir nua de dheontas ar luach an-íseal de mhéid suas le EUR 15 000 a thabhairt isteach d’fhonn na ceanglais riaracháin d’iarratasóirí ar chistiú ón Aontas a shimpliú. I bhfianaise luach an-íseal na ndeontas sin, ba cheart na ceanglais chun dearbhú ar onóir a thíolacadh agus chun measúnú a dhéanamh ar an acmhainneacht airgeadais a tharscaoileadh.

(203)

Chun iarratais ar dheontais a shimpliú tuilleadh i gcomhréir le bainistíocht fhónta airgeadais, ba cheart don oifigeach údarúcháin a bheith in ann a chinneadh, bunaithe ar mheasúnú riosca, nach bhfuil seiceálacha acmhainneachta airgeadais dírithe ach ar an bpríomhiarratasóir.

(204)

Léirítear le taithí a fuarthas ó chnapshuimeanna, ó chostais aonaid nó ó mhaoiniú ar ráta comhréidh a úsáid go simplítear go suntasach na nósanna imeachta riaracháin leis na foirmeacha maoinithe sin agus go laghdaítear an riosca earráide go suntasach leo. Is foirmeacha oiriúnacha maoinithe iad cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe, neamhspleách ar an réimse ina ndéanann an tAontas idirghabháil agus go háirithe i gcás gníomhaíochtaí caighdeánaithe agus athfhillteacha amhail soghluaisteacht, nó gníomhaíochtaí oiliúna. Thairis sin, de réir mar a chuireann institiúidí na mBallstát comhar institiúideach idir riaracháin phoiblí na mBallstát agus na dtíortha is tairbhithe nó na dtíortha comhpháirtíochta (nascadh idir institiúidí) chun feidhme, tugtar údar le húsáid roghanna costas simplithe agus ba cheart dó sin a rannpháirtíocht a chothú. Ar mhaithe le héifeachtúlacht a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit agus d’fhaighteoirí eile cistí de chuid an Aontais a bheith in ann na roghanna costas simplithe a úsáid níos minice. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na coinníollacha chun úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe a dhéanamh níos solúbtha. Is gá foráil a dhéanamh, ar dhóigh shainráite, do chnapshuimeanna aonair a chur ar bun a chumhdaíonn na costais incháilithe uile atá ar an ngníomhaíocht nó ar an gclár oibre. Ina theannta sin, chun díriú ar thorthaí a chothú, ba cheart tús áite a thabhairt do mhaoiniú a bhunaítear ar aschur. Ba cheart cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe a bhunaítear ar ionchur a fhágáil mar rogha i gcás nach féidir nó nach iomchuí cinn a bhunaítear ar aschur a úsáid.

(205)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá a shoiléiriú, i gcás ina bhfuil deontas i bhfoirm maoiniú nach bhfuil baint aige le costais, nach bhfuil feidhm ag na forálacha maidir le buiséad measta, cómhaoiniú agus cistiú dúbailte ar bith a dhéanamh ós rud é nach féidir iad a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil baint ag an méid atá le haisíoc le coinníollacha sainithe nó le torthaí agus ina ndéantar é a dhíchúpláil ó na bunchostais.

(206)

Ba cheart na nósanna imeachta riaracháin a shimpliú chun cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe a údarú tríd an gcumhacht údarúcháin sin a dhílsiú do na hoifigigh údarúcháin atá freagrach. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún an t-údarú sin a thabhairt i bhfianaise chineál na ngníomhaíochtaí nó an chaiteachais nó i bhfianaise líon na n-oifigeach údarúcháin lena mbaineann.

(207)

Chun an bhearna a dhúnadh i soláthar na sonraí a úsáidtear chun cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe a bhunú, ba cheart cead a thabhairt breithiúnas saineolach a úsáid.

(208)

Cé gur cheart úsáid foirmeacha simplithe maoinithe níos minice a réadú, ba cheart comhlíonadh phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, agus go háirithe prionsabal na barainneachta, prionsabal na héifeachtúlachta agus an prionsabal nach ndéanfar aon chistiú dúbailte a áirithiú. Chuige sin, ba cheart a áirithiú leis na foirmeacha simplithe maoinithe gur leor na hacmhainní arna n-úsáid chun na cuspóirí a bhaint amach, nach maoineofar na costais chéanna breis is uair amháin ón mbuiséad, go n-urramófar prionsabal an chómhaoinithe agus go seachnófar róchúiteamh na bhfaighteoirí trí chéile. Mar sin, ba cheart foirmeacha simplithe maoinithe a bhunú ar shonraí staidrimh nó cuntasaíochta, ar mhodhanna oibiachtúla dá samhail nó ar bhreithiúnas saineolach. Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith fós ag seiceálacha, rialuithe agus measúnuithe tréimhsiúla oiriúnacha.

(209)

Ba cheart raon feidhme na seiceálacha agus na rialuithe seachas an measúnú tréimhsiúil ar chnapshuimeanna, ar chostais aonaid nó ar rátaí comhréidhe a shoiléiriú. Leis na seiceálacha agus na rialuithe sin, ba cheart díriú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha lena spreagtar íocaíocht na gcnapshuimeanna, na gcostas aonaid nó na rátaí comhréidhe, lena n-áirítear, i gcás inar gá, na haschuir agus/nó na torthaí a bhaint amach. Níor cheart a cheangal leis na coinníollacha sin tuairisciú ar na costais iarbhír a thabhóidh an tairbhí. I gcás inar chinn an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach nó an Coimisiún méideanna na gcnapshuimeanna, na gcostas aonaid nó an mhaoinithe ar ráta comhréidh ar bhonn ex ante, níor cheart agóid a dhéanamh ina gcoinne trí rialuithe ex post. Níor cheart é sin cosc a chur ar laghdú deontais i gcás cur chun feidhme dona, i bpáirt nó mall nó i gcás neamhrialtachta, calaoise nó sárú ar oibleagáidí eile. Go háirithe, ba cheart deontas a laghdú i gcás nár comhlíonadh na coinníollacha lena spreagtar íocaíocht na gcnapshuimeanna, na gcostas aonaid nó na rátaí comhréidhe. Ba cheart do mhinicíocht agus raon feidhme an mheasúnaithe thréimhsiúil a bheith ag brath ar fhorbairt agus ar chineál na gcostas, go háirithe agus athruithe suntasacha i bpraghsanna margaidh agus cúinsí ábhartha eile á gcur i gcuntas. D’fhéadfadh sé go leanfaí as an measúnú tréimhsiúil coigeartú ar na cnapshuimeanna, na costais aonaid nó na rátaí comhréidhe is infheidhme maidir le comhaontuithe amach anseo ach níor cheart é sin a úsáid chun luach na gcnapshuimeanna, na gcostas aonaid nó na rátaí comhréidhe atá comhaontaithe cheana féin a cheistiú. Chun gur féidir measúnú a dhéanamh go tréimhsiúil ar chnapshuimeanna, ar chostais aonaid nó ar rátaí comhréidhe, d’fhéadfaí gur ghá rochtain ar chuntais an tairbhí a bheith ar fáil chun críoch staidrimh agus modheolaíochta agus is gá an rochtain sin a bheith ar fáil freisin chun calaois a chosc agus a bhrath.

(210)

I gcás ina bhfuil deontas i bhfoirm rátaí comhréidhe, costais aonaid nó cnapshuimeanna agus, dá bhrí sin, nach ndéantar fíorú ex post ar na bunchostais, ní féidir a sheiceáil ar tabhaíodh na costais incháilithe le linn shaolré na gníomhaíochta. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart a shoiléiriú go bhfíorófar le seiceálacha agus rialuithe ex post ar thairbhithe gur comhlíonadh na coinníollacha lena spreagtar íocaíocht na rátaí comhréidhe, na gcostas aonaid, nó na gcnapshuimeanna le linn na tréimhse cur chun feidhme.

(211)

Chun gur féidir le heagraíochtaí beaga páirt a ghlacadh i mbeartais an Aontais a chur chun feidhme i dtimpeallacht ina bhfuil fáil theoranta ar acmhainní, ní mór luach na hoibre a dhéanann saorálaithe a aithint mar chostais incháilithe. Ar an ábhar sin, ba cheart na heagraíochtaí sin a bheith ábalta brath ar obair saorálaithe ar bhonn níos leithne ar mhaithe le cómhaoiniú a chur ar fáil don ghníomhaíocht nó don chlár oibre. Gan dochar don uasráta cómhaoiniúcháin a shonraítear sa bhunghníomh, i gcásanna den sórt sin, ba cheart deontas an Aontais a theorannú do na costais mheasta incháilithe seachas do na costais a chumhdaíonn obair na saorálaithe. Toisc gurb é atá in obair saorálaithe saothar a dhéanann tríú páirtithe nach dtugann an tairbhí luach saothair dóibh as an saothar, leis an teorannú seachnaítear costais nár thabhaigh an tairbhí a aisíoc leis nó léi. Chomh maith leis sin, níor cheart do luach obair na saorálaithe a bheith os cionn 50 % de na ranníocaíochtaí comhchineáil ná aon chómhaoiniú eile.

(212)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart a shoiléiriú, i gcás ina ndéantar ranníocaíochtaí comhchineáil ó thríú páirtithe i bhfoirm obair saorálaithe a chur i láthair mar chostais incháilithe sa bhuiséad measta, gur cheart a áireamh leis an gcómhaoiniú ar a gcuirtear an teorainn 50 % i bhfeidhm na foinsí uile maoiniúcháin, is é sin deontas an Aontais, ranníocaíochtaí comhchineáil agus foinsí eile maoiniúcháin.

(213)

Ba cheart prionsabal an neamhbhrabúis a choimeád sa Rialachán seo chun ceann de bhunphrionsabail an airgeadais phoiblí a chosaint.

(214)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus an ranníocaíocht ón Aontas á ríomh i gcás brabúis i ndeontas arna chistiú le buiséad an Aontais, ba cheart a shoiléiriú nár cheart idirdhealú a dhéanamh idir na costais a tabhaíodh iarbhír agus costais shimplithe agus céatadán an bhrabúis a chomhfhreagraíonn don ranníocaíocht ón Aontas leis na costais incháilithe á aisghabháil.

(215)

I bprionsabal, ba cheart deontais a dhámhachtain tar éis glao ar thograí. I gcásanna inar féidir eisceachtaí a dhéanamh, ba cheart srian a chur ar a léirmhíniú agus a bhfeidhmiú sa mhéid a bhaineann le raon feidhme agus le ré. Níor cheart an fhéidearthacht eisceachtúil a úsáid chun deontais a dhámhachtain gan glao ar thograí ar chomhlachtaí a bhfuil monaplacht de facto nó de jure acu ach i gcás ina bhfuil na comhlachtaí lena mbaineann ar na haon chomhlachtaí amháin atá in ann cineálacha ábhartha gníomhaíochtaí a chur chun feidhme nó i gcás inar dílsíodh an mhonaplacht sin dóibh le dlí nó le húdarás poiblí.

(216)

Faoi chuimsiú dul i dtreo ríomhdheontais agus ríomhsholáthair, níor cheart a iarraidh ar iarratasóirí agus ar thairgeoirí cruthúnas ar a stádas dlíthiúil agus ar a n-inmharthanacht airgeadais a chur ar fáil ach aon uair amháin laistigh de thréimhse shonrach agus níor cheart a cheangal orthu na doiciméid tacaíochta a chur isteach faoi dhó i ngach nós imeachta dámhachtana. Mar sin, is gá na ceanglais a ailíniú do líon na mblianta a n-iarrfar doiciméid ina leith faoi nósanna imeachta dámhachtana deontas agus nósanna imeachta soláthair.

(217)

Is féidir le tairbhí deontais tacaíocht airgeadais a sholáthar do thríú páirtí bunaithe ar chomhlíonadh coinníollacha áirithe, agus níor cheart an méid a íoctar le haon tríú páirtí a bheith níos mó ná EUR 60 000. Ba cheart a bheith in ann an méid sin a shárú i gcás ina mbeadh sé dodhéanta nó ródheacair ar shlí eile cuspóirí na gníomhaíochta a bhaint amach. Chun tuilleadh solúbthachta a thabhairt chun an buiséad a chur chun feidhme i staideanna géarchéime agus éigeandála, ba cheart a bheith in ann an méid sin a shárú gan údar cás ar chás a bheith leis i gcásanna cabhair dhaonnúil, oibríochtaí tacaíochta éigeandála, oibríochtaí cosanta sibhialta nó cabhair um bainistiú géarchéime. Ba cheart don oifigeach údarúcháin tuairisciú ar na cásanna sin.

(218)

I gcás inar gá do thairbhí soláthar a dhéanamh chun gníomhaíocht nó clár oibre a chur chun feidhme, ba cheart a shoiléiriú gur féidir le haon tairbhí a chleachtais cheannaigh féin nó a cleachtais cheannaigh féin a úsáid ar choinníoll go n-áiritheoidh sé nó sí an luach is fearr ar airgead, nó de réir mar is iomchuí, an praghas is ísle, gan beann ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an tairbhí conradh poiblí a dhámhachtain agus cé acu atá nó nach bhfuil an tairbhí ina údarás conarthach nó ina húdarás conarthach de réir bhrí an Rialacháin seo. Ba cheart an sainmhíniú ar chonradh a leasú dá réir sin.

(219)

Ba cheart úsáid duaiseanna a éascú agus na rialacha is infheidhme a shoiléiriú ó tharla gur cineál luachmhar tacaíochta airgeadais iad nach bhfuil aon bhaint acu le costais intuartha. Ba cheart féachaint ar dhuaiseanna mar chomhlánú ar ionstraimí cistiúcháin eile amhail deontais, seachas teacht ina n-ionad.

(220)

Chun go bhféadfar duaiseanna a chur chun feidhme ar dhóigh níos solúbtha, ba cheart oibleagáid faisnéis roimh ré a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus na duaiseanna sin a lua go sainráite sa chinneadh maoiniúcháin a chur in ionad na hoibleagáide faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 comórtais le haghaidh duaiseanna ag a bhfuil luach aonaid EUR 1 000 000 nó níos mó a fhoilsiú sna ráitis a ghabhann leis an dréachtbhuiséad.

(221)

Ba cheart duaiseanna a dhámhachtain i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta agus le prionsabal na córa comhionainne. Sa chomhthéacs sin, ba cheart saintréithe íosta na gcomórtas a leagan síos, go háirithe na socruithe chun an duais a íoc leis na buaiteoirí tar éis a dámhachtana, mar aon leis an meán iomchuí foilsithe. Ina theannta sin, is gá nós imeachta dámhachtana atá sainithe go soiléir a chur ar bun, idir iarratais a chur isteach, fhaisnéis a thabhairt d’iarratasóirí agus fhógra faoin iarratasóir buaiteach, ar nós imeachta é a fhreagraíonn don nós imeachta dámhachtana deontas.

(222)

Ba cheart a leagan síos sa Rialachán seo na prionsabail agus na coinníollacha is infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais chomh maith leis na rialacha maidir le teorannú dhliteanas airgeadais an Aontais, an comhrac i gcoinne calaoise agus sciúrtha airgid, foirceannadh ionstraimí airgeadais agus tuairisciú.

(223)

Le blianta beaga anuas, tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann an tAontas as ionstraimí airgeadais lena bhféadtar giaráil níos mó ar an mbuiséad a bhaint amach ach, an tráth céanna, cruthaíonn siad riosca airgeadais don bhuiséad sin. Ar na hionstraimí airgeadais sin, ní hamháin go n-áirítear ionstraimí airgeadais a chumhdaítear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, ach áirítear orthu chomh maith ionstraimí eile amhail ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais nár rialaíodh roimhe seo ach amháin le rialacha a cuireadh ar bun sna bunghníomhartha a ghabhann leis na hionstraimí sin. Tá sé tábhachtach creat coiteann a chur ar bun chun aonchineálacht na bprionsabal is infheidhme maidir leis an tacar sin d’ionstraimí a áirithiú agus chun iad a athghrúpáil faoi Theideal nua sa Rialachán seo, teideal a chuimseoidh ranna maidir le ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do na Ballstáit nó do thríú tíortha chomh maith leis na rialacha láithreacha is infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais.

(224)

Is féidir ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a bheith fiúntach chun an éifeacht a bhíonn ag cistí de chuid an Aontais a iolrú nuair a chomhthiomsaítear na cistí sin agus cistí eile agus nuair a bhíonn éifeacht ghiarála ag baint leo. Níor cheart ionstraimí airgeadais ná ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme ach amháin mura bhfuil riosca ann go mbeidh saobhadh ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach nó mura bhfuil riosca neamhréireachta ann le rialacha Státchabhrach.

(225)

Faoi chuimsiú chreat na leithreasuithe bliantúla arna n-údarú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i gcomhair clár áirithe, ba cheart ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a úsáid ar bhonn meastóireachta ex ante a léiríonn go bhfuil siad éifeachtach chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach.

(226)

Ba cheart ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais a údarú trí bhíthin bunghnímh. Más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go mbunófar ionstraimí airgeadais gan bhunghníomh, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle iad a údarú sa bhuiséad.

(227)

Ba cheart na hionstraimí a d’fhéadfadh teacht faoi Theideal X, amhail iasachtaí, ráthaíochtaí, infheistíochtaí cothromais, infheistíocht chuasachothromais agus ionstraimí um chomhroinnt riosca, a shainmhíniú. Ba cheart a áireamh leis an sainmhíniú ar ‘ionstraimí um chomhroinnt riosca’ feabhsuithe creidmheasa do bhannaí tionscadail a chumhdódh riosca fiachsheirbhíse tionscadail agus a mhaolódh riosca creidmheasa sealbhóirí bannaí trí fheabhsuithe creidmheasa i bhfoirm iasachta nó ráthaíochta.

(228)

Ba cheart aon aisíocaíocht ó ionstraim airgeadais nó ó ráthaíocht bhuiséadach a úsáid ar mhaithe leis an ionstraim nó an ráthaíocht a chruthaigh an aisíocaíocht d’fhonn éifeachtúlacht na hionstraime nó na ráthaíochta sin a fheabhsú, mura sonrófar a mhalairt sa bhunghníomh, agus ba cheart sin a chur i gcuntas agus leithreasuithe sa todhchaí á moladh ar an ionstraim nó ar an ráthaíocht chéanna sin.

(229)

Foráiltear leis an Rialachán seo go gcumhachtófar don Choimisiún, sa bhunghníomh ábhartha, iasachtaí a fháil thar ceann an Aontais nó Euratom chun na méideanna comhfhreagracha a thabhairt ar iasacht do Bhallstáit is tairbhithe nó do thríú tíortha is tairbhithe faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis na hiasachtaí. I ndáil leis sin, déantar na sreafaí airgid idir na cistí a fhaightear ar iasacht agus na hiasachtaí a mheaitseáil ina gceann agus ina gceann. Ciallaíonn sé sin gur cheart don Aontas oibríochtaí margaidh a dhéanamh atá bunaithe ar riachtanais eisíocaíochta le haghaidh gach cáis shonraigh ina dtugtar iasachtaí, rud a chuireann teorainn leis an bhféidearthacht oibríochtaí iasachtaíochta éagsúla a phleanáil go comhleanúnach agus struchtúr a chur ar aibíochtaí éagsúla chun na costais is fearr a bhaint amach.

(230)

Cruthaítear costas agus castacht nuair a mhaoinítear cláir aonair chúnaimh airgeadais trí mhodhanna cistiúcháin ar leithligh toisc go mbíonn cláir chúnaimh airgeadais éagsúla in iomaíocht le haghaidh líon teoranta deiseanna cistiúcháin. Leis sin, déantar soláthar urrúis fiachais an Aontais a ilroinnt agus laghdaítear leachtacht agus spéis infheisteoirí sna cláir ar leithligh, cé go bhfuil an seasamh ard creidmheasa céanna ag urrúis fiachais uile an Aontais. Ba cheart, mar sin, cúnamh airgeadais a eagrú faoi mhodh cistiúcháin aonair lena gcuirtear le leachtacht bhannaí an Aontais agus le tarraingteacht agus costéifeachtúlacht eisiúint an Aontais.

(231)

Léiríodh na míbhuntáistí a bhaineann le cur chuige ilroinnte maidir le fiachas an Aontais a eagrú leis an taithí a fuarthas le déanaí maidir leis na riachtanais chistiúcháin atá ann i ndáil leis an Úcráin. Chun seasamh an Aontais mar eisitheoir fiachais arna ainmniú in euro a neartú, tá sé ríthábhachtach go n-eagrófaí gach eisiúint nua trí mhodh cistiúcháin aonair, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, amhail eisiúint Euratom, eisiúint bheag agus cistiú clár cúnaimh airgeadais ar tháinig na bunghníomhartha i bhfeidhm ina leith roimh an 9 Samhain 2022.

(232)

Le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle, bunaíodh cheana an tsamhail le haghaidh modh cistiúcháin aonair, agus an chuid is mó d’eilimintí an bhonneagair is gá chun an modh sin a chur chun feidhme, i bhfoirm straitéis cistiúcháin éagsúlaithe. Leis an straitéis sin, lamháladh slógadh rathúil cistí i gcomhair deontas agus iasachtaí faoi Rialachán (AE) 2021/241 agus i gcomhair raon clár eile de chuid an Aontais dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (34). I bhfianaise na castachta a mheastar a bheidh i gceist leis na hoibríochtaí is gá chun riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin na hÚcráine a shásamh, agus chun oibríochtaí amach anseo trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí a réamh-mheas, is iomchuí straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a bhunú mar an modh cistiúcháin aonair chun oibríochtaí iasachtaíochta a chur chun feidhme.

(233)

Ba cheart a cheadú le húsáid straitéise cistiúcháin éagsúlaithe go ndéanfaí an clár cistiúcháin a chur chun feidhme ar bhealach solúbtha, agus prionsabail na neodrachta buiséadaí agus an chomhardaithe bhuiséadaigh á n-urramú go hiomlán an tráth céanna mar a leagtar amach in Airteagal 310(1) CFAE. Ba cheart costais an chláir cistiúcháin titim ina n-iomláine ar na tairbhithe bunaithe ar mhodheolaíocht leithdháilte costais aonair lena n-áirithítear go leithdháiltear na costais ar bhealach trédhearcach comhréireach. Ba cheart na hoibleagáidí aisíocaíochta a bheith ar thairbhithe an chúnaimh airgeadais i gcónaí, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(234)

Dá gcuirfí straitéis cistiúcháin éagsúlaithe chun feidhme, cheanglófaí go gcloífí le tacar amháin rialacha i leith gach cláir iasachtaíochta agus iasachtaithe a bhíonn ag brath uirthi.

(235)

Le straitéis cistiúcháin éagsúlaithe, ba cheart níos mó solúbthachta a bheith ag an gCoimisiún, ar solúbthacht í a bhaineann le huainiú agus aibíocht na n-idirbheart cistiúcháin aonair, agus eisíocaíochtaí rialta seasta chun tíortha éagsúla is tairbhithe a lamháil. Ba cheart straitéis den sórt sin a bheith bunaithe ar chomhthiomsú ionstraimí cistiúcháin. Leis sin, thabharfaí solúbthacht don Choimisiún íocaíochtaí leis na tairbhithe a eagrú go neamhspleách ar dhálaí an mhargaidh tráth na heisíocaíochta, agus laghdófaí an tráth céanna an riosca go mbeadh ar an gCoimisiún méideanna socraithe a chruinniú i ndálaí luaineacha nó díobhálacha.

(236)

Chun an tsolúbthacht sin a thabhairt don Choimisiún, bheadh gá le comhthiomsú coiteann leachtachta a chur ar bun. Bheadh acmhainneacht chistiúcháin an Aontais níos athléimní mar thoradh ar fheidhm leachtachta láraithe den sórt sin, agus bheadh sí in ann neamhréireanna sealadacha idir na hinsreafaí agus na heis-sreafaí a sheasamh, bunaithe ar acmhainneacht láidir réamhaisnéise leachtachta.

(237)

Ba cheart don Choimisiún na hidirbhearta uile is gá a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh láithreacht rialta sa mhargadh caipitil a áirithiú, na costais chistiúcháin is fearr a bhaint amach agus idirbhearta urrús fiachais an Aontais agus Euratom a éascú.

(238)

Agus an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe á leathnú chuig raon níos leithne clár, is iomchuí, mar sin, don Choimisiún na socruithe is gá a bhunú chun í a chur chun feidhme. Ba cheart creat rialachais, nósanna imeachta um bainistíocht riosca agus modheolaíocht maidir le leithdháileadh costas a bheith sna socruithe sin, agus ba cheart Airteagal 223(4), pointe (e), den Rialachán seo a urramú leo. Chun an trédhearcacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go tráthrialta agus go cuimsitheach faoi gach gné dá straitéis iasachtaíochta agus bainistithe fiachais.

(239)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus soiléireacht i leith cúnamh airgeadais a deonaíodh cheana agus i leith cúnamh macrairgeadais faoi Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35), níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha sa Rialachán seo maidir le straitéis cistiúcháin éagsúlaithe ach amháin i gcás clár cúnaimh airgeadais a dtiocfaidh na bunghníomhartha i bhfeidhm ina leith an 9 Samhain 2022 nó ina dhiaidh sin.

(240)

Tá sé tábhachtach go ndéanfar na ráitis airgeadais iniúchta le haghaidh ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach a chur ar fáil in am ionas go mbeidh an Chúirt Iniúchóirí ábalta iad a chur i gcuntas agus a barúlacha á dtabhairt ar na cuntais shealadacha.

(241)

Is iomchuí ailíniú leasanna i saothrú chuspóirí beartais an Aontais a aithint agus, go háirithe, a aithint go bhfuil an saineolas sonrach ag BEI agus ag CEI chun ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme.

(242)

Ba cheart an deis a bheith ag BEI agus ag CEI, ag gníomhú dóibh mar ghrúpa, cuid den chur chun feidhme a aistriú chuig a chéile, i gcás ina bhféadfadh sé cabhrú le gníomh faoi leith a chur chun feidhme agus de réir mar a shaineofar tuilleadh sa chomhaontú ábhartha leis an gCoimisiún.

(243)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus chun an Creat Airgeadais Ilbhliantúil do 2021 go 2027 a chur i gcuntas, i gcás ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha, is gá forálacha áirithe a shoiléiriú maidir le tuairisciú a dhéanann na daoine nó na heintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, maidir le cur i bhfeidhm Theideal X i gcás ina gcomhcheanglaítear é le tacaíocht choimhdeach ón mbuiséad, lena n-áirítear deontais, agus i gcomhcheangal le cistí de chuid an Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte.

(244)

I gcás ina ndéantar ionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chomhcheangal le cineálacha coimhdeacha tacaíochta ón mbuiséad, ba cheart a shoiléiriú gur cheart na rialacha maidir le hionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a chur i bhfeidhm maidir leis an mbeart iomlán. I gcás inarb infheidhme, ba cheart na rialacha sin a chomhlánú le ceanglais shonracha a leagtar amach i rialacha earnáilsonracha.

(245)

Ba cheart do chur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais agus na ráthaíochtaí buiséadacha a mhaoinítear as an mbuiséad cloí le beartas an Aontais maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach, agus le haon nuashonrú a dhéanfar air sin, mar a leagtar síos i ngníomhartha dlí ábhartha an Aontais agus i gconclúidí ón gComhairle, go háirithe sna conclúidí ón gComhairle an 8 Samhain 2016 maidir leis na critéir chun liosta an Aontais a bhunú agus leis an bpróiseas as a leanann é de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach (36) agus san Iarscríbhinn a ghabhann leo, agus sna Conclúidí ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 maidir le liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach (37) agus sna hIarscríbhinní a ghabhann leo.

(246)

Is oibríochtaí seachbhuiséid go hiondúil iad ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do na Ballstáit nó do thríú tíortha agus bíonn mórthionchar acu ar chlár comhardaithe an Aontais. Cé gur oibríochtaí seachbhuiséid go hiondúil iad, de bharr go n-áirítear iad mar chuid den Rialachán seo, tugtar cosaint níos fearr do leasanna airgeadais an Aontais agus is soiléire an creat a leagtar síos chun iad a údarú agus a bhainistiú agus chun cuntasaíocht a dhéanamh orthu.

(247)

Sheol an tAontas tionscnaimh thábhachtacha a bhí bunaithe ar ráthaíochtaí buiséadacha, amhail an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) nó an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI). Is iad saintréithe na n-ionstraimí sin go gcruthaítear leo dliteanas teagmhasach don Aontas agus go dtugtar le tuiscint leo go soláthrófar cistí chun cúlchiste leachtach a chur ar fáil, cúlchiste a lamhálfaidh don bhuiséad freagairt go hordúil d’oibleagáidí íocaíochta a d’fhéadfadh teacht chun cinn i ngeall ar na dliteanais theagmhasacha sin. Chun rátáil chreidmheasa an Aontais a ráthú agus, dá bharr sin, chun a ráthú go mbeidh sé in ann maoiniú éifeachtach a chur ar fáil, tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonfaidh údarú agus soláthar na ndliteanas teagmhasach, agus an faireachán a dhéanfar orthu, tacar stóinsithe rialacha ba cheart a chur i bhfeidhm ar na ráthaíochtaí buiséadacha ar fad.

(248)

Féadfaidh na dliteanais theagmhasacha a eascróidh ó ráthaíochtaí buiséadacha réimse leathan oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdach. Ní féidir an fhéidearthacht go nglaofar ráthaíocht bhuiséadach a sceidealú le lánchinnteacht ar bhonn bliantúil mar atá i gcás iasachtaí a bhfuil sceideal sainithe aisíocaíochta acu. Dá bhrí sin, is den riachtanas creat a chur ar bun chun dliteanais theagmhasacha a údarú agus chun faireachán a dhéanamh orthu lena n-áiritheofar go ndéanfar, tráth ar bith, uasteorainn na leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochtaí a lánurramú a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

(249)

Leis an gcreat sin, ba cheart foráil a dhéanamh chomh maith maidir le bainistíocht agus rialú, lena n-áirítear tuairisciú rialta ar neamhchosaint airgeadais an Aontais. Ba cheart ráta soláthair na ndliteanas teagmhasach a shocrú ar bhonn measúnú iomchuí riosca ar na rioscaí airgeadais a eascraíonn as an ionstraim lena mbaineann. Ba cheart measúnú bliantúil a dhéanamh ar inbhuanaitheacht na ndliteanas teagmhasach i gcomhthéacs an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Ba cheart sásra luathrabhaidh a chur ar bun chun easpa soláthairtí a chumhdóidh dliteanais airgeadais a sheachaint.

(250)

Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar an úsáid a bhaintear as ionstraimí airgeadais, as ráthaíochtaí buiséadacha agus as cúnamh airgeadais, is gá líon mór leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a shlógadh agus soláthar a dhéanamh ina leith. Chun giaráil a chur ar fáil agus, an tráth céanna, chun cosaint leordhóthanach ar dhliteanais airgeadais a áirithiú, tá sé tábhachtach an leas is fearr a bhaint as méid an tsoláthair a theastaíonn agus éifeachtúlacht a mhéadú trí na soláthairtí sin a chomhthiomsú i gciste don soláthar coiteann. Lena chois sin, toisc gur féidir úsáid níos solúbtha a bhaint as na soláthairtí comhthiomsaithe sin, is féidir glanráta soláthair foriomlán, a thugann an chosaint a iarrtar trí mhéid barrfheabhsaithe acmhainní, a bhaint amach.

(251)

Ba cheart creat téagartha rialaithe inmheánaigh a chur ar fáil leis na rialacha is infheidhme maidir le soláthar agus maidir leis an gciste don soláthar coiteann. Ba cheart na treoirlínte is infheidhme maidir le bainistiú na n-acmhainní sa chiste don soláthar coiteann a bhunú ar leibhéal an Choimisiúin, tar éis dul i gcomhairle le hoifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin. Ba cheart d’oifigigh údarúcháin na n-ionstraimí airgeadais, na ráthaíochtaí buiséadacha nó an chúnaimh airgeadais faireachán gníomhach a dhéanamh ar na dliteanais airgeadais atá faoina bhfreagracht agus ba cheart do bhainisteoir airgeadais acmhainní an chiste don soláthar coiteann an t-airgead tirim agus na sócmhainní sa chiste a bhainistiú de réir na rialacha agus na nósanna imeachta atá leagtha amach ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin.

(252)

Ba cheart ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais a bheith i gcomhréir leis an tacar céanna prionsabal atá bunaithe d’ionstraimí airgeadais. Ba cheart do ráthaíochtaí buiséadacha, go háirithe, a bheith neamh-inchúlghairthe, gan choinníollacha agus ar éileamh. Ba cheart iad a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach nó, i gcásanna eisceachtúla amháin, faoi bhainistíocht dhíreach. Níor cheart dóibh ach oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdach agus ba cheart dá gcontrapháirteanna ranníocaíocht a dhéanamh óna n-acmhainní féin leis na hoibríochtaí a chumhdófar.

(253)

Ba cheart cúnamh airgeadais do na Ballstáit nó do thríú tíortha a bheith i bhfoirm iasachta nó líne chreidmheasa nó i bhfoirm aon ionstraime eile a mheastar a bheith iomchuí chun éifeachtacht na tacaíochta a áirithiú. Chuige sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún, sa bhunghníomh ábhartha, na cistí riachtanacha a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais, rud a sheachnaíonn aon bhaint a bheith ag an Aontas i dtiontú aibíochtaí, rud a d’fhágfadh go mbeadh neamhchosaint aige ar aon riosca úis nó ar aon riosca tráchtála eile.

(254)

Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha a bhaineann le hionstraimí airgeadais a luaithe is féidir chun go mbainfear amach an simpliú agus an éifeachtúlacht atá á lorg. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha a bhaineann le ráthaíochtaí buiséadacha agus le cúnamh airgeadais, chomh maith leis na forálacha a bhaineann leis an gciste don soláthar coiteann, ón gcreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann ó 2020 amach. A bhuí leis an gclár ama sin, beidh deis ann uirlisí nua a ullmhú i gceart chun bainistiú a dhéanamh ar dhliteanais theagmhasacha. Ina theannta sin, fágfaidh an clár ama gur féidir ailíniú a dhéanamh idir na prionsabail a leagtar amach i dTeideal X agus, ar thaobh amháin, an togra i gcomhair an chreata airgeadais ilbhliantúil tar éis 2020 agus, ar an taobh eile, na cláir shonracha a bhaineann leis an gcreat sin.

(255)

Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38), leagtar síos rialacha i gcás, inter alia, cistiú páirtithe polaitiúla agus fondúireachtaí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach, go háirithe maidir le coinníollacha cistiúcháin, dámhachtain agus leithdháileadh cistiúcháin, tabhartas agus ranníocaíochtaí, maoiniú feachtas le haghaidh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, caiteachas inaisíoctha, an toirmeasc ar chistiú áirithe, cuntais, tuairisciú agus iniúchóireacht, cur chun feidhme agus rialú, pionóis, comhar idir an tÚdarás um páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus na Ballstáit, agus trédhearcacht.

(256)

Ba cheart rialacha a chur san áireamh sa Rialachán seo maidir le ranníocaíochtaí ón mbuiséad le páirtithe polaitiúla Eorpacha mar a fhoráiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

(257)

Ba cheart an tacaíocht airgeadais a thabharfar do pháirtithe polaitiúla Eorpacha a bheith i bhfoirm ranníocaíocht shonrach, chun freastal ar riachtanais shonracha na bpáirtithe sin.

(258)

Cé go ndeonaítear tacaíocht airgeadais gan gá a bheith ann le clár oibre bliantúil, ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha údar cuí a léiriú ex post maidir le húsáid fhónta cistithe ón Aontas. Go háirithe, ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach a fhíorú an úsáidfear na cistí chun caiteachas inaisíoctha a íoc, faoi mar a leagtar síos sa ghlao ar ranníocaíochtaí, laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart ranníocaíochtaí a dhéanfar le páirtithe polaitiúla Eorpacha a chaitheamh roimh dheireadh na bliana airgeadais tar éis bhliain a ndámhachtana agus ina dhiaidh sin ba cheart don oifigeach údarúcháin atá freagrach aon chistiú nach bhfuil caite a aisghabháil.

(259)

Cistiú ón Aontas a dhámhfar chun costais oibriúcháin páirtithe polaitiúla Eorpacha a mhaoiniú, níor cheart é a úsáid chun críoch eile seachas na críocha sin a bhunaítear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, go háirithe chun tríú páirtithe amhail páirtithe polaitiúla náisiúnta a mhaoiniú go díreach nó go hindíreach. Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha na ranníocaíochtaí a úsáid chun céatadán den chaiteachas reatha agus de chaiteachas todhchaí a íoc seachas caiteachas nó fiachas arna dtabhú sular cuireadh isteach na hiarratais ar ranníocaíochtaí.

(260)

Ba cheart dámhachtain na ranníocaíochtaí a shimpliú freisin agus a chur in oiriúint do shainiúlachtaí na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha, go háirithe trí gan critéir roghnúcháin a bheith ann, trí íocaíocht réamh-mhaoiniúcháin iomlán aonair a bhunú mar riail ghinearálta, agus tríd an deis cnapshuimeanna, maoiniú ar ráta comhréidh agus costais aonaid a úsáid.

(261)

Ba cheart na ranníocaíochtaí ón mbuiséad a chur ar fionraí, a laghdú nó a fhoirceannadh má sháraíonn páirtithe polaitiúla Eorpacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

(262)

Ba cheart pionóis atá bunaithe ar an Rialachán seo agus ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 araon a fhorchur ar bhealach comhleanúnach agus prionsabal ne bis in idem á urramú. I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ní fhorchuirfear pionóis riaracháin agus/nó airgeadais dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gceann de na cásanna inar forchuireadh pionóis cheana féin ar bhonn Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

(263)

Leis an Rialachán seo, ba cheart creat ginearálta a bhunú faoina bhféadfar tacaíocht bhuiséadach a úsáid mar ionstraim i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha, lena n-áirítear an oibleagáid atá ar an tríú tír faisnéis leormhaith thráthúil a sholáthar don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha agus na bhforálacha comhaontaithe lena n-áirithítear cosaint éifeachtach ar leasanna airgeadais an Aontais.

(264)

Chun ról Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle a threisiú, ba cheart an nós imeachta a shoiléiriú chun cistí iontaobhais de chuid an Aontais a bhunú. Tá sé riachtanach freisin na prionsabail is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais de chuid an Aontais a lua go sonrach, go háirithe a thábhachtaí atá sé ranníocaíochtaí ó dheontóirí eile a aimsiú, a thabharfaidh údar le bunú na gcistí sin a mhéid a bhaineann leis an mbreisluach. Is gá freisin freagrachtaí na ngníomhaithe airgeadais agus freagrachtaí bhord an chiste iontaobhais de chuid an Aontais a shoiléiriú agus rialacha a shainiú lena n-áiritheofar ionadaíocht chothrom na ndeontóirí rannpháirteacha ar bhord an chiste iontaobhais de chuid an Aontais agus nach mór vóta éigeantach ina fhabhar ag an gCoimisiún a bheith ann chun na cistí a úsáid. Tá sé tábhachtach freisin sonraí níos mine a leagan amach faoi na ceanglais tuairiscithe is infheidhme maidir le cistí iontaobhais de chuid an Aontais.

(265)

Ba cheart don Aontas a bheith in ann páirt a ghlacadh i dtionscnaimh dhomhanda, nuair a chuirtear le baint amach chuspóirí beartais an Aontais de bharr na rannpháirtíochta sin. Chun creat dlíthiúil oiriúnach a sholáthar le haghaidh rannpháirtíocht an Aontais i dtionscnaimh dhomhanda, ba cheart an ranníocaíocht ón Aontas leis na tionscnaimh sin a áireamh mar ionstraim nua chur chun feidhme an bhuiséid. Bheadh úsáid an mheáin airgeadais nua sin faoi réir coinníollacha, a n-áiritheodh a gcomhlíonadh leibhéal cosanta atá inchomparáide le hionstraimí eile chur chun feidhme an bhuiséid. Ba cheart a áireamh ar na coinníollacha sin córais inmheánacha agus sheachtracha iomchuí a bheith ann chun calaois agus neamhrialtachtaí a chomhrac, lenar cheart a mheas gur córais sheachtracha iad na córais arna n-oibriú ag eintitis cur chun feidhme den tionscnamh domhanda. Ba cheart úsáid na bhforálacha a bhaineann le tionscnaimh dhomhanda a bheith teoranta do chásanna nach gcumasaítear le hionstraimí eile chur chun feidhme an bhuiséid cuspóirí beartais an Aontais faoi seach a bhaint amach leis an scála céanna agus leis an tionchar céanna. I gcás inar féidir agus inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún dul i bpáirt le haon bhord rialachais nó le haon choiste stiúrtha coibhéiseach de thionscnamh domhanda chun ionadaíocht éifeachtach ar leas an Aontais a áirithiú. Ar mhaithe le trédhearcacht agus cinnteoireacht éifeachtach, ba cheart don Choimisiún, a luaithe is féidir, faisnéis mhionsonraithe a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le haon rannchuidiú a bheartaítear le tionscnamh domhanda, ionas go mbeidh siad in ann aird chuí a thabhairt ar an bhfaisnéis sin.

(266)

Chun a oiriúnú don dul chun cinn maidir leis an digitiú, ba cheart an liosta saineolaithe seachtracha a tharraingítear suas tar éis glao ar léiriú spéise a bheith bailí ar feadh tréimhse níos faide ná fad an chláir ilbhliantúil ar choinníoll go n-áiritheofar uainíocht saineolaithe agus go mbeidh saineolaithe nua in ann a spéis a léiriú. Ina theannta sin, is gá cead a thabhairt d’institiúidí de chuid an Aontais saineolaithe seachtracha ardoilte a mhealladh chun a áirithiú go mbeidh an próiseas meastóireachta agus na tuairimí sonracha agus an chomhairle a chuirfidh na saineolaithe ar fáil d’ardchaighdeán. Chun dul in iomaíocht go rathúil le gníomhaithe eile sa mhargadh, ba cheart cead a thabhairt d’institiúidí de chuid an Aontais pá níos iomaíche a thairiscint i gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Ar deireadh, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha is infheidhme maidir le saineolaithe seachtracha a íoctar chun bheith ag teacht leis na céimeanna éagsúla den nós imeachta dámhachtana.

(267)

Chun creat dlíthiúil soiléir a soláthar chun go mbeidh institiúidí de chuid an Aontais in ann seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha a dheonú, ba cheart tabhartais neamhairgeadais a áireamh mar ionstraim nua chur chun feidhme an bhuiséid. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach ionann an ionstraim sin agus an creat ginearálta tacaíochta a sholáthraíonn an tAontas do thríú tíortha, ar creat é a bhfuil cineál níos leithne aige ach ar féidir tabhartais neamhairgeadais a chumhdach leis. I bhfianaise phaindéim COVID-19 agus thionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ba cheart an ionstraim sin a bheith ina bunús dlí cobhsaí go háirithe le haghaidh staideanna géarchéime agus éigeandála amach anseo agus ba cheart a áirithiú léi go mbeidh na huirlisí iomchuí um thacaíocht bhuiséadach ag institiúidí de chuid an Aontais chun cuidiú leis na Ballstáit, le daoine eile agus le heintitis tráth a bheidh an gá is mó le tacaíocht. Ba cheart an ionstraim sin a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach ag comhlacht de chuid an Aontais. Ba cheart forálacha gaolmhara, amhail sainmhínithe, fionraí, foirceannadh agus laghdú, agus an coiste meastóireachta a choigeartú dá réir sin. Ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais, níor cheart soláthairtí neamh-inmharthana arna maoiniú ó leithreasuithe riaracháin a dheonú sula mbeidh a luach dímheasta go páirteach.

(268)

Ar an gcaoi chéanna le tabhairt isteach tabhartas neamhairgeadais, ba cheart d’institiúidí de chuid an Aontais a bheith in ann duaiseanna a dhámhachtain, ar duaiseanna neamhairgeadais iad. Tá sé sin tábhachtach freisin chun comórtais i measc daoine óga a cheadú, ar daoine óga iad nach bhfuil cuntas bainc acu ina mBallstát féin, ach ar féidir leo a luach saothair a fháil go héasca i bhfoirm phraiticiúil. Chun na críche sin, ba cheart an sainmhíniú ar ‘duaiseanna’ agus na forálacha maidir leo a choigeartú dá réir sin.

(269)

I gcomhréir leis an gcuíchóiriú a dhéanfar ar rialacha atá ann faoi láthair agus chun athrá nach bhfuil gá leis a sheachaint, níor cheart na forálacha speisialta a leagtar amach i gCuid a Dó de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, is infheidhme maidir le CERT, leis an taighde, le gníomhaíochtaí seachtracha agus le cistí sonracha de chuid an Aontais a thabhairt isteach ach sna codanna ábhartha den Rialachán seo, ar choinníoll go bhfuil na forálacha fós in úsáid agus ábhartha.

(270)

Ba cheart na forálacha maidir le tíolacadh na gcuntas agus maidir le cuntasaíocht a shimpliú agus a shoiléiriú. Is iomchuí, dá bhrí sin, na forálacha ar fad maidir le cuntais bhliantúla agus maidir le tuairisciú eile airgeadais a thabhairt le chéile.

(271)

Na sprioc-amanna le haghaidh na mbarúlacha ón gCúirt Iniúchóirí maidir leis na cuntais shealadacha agus le haghaidh chur isteach na gcuntas críochnaitheach, ba cheart iad a choigeartú chun amchlár an nós imeachta um urscaoileadh a chur i gcuntas.

(272)

Ba cheart a chumhdach leis an gcinneadh maidir le hurscaoileadh na cuntais ar ioncam agus ar chaiteachas uile an Aontais, lena n-áirítear ioncam sannta agus na míreanna sonracha caiteachais lena mbaineann, an t-iarmhéid a thig uathu sin, agus sócmhainní agus dliteanais de chuid an Aontais a léirítear sa chlár comhardaithe, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart ioncam sannta agus na míreanna caiteachais gaolmhara a bheith san áireamh sa scrúdú a dhéanann an Chúirt Iniúchóirí ar an ioncam uile.

(273)

Ba cheart an chaoi a ndéanann institiúidí de chuid an Aontais tuairisciú faoi láthair ar thionscadail foirgníochta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a fheabhsú. Ba cheart é a bheith de chead ag institiúidí de chuid an Aontais tionscadail nua foirgníochta a mhaoiniú leis an ioncam a gheofar ar fhoirgnimh atá díolta cheana féin. Dá dhroim sin, ba cheart tagairt do na forálacha maidir le hioncam sannta inmheánach a thabhairt isteach sna forálacha maidir le tionscadail foirgníochta. D’fhágfadh sin go bhféadfaí freastal ar na riachtanais athraitheacha i mbeartas foirgníochta institiúidí de chuid an Aontais agus, an tráth céanna, costais a laghdú agus tuilleadh solúbthachta a thabhairt isteach.

(274)

Ina theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, molann an Coimisiún foirgnimh a athchóiriú chun a n-astaíochtaí a laghdú agus iad a dhéanamh níos fuinneamh-éifeachtúla. Agus éabhlóid thapa an mhargaidh le haghaidh foirgnimh fhuinneamh-éifeachtúla á cur i gcuntas, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaidh institiúidí de chuid an Aontais na gealltanais maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a ionchorprú ina mbeartas foirgníochta féin agus go ndéanfaidh siad a gcuid foirgneamh a athchóiriú, agus go dtabharfaidh siad tús áite do na hinfheistíochtaí is fuinneamh-éifeachtúla. Ina theannta sin, i bhfianaise na forbartha atá tagtha ar mhodhanna oibre le déanaí a bhfuil dlús curtha léi de bharr phaindéim COVID-19, is gá stoc oifigí institiúidí de chuid an Aontais a oiriúnú chun beartas oifige dinimiciúil a fhorbairt. Dá thoradh sin, ba cheart cead a thabhairt d’athchóirithe struchtúracha a mhaoiniú le hiasachtaí, ar choinníoll go mbeidh coigilteas mar thoradh air, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faisnéis leordhóthanach a fháil chun iad a fhormheas roimh ré, lena n-áirítear faisnéis maidir le breisluach an athchóirithe struchtúraigh atá beartaithe agus maidir lena rannchuidiú leis an aistriú glas. Ba cheart an léirmhíniú ar choincheap na dtionscadal nua foirgníochta a leathnú agus, go háirithe, tionscadail a bhaineann le hathchóiriú struchtúrach a áireamh.

(275)

Na rialacha is infheidhme maidir le comhlachtaí áirithe de chuid an Aontais, na rialacha mionsonraithe i dtaca le soláthar agus na coinníollacha mionsonraithe agus an íoschóimheas don ghlanráta soláthair, chun an méid sin a oiriúnú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an gcreatrialachán airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, leis an rialachán airgeadais samhla le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí, le leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, leis na coinníollacha mionsonraithe agus leis an modheolaíocht mhionsonraithe faoina ndéantar an glanráta soláthair a ríomh agus leis an leasú ar íoschóimheas sainithe an ghlanráta soláthair, nár cheart a shocrú ag leibhéal is ísle ná 85 %. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna le saineolaithe na mBallstát, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(276)

Modhnuithe áirithe maidir le soláthar rochtana ag an gCoimisiún ar shonraí faoi fhaighteoirí lena bhfoilsiú, agus maidir le sonraí faoi fhaighteoirí agus faoina n-úinéirí tairbhiúla a thaifeadadh agus a stóráil go leictreonach agus rochtain an chórais TF chomhtháite aonair le haghaidh mianadóireacht sonraí agus scóráil riosca chun anailís a dhéanamh ar na sonraí sin , níor cheart feidhm a bheith acu sin ach amháin maidir le cláir a ghlacfar faoi chreat airgeadais ilbhliantúil iar-2027 agus a mhaoineofar as an gcreat sin chun aistriú rianúil a áirithiú trí am leordhóthanach a thabhairt chun an t-oiriúnú is gá a dhéanamh ar chórais sonraí leictreonacha agus ar chomhaontuithe ábhartha, agus chun treoraíocht agus oiliúint a sholáthar.

(277)

Ba cheart don Choimisiún measúnú ar ullmhacht an chórais TF chomhtháite aonair a thíolacadh faoi dheireadh 2027. Leis an measúnú sin, ba cheart a mheas an áirithítear idir-inoibritheacht le córais agus bunachair sonraí TF ábhartha, lena n-áirítear córais agus bunachair sonraí na mBallstát, lenar féidir an fhaisnéis ábhartha a aistriú go huathoibríoch i bhfíor-am i gcás inarb indéanta, agus dúbláil tuairiscithe a sheachaint; an bhfuil na táscairí riosca a úsáideann an córas TF comhtháite aonair aonfhoirmeach, oibiachtúil, comhréireach agus riachtanach le haghaidh measúnú riosca, agus an bhfuil siad bunaithe ar fhoinsí iontaofa faisnéise; an gceadaítear leis an gcóras TF comhtháite aonair an intleacht shaorga a úsáid chun sonraí a anailísiú agus a léirmhíniú; agus an gcomhlíonann an córas TF comhtháite aonair na prionsabail ghinearálta maidir le cosaint sonraí.

(278)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 7 Iúil 2022.

(279)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR, SAINMHÍNITHE AGUS PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha maidir le bunú agus cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus bhuiséad ginearálta an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘an buiséad’) agus maidir le tíolacadh agus iniúchadh a gcuntas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘iarratasóir’ duine nádúrtha nó eintiteas, bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó aici nó ná bíodh, a bhfuil iarratas curtha isteach aige nó aici le linn nós imeachta dámhachtana deontas, le linn nós imeachta dámhachtana tabhartais neamhairgeadais nó le linn comórtas le haghaidh duaiseanna;

(2)

ciallaíonn ‘doiciméad iarratais’ tairiscint, iarraidh ar pháirt a ghlacadh, iarratas tar éis glao ar léiriú spéise, iarratas ar dheontas, iarratas ar thabhartas neamhairgeadais nó iarratas le linn comórtas le haghaidh duaiseanna;

(3)

ciallaíonn ‘nós imeachta dámhachtana’ nós imeachta soláthair, nós imeachta dámhachtana deontas, comórtas le haghaidh duaiseanna, nós imeachta dámhachtana le haghaidh tabhartas neamhairgeadais nó nós imeachta chun saineolaithe nó daoine nó eintitis a chuireann an buiséad chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), a roghnú;

(4)

ciallaíonn ‘bunghníomh’ gníomh dlí, seachas moladh nó tuairim, lena soláthraítear bunús dlí do ghníomhaíocht agus do chur chun feidhme an chaiteachais chomhfhreagraigh a iontráiltear sa bhuiséad nó cur chun feidhme na ráthaíochta buiséadaí nó an chúnaimh airgeadais arna dtacú leis an mbuiséad, agus arb é a fhéadfaidh a bheith ann ceann ar bith de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

i gcur chun feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom), foirm rialacháin, treorach nó cinnidh de réir bhrí Airteagal 288 CFAE; nó

(b)

i gcur chun feidhme Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ceann de na foirmeacha a shonraítear in Airteagail 28(1) agus 31(2), Airteagal 33, agus Airteagail 42(4) agus 43(2) CAE;

(5)

ciallaíonn ‘tairbhí’ duine nádúrtha nó eintiteas, bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó aici nó ná bíodh, lena bhfuil comhaontú deontais sínithe;

(6)

ciallaíonn ‘saoráid mheasctha nó ardán measctha’ creat comhair arna bhunú idir an Coimisiún agus institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile d’fhonn cineálacha tacaíochta neamh-inaisíoctha agus/nó ionstraimí airgeadais agus/nó ráthaíochtaí buiséadacha ón mbuiséad a chomhcheangal le cineálacha tacaíochta inaisíoctha ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais san earnáil phríobháideach agus infheisteoirí san earnáil phríobháideach;

(7)

ciallaíonn ‘cur chun feidhme an bhuiséid’ gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le bainistiú, faireachán, rialú agus iniúchadh na leithreasuithe buiséid i gcomhréir leis na modhanna dá bhforáiltear in Airteagal 62;

(8)

ciallaíonn ‘gealltanas buiséadach’ an oibríocht trína ndéanann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na leithreasuithe buiséid is gá a fhorchoimeád chun íocaíochtaí iardain a chumhdach chun gealltanais dhlíthiúla a chomhlíonadh;

(9)

ciallaíonn ‘ráthaíocht bhuiséadach’ ionstraim trína dtacaíonn an tAontas le clár gníomhaíochtaí trí oibleagáid airgeadais neamh-inchúlghairthe agus neamhchoinníollach a chur ar an mbuiséad, oibleagáid is féidir dul ar a hiontaoibh i gcás ina dtarlaíonn teagmhas sonraithe le linn chur chun feidhme an chláir agus a leanann de bheith bailí ar feadh ré aibíocht na ngealltanas a dhéantar faoin gclár arna thacú;

(10)

ciallaíonn ‘conradh foirgníochta’ conradh lena gcumhdaítear ceannach, malartú, léas fada, cearta úsáide, léasú, fáil ar cíos nó fruilcheannach talún, foirgneamh nó aon mhaoine dochorraithe eile, leis an rogha iad a cheannach nó gan an rogha sin. Cumhdaítear leis foirgnimh atá ann cheana agus foirgnimh sula gcríochnaítear iad ar choinníoll go bhfuil cead tógála bailí faighte ag an iarrthóir ina leith. Ní chumhdaítear leis foirgnimh a dheartar i gcomhréir le sonraíochtaí an údaráis chonarthaigh a chumhdaítear le conarthaí oibreacha;

(11)

ciallaíonn ‘iarrthóir’ oibreoir eacnamaíoch a lorg cuireadh nó ar tugadh cuireadh dó páirt a ghlacadh i nós imeachta srianta, i nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht, in idirphlé iomaíoch, i gcomhpháirtíocht nuálaíochta, i gcomórtas deartha nó i nós imeachta idirbheartaithe;

(12)

ciallaíonn ‘comhlacht lárnach ceannaigh’ údarás conarthach a chuireann gníomhaíochtaí láraithe ceannaigh agus, i gcás inarb infheidhme, gníomhaíochtaí coimhdeacha ceannaigh ar fáil;

(13)

ciallaíonn ‘seiceáil’ fíorú a dhéanamh ar ghné shonrach d’oibríocht ioncaim nó caiteachais;

(14)

ciallaíonn ‘conradh lamháltais’ conradh ar mhaithe le leas airgid arna thabhairt i gcrích i scríbhinn idir oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó agus údarás conarthach amháin nó níos mó de réir bhrí Airteagail 177 agus 181, chun déanamh oibreacha nó soláthar agus bainistiú seirbhísí a chur de chúram ar oibreoir eacnamaíoch (‘an lamháltas’), agus i gcás inar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

is é atá sa luach saothair an ceart leas a bhaint as na hoibreacha nó as na seirbhísí, agus an ceart sin amháin, nó an ceart sin maille le híocaíocht;

(b)

is é atá i gceist le dámhachtain an chonartha riosca oibriúcháin a aistriú don lamháltóir le linn leas a bhaint as na hoibreacha nó na seirbhísí sin a chuimsíonn riosca éilimh nó riosca soláthair nó an dá riosca. Measfar gur ghlac an lamháltóir riosca oibriúcháin más rud é, faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin, nach bhfuil aon ráthaíocht ann go n-athghnóthóidh sé, agus na hoibreacha nó na seirbhísí lena mbaineann á n-oibriú aige, na hinfheistíochtaí a rinneadh nó na costais a tabhaíodh;

(15)

ciallaíonn ‘céim cur le chéile’ an tréimhse ar lena linn a íoctar an soláthar foriomlán isteach sa chiste don soláthar coiteann;

(16)

ciallaíonn ‘dliteanas teagmhasach’ oibleagáid airgeadais fhéideartha a d’fhéadfaí a thabhú ag brath ar thoradh imeachta san am atá le teacht;

(17)

ciallaíonn ‘conradh’ conradh poiblí nó conradh lamháltais nó, i gcás Theideal VIII, fochonradh nó conradh ceannaigh arna thabhairt i gcrích ag tairbhí;

(18)

ciallaíonn ‘conraitheoir’ oibreoir eacnamaíoch lena bhfuil conradh poiblí sínithe;

(19)

ciallaíonn ‘comhaontú ranníocaíochta’ comhaontú arna thabhairt i gcrích le daoine nó le heintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointí (c)(ii) go (viii);

(20)

ciallaíonn ‘rialú’ aon bheart a ghlactar chun dearbhú réasúnach a thabhairt maidir le héifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht oibríochtaí, iontaofacht tuairiscithe, sócmhainní agus faisnéis a chosaint, calaois agus neamhrialtachtaí a chosc agus a bhrath agus a cheartú agus an obair leantach a ghabhann leo, agus bainistíocht leormhaith ar na rioscaí a bhaineann le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart foluiteach, agus cineál ilbhliantúil na gclár chomh maith le cineál na n-íocaíochtaí lena mbaineann á gcur san áireamh. D’fhéadfadh seiceálacha éagsúla a bheith i gceist le rialuithe, mar aon le cur i bhfeidhm aon bheartais agus nósanna imeachta chun na cuspóirí dá dtagraítear sa chéad abairt a bhaint amach;

(21)

ciallaíonn ‘contrapháirt’ an páirtí dá ndeonaítear ráthaíocht bhuiséadach;

(22)

ciallaíonn ‘géarchéim’:

(a)

staid chontúirte láithrí nó staid gharchontúirte a bhfuil an baol ann go n-eascródh coinbhleacht armtha as nó go ndéanfaí tír nó comharsanacht na tíre sin a dhíchobhsú;

(b)

staid a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha, géarchéimeanna de dhéantús an duine amhail cogaí agus coinbhleachtaí eile nó imthosca neamhghnácha a bhfuil iarmhairtí acu atá inchomparáide a bhaineann, inter alia, leis an athrú aeráide, leis an tsláinte phoiblí agus ainmhithe, le héigeandálaí slándála bia agus sábháilteachta bia agus le bagairtí ar an tsláinte dhomhanda, amhail eipidéimí agus paindéimí, le díghrádú comhshaoil, le heaspa rochtana ar fhuinneamh agus acmhainní nádúrtha nó le dianbhochtaineacht;

(23)

ciallaíonn ‘saoradh’ oibríocht trína ndéanann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach cur i leataobh na leithreasuithe a rinneadh roimhe sin trí bhíthin gealltanas buiséadach a chur ar ceal go hiomlán nó go páirteach;

(24)

ciallaíonn ‘córas dinimiciúil ceannaigh’ próiseas atá iomlán leictreonach chun ceannacháin choitianta míreanna a bhíonn ar fáil de ghnáth ar an margadh a dhéanamh;

(25)

ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear eintiteas poiblí, nó grúpa de dhaoine den sórt sin, a thairgeann táirgí a sholáthar, oibreacha a dhéanamh nó seirbhísí nó maoin dhochorraithe a sholáthar;

(26)

ciallaíonn ‘infheistíocht chothromais’ caipiteal a sholáthar do chuideachta, arna infheistiú go díreach nó go hindíreach mar mhalairt ar úinéireacht iomlán nó pháirteach ar an gcuideachta sin agus ina bhféadfaidh an t-infheisteoir cothromais cuid de rialú bainistíochta na cuideachta a ghlacadh chuige féin agus cuid de bhrabús na cuideachta a roinnt;

(27)

ciallaíonn ‘oifig Eorpach’ struchtúr riaracháin a dhéanann an Coimisiún nó an Coimisiún i dteannta ceann amháin nó níos mó d’institiúidí eile an Aontais a chur ar bun chun cúraimí trasnaí sonracha a dhéanamh;

(28)

ciallaíonn ‘cinneadh riaracháin críochnaitheach’ cinneadh ó údarás riaracháin a bhfuil éifeacht chríochnaitheach agus cheangailteach aige i gcomhréir leis an dlí is infheidhme;

(29)

ciallaíonn ‘sócmhainn airgeadais’ aon sócmhainn i bhfoirm airgead tirim, ionstraim chothromais ar le heintiteas atá faoi sheilbh phoiblí nó phríobháideach í, nó ceart conarthach airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a fháil ó eintiteas den sórt sin;

(30)

ciallaíonn ‘ionstraim airgeadais’ beart tacaíochta airgeadais de chuid an Aontais a sholáthraítear as an mbuiséad chun aghaidh a thabhairt ar shainchuspóir beartais amháin nó níos mó de chuid an Aontais a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais, iasachtaí nó ráthaíochtaí, nó ionstraimí eile comhroinnte riosca agus féadfar, i gcás inarb iomchuí, iad a chomhcheangal le cineálacha tacaíochta airgeadais eile nó le cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte nó le cistí an Chiste Eorpaigh Forbraíochta (CEF);

(31)

ciallaíonn ‘dliteanas airgeadais’ oibleagáid chonarthach airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a thabhairt d’eintiteas eile;

(32)

ciallaíonn ‘fóirdheontas eachtrach’ ranníocaíocht airgeadais de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2022/2560 arna soláthar ag tríú tír a thagann faoin tuairisc dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) den Rialachán sin;

(33)

ciallaíonn ‘creatchonradh’ conradh poiblí a thugtar i gcrích idir oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó agus údarás conarthach amháin nó níos mó, arb é is cuspóir dó na téarmaí a shuí lena rialaítear conarthaí sonracha faoi atá le dámhachtain le linn tréimhse áirithe, go háirithe ó thaobh an phraghais de agus, i gcás inarb iomchuí, ó thaobh na cainníochta atá beartaithe de;

(34)

ciallaíonn ‘soláthar foriomlán’ an méid iomlán acmhainní a mheastar a bhfuil gá leis i gcaitheamh saolré iomlán ráthaíochta buiséadaí nó cúnaimh airgeadais do thríú tír agus atá mar thoradh ar an ráta soláthair dá dtagraítear in Airteagal 214(1) a chur i bhfeidhm ar mhéid na ráthaíochta buiséadaí nó an chúnaimh airgeadais do thríú tír a údaraítear leis an mbunghníomh dá dtagraítear in Airteagal 213(1), pointí (b) agus (c);

(35)

ciallaíonn ‘deontas’ ranníocaíocht airgeadais a dhéantar trí thabhartas. I gcás ina soláthraítear an ranníocaíocht sin faoi bhainistíocht dhíreach, is le Teideal VIII a rialófar í;

(36)

ciallaíonn ‘ráthaíocht’ gealltanas i scríbhinn go nglacfar freagracht as fiachas iomlán tríú páirtí nó as cuid de nó as oibleagáid tríú páirtí nó as comhlíonadh rathúil a oibleagáidí ag an tríú páirtí sin i gcás ina dtarlaíonn imeacht lena spreagtar ráthaíocht den sórt sin, amhail mainneachtain iasachta;

(37)

ciallaíonn ‘ráthaíocht ar éileamh’ ráthaíocht nach mór don ráthóir a chomhlíonadh ar éileamh ón gcontrapháirt, d’ainneoin aon easnaimh in in-fhorfheidhmitheacht na hoibleagáide foluití;

(38)

ciallaíonn ‘ranníocaíocht chomhchineáil’ acmhainní neamhairgeadais a chuireann tríú páirtithe ar fáil saor in aisce do thairbhí;

(39)

ciallaíonn ‘gealltanas dlíthiúil’ gníomhaíocht trína dtéann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach faoi oibleagáid nó trína mbunaíonn an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach oibleagáid, arb é an toradh atá uirthi íocaíocht iardain agus aitheantas caiteachais a chumhdaítear le gealltanas buiséadach, nó arb é an toradh atá uirthi oibleagáid chun tabhartas neamhairgeadais a sholáthar, agus lena n-áirítear comhaontuithe agus conarthaí sonracha a thugtar i gcrích faoi chomhaontuithe comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais agus faoi chreatchonarthaí;

(40)

ciallaíonn ‘éifeacht ghiarála’ méid an mhaoinithe inaisíoctha a sholáthraítear d’fhaighteoirí deiridh incháilithe arna roinnt ar mhéid na ranníocaíochta ón Aontas;

(41)

ciallaíonn ‘riosca leachtachta’ an riosca nach ndéanfaí sócmhainn airgeadais a choinnítear sa chiste don soláthar coiteann a dhíol i gcaitheamh tréimhse áirithe ama gan caillteanas suntasach a thabhú;

(42)

ciallaíonn ‘iasacht’ comhaontú lena gcuirtear d’oibleagáid ar an iasachtóir méid airgid comhaontaithe a chur ar fáil don iasachtaí ar feadh tréimhse chomhaontaithe agus faoina bhfuil sé d’oibleagáid ar an iasachtaí an méid sin a aisíoc laistigh den tréimhse chomhaontaithe;

(43)

ciallaíonn ‘deontas ar luach íseal’ deontas de mhéid is lú ná EUR 60 000 nó atá cothrom leis;

(44)

ciallaíonn ‘eagraíocht de chuid na mBallstát’ eintiteas arna bhunú i mBallstát mar chomhlacht dlí phoiblí, nó mar chomhlacht faoi rialú an dlí phríobháidigh ar comhlacht é ar cuireadh misean seirbhíse poiblí de chúram air agus ar sholáthair an Ballstát sin ráthaíochtaí leormhaithe airgeadais dó;

(45)

ciallaíonn ‘modh cur chun feidhme’ aon cheann de mhodhanna chur chun feidhme an bhuiséid dá dtagraítear in Airteagal 62, is é sin bainistíocht dhíreach, bainistíocht indíreach agus bainistíocht chomhroinnte;

(46)

ciallaíonn ‘gníomhaíocht ildeontóirí’ aon ghníomhaíocht ina ndéantar cistí de chuid an Aontais a chomhthiomsú le cistí ó dheontóir amháin eile ar a laghad;

(47)

ciallaíonn ‘soláthar ilfhoinsiúcháin’ soláthar i gcás ina mbeartaítear leis conarthaí iolracha arna dtabhairt i gcrích i scríbhinn a dhámhachtain i gcomhthráth idir oibreoirí eacnamaíocha iolracha agus údarás conarthach amháin nó níos mó de réir bhrí Airteagal 177(1), chun déanamh seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha comhionanna nó cuasa-chomhionanna atá le déanamh i gcomhthráth ag conraitheoirí éagsúla a chur de chúram ar dhuine;

(48)

ciallaíonn ‘éifeacht iolraitheora’ an infheistíocht a dhéanann faighteoirí deiridh incháilithe arna roinnt ar mhéid na ranníocaíochta ón Aontas;

(49)

ciallaíonn ‘eagraíocht neamhrialtasach’ eagraíocht dheonach, neamhbhrabúsach atá neamhspleách ar an rialtas agus nach bhfuil ina páirtí polaitiúil nó ina ceardchumann;

(50)

ciallaíonn ‘aschur’ na táirgí insoláthartha a ghintear leis an ngníomhaíocht arna gcinneadh i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha;

(51)

ciallaíonn ‘rannpháirtí’ iarrthóir nó tairgeoir i nós imeachta soláthair, iarratasóir i nós imeachta dámhachtana deontas nó i nós imeachta dámhachtana tabhartais neamhairgeadais, saineolaí i nós imeachta maidir le saineolaithe a roghnú, iarratasóir i gcomórtas le haghaidh duaiseanna nó duine nó eintiteas atá rannpháirteach i nós imeachta chun cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), pointe (c), an chéad fhomhír;

(52)

ciallaíonn ‘an tairgeoir a dtoimhdítear gur éirigh leis’ aon tairgeoir i nós imeachta soláthair a rangaítear sa chéad áit, faoi réir seiceálacha breise agus soláthar doiciméad tacaíochta maidir le critéir eisiaimh agus/nó roghnúcháin chun bheith molta ag an gcoiste meastóireachta mar thairgeoir ar éirigh leis. I gcás ina bhforáiltear leis an nós imeachta dámhachtana go ndéanfar an conradh a dhámhachtain ar roinnt tairgeoirí, ansin measfar go dtagraíonn ‘an tairgeoir a dtoimhdítear gur éirigh leis’ don líon tairgeoirí is airde rangú agus ar líon é atá comhionann le líon na gconarthaí atá le dámhachtain;

(53)

ciallaíonn ‘duais’ ranníocaíocht a thugtar mar luach saothair tar éis comórtais. I gcás ina soláthraítear ranníocaíocht den sórt sin faoi bhainistíocht dhíreach, is le Teideal IX a rialófar í;

(54)

ciallaíonn ‘soláthar’ go bhfaigheann údarás conarthach amháin nó níos mó oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí trí bhíthin conartha agus go bhfaigheann sé nó siad talamh, foirgnimh nó maoin dhochorraithe eile nó go bhfaigheann sé nó siad talamh, foirgnimh nó maoin dhochorraithe eile ar cíos ó oibreoirí eacnamaíocha arna roghnú ag na húdaráis chonarthacha sin;

(55)

ciallaíonn ‘doiciméad soláthair’ aon doiciméad arna chur ar fáil ag an údarás conarthach nó dá ndéanann sé tagairt chun tuairisc a dhéanamh ar eilimintí den nós imeachta soláthair nó chun iad a chinneadh, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a)

na bearta poiblíochta a leagtar amach in Airteagal 166;

(b)

an cuireadh chun tairisceana;

(c)

na sonraíochtaí tairisceana, lena n-áirítear na sonraíochtaí teicniúla agus na critéir ábhartha, nó na doiciméid thuairisciúla i gcás idirphlé iomaíoch;

(d)

an dréachtchonradh;

(56)

ciallaíonn ‘leasanna coinbhleachta gairmiúla’ cás ina ndéanann, nó ina bhfuil baol ann go ndéanfaidh, na gníomhaíochtaí gairmiúla roimhe seo nó leanúnacha de chuid oibreoir eacnamaíoch difear dá acmhainneacht chun conradh a chomhlíonadh ar bhealach neamhspleách, neamhchlaonta agus oibiachtúil;

(57)

ciallaíonn ‘conradh poiblí’ conradh ar mhaithe le leas airgid arna thabhairt i gcrích i scríbhinn idir oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó agus údarás conarthach amháin nó níos mó de réir bhrí Airteagail 177 agus 181, chun soláthar sócmhainní sochorraithe nó dochorraithe, déanamh oibreacha nó soláthar seirbhísí a fháil ar phraghas a íoc agus é ag teacht ina iomláine nó go páirteach as an mbuiséad, agus arb é atá ann:

(a)

conarthaí foirgníochta;

(b)

conarthaí soláthair;

(c)

conarthaí oibreacha;

(d)

conarthaí seirbhíse;

(58)

ciallaíonn ‘infheistíocht chuasachothromais’ cineál maoinithe atá aicmithe idir cothromas agus fiachas, agus ag a bhfuil riosca is airde ná fiachas sinsearach agus riosca is lú ná gnáthchothromas agus is féidir a struchtúrú mar fhiachas, é neamhurraithe agus fo-ordaithe go tipiciúil agus i gcásanna áirithe in-chomhshóite i gcothromas, nó i gcothromas tosaíochta;

(59)

ciallaíonn ‘faighteoir’ tairbhí, conraitheoir, saineolaí seachtrach ar luach saothair nó duine nó eintiteas a fhaigheann duaiseanna, tabhartais neamhairgeadais nó tacaíocht ón mbuiséad faoi ionstraim airgeadais nó faoi ráthaíocht bhuiséadach, nó a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c);

(60)

ciallaíonn ‘comhaontú athcheannaigh’ urrúis a dhíol ar airgead tirim agus comhaontú ag gabháil leis go ndéanfar iad a athcheannach ag dáta sonraithe amach anseo, nó ar éileamh;

(61)

ciallaíonn ‘leithreasú faoi chomhair taighde agus forbairt theicneolaíoch’ leithreasú a iontráiltear i gceann de na teidil sa bhuiséad a bhaineann le taighde sna réimsí beartais atá nasctha le ‘Taighde indíreach’ nó ‘Taighde díreach’ nó i gcaibidil a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde i dteideal eile;

(62)

ciallaíonn ‘toradh’ na héifeachtaí a éiríonn as cur chun feidhme gníomhaíochta arna gcinneadh i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha;

(63)

ciallaíonn ‘ionstraimí comhroinnte riosca’ ionstraim airgeadais lena gceadaítear riosca sainithe a chomhroinnt idir dhá eintiteas nó níos mó, i gcás inarb iomchuí mar mhalairt ar luach saothair comhaontaithe;

(64)

ciallaíonn ‘conradh seirbhíse’ conradh lena gcumhdaítear seirbhísí intleachtúla agus neamhintleachtúla seachas na seirbhísí sin a chumhdaítear faoi chonarthaí soláthair, conarthaí oibreacha agus conarthaí foirgníochta;

(65)

ciallaíonn ‘bainistíocht fhónta airgeadais’ cur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le prionsabal na barainneachta, prionsabal na héifeachtúlachta agus prionsabal na héifeachtachta;

(66)

ciallaíonn ‘Rialacháin Foirne’ Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68;

(67)

ciallaíonn ‘fochonraitheoir’ oibreoir eacnamaíoch arna mholadh ag iarrthóir nó tairgeoir nó conraitheoir chun cuid de chonradh a chomhlíonadh nó ag tairbhí chun cuid de na cúraimí arna gcómhaoiniú le deontas a dhéanamh;

(68)

ciallaíonn ‘síntiús’ suimeanna airgid a íoctar le comhlacht a bhfuil an tAontas ina chomhalta de, i gcomhréir leis na cinntí buiséadacha agus na coinníollacha íocaíochta arna mbunú ag an gcomhlacht lena mbaineann;

(69)

ciallaíonn ‘conradh soláthair’ conradh lena gcumhdaítear ceannach, léasú, fáil ar cíos nó fruilcheannach táirgí, leis an rogha iad a cheannach nó gan an rogha sin, agus féadfar oibríochtaí lonnaithe agus suiteála a bheith ar áireamh iontu mar bheart teagmhasach;

(70)

ciallaíonn ‘cúnamh teicniúil’, gan dochar do rialacha earnáilsonracha, gníomhaíochtaí tacaíochta agus fothaithe acmhainní is gá chun clár nó gníomhaíocht a chur chun feidhme, go háirithe gníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faireacháin, meastóireachta, iniúchóireachta agus rialaithe;

(71)

ciallaíonn ‘tairgeoir’ oibreoir eacnamaíoch a bhfuil tairiscint tíolactha aige;

(72)

ciallaíonn ‘an tAontas’ an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, nó iad araon, de réir mar a éilíonn an comhthéacs;

(73)

ciallaíonn ‘institiúid de chuid an Aontais’ Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, an Coimisiún, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Chúirt Iniúchóirí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste na Réigiún, an tOmbudsman Eorpach, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (‘SEGS’); ní mheasfar gur institiúid de chuid an Aontais é an Banc Ceannais Eorpach;

(74)

ciallaíonn ‘díoltóir’ oibreoir eacnamaíoch atá cláraithe ar liosta de dhíoltóirí a n-iarrfar orthu iarrataí ar rannpháirtíocht i dtairiscintí nó tairiscintí a thíolacadh;

(75)

ciallaíonn ‘deontas ar luach an-íseal’ deontas de mhéid is lú ná EUR 15 000 nó atá cothrom leis;

(76)

ciallaíonn ‘saorálaí’ duine atá ag obair ar bhonn neamhéigeantach d’eagraíocht, gan luach saothair a bheith á fháil aige nó aici;

(77)

ciallaíonn ‘saothar’ an toradh a bhíonn ar oibreacha foirgníochta nó innealtóireachta sibhialta ina n-iomláine ar leor é chun feidhm eacnamaíoch nó theicniúil a chomhlíonadh;

(78)

ciallaíonn ‘conradh oibreacha’ conradh lena gcumhdaítear ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

saothar a dhéanamh, nó saothar a dhearadh agus a dhéanamh araon; nó

(b)

oibreacha a dhéanamh, nó oibreacha a dhearadh agus a dhéanamh araon, ar oibreacha iad a bhaineann le ceann amháin de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/24/AE; nó

(c)

saothar a chur i gcrích, cibé bealach ar bith, ar saothar é a chomhfhreagraíonn do na ceanglais arna sonrú ag an údarás conarthach a mbíonn tionchar cinntitheach aige ar chineál nó ar dhearadh na hoibre.

Airteagal 3

An reachtaíocht thánaisteach do chomhlíonadh an Rialacháin seo

1.   Déanfaidh forálacha maidir le cur chun feidhme ioncam agus chaiteachas an bhuiséid, agus atá ar áireamh i mbunghníomh, na prionsabail bhuiséadacha a leagtar amach i dTeideal II a chomhlíonadh.

2.   Gan dochar do mhír 1, déanfaidh aon togra nó leasú ar thogra a chuirtear faoi bhráid an údaráis reachtaigh ina bhfuil maoluithe ar fhorálacha an Rialacháin seo seachas na forálacha a leagtar amach i dTeideal II, nó ar ghníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun an Rialacháin seo, maoluithe den sórt sin a chur in iúl go soiléir agus na cúiseanna sonracha a thugann údar leo a lua in aithrisí agus meabhrán míniúcháin na dtograí nó na leasuithe sin.

Airteagal 4

Tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle (39) maidir leis na sprioc-amanna a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 5

Sonraí pearsanta a chosaint

Ní dochar an Rialachán seo do Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.

TEIDEAL II

PRIONSABAIL

Airteagal 6

Urraim do na prionsabail bhuiséadacha agus an córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint

1.   Déanfar an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na haontachta, an chruinnis bhuiséadaigh, na bliantúlachta, na cothromaíochta, an aonaid cuntais, na huilíochta, na sonraíochta, na bainistíochta fónta airgeadais agus na trédhearcachta mar a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Comhlíonfaidh bunú agus cur chun feidhme an bhuiséid forálacha Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 freisin.

3.   Agus an buiséad á chur chun feidhme acu, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcomhlíonfar Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 51 den Chairt, agus urramóidh siad luachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE atá ábhartha i gcur chun feidhme an bhuiséid.

CAIBIDIL 1

Prionsabail na haontachta agus an chruinnis bhuiséadaigh

Airteagal 7

Raon feidhme an bhuiséid

1.   Maidir le gach bliain airgeadais, déanfar an t-ioncam agus an caiteachas go léir a mheastar a bheith riachtanach don Aontas a thuar agus a údarú sa bhuiséad. Is é a bheidh sa bhuiséad:

(a)

ioncam agus caiteachas an Aontais, lena n-áirítear caiteachas riaracháin a thig as cur chun feidhme fhorálacha CAE a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES), agus caiteachas oibríochtúil arb é cur chun feidhme na bhforálacha sin is cúis leis i gcás ina muirearaítear é ar an mbuiséad;

(b)

ioncam agus caiteachas an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

2.   Beidh leithreasuithe difreáilte, arb é atá iontu leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, agus leithreasuithe neamhdhifreáilte sa bhuiséad.

Sna leithreasuithe a údaraítear don bhliain airgeadais beidh an méid seo a leanas:

(a)

leithreasuithe a sholáthraítear sa bhuiséad, lena n-áirítear trí bhíthin buiséid leasaitheacha;

(b)

leithreasuithe a thugtar anonn ó bhlianta airgeadais roimhe sin;

(c)

leithreasuithe a chuirtear ar fáil arís i gcomhréir le hAirteagal 15;

(d)

leithreasuithe a thagann as íocaíochtaí réamh-mhaoiniúcháin arna n-aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 12(4), pointe (b);

(e)

leithreasuithe a chuirtear ar fáil tar éis ioncam sannta a fháil i rith na bliana airgeadais nó a thugtar anonn ó bhlianta airgeadais roimhe sin.

3.   Leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, cumhdófar costas iomlán na ngealltanas dlíthiúil a dhéantar i rith na bliana airgeadais, faoi réir Airteagal 114(2).

4.   Leis na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, cumhdófar na híocaíochtaí a dhéantar chun na gealltanais dhlíthiúla a dhéantar sa bhliain airgeadais reatha nó sna blianta airgeadais roimhe sin a chomhlíonadh. Cumhdófar leo freisin an soláthar dliteanas airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 214.

5.   Ní choiscfear le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo leithreasuithe a ghealladh ar bhealach foriomlán ná gealltanais bhuiséadacha a dhéanamh ina dtráthchodanna bliantúla dá bhforáiltear faoi seach in Airteagal 112(1), an chéad fhomhír, pointe (b), agus in Airteagal 112(2).

Airteagal 8

Rialacha sonracha maidir le prionsabail na haontachta agus an chruinnis bhuiséadaigh

1.   Sannfar an t-ioncam agus an caiteachas iomlán do líne bhuiséid.

2.   Gan dochar do chaiteachas údaraithe a thabhaítear de bharr dliteanais theagmhasacha dá bhforáiltear in Airteagal 213(2), ní fhéadfar aon chaiteachas a ghealladh nó a údarú a sháraíonn na leithreasuithe údaraithe.

3.   Ní dhéanfar aon leithreasú a iontráil sa bhuiséad ach amháin más do mhír chaiteachais é a mheastar a bheith riachtanach.

4.   Aon ús a ghintear as íocaíochtaí réamh-mhaoiniúcháin a dhéantar as an mbuiséad, ní bheidh sé dlite don Aontas ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sna comhaontuithe maidir le ranníocaíochtaí nó sna comhaontuithe maoiniúcháin lena mbaineann.

CAIBIDIL 2

Prionsabal na bliantúlachta

Airteagal 9

Sainmhíniú

Na leithreasuithe a iontráiltear sa bhuiséad, údarófar iad do bhliain airgeadais a mhairfidh ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig.

Airteagal 10

Cuntasaíocht bhuiséadach maidir le hioncam agus leithreasuithe

1.   Iontrálfar ioncam na bliana airgeadais i gcuntais na bliana sin ar bhonn na méideanna a bailíodh lena linn. Mar sin féin, féadfar acmhainní dílse mhí Eanáir na bliana airgeadais ina dhiaidh sin a chur ar fáil roimh ré de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

2.   Na hiontrálacha i leith na n-acmhainní dílse bunaithe ar an gCáin Bhreisluacha (CBL) agus ar an Ollioncam Náisiúnta, féadfar iad a choigeartú i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

3.   Na hiontrálacha i leith na n-acmhainní dílse dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053, féadfar iad a choigeartú i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2021/770.

4.   Iontrálfar na gealltanais sna cuntais le haghaidh bliain airgeadais ar bhonn na ngealltanas dlíthiúil arna ndéanamh agus ar bhonn an tsoláthair dliteanas airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 214 go dtí an 31 Nollaig den bhliain sin. Mar sin féin, déanfar na gealltanais bhuiséadacha fhoriomlána dá dtagraítear in Airteagal 112(4) a iontráil sna cuntais le haghaidh bliain airgeadais ar bhonn na ngealltanas buiséadach go dtí an 31 Nollaig den bhliain sin.

5.   Iontrálfar íocaíochtaí sna cuntais le haghaidh bliain airgeadais ar bhonn na n-íocaíochtaí a rinne an t-oifigeach cuntasaíochta faoin 31 Nollaig den bhliain sin.

6.   De mhaolú ar mhíreanna 4 agus 5:

(a)

iontrálfar caiteachas an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna cuntais le haghaidh bliain airgeadais ar bhonn na n-aisíocaíochtaí a dhéanann an Coimisiún leis na Ballstáit faoin 31 Nollaig den bhliain sin, ar choinníoll go bhfuil an t-ordú íocaíochta faighte ag an oifigeach cuntasaíochta faoin 31 Eanáir den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin;

(b)

iontrálfar caiteachas arna chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte cé is moite de chaiteachas CERT sna cuntais le haghaidh bliain airgeadais ar bhonn na n-aisíocaíochtaí a dhéanann an Coimisiún leis na Ballstáit faoin 31 Nollaig den bhliain sin, lena n-áirítear an caiteachas a mhuirearaítear faoin 31 Eanáir den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin mar a leagtar síos in Airteagail 30 agus 31.

Airteagal 11

Leithreasuithe a chur faoi chomhair gealltanas

1.   Féadfar na leithreasuithe a iontráiltear sa bhuiséad a ghealladh le héifeacht ón 1 Eanáir, a luaithe a ghlacfar an buiséad go cinntitheach.

2.   Amhail ón 15 Deireadh Fómhair den bhliain airgeadais, féadfar an caiteachas seo a leanas a ghealladh roimh ré i gcoinne na leithreasuithe dá bhforáiltear don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin:

(a)

gnáthchaiteachas riaracháin, ar choinníoll gur formheasadh caiteachas den sórt sin sa bhuiséad deireanach a glacadh mar is iomchuí, agus ní bheidh sa chaiteachas sin ach an ceathrú cuid, ar a mhéad, de na leithreasuithe comhfhreagracha iomlána arna gcinneadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle don bhliain airgeadais reatha;

(b)

gnáthchaiteachas bainistíochta do CERT, ar choinníoll go leagtar síos an bonn do chaiteachas den sórt sin i mbunghníomh atá ann cheana, agus ní bheidh sa chaiteachas sin ach trí cheathrú, ar a mhéad, de na leithreasuithe comhfhreagracha iomlána arna gcinneadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle don bhliain airgeadais reatha.

Airteagal 12

Leithreasuithe a chur ar ceal agus a thabhairt anonn

1.   Cuirfear ar ceal leithreasuithe nár úsáideadh faoi dheireadh na bliana airgeadais ar lena haghaidh a iontráladh iad, mura dtugtar anonn iad i gcomhréir le míreanna 2 go 8.

2.   Féadfar na leithreasuithe seo a leanas a thabhairt anonn le cinneadh a dhéantar de bhun mhír 3, ach ní fhéadfar sin a dhéanamh ach don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin:

(a)

leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe neamhdhifreáilte, a bhfuil formhór chéimeanna ullmhúcháin an nós imeachta um ghealltanas ina leith críochnaithe faoin 31 Nollaig den bhliain airgeadais. Féadfar leithreasuithe den sórt sin a ghealladh go dtí an 31 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, cé is moite de leithreasuithe neamhdhifreáilte maidir le tionscadail foirgníochta a fhéadfar a ghealladh go dtí an 31 Nollaig den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin;

(b)

leithreasuithe atá riachtanach nuair atá bunghníomh glactha ag an údarás reachtach i ráithe dheiridh na bliana airgeadais agus nach raibh an Coimisiún in ann na leithreasuithe a soláthraíodh chun na críche sin a ghealladh faoin 31 Nollaig den bhliain sin. Féadfar leithreasuithe den sórt sin a ghealladh go dtí an 31 Nollaig den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin;

(c)

leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhfuil gá leo chun gealltanais atá ann cheana nó gealltanais atá nasctha le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a tugadh anonn a chumhdach, i gcás nach leor na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí dá bhforáiltear sna línte buiséid ábhartha don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin;

(d)

leithreasuithe nár gealladh agus a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/2116.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (d), den mhír seo, déanfar leithreasuithe nár gealladh de chuid an chúlchiste talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/2116 a thabhairt anonn chun an cúlchiste talmhaíochta a mhaoiniú sna blianta airgeadais ina dhiaidh sin le haghaidh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 16(2), an tríú fomhír, den Rialachán sin agus le haghaidh aon tréimhse tar éis 2027 dá bhforáiltear sna rialacha earnáilsonracha is infheidhme.

Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (c), den mhír seo, úsáidfidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais na leithreasuithe a údaraítear don bhliain airgeadais reatha agus ní úsáidfidh sí na leithreasuithe a tugadh anonn go dtí go mbeidh na chéad leithreasuithe údaraithe sin ídithe.

Maidir le tabhairt anonn leithreasuithe nár gealladh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), den mhír seo, ní rachaidh sí, laistigh de theorainn 2 % de na leithreasuithe tosaigh arna vótáil ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, thar an méid den choigeartú ar íocaíochtaí díreacha arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2021/2116 le linn na bliana airgeadais roimhe sin. Leithreasuithe a thugtar anonn, cuirfear ar ais iad do na línte buiséid lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/2116.

3.   Déanfaidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais a cinneadh maidir le tabhairt anonn dá dtagraítear i mír 2 faoin 15 Feabhra den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Cuirfidh sí Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin gcinneadh a rinne sí maidir le tabhairt anonn faoin 15 Márta den bhliain sin. Cuirfidh sí in iúl chomh maith, i gcás gach líne buiséid, an dóigh ar cuireadh na critéir i mír 2, an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), i bhfeidhm maidir le gach tabhairt anonn.

4.   Tabharfar leithreasuithe anonn go huathoibríoch i leith na nithe seo a leanas:

(a)

leithreasuithe don Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála agus do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh. Féadfar leithreasuithe den sórt sin a thabhairt anonn don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin agus don bhliain sin amháin, agus féadfar iad a úsáid suas go dtí an 31 Nollaig den bhliain sin.

(b)

leithreasuithe a chomhfhreagraíonn don ioncam sannta inmheánach. Féadfar leithreasuithe den sórt sin a thabhairt anonn don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin agus don bhliain sin amháin, agus féadfar iad a ghealladh suas go dtí an 31 Nollaig den bhliain sin, cé is moite den ioncam sannta inmheánach ó ligean nó díol foirgneamh a fhéadfar a thabhairt anonn go dtí go n-úsáidfear é ina iomláine. Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40), Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) agus Rialachán (AE) 2021/1060, ar leithreasuithe iad atá ar fáil an 31 Nollaig agus a thagann as íocaíochtaí réamh-maoiniúcháin, féadfar iad a thabhairt anonn go dtí tráth dúnta an chláir agus a úsáid nuair is gá, ar choinníoll nach bhfuil leithreasuithe eile faoi chomhair gealltanas ar fáil a thuilleadh;

(c)

leithreasuithe a chomhfhreagraíonn don ioncam sannta seachtrach. Déanfar leithreasuithe den sórt sin a úsáid ina n-iomláine faoin am a bheidh na hoibríochtaí uile a bhaineann leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht ar sannadh dó nó di iad curtha i gcrích nó féadfar iad a thabhairt anonn agus a úsáid don chlár nó don ghníomhaíocht ina dhiaidh sin. Ní bheidh feidhm aige sin maidir leis an ioncam dá dtagraítear in Airteagal21(2), pointe (g)(iii), dá ndéanfar na leithreasuithe nach ngealltar laistigh de 5 bliana a chur ar ceal;

(d)

leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhaineann le CERT a thagann as fionraíochtaí i gcomhréir le hAirteagail 40, 41 agus 42 de Rialachán (AE) 2021/2116.

5.   Beidh an chaoi a nglacfar le hioncam sannta seachtrach dá dtagraítear i mír 4, pointe (c), den Airteagal seo agus a thagann as rannpháirtíocht Stát de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) i gcláir áirithe de chuid an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (e), i gcomhréir le Prótacal Uimh. 32 atá i gceangal leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Comhaontú LEE).

6.   Sa bhreis ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear i mír 3, tíolacfaidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faisnéis maidir le leithreasuithe a tugadh anonn go huathoibríoch, lena n-áirítear na méideanna lena mbaineann agus an fhoráil san Airteagal seo faoinar tugadh na leithreasuithe anonn.

7.   Déanfar leithreasuithe neamhdhifreáilte a ghealltar go dlíthiúil ag deireadh na bliana airgeadais a íoc go dtí go deireadh na bliana airgeadais ina dhiaidh sin.

8.   Gan dochar do mhír 4, ní thabharfar anonn leithreasuithe a cuireadh i gcúlchiste ná leithreasuithe le haghaidh caiteachas foirne. Chun críocha an Airteagail seo, folaíonn caiteachas foirne luach saothair agus liúntais le haghaidh chomhaltaí agus fhoireann institiúidí an Aontais atá faoi réir na Rialachán Foirne.

Airteagal 13

Forálacha mionsonraithe maidir le leithreasuithe a chur ar ceal agus a thabhairt anonn

1.   Ní fhéadfar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe neamhdhifreáilte dá dtagraítear in Airteagal 12(2), an chéad fhomhír, pointe (a), a thabhairt anonn ach amháin murarbh fhéidir, ar chúiseanna nach inchurtha i leith an oifigigh údarúcháin, na gealltanais a dhéanamh faoin 31 Nollaig den bhliain airgeadais sin agus más rud é gur tugadh na céimeanna ullmhúcháin fada go leor chun cinn le go bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach go ndéanfaí an gealltanas faoin 31 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, nó, a mhéid a bhaineann le tionscadail foirgníochta, faoin 31 Nollaig den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

2.   Is iad seo a leanas go háirithe na céimeanna ullmhúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2), an chéad fhomhír, pointe (a), ar céimeanna ullmhúcháin iad a thabharfar chun críche faoin 31 Nollaig den bhliain airgeadais chun go bhféadfar leithreasuithe a thabhairt anonn go dtí an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin:

(a)

i gcás gealltanais bhuiséadacha aonair de réir bhrí Airteagal 112(1), an chéad fhomhír, pointe (a), roghnú conraitheoirí, tairbhithe, buaiteoirí duaiseanna nó toscairí féideartha a thabhairt chun críche.

(b)

i gcás gealltanais bhuiséadacha fhoriomlána de réir bhrí Airteagal 112(1), an chéad fhomhír, pointe (b), cinneadh maoiniúcháin a ghlacadh nó clabhsúr a chur ar an gcomhairliúchán leis na ranna lena mbaineann laistigh de gach institiúid de chuid an Aontais maidir leis an gcinneadh maoiniúcháin a ghlacadh.

3.   Cuirfear ar ceal go huathoibríoch leithreasuithe a thugtar anonn i gcomhréir le hAirteagal 12(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus nach ngealltar faoin 31 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, nó, i gcás méideanna a bhaineann le tionscadail foirgníochta, faoin 31 Nollaig den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na leithreasuithe a chuirtear ar ceal i gcomhréir leis an gcéad fhomhír laistigh de 1 mhí amháin tar éis iad a bheith curtha ar ceal.

Airteagal 14

Saoradh

1.   I gcás ina ndéantar gealltanais bhuiséadacha a shaoradh in aon bhliain airgeadais tar éis na bliana ar tugadh na gealltanais bhuiséadacha sin mar thoradh ar neamhchomhlíonadh iomlán nó páirteach na ngníomhaíochtaí ar cuireadh in áirithe iad lena n-aghaidh, cuirfear ar ceal na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn do shaoradh den sórt sin, mura bhforáiltear a mhalairt i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42) agus Rialacháin (AE) Uimh. 514/2014, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/2116 agus d’ainneoin Airteagal 15 den Rialachán seo.

2.   Déanfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas dá dtagraítear i Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 514/2014, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/2116 a shaoradh go huathoibríoch i gcomhréir leis na Rialacháin sin.

3.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an ioncam sannta seachtrach dá dtagraítear in Airteagal 21(2).

Airteagal 15

Leithreasuithe a chomhfhreagraíonn do shaoradh a chur ar fáil arís

1.   Féadfar na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn do shaoradh dá dtagraítear i Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 514/2014, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/2116 a chur ar fáil arís i gcás earráid shoiléir atá inchurtha go hiomlán i leith an Choimisiúin.

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún saoradh a dhéantar le linn na bliana roimhe sin a scrúdú agus cinnfidh sé, faoin 15 Feabhra den bhliain airgeadais reatha, ar bhonn na riachtanas a bheidh ann, an gá na leithreasuithe comhfhreagracha a chur ar fáil arís.

2.   Sa bhreis ar an gcás dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfear na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn do shaoradh ar fáil arís i gcás saoradh acmhainní a aistrítear ar ais chuig an gciste ónar aistríodh iad i dtosach i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/1060.

3.   Na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do mhéid an tsaortha toisc nár cuireadh chun feidhme tionscadail taighde chomhfhreagracha go hiomlán ná i bpáirt, féadfar iad a chur ar fáil arís chun leas an chláir taighde lena mbaineann na tionscadail nó don chlár a thiocfaidh ina dhiaidh i gcomhthéacs an nós imeachta bhuiséadaigh.

Airteagal 16

Na rialacha is infheidhme i gcás an buiséad a ghlacadh go déanach

1.   Mura mbeidh an buiséad glactha go cinntitheach ag tús na bliana airgeadais, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach sa chéad mhír d’Airteagal 315 CFAE (córas na ndódhéaguithe sealadacha). Féadfar gealltanais agus íocaíochtaí a dhéanamh laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo.

2.   Féadfar gealltanais a dhéanamh in aghaidh na caibidle suas leis an gceathrú cuid, ar a mhéad, d’iomlán na leithreasuithe a údaraítear i gcaibidil ábhartha an bhuiséid don bhliain airgeadais roimhe sin móide aon dódhéagú in aghaidh gach míosa atá caite.

Ní dhéanfar teorainn na leithreasuithe dá bhforáiltear sa dréachtbhuiséad a shárú.

Féadfar íocaíochtaí a dhéanamh go míosúil in aghaidh na caibidle suas le haon dódhéagú, ar a mhéad, de na leithreasuithe a údaraítear i gcaibidil ábhartha an bhuiséid don bhliain airgeadais roimhe sin. Ní sháróidh an tsuim sin, áfach, aon dódhéagú de na leithreasuithe dá bhforáiltear sa chaibidil chéanna den dréachtbhuiséad.

3.   Na leithreasuithe a údaraítear i gcaibidil ábhartha an bhuiséid don bhliain airgeadais roimhe sin, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, tuigfear go dtagraíonn siad do na leithreasuithe a vótáladh sa bhuiséad, lena n-áirítear trí bhíthin buiséid leasaitheacha, agus tar éis an choigeartaithe do na haistrithe a rinneadh i rith na bliana airgeadais sin.

4.   Más gá, ar mhaithe le gníomhaíocht de chuid an Aontais a bheith comhleanúnach agus ar mhaithe le riachtanais bhainistíochta, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ar thogra ón gCoimisiún, caiteachas de bhreis ar aon dódhéagú sealadach amháin ach nach mó ná ceithre dhódhéagú shealadacha san iomlán, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, a údarú le haghaidh gealltanais agus íocaíochtaí araon, de bhreis ar na cinn a chuirtear ar fáil go huathoibríoch i gcomhréir le míreanna 1 agus 2. Cuirfidh an Chomhairle an cinneadh a dhéanann sí maidir leis an údarú sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa gan mhoill.

Tiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm 30 lá tar éis a ghlactha ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

a chinneadh, ag gníomhú di trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, an caiteachas a laghdú sula rachaidh an 30 lá in éag, agus sa chás sin tíolacfaidh an Coimisiún togra nua;

(b)

an Chomhairle agus an Coimisiún a chur ar an eolas nach dteastaíonn uaithi an caiteachas a laghdú, agus sa chás sin tiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm sula rachaidh an 30 lá in éag.

Údarófar na dódhéaguithe breise ina n-iomláine agus ní bheidh siad inroinnte.

5.   Más rud é, i gcás caibidil ar leith, nach leor an t-údarú de cheithre dhódhéagú shealadacha a deonaíodh i gcomhréir le mír 4, chun an caiteachas riachtanach a chumhdach chun easpa leanúnachais a sheachaint i ngníomhaíocht an Aontais sa réimse atá cumhdaithe ag an gcaibidil sin, féadfar údarú a thabhairt ar bhonn eisceachtúil méid na leithreasuithe a iontráladh i gcaibidil chomhfhreagrach an bhuiséid don bhliain airgeadais roimhe sin a shárú. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i mír 4. Ní dhéanfar, áfach, méid foriomlán na leithreasuithe atá ar fáil i mbuiséad na bliana airgeadais roimhe sin nó sa dréachtbhuiséad, mar atá beartaithe, a shárú.

CAIBIDIL 3

Prionsabal na cothromaíochta

Airteagal 17

Sainmhíniú agus raon feidhme

1.   Beidh ioncam agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ar comhardú.

2.   Ní thógfaidh an tAontas ná na comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 iasachtaí faoi chuimsiú an bhuiséid.

Airteagal 18

Iarmhéid ón mbliain airgeadais

1.   Iontrálfar an t-iarmhéid ó gach bliain airgeadais i mbuiséad na bliana airgeadais ina dhiaidh sin mar ioncam i gcás barrachais nó mar leithreasú faoi chomhair íocaíochtaí i gcás easnaimh.

2.   Iontrálfar na meastacháin ar an ioncam nó ar na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo sa bhuiséad le linn an nós imeachta bhuiséadaigh agus i litir leasaitheach a thíolactar de bhun Airteagal 42 den Rialachán seo. Déanfar na meastacháin a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán (AE, Euratom) 2021/768.

3.   Tar éis na cuntais shealadacha do gach bliain airgeadais a thíolacadh, iontrálfar aon mhíréireacht idir na cuntais sin agus na meastacháin sa bhuiséad don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin trí bhuiséad leasaitheach a bheidh dírithe ina iomláine ar an míréireacht sin. I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an dréachtbhuiséad leasaitheach a chur go comhuaineach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle laistigh de 15 lá ón dáta a thíolactar na cuntais shealadacha.

CAIBIDIL 4

Prionsabal an aonaid cuntais

Airteagal 19

Úsáid an euro

1.   Is in euro a tharraingeofar suas agus a chuirfear chun feidhme an creat airgeadais ilbhliantúil agus an buiséad agus is in euro a thíolacfar na cuntais. Chun na gcríoch a bhaineann le sreafaí airgid agus dá dtagraítear in Airteagal 77, áfach, údarófar don oifigeach cuntasaíochta agus, i gcás cuntais óinchiste, do riarthóirí an óinchiste, agus, i gcás riachtanais bhainistíocht riaracháin an Choimisiúin agus SEGS, don oifigeach údarúcháin atá freagrach oibríochtaí a dhéanamh in airgeadraí eile.

2.   Gan dochar d’fhorálacha sonracha a leagtar síos i rialacha earnáilsonracha, nó i gconarthaí sonracha, comhaontuithe deontas sonracha, comhaontuithe ranníocaíochtaí sonracha agus comhaontuithe maoiniúcháin sonracha, úsáidfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an ráta malairte laethúil don euro arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun an comhshó a dhéanamh an lá a dhéanann an roinn údarúcháin an t-ordú íocaíochta nó an t-ordú aisghabhála a tharraingt suas.

Mura bhfoilsítear ráta laethúil den sórt sin, úsáidfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an ceann dá dtagraítear i mír 3.

3.   Chun críocha na gcuntas dá bhforáiltear in Airteagail 82, 83 agus 84, úsáidfear an ráta malartaithe cuntasaíochta míosúil chun an comhshó idir an euro agus airgeadra eile a dhéanamh. Suífidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin an ráta malartaithe cuntasaíochta sin trí bhíthin aon fhoinse faisnéise a mheastar a bheith iontaofa, ar bhonn ráta malairte lae leathdheireanaigh na míosa a thagann roimh an mí sin dá suitear an ráta.

4.   Déanfar oibríochtaí comhshó airgeadra sa chaoi go seachnaítear tionchar suntasach ar leibhéal chómhaoiniú an Aontais nó tionchar díobhálach ar an mbuiséad. I gcás inarb iomchuí, féadfar meán an ráta comhshó laethúil do thréimhse ar leith a úsáid chun an ráta comhshó idir an euro agus airgeadraí eile a ríomh.

CAIBIDIL 5

Prionsabal na huilíochta

Airteagal 20

Raon feidhme

Gan dochar d’Airteagal 21, cumhdófar leis an ioncam iomlán leithreasuithe iomlána faoi chomhair íocaíochtaí. Gan dochar d’Airteagal 27, iontrálfar an t-ioncam agus an caiteachas go léir ina n-iomláine sa bhuiséad gan aon choigeartú in aghaidh a chéile.

Airteagal 21

Ioncam sannta

1.   Déanfar ioncam sannta seachtrach agus ioncam sannta inmheánach a úsáid chun míreanna sonracha caiteachais a mhaoiniú.

2.   Is é a bheidh in ioncam sannta seachtrach:

(a)

ranníocaíochtaí airgeadais sonracha breise ó na Ballstáit, lena n-áirítear ranníocaíochtaí deonacha, do chláir, ionstraimí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais;

(b)

leithreasuithe a bhaineann leis an ioncam arna ghiniúint ag an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach a bunaíodh le Prótacal Uimh. 37 maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc an Conradh ag bunú CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, atá i gceangal le CAE agus le CFAE.

(c)

an t-ús ar thaiscí agus na fíneálacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle (43);

(d)

ioncam atá curtha in áirithe do chríoch shonrach, amhail ioncam ó fhondúireachtaí, fóirdheontais, bronntanais agus tiomnachtaí, lena n-áirítear an t-ioncam atá curtha in áirithe go sonrach do gach institiúid de chuid an Aontais;

(e)

ranníocaíochtaí airgeadais do ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais ó thríú tíortha nó ó chomhlachtaí nach comhlachtaí a bunaíodh faoi CFAE nó faoi Chonradh Euratom iad;

(f)

ioncam sannta inmheánach dá dtagraítear i mír 3, a mhéid atá sé coimhdeach leis an ioncam sannta seachtrach dá dtagraítear sa mhír seo;

(g)

ioncam ó ghníomhaíochtaí de chineál iomaíoch a dhéanann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) lena gcumhdaítear aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

nósanna imeachta um dheontais agus soláthar ina bhfuil JRC rannpháirteach;

(ii)

gníomhaíochtaí JRC thar ceann tríú páirtithe;

(iii)

gníomhaíochtaí a ghlactar ar láimh faoi chomhaontú riaracháin le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais nó le ranna eile de chuid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 59, chun seirbhísí teicniúla-eolaíocha a sholáthar.

3.   Is é a bheidh in ioncam sannta seachtrach:

(a)

ioncam ó thríú páirtithe a bhaineann le hearraí, seirbhísí nó obair a sholáthraítear arna iarraidh sin dóibh;

(b)

ioncam a thagann ó mhéideanna a íocadh go mícheart a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 101;

(c)

fáltais ó earraí, seirbhísí agus oibreacha a sholáthar do ranna eile laistigh d’institiúid de chuid an Aontais, nó d’institiúidí nó de chomhlachtaí eile an Aontais, lena n-áirítear aisíocaíochtaí liúntas misin ó institiúidí eile nó ó chomhlachtaí eile an Aontais a íocadh thar a gceann;

(d)

íocaíochtaí árachais a fuarthas;

(e)

ioncam ó ligean agus ó dhíol foirgneamh agus talún;

(f)

aisíocaíochtaí le hionstraimí airgeadais nó le ráthaíochtaí buiséadacha de bhun Airteagal 212(3), an dara fomhír;

(g)

ioncam a thagann ó aisíocaíocht ina dhiaidh sin i leith cánach de bhun Airteagal 27(3), an chéad fhomhír, pointe (b).

4.   Déanfar ioncam sannta a thabhairt anonn agus aistreofar é i gcomhréir le hAirteagal 12(4), pointí (b) agus (c), agus le hAirteagal 32.

5.   Féadfar le bunghníomh ioncam a shannadh do mhíreanna sonracha caiteachais. Mura sonraítear a mhalairt sa bhunghníomh, is ioncam sannta inmheánach a bheidh in ioncam den sórt sin.

6.   Beidh línte ar áireamh sa bhuiséad chun freastal a dhéanamh ar ioncam sannta seachtrach agus ioncam sannta inmheánach agus, gach uair is féidir, léireofar an méid i gceist.

Airteagal 22

Struchtúr chun freastal a dhéanamh ar ioncam sannta agus soláthar leithreasuithe comhfhreagracha

1.   Gan dochar do mhír 2, an chéad fhomhír, pointe (c), den Airteagal seo agus d’Airteagal 24, is é an méid seo a leanas a chuimseofar sa struchtúr chun freastal a dhéanamh ar ioncam sannta sa bhuiséad:

(a)

sa ráiteas ioncaim i roinn gach institiúide de chuid an Aontais, líne bhuiséid lenar féidir an t-ioncam a fháil;

(b)

sa ráiteas caiteachais, na nótaí tráchta, lena n-áirítear nótaí tráchta ginearálta, ina léirítear na línte buiséid lenar féidir na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn don ioncam sannta a chuirtear ar fáil a fháil;

(c)

sa ráiteas caiteachais, iarscríbhinn, ar dlúthchuid den bhuiséad í, lena leagtar amach na línte buiséid uile dá bhforáiltear an t-ioncam sannta inmheánach nó seachtrach agus lena soláthraítear faisnéis faoi mhéid measta an ioncaim sin atá le fáil agus faoi mhéid measta an ioncaim sin atá le tabhairt anonn ó bhlianta roimhe sin le haghaidh gach líne buiséid.

Sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), déanfar iontráil chomharthach pro memoria agus taispeánfar an t-ioncam measta a bhaineann leis an bhfaisnéis sna nótaí tráchta.

2.   Cuirfear na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d’ioncam sannta ar fáil go huathoibríoch, mar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus mar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí araon, nuair a bheidh an t-ioncam faighte ag an institiúid de chuid an Aontais, ach ní dhéanfar sin in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

sa chás dá bhforáiltear in Airteagal 21(2), pointe (a), maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit agus i gcás ina sloinntear an comhaontú ranníocaíochta in euro, féadfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil ón uair a shíneoidh an Ballstát an comhaontú ranníocaíochta;

(b)

sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 21(2), pointe (b), agus in Airteagal 21(2), pointe (g)(i) agus (iii), déanfar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil a luaithe a dhéanfar an méid infhaighte a mheas;

(c)

sa chás dá bhforáiltear in Airteagal 21(2), pointe (c), eascróidh as iontráil na méideanna sa ráiteas ioncaim soláthar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí sa ráiteas caiteachais.

Déanfar na leithreasuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), den mhír seo a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 20.

3.   Cuirfear na meastacháin ar na méideanna is infhaighte dá dtagraítear in Airteagal 21(2), pointí (b) agus (g), chuig an oifigeach cuntasaíochta lena gclárú.

Airteagal 23

Ranníocaíochtaí ó na Ballstáit le cláir thaighde

1.   Is mar a leanas a íocfar na ranníocaíochtaí ó na Ballstáit le maoiniú clár forlíontach áirithe taighde, dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014:

(a)

faoin 31 Eanáir den bhliain airgeadais reatha, íocfar seacht ndódhéagú den tsuim a iontráiltear sa bhuiséad;

(b)

faoin 15 Iúil den bhliain airgeadais reatha, íocfar na cúig dhódhéagú atá fágtha.

2.   I gcás nár glacadh an buiséad go cinntitheach roimh thús bliana airgeadais, is ar an tsuim a iontráiltear sa bhuiséad don bhliain airgeadais roimhe sin a bheidh na ranníocaíochtaí dá bhforáiltear i mír 1 bunaithe.

3.   Aon ranníocaíocht nó íocaíocht bhreise atá dlite de na Ballstáit don bhuiséad, déanfar í a iontráil i gcuntas nó i gcuntais an Choimisiúin laistigh de 30 lá féilire tar éis an ghlao ar chistí.

4.   Is isteach sa chuntas dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 a iontrálfar na híocaíochtaí a dhéantar agus beidh siad faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

Airteagal 24

Ioncam sannta a eascraíonn as rannpháirtíocht Stáit CSTE i gcláir áirithe an Aontais

1.   Is mar a leanas a bheidh an struchtúr buiséid chun freastal a dhéanamh ar an ioncam ó rannpháirtíocht Stáit CSTE i gcláir áirithe an Aontais:

(a)

sa ráiteas ioncaim, déanfar líne bhuiséid a bhfuil iontráil chomharthach pro memoria aici a iontráil chun freastal a dhéanamh ar mhéid iomlán ranníocaíocht gach Stáit de chuid CSTE don bhliain airgeadais;

(b)

sa ráiteas caiteachais, leagfar amach san iarscríbhinn, ar dlúthchuid den bhuiséad í, na línte buiséid go léir lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí an Aontais ina bhfuil Stáit CSTE páirteach, agus áireofar inti faisnéis maidir le méid measta rannpháirtíochta gach ceann de Stáit CSTE.

2.   Faoi Airteagal 82 de Chomhaontú LEE, maidir le méideanna rannpháirtíocht bhliantúil Stáit CERT, mar a dheimhnítear don Choimisiún ag Comhchoiste an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch i gcomhréir le hAirteagal 1(5) de Phrótacal Uimh. 32 atá i gceangal le Comhaontú LEE, tiocfaidh astu sin, ag tús na bliana airgeadais, soláthar mhéideanna iomlána na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí.

3.   Déanfar faireachán ar leithligh ar úsáid an ioncaim a eascraíonn as ranníocaíochtaí airgeadais Stáit CSTE.

Airteagal 25

Tabhartais

1.   Féadfaidh institiúidí de chuid an Aontais glacadh le haon tabhartas a thugtar don Aontas, amhail ioncam ó fhondúireachtaí, fóirdheontais, bronntanais agus tiomnachtaí.

2.   Is faoi réir údarú ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacfar le tabhartas arb é EUR 50 000 nó níos mó a luach agus a bhfuil muirear airgeadais ag baint leis, lena n-áirítear costais leantacha, a sháraíonn 10 % de luach an tabhartais. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i leith an ní laistigh de 2 mhí tar éis dóibh iarratas ar údarú den sórt sin a fháil ó na hinstitiúidí lena mbaineann de chuid an Aontais. Mura ndéantar aon agóid laistigh den tréimhse sin, déanfaidh na hinstitiúidí lena mbaineann de chuid an Aontais cinneadh críochnaitheach maidir le glacadh leis an tabhartas. Tabharfaidh na hinstitiúidí lena mbaineann de chuid an Aontais míniú ina n-iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle ar na muirir airgeadais a thabhaítear de bharr glacadh le tabhartais a thugtar don Aontas.

3.   D’ainneoin mhír 2, in imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún glacadh le haon tabhartas comhchineáil a thugtar don Aontas, gan beann ar a luach, i gcás ina ndéantar tabhartas den sórt sin chun críoch cabhrach daonnúla, tacaíochta éigeandála, cosanta sibhialta nó cabhrach um bainistiú géarchéime.

Féadfaidh an Coimisiún glacadh le tabhartas den sórt sin ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá an glacadh leis an tabhartas i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus na trédhearcachta;

(b)

níl coinbhleacht leasa ann dá bharr;

(c)

ní dhéanann sé dochar d’íomhá an Aontais;

(d)

ní dhéanann sé dochar ná níl baol ann go ndéanfaidh sé dochar do shlándáil nó beartas poiblí an Aontais nó na mBallstát;

(e)

níl an deontóir, tráth an ghlactha leis an tabhartas, i gceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagail 138(1) agus 143(1) agus níl siad cláraithe mar eisiata sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 144(1). Tíolacfaidh an deontóir an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 139.

Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach faisnéis a sholáthar sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(9) maidir le gach cás inar ghlac an Coimisiún le tabhartas de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.

Airteagal 26

Urraíocht chorparáideach

1.   Ciallaíonn ‘urraíocht chorparáideach’ comhaontú trína dtugann duine dlítheanach sochar comhchineáil d’imeacht nó do ghníomhaíocht chun críoch promóisin nó freagrachta sóisialta corparáidí.

2.   Ar bhonn rialacha inmheánacha sonracha, a fhoilseofar ar a suíomhanna gréasáin faoi seach, féadfaidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais glacadh go heisceachtúil le hurraíocht chorparáideach ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tugtar aird chuí ar phrionsabail an neamh-idirdhealaithe, na comhréireachta, na córa comhionainne agus na trédhearcachta ag gach céim den nós imeachta chun glacadh le hurraíocht chorparáideach;

(b)

leis an urraíocht sin, cuirtear le híomhá dheimhneach an Aontais agus tá nasc díreach idir í agus príomhchuspóir an imeachta nó na gníomhaíochta;

(c)

ní cúis coinbhleachta leasa í agus ní bhaineann sí le himeachtaí sóisialta agus leo amháin;

(d)

ní trí urraíocht chorparáideach amháin a mhaoinítear an t-imeacht nó an ghníomhaíocht;

(e)

tá an tseirbhís atá i gcomaoin na hurraíochta corparáidí teoranta d’infheictheacht phoiblí thrádmharc nó ainm an urraitheora;

(f)

níl an t-urraitheoir, tráth an nós imeachta um urraíocht, i gceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagail 138(1) agus 143(1) agus níl an t-urraitheoir cláraithe mar eisiata sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 144(1).

3.   I gcás inar mó ná EUR 5 000 luach na hurraíochta corparáidí, liostófar an t-urraitheoir i gclár poiblí lena n-áirítear faisnéis faoi chineál an imeachta nó na gníomhaíochta atá á urrú nó á hurrú.

Airteagal 27

Rialacha maidir le hasbhaintí agus coigeartuithe ar ráta malairte

1.   Féadfar na hasbhaintí seo a leanas a bhaint as iarrataí íocaíochtaí a chuirfear ar aghaidh ansin chun an glanmhéid a íoc:

(a)

pionóis a fhorchuirtear ar pháirtithe i gconarthaí nó ar thairbhithe;

(b)

lascainí, aisíocaíochtaí agus lacáistí ar shonraisc aonair agus ar ráitis chostais;

(c)

ús a ghintear as íocaíochtaí réamh-mhaoiniúcháin;

(d)

coigeartuithe le haghaidh méideanna neamhdhlite a íocadh.

Féadfar na coigeartuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), a dhéanamh, trí bhíthin asbhaint dhíreach, ar íocaíocht nua eatramhach nó íocaíocht iarmhéid don íocaí céanna faoin gcaibidil, faoin airteagal agus faoin mbliain airgeadais ar ina leith a rinneadh an íocaíocht iomarcach.

Beidh feidhm ag rialacha cuntasaíochta an Aontais maidir leis na hasbhaintí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (c) agus (d).

2.   Déanfar an costas ar tháirgí agus ar sheirbhísí a sholáthraítear don Aontas, lena gcuirtear san áireamh cánacha a d’aisíoc na Ballstáit de bhun Phrótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, a mhuirearú ar an mbuiséad don mhéid roimh cháin.

3.   Féadfar an costas ar tháirgí agus ar sheirbhísí a sholáthraítear don Aontas, lena gcuirtear san áireamh cánacha a d’aisíoc tríú tíortha ar bhonn na gcomhaontuithe ábhartha, a mhuirearú ar an mbuiséad d’aon cheann de na méideanna seo a leanas:

(a)

an méid roimh cháin san áireamh;

(b)

an méid le cáin san áireamh.

Sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), caithfear le haisíocaíochtaí cánacha ina dhiaidh sin mar ioncam sannta inmheánach.

4.   Féadfar coigeartuithe a dhéanamh maidir leis na difríochtaí sna rátaí malairte a tharlaíonn i gcur chun feidhme an bhuiséid. Áireofar an gnóthachan deiridh nó an caillteanas deiridh san iarmhéid don bhliain airgeadais.

CAIBIDIL 6

Prionsabal na sonraíochta

Airteagal 28

Forálacha ginearálta

1.   Cuirfear leithreasuithe in áirithe chun críoch sonrach de réir teidil agus caibidle. Foroinnfear na caibidlí ansin ina n-airteagail agus ina míreanna.

2.   Féadfaidh an Coimisiún agus na hinstitiúidí eile de chuid an Aontais leithreasuithe a aistriú laistigh den bhuiséad faoi réir na gcoinníollacha sonracha a leagtar síos in Airteagail 29 go 32.

Ní fhéadfar leithreasuithe a aistriú ach amháin chuig línte buiséid a bhfuil leithreasuithe údaraithe ag an mbuiséad ina leith nó a bhfuil iontráil chomharthach pro memoria ag gabháil leo.

Déanfar na teorainneacha dá dtagraítear in Airteagail 29, 30 agus 31 a ríomh tráth a dhéantar an iarraidh ar aistriú agus i ndáil leis na leithreasuithe dá bhforáiltear sa bhuiséad, lena n-áirítear buiséid leasaitheacha.

Is é a bheidh sa mhéid atá le cur san áireamh chun na teorainneacha dá dtagraítear in Airteagail 29, 30 agus 31 a ríomh iomlán na n-aistrithe atá le déanamh ar an líne bhuiséid óna bhfuil na haistrithe á ndéanamh, tar éis an choigeartaithe do na haistrithe a rinneadh roimhe sin. Ní chuirfear san áireamh an méid a chomhfhreagraíonn do na haistrithe a dhéantar go neamhspleách ag an gCoimisiún nó ag aon institiúid eile lena mbaineann de chuid an Aontais d’uireasa cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Tograí i ndáil le haistrithe agus gach faisnéis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le haistrithe a dhéantar faoi Airteagail 29, 30 agus 31, beidh ag gabháil leo doiciméid tacaíochta iomchuí mhionsonraithe ina léirítear an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil maidir le cur chun feidhme na leithreasuithe agus meastacháin ar na riachtanais suas go deireadh na bliana airgeadais, do na línte buiséid a bhfuil na leithreasuithe le haistriú chucu agus do na línte óna bhfuil siad le haistriú araon.

Airteagal 29

Aistrithe arna ndéanamh ag institiúidí de chuid an Aontais seachas an Coimisiún

1.   Féadfaidh aon institiúid de chuid an Aontais seachas an Coimisiún, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, leithreasuithe a aistriú:

(a)

ó theideal amháin go teideal eile suas le huasmhéid 10 % de na leithreasuithe don bhliain airgeadais atá léirithe ar an líne bhuiséid óna ndéantar an t-aistriú;

(b)

ó chaibidil amháin go caibidil eile gan teorainn.

2.   Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, 3 seachtaine roimh aistriú a dhéanamh, dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an institiúid de chuid an Aontais in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gurb é sin atá beartaithe aici. I gcás ina ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóidí a bhfuil údar cuí leo a lua laistigh den tréimhse sin, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 31.

3.   Féadfaidh aon institiúid de chuid an Aontais seachas an Coimisiún a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, aistrithe a dhéanamh ó theideal amháin go teideal eile a sháraíonn an teorainn dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo. Is faoi réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 31 a bheidh na haistrithe sin.

4.   Féadfaidh aon institiúid de chuid an Aontais seachas an Coimisiún, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, aistrithe a dhéanamh laistigh d’airteagail gan Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle a chur ar an eolas roimh ré.

Airteagal 30

Aistrithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún

1.   Laistigh dá roinn féin den bhuiséad, féadfaidh an Coimisiún an méid seo a dhéanamh go neamhspleách:

(a)

leithreasuithe a aistriú laistigh de gach caibidil;

(b)

maidir le caiteachas ar fhoireann agus riarachán is coiteann do roinnt teideal, leithreasuithe a aistriú ó theideal amháin go teideal eile suas le huasmhéid 10 % de na leithreasuithe don bhliain airgeadais atá léirithe ar an líne bhuiséid óna ndéantar an t-aistriú, agus suas le huasmhéid 30 % de na leithreasuithe don bhliain airgeadais atá léirithe ar an líne bhuiséid chuig a ndéantar an t-aistriú;

(c)

maidir le caiteachas oibríochtúil, leithreasuithe a aistriú idir caibidlí laistigh den teideal céanna suas le huasmhéid 10 % de na leithreasuithe don bhliain airgeadais atá léirithe ar an líne bhuiséid óna ndéantar an t-aistriú;

(d)

maidir le leithreasuithe faoi chomhair taighde agus forbairt theicneolaíoch arna gcur chun feidhme ag JRC, laistigh de theideal an bhuiséid a bhaineann leis an réimse beartais ‘Taighde díreach’, leithreasuithe a aistriú idir caibidlí suas le huasmhéid 15 % de na leithreasuithe ar an líne bhuiséid óna ndéantar an t-aistriú;

(e)

maidir le taighde agus forbairt theicneolaíoch, leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí a aistriú ó theideal amháin go teideal eile, ar choinníoll gur chun na críche céanna a bhaintear úsáid as na leithreasuithe;

(f)

maidir le caiteachas oibríochtúil na gcistí a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, cé is moite de CERT, leithreasuithe a aistriú ó theideal amháin go teideal eile, ar choinníoll gurb ionann cuspóir do na leithreasuithe lena mbaineann de réir bhrí an Rialacháin lena mbunaítear an ciste lena mbaineann nó gur caiteachas cúnaimh theicniúil iad;

(g)

leithreasuithe a aistriú ó mhír bhuiséadach de chuid ráthaíocht bhuiséadach go mír bhuiséadach de chuid ráthaíocht bhuiséadach eile, sna cásanna eisceachtúla nuair nach leor na hacmhainní soláthartha sa chiste don soláthar coiteann den mhír bhuiséadach de chuid ráthaíocht bhuiséadach chun glao ráthaíochta a íoc agus faoi réir an méid iomlán a aistrítear a athbhunú ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 215(4).

Cumhdófar leis an gcaiteachas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo, maidir le gach réimse beartais, na míreanna dá dtagraítear in Airteagal 47(4).

I gcás ina n-aistríonn an Coimisiún leithreasuithe CERT de bhun na chéad fhomhíre tar éis an 31 Nollaig, déanfaidh sé a chinneadh faoin 31 Eanáir den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas laistigh de 2 sheachtain óna chinneadh maidir leis na haistrithe sin.

3 seachtaine roimh na haistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo a dhéanamh, cuirfidh an Coimisiún in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gurb é sin atá beartaithe aige. I gcás ina ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóidí a bhfuil údar cuí leo a lua laistigh den tréimhse sin, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 31.

De mhaolú ar an gceathrú fomhír, féadfaidh an Coimisiún, le linn 2 mhí dheireanacha na bliana airgeadais, leithreasuithe a bhaineann le caiteachas ar fhoireann, ar fhoireann sheachtrach agus ar ghníomhairí eile a aistriú go neamhspleách ó theideal amháin go teideal eile laistigh den teorainn iomlán de 5 % de na leithreasuithe don bhliain sin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas laistigh de 2 sheachtain óna chinneadh maidir leis na haistrithe sin.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, laistigh dá roinn féin den bhuiséad, cinneadh a dhéanamh maidir leis na leithreasuithe a leanas a aistriú ó theideal amháin go teideal eile, ar choinníoll go gcuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach i dtaobh a chinnidh:

(a)

leithreasuithe ón teideal ar a dtugtar ‘soláthairtí’ agus dá dtagraítear in Airteagal 49 den Rialachán seo a aistriú, más rud é gurb é an t-aon choinníoll amháin chun an cúlchiste a fhuascailt bunghníomh a ghlacadh de bhun Airteagal 294 CFAE;

(b)

i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo amhail tubaistí agus géarchéimeanna daonnúla idirnáisiúnta a tharlaíonn tar éis an 1 Nollaig den bhliain airgeadais sin, na leithreasuithe nár úsáideadh don bhliain sin atá fós ar fáil sna teidil a thagann faoi cheannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil atá tiomnaithe do ghníomhaíocht sheachtrach de chuid an Aontais a aistriú chuig na teidil a bhaineann le cabhair um bainistiú géarchéime agus le hoibríochtaí cabhrach daonnúla.

Airteagal 31

Tograí i leith aistriú a chuireann institiúidí an Aontais faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle

1.   Déanfaidh gach institiúid de chuid an Aontais a tograí i leith aistriú a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go comhuaineach.

2.   Féadfaidh an Coimisiún tograí le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a aistriú chuig na cistí a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte cé is moite de CERT a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 10 Eanáir den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Féadfar aistriú na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a dhéanamh ó aon mhír bhuiséadach. I gcásanna den sórt sin, déanfar an tréimhse 6 seachtaine dá dtagraítear i mír 4 a laghdú go 3 seachtaine.

Mura ndéanann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an t-aistriú a fhormheas nó mura ndéanann siad an t-aistriú a fhormheas ach go páirteach, muirearófar an chuid chomhfhreagrach den chaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 10(7), pointe (b), ar na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

3.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinntí maidir le haistrithe leithreasuithe i gcomhréir le míreanna 4 go 8.

4.   Ach amháin in imthosca práinne, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, agus an Chomhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, gach togra i leith aistriú a phlé laistigh de 6 seachtaine tar éis don dá institiúid é a fháil. In imthosca práinne, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a plé laistigh de 3 seachtaine ón togra a fháil.

5.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún leithreasuithe CERT a aistriú i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfidh sé tograí i leith aistriú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 10 Eanáir den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. I gcásanna den sórt sin, déanfar an tréimhse 6 seachtaine dá dtagraítear i mír 4 a laghdú go 3 seachtaine.

6.   Déanfar togra i leith aistriú a fhormheas, nó measfar gur formheasadh é, más rud é go dtarlaíonn aon cheann de na cásanna seo a leanas laistigh den tréimhse 6 seachtaine:

(a)

formheasann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é;

(b)

formheasann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é agus staonann an institiúid eile ó ghníomhú;

(c)

ní ghlacann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle cinneadh an togra i leith aistriú a leasú nó a dhiúltú.

7.   Mura n-iarrann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a mhalairt, déanfar an tréimhse 6 seachtaine dá dtagraítear i mír 4 a laghdú go 3 seachtaine sna cásanna seo a leanas:

(a)

is lú an t-aistriú ná 10 % de leithreasuithe na líne buiséid óna ndéantar an t-aistriú agus ní mó ná EUR 5 000 000 é;

(b)

is le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí amháin a bhaineann an t-aistriú agus ní mó ná EUR 100 000 000 méid iomlán an aistrithe.

8.   Má leasaíonn Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle méid an aistrithe agus má fhormheasann an institiúid eile é nó má staonann sí ó ghníomhú, nó má leasaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon méid an aistrithe, measfar gurb é an méid is lú den dá mhéid an méid atá formheasta, ach amháin má tharraingíonn an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais siar a togra i leith aistriú.

Airteagal 32

Aistrithe faoi réir forálacha speisialta

1.   Ní fhéadfar leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d’ioncam sannta a aistriú ach amháin i gcás ina n-úsáidtear ioncam den sórt sin chun na críche ar sannadh di é.

2.   Ar thogra ón gCoimisiún, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinntí maidir le haistrithe lena gceadófaí an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála a úsáid faoi Airteagal 9(1), pointe (b), de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093.

Chun críocha na míre seo, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 31(3) agus (4). Mura gcomhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leis an togra ón gCoimisiún agus más rud é nach féidir leo teacht ar chomhsheasamh, staonfaidh siad ó ghníomhú ar an togra sin.

Tograí maidir le haistrithe ón gCúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála le haghaidh cúnaimh faoi Airteagal 9(1), pointe (b), de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, beidh doiciméid tacaíochta iomchuí mhionsonraithe ag gabháil leo ina dtaispeántar an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil i ndáil le cur chun feidhme na leithreasuithe agus an meastachán ar na riachtanais suas go deireadh na bliana airgeadais don líne bhuiséid a ndéanfar an t-aistriú chuici;

(b)

anailís ar na féidearthachtaí maidir le leithreasuithe a ath-leithdháileadh.

CAIBIDIL 7

Prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus feidhmíocht

Airteagal 33

Feidhmíocht agus prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta

1.   Úsáidfear na leithreasuithe i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, agus ar an gcaoi sin cuirfear chun feidhme iad agus na prionsabail seo a leanas á n-urramú:

(a)

prionsabal na barainneachta lena gceanglaítear go gcuirfear ar fáil in am trátha, sa chainníocht iomchuí, ar an gcáilíocht iomchuí agus ag an bpraghas is fearr, na hacmhainní a úsáideann an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais agus a gníomhaíochtaí á saothrú aici;

(b)

prionsabal na héifeachtúlachta a bhaineann leis an ngaol is fearr idir na hacmhainní a úsáidtear, na gníomhaíochtaí a ghlactar ar láimh agus na cuspóirí a bhaintear amach;

(c)

prionsabal na héifeachtachta a bhaineann leis an méid a bhaintear amach na cuspóirí arna saothrú trí na gníomhaíochtaí a ghlactar ar láimh.

2.   I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, díreofar le húsáid na leithreasuithe ar an bhfeidhmíocht agus chuige sin:

(a)

bunófar na cuspóirí do chláir agus do ghníomhaíochtaí ex ante;

(b)

déanfar faireachán le táscairí feidhmíochta ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear cuspóirí príomhshruthaithe, i gcás inarb ábhartha;

(c)

maidir leis an dul chun cinn a dhéantar chun cuspóirí a bhaint amach, mar aon leis na fadhbanna a ghabhann le baint amach na gcuspóirí, déanfar iad a thuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 41(3), an chéad fhomhír, pointe (h), agus le hAirteagal 253(1), pointe (e);

(d)

déanfar cláir agus gníomhaíochtaí, i gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha ábhartha, a chur chun feidhme chun na cuspóirí a leagadh síos dóibh a bhaint amach gan dochar suntasach a dhéanamh do na cuspóirí comhshaoil a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide, le hoiriúnú don athrú aeráide, le húsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní uisce agus mara agus iad a chosaint, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, le cosc agus rialú ar thruailliú agus le bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athchóiriú, mar a leagtar amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44);

(e)

déanfar cláir agus gníomhaíochtaí a chur chun feidhme, i gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha ábhartha, chun na cuspóirí a leagadh síos dóibh a bhaint amach agus urraim á tabhairt do dhálaí oibre agus fostaíochta faoin dlí náisiúnta is infheidhme, faoi dhlí an Aontais is infheidhme, faoi choinbhinsiúin EIS is infheidhme agus faoi chomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme;

(f)

déanfar cláir agus gníomhaíochtaí a chur chun feidhme, i gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha ábhartha, agus prionsabal an chomhionannais inscne á chur san áireamh agus i gcomhréir le modheolaíocht iomchuí maidir le príomhshruthú inscne.

3.   Déanfar cuspóirí atá sonrach, intomhaiste, indéanta, ábhartha agus faoi cheangal ama dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus táscairí atá ábhartha, inghlactha, inchreidte, éasca, gonta, stóinsithe agus bunaithe ar fhianaise eolaíoch arna haithint go forleathan agus ar mhodheolaíocht éifeachtach, thrédhearcach agus chuimsitheach a shainiú i gcás inarb ábhartha. I gcás inarb iomchuí, déanfar na sonraí arna mbailiú i ndáil le táscairí den sórt sin a mhiondealú de réir inscne agus baileofar iad ar bhealach ina bhféadfar sonraí den sórt sin a chomhiomlánú ar fud na gclár ábhartha go léir.

Airteagal 34

Meastóireachtaí

1.   Beidh cláir agus gníomhaíochtaí a mbíonn caiteachas suntasach ag gabháil leo faoi réir meastóireacht ex ante agus meastóireacht shiarghabhálach, a bheidh comhréireach leis na cuspóirí agus leis an gcaiteachas.

2.   Beidh meastóireachtaí ex ante lena dtacaítear le cláir agus gníomhaíochtaí a ullmhú bunaithe ar fhianaise faoi fheidhmíocht clár gaolmhar nó gníomhaíochtaí gaolmhara agus sainaithneoidh siad na saincheisteanna a bhfuiltear le haghaidh a thabhairt orthu, an breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais, cuspóirí, éifeachtaí na roghanna éagsúla a bhfuiltear ag súil leo agus socruithe faireacháin agus meastóireachta agus déanfaidh siad anailís ar an méid sin.

I gcás cláir mhóra nó gníomhaíochtaí móra a mheastar a mbeidh tionchair shuntasacha eacnamaíocha, chomhshaoil nó shóisialta acu, féadfar an mheastóireacht ex ante a dhéanamh trí bhíthin measúnú tionchair lena ndéantar, i dteannta na gceanglas a leagtar amach sa chéad fhomhír, anailís ar na roghanna éagsúla maidir leis na modhanna cur chun feidhme.

3.   Le meastóireachtaí siarghabhálacha, déanfar measúnú ar fheidhmíocht an chláir nó na gníomhaíochta, lena n-áirítear gnéithe amhail éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, ábharthacht, agus breisluach an Aontais. Beidh meastóireachtaí siarghabhálacha bunaithe ar an bhfaisnéis a ghintear leis na socruithe faireacháin agus leis na táscairí a bunaíodh le haghaidh na gníomhaíochta lena mbaineann. Glacfar ar láimh iad uair amháin ar a laghad le linn théarma gach creata airgeadais ilbhliantúil agus, i gcás inarb indéanta, in am trátha sa chaoi is gur féidir na torthaí a chur san áireamh sna meastóireachtaí ex ante nó sna measúnuithe tionchair lena dtacaítear leis na cláir ghaolmhara agus na gníomhaíochtaí gaolmhara a ullmhú.

Airteagal 35

Ráiteas airgeadais éigeantach

1.   Maidir le haon togra nó tionscnamh a chuireann an Coimisiún, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) nó Ballstát faoi bhráid an údaráis reachtaigh, a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an mbuiséad, lena n-áirítear athruithe ar líon na bpost, beidh ráiteas airgeadais ag gabháil leis ina léirítear na meastacháin i dtéarmaí leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, trí mheasúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, agus trí mheastóireacht ex ante nó trí mheasúnú tionchair dá bhforáiltear in Airteagal 34.

Aon leasú ar thogra nó ar thionscnamh a chuirtear faoi bhráid an údaráis reachtaigh a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar an mbuiséad, lena n-áirítear athruithe ar líon na bpost, beidh ráiteas airgeadais ag gabháil leis arna ullmhú ag an institiúid de chuid an Aontais a bhfuil an leasú á mholadh aici.

Sa ráiteas airgeadais beidh na sonraí airgeadais agus eacnamaíocha is gá don mheasúnú a dhéanann an t-údarás reachtach ar an ngá atá le gníomhaíocht ón Aontas. Beidh an fhaisnéis iomchuí ann maidir le comhleanúnachas le gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais agus aon sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann.

I gcás oibríochtaí ilbhliantúla, beidh sa ráiteas airgeadais sceideal intuartha na riachtanas bliantúil i dtéarmaí leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus post, lena n-áirítear le haghaidh foireann sheachtrach, agus meastóireacht ar an toradh airgeadais meántéarmach agus, i gcás inar féidir, ar an toradh airgeadais fadtéarmach.

2.   Le linn an nós imeachta bhuiséadaigh, soláthróidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun comparáid a dhéanamh idir athruithe sna leithreasuithe a éilítear agus na réamhaisnéisí tosaigh a dhéantar sa ráiteas airgeadais i bhfianaise an dul chun cinn atá déanta sa phlé i ndáil leis an togra nó leis an tionscnamh a chuirtear faoi bhráid an údaráis reachtaigh.

3.   Chun an riosca calaoise, neamhrialtachtaí agus neamhchomhlíonadh cuspóirí a laghdú, beidh sa ráiteas airgeadais faisnéis faoin gcóras rialaithe inmheánaigh atá curtha ar bun, meastachán ar chostais agus tairbhí na rialuithe atá i gceist le córas den sórt sin agus measúnú ar leibhéal an riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis, agus beidh faisnéis ann freisin faoi na bearta atá ann cheana agus atá beartaithe, ar bearta cosanta agus bearta chun calaois a chosc iad.

Déanfaidh measúnú den sórt sin scála dóchúil agus cineál dóchúil na n-earráidí a chur i gcuntas, mar aon le coinníollacha sonracha an réimse beartais lena mbaineann agus na rialacha is infheidhme maidir leis.

4.   Agus tograí caiteachais nua nó athbhreithnithe á dtíolacadh ag an gCoimisiún, déanfaidh sé meastachán ar chostais agus tairbhí na gcóras rialaithe, mar aon leis an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 36

Rialú inmheánach ar chur chun feidhme an bhuiséid

1.   De bhun phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, cuirfear an buiséad chun feidhme i gcomhréir le rialú inmheánach éifeachtach agus éifeachtúil mar is iomchuí do gach modh cur chun feidhme, agus i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha ábhartha.

2.   Chun críocha chur chun feidhme an bhuiséid, cuirfear rialú inmheánach i bhfeidhm ar gach leibhéal bainistíochta agus beidh sé deartha chun dearbhú réasúnach a thabhairt go ngnóthófar na cuspóirí seo a leanas:

(a)

éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht oibríochtaí;

(b)

iontaofacht tuairiscithe;

(c)

acmhainní agus faisnéis a choimirciú;

(d)

neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus obair leantach a dhéanamh orthu, lena n-áirítear calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte , agus freisin trí úsáid dheonach a bhaint as córas faisnéise agus faireacháin comhtháite agus idir-inoibritheach aonair, lena n-áirítear uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca aonair, arna soláthar ag an gCoimisiún, agus lenar féidir sonraí faoi fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais, lena n-áirítear a n-úinéirí tairbhiúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849, a rochtain agus a aisghabháil, a thaifeadadh, a stóráil agus a anailísiú go huathoibríoch agus go leictreonach, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha;

(e)

bainistíocht leormhaith ar na rioscaí a bhaineann le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart foluiteach, agus cineál ilbhliantúil na gclár chomh maith le cineál na n-íocaíochtaí lena mbaineann á gcur san áireamh.

3.   Beidh rialú inmheánach éifeachtach bunaithe ar na cleachtais idirnáisiúnta is fearr agus beidh na heilimintí seo a leanas, go háirithe, ar áireamh ann:

(a)

cúraimí a leithscaradh;

(b)

straitéis iomchuí bainistíochta agus rialaithe riosca a bhfuil rialú ar leibhéal an fhaighteora ar áireamh inti;

(c)

rianta iniúchta leormhaithe agus sláine sonraí i gcórais sonraí, lena n-áirítear cinn leictreonacha;

(d)

nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht;

(e)

nósanna imeachta chun obair leantach a dhéanamh ar laigí aitheanta rialaithe inmheánaigh agus ar eisceachtaí;

(f)

measúnú tréimhsiúil ar fheidhmiú fónta an chórais rialaithe inmheánaigh.

4.   Beidh rialú inmheánach éifeachtúil bunaithe ar na heilimintí seo a leanas:

(a)

straitéis iomchuí bainistíochta riosca agus rialaithe a chur chun feidhme , arna comhordú idir na gníomhaithe iomchuí a bhíonn bainteach leis an slabhra rialaithe;

(b)

inrochtaineacht ag na gníomhaithe uile iomchuí sa slabhra rialaithe ar na torthaí ar na rialuithe a dhéantar;

(c)

spleáchas, i gcás inarb iomchuí, ar dhearbhuithe bainistíochta ó chomhpháirtithe cur chun feidhme agus ar thuairimí neamhspleácha iniúchta, ar choinníoll go bhfuil cáilíocht na hoibre foluití leormhaith agus inghlactha agus go ndearnadh í i gcomhréir le caighdeáin chomhaontaithe;

(d)

cur i bhfeidhm tráthúil beart ceartaitheach lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, pionóis athchomhairleacha;

(e)

reachtaíocht shoiléir agus gan débhrí a bheith mar bhonn leis na beartais lena mbaineann, lena n-áirítear bunghníomhartha maidir le heilimintí an rialaithe inmheánaigh;

(f)

deireadh a chur le rialuithe iolracha;

(g)

cóimheas costais agus tairbhe rialuithe a fheabhsú.

5.   Más rud é, le linn cur chun feidhme, go bhfuil an leibhéal earráide ard ar bhonn seasmhach, sainaithneoidh an Coimisiún na laigí sna córais rialaithe, déanfaidh sé anailís ar na costais agus na tairbhí a bhaineann le bearta ceartaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus déanfaidh sé nó molfaidh sé gníomhaíocht iomchuí, amhail na forálacha is infheidhme a shimpliú, na córais rialaithe a fheabhsú agus an clár nó na córais seachadta a athdhearadh.

6.   Chun críocha mhír 2, pointe (d), den Airteagal seo, agus gan dochar don dara fomhír den mhír seo, déanfaidh institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais agus daoine nó eintitis a chuireann an buiséad chun feidhme de bhun Airteagal 62(1) an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil don Choimisiún go leictreonach, i bhformáid idir-inoibritheach agus mheaisín-inléite.

(a)

maidir leis an bhfaighteoir: an fhaisnéis uile a liostaítear in Airteagal 38(2), pointí (a), (b) agus (c), agus in Airteagal 38(6), an dara fomhír, agus, i gcás duine nádúrtha, an dáta breithe freisin;

(b)

maidir leis an oibríocht: an fhaisnéis uile a liostaítear in Airteagal 38(2), pointí (d) agus (e), chomh maith le haitheantóir uathúil na hoibríochta;

(c)

maidir le húinéir tairbhiúil nó úinéirí tairbhiúla an fhaighteora, i gcás nach duine nádúrtha an faighteoir: an céadainm nó na céadainmneacha, sloinne nó sloinnte, dáta breithe, agus uimhir nó uimhreacha aitheantais CBL nó uimhir nó uimhreacha aitheantais cánach i gcás ina bhfuil siad ar fáil nó aitheantóir uathúil eile ar leibhéal na tíre.

Chun críocha an Airteagail seo, i gcás ina bhfaigheann na Ballstáit an buiséad agus ina gcuireann siad chun feidhme é de bhun Airteagal 62(1), ní thabharfaidh siad rochtain don Choimisiún ar an bhfaisnéis a leagtar amach sa chéad fhomhír ach amháin i gcás ina bhfuil oibleagáid orthu faisnéis den sórt sin a thaifeadadh agus a stóráil i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha. In éagmais oibleagáid den sórt sin faoi rialacha earnáilsonracha, féadfaidh na Ballstáit rochtain a thabhairt don Choimisiún ar an bhfaisnéis atá acu dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar bhonn deonach.

Tíolacfaidh an Coimisiún faoi dheireadh 2027 measúnú ar ullmhacht an chórais dá dtagraítear i mír 2, pointe (d) den Airteagal seo, maidir leis na critéir seo a leanas:

(a)

áirithítear idir-inoibritheacht le córais agus bunachair sonraí TF ábhartha, lena n-áirítear córais agus bunachair sonraí na mBallstát, lenar féidir an fhaisnéis ábhartha a aistriú go huathoibríoch i bhfíor-am i gcás inarb indéanta, agus dúbláil tuairiscithe á seachaint;

(b)

tá na táscairí riosca a úsáideann an córas dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), den Airteagal seo aonfhoirmeach, oibiachtúil agus comhréireach go leor agus riachtanach le haghaidh measúnú riosca, agus tá siad bunaithe ar fhoinsí iontaofa faisnéise;

(c)

leis an gcóras dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), den Airteagal seo, ceadaítear an intleacht shaorga a úsáid chun sonraí a anailísiú agus a léirmhíniú;

(d)

comhlíonann an córas dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), de mhír 2 den Airteagal seo na prionsabail ghinearálta maidir le cosaint sonraí.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ an bailiú íosta sonraí is gá ó fhoinsí éagsúla agus an chumarsáid eatarthu chun go ndéanfar measúnú ar na sonraí agus go ndéanfar meastóireacht éifeachtach ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann.

Féadfaidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, na Ballstáit agus daoine nó eintitis a chuireann an buiséad chun feidhme de bhun Airteagal 62(1) an córas dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), den Airteagal seo a úsáid ar bhonn deonach.

7.   Déanfar an córas dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), den Airteagal seo a dhearadh chun measúnú riosca a éascú chun críoch roghnaithe, dámhachtana, bainistíochta airgeadais, faireacháin, imscrúdaithe, rialaithe agus iniúchóireachta agus chun rannchuidiú le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú ar bhealach éifeachtach agus le hobair leantach éifeachtach a dhéanamh orthu, lena n-áirítear calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte agus:

(a)

ní úsáidfear leis ach táscairí riosca atá oibiachtúil, comhréireach agus riachtanach le haghaidh measúnú riosca, agus atá bunaithe ar fhoinsí iontaofa sonraí agus faisnéise;

(b)

dearfar é lena úsáid i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear íoslaghdú sonraí agus teorannú stórála, is infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta;

Maidir le rochtain ar na sonraí arna bpróiseáil ag an gcóras dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), den Airteagal seo, comhlíonfaidh sí na rialacha cosanta sonraí is infheidhme, urramóidh sí prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta agus beidh sí teoranta d’institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais a chuireann an buiséad chun feidhme, do na Ballstáit a chuireann an buiséad chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (b), do na Ballstáit a fhaigheann agus a chuireann chun feidhme cistí de chuid an Aontais faoi Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), do dhaoine nó d’eintitis a chuireann an buiséad chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), do chomhlachtaí imscrúdaitheacha, rialaithe agus iniúchóireachta de chuid an Aontais, lena n-áirítear OLAF, an Chúirt Iniúchóirí agus OIPE, laistigh d’fheidhmiú a n-inniúlachtaí faoi seach. Déanfar na sonraí atá ar fáil tríd an gcóras dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), den Airteagal seo a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn cás ar chás a mhéid is gá agus is comhréireach laistigh d’fheidhmiú a n-inniúlachtaí faoi seach, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh don Choimisiún.

Is é an Coimisiún a bheidh ina rialaitheoir de réir bhrí Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus beidh sé freagrach as an gcóras dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), den Airteagal seo a fhorbairt agus a bhainistiú agus as maoirseacht a dhéanamh air, as slándáil, sláine agus rúndacht na sonraí a áirithiú, as na húsáideoirí a fhíordheimhniú agus as an gcóras TF a chosaint ar mhíbhainistiú agus mí-úsáid.

Stórálfar sonraí ar feadh na tréimhse is gá agus is comhréireach chun an cuspóir a chinntear i mír 2, pointe (d), a chomhlíonadh. Ní rachaidh an uastréimhse stórála fhéideartha thar 10 mbliana ón éileamh deiridh ar íocaíocht don tréimhse a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin.

8.   Chun críocha mhír 2, pointe (d), den Airteagal seo, Airteagal 144(2) agus Airteagal 147, agus sa bhreis ar aon riail earnáilsonrach is infheidhme, déanfaidh daoine agus eintitis a chuireann an buiséad chun feidhme faoi Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (b), agus daoine agus eintitis a chuireann cistí chun feidhme, i gcás ina gcuirtear an buiséad chun feidhme faoi Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), leis na Ballstáit, a tharchur chuig an gCoimisiún trí aon bhealach oifigiúil, amhail an córas faisnéise uathoibrithe arna bhunú ag an gCoimisiún agus atá in úsáid faoi láthair chun calaois agus neamhrialtachtaí a thuairisciú (‘an Córas Bainistíochta Neamhrialtachtaí’), faisnéis faoi fhíorais agus fionnachtana nár suíodh ach i gcomhthéacs breithiúnas críochnaitheach nó cinntí riaracháin críochnaitheacha faoi threoir na bhforas a leagtar amach in Airteagal 138(1), pointe (c)(iv) agus pointe (d), nuair a thagann siad ar an eolas faoi fhaisnéis den sórt sin. Chun na gcríoch céanna, tarchuirfidh na Ballstáit faisnéis riachtanach eile arna hiarraidh ag an gCoimisiún, go háirithe faisnéis a bhaineann leis an obair leantach riaracháin.

9.   Maidir leis na Ballstáit a fhaigheann agus a chuireann chun feidhme cistí de chuid an Aontais faoi Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), cuirfidh siad i bhfeidhm míreanna 1 go 7 den Airteagal seo.

10.   Chun críocha chur i bhfeidhm cheanglais mhíreanna 2, 3 agus 6 den Airteagal seo ag na Ballstáit a chuireann chun feidhme an buiséad faoi Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (b), tuigfear gur tagairtí d’fhaighteoirí dá dtagraítear in Airteagal 38(1), an dara fomhír, na tagairtí d’fhaighteoirí.

11.   Mar chuid dá straitéis rialaithe, dearfaidh agus déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, rialuithe agus iniúchtaí ina n-úsáidtear uirlisí TF uathoibrithe agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

CAIBIDIL 8

Prionsabal na trédhearcachta

Airteagal 37

Cuntais agus buiséid a fhoilsiú

1.   Bunófar an buiséad agus cuirfear chun feidhme é agus tíolacfar na cuntais i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta.

2.   Déanfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an buiséad agus aon bhuiséad leasaitheach, arna ghlacadh go críochnaitheach é, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Foilseofar na buiséid laistigh de 3 mhí tar éis an dáta a dhearbhófar go bhfuil siad glactha go críochnaitheach.

Sula bhfoilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, foilseofar figiúirí mionsonraithe deireanacha an bhuiséid i ngach teanga ar shuíomh gréasáin institiúidí an Aontais, ar thionscnamh an Choimisiúin, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 4 seachtaine ón dáta a ghlacfar an buiséad go críochnaitheach.

Déanfar na cuntais chomhdhlúite bhliantúla a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin institiúidí an Aontais.

Airteagal 38

Faisnéis maidir le faighteoirí agus faisnéis eile a fhoilsiú

1.   Cuirfidh an Coimisiún ar fáil ar shuíomh gréasáin láraithe faisnéis maidir le faighteoirí cistí a mhaoinítear ón mbuiséad tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh den bhliain tar éis na bliana airgeadais inar gealladh na cistí go dlíthiúil, i gcás ina gcuireann sé féin an buiséad chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), i gcás ina gcuireann institiúidí de chuid an Aontais chun feidhme é i gcomhréir le hAirteagal 59(1), agus i gcás ina gcuireann na comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 chun feidhme é.

I gcás ina gcuirtear chun feidhme an buiséad i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointí (b) agus (c), agus leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), cuirfidh an Coimisiún ar fáil ar a shuíomh gréasáin láraithe, dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, faisnéis maidir le faighteoirí tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh den bhliain tar éis na bliana airgeadais inar bunaíodh an conradh nó an comhaontú lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta. I gcás ina gcuirtear chun feidhme an buiséad i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (b), tuigfear gur tagairtí d’fhaighteoirí, conraitheoirí, fochonraitheoirí agus tairbhithe dá dtagraítear sna rialacha earnáilsonracha iad na tagairtí d’fhaighteoirí. Déanfar faisnéis a liostaítear faoi mhír 2 den Airteagal seo d’fhaighteoirí den sórt sin a fhoilsiú ar choinníoll go gceanglaítear le rialacha earnáilsonracha iad a bhailiú agus a stóráil.

2.   Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i mír 3, agus ag féachaint go hiomchuí do na ceanglais a bhaineann le rúndacht agus le slándáil, go háirithe do chosaint sonraí pearsanta, foilseofar an fhaisnéis seo a leanas i bhformáid atá oscailte, idir-inoibritheach agus meaisín-inléite, lenar féidir sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint, a chur i gcomparáid agus a athúsáid:

(a)

cé acu is duine nádúrtha nó duine dlítheanach an faighteoir;

(b)

ainm dlíthiúil iomlán an fhaighteora i gcás duine dlítheanach agus a uimhir aitheantais CBL nó uimhir aitheantais cánach i gcás ina bhfuil fáil uirthi nó aitheantóir eile uathúil arna bhunú ar leibhéal na tíre, céadainm agus sloinne an fhaighteora i gcás duine nádúrtha;

(c)

dúiche an fhaighteora, eadhon:

(i)

seoladh an fhaighteora nuair is duine dlítheanach an faighteoir;

(ii)

an réigiún ar leibhéal NUTS 2 nuair is duine nádúrtha an faighteoir agus sainchónaí ar an duine sin san Aontas nó an tír nuair is duine nádúrtha an faighteoir agus nach bhfuil sainchónaí ar an duine sin san Aontas;

(d)

an méid a gealladh agus, i gcás gealltanas a bhfuil faighteoirí iolracha ag baint leis, miondealú an mhéid sin in aghaidh an fhaighteora i gcás ina bhfuil fáil air;

(e)

cineál agus cuspóir an bhirt.

3.   Ní fhoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus ní thíolacfar í lena foilsiú i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)

tacaíochtaí oideachais a íoctar le daoine nádúrtha agus tacaíocht dhíreach eile a íoctar leis na daoine nádúrtha is mó atá ina gátar dá dtagraítear in Airteagal 194(4), pointe (b);

(b)

conarthaí ar luach an-íseal arna ndámhachtain do shaineolaithe arna roghnú de bhun Airteagal 242(2) chomh maith le conarthaí ar luach an-íseal atá faoi bhun an mhéid dá dtagraítear i bpointe 14.4 d’Iarscríbhinn I;

(c)

tacaíocht airgeadais a sholáthraítear trí ionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha i gcás méid níos lú ná EUR 500 000;

(d)

i gcás inar baol nochtadh na faisnéise sin do chearta agus saoirsí na ndaoine nó na n-eintiteas lena mbaineann, mar a chosnaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, nó i gcás ina ndéanann sé dochar do leasanna tráchtála na bhfaighteoirí;

(e)

i gcás nach gá í a fhoilsiú de réir rialacha earnáilsonracha i gcás ina gcuirtear chun feidhme an buiséad i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (b).

Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), ní bheidh san fhaisnéis sin a chuirtear ar fáil ach sonraí staidrimh, arna gcomhiomlánú i gcomhréir le critéir ábhartha, amhail suíomh geografach, tíopeolaíocht eacnamaíoch na bhfaighteoirí, an cineál tacaíochta a fuair siad agus an réimse beartais de chuid an Aontais faoinar soláthraíodh tacaíocht den sórt sin.

A mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha, beidh nochtadh na faisnéise dá dtagraítear i mír 2 bunaithe ar chritéir ábhartha amhail minicíocht nó cineál an bhirt agus na méideanna atá i gceist.

4.   Maidir leis na daoine nó leis na heintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), foilseoidh siad faisnéis maidir le faighteoirí i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta na ndaoine nó na n-eintiteas sin, a mhéid a mheastar go bhfuil na rialacha sin coibhéiseach tar éis an mheasúnaithe arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 157(3) agus (4), an chéad fhomhír, pointe (e), agus ar choinníoll go bhfuil aon fhoilsiú sonraí pearsanta faoi réir coimircí atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach san Airteagal seo.

Déanfaidh na comhlachtaí a ainmnítear de bhun Airteagal 63(3) faisnéis a fhoilsiú i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha. Féadfar na rialacha earnáilsonracha sin a mhaolú, i gcomhréir leis an mbunús dlí ábhartha, ar mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo agus sainiúlachtaí na hearnála lena mbaineann á gcur san áireamh.

Maidir leis na Ballstáit a fhaigheann agus a chuireann chun feidhme cistí de chuid an Aontais faoi Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), áiritheoidh siad go ndéanfar foilsiú ex post ar fhaisnéis maidir lena bhfaighteoirí, ar shuíomh gréasáin láraithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

5.   Ar shuíomhanna gréasáin institiúidí de chuid an Aontais, beidh tagairt don suíomh gréasáin láraithe dá dtagraítear i mír 1 ar ar féidir teacht ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin.

Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil, ar bhealach tráthúil iomchuí, faoin suíomh gréasáin láraithe dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear tagairt dá sheoladh, ar ar féidir teacht ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit, na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 4.

6.   Chun críocha na chéad fhomhíre agus an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo agus gan dochar do mhíreanna 3 agus 4 den Airteagal seo agus do rialacha earnáilsonracha, úsáidfidh an Coimisiún na sonraí ábhartha a stóráiltear sa chóras dá dtagraítear in Airteagal 36(2), pointe (d), chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur ar an suíomh gréasáin láraithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Ina theannta sin, áireofar freisin sna sonraí uimhir aitheantais CBL nó uimhir aitheantais cánach daoine nádúrtha i gcás ina bhfuil fáil uirthi nó aitheantóir uathúil eile arna bhunú ar leibhéal na tíre d’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí a tharchuirtear gan iad a úsáid lena bhfoilsiú.

7.   I gcás ina bhfoilsítear sonraí pearsanta, bainfear an fhaisnéis 2 bhliain tar éis dheireadh na bliana airgeadais inar gealladh na cistí go dlíthiúil.

I gcás ina gcuirtear chun feidhme an buiséad i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointí (b) agus (c), bainfear na sonraí pearsanta 2 bhliain tar éis dheireadh na bliana airgeadais inar bunaíodh an conradh nó an comhaontú lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

TEIDEAL III

BUNÚ AGUS STRUCHTÚR AN BHUISÉID

CAIBIDIL 1

An buiséad a bhunú

Airteagal 39

Meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas

1.   Déanfaidh gach institiúid de chuid an Aontais seachas an Coimisiún meastachán a tharraingt suas maidir lena hioncam agus maidir lena caiteachas, agus seolfaidh sí é chuig an gCoimisiún, agus go comhthreomhar, mar fhaisnéis, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, roimh an 1 Iúil gach bliain.

2.   Rachaidh an tArdionadaí i gcomhairle leis na comhaltaí sin den Choimisiún atá freagrach as an mbeartas forbartha, as an mbeartas comharsanachta, as an gcomhar idirnáisiúnta, as cabhair dhaonnúil agus as freagairt i gcás géarchéime, maidir leis na freagrachtaí atá orthu faoi seach.

3.   Déanfaidh an Coimisiún a mheastacháin féin a tharraingt suas, agus seolfaidh sé iad chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go díreach tar éis iad a ghlacadh. Agus a mheastacháin á n-ullmhú aige, úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 40.

Airteagal 40

Buiséad measta na gcomhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 70

Faoin 31 Eanáir gach bliain, déanfaidh gach comhlacht de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 70, i gcomhréir leis an ionstraim lenar bunaíodh é, a dhréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair, ina bhfuil a chlársceidealú bliantúil agus a chlársceidealú ilbhliantúil mar aon leis an bpleanáil chomhfhreagrach le haghaidh acmhainní daonna agus airgeadais, a sheoladh chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 41

Dréachtbhuiséad

1.   Tíolacfaidh an Coimisiún togra ina bhfuil an dréachtbhuiséad do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 1 Meán Fómhair den bhliain roimh an mbliain ina bhfuil an buiséad le cur chun feidhme. Déanfaidh sé an togra sin a tharchur, mar fhaisnéis, chuig na parlaimintí náisiúnta.

Beidh ráiteas achomair ginearálta ar ioncam agus ar chaiteachas an Aontais sa dréachtbhuiséad agus comhdhlúthófar leis na meastacháin dá dtagraítear in Airteagal 39. Féadfar freisin meastacháin dhifriúla ó na meastacháin arna dtarraingt suas ag institiúidí de chuid an Aontais a bheith san áireamh ann.

Leanfaidh an buiséad an struchtúr agus an leagan amach a leagtar amach in Airteagail 47 go 52.

Beidh réamhrá arna tharraingt suas ag an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais ag gabháil le gach roinn den dréachtbhuiséad.

Déanfaidh an Coimisiún réamhrá ginearálta an dréachtbhuiséid a tharraingt suas. Is é a bheidh sa réamhrá ginearálta táblaí airgeadais ina bhfuil na príomhshonraí de réir teideal agus na húdair atá leis na hathruithe ar na leithreasuithe ó bhliain airgeadais go chéile de réir chatagóirí caiteachais an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.   Chun tuartha níos cruinne agus níos iontaofa a sholáthar maidir le himpleachtaí buiséadacha na reachtaíochta atá i bhfeidhm agus maidir leis na tograí reachtacha ar feitheamh, cuirfidh an Coimisiún clárú airgeadais táscach le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin i gceangal leis an dréachtbhuiséad, agus é struchtúraithe de réir catagóir caiteachais, réimse beartais agus líne bhuiséid. Leis an gclárú airgeadais iomlán, cumhdófar na catagóirí caiteachais a chumhdaítear le pointe 26 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020. Soláthrófar sonraí achomair do na catagóirí caiteachais nach gcumhdaítear le pointe 26 den Chomhaontú Idirinstitiúideach sin.

Déanfar an clárú airgeadais táscach a nuashonrú tar éis ghlacadh an bhuiséid chun torthaí an nós imeachta bhuiséadaigh agus aon chinneadh ábhartha eile a ionchorprú.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas i gceangal leis an dréachtbhuiséad:

(a)

tábla comparáideach lena n-áirítear an dréachtbhuiséad d’institiúidí eile de chuid an Aontais agus meastacháin bunaidh institiúidí eile de chuid an Aontais a seoladh chuig an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, lena leagtar amach na cúiseanna a bhfuil meastacháin atá difriúil leis na meastacháin arna dtarraingt suas ag institiúidí eile de chuid an Aontais sa dréachtbhuiséad;

(b)

aon doiciméad oibre a mheasann sé a bheith úsáideach i ndáil le pleananna bunaíochta institiúidí de chuid an Aontais, lena dtaispeántar an plean bunaíochta údaraithe is déanaí agus lena gcuirtear an méid seo a leanas i láthair:

(i)

an fhoireann uile atá fostaithe ag an Aontas, arna dtaispeáint de réir chineál an chonartha fostaíochta;

(ii)

ráiteas faoin mbeartas i ndáil le poist agus le pearsanra seachtrach agus cothromaíocht inscne;

(iii)

líon na bpost atá líonta go hiarbhír ar lá deireanach na bliana roimh an mbliain ina gcuirtear an dréachtbhuiséad i láthair agus an meán bliantúil coibhéisí foirne lánaimseartha atá socraithe go hiarbhír, mar mheán bliantúil, don bhliain roimhe sin, lena léirítear conas a dháiltear iad de réir gráid, inscne agus aonad riaracháin;

(iv)

liosta de phoist arna mhiondealú de réir réimse beartais;

(v)

maidir le gach catagóir d’fhoireann sheachtrach, an líon measta tosaigh de choibhéisí foirne lánaimseartha ar bhonn na leithreasuithe údaraithe, chomh maith le líon na ndaoine atá socraithe go hiarbhír ag tús na bliana ina gcuirtear an dréachtbhuiséad i láthair, lena léirítear conas a dháiltear iad de réir grúpa feidhme agus, de réir mar is iomchuí, de réir gráid;

(c)

maidir leis na comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71, doiciméad oibre lena leagfar amach an t-ioncam agus an caiteachas, chomh maith le gach faisnéis faoin bhfoireann dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír seo;

(d)

doiciméad oibre maidir le cur chun feidhme pleanáilte na leithreasuithe don bhliain airgeadais, faisnéis faoi chur chun feidhme an ioncaim shannta sa bhliain roimhe sin, lena n-áirítear faisnéis faoi na méideanna a tugadh anonn go dtí an bhliain airgeadais agus faoi ghealltanais gan íoc;

(e)

a mhéid a bhaineann le leithreasuithe le haghaidh riaracháin, doiciméad oibre lena leagtar amach an caiteachas riaracháin atá le cur chun feidhme ag an gCoimisiún faoina roinn den bhuiséad agus doiciméad oibre maidir le beartas foirgníochta an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 272(1);

(f)

doiciméad oibre maidir le treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin ina bhfuil measúnú ar na torthaí agus ar an obair leantach atá beartaithe;

(g)

a mhéid a bhaineann le cistiú d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, doiciméad oibre ina bhfuil na nithe seo a leanas:

(i)

achoimre ar na ranníocaíochtaí uile, lena ngabhann miondealú de réir clár nó ciste de chuid an Aontais agus de réir na heagraíochta idirnáisiúnta;

(ii)

ráiteas ina mínítear na cúiseanna a bhfuil sé níos éifeachtúla don Aontas na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin a chistiú seachas gníomhú go díreach;

(h)

ráitis chláir nó aon doiciméad eile is ábhartha ina bhfuil na nithe seo a leanas:

(i)

léiriú i leith na mbeartas agus na gcuspóirí de chuid an Aontais lena bhfuil an clár le rannchuidiú;

(ii)

réasúnaíocht shoiléir le haghaidh idirghabháil ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir, inter alia, le prionsabal na coimhdeachta;

(iii)

dul chun cinn maidir le cuspóirí cláir a bhaint amach, mar a shonraítear in Airteagal 33;

(iv)

údar iomlán, lena n-áirítear anailís chostais agus tairbhe ar na hathruithe atá beartaithe ar leibhéal na leithreasuithe;

(v)

faisnéis ar rátaí cur chun feidhme an chláir don bhliain reatha agus don bhliain airgeadais roimhe sin;

(i)

ráiteas achomair ar sceideal na n-íocaíochtaí lena ndéantar achoimre, de réir clár agus de réir ceannteideal, ar íocaíochtaí atá dlite sna blianta airgeadais ina dhiaidh sin chun gealltanais bhuiséadacha a mholtar sa dréachtbhuiséad agus a rinneadh i mblianta airgeadais roimhe sin a chomhlíonadh.

I gcás ina n-úsáideann comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí ionstraimí airgeadais, cuirfear an fhaisnéis a bhaineann leis na hionstraimí sin san áireamh sa doiciméad oibre dá dtagraítear i mír 4.

4.   I gcás ina n-úsáideann an Coimisiún ionstraimí airgeadais, cuirfidh sé i gceangal leis an dréachtbhuiséad doiciméad oibre ina bhfuil an méid seo a leanas maidir le gach ionstraim airgeadais:

(a)

tagairt don ionstraim airgeadais agus dá bunghníomh, mar aon le tuairisc ghinearálta ar an ionstraim, ar an tionchar atá aici ar an mbuiséad, ar a fad agus ar bhreisluach na ranníocaíochta ón Aontas;

(b)

na hinstitiúidí airgeadais a bhfuil baint acu leis an gcur chun feidhme, lena n-áirítear aon saincheisteanna i ndáil le cur chun feidhme Airteagal 158(2);

(c)

rannchuidiú na hionstraime airgeadais le cuspóirí an chláir lena mbaineann a bhaint amach arna thomhas leis na táscairí bunaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an t-éagsúlú geografach;

(d)

na hoibríochtaí atá beartaithe, lena n-áirítear na spriocmhéideanna atá bunaithe ar an spriocghiaráil agus ar an gcaipiteal príobháideach ionchasach atá le slógadh nó, i gcás nach bhfuil siad ar fáil, ar an éifeacht ghiarála a eascraíonn ó na hionstraimí airgeadais atá ann cheana;

(e)

línte buiséid a chomhfhreagraíonn do na hoibríochtaí ábhartha agus méid comhiomlán na ngealltanas buiséadach agus na n-íocaíochtaí as an mbuiséad;

(f)

an mheánré idir an gealltanas buiséadach do na hionstraimí airgeadais agus na gealltanais dhlíthiúla do thionscadail aonair i bhfoirm cothromais nó fiachais, i gcás ina dtéann an tréimhse sin thar 3 bliana;

(g)

ioncam agus aisíocaíochtaí faoi Airteagal 212(3), a leagtar amach ar leithligh, lena n-áirítear meastóireacht ar a n-úsáid;

(h)

luach infheistíochtaí cothromais, maidir le blianta roimhe sin;

(i)

méid iomlán na soláthairtí do rioscaí agus dliteanais, mar aon le faisnéis faoi neamhchosaint an Aontais ar riosca airgeadais, lena n-áirítear aon dliteanas teagmhasach;

(j)

caillteanais réadaithe ó shócmhainní agus ráthaíochtaí gairthe don bhliain roimhe sin agus do na figiúirí carntha faoi seach araon;

(k)

feidhmíocht na hionstraime airgeadais, lena n-áirítear na hinfheistíochtaí réadaithe, an spriocéifeacht ghiarála agus an éifeacht ghiarála a baineadh amach agus éifeachtaí iolraitheora, agus méid an chaipitil phríobháidigh a slógadh;

(l)

na hacmhainní soláthartha sa chiste don soláthar coiteann agus, nuair is infheidhme, iarmhéid an chuntais mhuinínigh.

Cuirfear ar áireamh freisin sa doiciméad oibre dá dtagraítear sa chéad fhomhír forléargas ar an gcaiteachas riaracháin a thagann as táillí bainistíochta agus as muirir airgeadais agus oibríochta eile a íoctar i leith ionstraimí airgeadais a bhainistiú, san iomlán agus de réir páirtí bainistíochta agus de réir na hionstraime airgeadais a bhainistítear.

Déanfaidh an Coimisiún na cúiseanna atá leis an ré dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (f), a mhíniú agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé plean gníomhaíochta ar fáil maidir leis an ré atá i gcreat an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh a laghdú.

Sa doiciméad oibre dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh tábla soiléir gonta ina ndéantar achoimre de réir ionstraim airgeadais.

5.   I gcás inar dheonaigh an tAontas ráthaíocht bhuiséadach, cuirfidh an Coimisiún i gceangal leis an dréachtbhuiséad doiciméad oibre ina bhfuil an méid seo a leanas maidir le gach ráthaíocht bhuiséadach agus maidir leis an gciste don soláthar coiteann:

(a)

tagairt don ráthaíocht bhuiséadach agus dá bunghníomh, mar aon le tuairisc ghinearálta ar an ráthaíocht bhuiséadach, ar an tionchar atá aici ar dhliteanais airgeadais an bhuiséid, ar a fad agus ar bhreisluach thacaíocht an Aontais;

(b)

contrapháirteanna na ráthaíochta buiséadaí, lena n-áirítear aon saincheisteanna i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 158(2);

(c)

rannchuidiú na ráthaíochta buiséadaí le cuspóirí na ráthaíochta buiséadaí a bhaint amach arna thomhas leis na táscairí bunaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an t-éagsúlú geografach agus slógadh acmhainní na hearnála príobháidí;

(d)

faisnéis faoi oibríochtaí a chumhdaítear leis an ráthaíocht bhuiséadach ar bhonn comhiomlán de réir earnálacha, tíortha agus ionstraimí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, punanna agus tacaíocht atá comhcheangailte le gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais;

(e)

an méid arna aistriú chuig faighteoirí chomh maith le measúnú ar an éifeacht ghiarála a bhaintear amach leis na tionscadail arna dtacú faoin ráthaíocht bhuiséadach;

(f)

faisnéis arna comhiomlánú ar an mbonn céanna dá dtagraítear i bpointe (d) maidir le glaonna ar an ráthaíocht bhuiséadach, caillteanais, torthaí, méideanna arna n-aisghabháil agus aon íocaíochtaí eile a fhaightear;

(g)

méid an tsoláthair le haghaidh dliteanais a eascraíonn as gach ráthaíocht bhuiséadach, agus measúnú ar leormhaitheas a ráta soláthair agus ar an ngá atá lena athsholáthar;

(h)

ráta soláthair éifeachtach an chiste don soláthar coiteann agus, i gcás inarb iomchuí, na hoibríochtaí ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 216(4).

6.   I gcás ina n-úsáideann an Coimisiún cistí iontaobhais de chuid an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha, cuirfidh sé i gceangal leis an dréachtbhuiséad doiciméad oibre mionsonraithe maidir leis na gníomhaíochtaí arna dtacú leis na cistí iontaobhais sin, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

a gcur chun feidhme, ina bhfuil, inter alia, faisnéis maidir leis na socruithe faireacháin leis na heintitis a chuireann na cistí iontaobhais chun feidhme;

(b)

a gcostais bhainistíochta;

(c)

na ranníocaíochtaí ó dheontóirí eile seachas an tAontas;

(d)

réamh-mheasúnú ar a bhfeidhmíocht bunaithe ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 238(3);

(e)

tuairisc ar an mbealach ar rannchuidigh a ngníomhaíochtaí leis na cuspóirí a leagtar síos i mbunghníomh na hionstraime as ar soláthraíodh an ranníocaíocht ón Aontas leis na cistí iontaobhais.

7.   Cuirfidh an Coimisiún i gceangal leis an dréachtbhuiséad liosta dá chinntí lena bhforchuirtear fíneálacha i réimse dhlí na hiomaíochta agus méid gach fíneála a forchuireadh, mar aon le faisnéis maidir le cibé a tháinig na fíneálacha le bheith cinntitheach, nó cibé atá siad faoi réir achomharc os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó an bhféadfaidís fós teacht faoi réir achomharc den sórt sin, chomh maith le faisnéis, i gcás inar féidir, maidir leis an uair a bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh gach fíneáil le bheith cinntitheach. Cuirfidh an Coimisiún i gceangal leis an dréachtbhuiséad freisin liosta dá chinntí agus de na méideanna a iontráladh nó a fhéadfar a iontráil sa bhuiséad mar ioncam diúltach de bhun Airteagal 48(2), pointe (b).

8.   Cuirfidh an Coimisiún i gceangal leis an dréachtbhuiséad freisin aon doiciméad oibre breise a mheasann sé a bheith úsáideach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ionas go mbeidís in ann measúnú a dhéanamh ar na hiarrataí buiséid.

9.   I gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (45), tarchuirfidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, mar aon leis an dréachtbhuiséad, doiciméad oibre ina leagtar amach an méid seo a leanas ar bhealach cuimsitheach:

(a)

gach caiteachas riaracháin agus oibríochtúil a bhaineann le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais, lena n-áirítear CBES agus cúraimí an chomhbheartais slándála agus cosanta, agus a mhaoinítear ón mbuiséad;

(b)

caiteachas riaracháin foriomlán SEGS don bhliain roimhe sin, arna mhiondealú ina chaiteachas de réir toscaireacht de chuid an Aontais agus caiteachas ar riarachán lárnach SEGS, mar aon le caiteachas oibríochtúil, arna mhiondealú de réir limistéar geografach (réigiúin, tíortha), de réir réimsí téamacha, agus de réir thoscaireachtaí agus mhisin an Aontais.

10.   Déanfaidh an doiciméad oibre dá dtagraítear i mír 9 an méid seo a leanas freisin:

(a)

an líon post a léiriú do gach grád i ngach catagóir agus an líon post buan agus an líon post sealadach, lena n-áirítear an fhoireann ar conradh agus an fhoireann áitiúil atá údaraithe, laistigh de theorainneacha na leithreasuithe, i ngach ceann de thoscaireachtaí an Aontais, agus i riarachán lárnach SEGS;

(b)

aon mhéadú nó laghdú, le hais na bliana airgeadais roimhe sin, ar an líon post i riarachán lárnach SEGS agus sna toscaireachtaí uile de chuid an Aontais a léiriú, de réir gráid agus catagóire;

(c)

an líon post a léiriú arna údarú don bhliain airgeadais agus don bhliain airgeadais roimhe sin, chomh maith leis an líon post arna líonadh ag taidhleoirí ar iasacht ó Bhallstáit, agus ag oifigigh de chuid an Aontais;

(d)

cur síos mionsonraithe a dhéanamh ar an bpearsanra go léir atá i dtoscaireachtaí de chuid an Aontais tráth thíolacadh an dréachtbhuiséid, lena n-áirítear miondealú de réir limistéar geografach, inscne, agus tír agus misean ar leith, agus idirdhealú á dhéanamh idir poist atá ann de réir an phlean bunaíochta, gníomhairí ar conradh, gníomhairí áitiúla agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht, agus ar leithreasuithe a iarradh sa dréachtbhuiséad do chineálacha pearsanra den sórt sin maille leis na meastacháin chomhfhreagracha ar an líon de choibhéisí foirne lánaimseartha ar bhonn na leithreasuithe a iarradh.

Airteagal 42

An litir leasaitheach a ghabhann leis an dréachtbhuiséad

Ar bhonn aon fhaisnéise nua nach raibh ar fáil nuair a bunaíodh an dréachtbhuiséad, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do cheann d’institiúidí eile an Aontais, gach ceann acu i leith a roinne féin, litir amháin nó níos mó ina bhfuil leasuithe ar an dréachtbhuiséad a thíolacadh go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle sula ndéanfar an Coiste Idir-Réitigh dá dtagraítear in Airteagal 314 CFAE a chomóradh. Féadfar a bheith ar áireamh i litreacha den sórt sin litir leasaitheach lena ndéantar, go háirithe, na meastacháin ar chaiteachais talmhaíochta a thabhairt cothrom le dáta.

Airteagal 43

Oibleagáidí na mBallstát mar thoradh ar an mbuiséad a ghlacadh

1.   Dearbhóidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa go bhfuil an buiséad glactha go críochnaitheach i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 314(9) CFAE agus in Airteagal 106a de Chonradh Euratom.

2.   A luaithe a dhearbhófar gur glacadh an buiséad go críochnaitheach, beidh sé de cheangal ar gach Ballstát, ón 1 Eanáir den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin nó ón dáta a dhearbhófar gur glacadh an buiséad go críochnaitheach, má tharlaíonn sin tar éis an 1 Eanáir, na híocaíochtaí atá dlite don Aontas a íoc, mar a shonraítear i Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 agus (AE, Euratom) 2021/770.

Airteagal 44

Dréachtbhuiséid leasaitheacha

1.   Féadfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséid leasaitheacha atá dírithe ar ioncam go príomha a thíolacadh sna himthosca seo a leanas:

(a)

comhardú na bliana airgeadais roimhe a iontráil sa bhuiséad, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18;

(b)

athbhreithniú a dhéanamh ar an réamhaisnéis maidir le hacmhainní dílse bunaithe ar na réamhaisnéisí eacnamaíocha nuashonraithe;

(c)

an réamhaisnéis athbhreithnithe ar acmhainní dílse agus ar ioncam eile a nuashonrú, mar aon le hathbhreithniú a dhéanamh ar infhaighteacht leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus ar an ngá atá leo.

Más rud é go bhfuil imthosca dosheachanta, eisceachtúla agus neamhthuartha ann, féadfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséid leasaitheacha atá dírithe ar chaiteachas go príomha a thíolacadh.

2.   Is chuig an gCoimisiún a sheolfar iarrataí ar bhuiséid leasaitheacha ó institiúidí de chuid an Aontais seachas an Coimisiún sna himthosca céanna dá dtagraítear i mír 1.

Sula dtíolacfaidh siad dréachtbhuiséad leasaitheach, déanfaidh an Coimisiún agus institiúidí eile de chuid an Aontais lena mbaineann scrúdú ar an raon feidhme maidir le hath-leithdháileadh na leithreasuithe ábhartha, agus iad ag tagairt go háirithe d’aon tearc-chur chun feidhme leithreasuithe a bhfuiltear ag súil leis.

Beidh feidhm ag Airteagal 43 maidir le buiséid leasaitheacha. Tabharfar bunús do bhuiséid leasaitheacha le tagairt don bhuiséad a bhfuil leasú á dhéanamh acu ar a mheastacháin.

3.   Tíolacfaidh an Coimisiún, seachas in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, a dhréachtbhuiséid leasaitheacha go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 1 Meán Fómhair gach bliain airgeadais. Féadfaidh sé tuairim a chur i gceangal leis na hiarrataí ar bhuiséid leasaitheacha ó institiúidí eile de chuid an Aontais.

4.   Beidh ráiteas maidir leis na cúiseanna atá leo ag gabháil le dréachtbhuiséid leasaitheacha mar aon le faisnéis ar chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais reatha agus don bhliain airgeadais roimhe sin atá ar fáil tráth a mbunaithe.

Airteagal 45

Meastacháin agus dréachtbhuiséid a tharchur go luath

Féadfaidh an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle teacht ar chomhaontú le dátaí áirithe a thabhairt ar aghaidh maidir leis na meastacháin a tharchur, agus maidir leis an dréachtbhuiséad a ghlacadh agus a tharchur. Ní bheidh sé mar thoradh ar shocrú den sórt sin, áfach, go ngiorrófar ná go gcuirfear síneadh leis na tréimhsí dá bhforáiltear chun gur féidir na téacsanna sin a bhreithniú faoi Airteagal 314 CFAE agus faoi Airteagal 106a de Chonradh Euratom.

CAIBIDIL 2

Struchtúr agus tíolacadh an bhuiséid

Airteagal 46

Struchtúr an bhuiséid

Is é a bheidh sa bhuiséad:

(a)

ráiteas ginearálta ar ioncam agus ar chaiteachas;

(b)

ranna ar leithligh do gach institiúid de chuid an Aontais, cé is moite den Chomhairle Eorpach agus den Chomhairle a chomhroinnfidh an roinn chéanna, foroinnte ina ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas.

Airteagal 47

Ainmníocht bhuiséadach

1.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle aicmiú ar ioncam an Choimisiúin, agus ar ioncam agus ar chaiteachas institiúidí eile an Aontais, de réir a gcineáil nó de réir na húsáide a shanntar dóibh faoi theidil, faoi chaibidlí, faoi airteagail agus faoi mhíreanna.

2.   Leagfar amach an ráiteas ar chaiteachas don roinn den bhuiséad a bhaineann leis an gCoimisiún ar bhonn ainmníocht arna glacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle agus arna haicmiú de réir chuspóir an chaiteachais.

Comhfhreagróidh gach teideal do réimse beartais agus comhfhreagróidh gach caibidil, de ghnáth, do chlár nó do ghníomhaíocht.

Féadfar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí agus leithreasuithe riaracháin a bheith ar áireamh i ngach teideal. Laistigh den teideal céanna, déanfar na leithreasuithe riaracháin a ghrúpáil in aon chaibidil amháin.

Beidh an ainmníocht bhuiséadach i gcomhréir le prionsabail na sonraíochta, na bainistíochta fónta airgeadais agus na trédhearcachta. Leis sin cuirfear an tsoiléireacht agus an trédhearcacht ar fáil is gá le haghaidh an phróisis bhuiséadaigh, chun na príomhchuspóirí a shainaithint mar a léirítear sna bunúis ábhartha dlí iad, chun gur féidir rogha a bheith ann maidir le tosaíochtaí polaitiúla agus chun gur féidir cur chun feidhme éifeachtúil éifeachtach a dhéanamh.

3.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go gcuirfí iontráil chomharthach pro memoria le hiontráil gan leithreasuithe údaraithe. Déanfar iarraidh den sórt sin a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 31.

4.   Nuair a thíolacfar iad de réir cuspóra, déanfar leithreasuithe riaracháin i gcomhair teidil aonair a aicmiú mar a leanas:

(a)

caiteachas ar fhoireann údaraithe sa phlean bunaíochta, a n-áireofar ann méid leithreasuithe agus líon post ón bplean bunaíochta a chomhfhreagraíonn don chaiteachas sin;

(b)

caiteachas ar phearsanra seachtrach agus caiteachas eile dá dtagraítear in Airteagal 30(1), an chéad fhomhír, pointe (b), agus atá maoinithe faoin gceannteideal ‘riarachán’ den chreat airgeadais ilbhliantúil;

(c)

caiteachas ar fhoirgnimh agus caiteachas gaolmhar eile, lena n-áirítear glanadh agus cothabháil, cíos agus fruiliú, teileachumarsáid, uisce, gás agus leictreachas;

(d)

caiteachas ar phearsanra seachtrach agus cúnamh teicniúil atá nasctha go díreach le cur chun feidhme na gclár.

Déanfar aon chaiteachas riaracháin de chuid an Choimisiúin maidir le cineál is coiteann do roinnt teideal a leagan amach i ráiteas achomair ar leithligh agus é aicmithe de réir cineáil.

Airteagal 48

Ioncam diúltach

1.   Ní bheidh ioncam diúltach sa bhuiséad.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, asbhainfear an méid seo a leanas d’ioncam an bhuiséid:

(a)

iomlán na n-aisíocaíochtaí diúltacha taiscí;

(b)

i gcás ina ndéanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh méideanna na bhfíneálacha, na bpionós eile nó na smachtbhannaí faoi CFAE nó faoi Chonradh Euratom dá dtagraítear in Airteagal 108(1) a chur ar ceal nó a laghdú, aon ús nó aon mhuirear eile atá dlite do na páirtithe lena mbaineann, lena n-áirítear aon toradh diúltach a bhaineann leis na méideanna sin.

Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (b), léireofar an t-ús nó an muirear eile sa dréachtbhuiséad laistigh de líne bhuiséid shonrach, agus déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara habairt d’Airteagal 41(7) agus an buiséad leasaitheach dá dtagraítear in Airteagal 18(3) a nuashonrú.

3.   Glanmhéideanna a bheidh sna hacmhainní dílse a íoctar faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 agus taispeánfar amhlaidh iad sa ráiteas achomair ar ioncam sa bhuiséad.

Airteagal 49

Soláthairtí

1.   Féadfar teideal ar a dtugtar ‘soláthairtí’ a bheith i ngach roinn den bhuiséad. Déanfar leithreasuithe a iontráil sa teideal sin in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

ní ann d’aon bhunghníomh don ghníomhaíocht lena mbaineann agus an buiséad á bhunú;

(b)

tá forais láidre amhrais ann faoi leordhóthanacht na leithreasuithe nó faoin bhféidearthacht go gcuirfear chun feidhme, faoi choinníollacha i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, na leithreasuithe arna n-iontráil ar na línte buiséid lena mbaineann.

Ní fhéadfar na leithreasuithe sa teideal sin a úsáid go dtí go ndéanfar aistrithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 30(2), pointe (a), den Rialachán seo, i gcás ina bhfuil glacadh an bhunghnímh faoi réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 294 CFAE, agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 31 den Rialachán seo, i ngach cás eile.

2.   I gcás ina bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha cur chun feidhme ann, féadfaidh an Coimisiún, i rith bliain airgeadais, a mholadh go n-aistreofaí leithreasuithe chuig an teideal ‘soláthairtí’. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinneadh maidir le haistrithe den sórt sin dá bhforáiltear in Airteagal 31.

Airteagal 50

Cúlchiste diúltach

Féadfaidh ‘cúlchiste diúltach’ a mbeidh EUR 200 000 000 ar a mhéad ann a bheith i roinn an bhuiséid a bhaineann leis an gCoimisiún. Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bheidh sa chúlchiste a leithéid amháin, ar cúlchiste é a iontrálfar i dteideal ar leith é.

Déanfar an cúlchiste diúltach sin a úsáid roimh dheireadh na bliana airgeadais trí bhíthin aistrithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 30 agus in Airteagal 31.

Airteagal 51

Cúlchiste le haghaidh Cúnamh Éigeandála

1.   Áireofar cúlchiste le haghaidh cúnamh éigeandála do thríú tíortha i roinn an bhuiséid a bhaineann leis an gCoimisiún.

2.   Déanfar an cúlchiste dá dtagraítear i mír 1 a úsáid roimh dheireadh na bliana airgeadais trí bhíthin aistrithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 30 agus 32.

Airteagal 52

Tíolacadh an bhuiséid

1.   Léireofar an méid seo a leanas sa bhuiséad:

(a)

sa ráiteas ginearálta ar ioncam agus ar chaiteachas:

(i)

ioncam measta an Aontais don bhliain airgeadais reatha lena mbaineann (bliain n);

(ii)

ioncam measta don bhliain airgeadais roimhe sin agus an t-ioncam do bhliain n-2;

(iii)

na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí do bhliain n;

(iv)

na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain airgeadais roimhe sin;

(v)

an caiteachas a gealladh agus an caiteachas a íocadh i mbliain n–2, an cás deiridh a bheith sloinnte freisin mar chéatadán den bhuiséad do bhliain n;

(vi)

nótaí tráchta iomchuí maidir le gach foroinn, mar a leagtar amach in Airteagal 47(1) lena n-áirítear na tagairtí don bhunghníomh, i gcás inarb ann dá leithéid, mar aon le mínithe iomchuí ar chineál agus cuspóir na leithreasuithe;

(b)

i ngach roinn, an t-ioncam agus an caiteachas de réir an struchtúir chéanna a leagtar amach i bpointe (a);

(c)

maidir le cúrsaí foirne:

(i)

i gcás gach roinne, plean bunaíochta lena socraítear líon na bpost do gach grád i ngach catagóir agus i ngach seirbhís agus líon na bpost buan agus sealadach arna n-údarú laistigh de theorainneacha na leithreasuithe;

(ii)

plean bunaíochta don fhoireann a íoctar as na leithreasuithe faoi chomhair taighde agus forbairt theicneolaíoch le haghaidh gníomhaíocht dhíreach agus plean bunaíochta don fhoireann a íoctar as na leithreasuithe céanna le haghaidh gníomhaíocht indíreach; aicmeofar na pleananna bunaíochta de réir catagóire agus gráid agus déanfar idirdhealú iontu idir poist bhuana agus poist shealadacha, a údaraítear laistigh de theorainneacha na leithreasuithe;

(iii)

plean bunaíochta lena socrófar líon na bpost de réir gráid agus catagóire do gach comhlacht de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 70 ar comhlachtaí iad a fhaigheann ranníocaíocht arna muirearú ar an mbuiséad. Sna pleananna bunaíochta, taispeánfar líon na bpost a údaraítear don bhliain airgeadais le hais líon na bpost arna n-údarú don bhliain roimhe sin. Léireofar foireann Ghníomhaireacht Soláthair Euratom ar leithligh i bplean bunaíochta an Choimisiúin;

(d)

maidir le cúnamh airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha:

(i)

sa ráiteas ginearálta ar ioncam, na línte buiséid a chomhfhreagraíonn do na hoibríochtaí ábhartha agus atá ceaptha taifead a choimeád ar aon aisíocaíochtaí a fhaightear ó fhaighteoirí a mhainnigh i dtosach. Beidh iontráil chomharthach pro memoria ag gabháil leis na línte sin agus beidh nótaí tráchta ábhartha ag gabháil leo;

(ii)

sa roinn den bhuiséad a bhaineann leis an gCoimisiún:

na línte buiséid ina bhfuil na ráthaíochtaí buiséadacha i leith na n-oibríochtaí lena mbaineann. Beidh iontráil chomharthach pro memoria ag gabháil leis na línte sin, ar choinníoll nár eascair aon mhuirear éifeachtach nach mór a chumhdach faoi acmhainní cinntitheacha;

nótaí tráchta ina dtugtar an tagairt don bhunghníomh agus líon na n-oibríochtaí atá beartaithe, an fad agus an ráthaíocht airgeadais a sholáthair an tAontas i leith oibríochtaí den sórt sin;

(iii)

i ndoiciméad atá i gceangal leis an roinn den bhuiséad a bhaineann leis an gCoimisiún, mar léiriúchán ar na rioscaí comhfhreagracha freisin:

oibríochtaí caipitiúla leanúnacha agus bainistiú fiachais;

na hoibríochtaí caipitiúla agus an bainistiú fiachais do bhliain n;

forléargas cuimsitheach ar oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí; soláthrófar san fhorléargas sin, inter alia, faisnéis mhionsonraithe maidir le haibíochtaí, sceideal na n-íocaíochtaí, ús atá dlite ar an leibhéal comhiomlán, an bonn infheisteoirí ar an mbunmhargadh, agus, i gcás inarb infheidhme, gné agus costais an chomhthiomsaithe choitinn leachtachta atá mar bhonn taca faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe, chomh maith leis an bplean iasachtaíochta;

(e)

maidir le hionstraimí airgeadais atá le bunú gan bhunghníomh:

(i)

línte buiséid a chomhfhreagraíonn do na hoibríochtaí ábhartha;

(ii)

tuairisc ghinearálta ar na hionstraimí airgeadais, lena n-áirítear a ré agus a dtionchar ar an mbuiséad;

(iii)

na hoibríochtaí atá beartaithe, lena n-áirítear na spriocmhéideanna atá bunaithe ar an éifeacht ghiarála agus iolraitheora a bhfuiltear ag súil léi;

(f)

maidir leis na cistí arna gcur chun feidhme ag daoine nó eintitis de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c):

(i)

tagairt do bhunghníomh an chláir ábhartha;

(ii)

línte buiséid comhfhreagracha;

(iii)

tuairisc ghinearálta ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear a ré agus a tionchar ar an mbuiséad;

(g)

méid iomlán an chaiteachais ar CBES a iontráladh i gcaibidil, dar teideal ‘CBES’, le hairteagail shonracha ag gabháil léi lena gcumhdaítear caiteachas ar CBES agus ina bhfuil línte buiséid sonracha ina sainaithnítear na mórmhisin aonair ar a laghad.

2.   Sa bhreis ar na doiciméid dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle aon doiciméid ábhartha eile a chur i gceangal leis an mbuiséad.

Airteagal 53

Rialacha maidir le pleananna bunaíochta don fhoireann

1.   Beidh na pleananna bunaíochta dá dtagraítear in Airteagal 52(1), pointe (c), ina dteorainn dhosháraithe ag gach institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais. Ní fhéadfar aon cheapachán a dhéanamh a sháraíonn an teorainn arna socrú.

Mar sin féin, seachas i gcás ghráid AD 14, AD 15 agus AD 16, féadfaidh gach institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais a bpleananna bunaíochta a mhodhnú suas le 10 % de líon na bpost arna n-údarú, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

ní dhéantar difear do líon na leithreasuithe foirne a chomhfhreagraíonn do bhliain airgeadais iomlán;

(b)

ní sháraítear an teorainn ar líon iomlán na bpost arna n-údarú le gach plean bunaíochta;

(c)

níl an institiúid nó an comhlacht de chuid an Aontais tar éis páirt a ghlacadh i gcleachtadh tagarmharcála le hinstitiúidí eile agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais de réir mar a rinne cleachtadh scagtha fhoireann an Choimisiúin é a thionscnamh.

3 seachtaine ar a laghad roimh mhodhnú dá dtagraítear sa dara fomhír a dhéanamh, cuirfidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gurb é sin atá beartaithe aici. I gcás ina ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóidí a bhfuil údar cuí leo a lua laistigh den tréimhse sin, staonfaidh an institiúid de chuid an Aontais ó na modhnuithe a dhéanamh agus beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 44.

2.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 1, féadfar éifeachtaí na hoibre páirtaimseartha, arna húdarú ag an údarás ceapacháin i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, a chúiteamh trí cheapacháin eile.

CAIBIDIL 3

Smacht buiséadach

Airteagal 54

An Creat Airgeadais Ilbhliantúil agus an cinneadh maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh

Comhlíonfaidh an buiséad an Creat Airgeadais Ilbhliantúil agus Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

Airteagal 55

Gníomhartha de chuid an Aontais a bheith i gcomhréir leis an mbuiséad

I gcás ina sáraítear na leithreasuithe atá ar fáil sa bhuiséad trí ghníomh de chuid an Aontais a chur chun feidhme, ní chuirfear gníomh den sórt sin chun feidhme i dtéarmaí airgeadais go dtí go mbeidh an buiséad leasaithe dá réir.

TEIDEAL IV

CUR CHUN FEIDHME AN BHUISÉID

CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 56

Cur chun feidhme an bhuiséid de réir phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais

1.   Déanfaidh an Coimisiún ioncam agus caiteachas an bhuiséid a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo, faoina fhreagracht féin agus laistigh de theorainneacha na leithreasuithe a údaraítear.

2.   Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun go n-úsáidfear na leithreasuithe i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

Airteagal 57

Faisnéis faoi aistrithe sonraí pearsanta chun críoch iniúchóireachta

I nósanna imeachta dámhachtana, lena n-áirítear in aon ghlao a dhéantar maidir le deontais, tabhartais neamhairgeadais, soláthar nó duaiseanna arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, cuirfear tairbhithe féideartha, iarrthóirí, tairgeoirí agus rannpháirtithe ar an eolas, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, go bhféadfar a sonraí pearsanta a tharchur chuig na seirbhísí iniúchóireachta inmheánacha, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig OIPE nó chuig OLAF agus idir oifigigh údarúcháin de chuid an Choimisiúin, agus na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69 den Rialachán seo agus na comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán seo.

Airteagal 58

An bunghníomh agus eisceachtaí

1.   Ní úsáidfear leithreasuithe arna n-iontráil sa bhuiséad d’aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais ach amháin má glacadh bunghníomh.

2.   De mhaolú ar mhír 1, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 3, 4 agus 5, féadfar na leithreasuithe seo a leanas a chur chun feidhme gan bhunghníomh ar choinníoll go dtagann na gníomhaíochtaí atá siad ceaptha a mhaoiniú faoi réim inniúlachtaí an Aontais:

(a)

leithreasuithe faoi chomhair treoirthionscadail de chineál turgnamhach agus atá ceaptha tástáil a dhéanamh ar a indéanta agus ar a úsáidí atá gníomhaíocht;

(b)

leithreasuithe faoi chomhair gníomhaíochtaí ullmhúcháin i réimse chur i bhfeidhm CFAE agus Chonradh Euratom, atá ceaptha chun tograí a ullmhú d’fhonn gníomhaíochtaí a ghlacadh sa todhchaí;

(c)

leithreasuithe faoi chomhair bearta ullmhúcháin i réimse Theideal V de CAE;

(d)

leithreasuithe faoi chomhair gníomhaíochtaí aonuaire, nó faoi chomhair gníomhaíochtaí a mhaireann go ceann tréimhse éiginnte, arna ndéanamh ag an gCoimisiún de bhua cúraimí a eascraíonn as a shainchumais ar an leibhéal institiúideach de bhun CFAE agus de bhun Chonradh Euratom, amach óna cheart maidir le tionscnamh reachtach tograí a thíolacadh dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo, agus faoi chumhachtaí sonracha a thugtar go díreach dó le hAirteagail 154, 156, 159 agus 160 CFAE, Airteagail 168(2), 171(2) agus 173(2) CFAE, Airteagal 175, an dara mír, CFAE, Airteagal 181(2) CFAE, Airteagal 190 CFAE agus Airteagail 210(2) agus 214(6) CFAE agus Airteagail 70 agus 77 go 85 de Chonradh Euratom;

(e)

leithreasuithe faoi chomhair oibriú gach institiúide de chuid an Aontais atá faoina neamhspleáchas riaracháin.

3.   Maidir leis na leithreasuithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), ní fhéadfar na leithreasuithe ábhartha faoi chomhair gealltanas a iontráil sa bhuiséad ach ar feadh 2 bhliain airgeadais as a chéile ar a mhéad. Ní bheidh méid iomlán na leithreasuithe faoi chomhair treoirthionscadail níos mó ná EUR 40 000 000 in aon bhliain airgeadais.

4.   Maidir leis na leithreasuithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), leanfaidh na gníomhaíochtaí ullmhúcháin cur chuige comhleanúnach agus féadfaidh foirmeacha éagsúla a bheith orthu. Ní fhéadfar na leithreasuithe ábhartha faoi chomhair gealltanas a iontráil sa bhuiséad ach ar feadh 3 bliana airgeadais as a chéile ar a mhéad. Déanfar an nós imeachta chun an bunghníomh ábhartha a ghlacadh a thabhairt i gcrích roimh dheireadh an tríú bliain airgeadais. Le linn an nós imeachta sin, comhfhreagróidh gealladh na leithreasuithe do shaintréithe na gníomhaíochta ullmhúcháin maidir leis na gníomhaíochtaí arna mbeartú, na haidhmeanna arna saothrú agus na faighteoirí. Dá thoradh sin, ní chomhfhreagróidh méid na leithreasuithe atá geallta le méid na leithreasuithe arna mbeartú chun an ghníomhaíocht chinntitheach féin a mhaoiniú.

Ní bheidh méid iomlán na leithreasuithe faoi chomhair gníomhaíochtaí nua ullmhúcháin dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), níos mó ná EUR 50 000 000 in aon bhliain airgeadais, agus ní bheidh méid iomlán na leithreasuithe atá geallta go hiarbhír faoi chomhair gníomhaíochtaí ullmhúcháin níos mó ná EUR 100 000 000.

5.   Maidir leis na leithreasuithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), ní bheidh sna bearta ullmhúcháin ach tréimhse ghairid agus ceapfar iad chun na dálaí a shuí faoina ndéanfar gníomhaíocht de chuid an Aontais chun cuspóirí a bhaineann le CBES a bhaint amach agus chun na hionstraimí dlíthiúla is gá a ghlacadh.

Chun críoch oibríochtaí de chuid an Aontais um bainistiú géarchéime, ceapfar bearta ullmhúcháin, inter alia, chun measúnú a dhéanamh ar na ceanglais oibríochtúla, chun foráil a dhéanamh do mhear-úsáid tosaigh acmhainní, nó chun dálaí ar an talamh a shuí chun an oibríocht a sheoladh. Comhaontóidh an Chomhairle bearta ullmhúcháin, ar thogra ón Ardionadaí.

Chun a áirithiú go gcuirfear bearta ullmhúcháin chun feidhme go tapa, déanfaidh an tArdionadaí Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún a chur ar an eolas a luaithe is féidir maidir le rún na Comhairle beart ullmhúcháin a sheoladh agus, go háirithe, maidir leis na hacmhainní a mheastar a bheidh riachtanach chun na críche sin. Déanfaidh an Coimisiún na bearta uile is gá chun eisíoc sciobtha na gcistí a áirithiú.

Le maoiniú na mbeart airgeadais a chomhaontaíonn an Chomhairle maidir le hoibríochtaí de chuid an Aontais um bainistiú géarchéime a ullmhú faoi Theideal V CAE, cumhdófar na costais incriminteacha a eascraíonn go díreach as imscaradh allamuigh sonrach misin nó meithle ina bhfuil, inter alia, pearsanra ó institiúidí de chuid an Aontais, lena n-áirítear na costais a bhaineann le hárachas ardriosca, taisteal agus cóiríocht agus íocaíochtaí per diem.

Airteagal 59

Cur chun feidhme an bhuiséid ag institiúidí de chuid an Aontais seachas an Coimisiún

1.   Tabharfaidh an Coimisiún d’institiúidí eile de chuid an Aontais na cumhachtaí is gá chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme.

2.   Chun cur chun feidhme a leithreasuithe a éascú, féadfaidh institiúidí de chuid an Aontais comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a thabhairt i gcrích le chéile chun na coinníollacha a leagan síos lena rialaítear soláthar seirbhísí, soláthar táirgí nó forghníomhú conarthaí oibreacha nó foirgníochta.

Leis na comhaontuithe sin, féadfar leithreasuithe a aistriú nó costais a aisghabháil, ar leithreasuithe agus costais iad a thagann as cur chun feidhme na gcomhaontuithe.

3.   Féadfar na comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse dá dtagraítear i mír 2 a chomhaontú idir ranna institiúidí de chuid an Aontais, comhlachtaí de chuid an Aontais, oifigí Eorpacha, comhlachtaí nó daoine a bhfuil de chúram orthu gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE agus Oifig Ardrúnaí Bhord Gobharnóirí na Scoileanna Eorpacha. Tuairisceoidh an Coimisiún agus institiúidí eile de chuid an Aontais go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a thugann siad i gcrích le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais.

Airteagal 60

Cumhachtaí cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean

1.   Féadfaidh an Coimisiún agus gach ceann d’institiúidí eile an Aontais, laistigh dá ranna féin, a gcumhachtaí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus lena rialacha inmheánacha agus laistigh de na teorainneacha a leagtar síos in ionstraim an tarmligin. Na daoine sin a chumhachtaítear amhlaidh, gníomhóidh siad laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar dóibh go sainráite.

2.   De bhreis ar mhír 1, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i ndáil le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí de chuid a roinne féin den bhuiséad a tharmligean chuig Cinn thoscaireachtaí an Aontais agus, chun leanúnachas gnó a áirithiú le linn dóibh a bheith as láthair, chuig leas-Chinn thoscaireachtaí an Aontais. Ní dochar tarmligean den sórt sin do fhreagracht Chinn thoscaireachtaí an Aontais maidir le cur chun feidhme an bhuiséid. I gcás nach bhfuil Ceann thoscaireacht an Aontais i láthair ar feadh tréimhse níos faide ná 4 seachtaine, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar a chinneadh chun cumhachtaí cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean. Nuair a ghníomhaíonn Cinn thoscaireachtaí an Aontais, agus ina n-éagmais sin a n-ionadaithe, mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean de chuid an Choimisiúin, cuirfidh siad rialacha an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na ndualgas, na n-oibleagáidí agus na cuntasachta céanna le haon oifigeach údarúcháin trí fho-tharmligean eile de chuid an Choimisiúin.

Féadfaidh an Coimisiún tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharraingt siar i gcomhréir lena rialacha féin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh an tArdionadaí na bearta is gá chun comhar idir toscaireachtaí an Aontais agus ranna de chuid an Choimisiúin a éascú.

3.   Maidir lena chumhachtaí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i ndáil le leithreasuithe riaracháin de chuid a roinne féin den bhuiséad, féadfaidh SEGS na cumhachtaí sin a tharmligean go heisceachtúil chuig baill foirne an Choimisiúin i dtoscaireachtaí an Aontais, i gcás inar gá sin chun leanúnachas i riar na dtoscaireachtaí sin a áirithiú mura mbíonn oifigeach údarúcháin inniúil SEGS i láthair sa tír ina bhfuil toscaireacht an oifigigh sin lonnaithe. I gcásanna eisceachtúla ina ngníomhaíonn baill foirne de chuid an Choimisiúin i dtoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean de chuid SEGS, cuirfidh siad rialacha inmheánacha SEGS maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na ndualgas, na n-oibleagáidí agus na cuntasachta céanna le haon oifigeach údarúcháin eile trí fho-tharmligean de chuid SEGS.

Féadfaidh SEGS tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharraingt siar i gcomhréir lena rialacha féin.

Airteagal 61

Coinbhleachtaí leasa

1.   Gníomhaithe airgeadais de réir bhrí Chaibidil 4 den Teideal seo agus daoine eile, lena n-áirítear údaráis náisiúnta ar aon leibhéal, a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an bhuiséid faoi bhainistíocht dhíreach, indíreach nó chomhroinnte, lena n-áirítear gníomhartha ullmhúcháin chuige sin, iniúchóireacht nó rialú, ní dhéanfaidh siad aon ghníomhaíocht a chothódh coinbhleacht idir a leasanna féin agus leasanna an Aontais. Déanfaidh siad bearta iomchuí chomh maith chun cosc a chur ar choinbhleacht leasa sna feidhmeanna atá faoina bhfreagracht agus chun aghaidh a thabhairt ar chásanna as a bhféadfaí coinbhleacht leasa a thuiscint.

2.   I gcás ina bhfuil riosca coinbhleachta leasa ann a bhaineann le ball foirne údaráis náisiúnta, tarchuirfidh an duine lena mbaineann an t-ábhar chuig a oifigeach uachtarach nó a hoifigeach uachtarach. I gcás inarb ann do riosca den sórt sin do bhall foirne a chumhdaítear faoi na Rialacháin Foirne, tarchuirfidh an duine lena mbaineann an t-ábhar chuig an oifigeach údarúcháin ábhartha trí tharmligean. Dearbhóidh an t-oifigeach uachtarach ábhartha nó an t-oifigeach údarúcháin ábhartha trí tharmligean, i scríbhinn, an bhfuil coinbhleacht leasa ann. I gcás ina bhfuil coinbhleacht leasa ann, áiritheoidh an t-údarás ceapacháin nó an t-údarás náisiúnta ábhartha go scoirfidh an duine lena mbaineann d’aon ghníomhaíocht a bhaineann leis an ábhar. Áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin ábhartha trí tharmligean nó an t-údarás náisiúnta ábhartha go ndéanfar aon ghníomhaíocht iomchuí sa bhreis i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear, i gcásanna ina bhfuil baint ag ball foirne údaráis náisiúnta, leis an dlí náisiúnta a bhaineann le coinbhleacht leasa.

3.   Chun críocha mhír 1, is ann do choinbhleacht leasa i gcás ina gcuirtear as d’fheidhmiú neamhchlaonta oibiachtúil na bhfeidhmeanna de chuid an ghníomhaí airgeadais nó duine eile, dá dtagraítear i mír 1, ar chúiseanna a bhaineann le cúrsaí teaghlaigh, le cúrsaí mothúcháin, le coibhneas polaitiúil nó náisiúnta, le leas eacnamaíoch nó le haon leas pearsanta eile, díreach nó indíreach.

CAIBIDIL 2

Modhanna cur chun feidhme

Airteagal 62

Modhanna chur chun feidhme an bhuiséid

1.   Cuirfidh an Coimisiún an buiséad chun feidhme ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

go díreach (bainistíocht dhíreach), mar a leagtar amach in Airteagail 125 go 156, trína ranna, lena n-áirítear a fhoireann i dtoscaireachtaí an Aontais faoi údarás a gCinn toscaireachta féin, i gcomhréir le hAirteagal 60(2), nó trí ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69;

(b)

faoi bhainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit (bainistíocht chomhroinnte) mar a leagtar amach in Airteagal 63 agus Airteagail 125 go 129;

(c)

go hindíreach (bainistíocht indíreach) mar a leagtar amach in Airteagail 125 go 152 agus 157 go 162, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa bhunghníomh nó sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 58(2), pointí (a) go (d), trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a chur de chúram orthu siúd a leanas:

(i)

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad, dá dtagraítear in Airteagal 161;

(ii)

eagraíochtaí idirnáisiúnta nó a ngníomhaireachtaí, de réir bhrí Airteagal 159;

(iii)

an Banc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’) nó an Ciste Eorpach Infheistíochta (‘CEI’), nó an dá cheann acu sin ag gníomhú dóibh mar ghrúpa (‘grúpa BEI’);

(iv)

comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71;

(v)

comhlachtaí dlí phoiblí, lena n-áirítear eagraíochtaí de chuid na mBallstát;

(vi)

comhlachtaí faoi rialú an dlí phríobháidigh a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, lena n-áirítear eagraíochtaí de chuid na mBallstát, a mhéid a sholáthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

(vii)

comhlachtaí faoi rialú dlí phríobháidigh Ballstáit a bhfuil de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus a soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

(viii)

comhlachtaí nó daoine a bhfuil de chúram orthu gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha;

(ix)

comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, faoi rialú dlí phríobháidigh Ballstáit nó dhlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí de chuid an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn comhlachtaí den sórt sin á rialú ag comhlachtaí mar a leagtar amach i bpointe (v) nó (vi) agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leormhaithe dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó a sholáthraítear ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha dóibh, agus ar ráthaíochtaí iad a fhéadfaidh, le haghaidh gach gníomhaíochta, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.

Maidir le pointí (c)(vi) agus (vii) den chéad fhomhír, féadfar méid na ráthaíochtaí airgeadais is gá a leagan amach sa bhunghníomh ábhartha agus a theorannú d’uasmhéid na ranníocaíochta ón Aontas leis an gcomhlacht lena mbaineann. I gcás inarb ann do ráthóirí iolracha, déanfar miondealú mhéid an dliteanais iomláin atá le cumhdach ag na ráthaíochtaí a shonrú sa chomhaontú ranníocaíochta, lena bhféadfar a fhoráil go mbeidh dliteanas gach ráthóra i gcomhréir le cion a ranníocaíochta féin leis an gcomhlacht.

2.   Chun críocha na bainistíochta dírí, féadfaidh an Coimisiún na hionstraimí dá dtagraítear i dTeidil VII, VIII, IX, X agus XII a úsáid.

Chun críocha na bainistíochta comhroinnte, is é a bheidh sna hionstraimí le haghaidh chur chun feidhme an bhuiséid na hionstraimí sin dá bhforáiltear i rialacha earnáilsonracha.

Chun críocha na bainistíochta indírí, déanfaidh an Coimisiún Teideal VI agus, i gcás ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha, Teidil VI agus X i bhfeidhm. Déanfaidh na heintitis cur chun feidhme na hionstraimí le haghaidh chur chun feidhme an bhuiséid a leagtar amach sa chomhaontú ranníocaíochta lena mbaineann a chur i bhfeidhm.

3.   Is é an Coimisiún atá freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le hAirteagal 317 CFAE agus ní tharmligfidh sé na cúraimí sin chuig tríú páirtithe, i gcás ina bhfuil lánrogha leathan ó thaobh cinntí polaitiúla a dhéanamh de ag baint le cúraimí den sórt sin.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin conarthaí i gcomhréir le Teideal VII den Rialachán seo, seachfhoinsiú a dhéanamh ar chúraimí a bhaineann le feidhmiú an údaráis phoiblí agus cumhachtaí lánroghnacha breithiúnais.

Airteagal 63

Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

1.   I gcás ina gcuireann an Coimisiún an buiséad chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, déanfar cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chuig na Ballstáit. Urramóidh an Coimisiún agus na Ballstáit prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe agus áiritheoidh siad infheictheacht ghníomhaíocht an Aontais agus cistí de chuid an Aontais á mbainistiú acu. Chuige sin, comhlíonfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a n-oibleagáidí rialaithe agus iniúchóireachta faoi seach, agus glacfaidh siad chucu na freagrachtaí a thagann as sin agus a leagtar síos sa Rialachán seo. Leagfar síos forálacha comhlántacha i rialacha earnáilsonracha.

2.   Le linn dóibh cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a dhéanamh, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá, lena n-áirítear bearta reachtacha, rialála agus riaracháin, chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, eadhon tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí a mhaoinítear ón mbuiséad a chur chun feidhme i gceart agus go héifeachtach agus i gcomhréir leis na rialacha earnáilsonracha is infheidhme;

(b)

comhlachtaí atá freagrach as bainistíocht agus rialú a dhéanamh ar chistí de chuid an Aontais a ainmniú i gcomhréir le mír 3, agus maoirseacht a dhéanamh ar chomhlachtaí den sórt sin;

(c)

neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(d)

comhar a dhéanamh, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le rialacha earnáilsonracha, leis an gCoimisiún, le OLAF, leis an gCúirt Iniúchóirí agus, i gcás na mBallstát sin atá rannpháirteach i gcomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, le OIPE.

Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, déanfaidh na Ballstáit, agus prionsabal na comhréireachta á urramú acu, agus i gcomhréir leis an Airteagal seo agus na rialacha earnáilsonracha ábhartha, rialuithe ex ante agus ex post lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, seiceálacha ar an láthair ar shamplaí ionadaíocha idirbheart agus/nó ar shamplaí idirbheart atá rioscabhunaithe. Déanfaidh siad freisin cistí neamhdhlite a íocadh a aisghabháil agus imeachtaí dlí a thionscnamh de réir mar is gá i dtaca leis sin.

Déanfaidh na Ballstáit pionóis éifeachtacha, athchomhairleacha agus chomhréireacha a fhorchur ar fhaighteoirí i gcás ina bhforáiltear don mhéid sin i rialacha earnáilsonracha nó i bhforálacha sonracha sa dlí náisiúnta.

Mar chuid dá mheasúnú riosca agus i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na córais bhainistíochta agus rialaithe arna mbunú sna Ballstáit. Déanfaidh an Coimisiún, ina obair iniúchóireachta, prionsabal na comhréireachta a urramú agus déanfaidh sé leibhéal an riosca a bhfuil measúnú á dhéanamh air a chur san áireamh i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha.

3.   I gcomhréir leis na critéir agus na nósanna imeachta a leagtar síos i rialacha earnáilsonracha, déanfaidh na Ballstáit, ar an leibhéal iomchuí, comhlachtaí a ainmniú a bheidh freagrach as bainistíocht agus rialú cistí de chuid an Aontais. Féadfaidh comhlachtaí den sórt sin cúraimí a dhéanamh nach mbaineann le bainistíocht cistí de chuid an Aontais agus féadfaidh siad roinnt áirithe dá gcúraimí a chur ar chomhlachtaí eile.

Agus ainmniú comhlachtaí á chinneadh, féadfaidh na Ballstáit a gcinneadh a bhunú i dtaobh an ionann na córais bhainistíochta agus rialaithe go bunúsach agus na cinn atá i bhfeidhm cheana féin ón tréimhse roimhe agus i dtaobh an raibh siad ag feidhmiú go héifeachtach.

Má léirítear le torthaí iniúchóireachta agus rialaithe nach bhfuil na critéir a leagtar amach i rialacha earnáilsonracha á gcomhlíonadh a thuilleadh ag na comhlachtaí ainmnithe, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na heasnaimh i gcur chun feidhme chúraimí na gcomhlachtaí sin a leigheas, lena n-áirítear tríd an ainmniú a fhoirceannadh i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha.

I rialacha earnáilsonracha, saineofar ról an Choimisiúin sa phróiseas a leagtar amach sa mhír seo.

4.   Déanfaidh comhlachtaí a ainmnítear de bhun mhír 3 an méid seo a leanas:

(a)

córas rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach agus éifeachtúil a chur ar bun agus feidhmiú an chórais sin a áirithiú, ar córas é a fhéadfaidh, i gcás inarb iomchuí, brath ar rialuithe digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 36(11);

(b)

córas cuntasaíochta a úsáid a sholáthraíonn faisnéis chruinn iomlán iontaofa go tráthúil;

(c)

an fhaisnéis a éilítear faoi mhíreanna 5, 6 agus 7 a sholáthar;

(d)

foilsiú ex post a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 38(2) go (7).

Maidir le haon phróiseáil sonraí pearsanta, comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) 2016/679.

5.   Faoin 15 Feabhra den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, soláthróidh na comhlachtaí a ainmnítear de bhun mhír 3 na nithe seo a leanas don Choimisiún:

(a)

a gcuntais maidir leis an gcaiteachas a tabhaíodh, le linn na tréimhse ábhartha tagartha de réir mar a shainmhínítear i rialacha earnáilsonracha, agus a gcúraimí á ndéanamh acu agus a tíolacadh don Choimisiún le haghaidh aisíocaíochta;

(b)

achoimre bhliantúil ar na tuarascálacha iniúchóireachta deiridh agus ar na rialuithe a rinneadh, lena n-áirítear anailís ar chineál agus méid na n-earráidí agus na laigí a sainaithníodh sna córais, mar aon le gníomhaíocht cheartaitheach a glacadh nó a beartaíodh.

6.   Sna cuntais dá dtagraítear i mír 5, pointe (a), beidh réamh-mhaoiniú agus suimeanna maidir lena bhfuil nósanna imeachta aisghabhála curtha ar bun nó tugtha chun críche. Beidh dearbhú bainistíochta ag gabháil leo lena ndeimhnítear gur fíor an méid seo a leanas i dtuairim na ndaoine siúd atá i gceannas ar chistí a bhainistiú:

(a)

leagtar amach an fhaisnéis i gceart agus is faisnéis iomlán chruinn í;

(b)

úsáideadh an caiteachas chun na gcríoch a ceapadh dó, mar a shainítear i rialacha earnáilsonracha;

(c)

leis na córais rialaithe a cuireadh ar bun, áirithítear dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart foluiteach.

7.   Beidh tuairim ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta, arna tarraingt suas i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, ag gabháil leis na cuntais dá dtagraítear i mír 5, pointe (a), agus leis an achoimre dá dtagraítear i bpointe (b) den sa mhír sin. Suífidh an tuairim sin an dtugann na cuntais seasamh fíor agus cothrom, an bhfuil caiteachas a ndearnadh aisíocaíocht a iarraidh ina leith ón gCoimisiún dlíthiúil agus rialta, agus an bhfeidhmíonn na córais rialaithe atá i bhfeidhm i gceart. Ina theannta sin, luafaidh an tuairim an gcuireann an obair iniúchóireachta in amhras na dearbhuithe a dhéantar sa dearbhú bainistíochta dá dtagraítear i mír 6.

Ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an sprioc-am den 15 Feabhra a leagtar amach i mír 5 go dtí an 1 Márta, arna chur sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann.

Féadfaidh na Ballstáit, ar an leibhéal iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 agus sa mhír seo a fhoilsiú.

Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit dearbhuithe a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún atá sínithe ar an leibhéal iomchuí bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 agus sa mhír seo.

8.   Chun a áirithiú go n-úsáidtear cistí de chuid an Aontais i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta a chur i bhfeidhm maidir le cuntais comhlachtaí ainmnithe a iniúchadh agus a ghlacadh, agus a áirithiú go bhfuil na cuntais iomlán, cruinn agus fíor;

(b)

caiteachas a bhfuil eisíocaíochtaí déanta ina leith a sháraigh an dlí is infheidhme a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais;

(c)

sprioc-amanna íocaíochta a bhriseadh nó íocaíochtaí a chur ar fionraí i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i rialacha earnáilsonracha.

Cuirfidh an Coimisiún deireadh le briseadh na sprioc-amanna íocaíochta, nó le cuid de, nó le cur ar fionraí na n-íocaíochtaí tar éis do Bhallstát a bharúlacha a thíolacadh agus chomh luath agus a bheidh aon bhearta riachtanacha glactha aige. Leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(9), cumhdófar na hoibleagáidí uile faoin mír seo.

9.   Sna rialacha earnáilsonracha, cuirfear san áireamh riachtanais chláir an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, go háirithe maidir le hábhar an dearbhaithe bainistíochta, an próiseas a leagtar amach i mír 3 agus an fheidhm iniúchóireachta.

10.   Tiomsóidh an Coimisiún clár de na comhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí bainistíochta, deimhniúcháin agus iniúchóireachta faoi rialacha earnáilsonracha.

11.   Féadfaidh na Ballstáit acmhainní arna leithdháileadh orthu faoi bhainistíocht chomhroinnte a úsáid i gcomhcheangal le hoibríochtaí agus ionstraimí a dhéantar faoi Rialachán (AE) 2015/1017 i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sna rialacha earnáilsonracha ábhartha.

CAIBIDIL 3

Oifigí Eorpacha agus comhlachtaí de chuid an Aontais

Roinn 1

Oifigí Eorpacha

Airteagal 64

Raon feidhme inniúlachtaí na n-oifigí Eorpacha

1.   Sula gcuirfidh sé oifig Eorpach nua ar bun, déanfaidh an Coimisiún staidéar costais is tairbhe agus measúnú ar na rioscaí gaolmhara, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na torthaí díobh agus molfaidh sé na leithreasuithe is gá a iontráil in iarscríbhinn a ghabhann le roinn an bhuiséid a bhaineann leis an gCoimisiún.

2.   Laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí, maidir le hoifigí Eorpacha:

(a)

déanfaidh siad cúraimí éigeantacha dá bhforáiltear ina ngníomh bunaíochta nó i ngníomhartha eile dlí de chuid an Aontais;

(b)

féadfaidh siad, i gcomhréir le hAirteagal 66, cúraimí neamhéigeantacha a dhéanamh arna n-údarú ag a gCoistí Bainistíochta tar éis dóibh na costais, na tairbhí agus na rioscaí a ghabhann leo do na páirtithe lena mbaineann a chur san áireamh.

3.   Beidh feidhm ag an Roinn seo, cé is moite de mhír 4 den Airteagal seo, d’Airteagal 66 agus d’Airteagal 67(1), (2) agus (3), maidir le hoibriú OLAF.

4.   Déanfaidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na freagrachtaí uile a leagtar síos i gCaibidil 8 den Teideal seo a fheidhmiú.

Airteagal 65

Leithreasuithe i ndáil leis na hoifigí Eorpacha

1.   Na leithreasuithe a údaraítear chun cúraimí éigeantacha gach oifige Eorpaí a chur chun feidhme, iontrálfar iad i líne bhuiséid shonrach laistigh den roinn den bhuiséad a bhaineann leis an gCoimisiún agus leagfar amach go mionsonraithe iad in iarscríbhinn a ghabhann leis an roinn sin.

Is i bhfoirm ráiteas ar ioncam agus ar chaiteachas a bheidh an iarscríbhinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus í foroinnte ar an mbealach céanna leis na ranna den bhuiséad.

Leis na leithreasuithe arna n-iontráil san iarscríbhinn sin:

(a)

cumhdófar na riachtanais airgeadais iomlána a bhíonn ag gach oifig Eorpach agus na cúraimí éigeantacha dá bhforáiltear ina gníomh bunaíochta nó i ngníomhartha eile dlí de chuid an Aontais á gcomhlíonadh aici;

(b)

féadfar na riachtanais airgeadais a chumhdach a bhíonn ag oifig Eorpach agus cúraimí á gcomhlíonadh aici, ar cúraimí iad a d’iarr institiúidí de chuid an Aontais, comhlachtaí de chuid an Aontais, oifigí Eorpacha eile agus gníomhaireachtaí eile arna mbunú leis na Conarthaí nó fúthu agus údaraithe i gcomhréir le gníomh bunaíochta na hoifige.

2.   Maidir leis na leithreasuithe arna n-iontráil san iarscríbhinn do gach oifig Eorpach, déanfaidh an Coimisiún cumhachtaí oifigigh údarúcháin a tharmligean chuig Stiúrthóir na hoifige Eorpaí lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 73.

3.   Cuirfear plean bunaíochta gach oifige Eorpaí i gceangal le plean bunaíochta an Choimisiúin.

4.   Déanfaidh Stiúrthóir gach oifige Eorpaí cinntí ar aistrithe laistigh den iarscríbhinn dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aistrithe den sórt sin.

Airteagal 66

Cúraimí neamhéigeantacha

1.   Maidir leis na cúraimí neamhéigeantacha dá dtagraítear in Airteagal 64(2), pointe (b), féadfaidh oifig Eorpach an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cumhacht a fháil a tarmligeadh chuig a Stiúrthóir ó institiúidí de chuid an Aontais, comhlachtaí de chuid an Aontais agus oifigí Eorpacha eile, agus ina theannta sin tarmligean cumhachtaí de chuid an oifigigh údarúcháin maidir le leithreasuithe arna n-iontráil sa roinn den bhuiséad a bhaineann leis an institiúid de chuid an Aontais, an comhlacht de chuid an Aontais nó oifig Eorpach eile;

(b)

comhaontuithe ad hoc ar leibhéal seirbhíse a thabhairt i gcrích le hinstitiúidí de chuid an Aontais, comhlachtaí de chuid an Aontais, oifigí Eorpacha eile nó tríú páirtithe.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), is iad institiúidí de chuid an Aontais, comhlachtaí de chuid an Aontais agus oifigí Eorpacha eile lena mbaineann a leagfaidh amach na teorainneacha agus na coinníollacha maidir leis an tarmligean cumhachtaí. Déanfar tarmligean den sórt sin a chomhaontú i gcomhréir le gníomh bunaíochta na hoifige Eorpaí, go háirithe maidir le coinníollacha agus rialacha mionsonraithe an tarmligin.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), glacfaidh Stiúrthóir na hoifige Eorpaí, i gcomhréir lena gníomh bunaíochta, na forálacha sonracha lena rialaítear cur chun feidhme na gcúraimí, aisghabháil na gcostas a tabhaíodh, agus coimeád na dtaifead cuntasaíochta comhfhreagrach. Tuairisceoidh an oifig Eorpach toradh taifead cuntasaíochta den sórt sin chuig na hinstitiúidí de chuid an Aontais, chuig comhlachtaí de chuid an Aontais nó chuig na hoifigí Eorpacha eile lena mbaineann.

Airteagal 67

Taifid chuntasaíochta na n-oifigí Eorpacha

1.   Tarraingeoidh gach oifig Eorpach suas taifid chuntasaíochta dá caiteachas agus féadfar a chinneadh ar an gcaoi sin cén sciar dá seirbhísí a cuireadh ar fáil do gach ceann d’institiúidí an Aontais, de chomhlachtaí an Aontais nó d’oifigí Eorpacha eile. Glacfaidh Stiúrthóir na hoifige Eorpaí lena mbaineann na critéir ar a mbeidh na taifid chuntasaíochta bunaithe, tar éis dá Coiste Bainistíochta iad a fhormheas.

2.   Sna nótaí tráchta a bhaineann leis an líne bhuiséid shonrach ina n-iontráiltear iomlán na leithreasuithe do gach oifig Eorpach ar tarmligeadh cumhachtaí oifigigh údarúcháin chuici i gcomhréir le hAirteagal 66(1), pointe (a), taispeánfar meastachán ar chostas na seirbhísí a sholáthraíonn an oifig sin do gach ceann d’institiúidí an Aontais, de chomhlachtaí an Aontais agus de na hoifigí Eorpacha eile lena mbaineann. Beidh sé sin bunaithe ar na taifid chuntasaíochta dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Tabharfaidh gach oifig Eorpach ar tarmligeadh cumhachtaí oifigigh údarúcháin chuici i gcomhréir le hAirteagal 66(1), pointe (a), fógra do na hinstitiúidí de chuid an Aontais, do chomhlachtaí an Aontais agus do na hoifigí Eorpacha eile lena mbaineann faoi thorthaí na dtaifead cuntasaíochta dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

4.   Is cuid dhílis de chuntais an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 247 taifid chuntasaíochta gach oifige Eorpaí.

5.   Féadfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, ag gníomhú dó nó di ar thogra ó Choiste Bainistíochta na hoifige Eorpaí lena mbaineann, cuid de chúraimí an oifigigh a tharmligean chuig ball foirne de chuid na hoifige Eorpaí, ar cúraimí iad a bhaineann le hioncam a bhailiú agus caiteachas a dhéanann an oifig Eorpach lena mbaineann go díreach a íoc.

6.   Chun freastal ar riachtanais airgid thirim na hoifige Eorpaí, féadfaidh an Coimisiún cuntais bhainc nó cuntais gíoró postoifige a oscailt ina hainm, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoiste Bainistíochta. Déanfar an staid airgid thirim deiridh i dtaca le gach bliain a réiteach agus a choigeartú idir an oifig Eorpach lena mbaineann agus an Coimisiún ag deireadh na bliana airgeadais.

Roinn 2

Gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais

Airteagal 68

Infheidhmeacht i dtaca le Gníomhaireacht Soláthair Euratom

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cur chun feidhme an bhuiséid do Ghníomhaireacht Soláthair Euratom.

Airteagal 69

Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

1.   Féadfaidh an Coimisiún cumhachtaí a tharmligean chuig gníomhaireachtaí feidhmiúcháin chun clár nó tionscadal de chuid an Aontais a chur chun feidhme ina iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin agus cur chun feidhme caiteachas riaracháin, thar a cheann agus faoina fhreagracht, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle (46). Is le cinneadh ón gCoimisiún a chruthófar gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, agus beidh pearsantacht dhlítheanach acu faoi dhlí an Aontais. Gheobhaidh siad ranníocaíocht bhliantúil.

2.   Gníomhóidh stiúrthóirí na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin mar oifigigh údarúcháin trí tharmligean i dtaca le cur chun feidhme na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí a bhaineann le cláir an Aontais a ndéanann siad bainistíocht orthu ina n-iomláine nó i bpáirt.

3.   Féadfaidh coiste stiúrtha gníomhaireachta feidhmiúcháin comhaontú leis an gCoimisiún go ngníomhóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar oifigeach cuntasaíochta na gníomhaireachta feidhmiúcháin lena mbaineann. Féadfaidh an coiste stiúrtha cuid de chúraimí oifigeach cuntasaíochta na gníomhaireachta feidhmiúcháin lena mbaineann a chur faoi chúram oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, agus breithnithe costais agus tairbhe á gcur san áireamh. Sa dá chás, déanfar na socruithe is gá d’fhonn coinbhleacht leasa a sheachaint.

Airteagal 70

Comhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 275 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le creatrialachán airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu agus a fhaigheann ranníocaíochtaí a mhuirearaítear ar an mbuiséad.

2.   Beidh an creatrialachán airgeadais bunaithe ar na prionsabail agus na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo, agus aird á tabhairt ar shainiúlachtaí na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1.

3.   Ní imeoidh rialacha airgeadais na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 ón gcreatrialachán airgeadais ach amháin i gcás ina n-éilíonn a sainriachtanas amhlaidh agus faoi réir toiliú a fháil roimh ré ón gCoimisiún.

4.   Is í Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle, a thabharfaidh urscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséid na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1. Comhoibreoidh na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 go hiomlán leis na hinstitiúidí de chuid an Aontais atá rannpháirteach sa nós imeachta um urscaoileadh agus soláthróidh siad, de réir mar is iomchuí, aon fhaisnéis bhreise is gá, lena n-áirítear trí bheith i láthair ag cruinnithe de chuid na gcomhlachtaí ábhartha.

5.   Feidhmeoidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na cumhachtaí céanna ar na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus na cumhachtaí a fheidhmíonn sé i leith an Choimisiúin.

6.   Déanfaidh iniúchóir seachtrach neamhspleách a fhíorú go ndéantar, i gcuntais bhliantúla na gcomhlachtaí uile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ioncam, caiteachas agus staid airgeadais an chomhlachta ábhartha a leagan amach i gceart roimh an gcomhdhlúthú i gcuntais deiridh an Choimisiúin. Mura bhforáiltear a mhalairt sa bhunghníomh ábhartha, ullmhóidh an Chúirt Iniúchóirí tuarascáil bhliantúil shonrach maidir le gach comhlacht i gcomhréir le ceanglais Airteagal 287(1) CFAE. Agus an tuarascáil sin á hullmhú aici, breithneoidh an Chúirt Iniúchóirí an obair iniúchóireachta atá déanta ag an iniúchóir seachtrach neamhspleách agus an ghníomhaíocht atá glactha mar fhreagairt ar fhionnachtana an iniúchóra.

7.   Fanfaidh gach gné de na hiniúchtaí seachtracha neamhspleácha dá dtagraítear i mír 6, lena n-áirítear na fionnachtana tuairiscithe, faoi fhreagracht iomlán na Cúirte Iniúchóirí.

Airteagal 71

Comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí

Maidir le comhlachtaí a bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu, a chuirtear ar bun le bunghníomh agus a bhfuil cur chun feidhme comhpháirtíochta príobháidí poiblí de chúram orthu, glacfaidh siad a rialacha airgeadais féin.

Áireofar leis na rialacha sin sraith prionsabal is gá chun bainistíocht fhónta airgeadais i ndáil le cistí de chuid an Aontais a áirithiú.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 275 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialachán airgeadais samhla do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí lena leagtar síos na prionsabail is gá chun bainistíocht fhónta airgeadais ar chistí de chuid an Aontais a áirithiú agus a bheidh bunaithe ar Airteagal 157.

Ní imeoidh rialacha airgeadais na gcomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí ón rialachán airgeadais samhla ach amháin i gcás ina n-éilíonn a sainriachtanais amhlaidh agus faoi réir toiliú a fháil roimh ré ón gCoimisiún.

Beidh feidhm ag Airteagal 70(4) go (7) maidir le comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí.

CAIBIDIL 4

Gníomhaithe airgeadais

Roinn 1

Prionsabal leithscaradh na ndualgas

Airteagal 72

Dualgais a leithscaradh

1.   Beidh dualgais an oifigigh údarúcháin agus an oifigigh cuntasaíochta leithscartha agus comheisiatach ar a chéile.

2.   Soláthróidh gach institiúid de chuid an Aontais do gach gníomhaí airgeadais na hacmhainní a bheidh de dhíth air nó uirthi chun a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh agus cairt ina dtugtar tuairisc mhionsonraithe ar chúraimí, cearta agus oibleagáidí an ghníomhaí lena mbaineann.

Roinn 2

Oifigeach údarúcháin

Airteagal 73

Oifigeach údarúcháin

1.   Comhlíonfaidh gach institiúid de chuid an Aontais dualgais an oifigigh údarúcháin.

2.   Chun críocha an Teidil seo, ciallaíonn ‘baill foirne’ na daoine atá cumhdaithe ag na Rialacháin Foirne.

3.   Déanfaidh gach institiúid de chuid an Aontais dualgais an oifigigh údarúcháin a tharmligean chuig baill foirne ar an leibhéal iomchuí, i gcomhréir leis na coinníollacha ina rialacha nós imeachta. Sonróidh sí ina rialacha inmheánacha riaracháin na baill foirne a dtarmligeann sí na dualgais sin chucu, raon feidhme na gcumhachtaí arna dtarmligean agus an bhféadfaidh na daoine sin a ndéantar na cumhachtaí a tharmligean chucu na cumhachtaí a fho-tharmligean iad féin.

4.   Is chuig baill foirne agus chucu amháin a dhéanfar cumhachtaí oifigigh údarúcháin a tharmligean nó a fho-tharmligean.

5.   Gníomhóidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach laistigh de na teorainneacha a shocraítear le hionstraim an tarmligin nó le hionstraim an fho-tharmligin. Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach cúnamh a fháil ó bhall foirne amháin nó níos mó, atá faoina fhreagracht nó freagracht féin, agus oibríochtaí áirithe is gá le haghaidh chur chun feidhme an bhuiséid agus tháirgeadh na faisnéise airgeadais agus bainistíochta á ndéanamh aige nó aici.

6.   Déanfaidh gach institiúid de chuid an Aontais agus gach comhlacht de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 70 Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Chúirt Iniúchóirí agus oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a chur ar an eolas laistigh de 2 sheachtain maidir le hoifigigh údarúcháin trí tharmligean, iniúchóirí inmheánacha agus oifigigh chuntasaíochta a cheapadh agus a ndualgais a fhoirceannadh agus maidir le haon rialacha inmheánacha a ghlacann sé i leith cúrsaí airgeadais.

7.   Déanfaidh gach institiúid de chuid an Aontais an Chúirt Iniúchóirí a chur ar an eolas maidir le cinntí tarmligin agus maidir le riarthóirí óinchiste a cheapadh faoi Airteagail 79 agus 88.

Airteagal 74

Cumhachtaí agus dualgais an oifigigh údarúcháin

1.   Beidh an t-oifigeach údarúcháin freagrach san institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais as ioncam agus caiteachas a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena n-áirítear trí thuairisciú ar fheidhmíocht a áirithiú, agus as a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht agus le cóir chomhionann i ndáil le faighteoirí.

2.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean, i gcomhréir le hAirteagal 36 agus leis na híoschaighdeáin arna nglacadh ag gach institiúid de chuid an Aontais agus ag féachaint go hiomchuí do na rioscaí a bhaineann leis an timpeallacht bhainistíochta agus do chineál na ngníomhaíochtaí arna maoiniú, an struchtúr eagraíochtúil agus na córais rialaithe inmheánaigh atá oiriúnach d’fheidhmiú a chuid nó a cuid dualgas a chur ar bun. Beidh anailís chuimsitheach riosca ina tacú agus an struchtúr sin agus na córais sin á mbunú agus cuirfidh an anailís sin a gcostéifeachtacht agus breithnithe feidhmíochta san áireamh.

3.   Chun caiteachas a chur chun feidhme, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach gealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla a thabhairt, caiteachas a bhailíochtú, íocaíochtaí a údarú agus na réamhchéimeanna le haghaidh chur chun feidhme na leithreasuithe a ghlacadh ar láimh.

4.   Chun ioncam a chur chun feidhme, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach meastacháin a tharraingt suas ar mhéideanna is infhaighte, teidlíochtaí atá le haisghabháil a bhunú agus orduithe aisghabhála a eisiúint. I gcás inarb iomchuí, tarscaoilfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach teidlíochtaí bunaithe.

5.   Chun earráidí agus neamhrialtachtaí a chosc sula ndéanfar na hoibríochtaí a údarú agus chun na rioscaí a laghdú nach mbainfear cuspóirí amach, beidh gach oibríocht faoi réir rialú ex ante ar a laghad i ndáil le gnéithe oibríochtúla agus airgeadais na hoibríochta, ar bhonn straitéis rialaithe ilbhliantúil lena gcuirtear riosca san áireamh. Amhail dá dtagraítear in Airteagal 36(11), bainfidh rialuithe ex ante úsáid, i gcás inarb iomchuí, as uirlisí TF uathoibrithe agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

Cinnfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach méid na rialuithe ex-ante ó thaobh minicíochta agus déine de agus torthaí rialuithe a rinneadh cheana á gcur san áireamh mar aon le breithnithe rioscabhunaithe agus costéifeachtacha, ar bhonn anailís an oifigigh údarúcháin féin ar an riosca. I gcás ina bhfuil amhras fúthu, an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach as na hoibríochtaí ábhartha a bhailíochtú, iarrfaidh an t-oifigeach sin, mar chuid de rialú ex ante faisnéis chomhlántach nó déanfaidh an t-oifigeach sin, mar chuid de rialú ex ante, rialú ar an láthair chun dearbhú réasúnach a fháil.

I gcás oibríocht ar leith, déanfaidh na baill foirne nach iad na baill foirne a thionscain an oibríocht an fíorú. Ní bheidh na baill foirne a dhéanann an fíorú faoi cheannas na mball foirne a thionscain an oibríocht.

6.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean rialuithe ex post a chur ar bun chun earráidí agus neamhrialtachtaí oibríochtaí a bhrath agus a cheartú tar éis a n-údaraithe. Féadfar na rialuithe sin a eagrú ar bhonn samplála de réir riosca agus cuirfear san áireamh na torthaí ar rialuithe a rinneadh cheana agus, chomh maith leis sin, breithnithe costéifeachtachta agus feidhmíochta. Amhail dá dtagraítear in Airteagal 36(11), bainfidh rialuithe ex post úsáid, i gcás inarb iomchuí, as uirlisí TF uathoibrithe agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

Is baill foirne nach iad na baill foirne atá freagrach as na rialuithe ex ante a dhéanfaidh na rialuithe ex post. Ní bheidh na baill foirne atá freagrach as na rialuithe ex post faoi cheannas na mball foirne atá freagrach as na rialuithe ex ante.

Beidh na rialacha agus na rialacha mionsonraithe, lena n-áirítear tréimhsí ama, le haghaidh iniúchtaí a dhéanamh ar na tairbhithe soiléir, comhsheasmhach agus trédhearcach, agus cuirfear ar fáil iad do na tairbhithe agus an comhaontú deontais á shíniú.

7.   Beidh na scileanna gairmiúla is gá ag oifigigh údarúcháin atá freagrach agus ag na baill foirne atá freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid.

I ngach institiúid de chuid an Aontais déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go bhfaigheann na hoifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean agus a gcuid ball foirne faisnéis agus oiliúint iomchuí a nuashonraítear go rialta i dtaca leis na caighdeáin rialaithe agus na modhanna agus na teicnící atá ar fáil chun na críche sin;

(b)

go ndéantar bearta, i gcás inar gá, chun a áirithiú go bhfuil na córais rialaithe ag feidhmiú go héifeachtach agus go héifeachtúil i gcomhréir le mír 2.

8.   Má mheasann aon bhall foirne atá bainteach le hidirbhearta a bhainistiú ó thaobh airgeadais de agus le hidirbhearta a rialú, maidir le cinneadh ar chuir a oifigeach uachtarach nó a hoifigeach uachtarach iallach air nó uirthi é a chur i bhfeidhm nó aontú leis, nach bhfuil an cinneadh sin ag teacht le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais ná leis na rialacha gairmiúla nó go bhfuil an cinneadh sin ag teacht salach ar na prionsabail sin nó ar na rialacha gairmiúla sin a cheanglaítear ar an mball foirne sin a chomhlíonadh, cuirfidh an ball foirne sin a oifigeach uachtarach nó a hoifigeach uachtarach ar an eolas dá réir sin. Má dhéanann an ball foirne sin i scríbhinn, tabharfaidh an t-oifigeach uachtarach freagra i scríbhinn. Má mhainníonn an t-oifigeach uachtarach gníomhú nó má dhearbhaíonn an t-oifigeach uachtarach an cinneadh nó an treoir tosaigh agus má chreideann an ball foirne nach ionann an dearbhú sin agus freagra réasúnach ar an imní, déanfaidh an ball foirne an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean a chur ar an eolas i scríbhinn. Mura dtabharfaidh an t-oifigeach sin freagra laistigh de thréimhse ama réasúnach i bhfianaise imthosca an cháis agus, in aon chás, laistigh de mhí ar a mhéad, cuirfidh an ball foirne an painéal ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 145 ar an eolas.

I gcás aon ghníomhaíocht neamhdhleathach, aon chalaois nó aon éilliú a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, cuirfidh an ball foirne na húdaráis agus na comhlachtaí ar an eolas, ar údaráis agus comhlachtaí iad a ainmnítear sna Rialacháin Foirne agus sna cinntí ó institiúidí de chuid an Aontais maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le himscrúduithe inmheánacha i ndáil le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh dochar do leasanna an Aontais a chosc. Le conarthaí a dhéantar le hiniúchóirí seachtracha a dhéanann iniúchtaí ar bhainistíocht airgeadais an Aontais, forálfar maidir le hoibleagáid a bheith ar an iniúchóir seachtrach an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean a chur ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht neamhdhleathach, calaois nó éilliú amhrasta a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais.

9.   Tuairisceoidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean dá institiúid nó dá hinstitiúid de chuid an Aontais maidir le feidhmiú a chuid nó a cuid dualgas i bhfoirm tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ina bhfuil faisnéis airgeadais agus bhainistíochta, lena n-áirítear torthaí na rialuithe, á dhearbhú, ach amháin má shonraítear a mhalairt in aon fhorchoimeádas a bhaineann le réimsí sainithe ioncaim agus caiteachais, go bhfuil dearbhú réasúnach aige nó aici maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

tugtar seasamh fíor agus cothrom leis an bhfaisnéis atá sa tuarascáil;

(b)

úsáideadh na hacmhainní a sannadh do na gníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu sa tuarascáil chun na gcríoch ar ceapadh dóibh iad agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais; agus

(c)

tugann na nósanna imeachta rialaithe a cuireadh ar bun na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart foluiteach.

Sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí beidh faisnéis ar na hoibríochtaí a rinneadh, trí thagairt a dhéanamh do na cuspóirí agus do na breithnithe feidhmíochta a leagadh amach sna pleananna straitéiseacha, do na rioscaí a bhaineann leis na hoibríochtaí sin, don úsáid a baineadh as na hacmhainní a soláthraíodh agus d’éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh. Áireofar sa tuarascáil measúnú foriomlán ar chostais agus tairbhí rialuithe agus faisnéis faoin méid a rannchuidíonn an caiteachas oibríochtúil arna údarú le cuspóirí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach agus breisluach de chuid an Aontais a ghiniúint. Ullmhóidh an Coimisiún achoimre ar na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí don bhliain roimhe sin.

Déanfar na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí don bhliain airgeadais ó na hoifigigh údarúcháin agus, i gcás inarb infheidhme, ó na hoifigigh údarúcháin trí tharmligean de chuid institiúidí de chuid an Aontais, comhlachtaí de chuid an Aontais, oifigí Eorpacha agus gníomhaireachtaí Eorpacha a fhoilsiú faoin 1 Iúil den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin ar shuíomh gréasáin na hinstitiúide de chuid an Aontais, an chomhlachta de chuid an Aontais, na hoifige Eorpaí nó na gníomhaireachta Eorpaí faoi seach, ar bhealach inrochtana, faoi réir breithnithe rúndachta agus slándála a bhfuil údar cuí leo.

10.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean, maidir le gach bliain airgeadais, conarthaí a thaifeadadh arna dtabhairt i gcrích le nósanna imeachta idirbheartaithe i gcomhréir le pointe 11.1, pointí (a) go (f), agus pointe 39 d’Iarscríbhinn I. Má thagann ardú suntasach ar chéatadán na nósanna imeachta idirbheartaithe i ndáil le líon na nósanna imeachta arna ndeonú ag an oifigeach údarúcháin céanna trí tharmligean i gcomparáid leis na blianta roimhe sin nó más mó go suntasach an céatadán sin ná an meán a taifeadadh don institiúid de chuid an Aontais, tuairisceoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach chuig an institiúid de chuid an Aontais lena leagtar amach aon bhearta a rinneadh chun an treocht sin a iompú droim ar ais. Seolfaidh gach institiúid de chuid an Aontais tuarascáil ar nósanna imeachta idirbheartaithe chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. I gcás an Choimisiúin, cuirfear an tuarascáil sin i gceangal leis an achoimre ar na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo.

Airteagal 75

Doiciméid tacaíochta a choinneáil ag oifigigh údarúcháin

Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin córais pháipéarbhunaithe nó leictreonacha ar bun chun doiciméid tacaíochta bhunaidh a choinneáil maidir le cur chun feidhme an bhuiséid. Coinneofar na doiciméid sin go ceann 5 bliana ar a laghad ón dáta a thugann Parlaimint na hEorpa urscaoileadh don bhliain airgeadais lena mbaineann na doiciméid.

Gan dochar don chéad fhomhír, déanfar doiciméid a bhaineann le hoibríochtaí a choinneáil ar aon chaoi, is é sin, go deireadh na bliana tar éis na bliana inar dúnadh na hoibríochtaí sin go críochnaitheach.

Déanfar sonraí pearsanta i ndoiciméid tacaíochta a scriosadh, i gcás inar féidir, mura gá na sonraí chun críoch urscaoilte bhuiséadaigh, rialaithe agus iniúchóireachta. Beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí tráchta a chaomhnú.

Airteagal 76

Cumhachtaí agus dualgais Chinn Thoscaireachtaí an Aontais

1.   I gcás ina ngníomhaíonn Cinn thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 60(2), beidh siad faoi réir an Choimisiúin mar an institiúid de chuid an Aontais atá freagrach as sainiú, feidhmiú, faireachán agus breithmheas a gcuid dualgas agus freagrachtaí mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean agus oibreoidh siad i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún maidir le cistí a chur chun feidhme mar is iomchuí, d’fhonn dlíthiúlacht agus rialtacht idirbheart airgeadais, urramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais i dtaca le bainistíocht cistí agus cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú go háirithe. Beidh siad faoi réir rialacha inmheánacha an Choimisiúin agus Chairt an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme cúraimí bainistíochta airgeadais arna bhfo-tharmligean chucu. Féadfaidh baill foirne an Choimisiúin i dtoscaireachtaí an Aontais cuidiú leo a gcuid dualgas a chur i gcrích.

Chuige sin, déanfaidh Cinn thoscaireachtaí an Aontais na bearta is gá chun cosc a chur ar aon staid inar dócha go gcuirfí acmhainneacht an Choimisiúin a fhreagracht as cur chun feidhme an bhuiséid arna fho-tharmligean chucu a chomhlíonadh, agus chun cosc a chur ar aon choinbhleacht tosaíochtaí ar dócha go mbeidh tionchar aici ar chur chun feidhme na gcúraimí bainistíochta airgeadais arna bhfo-tharmligean chucu.

I gcás ina dtagann staid nó coinbhleacht dá dtagraítear sa dara fomhír chun cinn, cuirfidh Cinn thoscaireachtaí an Aontais é sin in iúl gan mhoill do na hArdstiúrthóirí freagracha sa Choimisiún agus in SEGS. Déanfaidh na hArdstiúrthóirí bearta iomchuí chun an scéal a leigheas.

2.   Má bhíonn Cinn thoscaireachtaí an Aontais i gcás dá dtagraítear in Airteagal 74(8), tarchuirfidh siad an t-ábhar chuig an bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 145. I gcás aon ghníomhaíocht neamhdhleathach, aon chalaois nó aon éilliú a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, déanfaidh siad na húdaráis agus na comhlachtaí arna n-ainmniú leis an reachtaíocht is infheidhme a chur ar an eolas.

3.   Déanfaidh Cinn thoscaireachtaí an Aontais, ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 60(2), tuarascáil a thabhairt dá n-oifigeach údarúcháin trí tharmligean ionas go bhféadfaidh an t-oifigeach sin a dtuarascálacha a chorprú sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí atá aige nó aici dá dtagraítear in Airteagal 74(9). Beidh sna tuarascálacha ó Chinn thoscaireachtaí an Aontais faisnéis maidir le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh atá ina dtoscaireachtaí, chomh maith le bainistíocht na n-oibríochtaí arna bhfo-tharmligean chucu, agus tabharfar iontu an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 92(5), an tríú fomhír. Déanfar na tuarascálacha sin a chur i gceangal mar iarscríbhinn leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ón oifigeach údarúcháin trí tharmligean agus cuirfear iad ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus ag féachaint go hiomchuí do rúndacht na dtuarascálacha sin i gcás inarb iomchuí.

Comhoibreoidh Cinn thoscaireachtaí an Aontais go hiomlán le hinstitiúidí an Aontais atá rannpháirteach sa nós imeachta um urscaoileadh agus soláthróidh siad, de réir mar is iomchuí, aon fhaisnéis bhreise is gá. Sa chomhthéacs sin, féadfar a iarraidh orthu a bheith i láthair ag cruinnithe de na comhlachtaí ábhartha agus cúnamh a thabhairt don oifigeach údarúcháin trí tharmligean atá freagrach.

Déanfaidh Cinn thoscaireachtaí an Aontais, ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 60(2), freagra a thabhairt ar aon iarraidh a dhéanann an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean ón gCoimisiún arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó, i gcomhthéacs an urscaoilte, arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa.

Áiritheoidh an Coimisiún nach dochar é don nós imeachta um urscaoileadh faoi Airteagal 319 CFAE na cumhachtaí a fho-tharmligean chuig Cinn thoscaireachtaí an Aontais.

4.   Beidh feidhm ag míreanna 1, 2, agus 3 chomh maith maidir le leas-Chinn thoscaireachtaí an Aontais i gcás ina ngníomhaíonn siad mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean má bhíonn Cinn thoscaireachtaí an Aontais as láthair.

Roinn 3

Oifigeach cuntasaíochta

Airteagal 77

Cumhachtaí agus dualgais an oifigigh cuntasaíochta

1.   Ceapfaidh gach institiúid de chuid an Aontais oifigeach cuntasaíochta a bheidh freagrach, san institiúid sin, as na nithe seo a leanas:

(a)

íocaíochtaí a chur chun feidhme mar is ceart, ioncam a bhailiú agus méideanna arna mbunú mar mhéideanna is infhaighte a aisghabháil;

(b)

na cuntais a ullmhú agus a thíolacadh i gcomhréir le Teideal XIII;

(c)

na cuntais a choimeád i gcomhréir le hAirteagail 82 agus 84;

(d)

na rialacha agus na nósanna imeachta cuntasaíochta agus cairt na gcuntas a leagan síos i gcomhréir le hAirteagail 80 go 84;

(e)

na córais chuntasaíochta a leagan síos agus a bhailíochtú agus, i gcás inarb iomchuí, na córais a bhailíochtú a leag an t-oifigeach údarúcháin síos d’fhonn faisnéis chuntasaíochta a sholáthar nó d’fhonn údar a thabhairt léi;

(f)

an cisteán a bhainistiú.

I ndáil leis na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e), tabharfar de chumhacht don oifigeach cuntasaíochta a fhíorú tráth ar bith go bhfuil na critéir maidir le bailíochtú á gcomhlíonadh.

2.   Is le roinn an bhuiséid a bhaineann le SEGS amháin, mar a chuirfidh SEGS chun feidhme í, a bhainfidh freagrachtaí oifigeach cuntasaíochta SEGS. Leanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin de bheith freagrach as roinn an bhuiséid a bhaineann leis an gCoimisiún ina hiomláine, lena n-áirítear oibríochtaí cuntasaíochta a bhaineann le leithreasuithe arna bhfo-tharmligean chuig Cinn thoscaireachtaí an Aontais.

Gníomhóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin freisin mar oifigeach cuntasaíochta SEGS i leith chur chun feidhme roinn an bhuiséid a bhaineann le SEGS.

Airteagal 78

Ceapadh an oifigigh cuntasaíochta agus foirceannadh dhualgais an oifigigh cuntasaíochta

1.   Déanfaidh gach institiúid de chuid an Aontais oifigeach cuntasaíochta a cheapadh as measc oifigigh atá faoi réir na Rialachán Foirne.

Déanfaidh an institiúid de chuid an Aontais an t-oifigeach cuntasaíochta a roghnú ar bhonn a inniúlachta sainiúla nó a hinniúlachta sainiúla i bhfianaise dioplómaí nó taithí choibhéiseach ghairmiúil.

2.   Féadfaidh dhá cheann nó níos mó d’institiúidí nó comhlachtaí an Aontais an t-oifigeach cuntasaíochta céanna a cheapadh.

Sa chás sin, déanfaidh siad na socruithe is gá chun aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint.

3.   Déanfar comhardú trialach a tharraingt suas gan mhoill i gcás ina ndéantar foirceannadh ar dhualgais an oifigigh cuntasaíochta.

4.   Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta a bhfuil a chuid nó a cuid dualgas á bhfoirceannadh nó, mura féidir sin, déanfaidh oifigeach de chuid a roinne an comhardú trialach mar aon le tuarascáil aistrithe a tharchur chuig an oifigeach cuntasaíochta nua.

Síneoidh an t-oifigeach cuntasaíochta nua an comhardú trialach lena ghlacadh laistigh de mhí amháin ó dháta a tharchuir agus féadfaidh sé nó sí forchoimeádais a dhéanamh.

Beidh toradh an chomhardaithe thrialaigh agus aon fhorchoimeádais arna ndéanamh sa tuarascáil aistrithe.

Airteagal 79

Cumhachtaí a fhéadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta a tharmligean

Agus a chuid nó a cuid dualgas á gcomhlíonadh aige nó aici, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta cúraimí áirithe a tharmligean chuig baill foirne faoina cheannas nó faoina ceannas agus chuig riarthóirí óinchiste arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 89(1).

Leagfar amach le hionstraim an tarmligin na cúraimí sin.

Airteagal 80

Rialacha cuntasaíochta

1.   Na rialacha cuntasaíochta atá le cur i bhfeidhm ag institiúidí de chuid an Aontais, oifigí Eorpacha agus gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil 3 den Teideal seo, beidh na rialacha sin bunaithe ar chaighdeáin chuntasaíochta don earnáil phoiblí a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta. Glacfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin na rialacha sin tar éis dul i gcomhairle le hoifigigh chuntasaíochta institiúidí eile de chuid an Aontais, oifigí Eorpacha agus comhlachtaí de chuid an Aontais.

2.   Féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta imeacht ó na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 má mheasann sé nó sí go bhfuil gá leis sin, chun léargas fíorcheart a thabhairt ar shócmhainní agus ar dhliteanais, ar mhuirir, ar ioncam agus ar shreabhadh airgid. I gcás ina n-imíonn riail chuntasaíochta go hábhartha ó na caighdeáin sin, nochtfaidh na nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais an méid sin agus na cúiseanna atá leis.

3.   Leagfar síos leis na rialacha cuntasaíochta dá dtagraítear i mír 1 struchtúr agus inneachar na ráiteas airgeadais, mar aon leis na prionsabail chuntasaíochta is bun leis na cuntais.

4.   Comhlíonfar leis na tuarascálacha cur chun feidhme buiséid dá dtagraítear in Airteagal 247 na prionsabail bhuiséadacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Leo sin cuirfear taifead mionsonraithe ar fáil ar chur chun feidhme an bhuiséid. Déanfar leo na hoibríochtaí ioncaim agus caiteachais uile dá bhforáiltear sa Teideal seo a thaifeadadh agus léargas cothrom a thabhairt orthu.

Airteagal 81

Na cuntais a eagrú

1.   Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta gach institiúide nó comhlachta de chuid an Aontais doiciméid a tharraingt suas agus a choinneáil nuashonraithe ina dtugtar tuairisc ar eagrú chuntais agus nósanna imeachta a institiúide nó a hinstitiúide féin de chuid an Aontais nó a chomhlachta nó a comhlachta féin de chuid an Aontais.

2.   I gcóras ríomhairithe, de réir chineál eacnamaíoch na hoibríochta, a choimeádfar taifead ar ioncam agus caiteachas mar ioncam nó caiteachas reatha nó mar chaipiteal.

Airteagal 82

Na cuntais a choinneáil

1.   Beidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin freagrach as cairteacha comhchuibhithe na gcuntas a leagan síos lena gcur i bhfeidhm ag institiúidí uile an Aontais, ag oifigí Eorpacha agus ag na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil 3 den Teideal seo.

2.   Gheobhaidh na hoifigigh chuntasaíochta ó na hoifigigh údarúcháin an fhaisnéis uile is gá d’fhonn cuntais a sholáthar ina dtabharfar léargas cothrom ar staid airgeadais institiúidí an Aontais agus ar chur chun feidhme an bhuiséid. Tabharfaidh na hoifigigh údarúcháin ráthaíocht maidir le hiontaofacht na faisnéise sin.

3.   Sula nglacfaidh an institiúid de chuid an Aontais nó an comhlacht de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 70 na cuntais, cuirfidh an t-oifigeach cuntasaíochta a ainm nó a hainm leo á dheimhniú leis sin go bhfuil dearbhú réasúnach aige nó aici go dtugtar sna cuntais léargas cothrom ar staid airgeadais na hinstitiúide de chuid an Aontais nó an chomhlachta de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 70.

Chun na críche sin, fíoróidh an t-oifigeach cuntasaíochta gur ullmhaíodh na cuntais i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 80, agus na nósanna imeachta cuntasaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 77(1), an chéad fhomhír, pointe (d), agus gur iontráladh gach ioncam agus caiteachas sna cuntais.

4.   Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean, chuig an oifigeach cuntasaíochta, i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh ag an oifigeach cuntasaíochta, aon fhaisnéis airgeadais agus bhainistíochta atá riachtanach do chomhlíonadh dhualgais an oifigigh cuntasaíochta.

Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin an t-oifigeach cuntasaíochta ar an eolas, go rialta agus ar a laghad tráth dhúnadh na gcuntas, faoi na sonraí airgeadais a bhaineann leis na cuntais bhainc mhuiníneacha chun gur féidir úsáid cistí de chuid an Aontais a léiriú i gcuntais an Aontais.

Leanfaidh na hoifigigh údarúcháin de bheith lánfhreagrach as ceartúsáid na gcistí a bhainistíonn siad, as dlíthiúlacht agus as rialtacht an chaiteachais faoina rialú, agus as iomláine agus cruinneas na faisnéise a sheoltar chuig an oifigeach cuntasaíochta.

5.   Tabharfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach fógra don oifigeach cuntasaíochta faoi fhorbairtí nó faoi mhodhnuithe suntasacha a rinneadh ar chóras bainistíochta airgeadais, córas fardail, nó córas le haghaidh sócmhainní agus dliteanais a luacháil, más foinse sonraí é do chuntais na hinstitiúide de chuid an Aontais nó má úsáidtear é chun bunús a chur leis na sonraí sin, sa chaoi gur féidir leis an oifigeach cuntasaíochta comhlíonadh na gcritéar maidir le bailíochtú a fhíorú.

Féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta córas bainistíochta airgeadais arna bhailíochtú cheana a athscrúdú tráth ar bith agus iarraidh ar an oifigeach údarúcháin atá freagrach plean gníomhaíochta a bhunú chun laigí féideartha a cheartú in am agus i dtráth.

Beidh an t-oifigeach údarúcháin freagrach as iomláine na faisnéise arna seoladh chuig an oifigeach cuntasaíochta.

6.   Tabharfar de chumhacht don oifigeach cuntasaíochta an fhaisnéis a fhaightear a sheiceáil agus aon seiceálacha eile a dhéanamh a mheasann sé nó sí a bheidh riachtanach chun a ainm nó a hainm a chur leis na cuntais.

Más gá, déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta forchoimeádais, agus cineál agus raon feidhme forchoimeádas den sórt sin á míniú go beacht.

7.   Eagrófar le córas cuntasaíochta institiúide de chuid an Aontais an fhaisnéis bhuiséadach agus airgeadais sa chaoi is gur féidir figiúirí a iontráil, a chomhdú agus a chlárú.

8.   Cuntais ghinearálta agus cuntais bhuiséid a bheidh sa chóras cuntasaíochta. Coinneofar na cuntais in euro agus ar bhonn na bliana féilire.

9.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean cuntais bhainistíochta mhionsonraithe a choinneáil freisin.

10.   Déanfar doiciméid tacaíochta a bhaineann leis an gcóras cuntasaíochta agus le hullmhú na gcuntas dá dtagraítear in Airteagal 247 a choinneáil ar feadh 5 bliana ar a laghad ón dáta a thugann Parlaimint na hEorpa urscaoileadh don bhliain airgeadais lena mbaineann na doiciméid.

Déanfar doiciméid a bhaineann le hoibríochtaí nár dúnadh go críochnaitheach, áfach, a choinneáil go deireadh na bliana tar éis na bliana inar dúnadh na hoibríochtaí. Beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí tráchta a chaomhnú.

Déanfaidh gach institiúid de chuid an Aontais a chinneadh cén roinn ina bhfuil na doiciméid tacaíochta le coinneáil.

Airteagal 83

Inneachar na gcuntas buiséid agus iad a choinneáil

1.   Taispeánfar na nithe seo a leanas sna cuntais bhuiséid i gcás gach foroinne den bhuiséad:

(a)

i gcás caiteachais:

(i)

na leithreasuithe a údaraítear sa bhuiséad, lena n-áirítear na leithreasuithe a iontráladh i mbuiséid leasaitheacha, na leithreasuithe a tugadh anonn, na leithreasuithe atá ar fáil tar éis an t-ioncam sannta a bhailiú, aistrithe na leithreasuithe agus iomlán na leithreasuithe atá ar fáil;

(ii)

na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i leith na bliana airgeadais;

(b)

i gcás ioncaim:

(i)

na meastacháin a iontráladh sa bhuiséad, lena n-áirítear na meastacháin a iontráladh i mbuiséid leasaitheacha, an t-ioncam sannta agus méid iomlán an ioncaim mheasta;

(ii)

na teidlíochtaí a bunaíodh agus na méideanna arna n-aisghabháil i leith na bliana airgeadais;

(c)

na gealltanais atá fós le híoc agus an t-ioncam a tugadh ar aghaidh ó na blianta roimhe sin agus atá fós le haisghabháil.

Déanfar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), a iontráil agus a thaispeáint ar leithligh.

2.   Taispeánfar na nithe seo a leanas ar leithligh sna cuntais bhuiséid:

(a)

úsáid na leithreasuithe a tugadh anonn agus na leithreasuithe don bhliain airgeadais;

(b)

imréiteach na ngealltanas gan íoc.

Ar thaobh an ioncaim, taispeánfar ar leithligh na méideanna atá fós le haisghabháil ó na blianta airgeadais roimhe sin.

Airteagal 84

Cuntais ghinearálta

1.   Taifeadfar sna cuntais ghinearálta, in ord croineolaíoch agus ag baint úsáid as an modh iontrála dúbailte, gach teagmhas agus gach oibríocht a mbíonn tionchar acu ar an staid eacnamaíoch agus airgeadais agus ar shócmhainní agus ar dhliteanais institiúidí de chuid an Aontais agus na ngníomhaireachtaí agus chomhlachtaí an Aontais dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil 3 den Teideal seo.

2.   Déanfar iarmhéideanna agus gluaiseachtaí sna cuntais ghinearálta a iontráil sna mórleabhair chuntasaíochta.

3.   Beidh gach iontráil chuntasaíochta, lena n-áirítear coigeartuithe ar na cuntais, bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta, agus tagróidh na hiontrálacha dóibh.

4.   Beidh an córas cuntasaíochta de chineál a fhágann go bhfágtar rian soiléir iniúchóireachta le haghaidh gach iontrála cuntasaíochta.

Airteagal 85

Cuntais bhainc

1.   Maidir le ceanglais maidir le bainistiú cisteáin, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta, in ainm a institiúide nó a hinstitiúide de chuid an Aontais, cuntais a oscailt le hinstitiúidí airgeadais nó le bainc cheannais náisiúnta nó féadfaidh sé nó sí a iarraidh cuntais den sórt sin a oscailt. Beidh an t-oifigeach cuntasaíochta freagrach chomh maith as na cuntais sin a dhúnadh nó as a áirithiú go ndúntar iad.

2.   Forálfar leis na téarmaí lena rialaítear oscailt, oibriú agus úsáid cuntas bainc, ag brath ar cheanglais rialaithe inmheánaigh, go ndéanfaidh ball foirne cuí-údaraithe amháin nó níos mó seiceanna, orduithe aistrithe creidmheasa bainc nó aon oibríochtaí baincéireachta eile a shíniú. Déanfaidh ar a laghad beirt bhall foirne atá cuí-údaraithe, nó an t-oifigeach cuntasaíochta, treoracha i scríbhinn a shíniú.

3.   I gcomhthéacs clár nó gníomhaíocht a chur chun feidhme, féadfar cuntais mhuiníneacha a oscailt thar ceann an Choimisiúin, ionas go bhféadfaidh eintiteas iad a bhainistiú de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c)(ii), (iii), (v) nó (vi).

Is faoi fhreagracht an oifigigh údarúcháin atá i gceannas ar chur chun feidhme an chláir nó na gníomhaíochta agus i gcomhaontú le hoifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a osclófar cuntais den sórt sin.

Is faoi fhreagracht an oifigigh údarúcháin a bhainisteofar cuntais den sórt sin.

4.   Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin rialacha a leagan síos maidir le cuntais mhuiníneacha a oscailt, a bhainistiú agus a dhúnadh agus maidir lena n-úsáid.

Airteagal 86

An cisteán a bhainistiú

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, is don oifigeach cuntasaíochta amháin a thabharfar de chumhacht airgead tirim agus coibhéis airgid thirim a bhainistiú. Beidh an t-oifigeach cuntasaíochta freagrach as iad a choimeád slán.

2.   Áiritheoidh an t-oifigeach cuntasaíochta go bhfuil ag a institiúid nó a hinstitiúid de chuid an Aontais cistí leordhóthanacha chun riachtanais airgid thirim a thagann as cur chun feidhme an bhuiséid laistigh den chreat rialála is infheidhme a chumhdach agus bunóidh sé nó sí nósanna imeachta lena áirithiú nach mbeidh aon cheann de na cuntais arna n-oscailt i gcomhréir le hAirteagal 85(1) sa dochar.

3.   Déanfar íocaíochtaí le haistriú creidmheasa bainc, le seic, nó má údaraíonn an t-oifigeach cuntasaíochta an méid sin go sonrach, le cárta creidmheasa, le cárta dochair, le tiachóga leictreonacha, le dochar díreach nó le modh íocaíochta eile, i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos ag an oifigeach cuntasaíochta.

Sula rachaidh sé nó sí isteach i ngealltanas le tríú páirtí, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin céannacht an íocaí a dheimhniú, eintiteas dlítheanach agus sonraí íocaíochta an íocaí a bhunú agus iad a iontráil sa chomhchomhad de réir na hinstitiúide de chuid an Aontais as a bhfuil an t-oifigeach cuntasaíochta freagrach.

Féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta íocaíochtaí a dhéanamh i gcás inar iontráladh eintiteas dlítheanach agus sonraí íocaíochta an íocaí i gcomhchomhad roimh ré de réir na hinstitiúide de chuid an Aontais as a bhfuil an t-oifigeach cuntasaíochta freagrach, agus sa chás sin amháin.

Cuirfidh oifigigh údarúcháin an t-oifigeach cuntasaíochta ar an eolas faoi aon athrú sna sonraí eintitis dhlítheanaigh agus íocaíochta a chuirfidh an t-íocaí in iúl dóibh agus seiceálfaidh siad an bhfuil na sonraí sin bailí sula n-údaróidh siad aon íocaíocht.

Airteagal 87

Fardal na sócmhainní

1.   Coinneoidh institiúidí de chuid an Aontais agus gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil 3 den Teideal seo fardail lena léirítear méid agus luach a gcuid sócmhainní inláimhsithe, neamh-inláimhsithe agus airgeadais uile i gcomhréir le heiseamláir a tharraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin suas.

Seiceálfaidh siad freisin an gcomhfhreagraíonn na hiontrálacha ina gcuid fardal faoi seach don staid iarbhír.

Míreanna a fuarthas ar mó a dtréimhse úsáide ná aon bhliain amháin, nach tomhaltáin iad, agus ar mó a bpraghas ceannaigh nó a gcostas táirgthe ná an costas a léirítear leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 77, déanfar iad a iontráil san fhardal agus a thaifeadadh i gcuntais na sócmhainní seasta.

2.   Déanfar fógraíocht chuí ar shócmhainní inláimhsithe an Aontais a bheith á ndíol.

3.   Glacfaidh institiúidí de chuid an Aontais agus gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil 3 den Teideal seo na forálacha maidir leis na sócmhainní arna gcuimsiú ina bhfardail faoi seach agus déanfaidh siad cinneadh faoin roinn riaracháin atá freagrach as an gcóras fardail.

Roinn 4

An riarthóir óinchiste

Airteagal 88

Cuntais óinchiste a chruthú

1.   Is le cinneadh ó oifigeach cuntasaíochta na hinstitiúide de chuid an Aontais a chruthófar cuntas óinchiste agus a cheapfar riarthóir óinchiste, cinneadh lena sonraítear na téarmaí oibríochta agus na coinníollacha maidir le húsáid an chuntais óinchiste.

2.   Féadfar cuntais óinchiste a bhunú chun caiteachas a íoc, i gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar bhonn ábhartha nó nach bhfuil sé éifeachtúil oibríochtaí íocaíochta a dhéanamh i gcomhréir le rialacha ginearálta maidir le hoibríochtaí caiteachais toisc gur teoranta na méideanna atá i gceist. Suífidh an t-oifigeach cuntasaíochta an méid is mó a fhéadfaidh an riarthóir óinchiste a íoc i gcásanna den sórt sin le haghaidh gach cineáil caiteachais sa chinneadh dá dtagraítear i mír 1. Féadfar cuntais óinchiste a chur ar bun freisin chun ioncam a bhailiú.

I réimse na cabhrach um bainistiú géarchéime agus na n-oibríochtaí cabhrach daonnúla, féadfar cuntais óinchiste a úsáid gan aon teorainn leis an méid atá i gceist ar feadh tréimhse ama shocraithe a mbeidh údar cuí léi agus urramófar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí arna gcinneadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle maidir leis an líne bhuiséid chomhfhreagrach don bhliain airgeadais reatha agus i gcomhréir le rialacha inmheánacha an Choimisiúin.

I dtoscaireachtaí an Aontais, féadfar cuntais óinchiste a úsáid freisin chun íocaíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha ginearálta maidir le hoibríochtaí caiteachais, íocaíochtaí de mhéideanna a bheidh teoranta do EUR 60 000 le haghaidh gach míre caiteachais, más éifeachtúil agus más éifeachtach an úsáid sin de bharr riachtanais áitiúla. I gcás ina bhfuil gá leo chun caiteachas a íoc ó na ranna den bhuiséad a bhaineann leis an gCoimisiún agus le SEGS araon, bunófar iad mar chuntais óinchiste ar leithligh.

Airteagal 89

Cuntais óinchiste a riar

1.   Déanfar riarthóirí óinchiste a roghnú as measc na n-oifigeach nó, i gcás inar gá agus i gcásanna cuí-réasúnaithe, as measc baill foirne eile nó i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i rialacha inmheánacha an Choimisiúin as measc an phearsanra atá fostaithe ag an gCoimisiún i réimse na cabhrach um bainistiú géarchéime agus na n-oibríochtaí cabhrach daonnúla ar choinníoll go ráthaítear lena gconarthaí fostaíochta leibhéal coibhéiseach cosanta maidir le dliteanas mar is infheidhme maidir le baill foirne de bhun Airteagal 95.

2.   Is faoi mhaoirseacht oifigeach cuntasaíochta na hinstitiúide lena mbaineann de chuid an Aontais a mhaoineofar na cuntais óinchiste agus is faoi fhreagracht riarthóirí óinchiste a chuirfear na cuntais sin.

3.   Déanfar íocaíochtaí a leanúint le cinntí bailíochtaithe deiridh foirmiúla nó le horduithe íocaíochta arna síniú ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach.

Socróidh an t-oifigeach údarúcháin na hidirbhearta óinchiste a dhéantar lasmuigh de na rialacha ginearálta maidir le hoibríochtaí caiteachais faoi dheireadh na míosa ina dhiaidh sin, sa chaoi gur féidir an comhardú cuntasaíochta agus an comhardú bainc a réiteach.

4.   Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta maoirsiú lena fhíorú gur ann do na cistí arna leithdháileadh ar na riarthóirí óinchiste agus don leabharchoimeád agus seiceálfaidh sé nó sí an ndearnadh idirbhearta óinchiste a shocrú laistigh den teorainn ama a leagadh síos.

CAIBIDIL 5

Dliteanas na ngníomhaithe airgeadais

Roinn 1

Rialacha ginearálta

Airteagal 90

An tarmligean cumhachtaí a tharraingt siar agus dualgais na ngníomhaithe airgeadais a chur ar fionraí

1.   Maidir leis na hoifigigh údarúcháin atá freagrach, féadfaidh an t-údarás a cheap na hoifigigh sin an tarmligean nó an fo-tharmligean atá acu a tharraingt siar, aon tráth, go sealadach nó go cinntitheach.

2.   Maidir le hoifigigh chuntasaíochta nó le riarthóirí óinchiste, nó maidir leo araon, féadfaidh an t-údarás a cheap na hoifigigh nó na riarthóirí sin iad a chur ar fionraí, aon tráth, go sealadach nó go cinntitheach, óna ndualgais.

3.   Ní dochar mír 1 ná 2 d’aon bheart araíonachta a dhéantar i leith na ngníomhaithe airgeadais dá dtagraítear sna míreanna sin.

Airteagal 91

Dliteanas gníomhaithe airgeadais maidir le gníomhaíocht neamhdhleathach, calaois nó éilliú

1.   Ní dochar an Chaibidil seo d’aon dliteanas faoin dlí coiriúil a d’fhéadfadh na gníomhaithe airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 90 a thabhú dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta is infheidhme agus sna forálacha atá i bhfeidhm maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh an Aontais nó oifigigh na mBallstát i dtreis ann.

2.   Gan dochar d’Airteagail 92, 94 agus 95, beidh gach oifigeach údarúcháin atá freagrach, gach oifigeach cuntasaíochta nó gach riarthóir óinchiste faoi dhliteanas beart araíonachta agus beidh siad faoi dhliteanas cúiteamh a íoc i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó, i gcás an phearsanra atá fostaithe ag an gCoimisiún i réimse na cabhrach um bainistiú géarchéime agus na n-oibríochtaí cabhrach daonnúla dá dtagraítear in Airteagal 89(1) den Rialachán seo, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos ina gconarthaí fostaíochta. I gcás gníomhaíocht neamhdhleathach, calaois nó éilliú a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, tarchuirfear an cás chuig na húdaráis agus na comhlachtaí arna n-ainmniú leis an reachtaíocht is infheidhme, go háirithe chuig OLAF.

Roinn 2

Na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh údarúcháin atá freagrach

Airteagal 92

Na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh údarúcháin

1.   Beidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach faoi dhliteanas cúiteamh a íoc mar a leagtar síos sna Rialacháin Foirne.

2.   Maidir leis an oibleagáid cúiteamh a íoc, beidh feidhm aici, go háirithe, i gcás ina ndéanann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach aon cheann de na nithe seo a leanas, cibé acu d’aon turas é nó le mórfhaillí dá chuid nó dá cuid:

(a)

cinneann sé nó sí na teidlíochtaí atá le haisghabháil nó eisíonn sé nó sí orduithe aisghabhála, geallann sé nó sí caiteachas nó síníonn sé nó sí ordú íocaíochta gan an Rialachán seo a chomhlíonadh;

(b)

ní tharraingíonn sé nó sí suas doiciméad lena suitear méid is infhaighte, faillíonn sé nó sí ordú aisghabhála a eisiúint nó tá moill air nó uirthi é a eisiúint nó tá moill air nó uirthi ordú íocaíochta a eisiúint, rud a fhágann go bhféadfadh tríú páirtithe caingean shibhialta a thabhairt i gcoinne na hinstitiúide de chuid an Aontais.

3.   Oifigeach údarúcháin trí tharmligean nó trí fho-tharmligean a fhaigheann treoir cheangailteach a mheasann sé nó sí a bheith mírialta nó ag teacht salach ar phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, go háirithe toisc nach féidir an treoir a chur i gcrích i ngeall ar na hacmhainní a leithdháileadh air nó uirthi, cuirfidh sé nó sí sin in iúl i scríbhinn don údarás a bhronn an tarmligean nó an fo-tharmligean air nó uirthi. Má dhearbhaítear an treoir i scríbhinn agus má fhaightear an dearbhú sin in am agus i dtráth agus cruth sách soiléir air, sa mhéid go ndéantar tagairt go sainráite ann do na pointí a ndearna an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean nó trí fho-tharmligean agóid ina leith, ní chuirfear aon dliteanas ar an oifigeach údarúcháin trí tharmligean nó trí fho-tharmligean. Cuirfidh sé nó sí an treoir i gcrích, ach amháin más léir go bhfuil sí neamhdhleathach nó go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta ábhartha á sárú aici.

Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna i gcásanna ina measann oifigeach údarúcháin, maidir le cinneadh a bheidh sé de fhreagracht air nó uirthi a dhéanamh, go bhfuil sé mírialta nó ag teacht salach ar phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, nó i gcás ina bhfaigheann oifigeach údarúcháin amach, le linn dó nó di treoir cheangailteach a chur i gcrích, go bhféadfadh imthosca an cháis a bheith ina gcúis le staid den chineál sin.

Aon treoracha a dhearbhaítear sna himthosca dá dtagraítear sa mhír seo, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean atá freagrach iad a thaifeadadh agus déanfaidh sé nó sí iad a lua sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí atá aige nó aici.

4.   I gcás ina ndéantar fo-tharmligean laistigh dá sheirbhís nó dá seirbhís, leanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean de bheith freagrach as éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras inmheánach bainistíochta agus rialaithe atá ann agus as an oifigeach údarúcháin trí fho-tharmligean a roghnú.

5.   I gcás ina ndéantar fo-tharmligean chuig Cinn thoscaireachtaí an Aontais agus chuig a n-ionadaithe, beidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean freagrach as sainiú na gcóras inmheánach bainistíochta agus rialaithe atá ann, mar aon le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras sin. Beidh Cinn thoscaireachtaí an Aontais freagrach as bunú agus feidhmiú leormhaith na gcóras sin, i gcomhréir le treoracha an oifigigh údarúcháin trí tharmligean, agus as bainistíocht na gcistí agus na n-oibríochtaí a dhéanann siad laistigh de thoscaireacht an Aontais atá faoina bhfreagracht. Sula rachaidh siad i mbun a ndualgas, caithfidh siad cúrsaí oiliúna sainiúla a dhéanamh ar chúraimí agus ar fhreagrachtaí na n-oifigeach údarúcháin agus ar chur chun feidhme an bhuiséid.

Ullmhóidh Cinn thoscaireachtaí an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 76(3), tuarascáil maidir lena bhfreagrachtaí de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.

Gach bliain, soláthróidh Cinn thoscaireachtaí an Aontais dearbhú don oifigeach údarúcháin trí tharmligean de chuid an Choimisiúin maidir leis na córais inmheánacha bhainistíochta agus rialaithe atá ina dtoscaireacht, mar aon le dearbhú maidir le bainistíocht oibríochtaí a dhéantar a fho-tharmligean chucu agus torthaí na n-oibríochtaí sin, chun a cheadú don oifigeach údarúcháin an ráiteas dearbhaithe dá bhforáiltear in Airteagal 74(9) a dhéanamh.

Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le leas-Chinn thoscaireachtaí an Aontais i gcás ina bhfeidhmíonn siad mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean má bhíonn Cinn thoscaireachtaí an Aontais as láthair.

Airteagal 93

An chaoi a ndéileáiltear le neamhrialtachtaí airgeadais a rinne ball foirne

1.   Gan dochar do chumhachtaí OLAF agus do neamhspleáchas riaracháin institiúidí de chuid an Aontais, comhlachtaí de chuid an Aontais, oifigí Eorpacha nó comhlachtaí nó daoine ar cuireadh de chúram orthu gníomhaíochtaí sonracha in CBES a chur chun feidhme de bhun Theideal V de CAE i leith na mball dá bhfoireann agus aird chuí á tabhairt ar chosaint na sceithirí, maidir le haon sárú ar an Rialachán seo, nó ar fhoráil a bhaineann le bainistíocht airgeadais nó le seiceáil oibríochtaí, a bheidh mar thoradh ar ghníomh nó neamhghníomh de chuid ball foirne, déanfaidh aon duine díobh seo a leanas an sárú sin a chur faoi bhráid an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 145 le haghaidh tuairime:

(a)

an t-údarás ceapacháin atá i gceannas ar chúrsaí araíonachta;

(b)

an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, lena n-áirítear Cinn thoscaireachtaí an Aontais agus a n-ionadaithe a bhíonn ag feidhmiú mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 60(2) má bhíonn Cinn thoscaireachtaí an Aontais as láthair.

I gcás ina gcuireann an ball foirne an painéal ar an eolas go díreach, tarchuirfidh sé an comhad chuig údarás ceapacháin na hinstitiúide de chuid an Aontais, an chomhlachta de chuid an Aontais, na hoifige Eorpaí nó an chomhlachta nó an duine lena mbaineann agus cuirfidh sé an ball foirne ar an eolas dá réir sin. Féadfaidh an t-údarás ceapacháin tuairim an phainéil ar an gcás a iarraidh.

2.   Beidh ag gabháil le hiarraidh ar thuairim an phainéil de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, tuairisc ar na fíorais agus ar an ngníomh nó an neamhghníomh ar iarradh ar an bpainéal measúnú a dhéanamh air, mar aon le doiciméid ábhartha tacaíochta, lena n-áirítear tuarascálacha ar aon imscrúdú a rinneadh. Aon uair is féidir, cuirfear an fhaisnéis amach i bhfoirm anaithnidithe.

Sula gcuirfidh an t-údarás ceapacháin nó an t-oifigeach údarúcháin, de réir mar is cuí, iarraidh nó aon fhaisnéis bhreise faoi bhráid an phainéil, tabharfaidh sé nó sí deis don bhall foirne lena mbaineann barúlacha a chur faoina bhráid, tar éis dó nó di fógra a thabhairt don bhall foirne maidir leis na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, chomh fada agus nach mbaineann an fógra sin an bonn ar bhealach tromchúiseach ó imscrúduithe breise.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh an painéal dá dtagraítear in Airteagal 145 inniúil chun a mheasúnú, ar bhonn na n-eilimintí a cuireadh faoina bhráid de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus ar bhonn aon fhaisnéis bhreise a fuarthas, an raibh neamhrialtacht airgeadais ann. Ar bhonn thuairim an phainéil, cinnfidh an institiúid de chuid an Aontais, an comhlacht de chuid an Aontais, an oifig Eorpach nó an comhlacht nó an duine lena mbaineann an obair leantach is iomchuí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne. Má aimsíonn an painéal fadhbanna sistéamacha, cuirfidh sé a mholadh chuig an oifigeach údarúcháin agus chuig an oifigeach údarúcháin trí tharmligean, ach amháin más é nó í an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean an ball foirne atá i gceist, agus cuirfidh sé chuig an iniúchóir inmheánach freisin é.

4.   I gcás ina dtugann an painéal an tuairim dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 145(2), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), ar an bpainéal, mar aon leis na comhaltaí breise seo a leanas, a cheapfar agus á chur i gcuntas gur gá aon choinbhleachtaí leasa a sheachaint:

(a)

ionadaí ón údarás ceapacháin atá i gceannas ar chúrsaí araíonachta na hinstitiúide de chuid an Aontais, an chomhlachta de chuid an Aontais, na hoifige Eorpaí nó an chomhlachta nó an duine lena mbaineann nuair a tharchuirtear an cás i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), nó ionadaí de chuid an oifigigh údarúcháin atá freagrach nuair a tharchuirtear an cás i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b);

(b)

comhalta a cheapann coiste foirne na hinstitiúide de chuid an Aontais, an chomhlachta de chuid an Aontais, na hoifige Eorpaí nó an chomhlachta nó an duine lena mbaineann;

(c)

comhalta de sheirbhís dlí na hinstitiúide de chuid an Aontais a fhostaíonn an ball foirne lena mbaineann.

I gcás ina dtugann an painéal an tuairim dá dtagraítear i mír 1, déanfar í a dhíriú chuig údarás ceapacháin na hinstitiúide de chuid an Aontais, an chomhlachta de chuid an Aontais, na hoifige Eorpaí nó an chomhlachta nó an duine lena mbaineann.

5.   Ní bheidh cumhachtaí imscrúdaitheacha ag an bpainéal. Comhoibreoidh an institiúid de chuid an Aontais, an comhlacht de chuid an Aontais, an oifig Eorpach nó an comhlacht nó an duine lena mbaineann leis an bpainéal d’fhonn a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis uile aige a theastóidh uaidh chun a thuairim a thabhairt.

6.   I gcás ina measann an painéal gur ábhar is ceart a fhágáil faoi OLAF é an cás, cuirfidh sé, i gcomhréir le mír 1, an comhad chuig an údarás ceapacháin ábhartha gan mhoill agus cuirfidh sé OLAF ar an eolas láithreach.

7.   Tabharfaidh na Ballstáit lántacaíocht don Aontas le linn fhorfheidhmiú aon dliteanais, faoi Airteagal 22 de na Rialacháin Foirne, i leith foireann shealadach a bhfuil feidhm ag Airteagal 2, pointe (e), de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh maidir léi.

Roinn 3

Na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh chuntasaíochta agus riarthóirí óinchiste

Airteagal 94

Na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh chuntasaíochta

Beidh oifigeach cuntasaíochta faoi dhliteanas birt araíonachta agus faoi dhliteanas cúiteamh a íoc, mar a leagtar síos sna nósanna imeachta atá sna Rialacháin Foirne agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta sin. Féadfar oifigeach cuntasaíochta a chur faoi dhliteanas go háirithe mar thoradh ar aon cheann de na cineálacha mí-iompair seo a leanas:

(a)

cistí, sócmhainní nó doiciméid faoina chúram nó faoina cúram a chailleadh nó damáiste a dhéanamh dóibh;

(b)

cuntais bhainc nó cuntais gíoró postoifige a athrú go mícheart;

(c)

méideanna nach bhfuil i gcomhréir leis na horduithe aisghabhála comhfhreagracha ná leis na horduithe íocaíochta comhfhreagracha a aisghabháil nó a íoc;

(d)

mainneachtain ioncam atá dlite a bhailiú.

Airteagal 95

Na rialacha is infheidhme maidir le riarthóirí óinchiste

Féadfar riarthóir óinchiste a chur faoi dhliteanas go háirithe mar thoradh ar aon cheann de na cineálacha mí-iompair seo a leanas:

(a)

airgead, sócmhainní nó doiciméid faoina chúram nó faoina cúram a chailleadh nó damáiste a dhéanamh dóibh;

(b)

gan na doiciméid is iomchuí a sholáthar a thacaíonn leis na híocaíochtaí a rinne sé nó sí;

(c)

íocaíochtaí a dhéanamh le daoine seachas na daoine atá ina dteideal;

(d)

mainneachtain ioncam atá dlite a bhailiú.

CAIBIDIL 6

Oibríochtaí ioncaim

Roinn 1

Acmhainní dílse a chur ar fáil

Airteagal 96

Acmhainní dílse

1.   Maidir le meastachán ar ioncam a thagann as acmhainní dílse, dá dtagraítear i gCinneadh (AE, Euratom) 2020/2053, déanfar é a iontráil sa bhuiséad in euro. Cuirfear na hacmhainní dílse comhfhreagracha ar fáil i gcomhréir le Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 agus (AE, Euratom) 2021/770.

2.   Tarraingeoidh an t-oifigeach údarúcháin sceideal suas ina léireofar an uair a chuirfear na hacmhainní dílse arna sainiú i gCinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ar fáil don Choimisiún.

Déanfar acmhainní dílse a shuí agus a aisghabháil i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh de bhun an Chinnidh sin.

Chun críoch cuntasaíochta, eiseoidh an t-oifigeach údarúcháin ordú aisghabhála i ndáil le creidmheasanna agus dochair don chuntas le haghaidh acmhainní dílse dá dtagraítear i Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 agus (AE, Euratom) 2021/770.

Roinn 2

Meastachán ar na méideanna is infhaighte

Airteagal 97

Meastachán ar na méideanna is infhaighte

1.   Nuair atá faisnéis leordhóthanach iontaofa ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach i leith aon bheart nó aon staid a bhféadfadh méid a bheadh dlite don Aontas teacht as nó aisti, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin meastachán ar an méid is infhaighte.

2.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an meastachán ar an méid is infhaighte a choigeartú a luaithe is eol dó nó di imeacht a bheith ann a athraíonn an beart nó an staid arbh é nó í ba chúis leis an meastachán a dhéanamh.

Agus ordú aisghabhála á bhunú maidir le beart nó staid ar tháinig meastachán ar na méideanna is infhaighte as nó aisti roimhe sin, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an meastachán sin a choigeartú dá réir sin.

Má tharraingítear suas an t-ordú aisghabhála don mhéid céanna agus an bunmheastachán ar na méideanna is infhaighte, laghdófar an meastachán sin go nialas.

3.   De mhaolú ar mhír 1, ní dhéanfar aon mheastachán ar an méid is infhaighte sula ndéanfaidh na Ballstáit méideanna na n-acmhainní dílse arna sainiú i gCinneadh (AE, Euratom) 2020/2053, a chur ar fáil don Choimisiún, ar méideanna iad a íocann na Ballstáit ag tráthanna réamhshocraithe. Eiseoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ordú aisghabhála i ndáil leis na méideanna sin.

Roinn 3

Na méideanna is infhaighte a shuí

Airteagal 98

Na méideanna is infhaighte a shuí

1.   Chun méid is infhaighte a shuí, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid seo a leanas:

(a)

a fhíorú gur ann don fhiachas;

(b)

fírinne an fhéich agus méid an fhiachais a chinneadh nó a fhíorú; agus

(c)

na coinníollacha faoina bhfuil an fiachas dlite a fhíorú.

Is é a bheidh i suí méid is infhaighte ceart an Aontais i leith féichiúnaí a aithint agus teidlíocht a shuí lena n-éileofar ar an bhféichiúnaí an fiachas a íoc.

2.   Aon mhéid is infhaighte agus a shainaithnítear mar mhéid atá cinnte, socraithe agus dlite, déanfar é a shuí le hordú aisghabhála lena dtabharfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach treoir don oifigeach cuntasaíochta an méid a aisghabháil. Cuirfear nóta dochair ina dhiaidh sin chuig an bhféichiúnaí, ach amháin i gcásanna ina gcuirfear nós imeachta um tharscaoileadh i gcrích gan mhoill, i gcomhréir le mír 4, an dara fomhír. Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an t-ordú aisghabhála agus an nóta dochair araon a tharraingt suas.

Seolfaidh an t-oifigeach údarúcháin an nóta dochair gan mhoill tar éis dó an méid is infhaighte a shuí, agus ar a dhéanaí laistigh de thréimhse 5 bliana ón uair a bhí an institiúid de chuid an Aontais, faoi ghnáth-imthosca, in ann an fiachas a éileamh. Ní bheidh feidhm ag an tréimhse sin i gcás ina suíonn an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach gurbh é iompar an fhéichiúnaí ba chúis leis an moill a bhí ar an ngníomhaíocht, d’ainneoin na n-iarrachtaí a rinne an institiúid de chuid an Aontais.

3.   Chun méid is infhaighte a shuí, áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid seo a leanas:

(a)

tá an méid is infhaighte cinnte, is é sin nach bhfuil sé faoi réir coinníoll ar bith;

(b)

tá an méid is infhaighte socraithe, arna shloinneadh go cruinn i dtéarmaí airgid thirim;

(c)

tá an méid is infhaighte dlite agus nach bhfuil sé faoi réir am íocaíochta faoi leith;

(d)

tá mionsonraí an fhéichiúnaí ceart;

(e)

tá an méid sannta don mhír bhuiséadach cheart;

(f)

tá na doiciméid tacaíochta in ord; agus

(g)

comhlíonfar prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, go háirithe i ndáil leis na critéir dá dtagraítear in Airteagal 101(2), an chéad fhomhír, pointe (a) nó (b).

4.   Is é a dhéanfar leis an nóta dochair an méid seo a leanas a chur in iúl don fhéichiúnaí:

(a)

tá an méid is infhaighte suite ag an Aontas;

(b)

má ghlantar an fiachas laistigh den sprioc-am, mar a shonraítear sa nóta dochair, ní bheidh aon ús mainneachtana dlite;

(c)

má mhainnítear an fiachas a ghlanadh laistigh den sprioc-am dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír seo, íocfar ús ar an bhfiachas de réir an ráta dá dtagraítear in Airteagal 99, gan aon dochar d’aon rialacháin shonracha is infheidhme;

(d)

má mhainnítear an fiachas a ghlanadh faoin sprioc-am dá dtagraítear i bpointe (b), déanfaidh an institiúid de chuid an Aontais aisghabháil le fritháireamh nó trí aon ráthaíocht a taisceadh roimh ré a fhorfheidhmiú;

(e)

in imthosca eisceachtúla inar gá leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus ina bhfuil forais a bhfuil údar cuí leo ag an oifigeach cuntasaíochta lena chreidiúint go gcaillfí an méid atá dlite don Aontas, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta aisghabháil a dhéanamh le fritháireamh roimh dhul in éag don sprioc-am dá dtagraítear i bpointe (b), tar éis dó nó di na cúiseanna atá leis an aisghabháil le fritháireamh agus dáta na haisghabhála a chur in iúl don fhéichiúnaí;

(f)

mura ndéantar an méid iomlán a aisghabháil, tar éis di na bearta uile a leagtar amach i bpointí (a) go (e) den fhomhír seo a dhéanamh, déanfaidh an institiúid de chuid an Aontais aisghabháil trí chinneadh a fhorfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 100(2) nó le caingean dlí.

I gcás, tar éis mionsonraí an fhéichiúnaí a fhíorú nó ar bhonn faisnéis ábhartha eile atá ar fáil ag an am, inar léir go dtagann an fiachas faoi na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 101(2), an chéad fhomhír, pointe (a) nó (b), nó nár seoladh an nóta dochair i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin cinneadh, tar éis dó nó di an méid is infhaighte a shuí, an aisghabháil a tharscaoileadh go díreach i gcomhréir le hAirteagal 101 gan an nóta dochair a sheoladh, le comhaontú ón oifigeach cuntasaíochta.

I ngach cás eile, priontálfaidh an t-oifigeach údarúcháin an nóta dochair agus seolfaidh sé nó sí chuig an bhféichiúnaí é. Cuirfear an t-oifigeach cuntasaíochta ar an eolas gur seoladh an nóta dochair tríd an gcóras faisnéise airgeadais.

5.   Déanfar méideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil.

Airteagal 99

Ús mainneachtana

1.   Gan dochar d’aon fhorálacha sonracha a d’eascair as cur i bhfeidhm rialachán sonrach, íocfar ús ar aon mhéid is infhaighte nach mbeidh aisíoctha tráth an sprioc-ama dá dtagraítear in Airteagal 98(4), an chéad fhomhír, pointe (b), i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

2.   Ach amháin sa chás dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, is é an ráta úis a bheidh ann le haghaidh méideanna is infhaighte nach mbeidh aisíoctha tráth an sprioc-ama dá dtagraítear in Airteagal 98(4), an chéad fhomhír, pointe (b), is é a bheidh ann an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, an ráta a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí ina dtiteann an sprioc-am, agus an méid seo curtha leis:

(a)

ocht bpointe céatadáin i gcás inar conradh soláthair nó conradh seirbhíse is cúis leis an oibleagáid;

(b)

trí phointe céatadáin go leith i ngach cás eile.

3.   Ríomhfar an t-ús ón gcéad lá féilire tar éis an sprioc-ama dá dtagraítear in Airteagal 98(4), an chéad fhomhír, pointe (b), go dtí an lá féilire a mbeidh an fiachas aisíoctha ina iomláine.

Eiseofar an t-ordú aisghabhála a chomhfhreagraíonn do mhéid an úis mainneachtana nuair a gheofar an t-ús sin iarbhír.

4.   I gcás fíneálacha, pionóis eile nó smachtbhannaí, is é an ráta úis a bheidh ann le haghaidh méideanna is infhaighte nach mbeidh íoctha nó nach mbeidh cumhdaithe le ráthaíocht airgeadais is inghlactha ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin laistigh den sprioc-am a leagtar síos sa chinneadh ón institiúid de chuid an Aontais lena bhforchuirtear fíneáil, pionós eile nó smachtbhanna, is é a bheidh ann an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, an ráta a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí inar glacadh an cinneadh lena bhforchuirtear fíneáil, pionós eile nó smachtbhanna, agus trí phointe céatadáin go leith curtha leis.

I gcás ina ndéanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus í ag feidhmiú a hinniúlachta faoi Airteagal 261 CFAE, méid fíneála nó pionóis eile a mhéadú, tosófar ag gearradh ús ar mhéid an mhéadaithe ó dháta an bhreithiúnais ón gCúirt.

5.   I gcásanna ina mbeadh an ráta foriomlán úis diúltach, socrófar ag nialas faoin gcéad é.

Roinn 4

Aisghabháil a údarú

Airteagal 100

Aisghabháil a údarú

1.   Tabharfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, trí ordú aisghabhála a eisiúint, treoir don oifigeach cuntasaíochta méid is infhaighte arna shuí ag an oifigeach údarúcháin sin a aisghabháil (‘aisghabháil a údarú’).

2.   Féadfaidh institiúid de chuid an Aontais méid a shuí go foirmiúil mar mhéid is infhaighte ó dhaoine seachas ó Bhallstáit trí chinneadh a dhéanamh a bheidh in-fhorfheidhmithe de réir bhrí Airteagal 299 CFAE.

Más gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach tráthúil, féadfaidh institiúidí eile de chuid an Aontais, in imthosca eisceachtúla, a iarraidh go nglacfadh an Coimisiún cinneadh in-fhorfheidhmithe den sórt sin chun a dtairbhe i dtaobh éilimh maidir le foireann nó maidir le comhaltaí nó iarchomhaltaí d’institiúid de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil na rialacha mionsonraithe praiticiúla maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo comhaontaithe ag na hinstitiúidí sin leis an gCoimisiún.

Measfar go mbeidh imthosca eisceachtúla den sórt sin ann nuair nach mbeidh aon fhéidearthacht ann don institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais an fiachas a aisghabháil trí bhíthin íocaíocht dheonach nó trí bhíthin fritháireamh dá bhforáiltear in Airteagal 101(1) agus nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an aisghabháil a tharscaoileadh faoi Airteagal 101(2) agus (3). Sna cásanna uile, sonrófar sa chinneadh in-fhorfheidhmithe go n-iontrálfar na méideanna atáthar a éileamh sa roinn sin den bhuiséad a bhaineann leis an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais, agus gníomhóidh an institiúid sin mar oifigeach údarúcháin. Iontrálfar an t-ioncam mar ioncam ginearálta ach amháin más ioncam sannta é dá bhforáiltear in Airteagal 21(3).

Cuirfidh an institiúid iarrthach de chuid an Aontais an Coimisiún ar an eolas faoi aon imeacht is dócha a athróidh an aisghabháil agus déanfaidh sí idirghabháil chun tacaíocht a thabhairt don Choimisiún i gcás achomharc i gcoinne an chinnidh in-fhorfheidhmithe.

Roinn 5

Aisghabháil

Airteagal 101

Rialacha maidir le haisghabháil

1.   Rachaidh an t-oifigeach cuntasaíochta i mbun gnímh maidir le horduithe aisghabhála i ndáil le méideanna is infhaighte arna suí go hiomchuí ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach. Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta a dhícheall cuí nó a dícheall cuí a áirithiú go bhfaighidh an tAontas a ioncam agus áiritheoidh sé nó sí go gcosnófar cearta an Aontais.

Beidh an aisíocaíocht i bpáirt a dhéanann féichiúnaí atá faoi réir roinnt orduithe aisghabhála á breacadh sa teidlíocht is sine murar shonraigh an féichiúnaí a mhalairt. Cumhdóidh aon íocaíochtaí i bpáirt an t-ús ar dtús.

Aisghabhfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta méideanna atá dlite don bhuiséad trí iad a fhritháireamh i gcomhréir le hAirteagal 102.

2.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach aisghabháil iomlán méid is infhaighte arna shuí nó aisghabháil cuid den mhéid sin a tharscaoileadh sna cásanna seo a leanas amháin:

(a)

i gcás ina mbeadh an costas aisghabhála is intuartha os cionn an mhéid atá le haisghabháil agus nach ndéanfadh an tarscaoileadh dochar d’íomhá an Aontais;

(b)

i gcás nach féidir an méid is infhaighte a aisghabháil mar gheall ar a aois, ar mhoill ar sheoladh an nóta dochair sna téarmaí a shainítear in Airteagal 98(2), ar dhócmhainneacht an fhéichiúnaí, nó ar aon imeachtaí dócmhainneachta eile;

(c)

i gcás nach bhfuil an aisghabháil ag teacht le prionsabal na comhréireachta.

I gcás ina mbeartaíonn an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach aisghabháil a tharscaoileadh nó a tharscaoileadh i bpáirt i leith méid is infhaighte arna shuí, áiritheoidh sé nó sí go mbeidh an tarscaoileadh in eagar agus go mbeidh sé i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus le prionsabal na comhréireachta. Beidh bunús leis an gcinneadh maidir leis an aisghabháil a tharscaoileadh. Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin an chumhacht maidir leis an gcinneadh sin a ghlacadh a tharmligean.

3.   Sa chás dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointe (c), gníomhóidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach i gcomhréir leis na nósanna imeachta réamhshocraithe arna mbunú laistigh dá institiúid nó dá hinstitiúid de chuid an Aontais agus cuirfidh sé nó sí i bhfeidhm na critéir seo a leanas atá éigeantach agus infheidhme sna himthosca uile:

(a)

na fíorais, agus aird á tabhairt ar a thromchúisí atá an neamhrialtacht is cúis leis an méid is infhaighte a shuí (calaois, coir a rinneadh níos mó ná uair amháin, intinn, dícheall, macántacht, earráid shoiléir);

(b)

an tionchar a bheadh ag tarscaoileadh na haisghabhála ar oibriú an Aontais agus ar a leasanna airgeadais (an méid atá i gceist, an riosca go ndéanfaí fasach, an bonn a bhaint ó údarás an dlí).

4.   Ag brath ar imthosca an cháis, cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na critéir bhreise seo a leanas i gcuntas, i gcás inarb iomchuí:

(a)

aon saobhadh ar an iomaíocht a thiocfadh as tarscaoileadh na haisghabhála;

(b)

an díobháil eacnamaíoch agus shóisialta a dhéanfaí dá n-aisghabhfaí an fiachas ina iomláine.

5.   Cuirfidh gach institiúid de chuid an Aontais tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gach bliain maidir leis na tarscaoiltí a dheonaigh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais de bhun mhíreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo. Déanfar faisnéis maidir le tarscaoiltí faoi bhun EUR 60 000 a chur ar fáil mar mhéid iomlán. I gcás an Choimisiúin, cuirfear an tuarascáil sin mar iarscríbhinn leis an achoimre ar na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(9).

6.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach méid is infhaighte arna shuí a chur ar ceal ina iomláine nó i bpáirt. Ní hionann méid is infhaighte arna shuí a chur ar ceal i bpáirt agus an teidlíocht shuite de chuid an Aontais atá fágtha a tharscaoileadh.

Má dhéantar botún, cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid is infhaighte arna shuí ar ceal i bpáirt nó ina iomláine agus tabharfaidh sé nó sí cúiseanna leormhaithe leis sin.

Leagfaidh gach institiúid de chuid an Aontais síos ina rialacha inmheánacha na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le tarmligean na cumhachta chun méid is infhaighte arna shuí a chur ar ceal.

7.   Is ar na Ballstáit a bheidh an phríomhfhreagracht as rialuithe agus iniúchtaí a dhéanamh agus as méideanna neamhdhlite a caitheadh a aisghabháil, dá bhforáiltear i rialacha earnáilsonracha. A mhéid a bhraitheann agus a cheartaíonn na Ballstáit neamhrialtachtaí ar a gcuntas féin, beidh siad díolmhaithe ó cheartuithe airgeadais arna ndéanamh ag an gCoimisiún maidir leis na neamhrialtachtaí sin.

8.   Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais ar Bhallstáit chun caiteachas a tabhaíodh mar gheall ar shárú ar an dlí is infheidhme a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún a cheartuithe airgeadais a bhunú ar mhéideanna neamhdhlite a caitheadh a shainaithint agus ar na himpleachtaí airgeadais ó thaobh an bhuiséid de. I gcás nach féidir méideanna den sórt sin a shainaithint go beacht, féadfaidh an Coimisiún ceartuithe eachtarshuite nó ceartuithe ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha.

Déanfaidh an Coimisiún, agus méid an cheartaithe airgeadais á chinneadh aige, cineál an tsáraithe ar an dlí is infheidhme agus a thromchúisí atá sé mar aon leis na himpleachtaí airgeadais ó thaobh an bhuiséid de a chur i gcuntas, lena n-áirítear easnaimh sna córais bhainistíochta agus rialaithe.

Féadfar na critéir le haghaidh ceartuithe airgeadais a bhunú agus an nós imeachta atá le leanúint a leagan síos i rialacha earnáilsonracha.

9.   Déanfar an mhodheolaíocht le haghaidh ceartuithe eachtarshuite nó ceartuithe ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm a leagan síos i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha chun gur féidir leis an gCoimisiún leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

Airteagal 102

Aisghabháil le fritháireamh

1.   I gcás ina bhfuil éileamh ag an bhféichiúnaí ar an Aontas, nó ar ghníomhaireacht feidhmiúcháin nuair a chuireann sí an buiséad chun feidhme, agus más cinnte an t-éileamh sin de réir bhrí Airteagal 98(3), pointe (a), agus gur méid socraithe atá dlite de réir suim arna suí le hordú íocaíochta, déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta, tar éis don sprioc-am dá dtagraítear in Airteagal 98(4), an chéad fhomhír, pointe (b), dul in éag, na méideanna is infhaighte arna suí a aisghabháil le fritháireamh.

In imthosca eisceachtúla inar gá leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus ina bhfuil forais a bhfuil údar cuí leo ag an oifigeach cuntasaíochta lena chreidiúint go gcaillfí an méid atá dlite don Aontas, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta aisghabháil a dhéanamh le fritháireamh sula dtéann an sprioc-am dá dtagraítear in Airteagal 98(4), an chéad fhomhír, pointe (b), in éag.

Féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta freisin aisghabháil a dhéanamh le fritháireamh sula dtéann an sprioc-am dá dtagraítear in Airteagal 98(4), an chéad fhomhír, pointe (b), in éag nuair a thoilíonn an féichiúnaí leis sin.

2.   Sula rachaidh sé nó sí i mbun aon aisghabháil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, rachaidh an t-oifigeach cuntasaíochta i gcomhairle leis an oifigeach údarúcháin atá freagrach agus cuirfidh sé nó sí na féichiúnaithe lena mbaineann ar an eolas faoi sin, lena n-áirítear faoi na modhanna sásaimh i gcomhréir le hAirteagal 134.

I gcás inar údarás náisiúnta nó ceann dá eintitis riaracháin an féichiúnaí, cuirfidh an t-oifigeach cuntasaíochta an Ballstát lena mbaineann ar an eolas freisin go bhfuil sé beartaithe aige nó aici úsáid a bhaint as aisghabháil le fritháireamh faoi cheann 10 lá oibre ar a laghad roimh an am a rachaidh sé nó sí i mbun na haisghabhála le fritháireamh. Mar sin féin, i gcomhaontú leis an mBallstát nó leis an eintiteas riaracháin lena mbaineann, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta dul i mbun na haisghabhála le fritháireamh roimh dhul in éag don sprioc-am sin.

3.   Beidh an éifeacht chéanna ag an bhfritháireamh dá dtagraítear i mír 1 agus atá ag íocaíocht agus urscaoilfear an tAontas leis an bhfritháireamh sin i leith mhéid an fhiachais agus, i gcás inarb iomchuí, i leith mhéid an úis atá dlite.

4.   Ní dhéanfaidh tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta difear do cheart an oifigigh cuntasaíochta dul i mbun aisghabháil le fritháireamh dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 103

An nós imeachta aisghabhála i gcás nach n-íoctar an méid go deonach

1.   Gan dochar d’Airteagal 102, murar aisghabhadh an méid iomlán faoin sprioc-am dá dtagraítear in Airteagal 98(4), an chéad fhomhír, pointe (b), cuirfidh an t-oifigeach cuntasaíochta an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ar an eolas faoi sin agus seolfaidh sé nó sí gan mhoill an nós imeachta maidir le haisghabháil a dhéanamh le haon mhodhanna atá le fáil sa dlí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí aon ráthaíocht a taisceadh roimh ré a fhorfheidhmiú.

2.   Gan dochar d’Airteagal 102, i gcás nach bhféadfar an modh aisghabhála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a úsáid agus gur mhainnigh an féichiúnaí íoc mar fhreagairt ar litir fógra fhoirmiúil a chuir an t-oifigeach cuntasaíochta, déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta aisghabháil trí chinneadh a fhorfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 100(2) nó le caingean dlí.

Airteagal 104

Am breise le haghaidh íocaíochta

Féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta, i gcomhar leis an oifigeach údarúcháin atá freagrach, am breise a cheadú le haghaidh íocaíochta má rinne an féichiúnaí iarraidh i scríbhinn ina raibh tuairisc iomchuí ar na cúiseanna a bhí leis an iarraidh sin, agus sa chás sin amháin, agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

geallann an féichiúnaí go n-íocfaidh sé nó sí ús ar an ráta a shonraítear in Airteagal 99 le haghaidh na tréimhse breise ar fad a ceadaíodh, ón sprioc-am dá dtagraítear in Airteagal 98(4), an chéad fhomhír, pointe (b), ar aghaidh;

(b)

chun cearta an Aontais a chosaint, taisceann an féichiúnaí ráthaíocht airgeadais lena gcumhdaítear an fiachas gan íoc sa phríomhshuim agus san ús araon, ar ráthaíocht í a ghlacann oifigeach cuntasaíochta na hinstitiúide de chuid an Aontais.

Féadfar ráthaíocht chomhpháirteach agus leithleach ó thríú páirtí arna formheasadh ag oifigeach cuntasaíochta na hinstitiúide de chuid an Aontais a chur in ionad na ráthaíochta dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (b).

In imthosca eisceachtúla, ar iarraidh ón bhféichiúnaí, féadfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta an ceanglas ráthaíocht a bheith ann dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (b), a tharscaoileadh nuair atá an féichiúnaí, ar bhonn a mheasúnaithe nó a measúnaithe, sásta agus ábalta an íocaíocht a dhéanamh faoi cheann na tréimhse breise ama ach nach bhfuil sé nó sí ábalta an ráthaíocht sin a thaisceadh agus atá sé nó sí ar anás airgeadais.

Airteagal 105

Tréimhse theorann

1.   Gan dochar d’fhorálacha rialachán sonrach ná do chur i bhfeidhm Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053, beidh teidlíochtaí an Aontais i leith tríú páirtithe agus teidlíochtaí tríú páirtithe i leith an Aontais faoi réir tréimhse theorann 5 bliana.

2.   Cuirfear tús le tréimhse theorann theidlíochtaí an Aontais i leith tríú páirtithe ar dhul in éag an sprioc-ama dá dtagraítear in Airteagal 98(4), an chéad fhomhír, pointe (b).

Cuirfear tús le tréimhse theorann teidlíochtaí tríú páirtithe i leith an Aontais ar an dáta a bheidh íocaíocht theidlíocht an tríú páirtí dlite de réir an ghealltanais dhlíthiúil chomhfhreagraigh.

3.   Brisfear tréimhse theorann theidlíochtaí an Aontais i leith tríú páirtithe le haon ghníomhaíocht a dhéanann institiúid de chuid an Aontais nó Ballstát ag gníomhú di nó dó arna iarraidh sin d’institiúid de chuid an Aontais, ar tugadh fógra fúithi don tríú páirtí agus a bheidh dírithe ar an bhfiachas a aisghabháil.

Brisfear tréimhse theorann teidlíochtaí tríú páirtithe i leith an Aontais le haon ghníomhaíocht ar thug creidiúnaithe an Aontais fógra fúithi dó nó ar tugadh fógra fúithi dó thar ceann a chreidiúnaithe agus a bheidh dírithe ar an bhfiachas a aisghabháil.

4.   Cuirfear tús le tréimhse theorann nua 5 bliana ar an lá tar éis na mbristeacha dá dtagraítear i mír 3.

5.   Le haon chaingean dlí a bhaineann le teidlíocht dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear caingne a tugadh os comhair cúirt a dhearbhaigh ina dhiaidh sin nach raibh dlínse aici, brisfear an tréimhse theorann. Ní chuirfear tús le tréimhse theorann nua 5 bliana go dtí go dtabharfar breithiúnas ag a bhfuil feidhm res judicata nó go ndéanfar réiteach seachbhreithiúnach idir na páirtithe céanna ar an gcaingean chéanna.

6.   I gcás ina gceadaíonn an t-oifigeach cuntasaíochta am breise le haghaidh na híocaíochta don fhéichiúnaí i gcomhréir le hAirteagal 104, measfar gur briseadh ar an tréimhse theorann é sin. Cuirfear tús le tréimhse theorann nua 5 bliana ar an lá tar éis don am breise le haghaidh na híocaíochta dul in éag.

7.   Ní aisghabhfar teidlíochtaí an Aontais tar éis don tréimhse theorann dá bhforáiltear i míreanna 2 go 6 dul in éag.

Airteagal 106

Cóir náisiúnta do theidlíochtaí an Aontais

I gcás imeachtaí dócmhainneachta, tabharfar an chóir fhabhrach chéanna do theidlíochtaí an Aontais agus a thugtar do theidlíochtaí den chineál céanna atá dlite do chomhlachtaí poiblí sna Ballstáit ina ndéanfar na himeachtaí aisghabhála.

Airteagal 107

Fíneálacha, pionóis eile, smachtbhannaí agus ús fabhraithe arna bhforchur ag institiúidí de chuid an Aontais

1.   Ní iontrálfar sa bhuiséad méideanna a gheofar trí fhíneálacha, trí phionóis eile, trí smachtbhannaí ná aon ús fabhraithe ná ioncam eile a gineadh dá mbarr, fad atá na cinntí lenar forchuireadh iad faoi réir achomhairc os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó fad a d’fhéadfaidís fós teacht faoi réir achomhairc.

2.   Iontrálfar sa bhuiséad na méideanna dá dtagraítear i mír 1 a luaithe is féidir tar éis gach leigheas dlí a bheith ídithe. In imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo nó i gcás gach leigheas dlí a bheith ídithe tar éis an 1 Meán Fómhair den bhliain airgeadais reatha, féadfar na méideanna a iontráil sa bhuiséad den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

Chun Airteagal 48(2), pointe (b) a chur i bhfeidhm, féadfar na méideanna is gá dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a iontráil sa bhuiséad faoi dheireadh na bliana airgeadais ina dhiaidh sin.

Ní iontrálfar sa bhuiséad méideanna atá le tabhairt ar ais don eintiteas a d’íoc iad tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le cinntí i dtaobh cuntais a imréiteach ná i dtaobh ceartuithe airgeadais.

Airteagal 108

Fíneálacha, pionóis eile nó smachtbhannaí arna bhforchur ag institiúidí de chuid an Aontais a aisghabháil

1.   I gcás ina dtugtar caingean os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcoinne cinneadh ó institiúid de chuid an Aontais lenar forchuireadh fíneáil, pionós eile nó smachtbhanna faoi CFAE nó faoi Chonradh Euratom agus go dtí go mbeidh na leigheasanna dlí uile ídithe, déanfaidh an féichiúnaí na méideanna lena mbaineann a íoc go sealadach isteach sa chuntas bainc a d’ainmnigh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin nó ráthaíocht airgeadais a thaisceadh a bheidh inghlactha ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin. Beidh an ráthaíocht neamhspleách ar an oibleagáid fíneáil, pionós eile nó smachtbhanna a íoc agus beidh sí in-fhorfheidhmithe nuair a iarrfar í. Cumhdófar léi an t-éileamh i leith na príomhshuime agus an úis a íocfaidh an féichiúnaí sa chás dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), ar an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, an ráta a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí inar glacadh an cinneadh lena bhforchuirtear fíneáil, pionós eile nó smachtbhanna, agus aon phointe céatadáin go leith curtha leis, ón sprioc-am a leagtar síos sa chinneadh ón institiúid de chuid an Aontais lena bhforchuirtear fíneáil, pionós eile nó smachtbhanna.

2.   Féadfaidh an Coimisiún na méideanna a bailíodh go sealadach a infheistiú i sócmhainní airgeadais, agus tosaíocht á tabhairt don chuspóir a bhaineann le sláine agus leachtacht an airgid i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

3.   Nuair a bheidh na leigheasanna dlí uile ídithe agus i gcás inar dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an fhíneáil, an pionós eile nó an smachtbhanna, nó mura bhféadfaí an cinneadh lenar forchuireadh an fhíneáil, an pionós eile nó an smachtbhanna sin a bheith faoi réir achomhairc os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, déanfar ceann de na bearta seo a leanas:

(a)

iontrálfar na méideanna a bailíodh go sealadach agus an brabús a rinneadh orthu sa bhuiséad i gcomhréir le hAirteagal 107(2);

(b)

i gcás inar taisceadh ráthaíocht airgeadais, forfheidhmeofar í agus iontrálfar na méideanna comhfhreagracha sa bhuiséad.

I gcás inar mhéadaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an fhíneáil, an pionós eile nó an smachtbhanna, beidh feidhm ag an gcéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den mhír seo maidir le méideanna suas le méideanna an chéad chinnidh ón institiúid de chuid an Aontais nó, más infheidhme, suas leis an méid a leagtar síos i mbreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a tugadh roimhe sin le linn na n-imeachtaí céanna. Baileoidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin an méid atá comhfhreagrach don mhéadú agus don ús a bheidh dlite mar a shonraítear in Airteagal 99(4) agus iontrálfar an méid sin sa bhuiséad.

4.   I gcás inar cealaíodh an fhíneáil, an pionós eile nó an smachtbhanna, nó inar laghdaíodh an méid, déanfar ceann de na bearta seo a leanas:

(a)

aisíocfar na méideanna a bailíodh go sealadach nó, i gcás laghdú, an chuid ábhartha de na méideanna sin, leis an tríú páirtí lena mbaineann;

(b)

i gcás inar taisceadh ráthaíocht airgeadais, scaoilfear í dá réir.

Méadófar an méid, nó an chuid ábhartha de dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), de réir ús ar an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, an ráta a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí inar glacadh an cinneadh lena bhforchuirtear fíneáil, pionós eile nó smachtbhanna, agus aon phointe céatadáin go leith curtha leis.

Déanfar na haisíocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo laistigh de 60 lá tar éis an fhíneáil, an pionós eile nó an smachtbhanna a chur ar ceal nó a laghdú, ach amháin i gcás nár soláthraíodh na doiciméid tacaíochta is gá in am trátha chun an tríú páirtí lena mbaineann nó a chuntas bainc a shainaithint. Ar dhul in éag don teorainn ama sin, beidh an creidiúnaí i dteideal úis i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 116(5).

Airteagal 109

Ús cúiteach

Gan dochar d’Airteagail 99(2) agus 116(5) agus i gcásanna seachas fíneálacha, pionóis eile agus smachtbhannaí dá dtagraítear in Airteagail 107 agus 108, nuair atá méid le haisíoc de bharr breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó mar thoradh ar réiteach cairdiúil, is é an ráta úis a bheidh ann an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. Ní bheidh an ráta úis diúltach. Cuirfear tús leis an ús ón dáta a íocfar an méid atá le haisíoc go dtí an dáta a bheidh an aisíocaíocht dlite.

I gcásanna ina mbeadh an ráta foriomlán úis diúltach, socrófar ag nialas faoin gcéad é.

CAIBIDIL 7

Oibríochtaí caiteachais

Airteagal 110

Cinntí maoiniúcháin

1.   Ní dhéanfar gealltanas buiséadach go dtí go nglacfaidh an institiúid de chuid an Aontais nó an t-údarás ar tharmlig an institiúid de chuid an Aontais cumhachtaí chuige cinneadh maoiniúcháin. Cinntí bliantúla agus ilbhliantúla a bheidh sna cinntí maoiniúcháin sin.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí gach institiúide de chuid an Aontais faoina neamhspleáchas riaracháin ar féidir iad a chur chun feidhme gan bhunghníomh i gcomhréir le hAirteagal 58(2), pointe (e), maidir le caiteachas tacaíochta riaracháin agus maidir le ranníocaíochtaí leis na comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71.

2.   San am céanna, is ionann an cinneadh maoiniúcháin agus an clár oibre bliantúil nó ilbhliantúil agus glacfar é, de réir mar is iomchuí, a luaithe is féidir tar éis ghlacadh an dréachtbhuiséid agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná an 31 Márta le linn bhliain an chur chun feidhme. I gcás ina bhforáiltear sa bhunghníomh ábhartha do rialacha mionsonraithe sonracha maidir le cinneadh maoiniúcháin nó le clár oibre a ghlacadh nó leis an dá rud sin a ghlacadh, cuirfear na rialacha mionsonraithe sin i bhfeidhm ar an gcuid sin den chinneadh maoiniúcháin arb í an clár oibre í, agus riachtanais an bhunghnímh sin á gcomhlíonadh. Foilseofar an chuid de arb í an clár oibre í ar shuíomh gréasáin na hinstitiúide lena mbaineann de chuid an Aontais díreach tar éis a ghlactha agus sula gcuirfear chun feidhme é.

Beidh an méid iomlán a chumhdóidh an cinneadh maoiniúcháin leagtha síos sa chinneadh féin agus beidh tuairisc ann ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú. Sonrófar ann:

(a)

an bunghníomh agus an líne bhuiséid;

(b)

na cuspóirí a bheidh aige agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo;

(c)

na modhanna cur chun feidhme;

(d)

aon fhaisnéis bhreise a cheanglaítear leis an mbunghníomh le haghaidh an chláir oibre.

3.   De bhreis ar na heilimintí dá dtagraítear i mír 2, leagfar amach an méid seo a leanas sa chinneadh maoiniúcháin:

(a)

i gcás deontas: an cineál iarratasóirí ar a bhfuil an glao ar thograí nó an dámhachtain dhíreach dírithe agus an t-imchlúdach buiséadach foriomlán atá curtha i leataobh le haghaidh na ndeontas;

(b)

i gcás soláthair: an t-imchlúdach buiséadach foriomlán atá curtha i leataobh le haghaidh soláthair;

(c)

i gcás ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 238: na leithreasuithe atá curtha i leataobh le haghaidh an chiste iontaobhais don bhliain sin maille leis na méideanna atá beartaithe i rith na bliana sin, ón mbuiséad mar aon le méideanna ó dheontóirí eile;

(d)

i gcás duaiseanna: an cineál rannpháirtithe ar a bhfuil an comórtas dírithe, an t-imchlúdach buiséadach foriomlán atá curtha i leataobh le haghaidh an chomórtais agus tagairt shonrach do dhuaiseanna ag a bhfuil luach aonaid EUR 1 000 000 nó níos mó;

(e)

i gcás ionstraimí airgeadais: an méid atá leithdháilte ar an ionstraim airgeadais;

(f)

i gcás bainistíocht indíreach: an duine nó an t-eintiteas a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), nó na critéir atá le húsáid chun an duine nó an t-eintiteas a roghnú;

(g)

i gcás ranníocaíochtaí le saoráidí measctha nó ardáin mheasctha: an méid atá leithdháilte ar an tsaoráid mheasctha nó ar an ardán measctha agus liosta na n-eintiteas atá páirteach sa tsaoráid mheasctha nó san ardán measctha;

(h)

i gcás ráthaíochtaí buiséadacha: méid an tsoláthair bhliantúil agus, i gcás inarb infheidhme, an méid den ráthaíocht bhuiséadach atá le scaoileadh.

4.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean aon fhaisnéis bhreise a mheasfar is iomchuí a chur isteach sa chinneadh maoiniúcháin ábhartha arb é an clár oibre é nó in aon doiciméad eile a foilsíodh ar shuíomh gréasáin na hinstitiúide de chuid an Aontais.

Beidh cinneadh maoiniúcháin ilbhliantúil comhsheasmhach leis an gclárú airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 41(2) agus sonrófar ann go bhfuil cur chun feidhme an chinnidh faoi réir infhaighteacht leithreasuithe buiséid do na blianta airgeadais faoi seach tar éis ghlacadh an bhuiséid nó mar a fhoráiltear dóibh i gcóras na ndódhéaguithe sealadacha.

5.   Gan dochar d’aon fhoráil shonrach i mbunghníomh, aon athrú substainteach ar chinneadh maoiniúcháin a glacadh cheana, déanfar é i gcomhréir leis an nós imeachta a raibh an cinneadh tosaigh faoina réir.

Airteagal 111

Oibríochtaí caiteachais

1.   Déanfar gach mír chaiteachais a ghealladh, a bhailíochtú, a údarú agus a íoc.

Ag deireadh na dtréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 114, saorfar an t-iarmhéid nár úsáideadh de chuid na ngealltanas buiséadach.

Agus oibríochtaí á ndéanamh aige nó aici, áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach go mbeidh an caiteachas i gcomhréir leis na Conarthaí, leis an mbuiséad, leis an Rialachán seo agus le gníomhartha eile arna nglacadh de bhun na gConarthaí agus le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais chomh maith.

2.   Is é nó í an t-aon oifigeach údarúcháin amháin a dhéanfaidh gealltanais bhuiséadacha agus gealltanais dhlíthiúla, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Go háirithe, i réimse na cabhrach um bainistiú géarchéime agus na n-oibríochtaí cabhrach daonnúla, féadfaidh Cinn thoscaireachtaí an Aontais, nó, ina n-éagmais sin, a n-ionadaithe, gealltanais dhlíthiúla a dhéanamh, ar ordú a fháil chuige sin ón oifigeach údarúcháin atá freagrach de chuid an Choimisiúin agus a bheidh lánfhreagrach, dá ainneoin sin, as an idirbheart foluiteach. An pearsanra atá fostaithe ag an gCoimisiún i réimse na cabhrach um bainistiú géarchéime agus na n-oibríochtaí cabhrach daonnúla, féadfaidh siad gealltanais dhlíthiúla a shíniú a bhaineann le híocaíochtaí a rinneadh as cuntais óinchiste nach mó a luach ná EUR 2 500.

Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach gealltanas buiséadach sula ndéanfaidh sé nó sí gealltanas dlíthiúil le tríú páirtithe, sula ndéanfaidh sé nó sí soláthar do dhliteanais airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 214, nó sula n-aistreoidh sé nó sí cistí chuig ciste iontaobhais de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 238.

Ní bheidh feidhm ag an dara fomhír den mhír seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

gealltanais dhlíthiúla arna dtabhairt i gcrích tar éis géarchéim a bheith fógartha faoi chuimsiú plean leanúnachais gnó, i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna nglacadh ag an gCoimisiún nó ag aon institiúid eile de chuid an Aontais de bhua a neamhspleáchais riaracháin;

(b)

i gcás oibríochtaí cabhrach daonnúla, oibríochtaí cosanta sibhialta agus cabhair um bainistiú géarchéime, má éilítear go ndéanfaidh an tAontas gealltanas dlíthiúil le tríú páirtithe láithreach d’fhonn idirghabháil an Aontais a chur chun críche go héifeachtach agus mura féidir gealltanas buiséadach aonair a dhéanamh roimh ré;

(c)

tabhartais neamhairgeadais.

Sna cásanna dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (b), déanfar an gealltanas buiséadach gan mhoill tar éis gealltanas dlíthiúil a dhéanamh le tríú páirtithe.

3.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach caiteachas a bhailíochtú trína ghlacadh leis go ndéanfar mír chaiteachais a mhuirearú ar an mbuiséad, tar éis dó nó di na doiciméid tacaíochta a sheiceáil ar fianaise iad ar theidlíocht an chreidiúnaí de réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa ghealltanas dlíthiúil má tá gealltanas dlíthiúil ann. Chun na críche sin, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid seo a leanas:

(a)

a fhíorú gur ann do theidlíocht an chreidiúnaí;

(b)

fírinne an éilimh agus méid an éilimh a chinneadh nó a fhíorú tríd an bhformhuiniú ‘deimhnithe a bheith ceart’;

(c)

na coinníollacha faoina bhfuil an íocaíocht dlite a fhíorú.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, beidh feidhm ag bailíochtú an chaiteachais freisin maidir le tuarascálacha eatramhacha nó críochnaitheacha nach mbaineann le hiarraidh ar íocaíocht, agus sa chás sin tá an tionchar ar an gcóras cuntasaíochta teoranta do na cuntais ghinearálta.

4.   Cuirfear an cinneadh maidir le bailíochtú in iúl le síniú leictreonach slán i gcomhréir le hAirteagal 149 ón oifigeach údarúcháin nó ó bhall foirne ag a bhfuil inniúlacht theicniúil a cumhachtaíodh chuige sin le cinneadh foirmiúil ón oifigeach údarúcháin nó, go heisceachtúil, le haghaidh sreabhadh oibre páipéir, cuirfear an cinneadh in iúl le stampa ar a bhfuil an síniú sin.

Leis an bhformhuiniú ‘deimhnithe a bheith ceart’, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, nó ball foirne ag a bhfuil inniúlacht theicniúil ar thug an t-oifigeach údarúcháin an chumhacht sin dó go cuí, an méid seo a leanas a dheimhniú:

(a)

i gcás réamh-mhaoinithe: go bhfuil na coinníollacha a bhaineann leis an ngealltanas dlíthiúil go n-íocfar an réamh-mhaoiniú comhlíonta;

(b)

i gcás íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid i gconarthaí: gur soláthraíodh na seirbhísí dá bhforáiltear sa chonradh mar ba cheart, gur seachadadh na soláthairtí mar ba cheart nó go ndearnadh na hoibreacha mar ba cheart;

(c)

i gcás íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid a bhaineann le deontais: go bhfuil an ghníomhaíocht nó an clár oibre a chuir an tairbhí i gcrích i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais ar gach bealach, agus, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil na costais a dhearbhaigh an tairbhí incháilithe.

Sa chás dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (c), ní mheasfar go gcomhlíonann meastacháin chostais na coinníollacha incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 189(3). Beidh feidhm ag an bprionsabal céanna freisin maidir le tuarascálacha eatramhacha agus críochnaitheacha nach mbaineann le hiarraidh ar íocaíocht.

5.   Chun an caiteachas a údarú, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, tar éis dó nó di a fhíorú go bhfuil na leithreasuithe ar fáil, ordú íocaíochta a eisiúint chun treoir a thabhairt don oifigeach cuntasaíochta an méid caiteachais a bailíochtaíodh roimhe sin a íoc.

I gcás ina ndéantar íocaíochtaí tréimhsiúla maidir le seirbhísí arna soláthar, lena n-áirítear seirbhísí cíosa nó earraí a sheachadadh, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin, faoi réir na hanailíse a dhéanann an t-oifigeach sin ar riosca, a ordú go gcuirfí i bhfeidhm córas dochair dhírigh as cuntas óinchiste. Féadfar cur i bhfeidhm córais den sórt sin a ordú freisin má údaraíonn an t-oifigeach cuntasaíochta é go sonrach i gcomhréir le hAirteagal 86(3).

Airteagal 112

Cineálacha gealltanas buiséadach

1.   Tiocfaidh gealltanais bhuiséadacha faoi cheann de na catagóirí seo a leanas:

(a)

gealltanais aonair: nuair is eol cén faighteoir agus cén méid caiteachais atá i gceist nó nuair a dhéantar an gealltanas buiséadach chun soláthar a dhéanamh do dhliteanais airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 214;

(b)

gealltanais fhoriomlána: nuair nach eol fós ceann amháin, ar a laghad, de na heilimintí is gá chun an gealltanas aonair a shainaithint;

(c)

gealltanais shealadacha: chun an gnáthchaiteachas bainistíochta do CERT dá dtagraítear in Airteagal 11(2) agus an gnáthchaiteachas riaracháin a chumhdach i gcás nach eol go cinntitheach an méid atá i gceist ná cé na híocaithe deiridh.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, pointe (c), féadfar gnáthchaiteachas riaracháin a bhaineann le toscaireachtaí agus ionadaíochtaí de chuid an Aontais a chumhdach faoi ghealltanais bhuiséadacha shealadacha chomh maith nuair is eol an méid atá i gceist agus cé hé an t-íocaí deiridh.

2.   Ní fhéadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí is faide ná aon bhliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla ar feadh roinnt blianta ach amháin i gcás ina bhforáiltear don mhéid sin sa bhunghníomh nó nuair a bhaineann siad le caiteachais riaracháin.

3.   Déanfar gealltanas buiséadach foriomlán ar bhonn cinneadh maoiniúcháin.

Déanfar an gealltanas buiséadach foriomlán ar a dhéanaí sula ndéanfar an cinneadh maidir leis na faighteoirí agus na méideanna agus, i gcás ina bhfuil glacadh cláir oibre ina chuid de chur chun feidhme na leithreasuithe lena mbaineann, ar a luaithe tar éis ghlacadh an chláir sin.

4.   Cuirfear gealltanas buiséadach foriomlán chun feidhme trí chomhaontú maoiniúcháin a thabhairt i gcrích lena bhforáiltear do ghealltanas dlíthiúil amháin nó níos mó a dhéanamh ina dhiaidh sin, trí ghealltanas dlíthiúil amháin nó níos mó a dhéanamh, nó trí sholáthar a dhéanamh do dhliteanais airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 214.

Féadfar íocaíochtaí a dhéanamh faoi chomhaontuithe maoiniúcháin i réimse an chúnaimh airgeadais dhírigh do thríú tíortha, lena n-áirítear tacaíocht bhuiséid, ar gealltanais dhlíthiúla iad, gan gealltanais dhlíthiúla eile a dhéanamh.

I gcás ina gcuirtear an gealltanas buiséadach foriomlán chun feidhme trí chomhaontú maoiniúcháin a thabhairt i gcrích, ní bheidh feidhm ag mír 3, an dara fomhír.

5.   Gach gealltanas dlíthiúil aonair a dhéantar tar éis gealltanas buiséadach foriomlán a dhéanamh, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach iad a chlárú sna cuntais bhuiséadacha lárnacha, sula síneofar iad, agus sannfar don ghealltanas buiséadach foriomlán iad.

6.   Cuirfear gealltanais bhuiséadacha shealadacha chun feidhme trí ghealltanas dlíthiúil amháin nó níos mó a dhéanamh as a dtagann teidlíocht íocaíochtaí iardain. Mar sin féin, i gcásanna a bhaineann le caiteachas ar bhainistíocht foirne, caiteachas ar chomhaltaí nó iarchomhaltaí d’institiúid de chuid an Aontais nó caiteachas ar an gcumarsáid a dhéanann na hinstitiúidí de chuid an Aontais chun imeachtaí de chuid an Aontais a thuairisciú, nó sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 14.5 d’Iarscríbhinn I, féadfar iad a chur chun feidhme go díreach le híocaíochtaí gan gealltanais dhlíthiúla a dhéanamh roimh ré.

Airteagal 113

Gealltanais i dtaobh leithreasuithe CERT

1.   I gcás gach bliana airgeadais, áireofar i leithreasuithe CERT leithreasuithe neamhdhifreáilte faoi chomhair caiteachas a bhaineann le bearta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/2116. Caiteachas a bhaineann leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5(3) agus Airteagal 7 den Rialachán sin, cumhdófar le leithreasuithe difreáilte é cé is moite de bhearta a mhaoinítear le cúnamh teicniúil neamhoibríochtúil agus ranníocaíochtaí le gníomhaireachtaí feidhmiúcháin.

2.   Maidir leis na cinntí ón gCoimisiún lena socraítear méid na n-aisíocaíochtaí caiteachais a bhaineann le CERT a thabhaigh na Ballstáit, gealltanais bhuiséadacha shealadacha fhoriomlána a fhéadfaidh a bheith iontu, nach sáróidh iomlán na leithreasuithe a iontráladh sa bhuiséad do CERT.

3.   Maidir leis na gealltanais bhuiséadacha shealadacha fhoriomlána do CERT a rinneadh le haghaidh bliain airgeadais agus nach raibh aon ghealltanas ar línte buiséid sonracha tagtha dá mbarr faoin 1 Feabhra den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, saorfar iad i leith na bliana airgeadais lena mbaineann.

4.   I gcás ina ndéantar gealltanas buiséadach sealadach foriomlán dá dtagraítear i mír 2, laistigh de 2 mhí ó na ráitis arna seoladh ag na Ballstáit a fháil, beidh an caiteachas a dhéanann na húdaráis agus na comhlachtaí dá dtagraítear sna rialacha a bhaineann le CERT ina ábhar gealltanais de réir caibidle, airteagail agus míre. Féadfar na gealltanais sin a dhéanamh tar éis don tréimhse 2 mhí sin dul in éag i gcás ina bhfuil gá le nós imeachta maidir le haistriú leithreasuithe a bhaineann leis na línte buiséid ábhartha. Déanfar na méideanna a mhuirearú mar íocaíochtaí le linn na tréimhse 2 mhí céanna, seachas i gcás nach bhfuil íocaíocht déanta fós ag na Ballstáit nó i gcás ina bhfuil amhras faoi incháilitheacht.

Déanfar na gealltanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a asbhaint ón ngealltanas buiséadach sealadach foriomlán dá dtagraítear i mír 2.

5.   Beidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 faoi réir na cuntais a scrúdú agus a ghlacadh.

Airteagal 114

Teorainneacha ama le haghaidh gealltanas

1.   Gan dochar d’Airteagail 111(2) agus 270(3), déanfar na gealltanais dhlíthiúla a bhaineann le gealltanais bhuiséadacha aonair nó shealadacha a dhéanamh faoin 31 Nollaig de bhliain n, nuair is ionann bliain n agus an bhliain ina ndearnadh an gealltanas buiséadach.

2.   Cumhdófar leis na gealltanais bhuiséadacha fhoriomlána costas iomlán na ngealltanas dlíthiúil comhfhreagrach a rinneadh, nó méideanna an tsoláthair dliteanas airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 214, go dtí an 31 Nollaig de bhliain n+1.

I gcás ina dtagann dámhachtain duaise dá dtagraítear i dTeideal IX as an ngealltanas buiséadach foriomlán, déanfar an gealltanas dlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 210(4) faoin 31 Nollaig de bhliain n+3.

Maidir le gníomhaíochtaí seachtracha, i gcás ina dtagann comhaontú maoiniúcháin le tríú tír as an ngealltanas buiséadach foriomlán, tabharfar an comhaontú maoiniúcháin chun críche faoin 31 Nollaig de bhliain n+1. Sa chás sin, cumhdófar leis an ngealltanas buiséadach foriomlán costais iomlána na ngealltanas dlíthiúil lena gcuirtear chun feidhme an comhaontú maoiniúcháin a rinneadh laistigh de thréimhse 3 bliana tar éis an dáta a tugadh an comhaontú maoiniúcháin i gcrích.

Sna cásanna seo a leanas, áfach, cumhdófar leis an ngealltanas buiséadach foriomlán costais iomlána na ngealltanas dlíthiúil a rinneadh go dtí deireadh thréimhse chur chun feidhme an chomhaontaithe maoiniúcháin:

(a)

gníomhaíochtaí ildeontóirí;

(b)

oibríochtaí measctha;

(c)

gealltanais dhlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta, le hiniúchóireacht agus le meastóireacht;

(d)

na himthosca eisceachtúla seo a leanas:

(i)

modhnuithe a dhéantar ar ghealltanais dhlíthiúla a rinneadh cheana;

(ii)

gealltanais dhlíthiúla atá le déanamh tar éis luathfhoirceannadh gealltanais dhlíthiúil atá ann cheana;

(iii)

athruithe ar an eintiteas cur chun feidhme.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2, an tríú fomhír, maidir leis na cláir ilbhliantúla a chuirtear chun feidhme trí ghealltanais scoilte faoi na nithe seo a leanas:

(a)

Rialachán (AE) 2021/947;

(b)

Rialachán (AE) 2021/1529;

(c)

Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47) maidir le cláir um chomhar seachtrach;

(d)

Cinneadh (AE) 2021/1764;

(e)

Rialachán (Euratom) 2021/948.

Sna cásanna sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, saorfaidh an Coimisiún na leithreasuithe go huathoibríoch i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha.

4.   Maidir leis na gealltanais bhuiséadacha aonair agus shealadacha maidir le gníomhaíochtaí is faide ná aon bhliain airgeadais amháin, leagfar síos dáta deiridh maidir lena gcur chun feidhme, ach amháin i gcás caiteachas ar an bhfoireann, i gcomhréir leis na coinníollacha sna gealltanais dhlíthiúla dá dtagraíonn siad agus prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais á chur i gcuntas.

5.   Aon chodanna de na gealltanais bhuiséadacha nach mbeidh curtha chun feidhme le híocaíochtaí 6 mhí tar éis an dáta deiridh maidir lena gcur chun feidhme, déanfar iad a shaoradh.

6.   An méid de ghealltanas buiséadach nach ndearnadh aon íocaíocht de réir bhrí Airteagal 115 ina leith laistigh de 2 bhliain ón dáta a rinneadh an gealltanas dlíthiúil, déanfar é a shaoradh, ach amháin i gcás ina mbaineann an méid sin le cás atá faoi dhlíthíocht os comhair cúirteanna breithiúnacha nó comhlachtaí eadrána, i gcás ina bhfuil an gealltanas dlíthiúil i bhfoirm comhaontú maoiniúcháin le tríú tír nó i gcás ina bhfuil forálacha speisialta leagtha síos i rialacha earnáilsonracha.

Airteagal 115

Cineálacha íocaíochtaí

1.   Is é nó í an t-oifigeach cuntasaíochta a íocfaidh an caiteachas, agus déanfaidh sé nó sí sin laistigh de theorainn na gcistí atá ar fáil.

2.   Déanfar íocaíocht nuair a thabharfar cruthúnas ar aird go bhfuil an ghníomhaíocht ábhartha i gcomhréir leis an gconradh, leis an gcomhaontú nó leis an mbunghníomh agus cumhdófar léi ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí seo a leanas:

(a)

an méid iomlán atá dlite a íoc;

(b)

an méid atá dlite a íoc ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(i)

réamh-mhaoiniú lena dtugtar cúlchnap, ar féidir é a roinnt ina líon íocaíochtaí i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais; íocfar méid an réamh-mhaoinithe sin ar bhonn an chonartha, an chomhaontaithe nó an bhunghnímh, nó ar bhonn doiciméid tacaíochta lenar féidir a sheiceáil an bhfuil téarmaí an chonartha nó an chomhaontaithe lena mbaineann á gcomhlíonadh;

(ii)

íocaíocht eatramhach amháin nó níos mó mar chontrapháirt de chur i gcrích páirteach na gníomhaíochta nó do chomhlíonadh páirteach an chonartha nó an chomhaontaithe, lena bhféadfar an réamh-mhaoiniú a imréiteach go hiomlán nó go páirteach, gan dochar don bhunghníomh;

(iii)

íocaíocht amháin d’iarmhéid na méideanna atá dlite i gcás ina bhfuil an ghníomhaíocht curtha i gcrích go hiomlán, nó ina bhfuil an conradh nó an comhaontú comhlíonta go hiomlán;

(c)

soláthar a íoc isteach sa chiste don soláthar coiteann arna bhunú de bhun Airteagal 215.

Imréiteoidh íocaíocht an iarmhéid an caiteachas uile roimhe sin. Eiseofar ordú aisghabhála chun na méideanna nár úsáideadh a aisghabháil.

3.   Déanfar idirdhealú sna cuntais bhuiséadacha idir na cineálacha éagsúla íocaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 tráth a dhéanfar gach íocaíocht.

4.   Áireofar leis na rialacha cuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 80 na rialacha a bhaineann leis an réamh-mhaoiniú sna cuntais a imréiteach agus incháilitheacht na gcostas a aithint.

5.   Imréiteoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na híocaíochtaí réamh-mhaoiniúcháin go rialta de réir chineál eacnamaíoch an tionscadail agus ag deireadh an tionscadail ar a dhéanaí. Déanfar an t-imréiteach ar bhonn na faisnéise faoi na costais a tabhaíodh nó ar bhonn dearbhú gur comhlíonadh na coinníollacha íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 125 arna bhailíochtú ag an oifigeach údarúcháin i gcomhréir le hAirteagal 111(3).

I gcás comhaontuithe deontais, conarthaí nó comhaontuithe ranníocaíochta os cionn EUR 5 000 000, gheobhaidh an t-oifigeach údarúcháin an fhaisnéis is gá chun meastachán réasúnta ar na costais a ríomh ag deireadh gach bliana, ar a laghad. Ní úsáidfear an fhaisnéis sin chun an réamh-mhaoiniú a imréiteach, ach féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin agus an t-oifigeach cuntasaíochta í a úsáid chun Airteagal 82(2) a chomhlíonadh.

Chun críocha an dara fomhír, cuirfear forálacha iomchuí sna gealltanais dhlíthiúla a rinneadh.

Airteagal 116

Teorainneacha ama le haghaidh íocaíochtaí

1.   Déanfar íocaíochtaí laistigh de:

(a)

90 lá féilire do chomhaontuithe ranníocaíochta, do chonarthaí agus do chomhaontuithe deontais a bhaineann le seirbhísí teicniúla nó gníomhaíochtaí a bhfuil sé thar a bheith casta meastóireacht a dhéanamh orthu agus a bhfuil an íocaíocht a bhaineann leo ag brath ar fhormheas tuarascála nó deimhnithe;

(b)

60 lá féilire do na comhaontuithe ranníocaíochta, na conarthaí agus na comhaontuithe deontais uile eile a bhfuil an íocaíocht a bhaineann leo ag brath ar fhormheas tuarascála nó deimhnithe;

(c)

30 lá féilire do na comhaontuithe ranníocaíochta, na conarthaí agus na comhaontuithe deontais uile eile.

2.   Measfar go bhfuil bailíochtú, údarú agus íoc caiteachais san áireamh san am atá ceadaithe chun íocaíochtaí a dhéanamh.

Tosóidh sé ón dáta a gheofar iarraidh ar íocaíocht.

3.   Cláróidh roinn údaraithe an oifigigh údarúcháin atá freagrach iarraidh ar íocaíocht a luaithe is féidir agus measfar go bhfuarthas í ar an dáta a chlárófar í.

Measfar gurb é dáta na híocaíochta an dáta a bhainfear an t-airgead as cuntas na hinstitiúide de chuid an Aontais.

Áireofar na heilimintí bunriachtanacha seo a leanas in iarraidh ar íocaíocht:

(a)

aitheantas an chreidiúnaí;

(b)

an méid;

(c)

an t-airgeadra;

(d)

an dáta.

Áireofar na heilimintí bunriachtanacha seo a leanas i ríomhshonrasc le haghaidh soláthar poiblí:

(a)

aitheantóirí próisis agus sonraisc;

(b)

tréimhse an tsonraisc;

(c)

faisnéis faoin gconraitheoir;

(d)

faisnéis faoin údarás conarthach;

(e)

faisnéis faoi ionadaí cánach an chonraitheora;

(f)

tagairt an chonartha;

(g)

mionsonraí seachadta;

(h)

treoracha íocaíochta;

(i)

faisnéis faoi liúntais nó muirir;

(j)

faisnéis faoin mír líne sonraisc;

(k)

iomlán an tsonraisc;

(l)

miondealú CBL (nuair is infheidhme);

(m)

airgeadra.

I gcás ina bhfuil aon eilimint bhunriachtanach amháin ar a laghad in easnamh, diúltófar an iarraidh ar íocaíocht.

Cuirfear an creidiúnaí ar an eolas i scríbhinn faoi dhiúltú agus faoi na cúiseanna a bhí leis a luaithe is féidir agus, in aon chás, laistigh de 30 lá féilire ón dáta a fuarthas an iarraidh ar íocaíocht.

4.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an teorainn ama le haghaidh íocaíochta a chur ar fionraí sna cásanna seo a leanas:

(a)

nach mbeidh méid na hiarrata ar íocaíocht dlite; nó

(b)

nach mbeidh na doiciméid tacaíochta iomchuí curtha ar fáil.

Má fhaigheann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach faisnéis a chuireann incháilitheacht an chaiteachais in iarraidh ar íocaíocht in amhras, féadfaidh sé nó sí an teorainn ama le haghaidh íocaíochta a chur ar fionraí chun a fhíorú, lena n-áirítear trí bhíthin seiceálacha ar an láthair, an bhfuil an caiteachas incháilithe. An méid atá fágtha den am atá ceadaithe chun íocaíocht a dhéanamh, tosóidh sé ón dáta a gheofar an fhaisnéis a iarradh nó na doiciméid athbhreithnithe nó a dhéanfar an fíorú breise is gá, lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair.

Cuirfear na cúiseanna atá le fionraí in iúl i scríbhinn do na creidiúnaithe lena mbaineann.

5.   Ach amháin i gcás na mBallstát, BEI agus CEI, nuair a rachaidh na teorainneacha ama a leagtar síos i mír 1 in éag, beidh an creidiúnaí i dteideal úis i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is iad na rátaí úis dá dtagraítear in Airteagal 99(2) a bheidh i bhfeidhm;

(b)

beidh an t-ús le híoc le haghaidh na tréimhse a mbeidh deireadh léi idir an lá féilire tar éis dhul in éag na teorann ama le haghaidh íocaíochta a leagtar síos i mír 1 agus an lá íocaíochta.

Mar sin féin, i gcás ina bhfuil an t-ús arna ríomh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír níos lú ná nó cothrom le EUR 200, ní íocfar é leis an gcreidiúnaí ach ar iarraidh a tíolacadh laistigh de 2 mhí ó fuarthas an íocaíocht dhéanach.

6.   Cuirfidh gach institiúid de chuid an Aontais tuarascáil maidir le comhlíonadh agus cur ar fionraí na dteorainneacha ama a leagtar síos i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh an tuarascáil ón gCoimisiún ina hiarscríbhinn ag an achoimre ar na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(9).

CAIBIDIL 8

Iniúchóir inmheánach

Airteagal 117

Iniúchóir inmheánach a cheapadh

1.   Bunóidh gach institiúid de chuid an Aontais feidhm iniúchóireachta inmheánaí a fheidhmeofar i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta. Beidh an t-iniúchóir inmheánach a cheapann an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais freagrach don institiúid sin maidir lena fhíorú an bhfuil córais agus nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme an bhuiséid á n-oibriú mar is ceart. Ní bheidh an t-iniúchóir inmheánach ina oifigeach údarúcháin nó ina hoifigeach údarúcháin ná ina oifigeach cuntasaíochta nó ina hoifigeach cuntasaíochta.

2.   Chun críoch iniúchóireacht inmheánach SEGS, beidh Cinn thoscaireachtaí an Aontais, ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí fho-tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 60(2), faoi réir chumhachtaí fíoraithe iniúchóir inmheánach an Choimisiúin ó thaobh na bainistíochta airgeadais arna fo-tharmligean chucu.

Gníomhóidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin freisin mar iniúchóir inmheánach SEGS i leith chur chun feidhme roinn an bhuiséid a bhaineann le SEGS.

3.   Ceapfaidh gach institiúid de chuid an Aontais a hiniúchóir inmheánach i gcomhréir le socruithe atá oiriúnaithe dá sainghnéithe agus dá riachtanais. Cuirfidh gach institiúid de chuid an Aontais Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi cheapadh a hiniúchóra inmheánaigh.

4.   Socróidh gach institiúid de chuid an Aontais, i gcomhréir lena sainghnéithe agus lena riachtanais, raon mhisean a hiniúchóra inmheánaigh agus leagfaidh sí síos go mionsonraithe na cuspóirí agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an bhfeidhm iniúchóireachta inmheánaí agus caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta inmheánaí á n-urramú aici.

5.   Féadfaidh gach institiúid de chuid an Aontais oifigeach nó seirbhíseach eile a chumhdaítear leis na Rialacháin Foirne arna roghnú as náisiúnaigh na mBallstát a cheapadh mar iniúchóir inmheánach de bhua a inniúlachta sonraí nó a hinniúlachta sonraí.

6.   Má cheapann dhá institiúid de chuid an Aontais nó níos mó an t-iniúchóir inmheánach céanna, déanfaidh siad na socruithe is gá chun go ndearbhófar go bhfuil an t-iniúchóir inmheánach freagrach as a chuid nó a cuid gníomhaíochtaí mar a leagtar síos in Airteagal 121.

7.   Nuair a fhoirceannfar dualgais a hiniúchóra inmheánaigh, cuirfidh gach institiúid de chuid an Aontais Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi sin.

Airteagal 118

Cumhachtaí agus dualgais an iniúchóra inmheánaigh

1.   Tabharfaidh an t-iniúchóir inmheánach comhairle dá institiúid nó dá hinstitiúid de chuid an Aontais maidir le déileáil le rioscaí, trí thuairimí neamhspleácha a eisiúint i ndáil le caighdeán na gcóras bainistíochta agus rialaithe agus trí mholtaí a eisiúint maidir le feabhas a chur ar na dálaí faoina gcuirtear oibríochtaí chun feidhme agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais a chur chun cinn.

Beidh an t-iniúchóir inmheánach freagrach, go háirithe, as an méid seo a leanas:

(a)

measúnú a dhéanamh ar a oiriúnaí agus a éifeachtaí atá na córais bhainistíochta inmheánaí agus ar fheidhmíocht na ranna maidir le beartais, cláir agus gníomhaíochtaí a chur chun feidhme i ndáil leis na rioscaí a ghabhann leo;

(b)

measúnú a dhéanamh ar a éifeachtúla agus a éifeachtaí atá na córais rialaithe inmheánaigh agus na córais iniúchóireachta inmheánaí is infheidhme maidir le gach oibríocht lena gcuirfear an buiséad chun feidhme.

2.   Déanfaidh an t-iniúchóir inmheánach a chuid nó a cuid dualgas a bhaineann le gníomhaíochtaí uile agus ranna uile na hinstitiúide lena mbaineann de chuid an Aontais. Beidh rochtain iomlán gan teorainn aige nó aici ar an bhfaisnéis uile a theastaíonn chun gur féidir leis nó léi a chuid nó a cuid dualgas a dhéanamh agus, más gá, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar an láthair freisin, lena n-áirítear sna Ballstáit agus i dtríú tíortha.

Tabharfaidh an t-iniúchóir inmheánach aird ar thuarascáil bhliantúil na n-oifigeach údarúcháin agus ar aon fhaisnéis eile a shainaithneofar.

3.   Tuairisceoidh an t-iniúchóir inmheánach don institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais maidir leis na fionnachtana agus na moltaí atá aige nó aici. Áiritheoidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais go rachfar i mbun gníomhaíochta maidir leis na moltaí a bheidh mar thoradh ar iniúchtaí.

Déanfaidh gach institiúid de chuid an Aontais a mheas an bhfuil na moltaí sna tuarascálacha óna hiniúchóir inmheánach oiriúnach do mhalartú dea-chleachtas le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais.

4.   Cuirfidh an t-iniúchóir inmheánach tuarascáil bhliantúil ar an iniúchadh inmheánach faoi bhráid na hinstitiúide lena mbaineann de chuid an Aontais, ar tuarascáil í ina léirítear líon agus cineál na n-iniúchtaí inmheánacha a rinneadh, na príomh-mholtaí a rinneadh agus an ghníomhaíocht a rinneadh ar bhonn na moltaí sin.

Luafar sa tuarascáil bhliantúil sin ar an iniúchadh inmheánach aon fhadhb shistéamach a bhraith an painéal a bunaíodh de bhun Airteagal 145, i gcás ina bhfuil tuairim tugtha aige i gcomhréir le hAirteagal 93.

5.   Díreoidh an t-iniúchóir inmheánach, agus é nó í ag ullmhú na tuarascála, go háirithe ar chomhlíonadh foriomlán phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus na feidhmíochta, agus áiritheoidh sé nó sí go ndearnadh bearta iomchuí chun a gcur i bhfeidhm a fheabhsú agus a mhéadú ar bhonn leanúnach.

6.   Gach bliain, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh agus i gcomhréir le hAirteagal 319 CFAE, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh, arna iarraidh sin, a thuarascáil bhliantúil ar an iniúchadh inmheánach agus aird iomchuí á tabhairt aige ar na ceanglais rúndachta.

7.   Cuirfidh gach institiúid de chuid an Aontais sonraí teagmhála a hiniúchóra inmheánaigh ar fáil d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil baint aige nó aici le hoibríochtaí caiteachais, sa chaoi gur féidir dul i dteagmháil leis an iniúchóir inmheánach go rúnda.

8.   Gach bliain, dréachtóidh gach institiúid de chuid an Aontais tuarascáil ina mbeidh achoimre ar líon agus cineál na n-iniúchtaí inmheánacha a rinneadh, sintéis ar na moltaí a rinneadh agus an ghníomhaíocht a rinneadh ar bhonn na moltaí sin agus cuirfidh sí an tuarascáil sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, mar a fhoráiltear in Airteagal 253.

9.   Ní bheidh rochtain ag an bpobal ar thuarascálacha agus fionnachtana an iniúchóra inmheánaigh, ná ar an tuarascáil ón institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais, go dtí go mbailíochtóidh an t-iniúchóir inmheánach na gníomhaíochtaí a rinneadh chun iad a chur chun feidhme.

10.   Cuirfidh gach institiúid de chuid an Aontais na hacmhainní is gá ar fáil dá hiniúchóir inmheánach chun an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí a chomhlíonadh mar is ceart, chomh maith le cairt mhisin ina mbeidh tuairisc mhionsonraithe ar chúraimí, ar chearta agus ar oibleagáidí a hiniúchóra inmheánaigh.

Airteagal 119

Clár oibre an iniúchóra inmheánaigh

1.   Glacfaidh an t-iniúchóir inmheánach an clár oibre agus cuirfidh sé nó sí faoi bhráid na hinstitiúide lena mbaineann de chuid an Aontais é.

2.   Féadfaidh gach institiúid de chuid an Aontais iarraidh ar a hiniúchóir inmheánach iniúchtaí a dhéanamh nach bhfuil san áireamh sa chlár oibre dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 120

Neamhspleáchas an iniúchóra inmheánaigh

1.   Beidh neamhspleáchas iomlán ag an iniúchóir inmheánach agus é nó í i mbun na n-iniúchtaí. Leagfaidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais síos rialacha speisialta is infheidhme maidir leis an iniúchóir inmheánach sa chaoi go dtabharfar ráthaíocht go mbeidh an t-iniúchóir inmheánach lán-neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas agus go suífear cé na freagrachtaí a bheidh ar an iniúchóir inmheánach.

2.   Ní thabharfar aon orduithe don iniúchóir inmheánach ná ní chuirfear aon srian air nó uirthi i leith chomhlíonadh na bhfeidhmeanna atá sannta dó nó di, de bhua a cheapacháin nó a ceapacháin, faoin Rialachán seo.

3.   Más ball foirne an t-iniúchóir inmheánach, feidhmeoidh sé nó sí feidhmeanna iniúchóireachta eisiacha go lán-neamhspleách agus gabhfaidh sé nó sí freagracht air nó uirthi féin faoi mar a leagtar síos sna Rialacháin Foirne.

Airteagal 121

Dliteanas an iniúchóra inmheánaigh

Féadfaidh gach institiúid de chuid an Aontais, agus í ag gníomhú i gcomhréir leis an Airteagal seo, gníomhú aisti féin chun go ndearbhófar go bhfuil a hiniúchóir inmheánach, ina cháil nó ina cáil mar bhall foirne, faoi dhliteanas as a chuid nó a cuid gníomhaíochtaí.

Déanfaidh gach institiúid de chuid an Aontais cinneadh réasúnaithe imscrúdú a thionscnamh. Cuirfear an cinneadh sin in iúl don pháirtí leasmhar. Féadfaidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais, faoina freagracht dhíreach, oifigeach amháin nó níos mó atá ar aon ghrád leis an mball foirne lena mbaineann nó ar ghrád níos airde a chur i mbun an imscrúdú sin. Le linn an imscrúdaithe, éistfear le tuairimí an pháirtí leasmhair.

Cuirfear an tuarascáil imscrúdúcháin in iúl don pháirtí leasmhar agus éistfidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais leis nó léi ina dhiaidh sin maidir le hábhar na tuarascála sin.

Ar bhonn na tuarascála agus na héisteachta sin, glacfaidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais cinneadh réasúnaithe lena bhfoirceanntar na himeachtaí nó cinneadh réasúnaithe i gcomhréir le hAirteagail 22 agus 86 de na Rialacháin Foirne agus Iarscríbhinn IX a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. Tabharfar fógra faoi aon chinntí lena bhforchuirtear bearta araíonachta nó pionóis airgeadais don pháirtí leasmhar agus cuirfear in iúl iad, chun críoch faisnéise, d’institiúidí eile de chuid an Aontais agus don Chúirt Iniúchóirí.

Féadfaidh an páirtí leasmhar caingean a thionscnamh i leith na gcinntí sin os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, dá bhforáiltear sna Rialacháin Foirne.

Airteagal 122

Caingean os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Gan dochar do na leigheasanna atá ceadaithe leis na Rialacháin Foirne, féadfaidh an t-iniúchóir inmheánach caingean a thionscnamh go díreach os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i leith aon ghníomh a bhaineann lena chuid nó lena cuid dualgas a dhéanamh ina cháil nó ina cáil mar iniúchóir inmheánach. Taiscfidh sé nó sí an chaingean sin laistigh de 3 mhí ón lá féilire ar tháinig an beart i gceist ar a iúl nó a hiúl.

Déanfar caingne den sórt sin a imscrúdú agus a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 91(5) de na Rialacháin Foirne.

Airteagal 123

Coistí um dhul chun cinn iniúchóireachta inmheánaí

1.   Bunóidh gach institiúid de chuid an Aontais coiste um dhul chun cinn iniúchóireachta inmheánaí a bhfuil sé mar chúram air neamhspleáchas an iniúchóra inmheánaigh a áirithiú, faireachán cáilíochta a dhéanamh ar an obair iniúchóireachta inmheánaí agus a áirithiú go gcuirfear moltaí inmheánacha agus seachtracha iniúchóireachta san áireamh go cuí agus go ndéanfaidh seirbhísí na hinstitiúide obair leantach ina leith.

2.   Cinnfidh gach institiúid de chuid an Aontais comhdhéanamh an choiste um dhul chun cinn iniúchóireachta inmheánaí, agus cuirfear san áireamh a neamhspleáchas eagraíochtúil agus an tábhacht a bhaineann le sainchomhairle neamhspleách.

TEIDEAL V

RIALACHA COITEANNA

CAIBIDIL 1

Rialacha is infheidhme maidir le bainistíocht dhíreach, indíreach agus chomhroinnte

Airteagal 124

Raon feidhme

Cé is moite de na tagairtí atá in Airteagal 140, is tagairtí do ghealltanais dhlíthiúla, creatchonarthaí agus comhaontuithe comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais a bheidh sna tagairtí sa Teideal seo do ghealltanais dhlíthiúla.

Airteagal 125

Foirmeacha ranníocaíochta ón Aontas

1.   Ranníocaíochtaí ón Aontas faoi bhainistíocht dhíreach, chomhroinnte agus indíreach, cuideoidh siad cuspóir beartais de chuid an Aontais agus na torthaí arna sonrú a bhaint amach agus féadfar na ranníocaíochtaí sin a dhéanamh sna foirmeacha seo a leanas:

(a)

maoiniú nach bhfuil baint aige le costais na n-oibríochtaí ábhartha ar bhonn na nithe seo a leanas:

(i)

comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i rialacha earnáilsonracha nó i gcinntí ón gCoimisiún; nó

(ii)

baint amach torthaí arna dtomhas le tagairt do gharspriocanna a socraíodh roimhe sin nó le táscairí feidhmíochta;

(b)

aisíoc costas incháilithe a tabhaíodh iarbhír;

(c)

costais aonaid a chumhdaíonn catagóirí uile na gcostas incháilithe nó catagóirí áirithe sonracha de na costais sin arna sainaithint go soiléir roimh ré le tagairt do mhéid áirithe in aghaidh an aonaid;

(d)

cnapshuimeanna a chumhdaíonn, i dtéarmaí foriomlána, catagóirí uile na gcostas incháilithe nó catagóirí áirithe sonracha de na costais sin arna sainaithint go soiléir roimh ré;

(e)

maoiniú ar ráta comhréidh a chumhdaíonn catagóirí sonracha de na costais incháilithe arna sainaithint go soiléir roimh ré, trí chéatadán a chur i bhfeidhm;

(f)

meascán de na foirmeacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (e).

Déanfar ranníocaíochtaí ón Aontas faoin gcéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo a shuí, faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, i gcomhréir le hAirteagal 184, le rialacha earnáilsonracha nó le cinneadh ón gCoimisiún agus, faoi bhainistíocht chomhroinnte, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha. Déanfar ranníocaíochtaí ón Aontas faoin gcéad fhomhír, pointí (c), (d) agus (e), den mhír seo a shuí, faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, i gcomhréir le hAirteagal 184 nó le rialacha earnáilsonracha agus, faoi bhainistíocht chomhroinnte, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha.

2.   Agus foirm iomchuí ranníocaíochta á socrú, cuirfear san áireamh leasanna na bhfaighteoirí ionchasacha agus na modhanna cuntasaíochta a mhéid is féidir.

3.   Tuairisceoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach maidir le maoiniú nach bhfuil baint aige le costais de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (f), den Airteagal seo sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(9).

Airteagal 126

Trasiontaoibh ar mheasúnuithe

Féadfaidh an Coimisiún bheith ag brath go hiomlán nó go páirteach ar mheasúnuithe a rinne sé féin nó eintitis eile, deontóirí san áireamh, a mhéid a rinneadh na measúnuithe sin ar chomhlíonadh coinníollacha arb ionann iad agus na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo maidir leis an modh cur chun feidhme is infheidhme. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún aithint caighdeán a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta nó dea-chleachtas idirnáisiúnta chun cinn.

Airteagal 127

Trasiontaoibh ar iniúchtaí

Gan dochar do na féidearthachtaí atá ann faoi láthair maidir le tuilleadh iniúchtaí a dhéanamh, i gcás ina ndéanann iniúchóir neamhspleách iniúchadh ar na ráitis agus na tuarascálacha airgeadais ina leagtar amach úsáid ranníocaíochta ón Aontas ar bhonn caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta a bhfuil dearbhú réasúnach ag gabháil leo, is ar an iniúchadh sin a bheidh an dearbhú foriomlán bunaithe, de réir na sonraíochtaí breise, i gcás inarb iomchuí, atá sna rialacha earnáilsonracha, ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach ann ar neamhspleáchas agus inniúlacht an iniúchóra. Chun na críche sin, cuirfear tuarascáil an iniúchóra neamhspleách agus doiciméadacht ghaolmhar an iniúchta ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus d’údaráis iniúchóireachta na mBallstát arna n-iarraidh sin dóibh.

Airteagal 128

An fhaisnéis atá ar fáil cheana a úsáid

Ionas nach n-iarrfaí an fhaisnéis chéanna níos mó ná uair amháin ar dhaoine agus ar eintitis atá ag fáil cistí de chuid an Aontais, úsáidfear, a mhéid is féidir, faisnéis atá ar fáil cheana ag institiúidí de chuid an Aontais, ag údaráis bhainistíochta nó ag comhlachtaí agus eintitis eile a bhfuil an buiséad á chur chun feidhme acu.

Airteagal 129

Comhar a dhéantar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais, comhoibreoidh sé nó sí go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus deonóidh sé nó sí, mar choinníoll leis na cistí a fháil, na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OIPE i dtaca leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb iomchuí, do na húdaráis náisiúnta ábhartha, chun gur féidir leo a gcúraimí féin a chur i gcrích go hiomlán. I gcás OLAF, beidh an ceart imscrúdú a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair, ar na cearta sin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48).

2.   Aon duine nó eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, comhaontóidh sé nó sí i scríbhinn go ndeonófar na cearta is gá dá dtagraítear i mír 1, agus áiritheoidh sé nó sí go ndeonóidh tríú páirtithe ar bith atá páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

Airteagal 130

Infheidhmeacht pháirteach an chórais eisiaimh maidir le bainistíocht chomhroinnte

Beidh an córas eisiaimh infheidhme i gcomhthéacs cistí de chuid an Aontais arna n-eisíoc de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (b), a mhéid a bhaineann le haon duine nó eintiteas ag a bhfuil iarratas á chur isteach ar na cistí sin de chuid an Aontais nó atá ag fáil na gcistí sin, faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 138(2) agus in Airteagal 277.

CAIBIDIL 2

Rialacha is infheidhme maidir le bainistíocht dhíreach agus indíreach

Roinn 1

Rialacha maidir le nósanna imeachta agus bainistiú

Airteagal 131

Comhpháirtíochtaí creata airgeadais

1.   Féadfaidh an Coimisiún comhaontuithe comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais a bhunú le haghaidh comhar fadtéarmach le daoine agus eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), nó le tairbhithe. Gan dochar do mhír 4, pointe (c), den Airteagal seo, athbhreithneofar comhaontuithe comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais uair amháin ar a laghad le linn théarma gach creata airgeadais ilbhliantúil. Féadfar comhaontuithe ranníocaíochta nó comhaontuithe deontais a shíniú faoi na comhaontuithe sin.

2.   Is é a bheidh mar aidhm ag comhaontú comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais gnóthú cuspóirí beartais de chuid an Aontais a éascú trí théarmaí conarthacha an chomhair a chobhsú. Sa chomhaontú comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais, sonrófar na cineálacha comhair airgeadais agus áiritheofar ann oibleagáid chun socruithe a leagan amach, sna comhaontuithe sonracha a shínítear faoin gcomhaontú comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais, le faireachán a dhéanamh ar ghnóthú cuspóirí sonracha. Ina theannta sin, tabharfaidh na comhaontuithe sin le fios, ar bhonn torthaí measúnaithe ex ante, an féidir leis an gCoimisiún brath ar chórais agus ar nósanna imeachta na ndaoine nó na n-eintiteas a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), nó brath ar chórais agus ar nósanna imeachta na dtairbhithe, lena n-áirítear nósanna imeachta iniúchóireachta.

3.   D’fhonn costais agus tairbhí iniúchtaí a bharrfheabhsú, agus an comhordú a éascú, féadfar comhaontuithe iniúchóireachta nó fíorúcháin a thabhairt i gcrích le daoine nó eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), nó le tairbhithe. Beidh comhaontuithe den sórt sin gan dochar d’Airteagail 127 agus 129.

4.   I gcás na gcomhpháirtíochtaí creata airgeadais a chuirfear chun feidhme le deontais shonracha:

(a)

sonrófar sa chomhaontú comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais, sa bhreis ar mhír 2:

(i)

cineál na ngníomhaíochtaí nó na gclár oibre dá bhforáiltear;

(ii)

an nós imeachta maidir le deontais shonracha a dhámhachtain, i gcomhréir leis na prionsabail agus na rialacha nós imeachta i dTeideal VIII;

(b)

comhlíonfaidh an comhaontú comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais agus an comhaontú deontais sonrach ina n-iomláine ceanglais Airteagal 204;

(c)

ní rachaidh ré iomlán na comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais thar 4 bliana ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a léirítear go soiléir sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(9);

(d)

cuirfear an chomhpháirtíocht creata airgeadais chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne i leith iarratasóirí;

(e)

measfar gur deontas í an chomhpháirtíocht creata airgeadais i leith clárú, foilsiú ex ante agus dámhachtana;

(f)

beidh deontais shonracha a dhámhfar ar bhonn comhpháirtíocht maidir leis an gcreat airgeadais faoi réir na nósanna imeachta maidir le foilsiú ex post a leagtar amach in Airteagal 38.

5.   Le comhaontú comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais a chuirtear chun feidhme le deontais shonracha, féadfar a fhoráil go mbeifear ag brath ar chórais agus nósanna imeachta an tairbhí i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, i gcás ina ndearnadh measúnú ar na córais agus na nósanna imeachta sin i gcomhréir le hAirteagal 157(2), (3) agus (4). I gcás den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 199(1), an chéad fhomhír, pointe (d). I gcás ina ndearna an Coimisiún measúnú dearfach ar nósanna imeachta an tairbhí maidir le maoiniú a chur ar fáil do thríú páirtithe dá dtagraítear in Airteagal 157(4), an chéad fhomhír, pointe (d), ní bheidh feidhm ag Airteagail 207 agus 208.

6.   I gcás comhaontú comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais a chuirtear chun feidhme le deontais shonracha, déanfar fíorú na hacmhainneachta airgeadais agus na hacmhainneachta oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 201 sula síneofar an comhaontú comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais. Féadfaidh an Coimisiún brath ar fhíorú coibhéiseach ar an acmhainneacht airgeadais agus ar an acmhainneacht oibríochtúil a rinne deontóirí eile.

7.   I gcás comhpháirtíochtaí creata airgeadais a chuirtear chun feidhme le comhaontuithe ranníocaíochta, comhlíonfaidh an comhaontú comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais agus an comhaontú ranníocaíochta ina n-iomláine Airteagal 129 agus Airteagal 158(7).

Airteagal 132

Cur ar fionraí, foirceannadh agus laghdú

1.   I gcás ina raibh neamhrialtachtaí nó calaois i nós imeachta dámhachtana, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an nós imeachta a chur ar fionraí agus féadfaidh sé nó sí cibé bearta is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an nós imeachta a chur ar ceal. Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach OLAF ar an eolas láithreach faoi aon chásanna amhrasta de neamhrialtachtaí nó de chalaois.

2.   I gcás ina gcruthaítear, tar éis na dámhachtana, go raibh neamhrialtachtaí nó calaois sa nós imeachta dámhachtana, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

diúltú gealltanas dlíthiúil a dhéanamh nó dámhachtain duaise a chur ar ceal;

(b)

íocaíochtaí nó seachadadh a chur ar fionraí;

(c)

cur chun feidhme an ghealltanais dhlíthiúil a chur ar fionraí;

(d)

i gcás inarb iomchuí, an gealltanas dlíthiúil a fhoirceannadh ina iomláine nó i leith faighteoir amháin nó níos mó.

3.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach íocaíochtaí nó seachadadh nó cur chun feidhme an ghealltanais dhlíthiúil a chur ar fionraí sna cásanna seo a leanas:

(a)

cruthaíodh go raibh neamhrialtachtaí, calaois nó sárú na n-oibleagáidí i gceist le cur chun feidhme an ghealltanais dhlíthiúil;

(b)

is gá a fhíorú arbh ann iarbhír do na neamhrialtachtaí, an chalaois nó sárú na n-oibleagáidí a thoimhdítear a bhí ann;

(c)

de dheasca neamhrialtachtaí, calaoise nó shárú na n-oibleagáidí, tá amhras ann faoina iontaofa nó faoina éifeachtaí atá córais rialaithe inmheánaigh duine nó eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), nó faoina dhlíthiúla agus faoina rialta atá na hidirbhearta foluiteacha.

Mura ndeimhneofar go raibh na neamhrialtachtaí, an chalaois nó sárú na n-oibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), a mheastar a bhí ann, go raibh siad ann, atosófar an cur chun feidhme nó na híocaíochtaí nó an seachadadh a luaithe is féidir.

Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an gealltanas dlíthiúil a fhoirceannadh ina iomláine nó i leith faighteoir amháin nó níos mó sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (c).

4.   Le cois na mbeart dá dtagraítear i mír 2 nó 3, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an deontas, an duais, an ranníocaíocht faoin gcomhaontú ranníocaíochta, an deonú neamhairgeadais nó an praghas atá dlite faoi chonradh a laghdú i gcomhréir le tromchúis na neamhrialtachtaí, na calaoise nó shárú na n-oibleagáidí, lena n-airítear i gcás nár cuireadh chun feidhme na gníomhaíochtaí lena mbaineann nó inar cuireadh chun feidhme iad go neamh-leordhóthanach, go páirteach nó go déanach.

I gcás an mhaoinithe dá dtagraítear in Airteagal 125(1), an chéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an ranníocaíocht a laghdú go comhréireach má baineadh amach na torthaí go neamh-leordhóthanach, go páirteach nó go déanach nó murar comhlíonadh na coinníollacha.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 2, pointí (b), (c) agus (d), ná mír 3 maidir le hiarratasóirí atá i gcomórtas le haghaidh duaiseanna.

Airteagal 133

Taifid a bheith á gcoinneáil agus seoltaí poist agus leictreonacha a bheith á nuashonrú ag faighteoirí

1.   Coinneoidh faighteoirí taifid agus doiciméid tacaíochta, lena n-áirítear taifid staidrimh agus taifid eile a bhaineann leis an gcistiú, mar aon le taifid agus doiciméid i bhformáid leictreonach, go ceann 5 bliana tar éis íocaíocht an iarmhéid nó, in éagmais na híocaíochta sin, tar éis an idirbhirt. Mairfidh an tréimhse sin 3 bliana i gcás ina bhfuil méid an chistithe níos lú ná nó cothrom le EUR 60 000.

2.   Taifid agus doiciméid a bhaineann le hiniúchtaí, achomhairc, dlíthíocht, saothrú éileamh maidir le gealltanais dhlíthiúla nó a bhaineann le himscrúduithe OLAF, coinneofar iad go dtí go ndúnfar na hiniúchtaí, na hachomhairc, an dlíthíocht, an saothrú éileamh nó na himscrúduithe sin. I gcás taifid agus doiciméid a bhaineann le himscrúduithe OLAF, beidh feidhm ag an oibleagáid iad a choinneáil a luaithe a thabharfar fógra don fhaighteoir faoi na himscrúduithe sin.

3.   Coinneofar na taifid agus na doiciméid i bhfoirm na mbunchóipeanna, nó i bhfoirm cóipeanna dílse deimhnithe de na bunchóipeanna, nó ar iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo, lena n-áirítear leaganacha leictreonacha de na bundoiciméid nó de dhoiciméid nach bhfuil le fáil ach i bhfoirm leictreonach. I gcás inarb ann do leaganacha leictreonacha, ní iarrfar aon bhunchóipeanna má chomhlíonann na doiciméid sin na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme chun go measfar go bhfuil siad comhionann leis na bunchóipeanna agus gur féidir brath orthu chun críoch iniúchóireachta.

4.   Cuirfidh faighteoirí an t-oifigeach údarúcháin ar an eolas faoi aon athrú ar a seoltaí poist agus ar a seoltaí leictreonacha. Leanfaidh an oibleagáid sin d’fheidhm a bheith aici ar feadh 5 bliana tar éis íocaíocht an iarmhéid nó, in éagmais na híocaíochta sin, tar éis an idirbhirt. Mairfidh an tréimhse 3 bliana i gcás ina bhfuil méid an chistithe níos lú ná nó cothrom le EUR 60 000.

Airteagal 134

Nós imeachta na sáraíochta agus na modhanna sásaimh

1.   Sula nglacfar aon bheart a dhéanfadh dochar do chearta rannpháirtí nó faighteora, áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach gur tugadh an deis don rannpháirtí nó don fhaighteoir barúlacha a chur isteach.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo i leith nósanna imeachta dámhachtana, ach amháin i gcás inar diúltaíodh don rannpháirtí bunaithe ar Airteagal 143(1), an chéad fhomhír, pointe (b) nó (c).

2.   I gcás ina ndéanann beart ag oifigeach údarúcháin dochar do chearta rannpháirtí nó faighteora, beidh léiriú sa ghníomh lena mbunaítear an beart sin ar na modhanna sásaimh riaracháin agus bhreithiúnaigh atá ar fáil chun agóid a dhéanamh i gcoinne an bhirt sin.

Airteagal 135

Lacáistí ráta úis agus fóirdheontais táillí ráthaíochta

1.   Soláthrófar lacáistí ráta úis agus fóirdheontais táillí ráthaíochta i gcomhréir le Teideal X i gcás ina bhfuil siad comhcheangailte i mbeart aonair ag a bhfuil ionstraimí airgeadais.

2.   I gcás nach bhfuil lacáistí ráta úis agus fóirdheontais táillí ráthaíochta comhcheangailte i mbeart aonair ag a bhfuil ionstraimí airgeadais, féadfar iad a sholáthar i gcomhréir le Teideal VI nó VIII.

Airteagal 136

Cosaint na slándála agus an bheartais phoiblí

1.   Leis na coinníollacha maidir le páirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana de chuid an Aontais, comhlíonfar aon oibleagáid idirnáisiúnta nó gealltanais de chuid an Aontais maidir le rochtain ar an margadh i gcomhaontuithe idirnáisiúnta agus ní chuirfear srian míchuí ar iomaíocht.

2.   I gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis, cuirfidh an Coimisiún in iúl, sa chinneadh maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 110, go ndéanann nósanna imeachta sonracha dámhachtana difear don tslándáil nó don bheartas poiblí, go háirithe maidir le sócmhainní straitéiseacha agus leasanna straitéiseacha an Aontais nó a Bhallstát, lena n-áirítear cosaint ar shláine an bhonneagair dhigitigh, na gcóras cumarsáide agus faisnéise, agus na slabhraí soláthair lena mbaineann. I gcás nach gceanglaítear aon chinneadh maoiniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 110(1), an dara fomhír, leagfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach é sin amach sna doiciméid a bhaineann leis an nós imeachta dámhachtana.

3.   Chun an tslándáil nó an beartas poiblí a chosaint, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach coinníollacha sonracha a shocrú is infheidhme maidir leis na nósanna imeachta dámhachtana agus na gealltanais dhlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 124. Beidh aon choinníollacha faoi réir mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus beidh siad teoranta go docht dá bhfuil riachtanach chun slándáil nó beartas poiblí an Aontais agus/nó a Bhallstát a chosaint.

Féadfaidh feidhm a bheith ag na coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht i nósanna imeachta dámhachtana agus maidir le saolré iomlán an ghealltanais dhlíthiúil a bheidh ann dá thoradh sin agus féadfaidh an méid a leanas a bheith i gceist leo:

(a)

an t-eintiteas, go háirithe na critéir le haghaidh rochtain ar an nós imeachta nó incháilitheacht atá bunaithe ar thír bhunaíochta na rannpháirtithe, lena n-áirítear an conraitheoir nó an tairbhí agus na heintitis chleamhnaithe agus aon fhochonraitheoirí, agus a mhéid a bhaineann le rialú díreach nó indíreach a dhéanann eintitis phoiblí nó phríobháideacha ó thríú tír ar aon cheann de na rannpháirtithe sin;

(b)

an ghníomhaíocht, go háirithe a mhéid a bhaineann le tír thionscnaimh an trealaimh, na n-earraí, na soláthairtí nó na seirbhísí, agus a mhéid a bhaineann le láthair na feidhmíochta, a fhéadfaidh a bheith teoranta do Bhallstáit;

(c)

ceanglais slándála bhreise le haghaidh na n-eintiteas agus na ngníomhaíochtaí, go háirithe coinníollacha atá bunaithe ar mheasúnú ar riosca slándála an trealaimh, na n-earraí, na soláthairtí nó na seirbhísí, an mhonaróra, an chonraitheora, an tairbhí, na n-eintiteas cleamhnaithe nó aon fhochonraitheoirí.

Roinn 2

Córas luathbhraite agus eisiaimh

Airteagal 137

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí rioscaí a bhrath, eisiamh agus pionóis airgeadais a fhorchur

1.   Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, déanfaidh an Coimisiún córas luathbhraite agus eisiaimh a chur ar bun agus a oibriú.

Is é a bheidh mar chuspóir le córas den sórt sin an méid seo a leanas a éascú:

(a)

daoine nó eintitis, dá dtagraítear i mír 2, a mbaineann riosca leo ó thaobh leasanna airgeadais an Aontais, a bhrath go luath;

(b)

daoine nó eintitis, dá dtagraítear i mír 2, atá i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1), a eisiamh;

(c)

pionós airgeadais a fhorchur ar fhaighteoir de bhun Airteagal 140.

2.   Faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, beidh feidhm ag an gcóras luathbhraite agus eisiaimh maidir leo seo a leanas:

(a)

rannpháirtithe agus faighteoirí;

(b)

eintitis a bhfuil sé ar intinn ag an iarrthóir nó an tairgeoir brath ar a n-acmhainneacht nó fochonraitheoirí conraitheora;

(c)

aon duine nó eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais i gcás ina gcuirtear an buiséad chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), agus de bhun Airteagal 157(4) ar bhonn faisnéis faoinar tugadh fógra i gcomhréir le hAirteagal 158(7);

(d)

ráthóirí;

(e)

rannpháirtithe nó faighteoirí faoina bhfuil faisnéis soláthartha ag eintitis atá ag cur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le hAirteagal 63, arna tarchur ag na Ballstáit i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, i gcomhréir le hAirteagal 144(2), pointe (d);

(f)

urraitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 26;

(g)

úinéirí tairbhiúla agus aon chleamhnaí den eintiteas arna eisiamh dá dtagraítear in Airteagal 138(6);

(h)

daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 138(5), an chéad fhomhír, pointí (a) go (c);

(i)

aon duine nó eintiteas a fhaigheann cistí trí bhíthin foirm ar bith, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha nó iasachtaí nó an dá rud, i gcás ina gcuirtear an buiséad chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), i gcomhpháirt leis na Ballstáit, agus, sa chás sin, beidh feidhm ag Airteagal 138(2).

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (i), áireofar le daoine nó le heintitis a fhaigheann cistí faighteoirí deiridh cistí, conraitheoirí, fochonraitheoirí agus úinéirí tairbhiúla.

Tá an méid sin gan dochar d’Airteagal 157(7) agus do na rialacha a leagtar síos i gcomhaontuithe ranníocaíochta, comhaontuithe maoiniúcháin agus comhaontuithe ráthaíochta, i gcás daoine nó eintitis a fhaigheann cistí de chuid an Aontais más rud é go gcuirtear an buiséad chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c).

I gcás bainistíocht chomhroinnte, beidh feidhm ag an gcóras eisiaimh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

aon duine nó eintiteas a chuireann iarratas isteach ar chistiú faoi chlár atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, aon duine nó eintiteas a roghnaítear le haghaidh cistiú den sórt sin, nó aon duine nó eintiteas a fhaigheann cistiú den sórt sin;

(b)

eintitis a bhfuil sé ar intinn ag an duine nó ag an eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) brath ar a n-acmhainneacht, nó fochonraitheoirí de chuid an duine nó an eintitis sin;

(c)

úinéirí tairbhiúla agus aon chleamhnaí den eintiteas arna eisiamh dá dtagraítear in Airteagal 138(6).

3.   Is é nó í an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a dhéanfaidh an cinneadh faisnéis a bhaineann le luathbhrath na rioscaí dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (a), den Airteagal seo a chlárú, daoine nó eintitis dá dtagraítear i mír 2 a eisiamh agus/nó pionós airgeadais a fhorchur ar fhaighteoir. Clárófar faisnéis a bhaineann leis na cinntí sin sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 144(1). I gcás ina ndéantar na cinntí sin ar bhonn Airteagal 138(5), beidh an fhaisnéis a bhaineann leis na daoine dá dtagraítear sa mhír sin ina cuid den fhaisnéis a chlárófar sa bhunachar sonraí.

4.   Bunófar an cinneadh daoine nó eintitis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a eisiamh nó pionós airgeadais a fhorchur ar fhaighteoir ar bhreithiúnas críochnaitheach nó, sna staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1), ar chinneadh riaracháin críochnaitheach, nó ar réamhaicmiú sa dlí a rinne an painéal dá dtagraítear in Airteagal 135 sna staideanna dá dtagraítear in Airteagal 138(3) chun a áirithiú go ndéanfar measúnú láraithe ar na staideanna sin. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 143(1), déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach rannpháirtí a dhiúltú i gcás nós imeachta dámhachtana ar leith.

Gan dochar d’Airteagal 138(7), féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin cinneadh a dhéanamh rannpháirtí nó faighteoir a eisiamh agus/nó pionós airgeadais a fhorchur ar fhaighteoir agus féadfaidh sé nó sí cinneadh a dhéanamh an fhaisnéis lena mbaineann a fhoilsiú, ar bhonn réamhaicmiú dá dtagraítear in Airteagal 138(3), ach moladh a fháil roimh ré ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 142.

Airteagal 138

Critéir eisiaimh agus cinntí maidir le heisiamh

1.   Eisiafaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) ó pháirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana atá á rialú leis an Rialachán seo nó ó chistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme i gcás ina bhfuil an duine nó an t-eintiteas sin i gceann amháin nó níos mó de na staideanna eisiaimh seo a leanas:

(a)

tá an duine nó an t-eintiteas ina fhéimheach nó ina féimheach, faoi réir nósanna imeachta dócmhainneachta nó imeachtaí foirceanta, tá a shócmhainní nó a sócmhainní á riar ag leachtaitheoir nó ag cúirt, tá sé nó sí i socrú le creidiúnaithe, tá a ghníomhaíochtaí gnó nó a gníomhaíochtaí gnó curtha ar fionraí, nó tá sé nó sí in aon chás analógach a eascraíonn as nós imeachta den chineál céanna dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta;

(b)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go raibh an duine nó an t-eintiteas ag sárú a chuid oibleagáidí nó a cuid oibleagáidí i ndáil le cánacha a íoc nó ranníocaíochtaí slándála sóisialta a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme;

(c)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go raibh an duine nó an t-eintiteas ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach trí dhlíthe nó rialacháin is infheidhme nó caighdeáin eiticiúla na gairme lena mbaineann an duine nó an t-eintiteas a shárú, nó trí bheith i mbun aon iompar éagórach a bhfuil tionchar aige ar inchreidteacht ghairmiúil an duine nó an eintitis i gcás ina léirítear le hiompar den sórt sin intinn éagórach nó mórfhaillí, lena n-áirítear, go háirithe, aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i)

bréagléiriú a thabhairt go calaoiseach nó go faillíoch ar fhaisnéis a theastaíonn chun a fhíorú nach bhfuil forais eisiaimh ann nó chun na critéir roghnúcháin nó incháilitheachta a chomhlíonadh nó i gcomhlíonadh an ghealltanais dhlíthiúil;

(ii)

dul i mbun comhaontú le daoine nó eintitis eile agus é mar aidhm aige sin an iomaíocht a shaobhadh;

(iii)

cearta maoine intleachtúla a shárú;

(iv)

tionchar míchuí a imirt nó iarracht a dhéanamh tionchar míchuí a imirt ar an bpróiseas cinnteoireachta chun cistí de chuid an Aontais a fháil trí leas a bhaint, trí bhréagléiriú, as coinbhleacht leasa lena mbaineann aon ghníomhaithe airgeadais nó daoine eile dá dtagraítear in Airteagal 61(1);

(v)

iarracht a dhéanamh teacht ar fhaisnéis rúnda a d’fhéadfadh buntáistí míchuí a thabhairt dó nó di sa nós imeachta dámhachtana;

(vi)

gríosú chun idirdhealaithe, fuatha nó foréigin a dhírítear ar ghrúpa daoine nó ar bhall de ghrúpa nó gníomhaíochtaí comhchosúla atá contrártha leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, i gcás ina n-imríonn mí-iompar den sórt sin tionchar ar ionracas an duine nó ar ionracas an eintitis, rud a d’imreodh tionchar diúltach nó a d’fhágfadh riosca nithiúil go n-imreofaí tionchar ar chomhlíonadh an ghealltanais dhlíthiúil;

(d)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach go raibh an duine nó an t-eintiteas ciontach in aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

calaois, de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (49) agus Airteagal 1 den Choinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint, a tarraingíodh suas le Gníomh an 26 Iúil 1995 ón gComhairle (50);

(ii)

éilliú, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2017/1371 nó éilliú gníomhach de réir bhrí Airteagal 3 den Choinbhinsiún um chomhrac an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann, a tarraingíodh suas le Gníomh an 26 Bealtaine 1997 ón gComhairle (51), nó iompar dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle (52), nó éilliú mar a shainmhínítear i ndlíthe eile is infheidhme;

(iii)

iompar a bhaineann le heagraíocht choiriúil dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle (53);

(iv)

sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(3), (4) agus (5) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (54);

(v)

cionta sceimhlitheoireachta nó cionta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, mar a shainmhínítear in Airteagail 3 go 12 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (55) nó cionta den sórt sin a ghríosú, cabhrú leo, neartú leo nó iarracht a dhéanamh cionta den sórt sin a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 14 den Treoir sin;

(vi)

saothar leanaí nó cionta eile a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (56);

(e)

léirigh an duine nó an t-eintiteas easnaimh shuntasacha maidir leis na príomhoibleagáidí a chomhlíonadh a bhaineann le gealltanas dlíthiúil a chomhlíonadh arna mhaoiniú ag an mbuiséad agus d’eascair an méid seo a leanas as sin:

(i)

luathfhoirceannadh gealltanais dhlíthiúil;

(ii)

cur i bhfeidhm damáistí leachtaithe nó pionós conarthach eile; nó

(iii)

na heasnaimh sin a bheith faighte amach ag oifigeach údarúcháin, OLAF, an Chúirt Iniúchóirí, nó OIPE tar éis seiceálacha, iniúchtaí nó imscrúduithe;

(f)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach go ndearna an duine nó an t-eintiteas neamhrialtacht de réir bhrí Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (57);

(g)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach gur chruthaigh an duine nó an t-eintiteas eintiteas i ndlínse eile agus é mar aidhm aige nó aici dul timpeall ar oibleagáidí fioscacha nó sóisialta nó oibleagáidí dlíthiúla eile, lena n-áirítear na hoibleagáidí sin a bhaineann le cearta oibre, fostaíocht agus dálaí oibre, i ndlínse a oifige cláraithe nó a hoifige cláraithe, a riaracháin lárnaigh nó a phríomháite gnó nó a príomháite gnó;

(h)

suíodh le breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach gur cruthaíodh eintiteas leis an intinn dá dtagraítear i bpointe (g);

(i)

chuir an t-eintiteas nó an duine, d’aon ghnó agus gan údar cuí, in aghaidh imscrúdú, seiceáil nó iniúchadh arna dhéanamh nó arna déanamh ag oifigeach údarúcháin nó ag a ionadaí nó a hionadaí nó ag a iniúchóir nó a hiniúchóir, ag OLAF, ag OIPE nó ag an gCúirt Iniúchóirí. Measfar go bhfuil curtha in aghaidh imscrúdaithe, seiceála nó iniúchta ag an duine nó ag an eintiteas i gcás ina ndéanann sé nó sí gníomhaíochtaí agus é mar chuspóir nó mar éifeacht dá thoradh sin cosc, bac nó moill a chur ar chur i gcrích aon cheann de na gníomhaíochtaí is gá chun an t-imscrúdú, an tseiceáil nó an t-iniúchadh a dhéanamh. Áireofar le gníomhaíochtaí den sórt sin, go háirithe, diúltú an rochtain is gá a dhámhachtain ar a áitreabh nó a háitreabh nó ar aon limistéar eile a úsáidtear chun críoch gnó, faisnéis a cheilt nó diúltú í a nochtadh nó faisnéis bhréagach a sholáthar.

2.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2), an chéad fhomhír, pointe (i), agus an ceathrú fomhír, pointí (a), (b) agus (c), a eisiamh i gcás ina bhfuil an duine nó an t-eintiteas sin i gceann amháin nó níos mó ná sin de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear i mír 1, pointe (c)(iv) nó (d) den Airteagal seo. In éagmais breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach, déanfar an cinneadh ar bhonn réamhaicmiú sa dlí ar iompar dá dtagraítear sna pointí sin, ag féachaint do na fíorais arna suí agus na fionnachtana faoi mhír 3, an ceathrú fomhír, pointí (a) agus (d), den Airteagal seo atá i moladh an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 145.

Sula ndéanfar an réamhaicmiú sa dlí, tabharfaidh an painéal dá dtagraítear in Airteagal 145 an deis don Bhallstát barúlacha a chur isteach maidir leis an nós imeachta i mír 3 den Airteagal seo.

Gan dochar d’Airteagal 63(2), áiritheoidh an Ballstát nach ndéanfar iarratais ar íocaíochtaí a bhaineann le duine nó le heintiteas atá i staid eisiaimh, arna suí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, a chur faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh aisíocaíochta.

3.   In éagmais breithiúnas críochnaitheach nó, i gcás inarb infheidhme, cinneadh riaracháin críochnaitheach sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointí (c), (d), (f), (g) agus (h), den Airteagal seo, nó sa chás dá dtagraítear i mír 1, pointí (e) agus (i), den Airteagal seo, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) a eisiamh ar bhonn réamhaicmiú sa dlí ar iompar dá dtagraítear sna pointí sin, ag féachaint d’fhíorais arna suí nó d’fhionnachtana eile atá i moladh an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 145.

Níl réamhbhreithiúnas sa réamhaicmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ar an measúnú ar iompar an duine nó an eintitis lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 137(2) a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát faoin dlí náisiúnta. Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach athbhreithniú ar a chinneadh nó a cinneadh an duine nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) a eisiamh agus/nó pionós airgeadais a fhorchur ar fhaighteoir gan mhoill tar éis an fógra a bheith tugtha maidir le breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach. I gcásanna nach leagtar síos tréimhse an eisiaimh sa bhreithiúnas críochnaitheach ná sa chinneadh riaracháin críochnaitheach, socróidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an tréimhse sin ar bhonn fíorais arna suí agus fionnachtana agus ag féachaint don mholadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 145.

I gcás ina suitear leis an mbreithiúnas críochnaitheach sin nó leis an gcinneadh riaracháin críochnaitheach sin nach bhfuil an duine nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) ciontach san iompar atá faoi réir réamhaicmiú sa dlí, agus ar ar a bhonn a eisiadh an duine nó an t-eintiteas sin, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, gan mhoill, deireadh a chur leis an eisiamh sin agus/nó, de réir mar is iomchuí, aon phionós airgeadais a forchuireadh a aisíoc.

Áiritheofar an méid seo a leanas go háirithe ar na fíorais agus fionnachtana dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

fíorais arna suí i gcomhthéacs imscrúduithe nó iniúchtaí arna ndéanamh ag OIPE i dtaca leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, ag an gCúirt Iniúchóirí, ag OLAF nó ag an iniúchóir inmheánach, nó aon seiceáil, iniúchadh nó rialú eile arna déanamh nó arna dhéanamh faoi fhreagracht an oifigigh údarúcháin;

(b)

cinntí riaracháin neamhchríochnaitheacha a bhféadfaidh bearta araíonachta a rinne an comhlacht maoirseachta inniúil atá freagrach as fíorú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm chaighdeáin na heitice gairmiúla a bheith san áireamh orthu;

(c)

fíorais dá dtagraítear i gcinntí ó dhaoine agus eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c);

(d)

faisnéis arna tarchur i gcomhréir le hAirteagal 144(2), pointe (d), go háirithe fíorais agus fionnachtana arna suí i gcomhthéacs breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach ar leibhéal náisiúnta maidir le staideanna eisiaimh dá dtagraítear i mír 1, pointe (c)(iv) nó (d), den Airteagal seo a bheith ann, ag eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (b);

(e)

cinntí ón gCoimisiún maidir le dlí iomaíochta an Aontais a shárú nó ó údarás inniúil náisiúnta maidir le dlí iomaíochta an Aontais nó dlí iomaíochta náisiúnta a shárú.

4.   Aon chinneadh ón oifigeach údarúcháin atá freagrach arna dhéanamh faoi Airteagail 137 go 144 nó, i gcás inarb infheidhme, aon mholadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 145, déanfar iad i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, agus aird á tabhairt go háirithe ar na nithe seo a leanas:

(a)

a thromchúisí atá an cás, lena n-áirítear an tionchar ar leasanna airgeadais agus ar íomhá an Aontais;

(b)

an méid ama a d’imigh thart ó bhí an t-iompar ábhartha ann;

(c)

an fad a mhair an t-iompar agus an méid uaireanta a tharla sé;

(d)

an raibh an t-iompar d’aon turas nó méid na faillí a léiríodh;

(e)

sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), an teoranta an méid atá i gceist;

(f)

aon imthosca maolaitheacha eile, amhail:

(i)

an méid a chomhoibrigh an duine nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) lena mbaineann leis an údarás inniúil ábhartha agus rannchuidiú an duine nó an eintitis sin leis an imscrúdú arna aithint ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach; nó

(ii)

an staid eisiaimh a nochtadh trí dhearbhú dá dtagraítear in Airteagal 139(1); nó

(iii)

na bearta arna ndéanamh ag an mBallstát in aghaidh an duine nó an eintitis de bhun Airteagal 63(2).

5.   Eisiafaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá duine nádúrtha nó dlítheanach atá ina chomhalta nó ina comhalta de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an duine nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 137(2), nó ag a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta, cinnteoireachta nó rialaithe maidir leis an duine nó leis an eintiteas sin, i gceann amháin nó níos mó de na staideanna dá dtagraítear i mír 1, pointí (c) go (i), den Airteagal seo;

(b)

tá duine nádúrtha nó dlítheanach a ghlacann dliteanas neamhtheoranta i leith fhiachais an duine nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 137(2) i gceann amháin nó níos mó de na staideanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) nó (b), den Airteagal seo;

(c)

tá duine nádúrtha atá bunriachtanach i leith na dámhachtana nó chur chun feidhme an ghealltanais dhlíthiúil i gceann amháin nó níos mó de na staideanna dá dtagraítear i mír 1, pointí (c) go (i), den Airteagal seo.

Áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach go n-eisiafar an duine nádúrtha lena mbaineann atá i gceann de na staideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

6.   I gcás ina n-eisiatar duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2), an chéad fhomhír, pointí (a) go (f) agus (h) agus (i), féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an t-úinéir tairbhiúil nó aon chleamhnaí den eintiteas arna eisiamh a eisiamh nó pionós airgeadais a fhorchur ar an úinéir tairbhiúil sin nó ar aon chleamhnaí den eintiteas arna eisiamh. Le haon chinneadh ón oifigeach údarúcháin atá freagrach nó, i gcás inarb infheidhme, aon mholadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 145, cuirfear san áireamh an méid seo a leanas:

(a)

cibé an bhfuil neamhspleáchas feidhmiúil ag an eintiteas arna eisiamh óna chleamhnaí agus ón úinéir tairbhiúil;

(b)

cibé an bhfuil mí-iompar an eintitis arna eisiamh mar gheall ar mhainneachtain i maoirseacht nó maidir le rialuithe leormhaithe a chomhall;

(c)

cibé an ndearna an t-eintiteas arna eisiamh cinneadh tráchtála gan tionchar ó aon chleamhnaí ná ón úinéir tairbhiúil.

7.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) a eisiamh go sealadach gan moladh an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 145 a fháil roimh ré, i gcás ina mbeadh bagairt thromchúiseach láithreach ann ar leasanna airgeadais an Aontais dá nglacfadh sé nó sí páirt i nós imeachta dámhachtana nó dá roghnófaí é nó í chun cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme. I gcásanna den sórt sin, tarchuirfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an cás láithreach chuig an bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 145 agus déanfaidh sé nó sí cinneadh críochnaitheach tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis an moladh ón bpainéal a fháil.

8.   Arna iarraidh sin don oifigeach údarúcháin, agus i gcás inar gá mar gheall ar chineál an cháis nó ar imthosca an cháis, féadfar déileáil le tarchur ar mholadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 145 trí bhíthin nós imeachta brostaithe, gan dochar do cheart éisteachta an duine nó an eintitis lena mbaineann.

9.   Ní dhéanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, ag féachaint, i gcás inarb iomchuí, don mholadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 145, an duine nó a t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) a eisiamh ó pháirt a ghlacadh i nós imeachta dámhachtana nó ó bheith roghnaithe chun cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme i gcás inar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

rinne an duine nó an t-eintiteas mar a shonraítear i mír 10 den Airteagal seo bearta feabhais ar leor iad chun a iontaofacht nó a hiontaofacht a léiriú. Ní bheidh feidhm ag an bpointe seo sa chás dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), den Airteagal seo;

(b)

tá sé fíor-riachtanach chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú, ar feadh tréimhse theoranta agus go dtí go nglacfar na bearta feabhais a shonraítear i mír 7 den Airteagal seo;

(c)

bheadh eisiamh den sórt sin díréireach ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

Ina theannta sin, ní bheidh feidhm ag mír 1, pointe (a), den Airteagal seo i gcás ina gceannaítear soláthairtí faoi théarmaí fíorthairbheacha ó sholáthróir a bhfuil a ghníomhaíochtaí gnó á bhfoirceannadh go cinntitheach aige ná ó na leachtaitheoirí i nós imeachta dócmhainneachta, i gcás socrú le creidiúnaithe, nó i gcás nós imeachta comhchosúil faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

I gcásanna neamheisiaimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo, sonróidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na cúiseanna nár eisiadh an duine nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) agus cuirfidh sé nó sí na cúiseanna atá leis sin in iúl don phainéal dá dtagraítear in Airteagal 145.

10.   Maidir leis na bearta feabhais dá dtagraítear i mír 9, an chéad fhomhír, pointe (a), áireofar iontu, go háirithe:

(a)

bearta chun tionscnaimh na staideanna sin is cúis le heisiamh a shainaithint agus bearta nithiúla teicniúla, eagrúcháin agus pearsanra laistigh den réimse ábhartha gnó nó gníomhaíochta, ar réimse de chuid an duine nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 137(2) é, atá iomchuí chun an t-iompar a cheartú agus chun cosc a chur ar a atarlú;

(b)

cruthúnas go bhfuil an duine nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) tar éis bearta a ghlacadh ar láimh chun an damáiste nó an dochar a rinneadh do leasanna airgeadais an Aontais, de bharr na bhfíoras bunúsach ba chúis leis an staid eisiaimh, a chúiteamh nó a cheartú;

(c)

cruthúnas gur íoc an duine nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) aon fhíneáil a d’fhorchuir an t-údarás inniúil nó aon chánacha nó ranníocaíochtaí slándála sóisialta dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo nó gur áirithigh sé nó sí gur íocadh an méid sin.

Gan dochar do mheasúnú an oifigigh údarúcháin atá freagrach ná do mheasúnú an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 145, tíolacfaidh an duine nó an t-eintiteas bearta feabhais a ndearna iniúchóir neamhspleách seachtrach measúnú orthu nó a measadh a bheith leordhóthanach le cinneadh ó údarás náisiúnta nó ó údarás de chuid an Aontais.

11.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, ag féachaint, i gcás inarb infheidhme, don mholadh athbhreithnithe ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 145, gan mhoill, athbhreithniú ar a chinneadh nó a cinneadh duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) a eisiamh ex officio nó arna iarraidh sin don duine nó don eintiteas sin, i gcás ina ndearna an duine nó an t-eintiteas sin bearta feabhais ar leor iad chun a iontaofacht nó a hiontaofacht a léiriú, nó má sholáthair sé nó sí eilimintí nua lena léirítear nach ann don staid eisiaimh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thuilleadh.

12.   Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 137(2), pointe (b), ceanglóidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ar an iarrthóir nó ar an tairgeoir ionadaí a cheapadh don eintiteas nó don fhochonraitheoir a bhfuil sé beartaithe aige nó aici brath ar a acmhainneacht nó a hacmhainneacht agus atá i staid eisiaimh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 139

Dearbhú agus fianaise nach bhfuil staid eisiaimh ann

1.   Dearbhóidh rannpháirtí an bhfuil sé nó sí i gceann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 138(1) agus in Airteagal 143(1), agus, i gcás inarb infheidhme, an bhfuil aon bheart feabhais dá dtagraítear in Airteagal 138(9), an chéad fhomhír, pointe (a), déanta aige nó aici.

Fógróidh rannpháirtí, freisin, an bhfuil na daoine nó na heintitis seo a leanas i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointí (c) go (h):

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar baill iad de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an rannpháirtí nó a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta, cinnteoireachta nó rialaithe acu maidir leis an rannpháirtí sin;

(b)

úinéirí tairbhiúla an rannpháirtí, ar úinéirí tairbhiúla iad mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3, pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849.

Cuirfidh an rannpháirtí nó an faighteoir an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ar an eolas gan mhoill maidir le haon athruithe ar na staideanna mar a fógraíodh iad.

I gcás inarb iomchuí, soláthróidh an t-iarrthóir nó an tairgeoir na dearbhuithe céanna leo siúd dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír agus iad sínithe ag fochonraitheoir nó ag aon eintiteas eile a bhfuil sé beartaithe aige nó aici brath ar a acmhainneacht nó a hacmhainneacht, de réir an cháis.

Ní iarrfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na dearbhuithe sin dá dtagraítear sa chéad mhír agus sa dara mír má tá na dearbhuithe sin curtha isteach cheana chun críoch nós imeachta eile dámhachtana, ar choinníoll nár athraigh an staid, agus nach mó ná bliain amháin an méid ama a chuaigh thart ó dháta eisiúna na ndearbhuithe.

Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na ceanglais faoin gcéad fhomhír agus faoin dara fomhír a tharscaoileadh i gcás deontais ar luach an-íseal agus conarthaí ar luach an-íseal, nach bhfuil a luach níos mó ná na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (75), agus pointe 14.4 d’Iarscríbhinn I.

2.   Déanfaidh an rannpháirtí, an fochonraitheoir nó an t-eintiteas a bhfuil sé ar intinn ag iarrthóir nó tairgeoir brath ar a acmhainneacht nó a hacmhainneacht, an méid seo a leanas a chur ar fáil arna iarraidh sin tráth ar bith ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach agus i gcás inar gá sin chun a áirithiú go leanfar an nós imeachta mar is cuí:

(a)

fianaise iomchuí nach bhfuil sé nó sí i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1);

(b)

faisnéis faoi dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina mbaill de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an rannpháirtí nó ag a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta, cinnteoireachta nó rialaithe maidir leis an rannpháirtí sin, lena n-áirítear daoine agus eintitis laistigh den struchtúr úinéireachta agus rialaithe agus úinéirí tairbhiúla, agus fianaise iomchuí nach bhfuil aon duine de na daoine sin i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointí (c) go (f).

(c)

fianaise iomchuí nach bhfuil daoine nádúrtha nó dlítheanacha a ghlacann dliteanas neamhtheoranta i leith fhiachais an rannpháirtí sin i staid eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointe (a) nó (b).

3.   I gcás inarb infheidhme agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach é a ghlacadh mar fhianaise iomchuí nach bhfuil rannpháirtí nó eintiteas dá dtagraítear i mír 2 i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointí (a), (c), (d), (f), (g) agus (h), sliocht a scríobhadh le déanaí as an taifead breithiúnach, nó, ina éagmais sin, doiciméad comhionann arna eisiúint ag údarás breithiúnach nó riaracháin sa tír bhunaíochta lena léirítear gur comhlíonadh na ceanglais sin.

Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach glacadh le deimhniú, arna eisiúint le gairid ag údarás inniúil na tíre bunaíochta, mar fhianaise iomchuí nach bhfuil rannpháirtí nó eintiteas dá dtagraítear i mír 2 i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointí (a) agus (b). I gcás nach sa tír bhunaíochta a eiseofar deimhnithe den sórt sin, féadfaidh an rannpháirtí ráiteas faoi mhionn a chur ar fáil arna dhéanamh os comhair údarás breithiúnach nó nótaire nó, ina éagmais sin, ráiteas sollúnta arna dhéanamh os comhair údarás riaracháin nó comhlacht gairmiúil cáilithe sa tír bhunaíochta.

4.   Tarscaoilfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach oibleagáid rannpháirtí nó eintitis dá dtagraítear i mír 2 an fhianaise dhoiciméadach dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a thíolacadh:

(a)

más féidir leis nó léi rochtain a fháil ar an bhfianaise sin i mbunachar sonraí náisiúnta saor in aisce;

(b)

má tíolacadh fianaise den sórt sin cheana chun críoch nós imeachta eile agus ar choinníoll go bhfuil na doiciméid uile a tíolacadh bailí fós agus nach mbeidh breis is bliain amháin dulta thart ó dháta eisiúna na ndoiciméad;

(c)

más rud é go n-aithníonn sé nó sí go bhfuil sé dodhéanta go hábhartha an fhianaise sin a chur ar fáil.

5.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 4 den Airteagal seo maidir le daoine ná le heintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), ná maidir le comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 70 agus in Airteagal 71.

I gcás ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha agus in éagmais rialacha agus nósanna imeachta atá lánchoibhéiseach leo siúd dá dtagraítear in Airteagal 157(4), an chéad fhomhír, pointe (d), tabharfaidh faighteoirí deiridh agus idirghabhálaithe dearbhú sínithe ar a bhfocal lena ndeimhneofar nach bhfuil siad i gceann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointí (a) go (d), (g) agus (h), nó in Airteagal 143(1), an chéad fhomhír, pointí (b) agus (c), ná i staid a mheastar a bheith coibhéiseach leo i ndiaidh an mheasúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 157(4), tabharfaidh siad é sin don duine nó don eintiteas a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c).

I gcás ina ndéantar, ar bhonn eisceachtúil, ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), déanfaidh faighteoirí deiridh dearbhú sínithe ar a bhfocal a sholáthar d’idirghabhálaithe airgeadais, dearbhú sínithe lena ndeimhnítear nach bhfuil siad i gceann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointí (a) go (d), (g) agus (h), nó in Airteagal 143(1), an chéad fhomhír, pointí (b) agus (c).

Airteagal 140

Pionóis airgeadais

1.   Chun a áirithiú go mbeidh éifeacht dhíspreagthach ann, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, ag féachaint, i gcás inarb iomchuí, don mholadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 145, pionós airgeadais a fhorchur ar fhaighteoir lenar tugadh gealltanas dlíthiúil i gcrích agus atá i gceann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointe (c), (d), (e), (f), (g), (h) nó (i).

Maidir leis na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointí (c) go (i), féadfar an pionós airgeadais a fhorchur mar rogha mhalartach ar chinneadh faighteoir a eisiamh, i gcás ina mbeadh an t-eisiamh sin díréireach ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 138(4).

Maidir leis na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointí (c), (d) agus (e), féadfar an pionós airgeadais a fhorchur de bhreis ar eisiamh i gcás inar gá sin chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, mar gheall ar an iompar sistéamach atarlaitheach a léirigh an faighteoir agus é mar aidhm aige nó aici cistí neamhdhlite de chuid an Aontais a fháil.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, an dara fomhír agus an tríú fomhír den mhír seo, ní fhorchuirfear pionós airgeadais ar fhaighteoir a nocht, i gcomhréir le hAirteagal 139, go bhfuil sé nó sí i staid eisiaimh.

2.   Ní bheidh an pionós airgeadais os cionn 10 % de luach iomlán an ghealltanais dhlíthiúil. I gcás comhaontú deontais arna shíniú le roinnt tairbhithe, ní bheidh an pionós airgeadais os cionn 10 % de mhéid an deontais a bhfuil an tairbhí lena mbaineann ina theideal i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais.

Airteagal 141

Fad na tréimhse eisiaimh agus na tréimhse teorann

1.   Ní mhairfidh tréimhse an eisiaimh níos faide ná aon tréimhse díobh seo a leanas:

(a)

an fad a leagadh síos i mbreithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach de chuid Ballstáit, má leagadh aon fhad síos ann;

(b)

in éagmais breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach:

(i)

5 bliana sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointí (d) agus (i);

(ii)

3 bliana sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointí (c) agus (e) go (h).

Déanfar duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) a eisiamh má bhíonn sé nó sí i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointí (a) agus (b).

2.   Is ar feadh 5 bliana a mhairfidh an tréimhse theorann chun duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) a eisiamh agus/nó pionóis airgeadais a fhorchur air nó uirthi, agus ríomhfar í ó aon cheann de na dátaí seo a leanas:

(a)

an dáta a tharla an t-iompar is cúis leis an eisiamh nó, i gcás gníomhartha leanúnacha nó gníomhartha a rinneadh níos mó ná uair amháin, an dáta ar a mbeidh deireadh leis an iompar, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointí (b) go (e), (g), (h) agus (i);

(b)

dáta an bhreithiúnais chríochnaithigh a dhéanann dlínse náisiúnta nó dáta an chinnidh riaracháin chríochnaithigh sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointí (b), (c), (d), (g), (h) agus (i).

Brisfear an tréimhse theorann le gníomh ó údarás náisiúnta, ón gCoimisiún, ó OLAF, ó OIPE i dtaca leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 145 den Rialachán seo nó ó aon eintiteas a bhfuil baint aige le cur chun feidhme an bhuiséid, má thugtar fógra faoi ghníomh den sórt sin don duine nó don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) den Rialachán seo agus má bhaineann sé le himscrúduithe nó le himeachtaí breithiúnacha. Cuirfear tús le tréimhse theorann nua an lá tar éis an bhriste.

Chun críocha Airteagal 138(1), pointe (f), den Rialachán seo, beidh feidhm ag an tréimhse theorann chun duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) den Rialachán seo a eisiamh agus/nó chun pionóis airgeadais a fhorchur ar fhaighteoir dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95.

I gcás ina gcáilíonn iompar duine nó eintitis lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 137(2) den Rialachán seo faoi roinnt de na forais a liostaítear in Airteagal 138(1) den Rialachán seo, beidh feidhm ag an tréimhse theorann is infheidhme maidir leis na forais is tromchúisí acu.

Airteagal 142

Eisiamh agus pionóis airgeadais a fhoilsiú

1.   Chun éifeacht dhíspreagthach an eisiaimh agus/nó an phionóis airgeadais a atreisiú, i gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún, faoi réir cinneadh ón oifigeach údarúcháin atá freagrach, an fhaisnéis seo a leanas a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar faisnéis í a bhaineann leis an eisiamh agus, i gcás inarb infheidhme, leis an bpionós airgeadais sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointí (c) go (i):

(a)

ainm an duine nó an eintitis lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 137(2);

(b)

an staid eisiaimh;

(c)

fad thréimhse an eisiaimh agus/nó méid an phionóis airgeadais.

I gcás ina ndearnadh an cinneadh maidir leis an eisiamh agus/nó leis an bpionós airgeadais ar bhonn réamhaicmiú dá dtagraítear in Airteagal 138(2), cuirfear in iúl san fhoilsiú nach ann d’aon bhreithiúnas críochnaitheach nó, más infheidhme, d’aon chinneadh riaracháin críochnaitheach. I gcásanna den sórt sin, déanfar faisnéis faoi aon achomhairc, faoi stádas agus torthaí na n-achomharc sin, mar aon le haon chinneadh athbhreithnithe ón oifigeach údarúcháin atá freagrach, a fhoilsiú gan mhoill. I gcás inar forchuireadh pionós airgeadais, sonrófar san fhoilsiú freisin ar íocadh an pionós sin.

Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an cinneadh an fhaisnéis a fhoilsiú tar éis an bhreithiúnais chríochnaithigh ábhartha nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an chinnidh riaracháin chríochnaithigh, nó tar éis an mholta ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 145, de réir mar a bheidh. Tiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm 3 mhí tar éis fógra a thabhairt faoi don duine nó don eintiteas lena mbaineann, dá dtagraítear in Airteagal 137(2).

Bainfear an fhaisnéis a fhoilseofar a luaithe a bheidh deireadh leis an eisiamh. I gcás pionós airgeadais, bainfear an foilseachán 6 mhí tar éis thráth íoc an phionóis.

A mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta, cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an duine nó an t-eintiteas lena mbaineann, dá dtagraítear in Airteagal 137(2) den Rialachán seo, ar an eolas, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725, faoina chearta nó faoina cearta faoi na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus faoi na nósanna imeachta a bheidh ar fáil maidir leis na cearta sin a fheidhmiú.

2.   Ní fhoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)

i gcás inar gá an rúndacht a bhaineann le himscrúduithe nó a bhaineann le nósanna imeachta breithiúnacha náisiúnta a chaomhnú;

(b)

i gcás ina ndéanfaí damáiste díréireach trína foilsiú don duine nó don eintiteas lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 137(2) nó go mbeadh an foilsiú díréireach ar bhealach eile, ar bhonn chritéir na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 138(4) agus ag féachaint do mhéid an phionóis airgeadais;

(c)

i gcás ina bhfuil duine nádúrtha i gceist, mura mbeidh údar leis na sonraí pearsanta a fhoilsiú de bharr imthosca eisceachtúla, inter alia, de bharr thromchúis an iompair nó de bharr a thionchair ar leasanna airgeadais an Aontais. I gcásanna den sórt sin, déanfar an ceart chun príobháideachais agus na cearta eile dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/1725 a chur san áireamh go hiomchuí.

Airteagal 143

Diúltú i gcás nós imeachta dámhachtana

1.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach rannpháirtí a dhiúltú i gcás nós imeachta dámhachtana i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an rannpháirtí sin:

(a)

tá sé nó sí i staid eisiaimh arna suí i gcomhréir le hAirteagal 138;

(b)

thug sé nó sí bréagléiriú ar an bhfaisnéis a éilítear mar choinníoll le páirt a ghlacadh sa nós imeachta nó mhainnigh sé nó sí an fhaisnéis sin a sholáthar;

(c)

bhí baint aige nó aici cheana le doiciméid a ullmhú a úsáideadh i nós imeachta dámhachtana agus sáraíodh, tríd sin, prionsabal na córa comhionainne, lena n-áirítear saobhadh iomaíochta nach féidir a leigheas ar shlí eile;

(d)

tá leasanna coinbhleachta gairmiúla i gceist leis nó léi a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar chomhlíonadh an chonartha i gcomhréir le pointe 20.6 d’Iarscríbhinn I;

(e)

is é nó í seolaí an chinnidh é nó í lena dtoirmisctear dámhachtain an chonartha as fóirdheontais eachtracha a fháil a shaobhann an margadh inmheánach, arna ghlacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

Tabharfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach do na rannpháirtithe eile sa nós imeachta dámhachtana an fhaisnéis ábhartha a malartaíodh i gcomhthéacs rannpháirtíocht an rannpháirtí sa nós imeachta dámhachtana dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), a ullmhú nó tabharfaidh sé nó sí an fhaisnéis a tháinig as an rannpháirtíocht sin dóibh. Roimh aon diúltú den sórt sin, tabharfar an deis don rannpháirtí a chruthú nach sáraíonn a rannpháirtíocht sa nós imeachta dámhachtana a ullmhú prionsabal na córa comhionainne.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 134(1) murar tugadh údar le diúltú i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), den Airteagal seo le cinneadh maidir le heisiamh a rinneadh i leith an rannpháirtí, tar éis scrúdú ar a bharúlacha.

3.   Chun críocha mhír 1, pointe (e), den Airteagal seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialachán (AE) 2022/2560 agus go háirithe forálacha Chaibidlí 1, 2 agus 4 de, lena n-áirítear Airteagal 30 de, maidir leis an réamh-athbhreithniú a dhéanann an Coimisiún agus maidir leis an imscrúdú domhain ar aon ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais a fhaightear i nós imeachta soláthair faoin Rialachán seo. Chun réamhfhógra a thabhairt don údarás conarthach, tabharfaidh rannpháirtithe i nós imeachta soláthair faoin Rialachán seo fógra don oifigeach údarúcháin atá freagrach faoi aon ranníocaíocht eachtrach airgeadais ábhartha, faoi na coinníollacha céanna a leagtar amach in Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2022/2560 agus i bhforálacha na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn Airteagal 47(1) den Rialachán sin. Ina theannta sin, beidh gníomhartha tarmligthe ábhartha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2022/2560 infheidhme freisin maidir le nósanna imeachta soláthair faoin Rialachán seo. Déanfar forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2022/2560, chomh maith le forálacha ábhartha sin na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar bhonn Airteagal 49 den Rialachán sin agus forálacha ábhartha sin na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn Airteagal 47(1) den Rialachán sin, a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo.

I gcomhthéacs na chéad fhomhíre den mhír seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i bhfoirm cinnidh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na gealltanais a thairg rannpháirtí a dhéanamh ceangailteach ar an rannpháirtí sin de réir bhrí Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2022/2560, i gcomhthéacs an Rialacháin seo;

(b)

gan aon agóid a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2022/2560, i gcomhthéacs an Rialacháin seo;

(c)

toirmeasc a chur ar an gconradh a dhámhachtain do rannpháirtí as fóirdheontais eachtracha a bheith faighte aige nó aici a shaobhann an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2022/2560, i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 276(2).

Chun críocha na mbeart atá le déanamh faoin mír seo, i gcás ina dtagraítear i Rialachán (AE) 2022/2560 do nósanna imeachta soláthair de réir bhrí Threoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (58), tuigfear gur nósanna imeachta soláthair iad sin de réir bhrí an Rialacháin seo.

Tabharfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach fógra faoin diúltú i gcás nós imeachta dámhachtana le litir a bheidh dírithe chuig an rannpháirtí lena mbaineann, tar éis an chinnidh toirmisc dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (c).

Airteagal 144

An córas luathbhraite agus eisiaimh

1.   An fhaisnéis a mhalartaítear laistigh den chóras luathbhraite agus eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 137, déanfar í a lárú sa bhunachar sonraí a chuir an Coimisiún ar bun (‘an bunachar sonraí’) agus déanfar bainistíocht uirthi i gcomhréir leis an gceart chun príobháideachais agus leis na cearta eile dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/1725.

Iontrálfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach faisnéis faoi chásanna luathbhraite, eisiaimh agus/nó pionóis airgeadais sa bhunachar sonraí tar éis dó nó di fógra a thabhairt don duine nó don eintiteas lena mbaineann, dá dtagraítear in Airteagal 137(2). Féadfar an fógra sin a chur siar in imthosca eisceachtúla i gcás ina bhfuil forais dhlisteanacha láidre ann chun rúndacht imscrúdaithe nó imeachtaí breithiúnacha náisiúnta a chaomhnú, go dtí nach mbeidh na forais dhlisteanacha láidre sin chun rúndacht a chaomhnú ann a thuilleadh.

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725, cuirfidh an Coimisiún, arna iarraidh sin, aon duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) atá faoi réir an chórais luathbhraite agus eisiaimh, ar an eolas faoi na sonraí atá á stóráil sa bhunachar sonraí a bhaineann leis an duine nó leis an eintiteas sin.

Déanfar an fhaisnéis sa bhunachar sonraí a thabhairt cothrom le dáta, i gcás inarb iomchuí, tar éis cheartú, scriosadh nó mhodhnú na sonraí. Is i gcomhréir le hAirteagal 142 amháin a fhoilseofar í.

2.   Beidh an córas luathbhraite agus eisiaimh bunaithe ar fhíorais agus fionnachtana dá dtagraítear in Airteagal 138(3), an ceathrú fomhír, agus ar tharchur faisnéise chuig an gCoimisiún, a dhéanann, go háirithe:

(a)

OIPE i dtaca leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, nó OLAF i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 i gcás ina léirítear le himscrúduithe atá críochnaithe nó ar bun ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise go bhféadfadh sé bheith iomchuí bearta réamhchúraim a ghlacadh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus aird chuí á tabhairt ar urramú ceart nós imeachta agus ceart bunúsach, agus cosanta sceithirí;

(b)

oifigeach údarúcháin de chuid an Choimisiúin, de chuid oifig Eorpach arna cur ar bun ag an gCoimisiún nó de chuid gníomhaireacht feidhmiúcháin;

(c)

institiúid de chuid an Aontais, oifig Eorpach, gníomhaireacht seachas na gníomhaireachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo, nó comhlacht nó duine a ndearnadh cur chun feidhme gníomhaíochtaí CBES a chur de chúram air nó uirthi;

(d)

eintitis a chuireann an buiséad chun feidhme faoi Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (b), agus daoine agus eintitis a chuireann cistí chun feidhme, de bhun chur chun feidhme an bhuiséid faoi Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), leis na Ballstáit, i gcásanna fíorais agus fionnachtana nár suíodh ach i gcomhthéacs breithiúnas críochnaitheach nó cinntí riaracháin críochnaitheacha faoi threoir na bhforas a leagtar amach in Airteagal 138(1), pointí (c)(iv) agus (d), chomh maith le calaois agus/nó neamhrialtacht a bhraitear agus obair leantach orthu sin, i gcás ina gceanglaítear tarchur faisnéise i rialacha earnáilsonracha;

(e)

daoine nó eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), i gcásanna inar braitheadh calaois agus/nó neamhrialtacht agus an obair leantach orthu.

3.   Ach amháin i gcás ina bhfuil an fhaisnéis le tíolacadh i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, áireofar ar an bhfaisnéis atá le tarchur de bhun mhír 2 den Airteagal seo an méid seo a leanas:

(a)

céannacht an eintitis nó an duine lena mbaineann;

(b)

achoimre ar na rioscaí a braitheadh nó na fíorais atá i gceist;

(c)

faisnéis a d’fhéadfadh cuidiú leis an oifigeach údarúcháin an fíorú dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a dhéanamh nó cinneadh a ghlacadh maidir le heisiamh dá dtagraítear in Airteagal 138(1) nó (3), nó cinneadh a dhéanamh chun pionós airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 140 a fhorchur;

(d)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le haon bhearta speisialta is gá chun go n-áiritheofar rúndacht na faisnéise arna tarchur, lena n-áirítear bearta chun fianaise a chosaint le go gcosnófar an t-imscrúdú nó na himeachtaí breithiúnacha náisiúnta.

4.   Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 gan mhoill chuig a oifigigh údarúcháin agus oifigigh a ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin, na hinstitiúidí agus na comhlachtaí uile eile de chuid an Aontais agus na hoifigí agus na gníomhaireachtaí Eorpacha uile eile tríd an mbunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 chun gur féidir leo an fíorú is gá a dhéanamh maidir lena nósanna imeachta dámhachtana a bheidh idir lámha acu agus maidir leis na gealltanais dhlíthiúla atá ann cheana.

Agus an fíorú sin á dhéanamh, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a chumhachtaí nó a cumhachtaí a fheidhmiú de réir mar a leagtar amach in Airteagal 74 agus ní rachaidh an duine sin níos faide ná mar a dhéantar foráil dó sna téarmaí agus sna coinníollacha atá sa nós imeachta dámhachtana agus sna gealltanais dhlíthiúla.

Ní mhairfidh tréimhse choinneála na faisnéise a bhaineann leis an luathbhrath a tarchuireadh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo níos mó ná bliain amháin. Más rud é, le linn na tréimhse sin, go n-iarrfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ar an bpainéal moladh a eisiúint i gcás a bhaineann le heisiamh nó le pionóis airgeadais, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse choinneála go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach.

5.   Tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar an bhfaisnéis faoi chinntí a bhaineann le heisiamh de bhun Airteagal 138 do na daoine agus na heintitis uile a bheidh bainteach le cur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le hAirteagal 62 chun a chur ar a gcumas a fhíorú an ann d’eisiamh sa chóras luathbhraite agus eisiaimh, agus conarthaí á ndámhachtain nó tairbhithe á roghnú chun cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme.

Seachas i gcás ina gcuirtear cur chun feidhme an bhuiséid de chúram ar dhaoine nó ar eintitis faoi Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), de réir na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 157(4), déanfaidh gach duine agus gach eintiteas a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an bhuiséid cinntí den sórt sin a fhorfheidhmiú maidir leis an duine nó leis an eintiteas a bhfuil iarratas á dhéanamh aige nó aici ar chistí de chuid an Aontais nó a roghnaítear chun cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme.

6.   Mar chuid den tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 325(5) CFAE, déanfaidh an Coimisiún faisnéis chomhiomlán a sholáthar ar na cinntí arna ndéanamh ag na hoifigigh údarúcháin faoi Airteagal 137 go hAirteagal 144 den Rialachán seo. Sa tuarascáil sin freisin, beidh tuilleadh faisnéise maidir le haon chinntí a ghlac na hoifigigh údarúcháin de bhun Airteagal 138(9), an chéad fhomhír, pointe (b), den Rialachán seo agus de bhun Airteagal 142(2) den Rialachán seo agus maidir le haon chinntí a rinne na hoifigigh údarúcháin chun imeacht ó mholadh an phainéil de bhun Airteagal 145(6), an tríú fomhír, den Rialachán seo.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a sholáthar, agus aird iomchuí á tabhairt ar na ceanglais rúndachta, agus, go háirithe, ní bheifear in ann an duine ná an t-eintiteas lena mbaineann, dá dtagraítear in Airteagal 137(2), a aithint ón bhfaisnéis sin.

Airteagal 145

Painéal

1.   Tionólfar painéal arna iarraidh sin d’oifigeach údarúcháin aon institiúide de chuid an Aontais, aon chomhlachta de chuid an Aontais, aon oifigí Eorpacha nó aon chomhlachta nó duine ar cuireadh de chúram orthu gníomhaíochtaí sonracha in CBES a chur chun feidhme de bhun Theideal V de CAE.

2.   Is iad a bheidh ar an bpainéal:

(a)

buanchathaoirleach neamhspleách ardleibhéil arna cheapadh nó arna ceapadh ag an gCoimisiún;

(b)

leaschathaoirleach buan neamhspleách ardleibhéil arna cheapadh nó arna ceapadh ag an gCoimisiún, a dhéanfaidh ionadaíocht ar son an chathaoirligh;

(c)

beirt bhuanionadaithe ón gCoimisiún, mar úinéir an chórais luathbhraite agus eisiaimh, a mbeidh comhsheasamh acu; agus

(d)

ionadaí amháin ón oifigeach údarúcháin is iarrthóir.

Áiritheoidh comhdhéanamh an phainéil an saineolas dlíthiúil agus teicniúil is iomchuí. Beidh rúnaíocht bhuan de chúnamh ag an bpainéal, a chuirfidh an Coimisiún ar fáil, agus beidh sí freagrach as riar leanúnach an phainéil.

3.   Roghnófar an Cathaoirleach as measc iarchomhaltaí de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó den Chúirt Iniúchóirí nó iaroifigigh a raibh céim Ard-Stiúrthóra ar a laghad acu in institiúid de chuid an Aontais seachas an Coimisiún. Roghnófar an duine sin ar bhonn cháilíochtaí pearsanta agus gairmiúla an duine, thaithí fhorleathan an duine ar chúrsaí dlí agus airgeadais agus inniúlacht, neamhspleáchas agus ionracas cruthaithe an duine. Mairfidh an téarma oifige 5 bliana agus ní fhéadfar é a athnuachan. Ceapfar an Cathaoirleach mar shainchomhairleoir de réir bhrí Airteagal 5 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh. Beidh an Cathaoirleach sa chathaoir ar sheisiúin uile an phainéil. Beidh an duine sin neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas. Ní bheidh aon choinbhleacht leasa i gceist idir a chuid nó a cuid dualgas mar Chathaoirleach agus aon dualgais oifigiúla eile.

4.   Is é an Coimisiún a ghlacfaidh rialacha nós imeachta an phainéil.

5.   Seasfaidh an painéal ceart an duine nó an eintitis lena mbaineann, dá dtagraítear in Airteagal 137(2), barúlacha a thíolacadh ar na fíorais nó na fionnachtana dá dtagraítear in Airteagal 138(3) agus nuair a bheidh réamhaicmiú sa dlí déanta sula nglacfaidh sé a mholtaí. Féadfar an ceart barúlacha a thíolacadh a chur siar i gcásanna eisceachtúla ina mbeidh forais dhlisteanacha láidre ann chun rúndacht imscrúdaithe nó imeachtaí breithiúnacha náisiúnta a chaomhnú, go dtí go mbeidh deireadh leis na forais dhlisteanacha sin.

6.   Beidh na heilimintí seo a leanas sa mholadh ón bpainéal go ndéanfaí duine nó eintiteas a eisiamh agus/nó pionós airgeadais a fhorchur, i gcás inarb infheidhme:

(a)

na fíorais nó na fionnachtana dá dtagraítear in Airteagal 138(3) agus a réamhaicmiú sa dlí;

(b)

measúnú ar an ngá le pionós airgeadais a fhorchur agus méid an phionóis sin;

(c)

measúnú ar an ngá leis an duine nó leis an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) a eisiamh, agus, sa chás sin, moladh faoi fhad an eisiaimh sin;

(d)

measúnú ar an ngá leis an bhfaisnéis a fhoilsiú a bhaineann leis an duine nó leis an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) atá eisiata agus/nó atá faoi réir pionós airgeadais;

(e)

measúnú ar na bearta feabhais a rinne an duine nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2), má rinneadh aon bheart den sórt sin.

I gcás ina mbeartaíonn an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach cinneadh níos déine a dhéanamh ná an méid a mhol an painéal, áiritheoidh sé nó sí go ndéanfar an ceart chun éisteacht a fháil agus na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a urramú go hiomchuí nuair a dhéanfar an cinneadh sin.

I gcás ina gcinneann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach imeacht ó mholadh an phainéil, tabharfaidh an duine sin an t-údar atá leis an gcinneadh sin don phainéal.

7.   Le linn na tréimhse eisiaimh, déanfaidh an painéal athbhreithniú ar an moladh uaidh arna iarraidh sin don oifigeach údarúcháin atá freagrach sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 138(11) nó tar éis fógra a fháil faoi bhreithiúnas críochnaitheach nó faoi chinneadh riaracháin críochnaitheach lena mbunaítear na forais eisiaimh i gcás nach leagtar síos fad an eisiaimh i mbreithiúnas nó i gcinneadh den sórt sin, dá dtagraítear in Airteagal 138(3), an dara fomhír.

8.   Tabharfaidh an painéal fógra gan mhoill don oifigeach údarúcháin is iarrthóir faoina mholadh athbhreithnithe, agus ina dhiaidh sin déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin athbhreithniú ar a chinneadh nó a cinneadh.

9.   Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh faoina ndéanann an t-oifigeach údarúcháin duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 137(2) a eisiamh agus/nó pionós airgeadais a fhorchur ar fhaighteoir, lena n-áirítear an t-eisiamh a neamhniú, fad an eisiaimh a laghdú nó a mhéadú agus/nó an pionós airgeadais a fhorchuirtear a neamhniú, a laghdú nó a mhéadú. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 22(1) de Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle nuair a dhéanann an t-oifigeach údarúcháin cinneadh eisiaimh nó pionós airgeadais a fhorchur ar bhonn moladh ón bpainéal.

Airteagal 146

Cumarsáid i gcomhthéacs na nósanna imeachta um luathbhrath agus eisiamh

1.   Gach cumarsáid, go háirithe fógra a thabhairt faoi chinntí, litreacha, doiciméid nó faisnéis a bhaineann leis na nósanna imeachta um luathbhrath agus eisiamh, déanfar í i scríbhinn ar pháipéar nó i bhformáid leictreonach.

2.   Fógraí le haghaidh cumarsáid trína gcruthaítear éifeachtaí dlíthiúla nó trína spreagtar teorainneacha ama, cuirfear iad ar pháipéar mar phost cláraithe lena mbaineann admháil fála nó trí sheirbhís cúiréireachta le cruthúnas seachadta, trí chóras malartaithe leictreonaigh slán de bhun Airteagal 151, nó i ríomhphost nó trí mhodh leictreonach eile.

3.   Maidir le cumarsáid:

(a)

nuair a dhéantar ar pháipéar í, measfar gur tugadh fógra ina leith nuair a bheidh sí seachadta chuig an seoladh poist is déanaí a sholáthair an páirtí is faighteoir. Fógraí trí phost cláraithe lena mbaineann admháil fála nó trí sheirbhís cúiréireachta le cruthúnas seachadta, measfar iad a bheith faighte ar an dáta seachadta a chláraíonn an tseirbhís poist nó an tseirbhís cúiréireachta nó tar éis na teorann ama lena mbailiú ag oifig an phoist, nó, in éagmais na teorann ama sin, trí seachtaine tar éis na hiarrachta an seachadadh a chur i gcrích, ar choinníoll go seoltar an fógra athuair agus go bhfógraítear é go leictreonach chuig an seoladh ríomhphoist is déanaí a chuir an páirtí is faighteoir ar fáil;

(b)

nuair a dhéantar i trí chóras malartaithe leictreonaigh slán dá dtagraítear in Airteagal 151, measfar gur tugadh fógra ina leith ar an dáta agus ar an am a fuarthas rochtain uirthi, mar atá léirithe sna logaí ama sa chóras nó, i gcás cumarsáid nach bhfuarthas rochtain uirthi, 10 lá tar éis a seolta;

(c)

nuair a dhéantar í trí ríomhphost nó trí mhodh leictreonach eile, measfar an fógra a bheith tugtha an lá ar a seoltar an ríomhphost, ar choinníoll go ndéantar é a chur chuig an seoladh ríomhphoist is déanaí a sholáthair an páirtí is faighteoir agus nach bhfuair an páirtí seolta tuairisc neamhsheachadta.

I gcás inar féidir leis an seolaí a léiriú gur cuireadh bac air nó uirthi rochtain a fháil ar chumarsáid mar gheall ar imthosca nach raibh faoina smacht, cuirfear tús le héifeachtaí dlíthiúla na cumarsáide ón tráth is féidir leis an seolaí a léiriú go bhfuair sé nó sí rochtain ar ábhar na cumarsáide.

Airteagal 147

Faisnéis a tharchur chun críocha an chórais luathbhraite agus eisiaimh

1.   Déanfar faisnéis a iarrtar ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 144(2), pointe (d), a tharchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 36(8) agus le rialacha earnáilsonracha.

2.   Gan dochar d’Airteagal 138(2), an dara fomhír, cuirfear san áireamh le húsáid na sonraí a fhaightear tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí stádas an nós imeachta náisiúnta a bhí ann an tráth a tíolacadh an fhaisnéis. Sula mbainfear an úsáid sin astu, rachfar i gcomhairle leis an mBallstát a thíolaic na sonraí ábhartha tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí.

Airteagal 148

Eisiaimh is infheidhme maidir leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 137 go 147 maidir le JRC.

Roinn 3

Córais TF agus r-Rialtas

Airteagal 149

Oibríochtaí a bhainistiú go leictreonach

1.   I gcás ina ndéantar oibríochtaí ioncaim agus caiteachais nó malartuithe doiciméad a bhainistiú le córais ríomhaireachta, féadfar doiciméid a shíniú trí nós imeachta ríomhairithe nó trí nós imeachta leictreonach lena ndéantar fíordheimhniú ar an sínitheoir. Sna córais ríomhaireachta sin, beidh tuairisc iomlán agus cothrom le dáta ar an gcóras ina mbeidh sainiú ar inneachar na réimsí sonraí uile, tuairisc ar an gcaoi a gcaitear le gach oibríocht aonair agus ina mínítear go mionsonraithe an chaoi a ráthaíonn an córas ríomhaireachta go bhfuil rian iniúchóireachta iomlán ag gach oibríocht. Féadfaidh faisnéis leictreonach a bheith faoi réir rialuithe digiteacha agus iniúchtaí digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 36(11).

2.   Faoi réir réamhthoiliú na n-institiúidí lena mbaineann de chuid an Aontais agus na mBallstát lena mbaineann, féadfar doiciméad a tharchur eatarthu trí mhodh leictreonach.

Airteagal 150

r-Rialtas

1.   Déanfaidh na hinstitiúidí de chuid an Aontais, na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus na comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 caighdeáin aonfhoirmeacha a bhunú agus a chur i bhfeidhm maidir le malartú leictreonach faisnéise leis na rannpháirtithe. Déanfaidh siad, go háirithe, a mhéid is féidir, réitigh a dhearadh agus a chur chun feidhme maidir le sonraí, arna dtíolacadh i nósanna imeachta dámhachtana, a thíolacadh, a stóráil agus a phróiseáil, agus chuige sin, déanfaidh siad limistéar aonair, ‘limistéar um chómhalartú faisnéise leictreonaí’, a chur ar bun le haghaidh rannpháirtithe. Tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go tráthrialta faoin dul chun cinn a rinneadh i ndáil leis sin.

2.   Faoi bhainistíocht chomhroinnte, déanfar na malartuithe oifigiúla uile faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún trí na modhanna a léirítear i rialacha earnáilsonracha. Forálfar leis na rialacha sin d’idir-inoibritheacht sonraí a bhailítear nó a fhaightear, agus a tharchuirtear i mbainistíocht an bhuiséid.

Airteagal 151

Córais mhalartaithe leictreonaigh

1.   Féadfar na malartuithe uile leis na faighteoirí agus na rannpháirtithe, lena n-áirítear gealltanais dhlíthiúla a thabhairt chun críche agus aon leasuithe orthu sin, a dhéanamh trí chórais mhalartaithe leictreonaigh.

2.   Le córais mhalartaithe leictreonaigh, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

daoine údaraithe amháin a bhféadfaidh rochtain a bheith acu ar an gcóras agus ar na doiciméid a tharchuirtear tríd an gcóras sin;

(b)

daoine údaraithe amháin a fhéadfaidh doiciméad a shíniú nó a tharchur go leictreonach tríd an gcóras;

(c)

sainaithneofar daoine údaraithe tríd an gcóras le modhanna bunaithe;

(d)

cinnfear go cruinn am agus dáta na n-idirbheart leictreonach;

(e)

caomhnófar sláine na ndoiciméad;

(f)

caomhnófar infhaighteacht na ndoiciméad;

(g)

más iomchuí, caomhnófar rúndacht na ndoiciméad;

(h)

áiritheofar go gcosnaítear sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

3.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, nó, i gcás inarb infheidhme, an painéal dá dtagraítear in Airteagal 145, an córas malartaithe leictreonaigh a úsáid freisin chun cumarsáid a dhéanamh le rannpháirtithe, le faighteoirí nó le daoine nó eintitis eile dá dtagraítear in Airteagal 137(2), maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

iad a áireamh sa bhunachar sonraí córais luathbhraite agus eisiaimh sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 137(1), pointe (a);

(b)

inneachar litreacha sáraíochta agus faisnéise nó iarrataí eile arna n-eisiúint ag an bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 145, chun na cearta dá dtagraítear in Airteagal 145(5) a choimirciú, agus maidir le feidhmiú na n-inniúlachtaí faoin Rialachán seo;

(c)

inneachar cinntí agus faisnéise nó iarrataí eile ón oifigeach údarúcháin atá freagrach, maidir le feidhmiú na n-inniúlachtaí faoi Airteagail 137 go 147.

4.   Beidh an toimhde dhlíthiúil ann go bhfuil na sonraí a sheolfar nó a gheofar tríd an gcóras sin ina sonraí slána agus go bhfuil dáta agus am an tseolta nó na fála a léiríonn an córas cruinn.

Measfar gurb ionann agus doiciméad páipéir aon doiciméad a sheolfar nó a dtabharfar fógra faoi tríd an gcóras sin, beidh sé inghlactha mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla agus measfar é a bheith ina bhunleagan agus beidh an toimhde dhlíthiúil ann gur fíordhoiciméad slán é, ar choinníoll nach bhfuil aon ghnéithe dinimiciúla sa doiciméad lena bhféadfaí é a athrú go huathoibríoch.

Beidh éifeacht dlí ag na sínithe leictreonacha dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), atá comhionann le sínithe lámhscríofa.

Airteagal 152

Doiciméid iarratais a thíolacadh

1.   Is é nó í an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a chinnfidh na socruithe chun doiciméid iarratais a thíolacadh agus féadfaidh an duine sin modh eisiach tíolactha a roghnú.

Beidh an modh cumarsáide socraithe de chineál go n-áiritheofar go mbeidh fíoriomaíocht ann agus go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an fhaisnéis uile is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar an tíolacadh i ngach tíolacadh;

(b)

caomhnaítear sláine na sonraí;

(c)

caomhnaítear rúndacht na ndoiciméad iarratais;

(d)

áirithítear go gcosnaítear sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún le modhanna iomchuí agus i gcomhréir le hAirteagal 150(1) go bhféadfaidh rannpháirtithe doiciméid iarratais agus aon fhianaise thacaíochta a thíolacadh i bhformáid leictreonach. Aon chóras cumarsáide leictreonaí a úsáidfear chun tacú le cumarsáid agus le malartuithe faisnéise, beidh sé neamh-idirdhealaitheach, beidh sé ar fáil go ginearálta agus beidh sé idir-inoibritheach le táirgí theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide atá in úsáid go ginearálta agus ní chuirfidh sé srian ar an rochtain atá ag rannpháirtithe ar an nós imeachta dámhachtana.

Tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go rialta faoin dul chun cinn ar chur i bhfeidhm na míre seo.

3.   Le fearais le haghaidh doiciméid iarratais a fháil go leictreonach, ráthófar, le modhanna teicniúla agus nósanna imeachta iomchuí, an méid seo a leanas:

(a)

gur féidir an rannpháirtí a fhíordheimhniú go cinnte;

(b)

gur féidir a chinneadh go cruinn cén t-am agus cén dáta a fuarthas na doiciméid iarratais;

(c)

gur ag daoine údaraithe amháin a bheidh rochtain ar na sonraí a tharchuirtear agus gurb iad na daoine sin amháin a fhéadfaidh na dátaí a shocrú nó a athrú i leith na doiciméid iarratais a oscailt;

(d)

le linn na gcéimeanna éagsúla den nós imeachta dámhachtana, gur daoine údaraithe amháin a mbeidh rochtain acu ar na sonraí uile a tíolacadh agus a fhéadfaidh rochtain ar na sonraí a thabhairt de réir mar is gá don nós imeachta;

(e)

go n-áiritheofar go réasúnta gur féidir aon iarracht sárú a dhéanamh ar aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (d) a bhrath.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le conarthaí faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear in Airteagal 178(1).

4.   I gcás ina n-údaraíonn an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach tíolacadh doiciméad iarratais trí mhodh leictreonach, measfar gur bunleaganacha iad na doiciméid leictreonacha a thíolactar trí mheán na gcóras sin.

5.   I gcás inar le litir a dhéantar an tíolacadh, féadfaidh rannpháirtithe a roghnú doiciméid iarratais a thíolacadh:

(a)

tríd an bpost nó trí sheirbhís cúiréireachta agus is é an postmharc nó dáta an duillín taisce an fhianaise tíolactha a bheidh ann sa chás sin;

(b)

trí sheachadadh láimhe a dhéanann an rannpháirtí go pearsanta nó trí ghníomhaire go dtí áitreabh an oifigigh údarúcháin atá freagrach agus is í an admháil fála an fhianaise tíolactha a bheidh ann sa chás sin.

Maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag toscaireachtaí de chuid an Aontais i dtríú tíortha nó arna ndámhachtain go heisiach chun leas toscaireachtaí de chuid an Aontais i dtríú tíortha, féadfaidh an t-údarás conarthach an tíolacadh a shrianadh le litir chuig aon cheann amháin de na modhanna arna léiriú thuas. I gcás ina mbaineann an t-údarás conarthach úsáid as an bhforáil sin, déanfaidh sé na cúiseanna atá leis an srian sin a dhoiciméadú.

6.   Trí dhoiciméid iarratais a thíolacadh, glacann na rannpháirtithe le fógra a fháil faoin toradh a bheidh ar an nós imeachta trí mhodh leictreonach.

7.   Rannpháirtithe nó faighteoirí nó aon duine nó eintiteas eile dá dtagraítear in Airteagal 137(2), glacann siad le fógraí a fháil i dtéarmaí an ghealltanais dhlíthiúil shonraigh nó an chonartha lamháltais, lena n-áirítear aon fhógra maidir le cur i bhfeidhm aon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 137(1). I gcás lena mbaineann daoine nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 137(2), pointe (b), beidh an t-iarratasóir freagrach as seoladh an eintitis lena mbaineann a chur in iúl don údarás conarthach.

Mura ndéantar malairtí tríd an gcóras malartaithe leictreonaigh dá dtagraítear in Airteagal 151, i gcás inar tugadh fógra don duine nó don eintiteas trí mhodh leictreonach chuig an seoladh a léirítear san iarratas, agus mura n-admhaítear go sainráite go bhfuarthas an fógra leictreonach, toimhdeofar gur tugadh deis don duine nó don eintiteas eolas a fháil ar inneachar na malairte agus dá bhrí sin measfar é nó í a bheith fógartha.

8.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 7 den Airteagal seo maidir le roghnú daoine nó eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), ach amháin má dhéantar an roghnú de thoradh glao ar léiriú spéise.

CAIBIDIL 3

Rialacha is infheidhme maidir le bainistíocht dhíreach

Airteagal 153

Coiste meastóireachta

1.   Déanfaidh coiste meastóireachta meastóireacht ar na doiciméid iarratais.

2.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an coiste meastóireachta a cheapadh.

Beidh triúr ar a laghad ar an gcoiste.

3.   Na comhaltaí den choiste meastóireachta a bhfuil meastóireacht á déanamh acu ar iarratais ar dheontais, ar iarratais ar thabhartais neamhairgeadais nó ar thairiscintí, déanfaidh siad ionadaíocht thar ceann dhá eintiteas eagraíochtúla, ar a laghad, de chuid institiúidí an Aontais nó chomhlachtaí an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 68, 69, 70 agus 71, nach bhfuil aon nasc ordlathach eatarthu, agus nach dtagann ceann amháin díobh, ar a laghad, faoi chúram an oifigigh údarúcháin atá freagrach. I gcás nach bhfuil aon eintitis ar leithligh ag ionadaíochtaí agus aonaid áitiúla lasmuigh den Aontas, amhail toscaireacht, oifig nó oifig brainse de chuid an Aontais i dtríú tír, agus comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 68, 69, 70 agus 71, ní bheidh feidhm ag an gceanglas gan aon nasc ordlathach a bheith ann idir eintitis eagraíochtúla.

Féadfaidh saineolaithe seachtracha cúnamh a thabhairt don choiste meastóireachta de bhun cinneadh ón oifigeach údarúcháin atá freagrach.

Féadfaidh saineolaithe seachtracha a bheith ina gcomhaltaí den choiste meastóireachta i gcás ina ndéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht sin sa bhunghníomh.

4.   Féadfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, nó saineolaithe seachtracha a bheith ar na comhaltaí sin den choiste meastóireachta a mbeidh meastóireacht á déanamh acu ar iarratais ar chomórtais le haghaidh duaiseanna.

5.   Comhlíonfaidh comhaltaí an choiste meastóireachta agus na saineolaithe seachtracha Airteagal 61.

Airteagal 154

Doiciméid iarratais a shoiléiriú agus a cheartú

Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach earráidí soiléire cléireachais i ndoiciméid iarratais a cheartú tar éis don rannpháirtí an ceartúchán atá beartaithe aige nó aici a dhearbhú.

I gcás ina mainníonn rannpháirtí fianaise a thíolacadh nó ráitis a dhéanamh, iarrfaidh an coiste meastóireachta nó, i gcás inarb iomchuí, an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, seachas i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ar an rannpháirtí an fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar nó doiciméid tacaíochta a shoiléiriú.

Ní dhéanfaidh an fhaisnéis, an soiléiriú nó an dearbhú sin doiciméid iarratais a athrú go substaintiúil.

Airteagal 155

Ráthaíochtaí

1.   Cé is moite de chonarthaí agus de dheontais nach bhfuil a luach níos mó ná EUR 60 000, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, más comhréireach agus faoi réir a anailíse riosca nó a hanailíse riosca, a cheangal ar na daoine seo a leanas ráthaíocht a thíolacadh:

(a)

conraitheoirí nó tairbhithe chun teorainn a chur leis na rioscaí airgeadais a bhaineann le réamh-mhaoiniú a íoc (ráthaíocht réamh-mhaoiniúcháin);

(b)

conraitheoirí chun a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí suntasacha conarthacha i gcás oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí casta (ráthaíocht um chomhlíonadh);

(c)

conraitheoirí chun comhlíonadh iomlán an chonartha a áirithiú le linn thréimhse dhliteanais an chonartha (ráthaíocht um airgead coinneála).

Díolmhófar JRC ó ráthaíochtaí a thaisceadh.

De rogha ar ráthaíocht réamh-mhaoiniúcháin a iarraidh, i gcás deontas, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a chinneadh an íocaíocht a scoilteadh ina tráthchodanna éagsúla.

2.   Cinnfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an bhfuil an ráthaíocht le hainmniú in euro nó in airgeadra an chonartha nó an chomhaontaithe deontais.

3.   Déanfaidh banc nó institiúid údaraithe airgeadais atá inghlactha ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach an ráthaíocht a sholáthar.

Arna iarraidh sin don chonraitheoir nó don tairbhí agus ar choinníoll go nglacann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach leis:

(a)

féadfar ráthaíocht chomhpháirteach agus leithleach ón gconraitheoir nó ón tairbhí agus ó thríú páirtí a chur in ionad na ráthaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c);

(b)

féadfar ráthaíocht chomhpháirteach neamh-inchúlghairthe agus neamhchoinníollach ó na tairbhithe is páirtithe sa chomhaontú deontais céanna a chur in ionad na ráthaíochta dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a).

4.   Beidh d’éifeacht leis an ráthaíocht iallach a chur ar an mbanc nó ar an institiúid airgeadais nó ar an tríú páirtí urrús comhthaobhach neamh-inchúlghairthe a sholáthar, nó seasamh mar ráthóir céadéilimh i leith oibleagáidí an chonraitheora nó an tairbhí.

5.   I gcás ina bhfaigheann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach amach, agus an conradh nó an comhaontú deontais á chur chun feidhme, nach bhfuil údarú ag ráthóir ráthaíochtaí a eisiúint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, nó nach bhfuil an t-údarú sin ag an ráthóir a thuilleadh, éileoidh sé nó sí go gcuirfidh an conraitheoir nó an tairbhí ráthaíocht ar fáil in ionad na ráthaíochta a bhí le soláthar ag an ráthóir sin.

Airteagal 156

Ráthaíocht réamh-mhaoiniúcháin

1.   Méid nach mó ná méid an réamh-mhaoiniúcháin a bheidh i ráthaíocht réamh-mhaoiniúcháin agus beidh an ráthaíocht sin bailí ar feadh tréimhse atá fada go leor go bhféadfaí í a ghníomhachtú.

2.   Déanfar an ráthaíocht réamh-mhaoiniúcháin a scaoileadh a luaithe a bhainfear an réamh-mhaoiniú d’íocaíochtaí eatramhacha nó de chomhardú na n-íocaíochtaí don chonraitheoir nó don tairbhí i gcomhréir le téarmaí an chonartha nó le coinníollacha an chomhaontaithe deontais.

TEIDEAL VI

BAINISTÍOCHT INDÍREACH

Airteagal 157

Bainistíocht indíreach

1.   Beidh roghnú na ndaoine agus na n-eintiteas a mbeidh cur chun feidhme cistí de chuid an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha faoina gcúram de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), trédhearcach, beidh údar leis i ngeall ar chineál na gníomhaíochta agus ní thiocfaidh coinbhleacht leasa as. I gcás na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointí (c)(ii), (v), (vi) agus (vii), tabharfar aird chuí sa roghnú ar a n-acmhainneacht airgeadais agus oibríochtúil.

I gcás ina sainaithnítear an duine nó an t-eintiteas i mbunghníomh, áireofar sa ráiteas airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 35 údar leis an duine nó leis an eintiteas ar leith sin a roghnú.

I gcásanna cur chun feidhme ag líonra, agus inar gá go n-ainmnítear comhlacht amháin nó eintiteas amháin ar a laghad in aghaidh an Bhallstáit nó in aghaidh na tíre lena mbaineann, is é nó í an Ballstát nó an tír lena mbaineann a ainmneoidh an comhlacht nó an t-eintiteas i gcomhréir leis an mbunghníomh. I ngach cás eile, is é an Coimisiún a ainmneoidh na comhlachtaí nó na heintitis sin i gcomhaontú leis na Ballstáit nó leis na tíortha lena mbaineann.

I gcás ina ndéantar roghnúchán de bhun glao ar léiriú spéise, déanfar é i gcomhréir le prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe, gan dochar do na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo.

2.   Na daoine agus na heintitis a mbeidh cur chun feidhme cistí de chuid an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha faoina gcúram de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), urramóidh siad prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na hinfheictheachta i dtaca le gníomhaíocht an Aontais. I gcás ina mbunaíonn an Coimisiún comhaontuithe comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 131, tabharfar tuairisc níos mionsonraithe ar na prionsabail thuasluaite sna comhaontuithe sin.

3.   Sula síneofar comhaontuithe ranníocaíochta, comhaontuithe maoiniúcháin nó comhaontuithe ráthaíochta, déanfaidh an Coimisiún leibhéal cosanta a áirithiú do leasanna airgeadais an Aontais a bheidh coibhéiseach leis an leibhéal dá bhforáiltear nuair a chuireann an Coimisiún an buiséad chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a). Déanfaidh an Coimisiún amhlaidh trí mheasúnú a dhéanamh ar chórais. rialacha agus nósanna imeachta na ndaoine nó na n-eintiteas sin a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme, má tá sé ar intinn aige taobh a thabhairt le córais, rialacha agus nósanna imeachta den sórt sin maidir le cur chun feidhme na gníomhaíochta, nó trí bhearta maoirseachta iomchuí a ghlacadh i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.

4.   I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, déanfaidh an Coimisiún measúnú gur fíor an méid seo a leanas i leith na ndaoine agus na n-eintiteas a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c):

(a)

déanann siad córas rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach agus éifeachtúil a chur ar bun agus feidhmiú an chórais sin a áirithiú, ar córas é atá bunaithe ar an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr, lena n-áirítear bainistíocht leormhaith na rioscaí agus lena gcumasaítear go háirithe neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú; féadfaidh socrú an chórais rialaithe inmheánaigh, i gcás inarb iomchuí, brath ar rialuithe digiteacha;

(b)

úsáideann siad córas cuntasaíochta a sholáthraíonn faisnéis chruinn iomlán iontaofa go tráthúil;

(c)

tá siad faoi réir iniúchadh seachtrach neamhspleách, arna dhéanamh, i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, ag seirbhís iniúchóireachta atá neamhspleách ó thaobh a feidhmeanna de ar an duine nó ar an eintiteas lena mbaineann;

(d)

déanann siad rialacha agus nósanna imeachta iomchuí a chur i bhfeidhm maidir le maoiniú a sholáthar do thríú páirtithe, lena n-áirítear nósanna imeachta athbhreithniúcháin trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha, éifeachtúla agus éifeachtacha, rialacha maidir le cistí neamhdhlite a íocadh a aisghabháil agus rialacha maidir le cosc a bheith ar rochtain ar chistiú;

(e)

déanann siad faisnéis leormhaith faoina bhfaighteoirí a chur ar fáil don phobal, ar faisnéis í atá coibhéiseach leis an bhfaisnéis dá bhforáiltear faoi Airteagal 38;

(f)

áirithíonn siad cosaint sonraí pearsanta atá coibhéiseach léi sin dá dtagraítear in Airteagal 5.

Ina theannta sin, i gcomhaontú leis na daoine nó leis na heintitis lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar rialacha agus nósanna imeachta eile amhail cleachtais chuntasaíochta costála riaracháin na ndaoine nó na n-eintiteas. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh taobh a thabhairt leis na rialacha agus na nósanna imeachta sin.

Na daoine nó na heintitis sin a bhfuil measúnú déanta orthu i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír, cuirfidh siad in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí má dhéantar aon athruithe substaintiúla ar a gcórais, a rialacha nó a nósanna imeachta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’iontaofacht mheasúnú an Choimisiúin.

5.   I gcás nach ndéanann na daoine nó na heintitis lena mbaineann mír 4 a chomhlíonadh ach go páirteach, glacfaidh an Coimisiún bearta maoirseachta iomchuí lena n-áiritheofar cosaint leasanna airgeadais an Aontais. Sonrófar na bearta sin sna comhaontuithe ábhartha. Cuirfear faisnéis faoi bhearta den sórt sin ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle arna iarraidh sin dóibh.

6.   Maidir le gníomhaíochtaí ildeontóirí, i gcás ina ndéantar an caiteachas a aisíoc leis an ranníocaíocht ón Aontas, is é a bheidh i gceist leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 158(4) fíorú a dhéanamh gur úsáid an duine nó an t-eintiteas méid a chomhfhreagraíonn don mhéid a d’íoc an Coimisiún don ghníomhaíocht lena mbaineann i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú deontais ábhartha, sa chomhaontú ranníocaíochta ábhartha nó sa chomhaontú maoiniúcháin ábhartha.

7.   Ní éileoidh an Coimisiún measúnú ex ante dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo i dtaca leo siúd a leanas:

(a)

comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 agus na comhlachtaí nó na daoine dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c)(viii), atá tar éis rialacha airgeadais a ghlacadh le toiliú roimh ré ón gCoimisiún;

(b)

na nósanna imeachta sin arna gceangal go sonrach ag an gCoimisiún, lena n-áirítear a nósanna imeachta féin agus iad sin a shonraítear sna bunghníomhartha nó i gcás ina mbíonn rialacha agus nósanna imeachta ailínithe leis na cinn a theastaíonn ón gCoimisiún.

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gan measúnú ex ante dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a éileamh i dtaca leo siúd a leanas:

(a)

tríú tíortha nó na comhlachtaí a ainmneoidh siad, a mhéid a fhágtar na freagrachtaí maidir le bainistíocht airgeadais ag an gCoimisiún, freagrachtaí a ráthaíonn cosaint leordhóthanach leasanna airgeadais an Aontais;

(b)

eagraíochtaí de chuid na mBallstát a bhfuil sé mar chúram acu cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (b), ar dhearbhaigh an Coimisiún ina leith go bhfuil córas bainistíochta agus rialaithe an chláir ag feidhmiú.

8.   I gcás ina meastar go bhfuil córais, rialacha nó nósanna imeachta na ndaoine nó na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), iomchuí, féadfar ranníocaíochtaí ón Aontas leis na daoine nó leis na heintitis sin a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Teideal seo. I gcás ina nglacann na daoine nó na heintitis sin páirt i nglao ar thograí, comhlíonfaidh siad rialacha an ghlao ar thograí atá i dTeideal VIII. I gcás den sórt sin, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin a chinneadh comhaontú ranníocaíochta nó comhaontú maoiniúcháin a shíniú in áit comhaontú deontais.

Airteagal 158

Cur chun feidhme cistí de chuid an Aontais agus ráthaíochtaí buiséadacha

1.   Na daoine agus na heintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha chun feidhme, soláthróidh siad na nithe seo a leanas don Choimisiún:

(a)

tuarascáil ar chur chun feidhme cistí de chuid an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha, lena n-áirítear comhlíonadh na gcoinníollacha nó baint amach na dtorthaí dá dtagraítear in Airteagal 125(1), an chéad fhomhír, pointe (a);

(b)

a gcuntais arna dtarraingt suas i leith an chaiteachais arna thabhú, i gcás ina ndéantar an caiteachas a aisíoc leis an ranníocaíocht;

(c)

dearbhú bainistíochta lena gcumhdaítear an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus, i gcás inarb iomchuí, i bpointe (b), lena ndearbhaítear gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i)

leagtar amach an fhaisnéis i gceart agus is faisnéis iomlán chruinn í;

(ii)

úsáideadh cistí an Aontais chun na gcríoch a ceapadh dóibh, mar a shainítear sna comhaontuithe ranníocaíochta, sna comhaontuithe maoiniúcháin nó sna comhaontuithe ráthaíochta nó, i gcás inarb infheidhme, sna rialacha ábhartha earnáilsonracha;

(iii)

leis na córais rialaithe a cuireadh ar bun, tugtar na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart foluiteach;

(d)

achoimre ar na tuarascálacha iniúchóireachta deiridh agus ar na rialuithe a rinneadh, lena n-áirítear anailís ar chineál agus méid na n-earráidí agus na laigí a sainaithníodh sna córais, mar aon le gníomhaíocht cheartaitheach a glacadh nó a beartaíodh.

I gcás ina bhfuil trasiontaoibh ann ar iniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 127, cuirfear gach doiciméadacht ábhartha i dtaca leis an iniúchadh ar a mbeifear ag brath san áireamh san achoimre dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), den mhír seo.

I gcás gníomhaíochtaí a dhéanfar a fhoirceannadh roimh dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann, féadfar an tuarascáil deiridh a chur in áit an dearbhaithe bainistíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), ar choinníoll go ndéanfar í a thíolacadh roimh an 15 Feabhra den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

Beidh tuairim ó chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách, arna tarraingt suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, ag gabháil leis na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Suífear leis an tuairim sin an bhfeidhmíonn na córais rialaithe a cuireadh ar bun mar is ceart, an bhfuil siad costéifeachtach agus an bhfuil na hidirbhearta foluiteacha dlíthiúil agus rialta. Luafar sa tuairim freisin an gcuireann an obair iniúchóireachta in amhras na dearbhuithe a rinneadh sa dearbhú bainistíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c). I gcás nach mbeidh tuairim den sórt sin ar fáil, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin leibhéal coibhéiseach dearbhaithe a lorg trí mheáin neamhspleácha eile.

Cuirfear na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 15 Feabhra den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Soláthrófar an tuairim dá dtagraítear sa tríú fomhír don Choimisiún faoin 15 Márta den bhliain sin ar a dhéanaí.

Beidh na hoibleagáidí a leagtar amach sa mhír seo gan dochar do na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le BEI, le CEI, le heagraíochtaí de chuid na mBallstát, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tríú tíortha. Maidir leis an dearbhú bainistíochta, beidh ar áireamh i gcomhaontuithe den sórt sin, ar a laghad, an oibleagáid ar na heintitis sin ráiteas a sholáthar gach bliain don Choimisiún ina ndearbhaítear gur úsáideadh agus gur cuireadh i gcuntas cistí an Aontais, i rith na bliana airgeadais lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 157(3) agus (4) agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos i gcomhaontuithe den sórt sin. Féadfar ráiteas den sórt sin a ionchorprú sa tuarascáil deiridh más rud é go bhfuil an ghníomhaíocht a cuireadh chun feidhme teoranta do 18 mí.

2.   Agus cistí de chuid an Aontais á gcur chun feidhme acu, déanfaidh duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), an méid seo a leanas:

(a)

ní thacóidh sé nó sí le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, seachaint cánach, calaois chánach nó imghabháil cánach i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais, agus le caighdeáin idirnáisiúnta agus le caighdeáin an Aontais;

(b)

agus ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha á gcur chun feidhme aige nó aici i gcomhréir le Teideal X, ní dhéanfaidh sé nó sí oibríochtaí nua nó athnuaite le heintitis atá ionchorpraithe nó bunaithe i ndlínsí a liostaítear faoi bheartas ábhartha an Aontais maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha, nó a shainaithnítear mar thríú tíortha ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849.

Ní fhéadfaidh na heintitis maolú ar an gcéad fhomhír, pointe (b), ach amháin má chuirtear an ghníomhaíocht ar siúl go fisiciúil i gceann de na dlínsí sin, agus mura bhfuil aon táscaire ann go dtiteann an oibríocht ábhartha faoi aon cheann de na catagóirí a liostaítear sa chéad fhomhír, pointe (a).

Na heintitis a chuireann ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha chun feidhme i gcomhréir le Teideal X, áiritheoidh siad an méid a leanas:

(a)

comhlíonann tríú páirtithe a gcuireann siad tacaíocht ar fáil dóibh go díreach ón mbuiséad an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den mhír seo;

(b)

i gcás tríú páirtithe eile, tá rialacha, nósanna imeachta agus bearta feabhais eile a mheastar a bheith iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 157(4), agus go háirithe an chéad fhomhír, pointe (a), de, i bhfeidhm chun a áirithiú go mbainfidh na tríú páirtithe sin tairbhe as tacaíocht ón mbuiséad faoi réir caighdeáin an Aontais nó caighdeáin idirnáisiúnta choibhéiseacha maidir le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, seachaint cánach, calaois chánach nó imghabháil cánach a urramú.

Agus comhaontuithe á dtabhairt i gcrích le hidirghabhálaithe airgeadais, iarrfaidh eintitis a chuireann ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha chun feidhme i gcomhréir le Teideal X ar na hidirghabhálaithe airgeadais tuairisc a thabhairt maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa mhír seo.

3.   Agus ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha á gcur chun feidhme acu i gcomhréir le Teideal X, cuirfidh daoine agus eintitis i bhfeidhm na prionsabail agus na caighdeáin a leagtar amach i ndlí an Aontais maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh agus sceimhlitheoirí a mhaoiniú, go háirithe i Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (59) agus i dTreoir (AE) 2015/849. Cuirfidh siad de choinníoll ar an gcistiú faoin Rialachán seo go ndéanfar faisnéis úinéireachta tairbhiúla a nochtadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 agus déanfaidh siad sonraí maidir le tuairisciú de réir tíre a fhoilsiú de réir bhrí Airteagal 89(1) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (60).

4.   Fíoróidh an Coimisiún gur baineadh úsáid as cistí an Aontais nó as ráthaíochtaí buiséadacha i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna comhaontuithe ábhartha. I gcás ina n-aisíoctar costais an duine nó an eintitis bunaithe ar rogha costais shimplithe i gcomhréir le hAirteagal 125(1), an chéad fhomhír, pointí (c), (d) agus (e), beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 184(1) go (5) agus ag Airteagail 185 go 188. I gcás inar baineadh úsáid as cistí de chuid an Aontais nó as ráthaíochtaí buiséadacha de shárú ar na hoibleagáidí a leagtar síos sna comhaontuithe ábhartha, beidh feidhm ag Airteagal 132.

5.   Beidh feidhm ag Airteagal 36(6), an chéad fhomhír, maidir le daoine nó eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), maidir le faighteoirí díreacha na gcistí sin agus maidir le húinéirí tairbhiúla na bhfaighteoirí sin a mhéid a bhailítear sonraí maidir le húinéirí tairbhiúla i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta na ndaoine nó na n-eintiteas sin.

6.   Beidh feidhm ag ceanglais Airteagal 38(6) maidir le daoine nó eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), i gcás inar mó ná EUR 500 000 an tacaíocht airgeadais arna soláthar go díreach ag daoine nó ag eintitis chuig tríú páirtithe.

7.   Saineofar go soiléir sna comhaontuithe ranníocaíochta, sna comhaontuithe maoiniúcháin agus sna comhaontuithe ráthaíochta freagrachtaí agus oibleagáidí an duine nó an eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme, lena n-áirítear na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 129 agus coinníollacha íocaíochta na ranníocaíochta. Sna comhaontuithe sin, i gcás inarb infheidhme, déanfar an luach saothair, arna chomhaontú go frithpháirteach, a shainiú agus beidh an luach saothair sin i gcomhréir leis na coinníollacha faoina gcuirtear na gníomhaíochtaí chun feidhme, agus aird chuí á tabhairt ar chásanna géarchéime agus leochaileachta, agus, i gcás inarb iomchuí, beidh siad bunaithe ar fheidhmíocht. Áireofar sna comhaontuithe sin freisin rialacha maidir le tuairisciú don Choimisiún i dtaobh conas a chomhlíontar na cúraimí, i dtaobh na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta, agus an oibleagáid ar dhaoine nó ar eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha chun feidhme a bhaineann le fógra a thabhairt don Choimisiún gan mhoill faoi chásanna inar suíodh calaois agus neamhrialtachtaí agus faoi obair leantach ina leith, mar aon le haon fhaisnéis a bhaineann le cásanna amhrasta calaoise nó éillithe nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

8.   Cuirfear na comhaontuithe ranníocaíochta, na comhaontuithe maoiniúcháin agus na comhaontuithe ráthaíochta uile ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle arna iarraidh sin dóibh.

9.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an ranníocaíocht ón Aontas le comhlachtaí de chuid an Aontais atá faoi réir nós imeachta um urscaoileadh ar leithligh faoi Airteagail 70 agus 71 cé is moite de chomhaontuithe ranníocaíochta ad hoc a d’fhéadfadh a bheith ann.

Airteagal 159

Bainistíocht indíreach le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   I gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c)(ii), féadfaidh an Coimisiún an buiséad a chur chun feidhme go hindíreach le heagraíochtaí idirnáisiúnta san earnáil phoiblí a bunaíodh le comhaontuithe idirnáisiúnta (eagraíochtaí idirnáisiúnta) agus le gníomhaireachtaí speisialaithe arna mbunú ag eagraíochtaí den sórt sin. Déanfar na comhaontuithe sin a tharchur chuig an gCoimisiún mar chuid den mheasúnú arna dhéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 157(3).

2.   Comhshamhlófar na heagraíochtaí seo a leanas le heagraíochtaí idirnáisiúnta:

(a)

Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge;

(b)

Cónaidhm Idirnáisiúnta de chuid Chumainn Náisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg.

3.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a bhfuil údar cuí leis a ghlacadh lena gcomhshamhlaítear eagraíocht neamhbhrabúsach le heagraíocht idirnáisiúnta ar choinníoll go gcomhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá pearsantacht dhlítheanach agus comhlachtaí rialachais uathrialacha aici;

(b)

bunaíodh í chun sainchúraimí de chineál leasa ghinearálta idirnáisiúnta a dhéanamh;

(c)

tá sé Bhallstát ar a laghad ina gcomhaltaí den eagraíocht neamhbhrabúsach sin;

(d)

feidhmíonn sí ar bhonn struchtúr buan agus i gcomhréir le córais, rialacha agus nósanna imeachta a fhéadtar a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 157(3).

Soláthrófar ráthaíochtaí airgeadais leormhaithe d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha den sórt sin agus aird chuí á tabhairt ar an ranníocaíocht ón Aontas atá curtha de chúram orthu.

4.   I gcás ina gcuireann eagraíochtaí idirnáisiúnta cistí chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, beidh feidhm ag comhaontuithe fíorúcháin a tugadh i gcrích leo.

Airteagal 160

Bainistíocht indíreach le heagraíochtaí de chuid na mBallstát

1.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointí (c)(v) agus (vi), an buiséad a chur chun feidhme go hindíreach le heagraíochtaí de chuid na mBallstát.

2.   I gcás ina gcuireann an Coimisiún an buiséad chun feidhme go hindíreach le heagraíochtaí de chuid na mBallstát, braithfidh sé ar chórais, rialacha agus nósanna imeachta na n-eagraíochtaí sin a ndearnadh measúnú orthu i gcomhréir le hAirteagal 157(2), (3) agus (4).

3.   Déanfar méid agus rialacha mionsonraithe na trasiontaoibhe ar chórais, rialacha agus nósanna imeachta eagraíochtaí de chuid na mBallstát a shonrú tuilleadh sna comhaontuithe comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais a thugtar i gcrích le heagraíochtaí de chuid na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 131, agus féadfar a áireamh sna comhaontuithe sin forálacha sonracha maidir leis an trasiontaoibh ar mheasúnuithe agus iniúchtaí dá dtagraítear in Airteagail 126 agus 127.

Airteagal 161

Bainistíocht indíreach le tríú tíortha

1.   Féadfaidh an Coimisiún an buiséad a chur chun feidhme go hindíreach le tríú tír nó leis na comhlachtaí arna n-ainmniú ag an tír sin, dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c)(i), trí chomhaontú maoiniúcháin a thabhairt i gcrích ina dtugtar tuairisc ar idirghabháil an Aontais sa tríú tír agus lena leagtar síos an modh cur chun feidhme le haghaidh gach cuid den ghníomhaíocht.

2.   Maidir leis an gcuid den ghníomhaíocht a cuireadh chun feidhme go hindíreach leis an tríú tír, nó leis na comhlachtaí a d’ainmnigh sí, saineofar go soiléir sa chomhaontú maoiniúcháin, sa bhreis ar na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 158(7), róil agus freagrachtaí an tríú tír agus an Choimisiúin i dtaca le cur chun feidhme na gcistí. Ina theannta sin, cinnfear sa chomhaontú maoiniúcháin na rialacha agus na nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm ag an tríú tír agus cistí de chuid an Aontais á gcur chun feidhme aici.

Airteagal 162

Oibríochtaí measctha

1.   Is é an Coimisiún nó is iad daoine nó eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), a bhainisteoidh oibríochtaí measctha.

2.   I gcás ina gcuirtear ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha chun feidhme laistigh de shaoráid mheasctha nó d’ardán measctha, beidh feidhm ag Teideal X.

3.   Maidir le hionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a chuirtear chun feidhme laistigh de shaoráidí measctha nó d’ardáin mheasctha, measfar gur comhlíonadh Airteagal 212(2), an chéad fhomhír, pointe (h), má dhéantar meastóireacht ex ante sula mbunófar an tsaoráid mheasctha nó an t-ardán measctha ábhartha.

4.   Tarraingeofar suas tuarascálacha bliantúla de bhun Airteagal 41(4) agus (5) ar leibhéal na saoráide measctha nó an ardáin measctha, agus na hionstraimí airgeadais agus na ráthaíochtaí buiséadacha uile a ghrúpáiltear faoin tsaoráid nó faoin ardán sin á gcur san áireamh agus na cineálacha éagsúla tacaíochta airgeadais laistigh di nó de á sainaithint go soiléir.

TEIDEAL VII

SOLÁTHAR AGUS LAMHÁLTAIS

CAIBIDIL 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 163

Prionsabail is infheidhme maidir le conarthaí agus lena raon feidhme

1.   Maidir leis na conarthaí go léir a mhaoinítear ina n-iomláine nó i bpáirt ag an mbuiséad, urramóidh siad prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe.

2.   Cuirfear na conarthaí go léir amach ar tairiscint ar an mbonn is leithne is féidir, ach amháin nuair a bhaintear úsáid as an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 167(1), pointe (d).

Ní chinnfear luach measta conartha d’fhonn dul timpeall ar na rialacha is infheidhme, ná ní scoiltfear conradh chun na críche sin.

Déanfaidh an t-údarás conarthach conradh a roinnt ina mhíreanna, aon uair is iomchuí, agus aird chuí á tabhairt ar iomaíocht leathan.

3.   Ní úsáidfidh údaráis chonarthacha creatchonarthaí go míchuí ná ar bhealach arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh.

4.   Féadfaidh JRC cistiú a fháil arna mhuirearú ar leithreasuithe cé is moite de leithreasuithe faoi chomhair taighde agus forbairt theicneolaíoch maidir lena rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair a mhaoinítear ina n-iomláine nó i bpáirt ón mbuiséad.

5.   Ní bheidh feidhm ag na rialacha soláthair a leagtar síos sa Rialachán seo, cé is moite de phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí JRC thar ceann tríú páirtithe;

(b)

seirbhísí airgeadais a bhaineann le hurrúis nó ionstraimí airgeadais eile a eisiúint, a dhíol, a cheannach nó a aistriú de réir bhrí Threoir 2014/65/AE, ar seirbhísí iad a úsáideann an Coimisiún i gcomhthéacs a oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí, a oibríochtaí bainistíochta sócmhainní agus a oibríochtaí cisteáin, lena n-áirítear seirbhísí a sholáthraíonn bainc cheannais, an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, BEI agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, agus eintitis náisiúnta a bhfuil de chúram orthu fiachas ceannasach a eisiúint agus a bhainistiú;

(c)

seirbhísí maidir le doiciméid a dheimhniú agus a fhíordheimhniú, ar seirbhísí iad nach mór a bheith soláthartha ag nótairí, i gcás nach mbíonn seirbhísí den sórt sin ar oscailt d’iomaíocht ar bhonn na rialacha náisiúnta is infheidhme.

6.   Cé is moite de sholáthar i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha, sula ndéanfar aon cheann de na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír mar fhreagairt ar ghéarchéim, déanfar dearbhú géarchéime i gcomhréir leis na rialacha inmheánacha ábhartha.

Ní fhéadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach brath ar dhearbhú géarchéime ach amháin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

nós imeachta soláthair a sheoladh;

(b)

údaráis chonarthacha a chur leis de bhun Airteagal 168(1), an ceathrú fomhír, Airteagal 168(2), an séú fomhír, nó Airteagal 175(5), an dara fomhír;

(c)

teagmháil a dhéanamh le tairgeoirí de bhun Airteagal 172(1), an dara fomhír;

(d)

conradh a mhodhnú de bhun Airteagal 175(5), an chéad fhomhír; nó

(e)

doiciméid tacaíochta a iarraidh sula síneofar an conradh de bhun an cheathrú fomhír de phointe 18.1 agus an cheathrú fomhír de phointe 18.4 d’Iarscríbhinn I,

má tá údar leis sin mar gheall ar chás deargphráinne a eascraíonn as géarchéim den sórt sin.

Airteagal 164

Iarscríbhinn maidir le soláthar agus maidir le tarmligean na gcumhachtaí

Leagtar amach rialacha mionsonraithe i leith soláthair in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Chun a áirithiú go gcuirfidh institiúidí an Aontais na caighdeáin chéanna i bhfeidhm, agus conarthaí á ndámhachtain ar a gcuntas féin, agus a fhorchuirtear ar údaráis chonarthacha a chumhdaítear i dTreoir 2014/23/AE agus i dTreoir 2014/24/AE, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 275 den Rialachán seo chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, chun an Iarscríbhinn sin a ailíniú le leasuithe ar na Treoracha sin agus chun coigeartuithe teicniúla gaolmhara a thabhairt isteach.

Airteagal 165

Conarthaí measctha agus stór focal comhchoiteann um sholáthar

1.   Conradh measctha lena gcumhdaítear dhá chineál soláthair nó níos mó (oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí) nó dhá chineál lamháltais (oibreacha nó seirbhísí) nó iad araon, déanfar é a dhámhachtain i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir leis an gcineál soláthair lena léirítear príomhábhar an chonartha i dtrácht.

2.   I gcás conarthaí measctha a bhaineann le soláthairtí agus seirbhísí, cinnfear príomhábhar an chonartha trí chomparáid a dhéanamh idir luachanna na soláthairtí agus na seirbhísí éagsúla.

Déanfar conradh lena gcumhdaítear cineál amháin soláthair (oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí) agus cineál amháin lamháltais (oibreacha nó seirbhísí) a dhámhachtain i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme don chonradh poiblí lena mbaineann.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Teideal seo maidir le conarthaí i gcomhair cúnamh teicniúil arna dtabhairt i gcrích le BEI nó le CEI.

4.   Aon tagairtí don ainmníocht i gcomhthéacs an tsoláthair, déanfar iad trí úsáid a bhaint as an Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar (CPV) mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (61).

Airteagal 166

Bearta poiblíochta

1.   Maidir le nósanna imeachta a bhfuil luach acu is comhionann leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1) nó in Airteagal 181, nó is mó ná iad, déanfaidh an t-údarás conarthach an méid seo a leanas a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:

(a)

fógra conartha chun nós imeachta a sheoladh, ach amháin i gcás an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 167(1), pointe (d);

(b)

fógra faoi dhámhachtain conartha maidir le torthaí an nós imeachta.

2.   Déanfar nósanna imeachta arb ísle a luach ná na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1) nó in Airteagal 181 a fhógairt le modhanna iomchuí.

3.   Féadfar gan faisnéis áirithe faoi dhámhachtain conarthaí a fhoilsiú i gcás ina gcuirfeadh scaoileadh na faisnéise sin bac ar fhorfheidhmiú an dlí, nó ina mbeadh sé in aghaidh leas an phobail ar shlí eile, ina ndéanfadh sé dochar do leasanna dlisteanacha tráchtála oibreoirí eacnamaíocha, nó ina bhféadfadh sé dochar a dhéanamh don iomaíocht chóir idir na hoibreoirí sin.

Airteagal 167

Nósanna imeachta soláthair

1.   Nósanna imeachta soláthair maidir le conarthaí lamháltais nó conarthaí poiblí a dhámhachtain, lena n-áirítear creatchonarthaí, beidh siad i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

nós imeachta oscailte;

(b)

nós imeachta srianta, lena n-áirítear trí chóras dinimiciúil ceannaigh;

(c)

comórtas deartha;

(d)

nós imeachta idirbheartaithe, lena n-áirítear gan é a fhoilsiú roimh ré;

(e)

idirphlé iomaíoch;

(f)

nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht;

(g)

comhpháirtíocht nuálaíochta;

(h)

nósanna imeachta lena mbaineann glao ar léiriú spéise.

2.   I nósanna imeachta oscailte, féadfaidh aon oibreoir eacnamaíoch ar spéis leis nó léi é tairiscint a thíolacadh.

3.   I nósanna imeachta srianta, in idirphlé iomaíoch, i nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht agus i gcomhpháirtíochtaí nuálaíochta, féadfaidh aon oibreoir eacnamaíoch iarraidh a thíolacadh chun páirt a ghlacadh tríd an bhfaisnéis a iarrann an t-údarás conarthach a chur ar fáil. Iarrfaidh an t-údarás conarthach ar gach iarrthóir, a chomhlíonann na critéir roghnúcháin agus nach bhfuil in aon cheann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagail 138(1) agus 143(1), tairiscint a thíolacadh.

In ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh an t-údarás conarthach líon na n-iarrthóirí a n-iarrfar orthu tairiscint a thíolacadh sa nós imeachta a theorannú ar bhonn critéir roghnúcháin oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, a chuirfear in iúl san fhógra conartha nó sa ghlao ar léiriú spéise. Beidh líon na n-iarrthóirí a n-iarrfar orthu páirt a ghlacadh leordhóthanach chun go n-áiritheofar fíoriomaíocht.

4.   I ngach nós imeachta lena ngabhann idirbheartaíocht, rachaidh an t-údarás conarthach i mbun idirbheartaíocht le tairgeoirí maidir leis an gcéad tairiscint agus le haon tairiscintí ina dhiaidh sin nó codanna díobh, seachas a gcuid tairiscintí deiridh, chun feabhas a chur ar a n-inneachar. Na híoscheanglais agus na híoschritéir a shonraítear sna doiciméid soláthair, ní bheidh siad faoi réir idirbheartaíochta.

Féadfaidh údarás conarthach conradh a dhámhachtain ar bhonn na chéad tairisceana gan idirbheartaíocht i gcás inar léirigh sé sna doiciméid soláthair go bhforchoimeádann sé an deis chun é sin a dhéanamh.

5.   Féadfaidh an t-údarás conarthach na nithe seo a leanas a úsáid:

(a)

an nós imeachta oscailte nó an nós imeachta srianta do cheannach ar bith;

(b)

na nósanna imeachta lena mbaineann glao ar léiriú spéise do chonarthaí a bhfuil luach orthu atá faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear in Airteagal 178(1), chun iarrthóirí a réamhroghnú a dtabharfaí cuireadh dóibh tairiscintí a thíolacadh mar fhreagairt ar chuirí srianta chun tairisceana amach anseo, nó liosta díoltóirí a bhailiú a dtabharfaí cuireadh dóibh iarrataí a chur isteach chun páirt a ghlacadh nó chun tairiscintí a thíolacadh;

(c)

an comórtas deartha chun plean nó dearadh a fháil arna roghnú ag giúiré tar éis iad a bheith curtha amach ar comórtas;

(d)

an chomhpháirtíocht nuálaíochta chun táirge nuálach, seirbhís nuálach nó oibreacha nuálacha a fhorbairt, agus chun an soláthar, na seirbhísí nó na hoibreacha ar toradh orthu iad a cheannach ina dhiaidh sin;

(e)

an nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht nó an t-idirphlé iomaíoch i gcomhair conarthaí lamháltais, do na conarthaí seirbhíse dá dtagraítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Treoir 2014/24/AE, i gcásanna nár tíolacadh ach tairiscintí neamhrialta nó do-ghlactha mar fhreagairt ar nós imeachta oscailte nó srianta tar éis an nós imeachta tosaigh a chur i gcrích, agus i gcásanna ina mbeidh údar leis sin de bharr na gcúinsí sonracha a bhaineann, inter alia, le cineál nó le castacht ábhar an chonartha nó le cineál sonrach an chonartha, a bhfuil tuairisc mhionsonraithe orthu in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(f)

an nós imeachta idirbheartaithe maidir le conarthaí ar lú a luach ná na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1), nó an nós imeachta idirbheartaithe nár foilsíodh roimh ré do chineálacha áirithe ceannachán a thagann lasmuigh de raon feidhme Threoir 2014/24/AE nó sna himthosca eisceachtúla arna sainiú go ríshoiléir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

6.   Beidh córas dinimiciúil ceannaigh ar oscailt le linn a ré d’aon oibreoir eacnamaíoch a chomhlíonann na critéir roghnúcháin.

Comhlíonfaidh an t-údarás conarthach rialacha an nós imeachta shrianta do sholáthar trí chóras dinimiciúil ceannaigh.

Airteagal 168

Soláthar idirinstitiúideach, soláthar comhpháirteach, agus soláthar thar ceann na mBallstát

1.   I gcás inar spéis le dhá institiúid de chuid an Aontais nó níos mó, le dhá ghníomhaireacht feidhmiúcháin de chuid an Aontais nó níos mó nó le dhá chomhlacht de chuid an Aontais nó níos mó dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 conradh nó creatchonradh, agus aon uair a d'fhéadfaí éifeachtúlacht a mhéadú, féadfaidh na húdaráis chonarthacha lena mbaineann nós imeachta agus bainistiú an chonartha nó an chreatchonartha iardain a chur i gcrích ar bhonn idirinstitiúideach faoi cheannaireacht ceann de na húdaráis chonarthacha.

Na comhlachtaí agus na daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha in CBES a chur chun feidhme de bhun Theideal V de CAE mar aon le hOifig Rúnaí Bhord Gobharnóirí na Scoileanna Eorpacha, féadfaidh siad páirt a ghlacadh i nósanna imeachta idirinstitiúideacha.

Ní bheidh feidhm ag téarmaí creatchonartha ach amháin idir na húdaráis chonarthacha atá sainaitheanta chun na críche sin sna doiciméid soláthair agus na hoibreoirí eacnamaíocha sin atá ina bpáirtithe sa chreatchonradh.

De mhaolú ar an tríú fomhír den mhír seo, i gcás deargphráinne a eascraíonn as géarchéim, féadfaidh an t-údarás conarthach údaráis chonarthacha nua a thabhairt isteach tar éis sheoladh an nós imeachta soláthair agus roimh shíniú an chonartha, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 163(6) agus ar choinníoll nach n-athraíonn an modhnú ábhar an chonartha ná ábhar an chreatchonartha.

2.   I gcás ina bhfuil gá le conradh nó creatchonradh chun gníomhaíocht chomhpháirteach a chur chun feidhme idir institiúid de chuid an Aontais, comhlacht de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 nó gníomhaireacht feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69 agus údarás conarthach amháin nó níos mó ó na Ballstáit, féadfaidh an institiúid de chuid an Aontais agus na húdaráis chonarthacha an nós imeachta soláthair a chur i gcrích i gcomhpháirt le chéile. I gcás inar gá soláthar comhpháirteach a chur i gcrích idir institiúid de chuid an Aontais, comhlacht de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 nó gníomhaireacht feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69 agus údarás conarthach amháin nó níos mó ó na Ballstáit, féadfaidh na Ballstáit na hacmhainneachtaí arna soláthar i gcomhpháirt a fháil, a fháil ar cíos nó a fháil ar léas go hiomlán.

Féadfar soláthar comhpháirteach a dhéanamh le Stáit CSTE agus tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas má foráladh go sonrach don deis sin i gconradh déthaobhach nó iltaobhach, nó le tríú tíortha eile má foráladh go sonrach don deis sin sa bhunghníomh is infheidhme.

Beidh feidhm maidir leis an soláthar comhpháirteach ag na forálacha nós imeachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí de chuid an Aontais.

I gcás ina bhfuil an cion a bhaineann leis an údarás conarthach de chuid Ballstáit, nó an cion atá á bhainistiú aige, i luach iomlán measta an chonartha cothrom le 50 % nó níos mó ná sin, nó i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an institiúid de chuid an Aontais a chinneadh go mbeidh feidhm ag na rialacha nós imeachta is infheidhme maidir leis an údarás conarthach de chuid Ballstáit, go mbeidh feidhm acu maidir leis an soláthar comhpháirteach, ar choinníoll go bhféadfar a mheas go bhfuil na rialacha sin coibhéiseach leo sin atá ag an institiúid de chuid an Aontais.

An institiúid de chuid an Aontais agus an t-údarás conarthach ó Bhallstát, ó Stát de chuid CSTE nó ó thír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas, lena mbaineann an soláthar comhpháirteach, tiocfaidh siad ar chomhaontú go háirithe maidir leis na socruithe mionsonraithe praiticiúla chun meastóireacht a dhéanamh ar na hiarrataí ar rannpháirtíocht nó ar na tairiscintí, maidir le dámhachtain an chonartha, maidir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh, agus maidir leis an gcúirt inniúil chun díospóidí a éisteacht.

I gcás deargphráinne a eascraíonn as géarchéim, féadfar údaráis chonarthacha nua a thabhairt isteach tar éis sheoladh an nós imeachta soláthair agus roimh shíniú an chonartha, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 163(6) agus ar choinníoll nach n-athraíonn an modhnú ábhar an chonartha ná ábhar an chreatchonartha.

3.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó sainordú a thabhairt d’institiúid de chuid an Aontais, do chomhlacht de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 nó do ghníomhaireacht feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69 (údarás conarthach sainordaithe) gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh chun soláthar a dhéanamh thar ceann na mBallstát sin nó ina n-ainm, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

déanfaidh an t-údarás conarthach sainordaithe measúnú ar fhóntas, riachtanas agus comhréireacht na hiarrata ó na Ballstáit sin;

(b)

i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an údarás conarthach sainordaithe gan an iarraidh a leanúint, cuirfidh sé na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas agus tabharfaidh sé cúiseanna lena dhiúltú;

(c)

seolfaidh an t-údarás conarthach sainordaithe an nós imeachta soláthair de réir a rialacha féin;

(d)

má chinneann an t-údarás conarthach sainordaithe nós imeachta soláthair a sheoladh thar ceann na mBallstát, cuirfidh sé na Ballstáit uile ar an eolas faoin rún atá aige an soláthar a dhéanamh agus iarrfaidh sé ar na Ballstáit leasmhara a bheith rannpháirteach;

(e)

i gcás ina gcomhaontaíonn sé soláthar a dhéanamh thar ceann na mBallstát nó in ainm na mBallstát, tarraingeoidh an t-údarás conarthach sainordaithe suas an togra le haghaidh comhaontú sainordaithe atá le síniú ag na Ballstáit rannpháirteacha. Áireofar sa chomhaontú sin go háirithe na socruithe praiticiúla maidir le rannpháirtíocht na mBallstát rannpháirteach, na coinníollacha agus na tréimhsí ama maidir le rogha a bheith páirteach agus rogha gan a bheith páirteach, agus, i gcás inarb iomchuí, rialacha maidir le leithdháileadh na gcainníochtaí idir na Ballstáit rannpháirteacha.

Féadfaidh institiúid de chuid an Aontais, comhlacht de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 nó gníomhaireacht feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69 feidhmiú mar mhórdhíoltóir, trí sholáthairtí agus seirbhísí, lena n-áirítear cíosanna, a cheannach, a stocáil, a athdhíol nó a dheonú do Bhallstáit nó d’eagraíochtaí comhpháirtíochta arna roghnú ag institiúid de chuid an Aontais, ag comhlacht de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 nó ag gníomhaireacht feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69. Sa chás sin, cuirfidh an institiúid de chuid an Aontais, an comhlacht de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 nó an ghníomhaireacht feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69 an nós imeachta soláthair a chur i gcrích de réir a rialacha soláthair féin.

Airteagal 169

Nós imeachta soláthair a ullmhú

1.   Sula seolfaidh sé nós imeachta soláthair, féadfaidh an t-údarás conarthach réamhchomhairliúchán margaidh a dhéanamh d’fhonn an nós imeachta a ullmhú.

2.   Sna doiciméid soláthair, déanfaidh an t-údarás conarthach ábhar an tsoláthair a shainaithint trí thuairisc a chur ar fáil ar a riachtanais agus ar na saintréithe is gá do na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí atá le ceannach agus sonróidh sé na critéir is infheidhme maidir le heisiamh, roghnú agus dámhachtain. Sonróidh an t-údarás conarthach freisin cé na heilimintí a úsáidtear chun na híoscheanglais atá le comhlíonadh ag gach tairiscint a shainiú. Áireofar sna híoscheanglais comhlíonadh na n-oibleagáidí is infheidhme maidir le dlí comhshaoil, sóisialta agus saothair arna mbunú faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta, faoi chomhaontuithe comhchoiteanna nó faoi na coinbhinsiúin idirnáisiúnta shóisialta agus chomhshaoil is infheidhme a liostaítear in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2014/24/AE.

Airteagal 170

Dámhachtain conarthaí

1.   Dámhfar conarthaí ar bhonn na gcritéar dámhachtana ar choinníoll gur fhíoraigh an t-údarás conarthach na nithe seo a leanas:

(a)

comhlíonann an tairiscint na híoscheanglais a shonraítear sna doiciméid soláthair;

(b)

níl an t-iarrthóir nó an tairgeoir eisiata faoi Airteagal 138 nó níor diúltaíodh iad faoi Airteagal 143;

(c)

tá rochtain ag an iarrthóir nó an tairgeoir ar sholáthar, agus comhlíonann sé nó sí na critéir roghnúcháin a shonraítear sna doiciméid soláthair, lena n-áirítear éagmais leasanna coinbhleachta gairmiúla.

2.   Cuirfidh an t-údarás conarthach na critéir roghnúcháin i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht an iarrthóra nó an tairgeora. Ní bheidh baint ag critéir roghnúcháin ach amháin leis an acmhainneacht dhlíthiúil agus rialála chun an ghníomhaíocht ghairmiúil a shaothrú, an acmhainneacht eacnamaíoch agus airgeadais, agus an acmhainneacht theicniúil agus ghairmiúil. Toimhdeofar go gcomhlíonann JRC na ceanglais a bhaineann le hacmhainneacht airgeadais.

3.   Cuirfidh an t-údarás conarthach na critéir dhámhachtana i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar an tairiscint.

4.   Is ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch a bhunóidh an t-údarás conarthach dámhachtain conarthaí, agus is é a bheidh i gceist leis sin ceann amháin de thrí mhodh dámhachtana: an praghas is ísle, an costas is ísle nó an cóimheas praghas-cáilíocht is fearr.

Maidir leis an modh costais is ísle, déanfaidh an t-údarás conarthach cur chuige éifeachtúlachta costais a úsáid, lena n-áirítear costáil saolré.

Chun an cóimheas praghas-cáilíocht is fearr a fháil, cuirfidh an t-údarás conarthach san áireamh an praghas nó an costas agus critéir cháilíochta eile a bhaineann le hábhar an chonartha.

Airteagal 171

Tíolacadh, cumarsáid leictreonach agus meastóireacht

1.   Leagfaidh an t-údarás conarthach síos teorannacha ama le tairiscintí agus le hiarrataí ar rannpháirtíocht a fháil i gcomhréir le pointe 24 d’Iarscríbhinn I agus castacht an cheannacháin á cur san áireamh, agus tréimhse leormhaith ama á tabhairt aige d’oibreoirí eacnamaíocha chun a dtairiscintí a ullmhú.

2.   Má mheastar é a bheith iomchuí agus comhréireach, féadfaidh an t-údarás conarthach a cheangal ar thairgeoirí ráthaíocht a thaisceadh chun a chinntiú nach n-aistarraingeofar roimh shíniú an chonartha na tairiscintí a tíolacadh. Idir 1 % agus 2 % de luach measta iomlán an chonartha a bheidh i gceist leis an ráthaíocht a cheanglófar.

Scaoilfidh an t-údarás conarthach na ráthaíochtaí:

(a)

tar éis dó an fhaisnéis maidir leis an toradh ar an nós imeachta a sholáthar, i dtaca le tairgeoirí nó tairiscintí a diúltaíodh dá dtagraítear i bpointe 30.2(b) nó (c) d’Iarscríbhinn I;

(b)

tar éis an conradh a bheith sínithe, i dtaca le tairgeoirí a rangaítear dá dtagraítear i bpointe 30.2(e) d’Iarscríbhinn I.

3.   Osclóidh an t-údarás conarthach gach iarraidh ar rannpháirtíocht agus gach tairiscint. Mar sin féin, diúltóidh sé an méid seo a leanas:

(a)

iarrataí ar rannpháirtíocht agus tairiscintí nach gcomhlíonann an teorainn ama maidir lena bhfáil, gan iad a oscailt;

(b)

tairiscintí atá ar oscailt cheana féin nuair a fhaightear iad, gan scrúdú a dhéanamh ar a n-inneachar.

4.   Déanfaidh an t-údarás conarthach meastóireacht ar gach iarraidh ar rannpháirtíocht nó tairiscintí nár diúltaíodh le linn na réamhchéime mar a leagtar síos i mír 3 ar bhonn na gcritéar a shonraítear sna cáipéisí soláthair d’fhonn an conradh a dhámhachtain nó dul ar aghaidh le ceant leictreonach.

5.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin ceapadh an choiste meastóireachta a tharscaoileadh dá bhforáiltear in Airteagal 153(2) sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair atá luach an chonartha níos ísle ná na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1);

(b)

ar bhonn anailís riosca i gcomhair na gcásanna dá dtagraítear i bpointe 11.1, an dara fomhír, pointí (c), (e), (f)(i), (f)(iii), (h) agus (m), d’Iarscríbhinn I;

(c)

ar bhonn anailís riosca i gcás athoscailt na hiomaíochta laistigh de chreatchonradh;

(d)

i gcás nósanna imeachta i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha a bhfuil luach acu arb ionann é agus EUR 20 000 nó níos lú ná sin;

(e)

ar bhonn anailís riosca le haghaidh soláthairtí sonracha faoi chóras dinimiciúil ceannaigh.

6.   Diúltófar iarrataí ar rannpháirtíocht agus tairiscintí nach gcomhlíonann na híoscheanglais uile a leagtar amach sna doiciméid soláthair.

Airteagal 172

Teagmhálacha le linn an nós imeachta soláthair

1.   Sula mbeidh an teorainn ama istigh maidir le hiarrataí ar rannpháirtíocht nó tairiscintí a fháil, féadfaidh an t-údarás conarthach faisnéis bhreise faoi na doiciméid soláthair a chur in iúl má thagann sé ar earráid nó easnamh sa téacs nó arna iarraidh sin do na hiarrthóirí nó na tairgeoirí. Nochtfar do gach iarrthóir nó tairgeoir an fhaisnéis a chuirfear ar fáil.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás deargphráinne a eascraíonn as géarchéim, féadfaidh an t-údarás conarthach teagmháil a dhéanamh i scríbhinn leis na hiarrthóirí go léir a bhfuil cuireadh tugtha dóibh roimh an sprioc-am le haghaidh iarratais ar rannpháirtíocht nó tairiscintí a fháil arb é an t-aon chuspóir atá léi soiléiriú a thabhairt ar an rún atá acu iarraidh ar rannpháirtíocht nó tairiscint a thíolacadh, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 163(6).

2.   Nuair a bheidh an teorainn ama istigh maidir le hiarrataí ar rannpháirtíocht nó tairiscintí a fháil, coinneofar taifead sa chomhad soláthair i ngach cás ina ndearnadh teagmháil, agus sna cásanna sin a bhfuil údar cuí leo nach ndearnadh teagmháil dá bhforáiltear in Airteagal 154.

Airteagal 173

Cinneadh dámhachtana agus faisnéis do na hiarrthóirí nó na tairgeoirí

1.   Cinnfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach cé dó nó di a bhfuil an conradh le dámhachtain, i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana a shonraítear sna doiciméid soláthair.

2.   Tabharfaidh an t-údarás conarthach fógra do na hiarrthóirí nó do na tairgeoirí go léir, ar diúltaíodh a n-iarraidh ar rannpháirtíocht nó a dtairiscint, faoi na forais ar a ndearnadh an cinneadh. Ina theannta sin, cuirfear in iúl do thairgeoirí rathúla agus neamhrathúla fad na tréimhse neamhghníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagail 178(2) agus 181(1), i gcás inarb infheidhme tréimhse neamhghníomhaíochta den sórt sin.

Maidir le conarthaí sainiúla a dhámhachtain faoi chreatchonradh lena ngabhann athoscailt na hiomaíochta, cuirfidh an t-údarás conarthach toradh na meastóireachta in iúl do na tairgeoirí.

3.   Cuirfidh an t-údarás conarthach gach tairgeoir nár diúltaíodh agus a chuireann iarraidh isteach i scríbhinn, ar an eolas faoi aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

ainm an tairgeora, nó na dtairgeoirí i gcás creatchonartha, ar dámhadh an conradh dó nó di agus, ach amháin i gcás conradh sonrach faoi chreatchonradh lena ngabhann athoscailt na hiomaíochta, saintréithe agus buntáistí coibhneasta na tairisceana ar éirigh léi, agus méid iomlán na tairisceana airgeadais;

(b)

dul chun cinn na hidirbheartaíochta agus an idirphlé le tairgeoirí.

Mar sin féin, féadfaidh an t-údarás conarthach a chinneadh faisnéis áirithe a choimeád siar i gcás ina gcuirfeadh scaoileadh na faisnéise sin bac ar fhorfheidhmiú an dlí, ina mbeadh sé in aghaidh leas an phobail nó ina ndéanfadh sé dochar do leasanna dlisteanacha tráchtála oibreoirí eacnamaíocha, nó i gcás ina bhféadfadh sé iomaíocht chóir idir na hoibreoirí sin a shaobhadh.

Airteagal 174

An nós imeachta soláthair a chur ar ceal

Féadfaidh an t-údarás conarthach, sula ndéanfar an conradh a shíniú, an nós imeachta soláthair a chur ar ceal ina iomláine. I gcás nósanna imeachta arna ndámhachtain ina mbearta nó trí sholáthar ilfhoinsiúcháin, is féidir an cealú a dhéanamh i bpáirt. Ní bheidh na hiarrthóirí ná na tairgeoirí i dteideal aon chúiteamh a éileamh.

Tabharfar údar cuí leis an gcinneadh agus tarraingeofar aird na n-iarrthóirí nó na dtairgeoirí air a luaithe is féidir.

Airteagal 175

Comhlíonadh an chonartha agus modhnuithe air

1.   Ní chuirfear tús le comhlíonadh an chonartha sula síneofar é.

2.   Ní fhéadfaidh an t-údarás conarthach conradh nó creatchonradh a mhodhnú gan nós imeachta soláthair ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear i mír 3 agus ar choinníoll nach n-athrófar ábhar an chonartha nó an chreatchonartha ar an dóigh sin, de réir bhrí mhír 4.

3.   Féadfar conradh, creatchonradh nó conradh sonrach faoi chreatchonradh a mhodhnú gan nós imeachta soláthair nua in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí breise ón gconraitheoir bunaidh a bhfuil gá leo anois agus nár cuireadh san áireamh sa chéad soláthar, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

ní féidir conraitheoir a athrú ar chúiseanna teicniúla atá nasctha le ceanglais idirmhalartachta nó idir-inoibritheachta le trealamh, seirbhísí nó suiteálacha atá ann cheana;

(ii)

bheadh dúbláil mhór costas ar an údarás conarthach mar gheall ar athrú conraitheora;

(iii)

aon mhéadú ar phraghas, lena n-áirítear glanluach carnach na modhnuithe i ndiaidh a chéile, ní mó ná 50 % de luach tosaigh an chonartha é;

(b)

i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(i)

ní fhéadfadh údarás conarthach dúthrachtach na himthosca is cúis leis an modhnú a thuar roimh ré;

(ii)

aon mhéadú ar phraghas, ní mó ná 50 % de luach tosaigh an chonartha é;

(c)

i gcás ina bhfuil luach an mhodhnaithe faoi bhun na dtairseach seo a leanas:

(i)

na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1) agus i bpointe 39 d’Iarscríbhinn I i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha is infheidhme tráth an mhodhnaithe; agus

(ii)

10 % de luach tosaigh an chonartha le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí agus soláthair agus conarthaí lamháltais le haghaidh oibreacha nó seirbhísí agus 15 % de luach tosaigh an chonartha le haghaidh conarthaí oibreacha poiblí;

(d)

i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas araon:

(i)

ní dhéantar athrú ar na híoscheanglais don nós imeachta soláthair tosaigh;

(ii)

le haon mhodhnú ina dhiaidh sin ar an luach, comhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) den fhomhír seo, ach amháin i gcás ina n-eascraíonn modhnú den sórt sin ar an luach ó chur i bhfeidhm dian na ndoiciméad soláthair nó na bhforálacha conarthacha.

Ní chuirfear athbhreithnithe ar phraghas san áireamh le luach tosaigh an chonartha.

Ní mó glanluach carnach roinnt modhnuithe a rinneadh i ndiaidh a chéile faoin gcéad fhomhír, pointe (c), ná aon tairseach dá dtagraítear ann.

Déanfaidh an t-údarás conarthach na bearta poiblíochta ex post a leagtar amach in Airteagal 166 a chur i bhfeidhm.

4.   Measfar modhnú a bheith ina athrú ar ábhar an chonartha nó an chreatchonartha, i gcás ina bhfágann sé an conradh nó an creatchonradh difriúil go hábhartha lena raibh sé nuair a socraíodh i dtús báire é. I gcás ar bith, measfar modhnú a bheith ina athrú ar ábhar an chonartha nó an chreatchonartha i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leanas:

(a)

leis an modhnú, déantar coinníollacha suntasacha a thabhairt isteach nó a chosc, ar coinníollacha iad, dá mba chuid den nós imeachta soláthair tosaigh iad, lena ndéanfaí foráil maidir le tairgeoirí eile a bheith páirteach seachas díreach iad siúd a roghnaíodh i dtús báire nó lena ndéanfaí foráil maidir le tairiscint a ghlacadh seachas díreach an tairiscint a glacadh i dtús báire, nó lena ndéanfaí rannpháirtithe breise a mhealladh isteach sa nós imeachta soláthair, nó lena bhfágfaí nach roghnófaí an tairgeoir ar éirigh leis;

(b)

leis an modhnú, athraítear go suntasach cothromaíocht eacnamaíoch an chonartha nó an chreatchonartha i bhfabhar an chonraitheora ar bhealach nach ndearnadh foráil dó sa chonradh tosaigh nó sa chreatchonradh tosaigh;

(c)

leis an modhnú, cuirtear síneadh suntasach le raon feidhme an chonartha nó an chreatchonartha.

5.   De mhaolú ar mhír 3, pointe (b)(ii), i gcás deargphráinne a eascraíonn as géarchéim, féadfaidh an t-údarás conarthach, le comhaontú ón gconraitheoir, conradh nó creatchonradh a mhodhnú lastall den tairseach 50 % agus suas le 100 % de luach tosaigh an chonartha, ar choinníoll go bhfuil údar leis sin ar an ábhar go bhfuil sé riachtanach chun freagairt ar éabhlóid na géarchéime, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 163(6).

De mhaolú ar mhír 3, i gcás deargphráinne a eascraíonn as géarchéim, féadfar téarmaí creatchonartha a mhodhnú trí chomhaontú coiteann ionas go mbeadh feidhm acu maidir leis na húdaráis chonarthacha nua sin arna dtabhairt isteach tar éis an creatchonradh a mhodhnú, lena n-áirítear i gcás soláthar idirinstitiúideach nó soláthar comhpháirteach, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 163(6).

Airteagal 176

Ráthaíochtaí um chomhlíonadh agus ráthaíochtaí um airgead coinneála

1.   10 %, ar a mhéad, de luach iomlán an chonartha a bheidh i ráthaíocht um chomhlíonadh.

Déanfar í a scaoileadh go hiomlán tar éis glacadh leis na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí casta go críochnaitheach laistigh de thréimhse faoi réir na dteorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 116(1) agus atá le sonrú sa chonradh. Féadfar í a scaoileadh go páirteach nó go hiomlán ar ghlacadh go sealadach leis na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí casta.

2.   Féadfar ráthaíocht um airgead coinneála arb ionann í agus 10 %, ar a mhéad, de luach iomlán an chonartha a chur le chéile trí asbhaintí as íocaíochtaí eatramhacha a luaithe a dhéanfar iad nó trí asbhaint as an íocaíocht dheireanach.

Cinnfidh an t-údarás conarthach méid na ráthaíochta um airgead coinneála, a bheidh comhréireach leis na rioscaí a aithneofar i ndáil le comhlíonadh an chonartha, agus ábhar an chonartha á chur san áireamh, chomh maith leis na gnáth-théarmaí tráchtála is infheidhme maidir leis an earnáil lena mbaineann.

Ní úsáidfear ráthaíocht um airgead coinneála i gconradh i gcás inar iarradh ráthaíocht um chomhlíonadh ach nár scaoileadh í.

3.   Faoi réir formheas ag an údarás conarthach, féadfaidh an conraitheoir a iarraidh go gcuirfear an ráthaíocht um airgead coinneála in áit ráthaíocht eile dá dtagraítear in Airteagal 155.

4.   Scaoilfidh an t-údarás conarthach an ráthaíocht um airgead coinneála tar éis do thréimhse dhliteanais an chonartha dul in éag, laistigh de thréimhse faoi réir na dteorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 116(1) agus atá le sonrú sa chonradh.

CAIBIDIL 2

Forálacha is infheidhme maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag institiúidí de chuid an aontais ar a gcuntas féin

Airteagal 177

An t-údarás conarthach

1.   Maidir le hinstitiúidí de chuid an Aontais, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71, measfar gur údaráis chonarthacha iad i ndáil le conarthaí a bheidh á ndámhachtain ar a gcuntas féin, ach amháin i gcás ina gceannaíonn siad nithe ó chomhlacht lárnach ceannaigh. Ní mheasfar gur údaráis chonarthacha iad ranna d’institiúidí de chuid an Aontais i gcás ina dtugann siad comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse i gcrích eatarthu féin.

Tarmligfidh institiúidí de chuid an Aontais a measfar gur údaráis chonarthacha iad i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, i gcomhréir le hAirteagal 60, na cumhachtaí is gá chun feidhm an údaráis chonarthaigh a fheidhmiú.

2.   Measfaidh gach oifigeach údarúcháin trí tharmligean nó trí fho-tharmligean i ngach institiúid de chuid an Aontais ar sroicheadh na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1).

Airteagal 178

Tairseacha is infheidhme agus tréimhse neamhghníomhaíochta

1.   Chun conarthaí poiblí agus conarthaí lamháltais a dhámhachtain, cloífidh an t-údarás conarthach leis na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 4, pointí (a) agus (b), de Threoir 2014/24/AE agus nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 167(1) den Rialachán seo á roghnú aige, agus, faoi seach, an tairseach a leagtar síos in Airteagal 8(1) de Threoir 2014/23/AE maidir le lamháltais.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den Airteagal seo, maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag toscaireachtaí de chuid an Aontais i dtríú tíortha nó arna ndámhachtain go heisiach chun leas toscaireachtaí de chuid an Aontais i dtríú tíortha, is é EUR 300 000 a bheidh sa tairseach is infheidhme le haghaidh conarthaí soláthair agus seirbhíse poiblí, seachas an tairseach le haghaidh conarthaí soláthair agus seirbhíse poiblí a leagtar síos in Airteagal 4, pointe (b), de Threoir 2014/24/AE.

Beidh feidhm freisin maidir le hoifigí Pharlaimint na hEorpa i dtríú tíortha ag Airteagal 152(5), Airteagal 178(1), Airteagal 179(3) mar aon le pointí 11.1(m), 14 agus 18.1 d’Iarscríbhinn I, lena dtagraítear do sholáthar ó thoscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha.

2.   Faoi réir na n-eisceachtaí agus na gcoinníollacha a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ní shíneoidh an t-údarás conarthach, i gcás conarthaí ar mó a luach ná na tairseacha dá dtagraítear i mír 1, an conradh ná an creatchonradh leis an tairgeoir a n-éireoidh leis nó léi go dtí go mbeidh tréimhse neamhghníomhaíochta caite.

3.   Mairfidh an tréimhse neamhghníomhaíochta 10 lá, agus úsáid á baint as modh leictreonach cumarsáide, agus mairfidh sí 15 lá, agus úsáid á baint as modhanna eile.

Airteagal 179

Na rialacha maidir le rochtain ar sholáthar

1.   Beidh rannpháirtíocht sna nósanna imeachta soláthair ar oscailt ar choinníollacha comhionanna do gach duine nádúrtha agus dlítheanach, a thagann faoi raon feidhme na gConarthaí agus do na daoine go léir, idir dhaoine nádúrtha agus dhaoine dlítheanacha, atá bunaithe i dtríú tír a bhfuil comhaontú speisialta aici leis an Aontas i réimse an tsoláthair faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú sin. Beidh sí ar oscailt d’eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin.

2.   Chun críocha Airteagal 163(4), measfar JRC a bheith ina dhuine dlítheanach atá bunaithe i mBallstát.

3.   Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag toscaireachtaí de chuid an Aontais i dtríú tíortha nó arna ndámhachtain go heisiach chun leas toscaireachtaí de chuid an Aontais i dtríú tíortha, beidh rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair ar oscailt freisin ar théarmaí comhionanna do gach duine nádúrtha agus dlítheanach atá bunaithe sa tríú tír ina bhfuil an toscaireacht lena mbaineann bunaithe. Ina theannta sin, féadfar a chinneadh, in imthosca eisceachtúla lena bhfuil údar cuí tugtha ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach, go ligfear do náisiúnaigh nó eintitis tríú tír tairiscint a chur isteach ar chonarthaí.

4.   Beidh rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair agus i gcomhlíonadh na gconarthaí arna ndámhachtain faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/1031 agus i ngníomhartha cur chun feidhme (bearta IPI) arna nglacadh faoin Rialachán sin.

Airteagal 180

Rialacha soláthair na hEagraíochta Domhanda Trádála

I gcás ina bhfuil feidhm ag an gComhaontú iltaobhach maidir le Soláthar Rialtais a tugadh i gcrích laistigh den Eagraíocht Dhomhanda Trádála, beidh an nós imeachta soláthair ar oscailt freisin d’oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe sna stáit a dhaingnigh an comhaontú sin, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú sin.

CAIBIDIL 3

Forálacha is infheidhme maidir le soláthar i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha

Airteagal 181

Soláthar don ghníomhaíocht sheachtrach

1.   Beidh feidhm ag na forálacha ginearálta maidir le soláthar a leagtar amach i gCaibidil 1 den Teideal seo maidir le conarthaí a chumhdaítear leis an gCaibidil seo faoi réir na bhforálacha speisialta a bhaineann leis na socruithe maidir le conarthaí seachtracha a dhámhachtain a leagtar síos i gCaibidil 3 d’Iarscríbhinn I. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 177 go hAirteagal 180 maidir leis an soláthar a chumhdaítear leis an gCaibidil seo.

Faoi réir na n-eisceachtaí agus na gcoinníollacha a shonraítear in Iarscríbhinn I, ní shíneoidh an t-údarás conarthach an conradh ná an creatchonradh leis an tairgeoir a n-éireoidh leis nó léi go dtí go mbeidh tréimhse neamhghníomhaíochta caite. Mairfidh an tréimhse neamhghníomhaíochta 10 lá, agus úsáid á baint as modh leictreonach cumarsáide, agus mairfidh sí 15 lá, agus úsáid á baint as modhanna eile.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 166, Airteagal 167(1), pointí (a) agus (b), agus an dara fomhír den mhír seo ach maidir le nósanna imeachta a bhfuil luach acu atá cothrom le nó níos mó ná an méid seo a leanas:

(a)

EUR 300 000 le haghaidh conarthaí seirbhíse agus soláthair;

(b)

EUR 5 000 000 le haghaidh conarthaí oibreacha.

2.   Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

soláthar i gcás nach ndéanann an Coimisiún conarthaí a dhámhachtain ar a chuntas féin;

(b)

soláthar a dhéanann daoine nó eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), i gcás ina bhforáiltear dó sin sna comhaontuithe ranníocaíochta nó sna comhaontuithe maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 157.

3.   Leagfar amach na nósanna imeachta soláthair sna comhaontuithe maoiniúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 161.

4.   Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le gníomhaíochtaí faoi bhunghníomhartha earnáilsonracha, a bhfuil baint acu le cabhair dhaonnúil um bainistiú géarchéime, le hoibríochtaí cosanta sibhialta agus le hoibríochtaí cabhrach daonnúla.

Airteagal 182

Rialacha maidir le rochtain ar sholáthar i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha

1.   Beidh rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair ar oscailt ar théarmaí comhionanna do na daoine go léir atá faoi raon feidhme na gConarthaí agus do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile i gcomhréir leis na forálacha sonracha sna bunionstraimí lena rialaítear an earnáil comhair lena mbaineann. Beidh sí ar oscailt d’eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin.

2.   Féadfar a chinneadh, in imthosca eisceachtúla lena bhfuil údar cuí tugtha ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach, go ligfear do náisiúnaigh tríú tír, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tairiscint a chur isteach ar chonarthaí.

3.   I gcás ina bhfuil feidhm ag comhaontú ar leathnú an mhargaidh i ndáil le soláthar earraí nó seirbhísí inar páirtí an tAontas, beidh na nósanna imeachta soláthair do chonarthaí arna maoiniú ón mbuiséad ar oscailt do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír seachas iad siúd dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú sin.

TEIDEAL VIII

DEONTAIS

CAIBIDIL 1

Raon feidhme agus foirm na ndeontas

Airteagal 183

Raon feidhme agus foirm na ndeontas

1.   Tá feidhm ag an Teideal seo maidir le deontais a dhámhtar faoi bhainistíocht dhíreach.

2.   Féadfar deontais a dhámhachtain chun aon cheann de na nithe seo a leanas a mhaoiniú:

(a)

gníomhaíocht a bheartaítear chun cuidiú le cuspóir de chuid bheartas an Aontais a bhaint amach (deontais ghníomhaíochta);

(b)

feidhmiú comhlachta ag a bhfuil cuspóir ar cuid de bheartas an Aontais é agus a bhfuil an beartas sin á thacú aige (deontais oibriúcháin).

Is i bhfoirm ranníocaíocht airgeadais le clár oibre an chomhlachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), a bheidh deontais oibriúcháin.

3.   Féadfaidh deontais a bheith in aon cheann de na foirmeacha dá bhforáiltear in Airteagal 125(1).

I gcás inar i bhfoirm maoiniú nach bhfuil nasctha le costais de bhun Airteagal 125(1), an chéad fhomhír, pointe (a), atá an deontas:

(a)

ní bheidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le hincháilitheacht agus fíorú na gcostas a leagtar síos sa Teideal seo, go háirithe Airteagail 185, 187 agus 188, Airteagal 189(2), (3) agus (4), Airteagal 193, Airteagal 194(3), na forálacha a bhaineann le buiséad measta nó le costais incháilithe mheasta a leagtar síos in Airteagal 199(1), pointe (e), agus na forálacha a leagtar síos in Airteagal 206(4);

(b)

maidir le hAirteagal 184, ní bheidh feidhm ach ag an nós imeachta agus na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, mír 4, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (d), agus an dara fomhír, pointe (a), agus mír 5 den Airteagal sin.

4.   Féadfaidh gach institiúid de chuid an Aontais conarthaí poiblí nó deontais a dhámhachtain do ghníomhaíochtaí cumarsáide. Féadfar deontais a dhámhachtain i gcás nach iomchuí úsáid a bhaint as soláthar mar gheall ar chineál na ngníomhaíochtaí.

5.   Féadfaidh JRC cistiú a fháil arna mhuirearú i leith leithreasuithe cé is moite de leithreasuithe faoi chomhair taighde agus forbairt theicneolaíoch maidir lena rannpháirtíocht i nósanna imeachta dámhachtana deontas a mhaoinítear ina n-iomláine nó i bpáirt ón mbuiséad. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 201(4), a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht airgeadais, ná ag Airteagal 199(1), pointí (a) go (d).

Airteagal 184

Cnapshuimeanna, costais aonaid agus maoiniú ar ráta comhréidh

1.   I gcás inar i bhfoirm cnapshuimeanna, costais aonaid nó maoiniú ar ráta comhréidh dá dtagraítear in Airteagal 125(1) atá an deontas, beidh feidhm ag an chéad fhomhír, pointe (c), (d) nó (e) den Teideal seo, cé is moite de na forálacha nó de na codanna de na forálacha a bhaineann le fíorú na gcostas incháilithe arna dtabhú iarbhír.

2.   I gcás inar féidir agus inarb iomchuí, cinnfear cnapshuimeanna, costais aonaid nó rátaí comhréidhe ar chaoi a gceadófar iad a íoc a luaithe a chuirfear aschuir agus/nó torthaí nithiúla i gcrích.

3.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa bhunghníomh, is le cinneadh ón oifigeach údarúcháin atá freagrach a údarófar úsáid na gcnapshuimeanna, na gcostas aonaid nó an mhaoinithe ar ráta comhréidh agus gníomhóidh an t-oifigeach sin i gcomhréir le rialacha inmheánacha na hinstitiúide lena mbaineann de chuid an Aontais.

4.   Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, sa chinneadh údarúcháin:

(a)

údar i dtaobh oiriúnacht na gcineálacha maoinithe sin i dtaca le cineál na ngníomhaíochtaí nó na gclár oibre arna dtacú, agus i dtaca le rioscaí neamhrialtachtaí agus calaoise agus na costais rialaithe;

(b)

sainaithint na gcostas nó na gcatagóirí costas arna gcumhdach le cnapshuimeanna, costais aonaid nó maoiniú ar ráta comhréidh, a mheasfar a bheith incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 189(3), pointí (c), (e) agus (f), agus Airteagal 189(4), agus nach gcumhdófar costais neamh-incháilithe faoi na rialacha Aontais is infheidhme;

(c)

tuairisc ar na modhanna lena gcinntear cnapshuimeanna, costais aonaid nó maoiniú ar ráta comhréidh. Bunófar na modhanna sin ar aon chritéar díobh seo a leanas:

(i)

sonraí staidrimh, modhanna oibiachtúla dá samhail nó breithiúnas saineolach arna chur ar fáil ag saineolaithe atá ar fáil go hinmheánach nó a fhaightear i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme; nó

(ii)

cur chuige tairbhí de réir tairbhí faoi threoir shonraí stairiúla deimhnithe nó so-iniúchta an tairbhí nó faoi threoir a ghnáthchleachtas cuntasaíochta costála nó a gnáthchleachtas cuntasaíochta costála;

(d)

i gcás inar féidir, na coinníollacha bunriachtanacha lena spreagtar an íocaíocht, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, cur i gcrích na n-aschur agus/nó na dtorthaí;

(e)

i gcás nach bhfuil cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe bunaithe ar na haschuir agus/nó ar na torthaí, údar leis an bhfáth nach féidir cur chuige atá bunaithe ar aschuir agus/nó ar thorthaí a úsáid nó nach bhfuil cur chuige den sórt sin iomchuí.

Áiritheoidh na modhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), an méid seo a leanas:

(a)

urramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, go háirithe oiriúnacht na méideanna faoi seach maidir leis na haschuir agus/nó na torthaí is gá, agus ioncam intuartha a ghinfear ó na gníomhaíochtaí nó ó na cláir oibre á chur san áireamh;

(b)

comhlíonadh réasúnta phrionsabal an chómhaoinithe agus an prionsabal nach ndéanfar aon chistiú dúbailte.

5.   Beidh feidhm ag an gcinneadh údarúcháin maidir le fad an chláir nó na gclár mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh sin.

Féadfar go gcumhdófar leis an gcinneadh údarúcháin úsáid cnapshuimeanna, costas aonaid nó rátaí comhréidhe is infheidhme maidir le níos mó ná clár cistiúcháin sonrach amháin i gcás ina gceadaíonn cineál na ngníomhaíochtaí nó an chaiteachais cur chuige coiteann. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh na páirtithe seo a leanas an cinneadh údarúcháin a ghlacadh:

(a)

na hoifigigh údarúcháin atá freagrach i gcás ina dtagann na gníomhaíochtaí uile lena mbaineann faoina bhfreagracht;

(b)

an Coimisiún i gcás inarb iomchuí i bhfianaise chineál na ngníomhaíochtaí nó an chaiteachais nó i bhfianaise líon na n-oifigeach údarúcháin lena mbaineann.

6.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach cistiú chostais indíreacha an tairbhí a údarú nó a fhorchur, i bhfoirm rátaí comhréidhe, suas go dtí uasmhéid 7 % d’iomlán na gcostas díreach incháilithe don ghníomhaíocht. Féadfar ráta comhréidh níos airde a údarú le cinneadh réasúnaithe ón gCoimisiún. Sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(9), déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach tuairisciú ar aon chinneadh den sórt sin a rinneadh, ar an ráta comhréidh a údaraíodh agus ar na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin.

7.   Féadfaidh úinéirí FBManna agus daoine nádúrtha eile nach bhfaigheann tuarastal costais incháilithe phearsanra a dhearbhú don obair a dhéanann siad féin faoi ghníomhaíocht nó faoi chlár oibre, ar bhonn na gcostas aonaid a údarófar i gcomhréir le mír 1 go mír 6.

8.   Féadfaidh tairbhithe costais phearsanra a dhearbhú don obair a dhéanann saorálaithe faoi ghníomhaíocht nó faoi chlár oibre, ar bhonn na gcostas aonaid a údarófar i gcomhréir le míreanna 1 go 6.

Airteagal 185

Cnapshuimeanna aonair

1.   Féadfar na costais incháilithe uile atá ar ghníomhaíocht nó ar chlár oibre a chumhdach le cnapshuim dá dtagraítear in Airteagal 125(1), an chéad fhomhír, pointe (d) (cnapshuim aonair).

2.   I gcomhréir le hAirteagal 184(4), féadfar cnapshuimeanna aonair a chinneadh ar bhonn bhuiséad measta na gníomhaíochta nó an chláir oibre. Beidh buiséad measta den sórt sin i gcomhréir le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta. Déanfar fíorú ex ante ar chomhlíonadh na bprionsabal sin, tráth a bheidh meastóireacht á déanamh ar an iarratas ar dheontas.

3.   Agus cnapshuimeanna aonair á n-údarú aige nó aici, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach Airteagal 184 a chomhlíonadh.

Airteagal 186

Seiceálacha agus rialuithe ar thairbhithe i ndáil le cnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe

1.   Seiceálfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, ar a dhéanaí sula n-íoctar an t-iarmhéid, na nithe seo a leanas:

(a)

gur comhlíonadh na coinníollacha lenar spreagadh íocaíocht na gcnapshuimeanna, na gcostas aonaid nó na rátaí comhréidhe, lena n-áirítear, i gcás inar gá, baint amach na n-aschur agus/nó na dtorthaí;

(b)

go raibh na cnapshuimeanna, na costais aonaid nó na rátaí comhréidhe léirithe i mbuiséad foriomlán measta na gníomhaíochta nó an chláir oibre;

(c)

gur comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) le linn thréimhse na gníomhaíochta nó an chláir oibre.

Ina theannta sin, féadfaidh comhlíonadh na gcoinníollacha sin a bheith faoi réir rialuithe ex post.

Maidir le méideanna na gcnapshuimeanna, na gcostas aonaid nó an mhaoinithe ar ráta comhréidh a chinntear ar bhonn ex ante le cur i bhfeidhm an mhodha atá údaraithe ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach nó ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 184, ní chuirfear ina n-aghaidh trí rialuithe ex post. Tá an méid sin gan dochar don cheart atá ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach seiceáil a dhéanamh ar comhlíonadh na coinníollacha lenar spreagadh an íocaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, agus an deontas a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 132(4) i gcás nár comhlíonadh na coinníollacha sin nó i gcás ina bhfuil neamhrialtacht, calaois nó sárú oibleagáidí eile i gceist. I gcás ina mbunaítear cnapshuimeanna, costais aonaid nó rátaí comhréidhe ar bhonn ghnáthchleachtais chuntasaíochta costála an tairbhí, beidh feidhm ag Airteagal 188(2).

2.   Féadfaidh minicíocht agus raon feidhme na seiceálacha agus na rialuithe a bheith ag brath, inter alia, ar chineál na gníomhaíochta nó an tairbhí, lena n-áirítear neamhrialtachtaí nó calaois roimhe seo atá inchurtha i leith an tairbhí sin.

3.   Maidir leis na coinníollacha lena spreagtar íocaíocht na gcnapshuimeanna, na gcostas aonaid nó na rátaí comhréidhe, ní cheanglófar leo tuairisciú ar na costais arna dtabhú iarbhír ag an tairbhí.

4.   Ní dhéanfaidh íocaíocht an deontais ar bhonn cnapshuimeanna, costais aonaid nó maoiniú ar ráta comhréidh difear do cheart rochtana na dtairbhithe ar thaifid reachtúla chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 129 agus in Airteagal 187.

Airteagal 187

Measúnú tréimhsiúil ar chnapshuimeanna, ar chostais aonaid nó ar rátaí comhréidhe

Déanfar measúnú tréimhsiúil ar an modh lena gcinntear cnapshuimeanna, costais aonaid nó rátaí comhréidhe, ar na bunsonraí a bhaineann leo agus ar na méideanna a bheidh ann mar thoradh orthu, mar aon le leormhaitheas na méideanna sin maidir leis an aschur agus/nó na torthaí a bhaintear amach, agus, i gcás inarb iomchuí, déanfar an modh sin a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 184. Beidh minicíocht agus raon feidhme na measúnuithe ag brath ar fhorbairt agus ar chineál na gcostas, go háirithe agus athruithe suntasacha ar phraghsanna margaidh agus imthosca ábhartha eile á gcur san áireamh.

Airteagal 188

Gnáthchleachtais chuntasaíochta costála an tairbhí

1.   I gcás ina n-údaraítear dul ar iontaoibh ghnáthchleachtais chuntasaíochta costála an tairbhí, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann na cleachtais sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 184(4). Féadfar an measúnú sin a dhéanamh ar bhonn ex ante nó trí úsáid a bhaint as straitéis iomchuí do rialuithe ex post.

2.   Má suíodh ar bhonn ex ante go gcomhlíonann gnáthchleachtais chuntasaíochta costála an tairbhí na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 184(4), ní chuirfear in aghaidh mhéideanna na gcnapshuimeanna, na gcostas aonaid nó an mhaoinithe ar ráta comhréidh a chinnfear trí chur i bhfeidhm na gcleachtas sin trí rialuithe ex post. Ní dhéanfaidh sin difear don cheart atá ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach an deontas a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 132(4).

3.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a mheas go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 184(4) á gcomhlíonadh ag gnáthchleachtais chuntasaíochta costála an tairbhí, má ghlacann na húdaráis náisiúnta leo faoi scéimeanna cistiúcháin inchomparáide.

Airteagal 189

Costais incháilithe

1.   Ní sháróidh na deontais uasteorainn fhoriomlán arna sloinneadh i dtéarmaí dearbhluacha (uasmhéid an deontais), a dhéanfar a shuí ar bhonn an mhéid seo a leanas:

(a)

méid foriomlán an mhaoinithe nach bhfuil nasctha le costais sa chás dá dtagraítear in Airteagal 125(1), an chéad fhomhír, pointe (a);

(b)

costais mheasta incháilithe, i gcás inar féidir, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 125(1), an chéad fhomhír, pointe (b);

(c)

méid foriomlán na gcostas measta incháilithe arna shainiú go soiléir roimh ré i bhfoirm cnapshuimeanna, costais aonaid nó rátaí comhréidhe dá dtagraítear in Airteagal 125(1), an chéad fhomhír, pointí (c), (d) agus (e).

Gan dochar don bhunghníomh, féadfar na deontais a shloinneadh freisin mar chéatadán de na costais mheasta incháilithe, i gcás inar san fhoirm a shonraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), a bheidh an deontas, nó mar chéatadán de na cnapshuimeanna, de na costais aonaid nó den mhaoiniú ar ráta comhréidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c).

I gcás inar san fhoirm a shonraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo atá an deontas agus más rud é, i ngeall ar shainiúlachtaí gníomhaíochta, nach féidir an deontas a shloinneadh ach amháin i dtéarmaí dearbhluacha, déanfar na costais incháilithe a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 158(4) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 158(6).

2.   Gan dochar don uasráta cómhaoiniúcháin a shonraítear sa bhunghníomh:

(a)

ní sháróidh an deontas na costais incháilithe;

(b)

i gcás inar san fhoirm a shonraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), a bheidh deontas agus i gcás ina n-áirítear sna costais mheasta incháilithe costais obair na saorálaithe dá dtagraítear in Airteagal 184(8), ní sháróidh an deontas na costais mheasta incháilithe seachas costais obair na saorálaithe.

3.   Costais incháilithe arna dtabhú iarbhír ag an tairbhí, dá dtagraítear in Airteagal 125(1), an chéad fhomhír, pointe (b), comhlíonfaidh siad na critéir uile seo a leanas:

(a)

tabhaítear iad le linn thréimhse na gníomhaíochta nó an chláir oibre, cé is moite de na costais a bhaineann le tuarascálacha deiridh agus le deimhnithe iniúchóireachta;

(b)

sonraítear iad i mbuiséad foriomlán measta na gníomhaíochta nó an chláir oibre;

(c)

tá siad riachtanach le haghaidh chur chun feidhme na gníomhaíochta nó an chláir oibre is ábhar don deontas;

(d)

tá siad inaitheanta agus infhíoraithe agus, go háirithe, tá taifead á dhéanamh orthu i dtaifid chuntasaíochta an tairbhí, agus iad á gcinneadh de réir chaighdeáin chuntasaíochta infheidhme na tíre ina bhfuil an tairbhí bunaithe agus de réir ghnáthchleachtais an tairbhí i ndáil le cuntasaíocht chostála;

(e)

comhlíonann siad forálacha na reachtaíochta cánach agus sóisialta is infheidhme;

(f)

tá siad réasúnach, tá údar leo agus comhlíonann siad prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, go háirithe maidir le barainneacht agus éifeachtúlacht.

4.   Sonrófar sna glaonna ar thograí na catagóirí costas a mheastar a bheith incháilithe do chistiú ón Aontas.

Mura bhforáiltear a mhalairt sa bhunghníomh agus de bhreis ar mhír 3 den Airteagal seo, beidh na catagóirí costas seo a leanas incháilithe i gcás inar dhearbhaigh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na catagóirí sin a bheith incháilithe faoin nglao ar thograí:

(a)

costais maidir le ráthaíocht réamh-mhaoiniúcháin arna taisceadh ag an tairbhí, i gcás ina n-éilíonn an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an ráthaíocht sin de bhun Airteagal 156(1);

(b)

costais a bhaineann le deimhnithe ar na ráitis airgeadais agus tuarascálacha oibríochtúla fíorúcháin i gcás ina bhfuil deimhnithe nó tuarascálacha den sórt sin de dhíth ar an oifigeach údarúcháin atá freagrach;

(c)

cáin bhreisluacha (CBL), i gcás nach mbeidh sí inghnóthaithe faoin reachtaíocht náisiúnta CBL is infheidhme agus inar tairbhí seachas duine neamh-inchánach de réir bhrí Airteagal 13(1), an chéad fhomhír, de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (62) a íocann í;

(d)

costais dímheasa, ar choinníoll go dtabhaíonn an tairbhí iad iarbhír;

(e)

costais tuarastail pearsanra riarachán náisiúnta a mhéid a bhaineann siad le costais gníomhaíochtaí nach gcuirfeadh an t-údarás poiblí ábhartha i gcrích mura ngabhfaí an tionscadal lena mbaineann ar láimh.

Chun críocha an dara fomhír, pointe (c):

(a)

Measfar nach bhfuil CBL inghnóthaithe más rud é, de réir an dlí náisiúnta, go bhfuil sí inchurtha i leith aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i)

gníomhaíochtaí díolmhaithe gan ceart asbhainte;

(ii)

gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme CBL;

(iii)

gníomhaíochtaí, dá dtagraítear i bpointí (i) nó (ii), nach bhfuil CBL in-asbhainte ina leith ach a aisíoctar trí scéimeanna aisíocaíochta ar leith nó cistí cúitimh ar leith nach dtagraítear dóibh i dTreoir 2006/112/CE, fiú más rud é go bhfuil an scéim nó an ciste sin bunaithe le reachtaíocht náisiúnta CBL;

(b)

CBL a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 13(2) de Threoir 2006/112/CE, measfar gur tairbhí a íocann é seachas duine neamh-inchánach de réir bhrí Airteagal 13(1), an chéad fhomhír, den Treoir sin, gan beann ar cibé an measann an Ballstát lena mbaineann gur gníomhaíochtaí iad a dtéann comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí ina mbun agus iad ag gníomhú mar údaráis phoiblí.

Airteagal 190

Eintitis chleamhnaithe agus an tairbhí aonair

1.   Chun críocha an Teidil seo, measfar gur eintitis atá cleamhnaithe leis an tairbhí na heintitis seo a leanas:

(a)

eintitis arb ionann iad agus an tairbhí aonair i gcomhréir le mír 2;

(b)

eintitis a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus nach dtagann faoi cheann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagail 138(1) agus 143(1) agus a bhfuil nasc acu leis an tairbhí, go háirithe nasc dlíthiúil nó nasc caipitil, ar nasc é nach bhfuil teoranta don ghníomhaíocht ná nár bunaíodh chun críche a cur chun feidhme, agus chun na críche sin amháin.

Beidh feidhm freisin ag Roinn 2 de Chaibidil 2 de Theideal V maidir le heintitis chleamhnaithe.

2.   I gcás ina gcomhlíonann roinnt eintiteas na critéir le haghaidh deontas a dhámhachtain dóibh agus inarb ionann iad go léir agus eintiteas amháin, féadfar déileáil leis an eintiteas sin mar an tairbhí aonair, lena n-áirítear i gcás inar bunaíodh an t-eintiteas go sonrach chun an ghníomhaíocht atá le maoiniú leis an deontas a chur chun feidhme.

3.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa ghlao ar thograí, féadfaidh eintitis atá cleamhnaithe le tairbhí páirt a ghlacadh i gcur chun feidhme na gníomhaíochta, ar choinníoll go gcomhlíonfar an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

sainaithnítear na heintitis lena mbaineann sa chomhaontú deontais;

(b)

cloíonn na heintitis lena mbaineann leis na rialacha is infheidhme don tairbhí faoin gcomhaontú deontais i dtaca leis an méid seo a leanas:

(i)

incháilitheacht na gcostas nó na coinníollacha lena spreagtar íocaíocht;

(ii)

cearta seiceálacha agus iniúchtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún, ag OLAF agus ag an gCúirt Iniúchóirí.

Féadfar glacadh leis na costais arna dtabhú ag na heintitis sin mar chostais incháilithe arna dtabhú iarbhír nó féadfar iad a chumhdach le cnapshuimeanna, costais aonaid agus maoiniú ar ráta comhréidh.

CAIBIDIL 2

Prionsabail

Airteagal 191

Prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le deontais

Beidh deontais faoi réir na bprionsabal seo a leanas:

(a)

prionsabal na córa comhionainne;

(b)

prionsabal na trédhearcachta;

(c)

prionsabal an chómhaoinithe;

(d)

prionsabal na dámhachtana neamhcharnaí agus an prionsabal nach mbeidh maoiniú dúbailte ann;

(e)

prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta;

(f)

prionsabal an neamhbhrabúis.

Airteagal 192

Trédhearcacht

1.   Déanfar deontais a dhámhachtain i ndiaidh foilsiú glaonna ar thograí, ach amháin sna cásanna sin dá dtagraítear in Airteagal 198.

2.   Foilseofar, i gcomhréir le hAirteagal 38(1) go (4), na deontais go léir a dámhadh le linn bliain airgeadais.

3.   I ndiaidh an fhoilsithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, tuarascáil a chur ar aghaidh chucu maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

líon na n-iarratasóirí le linn na bliana airgeadais roimhe sin;

(b)

líon agus céatadán na n-iarratas ar éirigh leo in aghaidh an ghlao ar thograí;

(c)

meánfhad an nós imeachta ó dháta dúnta an ghlao ar thograí go dtí dámhachtain deontais;

(d)

líon agus méid na ndeontas nach ndearnadh foilsiú ex post ina leith le linn na bliana airgeadais roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 38(4);

(e)

aon deontas a dámhadh d’institiúidí airgeadais, lena n-áirítear BEI nó CEI i gcomhréir le hAirteagal 198, an chéad mhír, pointe (g).

Airteagal 193

Cómhaoiniú

1.   Beidh réamh-mhaoiniú mar chuid de na deontais. Dá thoradh sin, ní dhéanfar na hacmhainní is gá chun an ghníomhaíocht nó an clár oibre a chur i gcrích a sholáthar go hiomlán leis an deontas.

Féadfaidh cómhaoiniú a sholáthar i bhfoirm acmhainní dílse an tairbhí, i bhfoirm ioncam a gineadh leis an ngníomhaíocht nó leis an gclár oibre nó i bhfoirm ranníocaíochtaí airgeadais nó ranníocaíochtaí comhchineáil ó thríú páirtithe.

2.   Déanfar ranníocaíochtaí comhchineáil ó thríú páirtithe i bhfoirm obair saorálaithe, arna luacháil i gcomhréir le hAirteagal 184(8), a thíolacadh mar chostais incháilithe sa bhuiséad measta. Déanfar iad a thíolacadh ar leithligh ó chostais incháilithe eile. Féadfar suas le 50 % den chómhaoiniú foriomlán a chuimsiú le hobair saorálaithe. Chun an céatadán sin a ríomh, bunófar ranníocaíochtaí comhchineáil agus cómhaoiniú eile ar na meastacháin arna soláthar ag an iarratasóir.

Déanfar ranníocaíochtaí comhchineáil eile ó thríú páirtithe a thíolacadh ar leithligh ó na ranníocaíochtaí leis na costais incháilithe sa bhuiséad measta. Cuirfear a ngarluach in iúl sa bhuiséad measta agus ní dhéanfar athruithe air ina dhiaidh sin.

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú ina hiomláine leis an deontas i gcás ina bhfuil sé bunriachtanach déanamh amhlaidh chun í a chur i gcrích. I gcás den sórt sin, tabharfar údar mar thaca leis sa chinneadh dámhachtana.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le lacáistí ráta úis agus le fóirdheontais táillí ráthaíochta.

Airteagal 194

Prionsabal na dámhachtana neamhcharnaí agus toirmeasc ar chistiú dúbailte

1.   I gcás gach gníomhaíochta, ní dhámhfar ach aon deontas amháin ón mbuiséad d’aon tairbhí amháin, seachas i gcás ina n-údaraítear a mhalairt sna bunghníomhartha ábhartha.

Ní fhéadfar ach aon deontas oibriúcháin amháin a dhámhachtain ón mbuiséad do thairbhí in aghaidh na bliana airgeadais.

Féadfaidh oifigigh údarúcháin éagsúla atá freagrach gníomhaíocht a mhaoiniú go comhpháirteach ó línte buiséid ar leithligh.

2.   Cuirfidh an t-iarratasóir na hoifigigh údarúcháin ar an eolas láithreach maidir le haon iarratais iolracha agus aon deontais iolracha a bhaineann leis an ngníomhaíocht chéanna nó leis an gclár oibre céanna.

3.   Ní dhéanfar na costais chéanna a mhaoiniú faoi dhó ón mbuiséad i gcás ar bith.

4.   Maidir leis na cineálacha tacaíochta seo a leanas, ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gan a fhíorú ar maoiníodh an costas céanna faoi dhó:

(a)

tacaíocht don staidéar, don taighde, don oiliúint nó don oideachas a íoctar le daoine nádúrtha;

(b)

tacaíocht dhíreach a íoctar leis na daoine nádúrtha sin is mó gátar, amhail daoine dífhostaithe agus dídeanaithe.

Airteagal 195

Prionsabal an neamhbhrabúis

1.   Ní bheidh sé de chuspóir ná d’éifeacht ag deontais brabús a dhéanamh faoi chuimsiú ghníomhaíocht nó chlár oibre an tairbhí (prionsabal an neamhbhrabúis).

2.   Chun críocha mhír 1, saineofar brabús mar bharrachas, arna ríomh tráth a íocfar an t-iarmhéid, barrachas fáltas i leith chostais incháilithe na gníomhaíochta nó an chláir oibre, i gcás ina bhfuil fáltais teoranta do dheontas an Aontais agus don ioncam arna ghiniúint ag an ngníomhaíocht nó ag an gclár oibre sin.

I gcás deontas oibriúcháin, ní chuirfear san áireamh an méid a cuireadh i leataobh chun cúlchistí a thiomargadh agus fíorú á dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabal an neamhbhrabúis.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí arb é a gcuspóir acmhainneacht airgeadais tairbhí a neartú, nó gníomhaíochtaí a dhéanann ioncam a ghiniúint chun a leanúnachas a áirithiú tar éis thréimhse mhaoiniú an Aontais dá bhforáiltear sa chomhaontú deontais;

(b)

tacaíocht don staidéar, don taighde, don oiliúint nó don oideachas a íoctar le daoine nádúrtha nó tacaíocht dhíreach eile a íoctar leis na daoine nádúrtha is mó gátar, amhail daoine dífhostaithe agus dídeanaithe;

(c)

gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí neamhbhrabúis;

(d)

deontais san fhoirm dá dtagraítear in Airteagal 125(1), an chéad fhomhír, pointe (a);

(e)

deontais ar luach íseal.

4.   I gcás ina ndéantar brabús, beidh an Coimisiún i dteideal céatadán an bhrabúis a aisghabháil a chomhfhreagraíonn don ranníocaíocht ón Aontas leis na costais incháilithe a thabhaigh an tairbhí, agus an ghníomhaíocht á déanamh nó an clár oibre á chur i gcrích.

Airteagal 196

Prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt san Airteagal seo, ní dhéanfar deontais a dhámhachtain go haisghníomhach.

2.   Féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana ar choinníoll go bhféadfaidh an t-iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula sínítear an comhaontú deontais.

I gcásanna den sórt sin, ní incháilithe na costais sin a thabhófar roimh an dáta faoina dtíolacfar iarratas ar dheontas ach amháin:

(a)

i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo dá bhforáiltear sa bhunghníomh; nó

(b)

i gcás ina mbeadh deargphráinn leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 198, an chéad mhír, pointe (a) nó (b), a fhágann go mbeadh mórthábhacht ag baint le hidirghabháil luath ón Aontas.

Sa chás dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (b), na costais a thabhóidh tairbhí roimh an dáta faoina dtíolacfar iarratas ar dheontas, beidh siad incháilithe do mhaoiniú ón Aontas faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na cúiseanna atá le maolú den sórt sin réasúnaithe go hiomchuí ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach;

(b)

socraítear go sainráite sa chomhaontú deontais go dtiocfaidh an dáta incháilitheachta roimh an dáta faoina dtíolacfar iarratais.

Tabharfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean tuairisc ar gach ceann de na cásanna dá dtagraítear sa mhír seo faoin gceannteideal ‘Maoluithe ar phrionsabal na neamh-aisghníomhaíochta de bhun Airteagal 196 den Rialachán Airgeadais’ sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(9).

3.   Ní dhéanfar aon deontas a dhámhachtain go haisghníomhach do ghníomhaíochtaí a tugadh i gcrích cheana.

4.   I gcás deontais oibriúcháin, déanfar an comhaontú deontais a shíniú laistigh de cheithre mhí ó thús bhliain airgeadais an tairbhí. Na costais arna dtabhú sular cuireadh an t-iarratas ar dheontas isteach nó roimh thús bhliain airgeadais an tairbhí, ní bheidh siad incháilithe do mhaoiniú. Íocfar an chéad tráthchuid leis an tairbhí laistigh de 30 lá féilire tar éis an comhaontú deontais a bheith sínithe.

CAIBIDIL 3

Nós imeachta dámhachtana deontas agus comhaontú deontais

Airteagal 197

Inneachar na nglaonna ar thograí agus foilsiú na nglaonna sin

1.   Sonrófar na nithe seo a leanas sna glaonna ar thograí:

(a)

na cuspóirí atá le saothrú;

(b)

na critéir incháilitheachta, eisiaimh, roghnúcháin agus dhámhachtana mar aon leis na doiciméid ábhartha tacaíochta;

(c)

na socruithe maidir le maoiniú ón Aontas, lena sonrófar na cineálacha uile ranníocaíochtaí ón Aontas, go háirithe na cineálacha deontais;

(d)

na socruithe maidir le tograí a thíolacadh agus an dáta deiridh faoina bhféadfar sin a dhéanamh;

(e)

an dáta atá beartaithe faoina mbeidh na hiarratasóirí go léir curtha ar an eolas faoi thoradh na meastóireachta a rinneadh ar a n-iarratais agus an dáta táscach chun comhaontuithe deontais a shíniú.

2.   Socrófar na dátaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), ar bhonn na dtréimhsí seo a leanas:

(a)

chun na hiarratasóirí go léir a chur ar an eolas faoi thoradh na meastóireachta a rinneadh ar a n-iarratais, uasmhéid sé mhí ón dáta deiridh faoina gcuirfear na tograí iomlána isteach;

(b)

chun comhaontuithe deontais a shíniú le hiarratasóirí, uasmhéid 3 mhí ón dáta a chuirfear iarratasóirí ar éirigh leo ar an eolas faoin méid sin.

Féadfar na tréimhsí sin a choigeartú ionas go gcuirfí san áireamh aon am a bheidh gá leis chun na nósanna imeachta sonracha a chomhlíonadh a fhéadfar a éileamh leis an mbunghníomh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 agus féadfar iad a shárú i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, go háirithe i gcás gníomhaíochtaí casta, ina bhfuil líon mór tograí nó moilleanna atá inchurtha i leith na n-iarratasóirí i gceist.

Sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ón oifigeach údarúcháin trí tharmligean, déanfaidh an t-oifigeach sin tuairisciú ar an am is gá ar an meán chun iarratasóirí a chur ar an eolas agus comhaontuithe deontais a shíniú. I gcás ina sáraítear na tréimhsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean cúiseanna leis agus, i gcás nach dtugtar údar cuí leo i gcomhréir leis an dara fomhír, déanfaidh sé nó sí gníomhaíocht cheartaitheach a mholadh.

3.   Déanfar glaonna ar thograí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin institiúidí an Aontais agus trí aon mheán iomchuí eile, lena n-áirítear Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, i gcás inar gá chun breis poiblíochta a sholáthar i measc tairbhithe féideartha. Féadfar glaonna ar thograí a fhoilsiú faoi réir ghlacadh an chinnidh maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 110, lena n-áirítear le linn na bliana roimh chur chun feidhme an bhuiséid. Déanfar aon mhodhnú ar inneachar na nglaonna ar thograí a fhoilsiú faoi na coinníollacha céanna.

Airteagal 198

Eisceachtaí ó ghlaonna ar thograí

Féadfar deontais a dhámhachtain gan glao ar thograí sna cásanna seo a leanas, agus sna cásanna sin amháin:

(a)

chun críoch cabhrach daonnúla, oibríochtaí tacaíochta éigeandála, oibríochtaí cosanta sibhialta nó cabhrach um bainistiú géarchéime;

(b)

in éigeandálaí eisceachtúla eile a bhfuil bunús cuí tugtha leo;

(c)

do chomhlachtaí a bhfuil monaplacht de jure nó de facto acu nó do chomhlachtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit, faoina bhfreagracht, i gcás ina bhfuil na Ballstáit sin i staid monaplachta de jure nó de facto;

(d)

do chomhlachtaí arna sainaithint le bunghníomh, de réir bhrí Airteagal 58, mar thairbhithe nó do chomhlachtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit, faoina bhfreagracht, i gcás ina bhfuil na Ballstáit sin sainaitheanta le gníomh bunúsach mar thairbhithe;

(e)

i gcás taighde agus forbairt theicneolaíoch, do chomhlachtaí atá sainaitheanta sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 110, i gcás ina bhforáiltear go sainráite sa bhunghníomh don fhéidearthacht sin, agus ar choinníoll nach dtagann an tionscadal faoi raon feidhme glao ar thograí;

(f)

do ghníomhaíochtaí a bhfuil saintréithe sonracha acu a éilíonn cineál áirithe comhlachta mar gheall ar a inniúlacht theicniúil, a ardleibhéal speisialtóireachta nó a chumhachtaí riaracháin, ar choinníoll nach dtagann na gníomhaíochtaí lena mbaineann faoi raon feidhme glao ar thograí;

(g)

do BEI nó do CEI i gcomhair gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 199(1), pointí (a) go (d).

I gcás inar Ballstát an cineál áirithe comhlachta dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (f), féadfar an deontas a dhámhachtain freisin, gan glao ar thograí don chomhlacht arna ainmniú ag an mBallstát, faoina fhreagracht, chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme.

Tabharfar bunús cuí-réasúnaithe sa chinneadh dámhachtana leis na cásanna dá dtagraítear sa chéad mhír, pointí (c) agus (f).

Airteagal 199

Inneachar iarratas ar dheontas

1.   Beidh na nithe seo a leanas san iarratas ar dheontas:

(a)

faisnéis faoi stádas dlíthiúil an iarratasóra, lena n-áirítear cé acu atá nó nach bhfuil an t-iarratasóir ina eagraíocht neamhrialtasach nó ina heagraíocht neamhrialtasach;

(b)

dearbhú ar onóir an iarratasóra i gcomhréir le hAirteagal 139(1) agus ar chomhlíonadh na gcritéar incháilitheachta agus roghnúcháin; ní bheidh gá le dearbhuithe den sórt sin i gcás iarratas ar dheontas ar luach an-íseal;

(c)

an fhaisnéis uile is gá lena thaispeáint go bhfuil an acmhainneacht airgeadais agus an acmhainneacht oibríochtúil ag an iarratasóir chun an ghníomhaíocht nó an clár oibre atá beartaithe a thabhairt i gcrích agus, má chinneann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ar bhonn measúnú riosca gur gá sin, doiciméid tacaíochta lena ndeimhnítear an fhaisnéis sin, amhail an cuntas brabúis agus caillteanais agus an clár comhardaithe le haghaidh suas leis na 3 bliana airgeadais ba dhéanaí dár dúnadh na cuntais;

Ní iarrfar faisnéis agus doiciméid tacaíochta den sórt sin ar iarratasóirí nach mbeidh feidhm ag fíorú na hacmhainneachta airgeadais nó na hacmhainneachta oibríochtúla ina leith i gcomhréir le hAirteagal 201(5) nó (6). Ina theannta sin, ní iarrfar doiciméid tacaíochta i gcás conarthaí ar luach íseal;

(d)

i gcás ina mbaineann an t-iarratas le deontas le haghaidh gníomhaíocht dá sáraíonn méid an deontais EUR 750 000 nó i gcás ina mbaineann an t-iarratas le deontas oibriúcháin a sháraíonn EUR 100 000, tuarascáil iniúchóireachta a chuir iniúchóir seachtrach formheasta le chéile, i gcás ina bhfuil fáil uirthi, agus i ngach cás ina gceanglaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta gur gá iniúchadh reachtach a dhéanamh, lena ndeimhnítear na cuntais do suas leis na 3 bliana airgeadais is déanaí a bhfuil fáil orthu. I ngach cás eile, cuirfidh an t-iarratasóir féindearbhú ar fáil, agus é sínithe ag a ionadaí údaraithe nó a hionadaí údaraithe, ina ndeimhnítear bailíocht a chuntas nó a cuntas do suas leis na 3 bliana airgeadais is déanaí a bhfuil fáil orthu;

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den phointe seo ach amháin maidir leis an gcéad iarratas a chuirfidh tairbhí chuig oifigeach údarúcháin atá freagrach le linn aon bhliain airgeadais amháin.

I gcás comhaontuithe idir an Coimisiún agus roinnt tairbhithe, beidh feidhm maidir le gach tairbhí ag na tairseacha a leagtar síos sa chéad fhomhír den phointe seo.

I gcás comhpháirtíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 131(4), ní foláir an tuarascáil iniúchóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo a chur ar fáil sula sínítear an comhaontú comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais, ar tuarascáil í ina gcumhdaítear an dá bhliain airgeadais dheireanacha a bhfuil fáil ar chuntais ina gcomhair.

Ag brath ar mheasúnú riosca, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an oibleagáid a tharscaoileadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo maidir le forais oideachais agus oiliúna agus, i gcás comhaontuithe le roinnt tairbhithe, maidir le tairbhithe a ghlac le dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó tairbhithe nach orthu atá aon chuid den fhreagracht airgeadais.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den phointe seo maidir le daoine agus eintitis atá incháilithe faoi bhainistíocht indíreach a mhéid a chomhlíonann siad na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (b), agus in Airteagal 157;

(e)

tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar an gclár oibre agus buiséad measta, lena n-áireofar:

(i)

comhardú idir ioncam agus caiteachas; agus

(ii)

léiriú ar chostais mheasta incháilithe na gníomhaíochta nó an chláir oibre.

Ní bheidh feidhm ag pointí (i) agus (ii) maidir le gníomhaíochtaí ildeontóirí.

De mhaolú ar phointe (i), i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar soláthairtí do theagmhais nó athruithe féideartha sna rátaí malairte a áireamh sa bhuiséad measta;

(f)

léiriú ar fhoinsí agus méid an chistithe ón Aontas a fuarthas nó ar cuireadh iarratas isteach orthu i dtaca leis an ngníomhaíocht chéanna nó cuid den ghníomhaíocht nó i dtaca le feidhmiú an iarratasóra le linn na bliana airgeadais céanna maille le haon chistiú eile a fuarthas nó ar cuireadh iarratas isteach air i dtaca leis an ngníomhaíocht chéanna.

2.   Féadfar an t-iarratas a roinnt ina chodanna éagsúla a fhéadfar a thíolacadh ag céimeanna difriúla i gcomhréir le hAirteagal 203(2).

Airteagal 200

Critéir incháilitheachta

1.   Cinnfear leis na critéir incháilitheachta na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i nglao ar thograí.

2.   Beidh aon cheann nó duine de na hiarratasóirí seo a leanas incháilithe chun páirt a ghlacadh i nglao ar thograí:

(a)

daoine dlítheanacha;

(b)

daoine nádúrtha, a mhéid a éilíonn cineál nó tréithe na gníomhaíochta nó an chuspóra atá á shaothrú ag an iarratasóir, a mhéid a éilíonn siad sin;

(c)

eintitis nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu faoin dlí náisiúnta is infheidhme, ar choinníoll go mbeidh an acmhainneacht ag a n-ionadaithe oibleagáidí dlíthiúla a ghlacadh ar láimh thar ceann na n-eintiteas sin agus go dtugann na heintitis ráthaíochtaí go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ar ráthaíochtaí iad atá coibhéiseach leis an ráthaíocht a thairgeann daoine dlítheanacha. Go háirithe, beidh acmhainneacht airgeadais agus oibríochtúil ag an iarratasóir atá coibhéiseach leis an acmhainneacht airgeadais agus oibríochtúil atá ag duine dlítheanach. Cruthóidh ionadaithe an iarratasóra gur comhlíonadh na coinníollacha sin.

3.   Féadfar tuilleadh critéir incháilitheachta a leagan síos leis an nglao ar thograí, critéir a bhunófar agus aird chuí á tabhairt ar chuspóirí na gníomhaíochta agus beidh siad i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe.

4.   Chun críocha Airteagal 183(5) agus an Airteagail seo, measfar JRC a bheith ina dhuine dlítheanach atá bunaithe i mBallstát.

Airteagal 201

Critéir roghnúcháin

1.   Beidh na critéir roghnúcháin de chineál a fhágann gur féidir measúnú a dhéanamh ar chumas an iarratasóra an ghníomhaíocht nó an clár oibre atá beartaithe a thabhairt i gcrích.

2.   Beidh foinsí cistiúcháin atá ag an iarratasóir a bheidh cobhsaí agus leordhóthanach chun a ghníomhaíocht nó a gníomhaíocht a choinneáil ar siúl ar feadh na tréimhse dár dámhadh an deontas agus chun bheith rannpháirteach ina cistiú (acmhainneacht airgeadais).

3.   Beidh na hinniúlachtaí gairmiúla agus na cáilíochtaí gairmiúla is gá ag an iarratasóir chun an ghníomhaíocht nó an clár oibre atá beartaithe a chur i gcrích mura bhforáiltear a mhalairt sa bhunghníomh (acmhainneacht oibríochtúil).

4.   Déanfar acmhainneacht airgeadais agus oibríochtúil a fhíorú go háirithe ar bhonn anailís ar aon fhaisnéis nó doiciméid tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 199.

I gcás nár iarradh aon doiciméid tacaíochta sa ghlao ar thograí agus i gcás ina bhfuil forais réasúnta ag an oifigeach údarúcháin chun acmhainneacht airgeadais nó oibríochtúil an iarratasóra a cheistiú, iarrfaidh sé nó sí ar an iarratasóir aon doiciméid iomchuí a chur ar fáil.

I gcás comhpháirtíochtaí, déanfar an fíorú i gcomhréir le hAirteagal 131(6).

5.   Ní bheidh feidhm ag an bhfíorú a dhéanfar ar an acmhainneacht airgeadais maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na daoine nádúrtha sin a bhfuil tacaíocht oideachais á fáil acu;

(b)

na daoine nádúrtha sin is mó gátar, amhail daoine dífhostaithe agus dídeanaithe, agus atá ag fáil tacaíocht dhíreach;

(c)

comhlacht poiblí, lena n-áirítear eagraíochtaí de chuid na mBallstát;

(d)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(e)

daoine nó eintitis atá ag cur isteach ar lacáistí ráta úis agus ar fhóirdheontais táillí ráthaíochta i gcás arb é is cuspóir do na lacáistí agus na fóirdheontais sin acmhainneacht airgeadais tairbhí a neartú nó ioncam a ghiniúint;

(f)

daoine nó eintitis a dhéanann iarratas ar dheontais ar luach an-íseal.

I gcás ina gcuireann níos mó ná iarratasóir amháin iarratas isteach, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a chinneadh, tar éis measúnú riosca a dhéanamh, gan ach acmhainneacht airgeadais an phríomhiarratasóra a sheiceáil.

6.   Ag brath ar measúnú riosca, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an oibleagáid a tharscaoileadh maidir le hacmhainneacht oibríochtúil comhlachtaí poiblí, eagraíochtaí de chuid na mBallstát nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a fhíorú.

Airteagal 202

Critéir dhámhachtana

Beidh na critéir dhámhachtana de chineál a fhágann gur féidir na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na dtograí a tíolacadh i bhfianaise na gcuspóirí agus na dtosaíochtaí a leagadh síos agus i bhfianaise na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo;

(b)

deontais a dhámhachtain i gcomhair na ngníomhaíochtaí nó na gclár oibre sin a mhéadaíonn oiread is féidir éifeachtacht fhoriomlán an chistithe ón Aontas;

(c)

meastóireacht a dhéanamh ar na hiarratais ar dheontas.

Airteagal 203

An nós imeachta meastóireachta

1.   Déanfar na tograí a mheas, ar bhonn na gcritéar roghnúcháin agus na gcritéar dámhachtana a réamhfhógraíodh, d’fhonn a chinneadh cé na tograí a fhéadfar a mhaoiniú.

2.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an próiseas a roinnt, i gcás inarb iomchuí, ina chéimeanna nós imeachta éagsúla. Déanfar na rialacha lena rialaítear an próiseas a fhógairt sa ghlao ar thograí.

Déanfar na hiarratasóirí sin a ndiúltófar dá dtograí ag aon chéim a chur ar an eolas i gcomhréir le mír 7.

Ní theastóidh na doiciméid chéanna agus an fhaisnéis chéanna níos mó ná uair amháin le linn an nós imeachta chéanna.

3.   Féadfaidh an coiste meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 153 nó, i gcás inarb iomchuí, an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a iarraidh ar an iarratasóir tuilleadh faisnéise a sholáthar nó soiléiriú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta a tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 154. Coimeádfaidh an t-oifigeach údarúcháin taifid iomchuí ar aon teagmháil a dhéanfar le hiarratasóirí le linn an nós imeachta.

4.   Nuair a bheidh a gcuid oibre déanta acu, síneoidh comhaltaí an choiste meastóireachta taifead ar na tograí uile a scrúdaíodh, taifead ina mbeidh measúnú ar cháilíocht na dtograí agus ina sainaithneofar na tograí sin a bhféadfar cistiú a thabhairt dóibh.

I gcás inar gá, beidh sa taifead sin rangú ar na tograí a scrúdaíodh, moltaí maidir leis an uasmhéid is féidir a dhámhachtain agus coigeartuithe féideartha neamhshubstaintiúla ar an iarratas ar dheontas.

Coimeádfar an taifead lena úsáid amach anseo.

5.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a iarraidh ar an iarratasóir a thogra nó a togra a choigeartú i bhfianaise mholtaí an choiste meastóireachta. Coimeádfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach taifid iomchuí ar aon teagmháil a dhéanfar le hiarratasóirí le linn an nós imeachta.

6.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a chinneadh nó a cinneadh ar bhonn na meastóireachta agus luafar ann na nithe seo a leanas, ar a laghad:

(a)

ábhar agus méid foriomlán an chinnidh;

(b)

ainmneacha na n-iarratasóirí ar éirigh leo, teideal na ngníomhaíochtaí, na méideanna a glacadh agus na cúiseanna leis an rogha sin, lena n-áirítear i gcás nach dtagann an rogha a rinneadh le barúil an choiste meastóireachta;

(c)

ainmneacha aon iarratasóirí ar diúltaíodh dóibh agus na cúiseanna leis an diúltú sin.

7.   Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an cinneadh maidir lena n-iarratas in iúl do na hiarratasóirí i scríbhinn. Mura ndámhfar an deontas ar a ndearnadh iarraidh, déanfaidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais na cúiseanna leis an diúltú don iarratas a chur in iúl. Cuirfear iarratasóirí ar diúltaíodh dóibh ar an eolas, a luaithe is féidir, faoi thoradh na meastóireachta a rinneadh ar a n-iarratas agus, in aon chás, laistigh de 15 lá féilire tar éis an fhaisnéis a sheoladh chuig na hiarratasóirí ar éirigh leo.

8.   I gcás deontais arna ndámhachtain de bhun Airteagal 198, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a chinneadh gan míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo agus Airteagal 153 a chur i bhfeidhm;

(b)

inneachar na tuarascála meastóireachta agus an cinneadh dámhachtana a chumasc in aon doiciméad amháin agus é a shíniú.

Airteagal 204

Comhaontú deontais

1.   Cumhdófar na deontais le comhaontú i scríbhinn.

2.   Beidh na nithe seo a leanas, ar a laghad, sa chomhaontú deontais:

(a)

an t-ábhar;

(b)

an tairbhí;

(c)

an fad, eadhon:

(i)

dáta a theacht i bhfeidhm;

(ii)

dáta tosaigh agus fad na gníomhaíochta nó an bhliain airgeadais atá á cistiú;

(d)

tuairisc ar an ngníomhaíocht nó, i gcás deontas oibriúcháin, ar an gclár oibre maille le tuairisc ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo;

(e)

uasmhéid an chistithe ón Aontas arna shloinneadh in euro, buiséad measta na gníomhaíochta nó an chláir oibre agus foirm an deontais;

(f)

na rialacha maidir le tuairisciú agus íocaíochtaí agus na rialacha soláthair dá bhforáiltear in Airteagal 208;

(g)

glacadh an tairbhí leis na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 129;

(h)

na forálacha lena rialaítear infheictheacht na tacaíochta airgeadais ón Aontas, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo nach féidir an méid sin a thaispeáint go poiblí nó nach iomchuí déanamh amhlaidh;

(i)

an dlí is infheidhme, arb é dlí an Aontais é, a chomhlánófar, i gcás inar gá, leis an dlí náisiúnta mar a shonraítear sa chomhaontú deontais. Féadfar maolú a dhéanamh ar na comhaontuithe deontais a tugadh i gcrích le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

(j)

an chúirt inniúil nó an binse eadrána inniúil chun díospóidí a éisteacht.

3.   Na hoibleagáidí airgeadais a bheidh ar eintitis nó ar dhaoine nach Stáit iad de thoradh comhaontú deontais a chur chun feidhme, beidh siad in-fhorfheidhmithe i gcomhréir le hAirteagal 100(2).

4.   Ní bheidh de chuspóir ná d’éifeacht ag na leasuithe ar chomhaontuithe deontais athruithe a dhéanamh a gcaithfí amhras ar an gcinneadh dámhachtana deontais dá mbarr nó a bheadh contrártha do phrionsabal na córa comhionainne d’iarratasóirí.

CAIBIDIL 4

Deontais a chur chun feidhme

Airteagal 205

Méid an deontais agus síneadh na bhfionnachtana iniúchóireachta

1.   Ní bheidh méid an deontais críochnaitheach go dtí go ndéanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na tuarascálacha deiridh agus, i gcás inarb infheidhme, na cuntais deiridh, a fhormheas gan dochar d’iniúchtaí, seiceálacha, ná imscrúduithe a dhéanann an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais, OLAF nó an Chúirt Iniúchóirí. Beidh feidhm ag Airteagal 132(4) freisin nuair a bheidh méid an deontais críochnaitheach.

2.   I gcás ina léiríonn rialuithe nó iniúchtaí gur ann do neamhrialtachtaí, calaois nó sárú oibleagáidí, ar bhonn sistéamach nó aisfhillteach, a fhéadfar a chur i leith an tairbhí agus go bhfuil tionchar ábhartha acu ar roinnt deontas a dámhadh don tairbhí sin faoi choinníollacha comhchosúla, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach cur chun feidhme an chomhaontaithe deontais nó íocaíochtaí na ndeontas uile lena mbaineann a chur ar fionraí, nó i gcás inarb iomchuí, na comhaontuithe deontais a bhaineann leis an tairbhí sin a fhoirceannadh, ag féachaint do thromchúis na bhfionnachtana.

Ina theannta sin, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na deontais a laghdú, diúltú do chostais neamh-incháilithe agus na méideanna neamhdhlite a aisghabháil a íocadh i leith na ndeontas go léir dá ndearna na neamhrialtachtaí, an chalaois nó an sárú oibleagáidí de chineál sistéamach nó aisfhillteach dá dtagraítear sa chéad fhomhír difear, agus a bhféadfar iniúchtaí, seiceálacha agus imscrúduithe a dhéanamh orthu i gcomhréir leis na comhaontuithe deontais dá ndearnadh difear.

3.   Cinnfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na méideanna atá le laghdú nó le haisghabháil, i gcás inar féidir agus inar praiticiúil, ar bhonn na gcostas a deimhníodh go míchuí mar chostais a bhí incháilithe do gach deontas lena mbaineann, tar éis glacadh leis na tuarascálacha athbhreithnithe agus na ráitis airgeadais athbhreithnithe a thíolaic an tairbhí.

4.   I gcás nach féidir nó nach indéanta méid na gcostas neamh-incháilithe do gach deontas lena mbaineann a chainníochtú go beacht, féadfar na méideanna atá le laghdú nó le haisghabháil a chinneadh tríd an ráta laghdaithe nó aisghabhála a eachtarshuí a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na deontais ar taispeánadh ina leith neamhrialtachtaí, calaois nó sárú oibleagáidí de chineál sistéamach nó aisfhillteach, nó, i gcás nach féidir costais neamh-incháilithe a úsáid mar bhonn chun na méideanna atá le laghdú nó le haisghabháil a chinneadh, trí ráta comhréidh a chur i bhfeidhm, ag féachaint do phrionsabal na comhréireachta. Tabharfar an deis don tairbhí modh nó ráta malartach cuí-réasúnaithe a mholadh sula ndéanfar an laghdú nó an aisghabháil.

Airteagal 206

Doiciméid tacaíochta le haghaidh iarrataí ar íocaíocht

1.   Sonróidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na doiciméid tacaíochta is gá a bheith ag gabháil le hiarrataí ar íocaíocht.

2.   I gcás gach deontais, féadfar an réamh-mhaoiniú a scoilteadh ina thráthchodanna éagsúla i gcomhréir leis an mbainistíocht fhónta airgeadais. Ag gabháil leis an iarraidh ar thráthchuid réamh-mhaoiniúcháin bhreise, beidh ráiteas tairbhí faoi ídiú an réamh-mhaoinithe roimhe sin. Íocfar an tráthchuid ina hiomláine i gcás inar ídíodh 70 %, ar a laghad, de mhéid iomlán aon réamh-mhaoiniú roimhe sin. Murar ídíodh, déanfar an tráthchuid a laghdú de réir na méideanna atá fós le hídiú go dtí go mbainfear an tairseach sin amach.

3.   Gan dochar don oibleagáid doiciméid tacaíochta a sholáthar, deimhneoidh an tairbhí ar a onóir nó ar a honóir go bhfuil an fhaisnéis atá in iarrataí ar íocaíocht iomlán, iontaofa agus fíor. Deimhneoidh an tairbhí freisin go bhfuil na costais a tabhaíodh incháilithe i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais agus gur tugadh bunús leis na hiarrataí ar íocaíocht le doiciméid tacaíochta leormhaithe a fhéadfar a sheiceáil.

4.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach deimhniú maidir le ráitis airgeadais na gníomhaíochta nó an chláir oibre maille leis na bunchuntais a éileamh mar thaca leis na híocaíochtaí eatramhacha nó chun comharduithe d’aon mhéid a íoc. Iarrfar deimhniú den sórt sin ar bhonn measúnú riosca, agus, go háirithe, méid an deontais, méid na híocaíochta, cineál an tairbhí agus cineál na ngníomhaíochtaí arna dtacú á gcur san áireamh.

Is iniúchóir seachtrach formheasta a chuirfidh an deimhniú sin ar fáil nó, i gcás comhlachtaí poiblí, is oifigeach poiblí inniúil neamhspleách a dhéanfaidh amhlaidh.

Deimhneofar sa deimhniú, i gcomhréir le modheolaíocht a d’fhormheas an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach agus ar bhonn nósanna imeachta a comhaontaíodh agus atá i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, go bhfuil na costais a dhearbhaigh an tairbhí sna ráitis airgeadais ar a bhfuil an iarraidh ar íocaíocht bunaithe, go bhfuil siad fíor, go ndearnadh taifead cruinn orthu agus go bhfuil siad incháilithe i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais. I gcásanna sonracha a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an deimhniú a iarraidh i bhfoirm barúla nó i bhformáid eile i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta.

5.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, ar bhonn measúnú riosca, tuarascáil fíorúcháin oibríochtúil a iarraidh mar thaca le haon íocaíocht, arna cur le chéile ag tríú páirtí neamhspleách arna fhormheas ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach. Sonrófar sa tuarascáil fíorúcháin oibríochtúil go ndearnadh an fíorú oibríochtúil i gcomhréir le modheolaíocht a d’fhormheas an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach agus sonrófar inti ar cuireadh an ghníomhaíocht nó an clár oibre chun feidhme iarbhír i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú deontais.

Airteagal 207

Tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe

I gcás ina gceanglaítear tacaíocht airgeadais a sholáthar do thríú páirtithe chun gníomhaíocht nó clár oibre a chur chun feidhme, féadfaidh an tairbhí tacaíocht airgeadais den sórt sin a sholáthar má shaineofar na coinníollacha a bhaineann leis an soláthar sin sa chomhaontú deontais idir an tairbhí agus an Coimisiún, gan lamháil ar bith le haghaidh lánrogha a bheith ag an tairbhí.

Ní mheasfar lámháil ar bith le haghaidh lánrogha a bheith ann i gcás ina sonraítear an méid seo a leanas sa chomhaontú deontais:

(a)

uasmhéid na tacaíochta airgeadais is féidir a íoc le tríú páirtí nach mbeidh os cionn EUR 60 000 mar aon leis na critéir lena gcinntear an méid cruinn.

(b)

na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí a bhféadfar tacaíocht airgeadais den sórt sin a chur ar fáil dóibh, ar bhonn liosta seasta;

(c)

sainiú na ndaoine nó na gcatagóirí daoine a fhéadfaidh tacaíocht airgeadais den sórt sin a fháil, agus na critéir lena soláthraítear í.

Féadfar an tairseach dá dtagraítear sa dara mír, pointe (a), a shárú i gcás cabhair dhaonnúil, oibríochtaí tacaíochta éigeandála, oibríochtaí cosanta sibhialta nó cabhair um bainistiú géarchéime nó i gcás nach bhféadfaí cuspóirí na ngníomhaíochtaí a chur i gcrích nó i gcás inar ródheacair déanamh amhlaidh murach sin.

Soláthróidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach faisnéis faoi na cásanna dá dtagraítear sa tríú mír den Airteagal seo sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(9).

Airteagal 208

Conarthaí cur chun feidhme

1.   Gan dochar do Threoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE, i gcás ina gceanglaítear conradh a dhámhachtain de thoradh gníomhaíocht nó clár oibre a chur chun feidhme, féadfaidh an tairbhí an conradh a dhámhachtain i gcomhréir lena ghnáthchleachtais cheannaigh nó lena gnáthchleachtais cheannaigh, ar choinníoll go ndéantar an conradh a dhámhachtain don tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch nó, de réir mar is iomchuí, don tairiscint is ísle, agus aon choinbhleacht leasa á seachaint an tráth céanna.

2.   I gcás ina gceanglaítear conradh dar luach breis agus EUR 60 000 a dhámhachtain de thoradh gníomhaíocht nó clár oibre a chur chun feidhme, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, má tá údar cuí leis, a cheangal ar an tairbhí cloí le rialacha speisialta sa bhreis orthu sin dá dtagraítear i mír 1.

Bunófar na rialacha speisialta sin ar rialacha atá sa Rialachán seo agus beidh siad i gcomhréir le luach na gconarthaí lena mbaineann, i gcomhréir le méid choibhneasta na ranníocaíochta ón Aontas i ndáil le costas iomlán na gníomhaíochta agus i gcomhréir leis an riosca. Áireofar rialacha speisialta den sórt sin sa chomhaontú deontais.

TEIDEAL IX

DUAISEANNA

Airteagal 209

Rialacha ginearálta

1.   Déanfar duaiseanna a dhámhachtain i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne agus cuirfear chun cinn leo baint amach chuspóirí beartais an Aontais.

2.   Ní dhéanfar duaiseanna a dhámhachtain go díreach gan chomórtas.

Ní dhéanfar comórtais le haghaidh duaiseanna dar luach aonaid EUR 1 000 000 nó níos mó a fhoilsiú ach amháin i gcás ina luaitear na duaiseanna sin sa chinneadh maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 110 agus tar éis d’fhaisnéis faoi na duaiseanna sin a bheith curtha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

3.   Ní bheidh nasc idir méid na duaise agus na costais a thabhaíonn an buaiteoir.

4.   I gcás ina n-éilítear le cur chun feidhme gníomhaíochta nó cláir oibre go ndámhfaidh tairbhí duaiseanna do thríú páirtithe, féadfaidh an tairbhí sin duaiseanna den sórt sin a dhámhachtain ar choinníoll go ndéanfar na critéir incháilitheachta agus dhámhachtana, méid nó cineál na nduaiseanna agus na socruithe íocaíochta nó seachadta a shainiú sa chomhaontú deontais idir an tairbhí agus an Coimisiún, gan lamháil ar bith le haghaidh lánrogha.

Airteagal 210

Rialacha an chomórtais, dámhachtain agus foilsiú

1.   I rialacha an chomórtais:

(a)

sonrófar na critéir incháilitheachta;

(b)

sonrófar na socruithe agus an dáta deiridh le haghaidh iarratasóirí a chlárú, más gá, agus le haghaidh iarratais a thíolacadh;

(c)

sonrófar na critéir eisiaimh mar a leagtar amach in Airteagal 138 agus na forais don diúltú a leagtar amach in Airteagal 143;

(d)

forálfar do dhliteanas aonair an iarratasóra i gcás éileamh a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoi chuimsiú an chomórtais;

(e)

forálfar do ghlacadh na mbuaiteoirí leis na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 128 agus leis na hoibleagáidí poiblíochta a shonraítear i rialacha an chomórtais;

(f)

sonrófar na critéir dhámhachtana a bheidh de chineál a fhágann gur féidir cáilíocht na n-iarratas a mheasúnú i ndáil leis na cuspóirí a bheidh acu agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus gur féidir a chinneadh go hoibiachtúil an éireoidh leis na hiarratais;

(g)

sonrófar méid nó cineál na duaise nó na nduaiseanna;

(h)

sonrófar na socruithe le haghaidh íoc nó sheachadadh na nduaiseanna leis na buaiteoirí tar éis iad a dhámhachtain dóibh.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), beidh tairbhithe incháilithe, mura bhforáiltear a mhalairt i rialacha an chomórtais.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 197(3) maidir le comórtais a fhoilsiú.

2.   I rialacha an chomórtais, féadfar na coinníollacha a leagan síos faoina gcuirfí an comórtas ar ceal, go háirithe i gcás nach féidir na cuspóirí a bhí leis a chur i gcrích.

3.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na duaiseanna a dhámhachtain i ndiaidh meastóireacht a dhéanann an coiste meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 153.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 203(4) agus (6) maidir leis an gcinneadh dámhachtana.

4.   Cuirfear iarratasóirí ar an eolas, a luaithe is féidir, faoi thoradh na meastóireachta a rinneadh ar a n-iarratas agus, in aon chás, laistigh de 15 lá féilire tar éis don oifigeach údarúcháin an cinneadh dámhachtana a ghlacadh.

Tabharfar fógra don iarratasóir buach faoin gcinneadh an duais a dhámhachtain agus beidh an cinneadh sin ina ghealltanas dlíthiúil.

5.   Foilseofar, i gcomhréir le hAirteagal 38(1) go (4), na duaiseanna go léir a dámhadh le linn na bliana airgeadais.

Déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i ndiaidh an fhoilsithe, tuarascáil a chur ar aghaidh chucu maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

líon na n-iarratasóirí le linn na bliana roimhe sin;

(b)

líon na n-iarratasóirí agus céatadán na n-iarratas ar éirigh leo in aghaidh an chomórtais;

(c)

liosta de na saineolaithe a ghlac páirt sna coistí meastóireachta le linn na bliana roimhe sin mar aon le tagairt don nós imeachta maidir lena roghnú.

TEIDEAL X

IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS, RÁTHAÍOCHTAÍ BUISÉADACHA AGUS CÚNAMH AIRGEADAIS

CAIBIDIL 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 211

Raon feidhme agus cur chun feidhme

1.   I gcás ina gcruthaítear gurb é seo an bealach is iomchuí chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach, féadfaidh an tAontas ionstraimí airgeadais a bhunú nó ráthaíochtaí buiséadacha nó cúnamh airgeadais, arna dtacú leis an mbuiséad, a thabhairt, trí bhíthin bunghnímh, lena saineofar a raon feidhme agus a dtréimhse chur chun feidhme.

2.   Féadfaidh na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh le hionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha nó cúnamh airgeadais an Aontais. Má dhéantar é a údarú faoin mbunghníomh, féadfaidh tríú páirtithe ranníocaíocht a dhéanamh freisin.

3.   I gcás ina ndéantar ionstraimí airgeadais nó buiséadacha a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar Airteagal 158(2) ar bhealach mutatis mutandis a mhéid a bhaineann le hidirghabhálaithe airgeadais agus faighteoirí deiridh.

4.   I gcás ina ndéantar ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit, beidh feidhm ag rialacha earnáilsonracha.

5.   I gcás ina gcuirtear ionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, cuirfidh an Coimisiún comhaontuithe i gcrích le heintitis de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointí (c)(ii), (iii), (v) agus (vi). I gcás inar measadh córais, rialacha agus nósanna imeachta na n-eintiteas sin de bhun Airteagal 157(3) agus (4), féadfaidh siad dul ar iontaoibh na gcóras, na rialacha agus na nósanna imeachta sin go huile is go hiomlán. Féadfaidh na heintitis sin, agus ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha á gcur chun feidhme acu faoi bhainistíocht indíreach, comhaontuithe a thabhairt i gcrích le hidirghabhálaithe airgeadais a dhéanfar a roghnú i gcomhréir le nósanna imeachta arb ionann iad agus na nósanna imeachta arna gcur i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Déanfaidh na heintitis sin na ceanglais de bhun Airteagal 158(2) a thrasuí sna comhaontuithe sin.

Leanfaidh an Coimisiún de bheith freagrach as a áirithiú go gcomhlíontar prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais leis an gcreat cur chun feidhme d’ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha agus go dtacaíonn an creat sin le gnóthú na gcuspóirí beartais atá sainithe agus dá bhfuil faoi cheangal am socraithe, ar cuspóirí iad is féidir a thomhas i dtéarmaí aschur agus/nó torthaí. Beidh an Coimisiún freagrach as cur chun feidhme ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha gan dochar do fhreagracht dhlíthiúil agus chonarthach na n-eintiteas sin ar cuireadh cúram orthu, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus le hAirteagal 129.

I gcás ina rannchuidíonn tríú tíortha le hionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha de bhun mhír 2, féadfar a cheadú leis an mbunghníomh eintitis chur chun feidhme incháilithe nó contrapháirteanna a ainmniú ó na tíortha lena mbaineann.

6.   Beidh rochtain iomlán ag an gCúirt Iniúchóirí ar aon fhaisnéis a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais, leis na ráthaíochtaí buiséadacha agus le cúnamh airgeadais, lena n-áirítear trí bhíthin seiceálacha ar an láthair.

Beidh an Chúirt Iniúchóirí ina hiniúchóir seachtrach a bheidh freagrach as na tionscadail agus as na cláir a bhfuil ionstraim airgeadais, ráthaíocht bhuiséadach nó cúnamh airgeadais mar thaca leo.

Airteagal 212

Prionsabail agus coinníollacha is infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha

1.   Úsáidfear ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, prionsabal na trédhearcachta, prionsabal na comhréireachta, prionsabal an neamh-idirdhealaithe, prionsabal na córa comhionainne agus prionsabal na coimhdeachta agus i gcomhréir lena gcuspóirí.

2.   I gcás ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha:

(a)

rachaidh siad i ngleic le haon chliseadh margaidh nó le haon chás infheistíochta fo-optamach agus tabharfaidh siad tacaíocht, ar mhodh comhréireach, d’fhaighteoirí deiridh a mheastar a bheith inmharthana go heacnamaíoch, de réir caighdeáin a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, tráth na tacaíochta airgeadais ón Aontas, agus tabharfaidh siad an tacaíocht sin do na faighteoirí sin amháin;

(b)

bainfidh siad breisíocht amach trí chosc a chur ar ionadú tacaíochta agus infheistíochta féideartha ó fhoinsí poiblí nó príobháideacha eile;

(c)

ní dhéanfaidh siad saobhadh ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach agus beidh siad comhsheasmhach le rialacha maidir le Státchabhair;

(d)

bainfidh siad éifeacht ghiarála agus éifeacht iolraitheora amach, le spriocraon luachanna atá bunaithe ar mheastóireacht ex ante i dtaca leis an ionstraim airgeadais nó leis an ráthaíocht bhuiséadach chomhfhreagrach, trí infheistíocht fhoriomlán a shlógadh ar mó í ná an ranníocaíocht nó an ráthaíocht ón Aontas, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, uasmhéadú na hinfheistíochta príobháidí;

(e)

cuirfear chun feidhme iad ar bhealach a áiritheoidh go mbeadh comhleas ag na heintitis nó contrapháirteanna cur chun feidhme a bhfuil baint acu leis an gcur chun feidhme chun na cuspóirí beartais a shainítear sa bhunghníomh ábhartha a bhaint amach, agus forálacha ann maidir le, mar shampla, comhinfheistíocht, ceanglais chomhroinnte riosca nó dreasachtaí airgid, agus an tráth céanna déanfaidh siad coinbhleachtaí leasa le gníomhaíochtaí eile na n-eintiteas nó na gcontrapháirteanna a chosc;

(f)

déanfaidh siad foráil do luach saothair de chuid an Aontais a bheidh i gcomhréir le comhroinnt riosca i measc rannpháirtithe airgeadais agus i gcomhréir le cuspóirí beartais na hionstraime airgeadais nó na ráthaíochta buiséadaí;

(g)

i gcás ina bhfuil aon luach saothair de chuid na n-eintiteas nó na gcontrapháirteanna cur chun feidhme a bhfuil baint acu leis an gcur chun feidhme dlite, forálfaidh siad go mbeidh an luach saothair sin bunaithe ar fheidhmíocht agus go gcuimseofar an méid seo a leanas leis:

(i)

táillí riaracháin chun luach saothair a thabhairt don eintiteas nó don chontrapháirt as an obair a dhéantar chun ionstraim airgeadais nó ráthaíocht bhuiséadach a chur chun feidhme, a bheidh, oiread is féidir, bunaithe ar na hoibríochtaí a dhéantar nó na méideanna a eisíoctar; agus

(ii)

i gcás inarb iomchuí, dreasachtaí a bhaineann le cúrsaí beartais chun baint amach na gcuspóirí beartais a chur chun cinn nó chun feidhmíocht airgeadais na hionstraime airgeadais nó na ráthaíochta buiséadaí a dhreasú.

Féadfar aisíocaíocht a dhéanamh ar speansais eisceachtúla i gcásanna a bhfuil údar cuí leo;

(h)

beidh siad bunaithe ar mheastóireachtaí ex ante, ina n-aonar nó mar chuid de chlár, i gcomhréir le hAirteagal 34, ina mbeidh mínithe a bhaineann leis an rogha a rinneadh faoin gcineál oibríochta airgeadais, ag cur san áireamh na gcuspóirí beartais atá le baint amach agus na rioscaí airgeadais agus coigiltis a bhaineann leo don bhuiséad.

Déanfar na meastóireachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (h), a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta chun an tionchar a bhíonn ag mórathruithe socheacnamaíocha ar an réasúnaíocht atá leis an ionstraim airgeadais nó an ráthaíocht bhuiséadach a chur san áireamh.

3.   Gan dochar do rialacha earnáilsonracha maidir le bainistíocht chomhroinnte, déanfar ioncam, lena n-áirítear díbhinní, gnóthachain chaipitiúla, táillí ráthaíochta agus ús ar iasachtaí agus ar mhéideanna ar chuntais mhuiníneacha a aisíocadh leis an gCoimisiún nó ar chuntais mhuiníneacha a osclaíodh d’ionstraimí airgeadais nó do ráthaíochtaí buiséadacha atá inchurtha i leith na tacaíochta ón mbuiséad faoi ionstraim airgeadais nó ráthaíocht bhuiséadach, déanfar sin a chur isteach sa bhuiséad tar éis costais bhainistíochta agus táillí bainistíochta a bhaint.

Maidir le haisíocaíochtaí bliantúla, lena n-áirítear aisíocaíochtaí caipitil, ráthaíochtaí a scaoileadh, agus aisíocaíochtaí ar phríomhshuim iasachtaí, a aisíocadh leis an gCoimisiún nó le cuntais mhuiníneacha a osclaíodh d’ionstraimí airgeadais nó do ráthaíochtaí buiséadacha atá inchurtha i leith na tacaíochta ón mbuiséad faoi ionstraim airgeadais nó ráthaíocht bhuiséadach, is ioncam sannta inmheánach a bheidh iontu i gcomhréir le hAirteagal 21(3), pointe (f) agus úsáidfear iad don ionstraim airgeadais chéanna nó don ráthaíocht bhuiséadach chéanna, gan dochar d’Airteagal 218(4), ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse don ghealltanas buiséadach móide dhá bhliain, mura sonraítear a mhalairt i mbunghníomh.

Cuirfidh an Coimisiún an t-ioncam sannta inmheánach sin san áireamh agus an méid á mholadh aige do leithdháiltí d’ionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha amach anseo.

D’ainneoin an dara fomhír, féadfar an méid amuigh den ioncam sannta arna údarú faoi bhunghníomh atá le haisghairm nó a dtagann deireadh leis, féadfar é a shannadh freisin d’ionstraim eile airgeadais atá ag saothrú cuspóirí comhchosúla, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa bhunghníomh lena mbunaítear an ionstraim airgeadais sin.

4.   Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach as ionstraim airgeadais, ráthaíocht bhuiséadach nó cúnamh airgeadais ráiteas airgeadais a tháirgeadh, lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig, i gcomhréir le hAirteagal 249 agus leis na rialacha cuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 80 agus le Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí (IPSAS).

I gcás ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, áiritheoidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach go ndéanfaidh na heintitis ráitis airgeadais neamhiniúchta arna n-ullmhú i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 80 agus le IPSAS, lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig, chomh maith le haon fhaisnéis is gá chun ráitis airgeadais a chur i dtoll a chéile i gcomhréir le hAirteagal 82(2), a sholáthar de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointí (c)(ii), (iii), (v) agus (vi), faoin 15 Feabhra den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin agus go soláthróidh na heintitis sin ráitis airgeadais iniúchta faoin 15 Aibreán den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

5.   I gcás ina gcuirtear ionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha le chéile le tacaíocht choimhdeach ó bhuiséad, lena n-áirítear deontais, in aon chomhaontú amháin, beidh feidhm ag an Teideal seo maidir leis an mbeart iomlán. Déanfar an tuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 41(4) agus 5 agus saineofar go soiléir na codanna den bheart arb ionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha iad.

Airteagal 213

Dliteanas airgeadais an Aontais

1.   Ní sháróidh an dliteanas airgeadais agus na glaníocaíochtaí comhiomlána ón mbuiséad, tráth ar bith:

(a)

i ndáil le hionstraimí airgeadais: méid an ghealltanais bhuiséadaigh ábhartha a rinneadh ina leith;

(b)

i ndáil le ráthaíochtaí buiséadacha: méid na ráthaíochta buiséadaí arna údarú faoin mbunghníomh;

(c)

i ndáil le cúnamh airgeadais: uasmhéid na gcistí a thugtar de chumhacht don Choimisiún a fháil ar iasacht chun an cúnamh airgeadais arna údarú faoin mbunghníomh a chistiú, agus an t-ús ábhartha.

2.   Féadfaidh ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais dliteanas teagmhasach a chruthú don Aontas a bheidh níos mó ná na sócmhainní airgeadais arna soláthar chun dliteanas airgeadais an Aontais a chumhdach, agus sin amháin, má dhéantar foráil dó sin i mbunghníomh lena mbunaítear ráthaíocht bhuiséadach nó cúnamh airgeadais agus faoi na coinníollacha a leagtar amach ann.

3.   Chun críocha an mheasúnaithe bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 256, measfar go bhfuil na dliteanais theagmhasacha a eascraíonn ó na ráthaíochtaí buiséadacha nó ón gcúnamh airgeadais arna n-íoc ón mbuiséad inbhuanaithe, má tá an t-athrú ilbhliantúil atá tuartha dóibh comhoiriúnach leis na teorainneacha arna socrú leis an rialachán lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 312(2) CFAE agus le huasteorainn na leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

Airteagal 214

Soláthar dliteanas airgeadais

1.   I gcás ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do thríú tíortha, leagfar amach i mbunghníomh ráta soláthair mar chéatadán de mhéid an dliteanas airgeadais arna údarú. Ní áireofar sa mhéid sin na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 211(2).

Beidh foráil sa bhunghníomh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an ráta soláthair gach 3 bliana ar a laghad.

2.   Déanfar socrú ráta soláthair a threorú le measúnú cáilíochtúil agus cainníochtúil ón gCoimisiún ar na rioscaí airgeadais a eascraíonn as ráthaíocht bhuiséadach nó cúnamh airgeadais do thríú tír i gcomhréir le prionsabal na stuamachta, prionsabal a fhágann nach ndéanfar rómheastachán ar shócmhainní ná ar bhrabúis agus nach ndéanfar fomheastachán ar dhliteanais ná ar chaillteanais.

Mura sonraítear a mhalairt sa bhunghníomh lena mbunaítear an ráthaíocht bhuiséadach nó cúnamh airgeadais do thríú tír, beidh an ráta soláthair bunaithe ar an soláthar foriomlán atá de dhíth roimh ré chun na glanchaillteanais a bhfuiltear ag súil leo a chumhdach agus chun maolán leormhaith sábháilteachta a chur ar fáil chomh maith. Gan dochar do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa ná do chumhachtaí na Comhairle, déanfar an soláthar foriomlán a chur le chéile thar an tréimhse ama dá bhforáiltear sa ráiteas ábhartha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 35.

3.   I gcás ionstraim airgeadais, déanfar soláthar, i gcás inarb iomchuí, chun freagairt a thabhairt ar íocaíochtaí amach anseo a bhaineann le gealltanas buiséadach na hionstraime airgeadais sin.

4.   Déanfar ranníocaíochtaí leis an soláthar trí na hacmhainní seo a leanas:

(a)

ranníocaíochtaí ón mbuiséad agus lánurraim á tabhairt don rialachán lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil agus tar éis scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí i ndáil le hathdháileadh;

(b)

torthaí ar infheistíochtaí na n-acmhainní a choinnítear sa chiste don soláthar coiteann;

(c)

méideanna a aisghabhadh ó fhéichiúnaithe mainneachtana i gcomhréir leis an nós imeachta aisghabhála a leagtar síos sa ráthaíocht nó sa chomhaontú iasachta;

(d)

ioncam agus aon íocaíochtaí eile a fuair an tAontas i gcomhréir leis an ráthaíocht nó leis an gcomhaontú iasachta;

(e)

i gcás inarb infheidhme, ranníocaíochtaí in airgead tirim ó Bhallstáit agus ó thríú páirtithe de bhun Airteagal 211(2).

Ní chuirfear san áireamh ach na hacmhainní dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (d), den mhír seo chun an soláthar a thagann as an ráta soláthair dá dtagraítear i mír 1 a ríomh.

5.   Bainfear úsáid as soláthairtí chun íoc as na nithe seo a leanas:

(a)

glaonna ar an ráthaíocht bhuiséadach;

(b)

oibleagáidí íocaíochta a bhaineann le gealltanas buiséadach le haghaidh ionstraim airgeadais;

(c)

oibleagáidí airgeadais a eascraíonn as cistí a fháil ar iasacht de bhun Airteagal 223(1);

(d)

i gcás inarb infheidhme, speansais eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnaimh airgeadais do thríú tíortha.

6.   I gcás inar mó na soláthairtí le haghaidh ráthaíocht bhuiséadach ná méid an tsoláthair a thagann as an ráta soláthair dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointí (b), (c) agus (d), den Airteagal seo agus a bhfuil baint acu leis an ráthaíocht sin a úsáid laistigh de theorainneacha na tréimhse incháilithe dá bhforáiltear sa bhunghníomh, ach, mar sin féin, gan dul thar chéim cur le chéile an tsoláthair, agus gan dochar d’Airteagal 216(4), chun an ráthaíocht bhuiséadach a chur ar ais go dtí a méid tosaigh.

7.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach agus féadfaidh sé bearta leormhaithe a mholadh don athsholáthar nó méadú ar an ráta soláthair a mholadh i gcás:

(a)

mar thoradh ar ghlaonna ar ráthaíocht bhuiséadach, ina dtiteann leibhéal na soláthairtí don ráthaíocht bhuiséadach sin faoi bhun 50 % den ráta soláthair dá dtagraítear i mír 1, agus i gcás ina dtiteann sé faoi bhun 30 % den ráta soláthair sin, nó i gcás ina bhféadfadh sé titim faoi bhun aon cheann de na céatadáin sin laistigh de bhliain de réir measúnú riosca ón gCoimisiún;

(b)

ina mainníonn tír a bhaineann leas as cúnamh airgeadais ón Aontas aibíocht a íoc.

Airteagal 215

Ciste don soláthar coiteann

1.   Coinneofar i gciste don soláthar coiteann na soláthairtí a dhéantar chun na dliteanais airgeadais a eascraíonn as ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha nó cúnamh airgeadais a chumhdach.

Cuirfear de chúram ar an gCoimisiún bainistíocht airgeadais a dhéanamh ar shócmhainní an chiste don soláthar coiteann

2.   Leithdháilfear na brabúis nó caillteanais fhoriomlána ó infheistíocht na n-acmhainní a choinnítear sa chiste don soláthar coiteann go comhréireach i measc na n-ionstraimí airgeadais, na ráthaíochtaí buiséadacha nó an chúnaimh airgeadais faoi seach.

Coinneoidh bainisteoir airgeadais acmhainní an chiste don soláthar coiteann íosmhéid d’acmhainní an chiste in airgead tirim nó i gcoibhéisí airgid thirim i gcomhréir le rialacha stuamachta agus leis na réamh-mheastacháin i dtaca le híocaíochtaí arna gcur ar fáil ag na hoifigigh údarúcháin a bhfuil na hionstraimí airgeadais, na ráthaíochtaí buiséadacha nó an cúnamh airgeadais faoina gcúram.

Féadfaidh bainisteoir airgeadais acmhainní an chiste don soláthar coiteann comhaontuithe athcheannaigh a dhéanamh, agus acmhainní an chiste don soláthar coiteann mar chomhthaobhacht, chun íocaíochtaí a dhéanamh as an gciste i gcás ina bhfuiltear ag súil leis go réasúnta go mbeidh an nós imeachta sin níos tairbhiúla don bhuiséad ná mar a bheadh dífheistiú acmhainní laistigh de thráthchlár na hiarrata ar íocaíocht. Beidh fad nó tréimhse tar-rollta na gcomhaontuithe athcheannaigh a bhaineann le híocaíocht teoranta don íosmhéid is gá chun caillteanas don bhuiséad a íoslaghdú.

3.   De bhun Airteagal 77(1), an chéad fhomhír, pointe (d), agus Airteagal 86(1) agus (2), cuirfidh an t-oifigeach cuntasaíochta ar bun na nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm maidir leis na hoibríochtaí ioncaim agus caiteachais agus, i gcomhaontú le bainisteoir airgeadais acmhainní an chiste don soláthar coiteann, maidir leis na sócmhainní agus na dliteanais a bhaineann leis an gciste don soláthar coiteann.

4.   Sna cásanna eisceachtúla sin ina mbeidh aistriú déanta ag an gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 30(1), an chéad fhomhír, pointe (g), cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach faoi sin, agus molfaidh sé go práinneach na bearta is gá chun mír bhuiséadach na ráthaíochta óna ndearnadh an t-aistriú a chur ar ais, agus lánurraim á tabhairt do na huasteorainneacha dá bhforáiltear sa rialachán lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 216

Glanráta soláthair

1.   Beidh soláthar na ráthaíochtaí buiséadacha agus an chúnaimh airgeadais do thríú tíortha sa chiste don soláthar coiteann bunaithe ar ghlanráta soláthair. Tabharfaidh an ráta sin leibhéal cosanta i gcoinne dhliteanais airgeadais an Aontais atá comhionann leis an leibhéal a thabharfadh na rátaí soláthair faoi seach dá ndéanfaí na hacmhainní a choinneáil agus a bhainistiú ar leithligh.

2.   Is é a bheidh sa ghlanráta soláthair is infheidhme céatadán de gach ráta tosaigh soláthair arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 214(2), an dara fomhír. Ní bheidh feidhm aige ach i dtaca leis an méid acmhainní sa chiste don soláthar coiteann dá bhforáiltear chun glaonna ráthaíochta a íoc thar thréimhse bliana. Déanfar foráil ann do chóimheas, i bhfoirm céatadáin, idir an méid airgid thirim agus méid na gcoibhéisí airgid thirim sa chiste don soláthar coiteann is gá chun seasamh le glaonna ráthaíochta agus an méid airgid thirim agus méid na gcoibhéisí airgid thirim a bheadh de dhíth i ngach ciste ráthaíochta chun seasamh le glaonna ráthaíochta, dá ndéanfaí na hacmhainní a choinneáil agus a bhainistiú ar leithligh, i gcás inar riosca leachtachta comhionann atá sa dá mhéid. Ní thitfidh an cóimheas sin faoi bhun 95 %. Cuirfear an méid seo a leanas i gcuntas agus an glanráta soláthair á ríomh:

(a)

tuar ar na hinsreafaí agus ar na heis-sreafaí sa chiste don soláthar coiteann, ag féachaint do chéim cur le chéile an tsoláthair fhoriomláin i gcomhréir le hAirteagal 214(2), an dara fomhír;

(b)

an comhghaol riosca i measc na ráthaíochtaí buiséadacha agus an chúnaimh airgeadais do thríú tíortha;

(c)

dálaí an mhargaidh.

Faoin 1 Iúil 2020, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 275 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le coinníollacha mionsonraithe chun an glanráta soláthair a ríomh, lena n-airítear modheolaíocht don ríomh sin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 275 chun an t-íoschóimheas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a leasú i bhfianaise na taithí a fuarthas le hoibriú an chiste don soláthar coiteann, agus cur chuige stuama á choinneáil i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Ní dhéanfar an t-íoschóimheas a shocrú ag leibhéal níos ísle ná 85 %.

3.   Ríomhfaidh bainisteoir airgeadais acmhainní an chiste don soláthar coiteann an glanráta soláthair go bliantúil, agus beidh an ráta sin ina phointe tagartha ag an gCoimisiún chun na ranníocaíochtaí ón mbuiséad a ríomh de bhun Airteagal 214(4), pointe (a), agus, ina dhiaidh sin, i mír 4, pointe (b), den Airteagal seo.

4.   Tar éis an glanráta soláthair bliantúil a ríomh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, déanfar na hoibríochtaí seo a leanas i gcomhthéacs an nós imeachta bhuiséadaigh agus cuirfear i láthair sa doiciméad oibre dá dtagraítear in Airteagal 41(5), pointe (h), iad:

(a)

aon bharrachas soláthairtí le haghaidh ráthaíocht bhuiséadach nó cúnamh airgeadais do thríú tír, déanfar é a chur ar ais sa bhuiséad;

(b)

aon athsholáthar ar an gciste, déanfar é i dtráinsí bliantúla ar feadh uastréimhse 3 bliana, gan dochar d’Airteagal 214(6).

5.   Tar éis dul i gcomhairle leis an oifigeach cuntasaíochta, bunóidh an Coimisiún na treoirlínte is infheidhme maidir le bainistiú na n-acmhainní sa chiste don soláthar coiteann i gcomhréir le rialacha stuamachta iomchuí agus gan oibríochtaí díorthacha chun críoch amhantraíochta a chur san áireamh. Beidh na treoirlínte sin i gceangal leis an gcomhaontú le bainisteoir airgeadais acmhainní an chiste don soláthar coiteann.

Déanfar meastóireacht neamhspleách ar leormhaitheas na dtreoirlínte gach 3 bliana agus tarchuirfear an mheastóireacht sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 217

Tuairisciú bliantúil

1.   De bhreis ar an oibleagáid tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 256, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar an gciste don soláthar coiteann.

2.   An tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, áireofar inti faisnéis maidir le bainistíocht airgeadais, feidhmíocht agus riosca an chiste don soláthar coiteann ag deireadh na bliana féilire roimhe sin, maidir le sreafaí airgeadais sa chiste don soláthar coiteann le linn na bliana féilire roimhe sin, agus maidir le hidirbhearta suntasacha agus aon fhaisnéis ábhartha eile maidir le neamhchosaint an Aontais ar riosca airgeadais.

CAIBIDIL 2

Forálacha sonracha

Roinn 1

Ionstraimí airgeadais

Airteagal 218

Rialacha agus cur chun feidhme

1.   D’ainneoin Airteagal 211(1), féadfar ionstraimí airgeadais a bhunú, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, agus gan iad a bheith údaraithe trí bhíthin bunghnímh, ar choinníoll go n-áirítear na hionstraimí sin sa dréachtbhuiséad i gcomhréir le hAirteagal 41(4), an chéad fhomhír, pointe (e).

2.   Déanfaidh an Coimisiún bainistíocht chomhchuibhithe shimplithe ar ionstraimí airgeadais a áirithiú, go háirithe i réimse na cuntasaíochta, an tuairiscithe, an fhaireacháin agus na bainistíochta riosca airgeadais.

3.   I gcás ina bhfuil an tAontas rannpháirteach in ionstraim airgeadais mar gheallsealbhóir mionlach, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar an Teideal seo i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ar bhonn mhéid agus luach rannpháirtíocht an Aontais san ionstraim. Mar sin féin, gan beann ar mhéid agus luach rannpháirtíocht an Aontais san ionstraim, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar Airteagail 129 agus 158, Airteagal 212(2) agus (4), Airteagal 41(4) agus, a mhéid a bhaineann leis na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointe (d), Roinn 2 de Chaibidil 2 de Theideal V.

4.   I gcás ina measann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle nár baineadh amach a cuspóirí go héifeachtach le hionstraim airgeadais, féadfaidh siad a iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh le haghaidh bunghníomh athbhreithnithe d’fhonn an ionstraim a fhoirceannadh. I gcás ina ndéantar ionstraim airgeadais a fhoirceannadh, measfar aon suim nua a íoctar ar ais leis an ionstraim sin de bhun Airteagal 212(3) mar ioncam ginearálta agus cuirfear ar ais sa bhuiséad í.

5.   Déanfar cuspóir na n-ionstraimí airgeadais nó grúpa d’ionstraimí airgeadais ar leibhéal saoráide agus, i gcás inarb infheidhme, a bhfoirm dhlíthiúil shonrach agus a n-áit chlárúcháin a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an Choimisiúin.

6.   Féadfaidh eintitis ar a gcuirtear de chúram ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme cuntais mhuiníneacha, de réir bhrí Airteagal 85(3), a oscailt thar ceann an Aontais. Seolfaidh na heintitis sin na ráitis chuntais chomhfhreagracha chuig an tseirbhís sa Choimisiún atá freagrach astu. Déanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí chuig cuntais mhuiníneacha ar bhonn iarrataí ar íocaíocht atá cuí-réasúnaithe le tuartha eisíocaíochta, agus na hiarmhéideanna atá ar fáil ar na cuntais mhuiníneacha agus an gá atá le hiarmhéideanna iomarcacha ar na cuntais sin a sheachaint á gcur i gcuntas.

Airteagal 219

Ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme go díreach ag an gCoimisiún

1.   Féadfar ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme go díreach de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), trí aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

meán infheistíochta tiomnaithe ina bhfuil an Coimisiún rannpháirteach in éineacht le hinfheisteoirí poiblí nó príobháideacha eile d’fhonn éifeacht ghiarála na ranníocaíochta ón Aontas a mhéadú;

(b)

iasachtaí, ráthaíochtaí, rannpháirtíochtaí cothromais agus ionstraimí comhroinnte riosca eile nach infheistíochtaí i meáin infheistíochta thiomnaithe iad, arna soláthar do na faighteoirí deiridh go díreach nó trí idirghabhálaithe airgeadais.

2.   Na meáin infheistíochta thiomnaithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), is de bhun dlíthe Ballstáit a bhunófar iad. I réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha, féadfar iad a bhunú freisin de bhun dlíthe tíre nach Ballstát í. Ceanglófar ar bhainisteoirí meán den sórt sin faoin dlí nó go conarthach gníomhú le dúthracht bainisteora ghairmiúil agus de mheon macánta.

3.   Roghnófar bainisteoirí na meán infheistíochta tiomnaithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), agus idirghabhálaithe airgeadais nó faighteoirí deiridh ionstraimí airgeadais agus aird chuí á tabhairt ar chineál na hionstraime airgeadais atá le cur chun feidhme, ar thaithí agus ar acmhainneacht airgeadais agus oibríochtúil na n-eintiteas lena mbaineann, agus ar inmharthanacht eacnamaíoch thionscadail na bhfaighteoirí deiridh. Déanfar an roghnúchán ar bhealach trédhearcach agus beidh údar leis ar fhorais oibiachtúla agus ní thiocfaidh coinbhleacht leasa as.

Airteagal 220

Comhcheangal le cistí arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte

1.   Coinneofar taifid ar leithligh i gcás comhcheangal cistí arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte le tacaíocht ó ionstraimí airgeadais arna mbunú faoin Roinn seo.

2.   Déanfar cistí arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte a thaisceadh i gcuntais ar leithligh agus úsáidfear iad i gcomhréir le cuspóirí na gcistí faoi seach, chun tacú le gníomhaíochtaí agus le faighteoirí deiridh atá comhsheasmhach leis an gclár nó leis na cláir óna ndéantar comhcheangail.

3.   I dtaca le comhcheangail cistí arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte le tacaíocht ó ionstraimí airgeadais arna mbunú faoin Roinn seo, beidh feidhm ag rialacha earnáilsonracha.

Roinn 2

Ráthaíochtaí buiséadacha

Airteagal 221

Rialacha maidir le ráthaíochtaí buiséadacha

1.   Saineofar sa bhunghníomh:

(a)

méid na ráthaíochta buiséadaí nach sárófar tráth ar bith, gan dochar d’Airteagal 211(2);

(b)

na cineálacha oibríochtaí arna gcumhdach ag an ráthaíocht bhuiséadach.

2.   Féadfar ranníocaíochtaí ó na Ballstáit le ráthaíochtaí buiséadacha de bhun Airteagal 211(2) a thabhairt i bhfoirm ráthaíochtaí nó i bhfoirm airgead tirim.

Féadfar ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe le ráthaíochtaí buiséadacha de bhun Airteagal 211(2) a thabhairt i bhfoirm airgead tirim.

Cuirfidh na ranníocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír leis an ráthaíocht bhuiséadach. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na Ballstáit atá ag ranníoc nó tríú páirtithe íocaíochtaí i leith glaonna ráthaíochta ar bhonn pari passu. Síneoidh an Coimisiún comhaontú leis na ranníocóirí ina mbeidh, go háirithe, forálacha a bhaineann leis na coinníollacha íocaíochta.

Airteagal 222

Cur chun feidhme ráthaíochtaí buiséadacha

1.   Beidh ráthaíochtaí buiséadacha neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar éileamh do na cineálacha oibríochtaí a chumhdaítear.

2.   Cuirfear ráthaíochtaí buiséadacha chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), nó, i gcásanna eisceachtúla, de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a).

3.   Ní chumhdófar le ráthaíocht bhuiséadach ach oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chomhlíonann Airteagal 212(2), an chéad fhomhír, pointí (a) go (d).

4.   Ranníocfaidh contrapháirteanna lena n-acmhainní dílse leis na hoibríochtaí arna gcumhdach ag an ráthaíocht bhuiséadach.

5.   Cuirfidh an Coimisiún comhaontú ráthaíochta i gcrích leis an gcontrapháirt. Beidh deonú na ráthaíochta buiséadaí faoi réir theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe ráthaíochta.

6.   Go bliantúil, cuirfidh contrapháirteanna an méid seo a leanas ar fáil don Choimisiún:

(a)

measúnú riosca agus faisnéis faoin ngrádú a bhaineann leis na hoibríochtaí arna gcumhdach ag an ráthaíocht bhuiséadach, chomh maith le haon mhainneachtain a bhfuiltear ag súil léi;

(b)

faisnéis ar an oibleagáid airgeadais atá amuigh ar an Aontas a eascraíonn ón ráthaíocht bhuiséadach, agus an fhaisnéis sin miondealaithe ina hoibríochtaí aonair;

(c)

na brabúis nó na caillteanais iomlána a eascraíonn as na hoibríochtaí arna gcumhdach ag an ráthaíocht bhuiséadach.

Roinn 3

Cúnamh airgeadais

Airteagal 223

Rialacha agus cur chun feidhme

1.   Beidh cúnamh airgeadais ón Aontas do na Ballstáit nó do thríú tíortha i gcomhréir leis na coinníollacha réamhshainithe agus i bhfoirm iasachta nó líne chreidmheasa nó i bhfoirm aon ionstraim eile a mheastar a bheith iomchuí chun éifeachtacht na tacaíochta a áirithiú. Chuige sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, sa bhunghníomh ábhartha, na cistí riachtanacha a fháil ar iasacht thar ceann an Aontais ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais.

2.   Is in euro a thabharfar an cúnamh airgeadais, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

3.   Déanfaidh an Coimisiún an cúnamh airgeadais a chur chun feidhme go díreach.

4.   Cuirfidh an Coimisiún comhaontú i gcrích leis an tír is tairbhí ina mbeidh forálacha:

(a)

lena n-áirithítear go seiceálfaidh an tír is tairbhí go tráthrialta an bhfuil an maoiniú a sholáthraítear á úsáid i gceart i gcomhréir leis na coinníollacha réamhshainithe, go ndéanfaidh sí bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus, más gá, go dtógfaidh sí caingean dlí chun aon chistí, a soláthraíodh faoi chúnamh airgeadais agus a ndearnadh mí-leithghabháil orthu, a aisghabháil;

(b)

lena n-áirithítear go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais;

(c)

lena dtugtar údarú go sainráite don Choimisiún, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 129 a fheidhmiú;

(d)

lena n-áirithítear go bhfuil an tAontas i dteideal aisíocaíocht luath na hiasachta i gcás ina mbunaítear, i ndáil le bainistíocht an chúnaimh airgeadais, gur thug an tír is tairbhí faoi aon ghníomh calaoise nó éillithe nó faoi aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais;

(e)

lena n-áirithítear gur ar an tír is tairbhí a thitfidh aon chostas a thabhóidh an tAontas a bhaineann leis an gcúnamh airgeadais.

5.   Scaoilfidh an Coimisiún na hiasachtaí, i gcás inar féidir, i dtráthchodanna, a bheidh faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha atá ag gabháil leis an gcúnamh airgeadais. I gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha sin, cuirfidh an Coimisiún eisíoc an chúnaimh airgeadais ar fionraí go sealadach nó cuirfidh sé ar ceal é.

Airteagal 224

Straitéis cistiúcháin éagsúlaithe

1.   Cuirfidh an Coimisiún straitéis cistiúcháin éagsúlaithe chun feidhme arb á atá inti oibríochtaí trína bhfaightear iasachtaí a údaraítear faoi Airteagal 5(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 agus, seachas i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, oibríochtaí trína bhfaightear iasachtaí agus oibríochtaí bainistithe fiachais chun cláir chúnaimh airgeadais a chistiú. Cuirfear an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe chun feidhme trí na hidirbhearta uile is gá lena ndírítear ar láithreacht thráthrialta sa mhargadh caipitil, agus beidh sí bunaithe ar chomhthiomsú ionstraimí cistiúcháin agus, leis an straitéis, bainfear úsáid as comhthiomsú coiteann leachtachta.

2.   Bunóidh an Coimisiún na socruithe is gá ar mhaithe leis an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a chur chun feidhme. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta agus go cuimsitheach faoi gach gné dá straitéis iasachtaíochta agus bainistithe fiachais.

TEIDEAL XI

RANNÍOCAÍOCHTAÍ LE PÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA

Airteagal 225

Forálacha ginearálta

Féadfar ranníocaíochtaí airgeadais díreacha ón mbuiséad a dhámhachtain do pháirtithe polaitiúla Eorpacha mar a shainmhínítear in Airteagal (2), pointe 3, de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 (páirtithe polaitiúla Eorpacha) i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl i gcomhréir leis an Rialachán sin.

Airteagal 226

Prionsabail

1.   Ní úsáidfear ranníocaíochtaí ach chun an céatadán a leagtar amach in Airteagal 17(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 de chostais oibriúcháin páirtithe polaitiúla Eorpacha a aisíoc, ar costais iad atá nasctha go díreach le cuspóirí na bpáirtithe sin, mar a shonraítear in Airteagal 17(5) agus Airteagal 21 den Rialachán sin.

2.   Féadfar ranníocaíochtaí a úsáid chun caiteachas a bhaineann le conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag páirtithe polaitiúla Eorpacha a aisíoc, ar choinníoll nach raibh aon choinbhleachtaí leasa ann nuair a dámhadh iad.

3.   Ní úsáidfear ranníocaíochtaí chun aon bhuntáiste pearsanta a thabhairt go díreach nó go hindíreach, in airgead tirim nó i gcomhchineál, d’aon duine aonair nó d’aon chomhalta d’fhoireann páirtí pholaitiúil Eorpaigh. Ní úsáidfear ranníocaíochtaí chun gníomhaíochtaí tríú páirtithe a mhaoiniú go díreach nó go hindíreach, go háirithe páirtithe polaitiúla náisiúnta nó fondúireachtaí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach nó ar an leibhéal náisiúnta, bídís i bhfoirm deontas, tabhartas, iasachtaí nó aon chomhaontuithe cosúla eile. Chun críocha na míre seo, ní mheasfar gur tríú páirtithe iad eintitis chomhlachaithe de pháirtithe polaitiúla Eorpacha, i gcás ina bhfuil eintitis den sórt sin mar chuid den eagraíocht riaracháin de chuid páirtithe polaitiúla Eorpacha mar a leagtar amach i reachtanna na bpáirtithe sin. Ní úsáidfear ranníocaíochtaí chun aon chríoch a eisiatar le hAirteagal 22 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

4.   Beidh ranníocaíochtaí faoi réir phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

5.   Dámhfaidh Parlaimint na hEorpa ranníocaíochtaí ar bhonn bliantúil agus foilseofar iad i gcomhréir le hAirteagal 38(1) go (4) den Rialachán seo agus le hAirteagal 32(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

6.   Páirtithe polaitiúla Eorpacha a fhaigheann ranníocaíocht, ní bhfaighidh siad go díreach nó go hindíreach cistí eile ón mbuiséad. Go háirithe, déanfar tabhartais ó bhuiséid grúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa a thoirmeasc. Ní dhéanfar i gcás ar bith an caiteachas céanna a mhaoiniú faoi dhó ón mbuiséad.

Beidh ranníocaíochtaí gan dochar do chumas na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha cúlchistí a thiomargadh lena bhfuil acu d’acmhainní dílse i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

7.   Má bhaineann fondúireacht pholaitiúil Eorpach mar a shainmhínítear í in Airteagal (2), pointe 4, de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 amach barrachas ioncaim a sháraíonn caiteachas i ndeireadh bliain airgeadais a raibh deontas oibriúcháin faighte aige lena linn, féadfar an chuid den bharrachas a chomhfhreagraíonn do suas le 25 % d’ioncam iomlán na bliana sin a thabhairt anonn go dtí an bhliain ina dhiaidh sin ar choinníoll go n-úsáidfear roimh dheireadh na chéad ráithe den bhliain ina dhiaidh sin í.

Airteagal 227

Gnéithe buiséadacha

Íocfar ranníocaíochtaí, mar aon le leithreasuithe a chuirtear i leataobh do na comhlachtaí nó na saineolaithe iniúchóireachta neamhspleácha seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, ó roinn an bhuiséid a bhaineann le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal 228

Glao ar ranníocaíochtaí

1.   Dámhfar ranníocaíochtaí trí bhíthin glao ar ranníocaíochtaí a fhoilseofar gach bliain, ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa ar a laghad.

2.   Ní fhéadfar ach ranníocaíocht amháin in aghaidh na bliana a dhámhachtain do pháirtí polaitiúil Eorpach.

3.   Ní fhéadfaidh páirtí polaitiúil Eorpach ranníocaíocht a fháil ach amháin má dhéanann sé iarratas ar chistiú ar na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa ghlao ar ranníocaíochtaí.

4.   Cinnfear sa ghlao ar ranníocaíochtaí na coinníollacha faoina bhféadfaidh an t-iarratasóir ranníocaíocht a fháil i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, chomh maith leis na critéir eisiaimh.

5.   Cinnfear sa ghlao ar ranníocaíochtaí, ar a laghad, cineál an chaiteachais a fhéadfar a aisíoc leis an ranníocaíocht.

6.   Éileofar buiséad measta sa ghlao ar ranníocaíochtaí.

Airteagal 229

Nós imeachta dámhachtana

1.   Déanfar iarratais ar ranníocaíochtaí a chur isteach go cuí agus in am i scríbhinn, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, i bhformáid leictreonach shlán.

2.   Ní dhámhfar ranníocaíochtaí d’iarratasóirí atá, tráth an nós imeachta dámhachtana, i gceann nó níos mó de na staideanna dá dtagraítear in Airteagail 138(1) agus 143(1) ná d’iarratasóirí atá cláraithe mar eisiata sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 144.

3.   Beidh sé de cheangal ar iarratasóirí a dheimhniú nach bhfuil siad i gceann de na staideanna dá dtagraítear i mír 2.

4.   Féadfaidh coiste a bheith de chúnamh ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach chun meastóireacht a dhéanamh ar na hiarratais ar ranníocaíochtaí. Sonróidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na rialacha maidir le comhdhéanamh, ceapadh agus feidhmiú an choiste sin, agus na rialacha chun coinbhleacht leasa a sheachaint.

5.   Roghnófar iarratais a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus eisiaimh ar bhonn na gcritéar dámhachtana a leagtar amach in Airteagal 19 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

6.   Luafar sa chinneadh maidir leis na hiarratais ón oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

ábhar agus méid foriomlán na ranníocaíochtaí;

(b)

ainm na n-iarratasóirí a roghnaíodh agus na méideanna ar glacadh leo i ndáil le gach iarratasóir;

(c)

ainmneacha aon iarratasóirí ar diúltaíodh dóibh agus na cúiseanna leis an diúltú sin.

7.   Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an cinneadh maidir lena n-iarratais in iúl do na hiarratasóirí i scríbhinn. Má dhiúltaítear don iarratas ar chistiú nó mura ndámhtar na méideanna arna n-iarraidh i bpáirt nó ina n-iomláine, tabharfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach na cúiseanna le diúltú don iarratas nó le gan na méideanna arna n-iarraidh a dhámhachtain, ag tagairt go háirithe do na critéir incháilitheachta agus dhámhachtana dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo agus in Airteagal 228(4). Má dhiúltaítear don iarratas, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a chur in iúl don iarratasóir cad iad na modhanna sásaimh riaracháin agus/nó bhreithiúnaigh dá bhforáiltear in Airteagal 134(2) atá ar fáil.

8.   Cumhdófar na ranníocaíochtaí le comhaontú i scríbhinn.

Airteagal 230

Foirm na ranníocaíochtaí

1.   Féadfar ranníocaíochtaí a dhéanamh sna foirmeacha seo a leanas:

(a)

aisíocaíocht ar chéatadán den chaiteachas inaisíoctha arna thabhú go hiarbhír;

(b)

aisíocaíocht ar bhonn costas aonaid;

(c)

cnapshuimeanna;

(d)

maoiniú ar ráta comhréidh;

(e)

teaglaim de na foirmeacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d).

2.   Ní fhéadfar ach caiteachas a chomhlíonann na critéir arna mbunú sna glaonna ar ranníocaíochtaí agus nár tabhaíodh roimh an dáta ar a gcuirtear an t-iarratas isteach a aisíoc.

3.   Beidh forálacha san áireamh sa chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 229(8) lena mbeifear in ann a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha i dtaca le dámhachtain cnapshuimeanna, maoiniú ar ráta comhréidh nó costas aonaid.

4.   Íocfar na ranníocaíochtaí ina n-iomláine trí íocaíocht réamh-mhaoiniúcháin aonair amháin, ach amháin má chinneann an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, a mhalairt.

Airteagal 231

Ráthaíochtaí

Ní fhéadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, má mheasann sé nó sí é a bheith iomchuí agus comhréireach, ar bhonn cás ar chás agus faoi réir anailís riosca, a cheangal ar pháirtí polaitiúil Eorpach ráthaíocht a thaisceadh roimh ré chun go dteorannófaí na rioscaí airgeadais a bhaineann leis an íocaíocht réamh-mhaoiniúcháin ach amháin nuair a bheidh gar-riosca ann, i bhfianaise na hanailíse riosca, go mbeidh an páirtí polaitiúil Eorpach i gceann amháin de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1), pointí (a) agus (d), den Rialachán seo, nó nuair a bheidh cinneadh ón Údarás um páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, arna bhunú faoi Airteagal 6 de Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 (‘an tÚdarás’) curtha in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Rialachán sin.

Beidh feidhm ag Airteagal 156 mutatis mutandis maidir le ráthaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith de dhíth sna cásanna dá bhforáiltear sa chéad mhír den Airteagal seo i leith íocaíochtaí réamh- mhaoiniúcháin a dhéantar le páirtithe polaitiúla Eorpacha.

Airteagal 232

Úsáid ranníocaíochtaí

1.   Déanfar ranníocaíochtaí a chaitheamh i gcomhréir le hAirteagal 226.

2.   Déanfar aon chuid den ranníocaíocht nach n-úsáidtear laistigh den bhliain airgeadais arna cumhdach leis an ranníocaíocht sin (bliain n) a chaitheamh ar aon chaiteachas inaisíoctha arna thabhú faoin 31 Nollaig de bhliain n+1. Déanfar aon chuid eile den ranníocaíocht nach gcaitear laistigh den teorainn ama sin a aisghabháil i gcomhréir le Caibidil 6 de Theideal IV.

3.   Urramóidh páirtithe polaitiúla Eorpacha an t-uasráta cómhaoiniúcháin a leagtar síos in Airteagal 17(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014. Ní dhéanfar na méideanna atá fágtha de ranníocaíochtaí ón mbliain roimhe sin a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar an gcuid a sholáthróidh páirtithe polaitiúla Eorpacha óna n-acmhainní dílse. Ní dhéanfar ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe le himeachtaí comhpháirteacha a mheas mar chuid d’acmhainní dílse páirtí pholaitiúil Eorpaigh.

4.   I dtús báire, úsáidfidh páirtithe polaitiúla Eorpacha an chuid den ranníocaíocht nár úsáideadh laistigh den bhliain airgeadais arna cumhdach leis an ranníocaíocht sin sula n-úsáidfidh siad na ranníocaíochtaí arna ndámhachtain tar éis na bliana sin.

5.   Measfar gur cuid den ranníocaíocht atá in aon ús a eascraíonn as na híocaíochtaí réamh-mhaoiniúcháin.

Airteagal 233

Tuarascáil maidir le húsáid na ranníocaíochtaí

1.   I gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, cuirfidh páirtí polaitiúil Eorpach a thuarascáil bhliantúil maidir le húsáid na ranníocaíochta mar aon lena ráitis airgeadais bhliantúla faoi bhráid an oifigigh údarúcháin atá freagrach lena bhformheas.

2.   Dréachtóidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(9) ar bhonn na tuarascála bliantúla agus na ráiteas airgeadais bliantúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Féadfar aon doiciméid tacaíochta eile a úsáid ar mhaithe leis an tuarascáil sin a dhréachtú.

Airteagal 234

Méid na ranníocaíochta

1.   Ní dhéanfar méid na ranníocaíochta a chinneadh go críochnaitheach go dtí go mbeidh an tuarascáil bhliantúil agus na ráitis airgeadais bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 233(1) formheasta ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach. Beidh formheas na tuarascála bliantúla agus na ráiteas airgeadais bliantúil gan dochar do sheiceálacha a dhéanann an tÚdarás ina dhiaidh sin.

2.   Ní dhéanfar an méid den réamh-mhaoiniú nach bhfuil caite a chinneadh go críochnaitheach go dtí go mbeidh an réamh-mhaoiniú úsáidte ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach chun caiteachas inaisíoctha a chomhlíonann na critéir arna sainiú sa ghlao ar ranníocaíochtaí a íoc.

3.   I gcás ina mainníonn an páirtí polaitiúil Eorpach na hoibleagáidí a bhaineann le húsáid na ranníocaíochtaí a chomhlíonadh, déanfar na ranníocaíochtaí a fhionraí, a laghdú nó a fhoirceannadh tar éis deis a thabhairt don pháirtí polaitiúil Eorpach a bharúlacha a chur i láthair.

4.   Sula ndéanfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach íocaíocht, fíoróidh sé nó sí go bhfuil an páirtí polaitiúil Eorpach cláraithe fós sa Chlár dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 agus nach raibh sé faoi réir aon cheann de na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 27 den Rialachán sin idir dáta a chur i bhfeidhm agus deireadh na bliana airgeadais arna cumhdach leis an ranníocaíocht.

5.   I gcás nach bhfuil an páirtí polaitiúil Eorpach cláraithe a thuilleadh sa Chlár dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 nó i gcás ina raibh sé faoi réir aon cheann de na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 27 den Rialachán sin, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an ranníocaíocht a fhionraí, a laghdú nó a fhoirceannadh agus méideanna neamhdhlite a íocadh faoin gcomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 229(8) den Rialachán seo a aisghabháil, i gcomhréir le tromchúis na n-earráidí, na neamhrialtachtaí, na calaoise, nó sárú ar bith eile ar na hoibleagáidí a bhaineann le húsáid na ranníocaíochta, tar éis deis a thabhairt don pháirtí polaitiúil Eorpach a bharúlacha a chur i láthair.

Airteagal 235

Rialú agus pionóis

1.   I ngach comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 229(8), forálfar go sainráite go bhfeidhmeoidh Parlaimint na hEorpa a cumhachtaí rialaithe ar dhoiciméid agus ar an áitreabh, agus go bhfeidhmeoidh OLAF agus an Chúirt Iniúchóirí a n-inniúlachtaí agus a gcumhachtaí faoi seach, dá dtagraítear in Airteagal 129, thar gach ceann de na páirtithe polaitiúla Eorpacha a fuair cistiú ón Aontas, agus thar chonraitheoirí agus fochonraitheoirí na bpáirtithe sin.

2.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach pionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur, i gcomhréir le hAirteagal 138 agus le hAirteagal 139 den Rialachán seo agus le hAirteagal 27 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

Airteagal 236

Taifid a choimeád

1.   Coinneoidh páirtithe polaitiúla Eorpacha gach taifead agus gach doiciméad tacaíochta a bhaineann leis an ranníocaíocht ar feadh 5 bliana tar éis na híocaíochta deireanaí a bhaineann leis an ranníocaíocht sin.

2.   Na taifid a bhaineann le hiniúchtaí, achomhairc, dlíthíocht, éilimh a eascraíonn as úsáid na ranníocaíochta a réiteach nó imscrúduithe OLAF, má tugadh fógra faoi sin don fhaighteoir, coinneofar iad go dtí go ndúnfar na hiniúchtaí, na hachomhairc, an dlíthíocht, an réiteach éileamh nó na himscrúduithe sin.

Airteagal 237

Comhlachtaí nó saineolaithe iniúchóireachta seachtracha a roghnú

Déanfar na comhlachtaí nó saineolaithe iniúchóireachta seachtracha neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a roghnú trí nós imeachta soláthair. Ní bheidh téarma a gconartha níos faide ná 5 bliana. Tar éis dhá théarma as a chéile, measfar go bhfuil a gcuid leasanna i gcoinbhleacht ar shlí a bhféadfadh difear diúltach a dhéanamh d’fheidhmiú an iniúchta.

TEIDEAL XII

IONSTRAIMÍ EILE CUR CHUN FEIDHME BUISÉID

Airteagal 238

Cistí iontaobhais de chuid an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha

1.   Maidir le gníomhaíochtaí éigeandála agus iar-éigeandála atá riachtanach chun freagairt ar ghéarchéim, nó maidir le gníomhaíochtaí téamacha, féadfaidh an Coimisiún cistí iontaobhais de chuid an Aontais do ghníomhaíochtaí seachtracha (cistí iontaobhais de chuid an Aontais) a bhunú faoi chomhaontú arna thabhairt i gcrích le deontóirí eile.

Ní dhéanfar cistí iontaobhais de chuid an Aontais a bhunú ach amháin i gcás ina bhfuil ranníocaíochtaí ó fhoinsí eile seachas ón mbuiséad faighte ag comhaontuithe le deontóirí eile.

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle maidir lena rún ciste iontaobhais de chuid an Aontais a bhunú i gcomhair gníomhaíochtaí éigeandála agus iar-éigeandála.

Beidh bunú ciste iontaobhais de chuid an Aontais i gcomhair gníomhaíochtaí téamacha faoi réir fhormheas Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Chun críocha an tríú agus an cheathrú fomhír den mhír seo, déanfaidh an Coimisiún a dhréachtchinntí maidir le ciste iontaobhais de chuid an Aontais a bhunú a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. I ndréachtchinntí den sórt sin, beidh tuairisc ar chuspóirí an chiste iontaobhais de chuid an Aontais, an t-údar lena bhunú i gcomhréir le mír 3, léiriú ar fhad an chiste agus na réamh-chomhaontuithe le deontóirí eile. Sna dréachtchinntí sin, beidh dréachtchinneadh bunaidh freisin, atá le tabhairt i gcrích le deontóirí eile.

2.   Déanfaidh an Coimisiún a dhréachtchinntí maidir le maoiniú ciste iontaobhais de chuid an Aontais a chur chuig an gcoiste inniúil i gcás ina bhforáiltear dó sin sa bhunghníomh faoina soláthraítear an ranníocaíocht ón Aontas leis an gciste iontaobhais de chuid an Aontais. Ní iarrfar ar an gcoiste inniúil tuairim a thabhairt maidir leis na gnéithe a cuireadh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle cheana lena gceadú nó lena bhformheas faoin tríú, faoin gceathrú agus faoin gcúigiú fomhír faoi seach de mhír 1.

3.   Ní dhéanfar cistí iontaobhais de chuid an Aontais a bhunú agus a chur chun feidhme ach amháin faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh breisluach leis an idirghabháil ón Aontas: is fearr is féidir na cuspóirí atá leis na cistí iontaobhais de chuid an Aontais, go háirithe mar thoradh ar a scála nó ar a n-éifeachtaí féideartha, a ghnóthú ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal náisiúnta agus níor leor úsáid a bhaint as na hionstraimí maoiniúcháin atá ann cheana chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach;

(b)

tugann na cistí iontaobhais de chuid an Aontais infheictheacht pholaitiúil don Aontas agus buntáistí bainistíochta chomh maith le rialú níos fearr ón Aontas ar rioscaí agus ar eisíocaíochtaí de chuid an Aontais agus ar ranníocaíochtaí deontóirí eile;

(c)

ní dhéanann na cistí iontaobhais de chuid an Aontais bealaí cistiúcháin reatha eile ná ionstraimí comhchosúla a dhúbailt gan aon bhreisíocht a chur ar fáil;

(d)

tá na cuspóirí atá leis na cistí iontaobhais de chuid an Aontais i gcomhréir leis na cuspóirí atá leis an ionstraim nó leis an mír bhuiséadach de chuid an Aontais as a ndéantar iad a mhaoiniú.

4.   Bunófar bord, a mbeidh an Coimisiún ina chathaoirleach air, do gach ciste iontaobhais de chuid an Aontais ionas go n-áiritheofar ionadaíocht chothrom ó na deontóirí agus chun an úsáid a bhainfear as na cistí a chinneadh. Beidh ionadaí ó gach ceann de na Ballstáit, nach bhfuil ag ranníoc, i gcáil breathnóra ar an mbord. Leagfar síos na rialacha maidir le comhdhéanamh an bhoird agus a rialacha inmheánacha i gcomhaontú bunaidh an chiste iontaobhais de chuid an Aontais. San áireamh sna rialacha sin beidh an ceanglas go bhfuil gá le vóta i bhfabhar ón gCoimisiún do ghlacadh deiridh an chinnidh maidir le húsáid na gcistí.

5.   Bunófar cistí iontaobhais de chuid an Aontais go ceann tréimhse theoranta mar a chinntear sa chomhaontú bunaidh. Féadfar an tréimhse sin a fhadú le cinneadh ón gCoimisiún faoi réir an nós imeachta a leagtar amach i mír 1 arna iarraidh sin do bhord an chiste iontaobhais lena mbaineann de chuid an Aontais agus ar choinníoll go gcuireann an Coimisiún tuarascáil i láthair lena dtugtar údar leis an bhfadú sin, lena ndearbhaítear, go háirithe, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 3.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus/nó an Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisiún scor de na leithreasuithe do chiste iontaobhais de chuid an Aontais nó an comhaontú bunaidh a athbhreithniú d’fhonn ciste iontaobhais de chuid an Aontais a leachtú, i gcás inarb iomchuí go háirithe ar bhonn na faisnéise arna tíolacadh sa doiciméad oibre dá dtagraítear in Airteagal 41(6). Sa chás sin, déanfar aon chistí a bheidh fágtha a chur ar ais sa bhuiséad ar bhonn pro rata mar ioncam ginearálta do na Ballstáit a bhíonn ag ranníoc agus do dheontóirí eile.

Airteagal 239

Cistí iontaobhais de chuid an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha a chur chun feidhme

1.   Déanfar cistí iontaobhais de chuid an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, na trédhearcachta, na comhréireachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne, agus i gcomhréir leis na cuspóirí sainiúla a shainítear i ngach comhaontú bunaidh agus lánurraim á tabhairt do chearta Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le grinnscrúdú agus rialú a dhéanamh ar an ranníocaíocht ón Aontas.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi chistí iontaobhais de chuid an Aontais a chur chun feidhme go díreach de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), agus go hindíreach leis na heintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointí (c)(i), (ii), (iii), (v) agus (vi).

3.   Is iad gníomhaithe airgeadais an Choimisiúin, de réir bhrí Chaibidil 4 de Theideal IV, a dhéanfaidh cistí a ghealladh agus a íoc. Feidhmeoidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar oifigeach cuntasaíochta ar na cistí iontaobhais de chuid an Aontais. Beidh sé nó sí freagrach as nósanna imeachta cuntasaíochta a leagan síos mar aon le cairt na gcuntas is coiteann do gach ciste iontaobhais de chuid an Aontais. Feidhmeoidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin, OLAF agus an Chúirt Iniúchóirí na cumhachtaí céanna ar na cistí iontaobhais de chuid an Aontais is a fheidhmíonn siad i leith gníomhaíochtaí eile arna ndéanamh ag an gCoimisiún.

4.   Ní dhéanfar na ranníocaíochtaí ón Aontas agus ó dheontóirí eile a chuimsiú sa bhuiséad agus taiscfear iad i gcuntas sonrach bainc. Is é nó í an t-oifigeach cuntasaíochta a osclóidh agus a dhúnfaidh cuntas sonrach bainc an chiste iontaobhais de chuid an Aontais. Tabharfar cuntas ceart, i gcuntais an chiste iontaobhais de chuid an Aontais, ar gach idirbheart a dhéanfar ar an gcuntas sonrach bainc i rith na bliana.

Déanfar ranníocaíochtaí ón Aontas a aistriú chuig an gcuntas sonrach bainc sin ar bhonn iarrataí ar íocaíocht atá cuí-réasúnaithe le tuartha eisíocaíochta, agus an t-iarmhéid atá ar fáil ar an gcuntas agus an gá a eascraíonn as sin maidir le híocaíochtaí breise á gcur san áireamh. Soláthrófar tuartha eisíocaíochta ar bhonn bliantúil nó, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn leathbhliantúil.

Cuirfear na ranníocaíochtaí ó dheontóirí eile san áireamh nuair a dhéantar iad a thiontú go hairgead tirim i gcuntas sonrach bainc an chiste iontaobhais de chuid an Aontais agus don mhéid in euro a eascraíonn as an tiontú tráth a gheofar sa chuntas sonrach bainc iad. Déanfar úis arna gcarnadh ar chuntas sonrach bainc an chiste iontaobhais de chuid an Aontais a infheistiú sa chiste iontaobhais de chuid an Aontais ach amháin i gcás ina bhforáiltear dá mhalairt i gcomhaontú bunaidh an chiste iontaobhais de chuid an Aontais.

5.   Tabharfar údarás don Choimisiún uasmhéid 5 % de na méideanna a chomhthiomsaítear sa chiste iontaobhais de chuid an Aontais a úsáid chun a chostais bhainistíochta a chumhdach ó na blianta inar cuireadh tús leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 4 a úsáid. D’ainneoin na chéad abairte agus chun nach ndéanfar dúbailt ar ghearradh na gcostas, ní dhéanfar costais bhainistíochta a éiríonn as an ranníocaíocht ón Aontas leis an gciste iontaobhais de chuid an Aontais a chumhdach leis an ranníocaíocht sin ach amháin a mhéid nár cumhdaíodh na costais sin cheana le línte buiséid eile. Ar feadh fhad an chiste iontaobhais de chuid an Aontais, comhshamhlófar táillí bainistíochta den sórt sin le hioncam sannta de réir bhrí Airteagal 21(2), pointe (a)(ii).

I dteannta na tuarascála bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 258, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin an tuairisciú airgeadais ar na hoibríochtaí a dhéanann gach ciste iontaobhais de chuid an Aontais a bhunú faoi dhó sa bhliain.

Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil gach mí chomh maith maidir le staid chur chun feidhme gach ciste iontaobhais de chuid an Aontais.

Beidh na cistí iontaobhais de chuid an Aontais faoi réir iniúchadh seachtrach neamhspleách gach bliain.

Airteagal 240

Ranníocaíochtaí ón Aontas le tionscnaimh dhomhanda

1.   D’fhonn gníomhaíochtaí a chomhordú go hiomchuí le comhpháirtithe iolracha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, féadfaidh an tAontas ranníocaíochtaí a dhéanamh i bhfoirm maoiniú nach bhfuil nasctha le costais le tionscnaimh dhomhanda ildeontóirí a chistítear ar bhonn comhthiomsaithe nuair a thacaíonn siad le cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach agus i gcás nach mbeadh ionstraimí eile maidir le cur chun feidhme an bhuiséid leordhóthanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. I gcás inar féidir agus inarb iomchuí, rachaidh an Coimisiún i bpáirt le haon bhord rialachais nó le haon choiste stiúrtha coibhéiseach.

2.   Sula ndéanfar aon chinneadh rannchuidiú le tionscnamh domhanda agus a luaithe is féidir, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi mhéid na ranníocaíochta leis an tionscnamh domhanda faoin mbunghníomh ábhartha, agus míneoidh sé cúiseanna agus oiriúnacht na ranníocaíochta, lena n-áirítear conas a sholáthrófaí infheictheacht don Aontas leis an ranníocaíocht trí chistiú an Aontais.

3.   Beidh ranníocaíochtaí ón Aontas le tionscnaimh dhomhanda faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, agus cineál mhaoiniú an Aontais á chur san áireamh:

(a)

is ranníocaíocht mhionlach leis an tionscnamh í an ranníocaíocht ón Aontas, agus an méid domhanda arna ranníoc leis an tionscnamh tráth na ranníocaíochta á chur san áireamh;

(b)

caitear leis an ranníocaíocht ón Aontas ar an dóigh chéanna le deontóirí de mhéid chomhchosúil agus, i gcás ina ranníocann Ballstát amháin nó roinnt Ballstát éagsúil freisin leis an tionscnamh, bíonn leibhéal cosanta ag an ranníocaíocht ón Aontas chomh maith céanna leis an ranníocaíocht nó na ranníocaíochtaí ón mBallstát sin nó ó na Ballstáit sin;

(c)

tá tuairisciú leormhaith ann maidir leis na torthaí arna mbaint amach ag an tionscnamh, lena n-áirítear torthaí a baineadh amach trí bhíthin táscairí ábhartha aschuir agus tionchair;

(d)

oibríonn an tionscnamh faoi rialacha lena n-áirithítear bainistíocht fhónta airgeadais, trédhearcacht, neamh-idirdhealú agus cóir chomhionann maidir le húsáid cistí de chuid an Aontais i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta;

(e)

tá córais iomchuí inmheánacha agus sheachtracha ann chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus a chomhrac agus chun tuairisciú maidir lena bhfeidhmiú go tráthrialta, agus bíonn rialacha iomchuí ann le haghaidh cistí a aisghabháil de réir an tionscnaimh, lena n-áirítear úsáid cistí den sórt sin don tionscnamh céanna.

I gcás ina bhfuil amhras ann gur ann do neamhrialtachtaí tromchúiseacha amhail calaois, éilliú nó coinbhleacht leasa, déanfar faisnéis ábhartha a sholáthar don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OIPE a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach i gcomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OLAF, d’údaráis iniúchóireachta an Choimisiúin agus don Chúirt Iniúchóirí, faoi rialacha an tionscnaimh, agus déanfaidh siad misin chomhpháirteacha iniúchóireachta, rialaithe nó imscrúdaitheacha a chur i gcrích leis an gcomhlacht ábhartha faoin tionscnamh, i gcomhréir le hAirteagal 129.

4.   Áireofar údar leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 3, an chéad fhomhír, sa chinneadh maoiniúcháin ranníoc leis an tionscnamh.

5.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 157(6) maidir leis an ranníocaíocht ón Aontas leis an tionscnamh domhanda.

Airteagal 241

Tacaíocht bhuiséadach a úsáid

1.   I gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna bunghníomhartha ábhartha, féadfaidh an Coimisiún tacaíocht bhuiséadach a sholáthar do thríú tír i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil bainistiú airgeadais phoiblí an tríú tír trédhearcach, iontaofa agus éifeachtach go leor;

(b)

go bhfuil beartais earnála nó náisiúnta ábhartha atá inchreidte go leor curtha i bhfeidhm ag an tríú tír;

(c)

go bhfuil beartais mhaicreacnamaíochta atá dírithe ar chobhsaíocht a bhaint amach curtha i bhfeidhm ag an tríú tír;

(d)

go bhfuil rochtain leordhóthanach agus thráthúil ar fhaisnéis bhuiséadach chuimsitheach agus stuama curtha i bhfeidhm ag an tríú tír.

2.   Beidh íocaíocht na ranníocaíochta ón Aontas bunaithe ar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 a bheith á gcomhlíonadh, lena n-áirítear an feabhas ar bhainistiú airgeadais phoiblí. Chomh maith leis sin, féadfaidh sé a bheith mar choinníoll garspriocanna a bhaint amach chun íocaíochtaí áirithe a dhéanamh, arna dtomhas ag táscairí feidhmíochta oibiachtúla, a thugann léiriú ar na torthaí agus ar an dul chun cinn i dtreo athchóirithe le himeacht ama san earnáil lena mbaineann.

3.   I dtríú tíortha, tacóidh an Coimisiún le hurraim don smacht reachta, le forbairt an rialaithe pharlaimintigh agus na n-acmhainneachtaí iniúchóireachta agus frithéillithe agus leis an méadú ar thrédhearcacht agus ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis.

4.   Sna comhaontuithe maoiniúcháin comhfhreagracha arna gcur i gcrích leis an tríú tír, beidh:

(a)

oibleagáid ar an tríú tír faisnéis iontaofa agus thráthúil a sholáthar don Choimisiún a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 2;

(b)

ceart ag an gCoimisiún an comhaontú maoiniúcháin a chur ar fionraí má dhéanann an tríú tír sárú ar oibleagáid a bhaineann le hurraim do chearta an duine, do phrionsabail an daonlathais agus don smacht reachta agus i gcásanna tromchúiseacha éillithe;

(c)

forálacha iomchuí ar dá mbun atá an tríú tír lena mbaineann le gealltanas a thabhairt an cistiú oibríochta ábhartha go léir, nó cuid de, a aisíoc, i gcás ina suitear go bhfuil íocaíocht na gcistí ábhartha de chuid an Aontais curtha ar neamhní trí neamhrialtachtaí tromchúiseacha atá inchurtha i leith na tíre sin.

Chun an aisíocaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), den mhír seo a phróiseáil, féadfar Airteagal 101(1), an dara fomhír, a chur i bhfeidhm.

Airteagal 242

Saineolaithe seachtracha a íoctar

1.   Féadfaidh institiúidí de chuid an Aontais saineolaithe seachtracha a íoc agus a roghnú chun cúnamh a thabhairt dóibh meastóireacht a dhéanamh ar iarratais ar dheontas, ar thionscadail agus ar thairiscintí, agus chun tuairimí agus comhairle a sholáthar i gcásanna sonracha.

2.   Foilseofar glao ar léiriú spéise ar shuíomh gréasáin na hinstitiúide lena mbaineann de chuid an Aontais.

Beidh tuairisc ar na cúraimí, fad na gcúraimí sin agus coinníollacha seasta an luacha saothair san áireamh sa ghlao ar léiriú spéise.

3.   Féadfaidh aon duine nádúrtha ar spéis leis nó léi é iarratas a sheoladh isteach tráth ar bith le linn thréimhse bhailíochta an ghlao ar léiriú spéise, ach amháin na 3 mhí dheiridh den tréimhse sin.

4.   Déanfar liosta saineolaithe a tharraingt suas tar éis an ghlao ar léiriú spéise. Beidh sé bailí ar feadh tréimhse nach mó ná 5 bliana ó uair a fhoilsithe nó ar feadh fad thréimhse an chláir ilbhliantúil a bhaineann leis na cúraimí. Féadfaidh bailíocht an liosta a bheith níos faide ná tréimhse an chláir airgeadais ilbhliantúil i gcás ina n-áirithítear rothlú saineolaithe.

5.   Beidh luach an chonartha níos ísle ná na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1). Ní fhéadfar an luach sin a shárú ach i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, chun ligean d’institiúidí an Aontais dul san iomaíocht ar bhonn cothrom le gníomhaithe eile sa mhargadh.

6.   Íocfar saineolaithe seachtracha a íoctar ar bhonn méid socraithe a fhógrófar roimh ré, agus roghnófar iad ar bhonn a gcumais ghairmiúil. Déanfar an roghnúchán ar bhonn critéir roghnúcháin a urramaíonn prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne agus in éagmais aon choinbhleacht leasa.

7.   Chun críocha Roinn 2 de Chaibidil 2 de Theideal V, caithfear le saineolaithe den sórt sin mar fhaighteoirí.

Airteagal 243

Saineolaithe nach n-íoctar

Féadfaidh institiúidí de chuid an Aontais caiteachas taistil agus caiteachas cothaithe a thabhaigh daoine ar thug na hinstitiúidí cuireadh dóibh nó ar thug na hinstitiúidí sainordú dóibh a aisíoc leo nó, i gcás inarb iomchuí, aon slánaíochtaí eile a íoc leis na daoine sin.

Airteagal 244

Tabhartais neamhairgeadais

1.   Féadfaidh institiúidí de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid an Aontais tabhartais neamhairgeadais a sholáthar i bhfoirm seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha.

2.   Dámhfar tabhartais neamhairgeadais i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne agus i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i rialacha earnáilsonracha. Cuirfidh siad baint amach chuspóirí beartais an Aontais chun cinn.

3.   Soláthróidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach faisnéis maidir le tabhartais neamhairgeadais sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(9).

4.   I gcás soláthairtí marthanacha arna maoiniú ó leithreasuithe riaracháin agus i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta agus caighdeáin chuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 80, ní fhéadfaidh institiúidí ná comhlachtaí de chuid an Aontais tabhartais neamhairgeadais a sholáthar sula mbeidh an soláthar dímheasta go páirteach.

Airteagal 245

Táillí ballraíochta agus íocaíochtaí eile síntiús

Féadfaidh an tAontas ranníocaíochtaí a íoc mar shíntiúis le comhlachtaí a bhfuil sé ina chomhalta díobh nó ina bhreathnóir orthu.

Airteagal 246

Caiteachas ar chomhaltaí agus ar fhoireann institiúidí de chuid an Aontais

Féadfaidh institiúidí de chuid an Aontais caiteachas a íoc ar chomhaltaí agus ar fhoireann institiúidí de chuid an Aontais, lena n-áirítear ranníocaíochtaí le comhlachais de chomhaltaí reatha agus iarchomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa, agus ranníocaíochtaí leis na scoileanna Eorpacha.

TEIDEAL XIII

CUNTAIS BHLIANTÚLA AGUS TUAIRISCIÚ EILE AIRGEADAIS

CAIBIDIL 1

Cuntais bhliantúla

Roinn 1

An Creat Cuntasaíochta

Airteagal 247

Struchtúr na gcuntas

Ullmhófar cuntais bhliantúla an Aontais do gach bliain airgeadais, a mhairfidh ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig. Beidh na gnéithe seo a leanas sna cuntais sin:

(a)

na ráitis airgeadais chomhdhlúite, ina dtíolactar, i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 80, an leagan comhdhlúite den fhaisnéis airgeadais atá i ráitis airgeadais institiúidí de chuid an Aontais, comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 70, agus comhlachtaí eile a chomhlíonann na critéir maidir le comhdhlúthú cuntasaíochta;

(b)

na tuarascálacha comhiomlánaithe cur chun feidhme buiséid ina dtíolactar an fhaisnéis atá sna tuarascálacha cur chun feidhme buiséid ó institiúidí de chuid an Aontais.

Airteagal 248

Doiciméid tacaíochta

Beidh gach iontráil sna cuntais bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 75.

Airteagal 249

Ráitis airgeadais

1.   Tíolacfar na ráitis airgeadais ina milliúin euro agus i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 80 agus is é a bheidh iontu:

(a)

an clár comhardaithe ina dtíolactar na sócmhainní agus na dliteanais go léir agus an staid airgeadais ag an 31 Nollaig den bhliain airgeadais roimhe sin;

(b)

an ráiteas faoi fheidhmíocht airgeadais, ina dtíolactar an toradh eacnamaíoch don bhliain airgeadais roimhe sin;

(c)

an ráiteas faoi shreabhadh airgid ina léirítear na méideanna a bailíodh agus na méideanna a eisíocadh i rith na bliana airgeadais agus an staid cisteáin deiridh;

(d)

an ráiteas faoi athruithe ar ghlansócmhainní ina mbeidh forléargas ar na gluaiseachtaí i rith na bliana airgeadais i ndáil le cúlchistí agus torthaí carntha.

2.   Beidh na nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais ina bhforlíonadh agus ina dtrácht ar an bhfaisnéis a thíolacfar sna ráitis dá dtagraítear i mír 1 agus soláthrófar iontu an fhaisnéis bhreise ar fad arna forordú ag na rialacha cuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 80 agus ag cleachtas cuntasaíochta a bhfuil glacadh leis go hidirnáisiúnta i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ábhartha do ghníomhaíochtaí an Aontais. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, sna nótaí:

(a)

prionsabail chuntasaíochta, rialacha cuntasaíochta agus modhanna cuntasaíochta;

(b)

nótaí míniúcháin, ina gcuirfear faisnéis bhreise ar fáil nach bhfuil sna ráitis airgeadais iad féin, atá riachtanach chun léargas cothrom a thabhairt ar na cuntais.

3.   Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta, tar éis chríoch na bliana airgeadais, agus suas go dtí an dáta ar a ndéanfar na cuntais ghinearálta a tharchur, aon choigeartuithe, nach mbainfidh le heisíoc ná le bailiú i dtaca leis an mbliain sin, is gá chun seasamh fíor agus cothrom a thabhairt ar na cuntais sin.

Roinn 2

Tuarascálacha cur chun feidhme buiséid

Airteagal 250

Tuarascálacha cur chun feidhme buiséid

1.   Tíolacfar na tuarascálacha cur chun feidhme buiséid ina milliúin euro agus beidh siad inchomparáide bliain i ndiaidh bliana. Is é a bheidh sna tuarascálacha sin:

(a)

tuarascálacha lena gcomhiomlánófar na hoibríochtaí buiséadacha ar fad don bhliain airgeadais i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais;

(b)

toradh an bhuiséid, a ríomhtar ar bhonn an chomhardaithe bhuiséadaigh bhliantúil dá dtagraítear i gCinneadh (AE, Euratom) 2020/2053;

(c)

nótaí míniúcháin, ina gcuirfear leis an bhfaisnéis a bheidh sna tuarascálacha sin agus ina ndéanfar trácht orthu.

2.   Beidh struchtúr na dtuarascálacha cur chun feidhme buiséid mar an gcéanna le struchtúr an bhuiséid féin.

3.   Beidh na gnéithe seo a leanas sna tuarascálacha cur chun feidhme buiséid:

(a)

faisnéis faoi ioncam, go háirithe faoi athruithe ar na meastacháin ioncaim, ar an olltoradh ioncaim agus ar na teidlíochtaí a bhunaítear;

(b)

faisnéis lena léirítear athruithe ar na leithreasuithe iomlána faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe iomlána faoi chomhair íocaíochtaí atá ar fáil;

(c)

faisnéis lena léirítear an úsáid a bhaintear as na leithreasuithe iomlána faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe iomlána faoi chomhair íocaíochtaí atá ar fáil;

(d)

faisnéis lena léirítear gealltanais gan íoc, gealltanais a tugadh anonn ón mbliain airgeadais roimhe sin agus na gealltanais a rinneadh le linn na bliana airgeadais.

4.   Maidir le faisnéis faoi ioncam, ceanglófar ráiteas leis an tuarascáil cur chun feidhme buiséid, lena léireofar, i gcás gach Ballstáit, miondealú na méideanna acmhainní dílse atá fós le haisghabháil ag deireadh na bliana airgeadais agus a chumhdaítear le hordú aisghabhála.

Roinn 3

Amchlár na gcuntas bliantúil

Airteagal 251

Cuntais shealadacha

1.   Déanfaidh oifigigh chuntasaíochta na n-institiúidí eile de chuid an Aontais seachas an Coimisiún agus oifigigh chuntasaíochta na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 247 a gcuntais shealadacha a sheoladh, faoin 1 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

2.   Déanfaidh oifigigh chuntasaíochta na n-institiúidí eile de chuid an Aontais seachas an Coimisiún agus oifigigh chuntasaíochta na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 247 an fhaisnéis chuntasaíochta atá de dhíth chun críoch comhdhlúthúcháin a sheoladh, faoin 1 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin sa mhodh agus san fhormáid a bheidh leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin.

3.   Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin na cuntais shealadacha dá dtagraítear i mír 2 le cuntais shealadacha an Choimisiúin agus seolfaidh sé nó sí, faoin 31 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, cuntais shealadacha an Choimisiúin agus cuntais shealadacha chomhdhlúite an Aontais chuig an gCúirt Iniúchóirí ar mhodh leictreonach.

Airteagal 252

Na cuntais chomhdhlúite deiridh a fhormheas

1.   Tabharfaidh an Chúirt Iniúchóirí na barúlacha uaithi ar chuntais shealadacha na n-institiúidí de chuid an Aontais seachas an Coimisiún, agus ar chuntais shealadacha gach ceann de na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 247, faoin 1 Bealtaine, agus, faoin 15 Bealtaine, tabharfaidh sí na barúlacha uaithi ar chuntais shealadacha an Choimisiúin agus ar chuntais shealadacha chomhdhlúite an Aontais.

2.   Déanfaidh oifigigh chuntasaíochta na n-institiúidí eile de chuid an Aontais seachas an Coimisiún agus oifigigh chuntasaíochta na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 247 an fhaisnéis chuntasaíochta atá de dhíth a sheoladh chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 15 Bealtaine, sa mhodh agus san fhormáid a bheidh leagtha síos ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, d’fhonn na cuntais chomhdhlúite deiridh a tharraingt suas.

Déanfaidh na hinstitiúidí de chuid an Aontais, seachas an Coimisiún, agus gach ceann de na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 247, a gcuntais deiridh a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin faoin 1 Meitheamh.

3.   Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta gach institiúide de chuid an Aontais agus oifigeach cuntasaíochta gach comhlachta dá dtagraítear in Airteagal 247 litir ionadaíochta lena gcumhdaítear na cuntais deiridh sin a sheoladh chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus seolfaidh sé nó sí cóip chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, an dáta céanna a tharchuirfidh sé nó sí na cuntais deiridh sin.

Beidh nóta arna tharraingt suas ag an oifigeach cuntasaíochta ag gabháil leis na cuntais deiridh, ina ndearbhóidh an t-oifigeach cuntasaíochta sin gur ullmhaíodh na cuntais deiridh i gcomhréir leis an Teideal seo agus i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta, na rialacha cuntasaíochta agus na modhanna cuntasaíochta is infheidhme a leagtar amach sna nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais.

4.   Tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin suas na cuntais chomhdhlúite deiridh ar bhonn na faisnéise a dhéanann na hinstitiúidí de chuid an Aontais seachas an Coimisiún agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 247 a thíolacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

Beidh nóta arna tharraingt suas ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin ag gabháil leis na cuntais chomhdhlúite deiridh, ina ndearbhóidh an t-oifigeach cuntasaíochta gur ullmhaíodh na cuntais chomhdhlúite deiridh i gcomhréir leis an Teideal seo agus i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta, na rialacha cuntasaíochta agus na modhanna cuntasaíochta is infheidhme a leagtar amach sna nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais.

5.   Tar éis dó na cuntais chomhdhlúite deiridh agus a chuntais deiridh féin a fhormheas, seolfaidh an Coimisiún iad ar mhodh leictreonach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 30 Meitheamh.

Faoin dáta céanna, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin litir ionadaíochta a tharchur chuig an gCúirt Iniúchóirí lena gcumhdaítear na cuntais chomhdhlúite deiridh.

Glacfaidh an Chúirt Iniúchóirí an tuairim uaithi maidir le hiontaofacht chuntais bhliantúla an Aontais agus na gcuntas de chuid gach ceann de na hinstitiúidí agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 247 faoin 31 Iúil.

6.   Foilseofar na cuntais chomhdhlúite deiridh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain mar aon leis an ráiteas urrúis arna thabhairt ag an gCúirt Iniúchóirí i gcomhréir le hAirteagal 287 CFAE agus le hAirteagal 160a de Chonradh Euratom.

CAIBIDIL 2

Tuairisciú airgeadais agus cuntasachta comhtháite

Airteagal 253

Tuairisciú airgeadais agus cuntasachta comhtháite

1.   Faoin 31 Iúil den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún sraith chomhtháite de thuarascálacha airgeadais agus cuntasachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ina mbeidh:

(a)

na cuntais chomhdhlúite deiridh dá dtagraítear in Airteagal 252;

(b)

an tuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht lena soláthrófar achoimre shoiléir ghonta ar a bhfuil bainte amach ó thaobh rialú inmheánach agus bainistíocht airgeadais de dá dtagraítear sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí ó gach oifigeach údarúcháin trí tharmligean agus lena n-áireofar faisnéis faoi phríomhshocruithe rialachais sa Choimisiún mar aon leis an méid seo a leanas:

(i)

meastachán ar an leibhéal earráide i gcaiteachas an Aontais bunaithe ar mhodheolaíocht chomhsheasmhach agus meastachán ar cheartúcháin atá le déanamh amach anseo;

(ii)

faisnéis faoi na gníomhaíochtaí coisctheacha agus ceartaitheacha lena gcumhdaítear an buiséad, ina gcuirfear i láthair tionchar airgeadais na ngníomhaíochtaí a rinneadh chun an buiséad a chosaint ar chaiteachas ar sárú dlí é;

(iii)

faisnéis faoi chur chun feidhme straitéis frithchalaoise an Choimisiúin;

(c)

tuar fadtéarmach na n-insreafaí agus na n-eis-sreafaí lena gcumhdófar na 5 bliana seo chugainn, bunaithe ar na creataí airgeadais ilbhliantúla is infheidhme agus ar Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053;

(d)

an tuarascáil bhliantúil ar an iniúchadh inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 118(8);

(e)

an mheastóireacht ar chúrsaí airgeadais an Aontais ar bhonn na dtorthaí arna mbaint amach, dá dtagraítear in Airteagal 318 CFAE, lena ndéantar measúnú go háirithe ar an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí beartais a bhaint amach agus na táscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo á gcur san áireamh;

(f)

an tuarascáil ar an obair leantach ar an urscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 268(2).

2.   Leis an tuairisciú airgeadais agus cuntasachta comhtháite dá dtagraítear i mír 1, cuirfear i láthair gach tuarascáil ar bhealach ar leithligh a bheidh inaitheanta go soiléir. Cuirfear gach tuarascáil aonair ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Chúirt Iniúchóirí faoin 30 Meitheamh, cé is moite de na cuntais chomhdhlúite deiridh.

CAIBIDIL 3

Tuairisciú buiséadach agus tuairisciú eile airgeadais

Airteagal 254

Tuairisciú míosúil ar chur chun feidhme an bhuiséid

Le cois na ráiteas agus na dtuarascálacha bliantúla dá bhforáiltear in Airteagal 249 agus in Airteagal 250, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin figiúirí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, uair sa mhí, ar figiúirí iad atá comhiomlánaithe ar leibhéal na caibidle ar a laghad, atá miondealaithe ar leithligh de réir caibidle, airteagail agus míre freisin, agus a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid, i ndáil le hioncam agus caiteachas araon lena gcumhdaítear na leithreasuithe ar fad atá ar fáil. Tabharfar sonraí sna figiúirí sin freisin ar úsáid na leithreasuithe a thugtar anonn.

Cuirfear na figiúirí ar fáil laistigh de 10 lá oibre tar éis dheireadh gach míosa trí shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Airteagal 255

Tuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais

1.   Ullmhóidh gach institiúid de chuid an Aontais agus gach comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 247 tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais.

Cuirfidh siad an tuarascáil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Chúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

2.   Tabharfar faisnéis achomair ar aistrithe leithreasuithe i measc na míreanna buiséadacha éagsúla sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 256

Tuarascáil bhliantúil maidir le dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais agus maidir le hinbhuanaitheacht na ndliteanas teagmhasach sin

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais agus, de bhun Airteagal 213(3), maidir leis an measúnú ar inbhuanaitheacht na ndliteanas teagmhasach sin a iompraíonn an buiséad. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don Chúirt Iniúchóirí an tráth céanna.

Airteagal 257

Tuarascáil stádais ar shaincheisteanna cuntasaíochta

Faoin 15 Meán Fómhair de gach bliain airgeadais, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle tuarascáil ina mbeidh faisnéis maidir leis na rioscaí reatha a tugadh chun suntais, na treochtaí ginearálta a tugadh faoi deara, na saincheisteanna nua cuntasaíochta ar thángthas orthu agus dul chun cinn ar chúrsaí cuntasaíochta, lena n-áirítear i gcás ina shainaithníonn an Chúirt Iniúchóirí iad, mar aon le faisnéis faoi aisghabhálacha.

Airteagal 258

Tuairisciú ar chistí iontaobhais de chuid an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha

I gcomhréir le hAirteagal 41(6), cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na gníomhaíochtaí go léir a bhfuil na cistí iontaobhais de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 238 ag tacú leo, maidir lena gcur chun feidhme agus lena bhfeidhmíocht, agus maidir lena gcuntais.

Déanfaidh Bord an chiste iontaobhais de chuid an Aontais lena mbaineann tuarascáil bhliantúil an chiste iontaobhais de chuid an Aontais arna tarraingt suas ag an oifigeach údarúcháin a fhormheas. Déanfaidh sé formheas freisin ar na cuntais deiridh arna dtarraingt suas ag an oifigeach cuntasaíochta. Déanfaidh an Bord na cuntais deiridh a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh don Choimisiún.

Airteagal 259

Faisnéis maidir le faighteoirí a fhoilsiú

Foilseoidh an Coimisiún faisnéis faoi fhaighteoirí i gcomhréir le hAirteagal 38.

TEIDEAL XIV

INIÚCHÓIREACHT SHEACHTRACH AGUS URSCAOILEADH

CAIBIDIL 1

Iniúchóireacht sheachtrach

Airteagal 260

Iniúchóireacht sheachtrach arna déanamh ag an gCúirt Iniúchóirí

Cuirfidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gach cinneadh agus gach riail arna nglacadh de bhun Airteagail 12, 16, 21, 29, 30, 32 agus 43 in iúl don Chúirt Iniúchóirí a luaithe is féidir.

Airteagal 261

Rialacha agus nós imeachta i ndáil leis an iniúchóireacht

1.   Agus scrúdú á dhéanamh ag an gCúirt Iniúchóirí ar cé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas an t-ioncam go léir agus a tabhaíodh nó nár tabhaíodh an caiteachas go léir ar bhealach dleathach cuí, féachfar do na Conarthaí, don bhuiséad, don Rialachán seo, do na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo agus do na gníomhartha ábhartha eile go léir arna nglacadh de bhun na gConarthaí. Sa scrúdú sin, féadfar a chur san áireamh gur ar bhonn ilbhliantúil a dhéanfar na cláir, chomh maith leis na córais mhaoirseachta agus rialaithe lena mbaineann.

2.   Agus a cúram á chomhlíonadh aici, beidh an Chúirt Iniúchóirí i dteideal gach doiciméad agus faisnéis a cheadú, ar an mbealach dá bhforáiltear in Airteagal 263, a bhaineann le bainistíocht airgeadais ranna nó comhlachtaí i ndáil le hoibríochtaí arna maoiniú nó arna gcómhaoiniú ag an Aontas. Beidh sé de chumhacht aici aon oifigeach atá freagrach as oibríocht ioncaim nó caiteachais a éisteacht agus úsáid a bhaint as aon cheann de na nósanna imeachta iniúchóireachta atá iomchuí i ndáil leis na ranna nó na comhlachtaí sin. Déanfar an t-iniúchadh sna Ballstáit i gcaidreamh leis na hinstitiúidí náisiúnta iniúchóireachta nó, i gcás nach mbeidh na cumhachtaí riachtanacha acu, i gcomhar leis na ranna náisiúnta atá inniúil. Comhoibreoidh an Chúirt Iniúchóirí agus institiúidí náisiúnta iniúchóireachta na mBallstát de mheon muiníne ach gan a neamhspleáchas a thréigean.

Chun an fhaisnéis go léir a fháil atá riachtanach chun an cúram a chomhlíonadh a chuirtear de chúram ar an gCúirt Iniúchóirí leis na Conarthaí nó le gníomhartha arna nglacadh dá mbun, féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí a bheith i láthair, arna iarraidh sin di, le linn na n-oibríochtaí iniúchóireachta arna ndéanamh faoi chuimsiú chur chun feidhme an bhuiséid ag aon institiúid, nó thar ceann aon institiúid, de chuid an Aontais.

Arna iarraidh sin don Chúirt Iniúchóirí, údaróidh gach institiúid de chuid an Aontais d’institiúidí airgeadais a bhfuil taiscí Aontais ina seilbh acu a chur ar chumas na Cúirte Iniúchóirí a áirithiú go réiteoidh na sonraí seachtracha leis na cuntais.

3.   Chun a cúram a chomhlíonadh, tabharfaidh an Chúirt Iniúchóirí fógra d’institiúidí de chuid an Aontais agus do na húdaráis a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo faoi ainmneacha a ball foirne a bhfuil sé de chumhacht acu iniúchadh a dhéanamh orthu.

Airteagal 262

Seiceálacha ar urrúis agus ar airgead tirim

Áiritheoidh an Chúirt Iniúchóirí go seiceálfar gach urrús agus airgead tirim atá i dtaisce nó ar láimh i gcoinne dearbhán arna síniú ag na taisclanna nó i gcoinne meabhráin oifigiúla ar an airgead tirim agus ar na hurrúis atá i seilbh. Féadfaidh sí féin na seiceálacha a dhéanamh.

Airteagal 263

Ceart rochtana na Cúirte Iniúchóirí

1.   Déanfaidh institiúidí de chuid an Aontais, na comhlachtaí a riarann ioncam nó caiteachas thar ceann an Aontais agus faighteoirí na saoráidí uile agus an fhaisnéis uile a chur ar fáil don Chúirt Iniúchóirí a mheasann an Chúirt is gá chun a cúram a chomhlíonadh. Arna iarraidh sin don Chúirt Iniúchóirí, cuirfidh siad ar fáil di gach doiciméad a bhaineann le dámhachtain agus comhlíonadh conarthaí arna maoiniú ag an mbuiséad agus gach cuntas airgid thirim nó cuntas ábhair, gach taifead cuntasaíochta nó doiciméad tacaíochta, agus gach doiciméad riaracháin lena mbaineann, gach doiciméad a bhaineann le hioncam agus le caiteachas, gach fardal, cairteacha eagraíochtúla uile na ranna, a mheasann an Chúirt Iniúchóirí is gá chun iniúchadh a dhéanamh ar na cuntais bhliantúla agus ar na tuarascálacha cur chun feidhme buiséid ar bhonn na dtaifead nó iniúchadh ar an láthair agus, chun na gcríoch céanna, na doiciméid agus na sonraí uile arna gcruthú nó arna stóráil go leictreonach. Áireofar le ceart rochtana na Cúirte Iniúchóirí rochtain ar an gcóras TF a úsáidtear chun ioncam nó caiteachas a bhainistiú faoi réir a iniúchta, i gcás ina bhfuil an rochtain sin ábhartha don iniúchadh.

Cuirfidh na comhlachtaí iniúchóireachta inmheánaí agus seirbhísí eile na riarachán náisiúnta lena mbaineann ar fáil don Chúirt Iniúchóirí gach saoráid a mheasann sí is gá chun a cúram a chomhlíonadh.

2.   Déanfaidh oifigigh a ndéanann an Chúirt Iniúchóirí seiceáil ar a gcuid oibríochtaí an méid seo a leanas:

(a)

a dtaifid ar airgead tirim ar láimh, nó ar aon airgead tirim eile, aon urrúis eile agus aon ábhair eile de chineál ar bith, agus na doiciméid tacaíochta maidir lena maoirseacht ar na cistí atá de chúram orthu, agus aon leabhar, aon chlár nó aon doiciméad eile a bhaineann leo a nochtadh;

(b)

an comhfhreagras agus doiciméid ar bith eile a theastaíonn i gcomhair chur chun feidhme iomlán an iniúchta dá dtagraítear in Airteagal 261 a thíolacadh.

Ní fhéadfaidh ach an Chúirt Iniúchóirí an fhaisnéis arna soláthar faoin gcéad fhomhír, pointe (b), a iarraidh.

3.   Beidh sé de chumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchadh a dhéanamh ar na doiciméid maidir le hioncam agus le caiteachas an Aontais atá i seilbh ranna institiúidí de chuid an Aontais agus, go háirithe, atá i seilbh na ranna atá freagrach as cinntí maidir leis an ioncam agus an caiteachas sin, atá i seilbh na gcomhlachtaí a riarann ioncam agus caiteachas thar ceann an Aontais, agus atá i seilbh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha a fhaigheann íocaíochtaí ón mbuiséad.

4.   Áireofar mar chuid den chúram a bhaineann lena shuí an bhfuarthas an t-ioncam agus ar tabhaíodh an caiteachas ar bhealach dleathach agus cuí agus an raibh an bhainistíocht airgeadais fónta an úsáid a bhain comhlachtaí lasmuigh d’institiúidí de chuid an Aontais as cistí de chuid an Aontais a fuarthas trí ranníocaíochtaí.

5.   Maoiniú ón Aontas a íocfar le faighteoirí lasmuigh d’institiúidí de chuid an Aontais, beidh sé faoi réir comhaontú i scríbhinn ó na faighteoirí sin nó, in éagmais comhaontú óna dtaobhsan, ó chonraitheoirí nó ó fhochonraitheoirí, agus beidh an maoiniú sin faoi réir iniúchadh ag an gCúirt Iniúchóirí maidir leis an úsáid a baineadh as an maoiniú a deonaíodh.

6.   Soláthróidh an Coimisiún don Chúirt Iniúchóirí, arna iarraidh sin di, aon fhaisnéis faoi oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí.

7.   Ní bheidh sé de thoradh ar úsáid córas comhtháite ríomhaireachta go laghdófaí rochtain na Cúirte Iniúchóirí ar dhoiciméid tacaíochta. Tabharfar rochtain leictreonach don Chúirt Iniúchóirí, ina háitreabh féin agus i gcomhréir leis na rialacha ábhartha slándála, ar shonraí agus ar dhoiciméid atá riachtanach chun an t-iniúchadh a dhéanamh, nuair is féidir sin a dhéanamh go teicniúil.

Airteagal 264

Tuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí

1.   Tarchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí chuig an gCoimisiún agus chuig na hinstitiúidí eile lena mbaineann de chuid an Aontais, faoin 30 Meitheamh, aon bharúil a mheasann sí ba cheart a bheith ina tuarascáil bhliantúil. Fanfaidh na barúlacha sin faoi rún agus beidh siad faoi réir nós imeachta sáraíochta. Cuirfidh gach institiúid de chuid an Aontais a freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 15 Deireadh Fómhair. Seolfar freagraí na n-institiúidí de chuid an Aontais, seachas an Coimisiún, chuig an gCoimisiún an tráth céanna.

2.   Beidh measúnú ar fhóntacht na bainistíochta airgeadais i dtuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí.

3.   Beidh roinn do gach institiúid de chuid an Aontais agus don chiste don soláthar coiteann i dtuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí. Féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí aon tuarascáil achomair nó aon bharúlacha ginearálta a mheasann sí a bheith iomchuí a chur leis an tuarascáil.

4.   Tarchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí chuig na húdaráis atá freagrach as urscaoileadh a thabhairt agus chuig na hinstitiúidí eile de chuid an Aontais, faoin 15 Samhain, a tuarascáil bhliantúil a mbeidh na freagraí ó na hinstitiúidí de chuid an Aontais ag gabháil léi agus áiritheoidh sí go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.

Airteagal 265

Tuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí

1.   Tarchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí chuig an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais nó chuig an gcomhlacht lena mbaineann aon bharúil a mheasann sí ba cheart a bheith i dtuarascáil speisialta. Fanfaidh na barúlacha sin faoi rún agus beidh siad faoi réir nós imeachta sáraíochta.

Déanfaidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais nó an comhlacht lena mbaineann, de ghnáth laistigh de 6 seachtaine tar éis na barúlacha sin a tharchur, aon fhreagraí is mian léi nó leis a thabhairt a chur in iúl don Chúirt Iniúchóirí i dtaca leis na barúlacha sin. Déanfar an tréimhse sin a fhionraí i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go háirithe i gcás, le linn an nós imeachta sáraíochta, inar gá sin chun go bhfaighidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais nó an comhlacht lena mbaineann aiseolas ó na Ballstáit chun bailchríoch a chur ar a freagra nó a fhreagra.

Leis na freagraí ón institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais nó ón gcomhlacht lena mbaineann, tabharfar aghaidh go díreach agus go heisiach ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí.

Ar iarraidh ón gCúirt Iniúchóirí nó ón institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais nó ón gcomhlacht lena mbaineann, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na freagraí a scrúdú tar éis an tuarascáil a fhoilsiú.

Áiritheoidh an Chúirt Iniúchóirí go dtarraingeofar suas tuarascálacha speisialta agus go nglacfar iad laistigh de thréimhse iomchuí ama, ar tréimhse í nach mbeidh de ghnáth níos faide ná 13 mhí.

Déanfar na tuarascálacha speisialta, mar aon leis na freagraí ó na hinstitiúidí lena mbaineann de chuid an Aontais nó na comhlachtaí lena mbaineann, a tharchur gan mhoill chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, agus cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcomhar leis an gCoimisiún i gcás inarb iomchuí, cén ghníomhaíocht atá le déanamh mar fhreagairt.

Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí gach beart riachtanach chun a áirithiú go bhfoilseofar, i dteannta na tuarascála speisialta, na freagraí ar a barúlacha ó gach institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais nó gach comhlacht lena mbaineann mar aon leis an amlíne chun an tuarascáil speisialta a tharraingt suas.

2.   Maidir leis na tuairimí dá dtagraítear in Airteagal 287(4), an dara fomhír, CFAE ar tuairimí iad nach mbaineann leis na tograí ná leis na dréachtaí a chumhdaítear leis an nós imeachta um chomhairliúchán reachtach, féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí a cinneadh maidir le foilsiú tar éis di dul i gcomhairle leis an institiúid de chuid an Aontais a d’iarr an tuairim nó a mbaineann an tuairim léi. Beidh nótaí tráchta ó na hinstitiúidí lena mbaineann de chuid an Aontais ag gabháil leis na tuairimí a fhoilseofar.

CAIBIDIL 2

Urscaoileadh

Airteagal 266

Amchlár an nós imeachta um urscaoileadh

1.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún roimh an 15 Bealtaine de bhliain n+2, maidir le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain n.

2.   I gcás nach féidir an sprioc-am dá bhforáiltear i mír 1 a chomhlíonadh, cuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in iúl don Choimisiún na cúiseanna leis sin.

3.   Má chuireann Parlaimint na hEorpa siar an cinneadh lena dtugtar urscaoileadh, déanfaidh an Coimisiún gach iarracht bearta a ghlacadh, a luaithe is féidir, chun na constaicí atá roimh an gcinneadh sin a bhaint nó chun gur fusa iad a bhaint.

Airteagal 267

An nós imeachta um urscaoileadh

1.   Cumhdófar leis an gcinneadh maidir le hurscaoileadh na cuntais ar ioncam agus ar chaiteachas uile an Aontais, an t-iarmhéid a thig uathu sin agus sócmhainní agus dliteanais an Aontais a léirítear sa chlár comhardaithe.

2.   D’fhonn an t-urscaoileadh a thabhairt, scrúdóidh Parlaimint na hEorpa na cuntais, na ráitis airgeadais agus an tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 318 CFAE, tar éis don Chomhairle an méid céanna a dhéanamh. Scrúdóidh Parlaimint na hEorpa freisin an tuarascáil bhliantúil arna déanamh ag an gCúirt Iniúchóirí mar aon le freagraí na n-institiúidí de chuid an Aontais a mbeidh iniúchadh á dhéanamh orthu, agus aon tuarascálacha speisialta ábhartha ón gCúirt Iniúchóirí maidir leis an mbliain airgeadais lena mbaineann agus ráiteas urrúis na Cúirte Iniúchóirí i dtaca le hiontaofacht na gcuntas agus le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart foluiteach.

3.   Aon fhaisnéis atá ag teastáil chun an nós imeachta um urscaoileadh a chur i bhfeidhm ar bhealach rianúil don bhliain airgeadais lena mbaineann, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 319 CFAE.

Airteagal 268

Bearta leantacha

1.   I gcomhréir le hAirteagal 319 CFAE agus Airteagal 106a de Chonradh Euratom, glacfaidh institiúidí de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán seo gach céim iomchuí chun gníomhú de bhun na mbarúlacha a ghabhann leis an gcinneadh maidir le hurscaoileadh ó Pharlaimint na hEorpa agus de bhun na dtráchtanna a ghabhann leis an moladh maidir le hurscaoileadh arna ghlacadh ag an gComhairle.

2.   Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, déanfaidh institiúidí de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 tuairisciú ar na bearta a glacadh i bhfianaise na mbarúlacha agus na dtráchtanna sin agus, go háirithe, ar na treoracha atá tugtha acu do na ranna sin dá gcuid atá freagrach as an mbuiséad a chur chun feidhme. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún trína chur in iúl dó faoi na bearta a ghlac siad chun gníomhú de bhun na mbarúlacha sin ionas go bhféadfaidh an Coimisiún na bearta sin a chur san áireamh agus a thuarascáil féin á tarraingt suas aige. Déanfar na tuarascálacha ó institiúidí de chuid an Aontais agus ó chomhlachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 a tharchur freisin chuig an gCúirt Iniúchóirí.

Airteagal 269

Forálacha sonracha maidir le SEGS

Beidh SEGS faoi réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 319 CFAE agus in Airteagail 266, 267 agus 268 den Rialachán seo. Comhoibreoidh SEGS go hiomlán le hinstitiúidí de chuid an Aontais atá bainteach leis an nós imeachta um urscaoileadh agus soláthróidh sé, de réir mar is iomchuí, aon fhaisnéis bhreise is gá, lena n-áirítear trí bheith i láthair ag cruinnithe de chuid na gcomhlachtaí ábhartha.

TEIDEAL XV

LEITHREASUITHE RIARACHÁIN

Airteagal 270

Forálacha ginearálta

1.   Is leithreasuithe neamhdhifreáilte a bheidh sna leithreasuithe riaracháin.

2.   Tá feidhm ag an Teideal seo maidir leis na leithreasuithe riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 47(4) agus leithreasuithe riaracháin institiúidí de chuid an Aontais seachas an Coimisiún.

Gealltanais bhuiséadacha a chomhfhreagraíonn do leithreasuithe riaracháin de chineál atá i gcoiteann ag roinnt teideal agus atá faoi bhainistíocht fhoriomlán, féadfar iad a thaifeadadh ar bhealach foriomlán sa chuntasaíocht bhuiséadach, ag leanúint an aicmithe achomair de réir cineáil a leagtar amach in Airteagal 47(4).

Sannfar an caiteachas comhfhreagrach do línte buiséid gach teidil de réir an dáilte chéanna a dhéantar i gcás leithreasuithe.

3.   Caiteachas riaracháin a eascraíonn as conarthaí lena gcumhdaítear tréimhsí a leanann níos faide ar aghaidh ná an bhliain airgeadais, i gcomhréir le cleachtas áitiúil nó bainteach le soláthar trealaimh, muirearófar é ar an mbuiséad don bhliain airgeadais ina dtarlaíonn sé.

4.   Féadfar réamhíocaíochtaí a dhéanamh le baill foirne agus le comhaltaí na n-institiúidí de chuid an Aontais, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne agus sna forálacha sonracha a bhaineann le comhaltaí na n-institiúidí de chuid an Aontais.

Airteagal 271

Íocaíochtaí a dhéantar roimh ré

Caiteachas dá dtagraítear in Airteagal 11(2) atá le híoc roimh ré de bhun forálacha conarthacha nó dlíthiúla, d’féadfadh sé a bheith ina chúis le híocaíochtaí ón 1 Nollaig ar aghaidh a bheith muirearaithe ar na leithreasuithe don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag an teorainn a leagtar amach in Airteagal 11(2), pointe (a).

Airteagal 272

Forálacha sonracha a bhaineann le tionscadail foirgníochta

1.   Déanfaidh gach institiúid de chuid an Aontais, faoin 1 Meitheamh gach bliain, doiciméad oibre a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir lena bheartas foirgníochta, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

i gcás gach foirgnimh, an caiteachas agus an t-achar dromchla atá cumhdaithe ag leithreasuithe na línte buiséid comhfhreagracha. Beidh na costais a bhaineann leis na foirgnimh a fheistiú san áireamh sa chaiteachas ach ní bheidh na muirir eile san áireamh ann;

(b)

an éabhlóid ionchasach ar chlárú foriomlán an achair dromchla, agus treochtaí sa teilea-obair á gcur san áireamh, agus na suíomhanna do na blianta atá le teacht lena ngabhann tuairisc ar na tionscadail foirgníochta sa chéim pleanála atá sainaitheanta cheana féin agus measúnú ar éabhlóid an mhargaidh eastáit réadaigh atá mórthimpeall shuíomh an tionscadail as a n-eascraíonn costas breise;

(c)

na téarmaí agus costais chríochnaitheacha chomh maith le faisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme tionscadal i leith tionscadail nua foirgníochta a cuireadh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle roimhe sin faoin nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 agus nach n-áirítear i ndoiciméid oibre na bliana roimhe sin.

Soláthróidh an Coimisiún an fhaisnéis sin mar chuid de na doiciméid oibre atá ceangailte leis an dréachtbhuiséad, mar a leagtar amach in Airteagal 41(3).

2.   Maidir le haon tionscadal foirgníochta ar dócha go mbeidh impleachtaí suntasacha airgeadais aige don bhuiséad, cuirfidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas a luaithe is féidir, agus in aon chás sula ndéanfar aon chuardach ar an margadh áitiúil, i gcás conarthaí foirgníochta, nó sula n-eiseofar cuirí chun tairisceana, i gcás oibreacha foirgníochta, faoin achar dromchla foirgnimh is gá, agus na cúiseanna a bhfuil gá leis, agus faoin bpleanáil shealadach.

3.   Maidir le haon tionscadal foirgníochta ar dócha go mbeidh impleachtaí suntasacha airgeadais aige don bhuiséad, déanfaidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais an tionscadal foirgníochta, go háirithe a chostais mheasta mhionsonraithe, agus na costais a bhaineann le haon oibreacha a bhfuil gá leo chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh á sonrú go háirithe, agus a mhaoiniú, lena n-áirítear aon úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as ioncam sannta inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (e), chomh maith le liosta de na dréachtchonarthaí a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid, a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus déanfaidh sí a bhformheas a iarraidh sula dtabharfar na conarthaí chun críche. Arna iarraidh sin don institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais, déileálfar ar bhonn rúnda leis na doiciméid a thíolacfar i ndáil leis an tionscadal foirgníochta.

Cé is moite de chásanna force majeure dá dtagraítear i mír 4, pléifidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an tionscadal foirgníochta laistigh de 4 seachtaine tar éis don dá institiúid é a fháil.

Measfar an tionscadal foirgníochta a bheith formheasta ar dhul in éag don tréimhse 4 seachtaine sin, mura rud é go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle cinneadh atá contrártha leis an togra laistigh den tréimhse sin.

Má léiríonn Parlaimint na hEorpa agus/nó an Chomhairle cúiseanna imní laistigh den tréimhse 4 seachtaine sin, cuirfear fad 2 sheachtain uair amháin leis an tréimhse sin.

Má ghlacann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle cinneadh atá contrártha leis an tionscadal foirgníochta, tarraingeoidh an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais a togra siar agus féadfaidh sí togra nua a thíolacadh.

4.   I gcásanna force majeure, más rud é go dtabharfar cúiseanna cuí, féadfar an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 2 a thíolacadh go comhpháirteach leis an tionscadal foirgníochta. Pléifidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an tionscadal foirgníochta laistigh de 2 sheachtain tar éis don dá institiúid é a fháil. Measfar go mbeidh an tionscadal foirgníochta formheasta ar dhul in éag na tréimhse 2 sheachtain sin, mura rud é go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa agus/nó an Chomhairle cinneadh atá contrártha leis an togra laistigh den tréimhse ama sin.

5.   Measfar gur tionscadail foirgníochta iad seo a leanas ar dócha go mbeidh impleachtaí suntasacha airgeadais acu don bhuiséad:

(a)

aon fháil talún;

(b)

fáil, díol, athchóiriú struchtúrach, tógáil foirgneamh nó aon tionscadal lena gcomhcheanglaítear na heilimintí sin atá le cur chun feidhme sa tréimhse ama chéanna, ar tionscadal é ar mó é ná EUR 3 000 000;

(c)

fáil, athchóiriú struchtúrach, tógáil foirgneamh nó aon tionscadal lena gcomhcheanglaítear na heilimintí sin atá le cur chun feidhme sa tréimhse ama chéanna, ar tionscadal é ar mó é ná EUR 2 000 000 i gcás inarb ionann an praghas agus os cionn 110 % den phraghas áitiúil ar réadmhaoin inchomparáide mar atá measta ag saineolaí neamhspleách;

(d)

díol talún nó foirgneamh i gcás inarb ionann an praghas agus níos lú ná 90 % den phraghas áitiúil ar réadmhaoin inchomparáide mar atá measta ag saineolaí neamhspleách;

(e)

aon chonradh nua foirgníochta, lena n-áirítear cearta úsáide, léasanna fadtéarmacha agus athnuachan ar chonarthaí reatha foirgníochta faoi choinníollacha is lú fabhar, nach gcumhdaítear le pointe (b), lena ngabhann muirear bliantúil EUR 750 000 ar a laghad;

(f)

síneadh nó athnuachan conarthaí reatha foirgníochta, lena n-áirítear cearta úsáide agus léasanna fadtéarmacha, faoi na coinníollacha céanna nó coinníollacha is mó fabhar, lena ngabhann muirear bliantúil EUR 3 000 000 ar a laghad.

Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le tionscadail foirgníochta ar tionscadail de chineál idirinstitiúideach iad, agus maidir le toscaireachtaí an Aontais.

Beidh na costais a bhaineann leis an bhfoirgneamh a fheistiú san áireamh sna tairseacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (b) go (f). I gcás conarthaí cíosa agus conarthaí cearta úsáide, cuirfear i gcuntas sna tairseacha sin na costais a bhaineann leis an bhfoirgneamh a fheistiú ach ní chuirfear na muirir eile san áireamh iontu.

6.   Gan dochar d’Airteagal 17, agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar tionscadal fála foirgníochta nó athchóirithe struchtúraigh a mhaoiniú trí iasacht, faoi réir formheas a fháil roimh ré ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Déanfar conradh i leith iasachtaí agus aisíocfar iad i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus aird chuí á tabhairt ar leasanna airgeadais an Aontais.

Nuair a bheartaíonn an institiúid de chuid an Aontais an fháil nó an t-athchóiriú struchtúrach a mhaoiniú trí iasacht, sonrófar go háirithe sa phlean maoiniúcháin atá le tíolacadh, i dteannta na hiarrata ar fhormheas roimh ré arna déanamh ag an institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais, an t-uasmhéid maoiniúcháin, an tréimhse mhaoiniúcháin, an cineál maoiniúcháin, na coinníollacha maoiniúcháin agus na coigiltis i gcomparáid le cineálacha eile socruithe conarthacha. Sna doiciméid a thíolactar a bhaineann le tionscadail athchóirithe struchtúraigh, beidh eilimintí lena léirítear coigiltis mheasta a bhaineann le tomhaltas fuinnimh, costais oibriúcháin nó feidhmíocht chomhshaoil fheabhsaithe.

Pléifidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an iarraidh ar fhormheas roimh ré laistigh de 4 seachtaine, ar féidir fad 2 sheachtain a chur leis uair amháin, ón dáta a bheidh an togra sin faighte ag an dá institiúid. Measfar an fháil nó an t-athchóiriú struchtúrach arna maoiniú nó arna mhaoiniú trí iasacht a bheith diúltaithe mura mbeidh sí nó sé formheasta go sainráite ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle laistigh den sprioc-am.

Airteagal 273

An nós imeachta um fhaisnéis luath agus an nós imeachta um fhormheas roimh ré

1.   Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta um fhaisnéis luath a leagtar amach in Airteagal 272(2) ná ag an nós imeachta um fhormheas roimh ré a leagtar in Airteagal 272(3) agus (4) maidir le talamh a fháil saor in aisce nó ar mhéid siombalach.

2.   Beidh feidhm freisin ag an nós imeachta um fhaisnéis luath a leagtar amach in Airteagal 272(2) agus ag an nós imeachta um fhormheas roimh ré a leagtar amach in Airteagal 272(3) agus (4) maidir le foirgnimh chónaithe más mó ná EUR 2 000 000 fáil, athchóiriú struchtúrach, tógáil foirgneamh nó aon tionscadal lena gcomhcheanglaítear na heilimintí sin sa tréimhse ama chéanna agus má tá an praghas os cionn 110 % den phraghas áitiúil nó den innéacs cíosa de réadmhaoin inchomparáide. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle aon fhaisnéis a bhaineann le foirgnimh chónaithe a iarraidh ar an institiúid de chuid an Aontais atá i gceannas orthu.

3.   In imthosca eisceachtúla nó in imthosca práinne polaitiúla, féadfar an fhaisnéis luath dá dtagraítear in Airteagal 272(2) maidir le tionscadail foirgníochta a bhaineann le toscaireachtaí an Aontais nó oifigí an Aontais i dtríú tíortha a thíolacadh in éineacht leis an tionscadal foirgníochta de bhun Airteagal 272(3). I gcásanna den sórt sin, déanfar an nós imeachta um fhaisnéis luath agus an nós imeachta um fhormheas roimh ré a luaithe is féidir.

I gcás tionscadail foirgneamh cónaithe i dtríú tíortha, déanfar na nósanna imeachta um fhaisnéis luath agus na nósanna imeachta um fhormheas roimh ré i dteannta a chéile.

4.   Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta um fhormheas roimh ré a leagtar amach in Airteagal 272(3) agus (4) maidir le conarthaí nó staidéir ullmhúcháin is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar chostas mionsonraithe agus ar mhaoiniú an tionscadail foirgníochta.

TEIDEAL XVI

IARRATAÍ AR FHAISNÉIS AGUS GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE

Airteagal 274

Iarrataí ar fhaisnéis ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Beidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i dteideal aon fhaisnéis nó mínithe maidir le hábhair bhuiséadacha laistigh dá réimsí inniúlachta a fháil.

Airteagal 275

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 70(1), Airteagal 71, an tríú mír, Airteagal 164 agus Airteagal 216(2), an dara fomhír agus an tríú fomhír, a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2020. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2018, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí fhad na gcreataí airgeadais ilbhliantúla ina dhiaidh sin, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse faid a bhaineann leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil comhfhreagrach.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 70(1), Airteagal 71, an tríú mír, Airteagal 164 agus Airteagal 216(2), an dara fomhír agus an tríú fomhír, a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 70(1), Airteagal 71, an tríú mír, Airteagal 164 agus Airteagal 216(2), an dara fomhír agus an tríú fomhír, i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 276

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

TEIDEAL XVII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA AGUS IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 277

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Gan dochar do rialacha earnáilsonracha ná do chur i bhfeidhm deonach, agus faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 36(8), 130, 137(2), 138(2), agus 144(5) a bhaineann leis an gcóras luathbhraite agus eisiaimh a chur i bhfeidhm ar bhainistíocht chomhroinnte agus ar bhainistíocht dhíreach i gcásanna ina gcuirtear an buiséad chun feidhme de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), leis na Ballstáit, ach amháin maidir le cláir a ghlactar nó a mhaoinítear amhail ón 1 Eanáir 2028.

2.   Gan dochar do rialacha earnáilsonracha ná do chur i bhfeidhm deonach, ní bheidh feidhm ag an gcóras luathbhraite agus eisiaimh maidir le Rialachán (AE) 2021/241.

3.   Féadfaidh gealltanais dhlíthiúla do dheontais lena gcuirtear an buiséad chun feidhme faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020 leanúint de bheith i bhfoirm cinntí deontais. I gcás na bhforálacha i dTeideal VIII is infheidhme maidir le comhaontuithe deontais, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir le cinntí deontais.

4.   Leanfaidh Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (AE, Euratom) 2018/1046 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 d’fheidhm a bheith acu maidir le gealltanais dhlíthiúla arna ndéanamh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfaidh na measúnuithe colúin, na teimpléid maidir le comhaontú ranníocaíochta agus na comhaontuithe comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais atá ann cheana leanúint d’fheidhm a bheith acu agus déanfar athbhreithniú orthu de réir mar is iomchuí.

5.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 36(2), pointe (d), agus (6) maidir le rochtain a sholáthar ar shonraí faoi fhaighteoirí cistí agus a n-úinéirí tairbhiúla ach amháin maidir le cláir arna nglacadh agus arna maoiniú faoi chreataí airgeadais ilbhliantúla i ndiaidh 2027.

6.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 38(4), an tríú fomhír, agus (6) ach amháin maidir le cláir arna nglacadh agus arna maoiniú faoi chreataí airgeadais ilbhliantúla i ndiaidh 2027.

7.   Beidh feidhm ag na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagal 252(1), (2) agus (5) den Rialachán seo amhail ó na cuntais don bhliain airgeadais 2026. Leanfaidh na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 d’fheidhm a bheith acu go dtí sin.

8.   Beidh feidhm ag na maoluithe ar an oibleagáid dearbhú ar onóir a sholáthar i gcás iarratais ar dheontais ar luach an-íseal, mar a leagtar amach in Airteagal 139(1), an séú fomhír, agus in Airteagal 199(1), pointe (b), an dara fomhír, maidir le nósanna imeachta dámhachtana deontas arna maoiniú faoi chreataí airgeadais ilbhliantúla i ndiaidh 2027.

Airteagal 278

Athbhreithniú

Déanfar athbhreithniú ar an Rialachán seo nuair is gá agus in aon chás 2 bhliain ar a dhéanaí roimh dheireadh gach creata airgeadais ilbhliantúil.

Cumhdófar in athbhreithniú den sórt sin, inter alia, cur chun feidhme Theidil VIII agus X agus na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagal 265.

Airteagal 279

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 280

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 30 Meán Fómhair 2024.

Beidh feidhm ag Airteagal 48(2), pointe (b), go dtí an 31 Nollaig 2027.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

NAGY I.


(1)   IO C 466, 24.11.2022, lch. 26.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Meán Fómhair 2024.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(5)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 (IO L 165, 11.5.2021, lch. 1).

(7)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(12)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).

(13)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(14)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(15)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(16)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(17)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 11 Meitheamh 2024, an Coimisiún Eorpach v Deutsche Telekom AG, C-221/22 P, ECLI:EU:C:2024:488.

(18)   IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(19)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1)

(20)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta, CBL agus OTI-bhunaithe a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid thirim a chomhlíonadh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 39).

(21)  Rialachán (AE, Euratom) 2021/770 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 maidir le ríomh na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi, maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun an acmhainn dhílis sin a chur ar fáil, maidir le bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh, agus maidir le gnéithe áirithe den acmhainn dhílis bunaithe ar ollioncam náisiúnta (IO L 165, 11.5.2021, lch. 15).

(22)  Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19).

(23)  Treoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ríomhshonrascadh i gcás an tsoláthair phoiblí (IO L 133, 6.5.2014, lch. 1).

(24)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Iúil 2020, Securitec v An Coimisiún, T-661/18, ECLI:EU:T:2020:319.

(25)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(26)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 15 Feabhra 2023, RH v An Coimisiún, T-175/21T, ECLI:EU:T:2023:77, mír 62.

(27)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme ar bhunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(28)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).

(29)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (athmhúnlú) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(30)  Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le fóirdheontais eachtracha lena saobhtar an margadh inmheánach (IO L 330, 23.12.2022, lch. 1).

(31)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj? locale=ga)

(32)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/7 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2016 lena mbunaítear an fhoirm chaighdeánach don Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar (IO L 3, 6.1.2016, lch. 16).

(33)  Rialachán (AE) 2022/1031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2022 maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta – IPI) (IO L 173, 30.6.2022, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23).

(35)  Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macra-airgeadais +) (IO L 322, 16.12.2022, lch. 1).

(36)   IO C 461, 10.12.2016, lch. 2.

(37)   IO C 438, 19.12.2017, lch. 5.

(38)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO L 317, 4.11.2014, lch. 1).

(39)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le spriocanna, dátaí agus teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1).

(40)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(41)  Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht ghéarchéime (IO L 150, 20.5.2014, lch. 112).

(42)  Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).

(43)  Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).

(44)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(45)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(46)  Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (IO L 11, 16.1.2003, lch. 1).

(47)  Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, 30.6.2021, lch. 94).

(48)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(49)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(50)   IO C 316, 27.11.1995, lch. 48.

(51)   IO C 195, 25.6.1997, lch. 1.

(52)  Cinneadh Réime 2003/568/CGB an 22 Iúil 2003 ón gComhairle maidir le héilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach (IO L 192, 31.7.2003, lch. 54).

(53)  Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).

(54)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(55)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(56)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

(57)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(58)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(59)  Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).

(60)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa agus ar mhaoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(61)  Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir leis an Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar (CPV) (IO L 340, 16.12.2002, lch. 1).

(62)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

CAIBIDIL 1

Forálacha coiteanna

ROINN 1

CREATCHONARTHAÍ AGUS POIBLÍOCHT

1.   Creatchonarthaí agus conarthaí sonracha

1.1.

Ní rachaidh fad creatchonartha thar 4 bliana, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo go háirithe de bharr ábhar an chreatchonartha.

Dámhfar conarthaí sonracha atá bunaithe ar chreatchonarthaí i gcomhréir le téarmaí an chreatchonartha.

Agus conarthaí sonracha á dtabhairt i gcrích, ní dhiallfaidh na páirtithe go substaintiúil ón gcreatchonradh.

1.2.

I gcás ina dtugtar creatchonradh i gcrích le hoibreoir eacnamaíoch aonair, dámhfar nó modhnófar na conarthaí sonracha laistigh de theorainneacha na dtéarmaí a leagtar síos sa chreatchonradh.

In imthosca den sórt sin agus i gcás ina bhfuil údar cuí leis, féadfaidh údaráis chonarthacha a iarraidh i scríbhinn ar an gconraitheoir cur lena thairiscint nó lena tairiscint más gá.

1.3.

I gcás ina bhfuil creatchonradh le tabhairt i gcrích le roinnt oibreoirí eacnamaíocha (creatchonradh iolrach), féadfaidh sé a bheith i bhfoirm conarthaí ar leithligh arna síniú i dtéarmaí comhionanna le gach conraitheoir.

Cuirfear conarthaí sonracha atá bunaithe ar chreatchonarthaí iolracha chun feidhme ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

i gcomhréir le téarmaí an chreatchonartha: gan iomaíocht a athoscailt, i gcás ina leagtar amach ann na téarmaí uile lena rialaítear soláthar na n-oibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí lena mbaineann agus na coinníollacha oibiachtúla lena gcinnfear na conraitheoirí a dhéanfaidh iad;

(b)

i gcás nach leagtar síos na téarmaí uile lena rialaítear soláthar na n-oibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí lena mbaineann sa chreatchonradh: trí iomaíocht a athoscailt idir na conraitheoirí, i gcomhréir le pointe 1.4 agus ar bhonn aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

na téarmaí céanna agus, agus iad foirmlithe ar bhonn níos beaichte i gcás inar gá;

(ii)

i gcás inarb iomchuí, ar bhonn téarmaí eile dá dtagraítear sna doiciméid soláthair a bhaineann leis an gcreatchonradh.

(c)

i bpáirt gan iomaíocht a athoscailt i gcomhréir le pointe (a) agus i bpáirt maille le hiomaíocht a athoscailt idir na conraitheoirí i gcomhréir le pointe (b), i gcás ina bhfuil an fhéidearthacht sin ordaithe ag an údarás conarthach sna doiciméid soláthair a bhaineann leis an gcreatchonradh.

Sonrófar sna doiciméid soláthair dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (c), cé na téarmaí a fhéadfaidh a bheith faoi réir athoscailt iomaíochta.

1.4.

Tabharfar creatchonradh iolrach maille le hathoscailt iomaíochta i gcrích le triúr oibreoirí eacnamaíocha ar a laghad, ar choinníoll go bhfuil líon leordhóthanach tairiscintí inghlactha dá dtagraítear i bpointe 29.3 ann.

Agus conradh sonrach á dhámhachtain trí athoscailt iomaíochta idir na conraitheoirí, rachaidh an t-údarás conarthach i gcomhairle leo i scríbhinn agus socróidh sé teorainn ama atá fada a dhóthain chun tairiscintí sonracha a thíolacadh. Tíolacfar tairiscintí sonracha i scríbhinn. Déanfaidh an t-údarás conarthach gach conradh sonrach a dhámhachtain don tairgeoir a thíolaic an tairiscint shonrach is buntáistí go heacnamaíoch ar bhonn na gcritéar dámhachtana a leagtar amach sna doiciméid soláthair a bhaineann leis an gcreatchonradh.

1.5.

In earnálacha ina dtagann athruithe tapa sa phraghas agus sa teicneolaíocht, beidh clásal sna creatchonarthaí gan athoscailt iomaíochta i dtaca le hathbhreithniú meántéarma nó i dtaca le córas tagarmharcála. Tar éis an athbhreithnithe meántéarma, más rud é nach bhfuil na coinníollacha a leagadh síos ar dtús in oiriúint a thuilleadh don athrú sa phraghas nó sa teicneolaíocht, ní bhainfidh an t-údarás conarthach úsáid as an gcreatchonradh lena mbaineann agus déanfaidh sé bearta iomchuí chun é a fhoirceannadh.

1.6.

Déanfar gealltanas buiséadach roimh chonarthaí sonracha atá bunaithe ar chreatchonarthaí.

2.   Fógraíocht faoi nósanna imeachta maidir le conarthaí a bhfuil a luach cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1) den Rialachán seo nó níos mó ná iad nó maidir le conarthaí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/24/AE

2.1.

Áireofar sna fógraí atá le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an fhaisnéis uile a leagfar amach sna foirmeacha caighdeánacha ábhartha dá dtagraítear i dTreoir 2014/24/AE chun trédhearcacht an nós imeachta a áirithiú.

2.2.

Féadfaidh an t-údarás conarthach a rúin i dtaca le soláthar beartaithe don bhliain airgeadais a chur in iúl trí fhógra réamhfhaisnéise a fhoilsiú. San fhógra sin, cuimseofar tréimhse atá cothrom le 12 mhí nó níos giorra ón dáta a chuirfear an fógra chuig Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (Oifig na bhFoilseachán).

Féadfaidh an t-údarás conarthach an fógra réamhfhaisnéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar a phróifíl cheannaitheora. Sa dara cás, foilseofar fógra i dtaca le foilsiú ar an bpróifíl cheannaitheora in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.3.

Seolfaidh an t-údarás conarthach fógra dámhachtana chuig Oifig na bhFoilseachán i dtaca le torthaí an nós imeachta tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis conradh nó creatchonradh a bhfuil a luach cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1) nó níos mó ná iad a bheith sínithe.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, féadfar fógraí dámhachtana a bhaineann le conarthaí atá bunaithe ar chóras dinimiciúil ceannaigh a thiomsú le chéile ar bhonn ráithiúil. I gcásanna den sórt sin, seolfaidh an t-údarás conarthach an fógra dámhachtana tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis dheireadh gach ráithe.

Ní fhoilseofar fógraí dámhachtana i gcás conarthaí sonracha atá bunaithe ar chreatchonradh.

2.4.

Foilseoidh an t-údarás conarthach fógra dámhachtana:

(a)

sula dtabharfar conradh nó creatchonradh i gcrích a bhfuil a luach cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1) nó níos mó ná iad agus arna ndámhachtain i gcomhréir le pointe 11.1, an dara fomhír, pointe (b);

(b)

tar éis conradh nó creatchonradh a thabhairt i gcrích a bhfuil a luach cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1) nó níos mó ná iad, lena n-áirítear conarthaí arna ndámhachtain i gcomhréir le pointe 11.1, an dara fomhír, pointe (a), pointí (c) go (f) agus pointe (m).

2.5.

Foilseoidh an t-údarás conarthach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh fógra i dtaca le modhnú ar chonradh le linn fhad tréimhse an chonartha sna cásanna a leagtar amach in Airteagal 175(3), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), i gcás ina bhfuil luach an mhodhnaithe cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1) nó níos mó ná iad nó cothrom leis na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 181(1) nó níos mó ná iad i gcás nósanna imeachta i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha.

2.6.

Maidir le nós imeachta idirinstitiúideach, beidh an t-údarás conarthach atá freagrach as an nós imeachta i gceannas ar na bearta poiblíochta is infheidhme.

3.   Fógraíocht faoi nósanna imeachta maidir le conarthaí a bhfuil a luach faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear Airteagal 178(1) den Rialachán seo nó maidir le conarthaí nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 2014/24/AE

3.1.

Déanfar nósanna imeachta arb ísle a luach measta conartha ná na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1) a fhógairt trí mhodhanna iomchuí. Áireofar san fhógraíocht sin poiblíocht iomchuí ex ante ar an idirlíon nó fógra conartha nó, i gcás conarthaí arna ndámhachtain i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointe 13, fógra a fhoilsiú le haghaidh glao ar léiriú spéise in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i leith an nós imeachta a leagtar amach i bpointe 11 ná an nós imeachta idirbheartaithe i gcás conarthaí ar luach an-íseal a leagtar amach i bpointe 14.4.

3.2.

Maidir le conarthaí arna ndámhachtain i gcomhréir le pointe 11.1, an dara fomhír, pointí (g) agus (i), seolfaidh an t-údarás conarthach liosta de chonarthaí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. I gcás inarb é an Coimisiún an t-údarás conarthach, ceanglófar an liosta sin leis an achoimre ar na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(9).

3.3.

Áireofar i bhfaisnéis i dtaca le dámhachtain conartha ainm an chonraitheora, an méid a ghealltar go dlíthiúil agus ábhar an chonartha agus, i gcás conarthaí díreacha agus sonracha, comhlíonfaidh sí Airteagal 38(3).

Foilseoidh an t-údarás conarthach liosta de chonarthaí ar a shuíomh gréasáin tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

conarthaí atá faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear in Airteagal 178(1);

(b)

conarthaí arna ndámhachtain i gcomhréir le pointe 11.1, an dara fomhír, pointe (h) agus pointí (j) go (m);

(c)

modhnuithe ar chonarthaí mar a leagtar amach in Airteagal 175(3), an chéad fhomhír, pointe (c);

(d)

modhnuithe ar chonarthaí mar a leagtar amach in Airteagal 171(3), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), i gcás ina bhfuil luach an mhodhnaithe faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear in Airteagal 178(1);

(e)

conarthaí sonracha faoi chreatchonradh.

Chun críocha an dara fomhír, pointe (e), féadfar an fhaisnéis fhoilsithe a chomhiomlánú in aghaidh an chonraitheora i gcás conarthaí sonracha a thagann faoin gcreatchonradh céanna.

3.4.

Maidir le creatchonarthaí idirinstitiúideacha, beidh gach údarás conarthach freagrach as fógraíocht a dhéanamh faoina chonarthaí sonracha agus na modhnuithe orthu i gcomhréir le pointe 3.3.

4.   Fógraí a fhoilsiú

4.1.

Déanfaidh an t-údarás conarthach na fógraí dá dtagraítear i bpointí 2 agus 3 a tharraingt suas agus a tharchur trí mhodh leictreonach chuig Oifig na bhFoilseachán.

4.2.

Foilseoidh Oifig na bhFoilseachán na fógraí dá dtagraítear i bpointí 2 agus 3 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tráth nach déanaí ná:

(a)

7 lá tar éis a seolta má bhaineann an t-údarás conarthach úsáid as an gcóras leictreonach chun na foirmeacha caighdeánacha dá dtagraítear i bpointe 2.1 a chomhlánú agus má chuireann sé teorainn 500 focal le téacs saor;

(b)

12 lá tar éis a seolta i ngach cás eile.

4.3.

Beidh an t-údarás conarthach ábalta fianaise a thabhairt faoi dháta an tseolta.

5.   Cineálacha eile fógraíochta

Chomh maith leis an bhfógraíocht dá bhforáiltear i bpointí 2 agus 3, féadfar nósanna imeachta soláthair a fhógairt ar aon bhealach eile, go háirithe i bhfoirm leictreonach. In aon fhógraíocht den sórt sin, déanfar tagairt don fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, más rud é gur foilsíodh an fógra, agus ní thiocfaidh sí roimh fhoilsiú an fhógra sin, arb é an t-aon fhógra amháin é atá barántúil.

Ní thabharfar isteach le fógraíocht den sórt sin aon idirdhealú idir iarrthóirí nó tairgeoirí ná ní bheidh sonraí inti seachas iad sin atá san fhógra conartha, más rud é gur foilsíodh an fógra.

ROINN 2

NÓSANNA IMEACHTA SOLÁTHAIR

6.   Íoslíon iarrthóirí agus socruithe maidir le hidirbheartaíocht

6.1.

I nós imeachta srianta agus sna nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe 13.1, pointí (a) agus (b), agus maidir le conarthaí arna ndámhachtain i gcomhréir le pointe 14.2, is é cúigear an t-íoslíon d’iarrthóirí a bheidh ann.

6.2.

I nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht, in idirphlé iomaíoch, i gcomhpháirtíocht nuálaíochta, i gcuardach ar an margadh áitiúil i gcomhréir le pointe 11.1, an dara fomhír, pointe (g), agus i nós imeachta idirbheartaithe i gcás conarthaí ar luach íseal i gcomhréir le pointe 14.3, is é triúr an t-íoslíon d’iarrthóirí a bheidh ann.

6.3.

Ní bheidh feidhm ag pointí 6.1 agus 6.2 sna cásanna seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta idirbheartaithe i gcás conarthaí ar luach an-íseal i gcomhréir le pointe 14.4;

(b)

nósanna imeachta idirbheartaithe gan foilsiú roimh ré i gcomhréir le pointe 11, ach amháin i gcás comórtais deartha i gcomhréir le pointe 11.1, an dara fomhír, pointe (d), agus cuardach ar an margadh áitiúil i gcomhréir le pointe 11.1, an dara fomhír, pointe (g).

6.4.

I gcás ina bhfuil líon na n-iarrthóirí a shásaíonn na critéir roghnúcháin faoi bhun an íoslín a shonraítear i bpointí 6.1 agus 6.2, féadfaidh an t-údarás conarthach leanúint den nós imeachta trí chuireadh a thabhairt do na hiarrthóirí a bhfuil na hacmhainneachtaí riachtanacha acu tairiscint a chur isteach. Ní dhéanfaidh an t-údarás conarthach oibreoirí eacnamaíocha eile a chur san áireamh nár iarr a bheith rannpháirteach ar dtús nó nár thug sé cuireadh dóibh ar dtús.

6.5.

Le linn idirbheartaíochta, áiritheoidh an t-údarás conarthach cóir chomhionann do na tairgeoirí go léir.

Féadfaidh idirbheartaíocht a bheith ann i gcéimeanna leanúnacha chun laghdú a dhéanamh ar líon na dtairiscintí a bhfuiltear le hidirbheartaíocht a dhéanamh fúthu trí na critéir dhámhachtana a shonraítear sna doiciméid soláthair a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh an t-údarás conarthach le fios an mbainfidh sé úsáid as an rogha sin sna doiciméid soláthair.

6.6.

I gcás conarthaí arna ndámhachtain i gcomhréir le pointe 11.1, an dara fomhír, pointí (d) agus (g), agus pointí 14.2 agus 14.3, tabharfaidh an t-údarás conarthach cuireadh do na hoibreoirí eacnamaíocha go léir, ar a laghad, a léirigh suim tar éis poiblíocht ex ante mar a leagtar amach i bpointe 3.1 nó cuardach ar an margadh áitiúil nó comórtas deartha.

7.   Comhpháirtíocht nuálaíochta

7.1.

Díreoidh comhpháirtíocht nuálaíochta ar tháirge nó seirbhís nuálach nó oibreacha nuálacha a fhorbairt agus ceannach na n-oibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí a thagann as sin ina dhiaidh sin, ar choinníoll go bhfuil siad ag teacht leis na leibhéil feidhmíochta agus na huaschostais ar tháinig na húdaráis chonarthacha agus na comhpháirtithe ar chomhaontú fúthu.

Déanfar an chomhpháirtíocht nuálaíochta a struchtúrú i gcéimeanna leanúnacha a leanann an seicheamh de chéimeanna sa phróiseas taighde agus nuálaíochta, ar a bhféadfar a áireamh cur i gcrích na n-oibreacha, monarú na dtáirgí nó soláthar na seirbhísí. Socróidh an chomhpháirtíocht nuálaíochta spriocanna idirmheánacha atá le baint amach ag na comhpháirtithe.

Bunaithe ar na spriocanna idirmheánacha sin, féadfaidh an t-údarás conarthach a chinneadh tar éis gach céime an chomhpháirtíocht nuálaíochta a fhoirceannadh nó, i gcás comhpháirtíocht nuálaíochta a bhfuil roinnt comhpháirtithe aici, líon na gcomhpháirtithe a laghdú trí chonarthaí aonair a fhoirceannadh, ar choinníoll gur léirigh an t-údarás conarthach na féidearthachtaí sin agus na coinníollacha dá n-úsáid sna doiciméid soláthair.

7.2.

Sula seolfar comhpháirtíocht nuálaíochta, rachaidh an t-údarás conarthach i gcomhairle leis an margadh amhail dá bhforáiltear i bpointe 15 chun a fhionnadh nach ann don obair, don soláthar nó don tseirbhís ar an margadh nó mar ghníomhaíocht forbartha atá gar don mhargadh.

Comhlíonfar na socruithe maidir le hidirbheartaíocht a leagtar amach in Airteagal 167(4) agus i bpointe 6.5.

Sna doiciméid soláthair, tabharfaidh an t-údarás conarthach tuairisc ar an ngá atá le hoibreacha, soláthairtí nó seirbhísí nuálacha nach féidir a shásamh trí oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí atá ar an margadh cheana a cheannach. Léireoidh sé cé na heilimintí den tuairisc sin a shainíonn na híoscheanglais. Beidh an fhaisnéis a sholáthraítear cruinn a dhóthain chun cur ar chumas oibreoirí eacnamaíocha cineál agus raon feidhme an réitigh is gá a shainaithint agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh an iarrfaidh siad páirt a ghlacadh sa nós imeachta.

Féadfaidh an t-údarás conarthach a chinneadh an chomhpháirtíocht nuálaíochta a chur ar bun le comhpháirtí amháin nó le roinnt comhpháirtithe atá i mbun gníomhaíochtaí taighde agus forbartha ar leithligh.

Déanfar na conarthaí a dhámhachtain ar bhonn an chóimheasa praghas-cáilíocht is fearr agus ar an mbonn sin amháin, mar a leagtar amach in Airteagal 170(4).

7.3.

Sna doiciméid soláthair, sonróidh an t-údarás conarthach na socruithe is infheidhme i leith cearta maoine intleachtúla.

Faoi chuimsiú na comhpháirtíochta nuálaíochta, ní nochtfaidh an t-údarás conarthach do na comhpháirtithe eile réitigh atá molta nó faisnéis rúnda eile arna cur in iúl ag comhpháirtí gan comhaontú an chomhpháirtí sin a fháil.

Áiritheoidh an t-údarás conarthach go bhfuil struchtúr na comhpháirtíochta agus, go háirithe, fad tréimhse agus luach na gcéimeanna éagsúla ag teacht le leibhéal nuálaíochta an réitigh atá molta agus seicheamh na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a éilítear chun réiteach nuálach nach bhfuil ar fáil ar an margadh fós a fhorbairt. Beidh luach measta oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí comhréireach i dtaca leis an infheistíocht a éilítear chun iad a fhorbairt.

8.   Comórtais deartha

8.1.

Beidh comórtais deartha faoi réir na rialacha ar fhógraíocht a leagtar amach i bpointe 2 agus féadfar dámhachtain duaiseanna a áireamh iontu.

I gcás ina mbíonn comórtais deartha srianta do líon teoranta d’iarrthóirí, leagfaidh an t-údarás conarthach síos critéir roghnúcháin atá soiléir agus neamh-idirdhealaitheach.

Beidh líon na n-iarrthóirí a n-iarrfar orthu páirt a ghlacadh leordhóthanach chun go n-áiritheofar fíoriomaíocht.

8.2.

Is é nó í an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a cheapfaidh an giúiré. Ní bheidh ar an ngiúiré sin ach daoine nádúrtha atá neamhspleách ar iarrthóirí sa chomórtas. I gcás ina bhfuil sé de cheangal ar iarrthóirí i gcomórtas cáilíocht ghairmiúil ar leith a bheith acu, beidh an cháilíocht chéanna nó cáilíocht choibhéiseach ag aon trian de chomhaltaí an ghiúiré ar a laghad.

Beidh an giúiré féinrialaitheach ina thuairimí. Glacfar a thuairimí ar bhonn na dtionscadal a chuireann na hiarrthóirí faoina bhráid gan ainm agus i bhfianaise na gcritéar a leagtar amach i bhfógra an chomórtais agus i bhfianaise na gcritéar sin amháin.

8.3.

Déanfar moltaí an ghiúiré, bunaithe ar fhiúntais gach tionscadail, agus a rangú agus nótaí tráchta, a thaifeadadh i dtuarascáil arna síniú ag a chomhaltaí.

Fanfaidh iarrthóirí gan ainm go dtí go mbeidh a thuairim tugtha ag an ngiúiré.

Féadfaidh an giúiré a iarraidh ar iarrthóirí na ceisteanna atá taifeadta sa tuarascáil a fhreagairt chun soiléiriú a thabhairt ar thionscadal. Déanfar tuarascáil iomlán den idirphlé a thagann dá bharr a tharraingt suas.

8.4.

Glacfaidh an t-údarás conarthach cinneadh dámhachtana ina mbeidh ainm agus seoladh an iarrthóra a roghnaítear agus na cúiseanna leis an rogha trí thagairt a dhéanamh do na critéir a fógraíodh i bhfógra an chomórtais, go háirithe más rud é nach bhfuil an rogha ag teacht leis na moltaí a rinneadh i dtuairim an ghiúiré.

9.   Córas dinimiciúil ceannaigh

9.1.

Féadfar córas dinimiciúil ceannaigh a roinnt ina chatagóirí oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí a shainítear go hoibiachtúil ar bhonn shaintréithe an tsoláthair atá le glacadh ar láimh sa chatagóir lena mbaineann. Sa chás sin, déanfar critéir roghnúcháin a shainiú i gcás gach catagóire.

9.2.

Léireoidh an t-údarás conarthach sna doiciméid soláthair cineál agus méid measta na gceannachán atá beartaithe agus an fhaisnéis go léir atá riachtanach i dtaca leis an gcóras ceannaigh, an trealamh leictreonach a úsáidtear agus na socruithe agus sonraíochtaí i dtaca le nasc teicniúil.

9.3.

Tabharfaidh an t-údarás conarthach an deis d’aon oibreoir eacnamaíoch, le linn thréimhse bhailíochta an chórais dhinimiciúil ceannaigh, iarraidh a dhéanamh ar rannpháirtíocht sa chóras. Cuirfidh sé a mheastóireacht ar iarrataí den sórt sin i gcrích laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh sin a fháil ach féadfaidh sé síneadh a chur leis an tréimhse mheastóireachta ar choinníoll nach n-eisítear cuireadh chun tairisceana idir an dá linn. Cuirfidh na húdaráis chonarthacha in iúl sna doiciméid soláthair fad na tréimhse sínte a bheartaíonn siad a chur i bhfeidhm.

Cuirfidh an t-údarás conarthach in iúl don iarrthóir a luaithe is féidir i dtaobh ar ligeadh isteach sa chóras dinimiciúil ceannaigh é nó í.

9.4.

Tabharfaidh an t-údarás conarthach cuireadh do na hiarrthóirí go léir a ligtear isteach tairiscint a thíolacadh. I gcás inar roinneadh an córas dinimiciúil ceannaigh ina chatagóirí oibreacha, táirgí nó seirbhísí, déanfaidh an t-údarás conarthach cuireadh a thabhairt do na rannpháirtithe uile a ligeadh isteach sa chatagóir a chomhfhreagraíonn don soláthar sonrach lena mbaineann chun tairiscint a thíolacadh.

Dámhfaidh an t-údarás conarthach an conradh don tairgeoir a thíolaic an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch ar bhonn na gcritéar dámhachtana a leagtar amach san fhógra conartha. Féadfar na critéir sin, más iomchuí, a fhoirmliú ar bhonn níos beaichte sna doiciméid soláthair.

9.5.

Léireoidh an t-údarás conarthach tréimhse bhailíochta an chórais dhinimiciúil ceannaigh san fhógra conartha.

Ní rachaidh an t-údarás conarthach i muinín an chórais sin chun iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh.

10.   Idirphlé iomaíoch

10.1.

Sonróidh an t-údarás conarthach a riachtanais agus a cheanglais, na critéir dhámhachtana agus tréimhse ama tháscach san fhógra conartha nó i ndoiciméad tuairisciúil.

Dámhfaidh sé an conradh don tairiscint a thairgeann an cóimheas praghas-cáilíocht is fearr.

10.2.

Osclóidh an t-údarás conarthach idirphlé leis na hiarrthóirí a shásaíonn na critéir roghnúcháin chun na bealaí a shainaithint agus a shainiú is fearr a oireann chun a riachtanais a shásamh. Féadfaidh sé gnéithe uile an tsoláthair a phlé leis na hiarrthóirí roghnaithe le linn an idirphlé sin ach ní fhéadfaidh sé a riachtanais ná a cheanglais ná a chritéir dhámhachtana dá bhforáiltear i bpointe 10.1 a athrú.

Le linn an idirphlé, áiritheoidh an t-údarás conarthach cóir chomhionann idir na tairgeoirí go léir agus ní nochtfaidh sé na réitigh atá molta ná faisnéis eile atá rúnda a chuireann tairgeoir in iúl gan a chomhaontú nó a comhaontú i dtaobh an rúndacht sin a tharscaoileadh.

Féadfaidh an t-idirphlé iomaíoch tarlú i gcéimeanna leanúnacha, chun laghdú a dhéanamh ar líon na réiteach atá le plé, trí na critéir dhámhachtana fhógartha a chur i bhfeidhm má fhoráiltear don fhéidearthacht sin san fhógra conartha nó sa doiciméad tuairisciúil.

10.3.

Leanfaidh an t-údarás conarthach den idirphlé go dtí gur féidir leis an réiteach nó na réitigh a shainaithint lena bhféadfar a riachtanais a shásamh.

Tar éis dó a chur in iúl do na tairgeoirí atá fágtha go bhfuil an t-idirphlé curtha i gcrích, iarrfaidh an t-údarás conarthach ar gach ceann acu a dtairiscintí deiridh a thíolacadh ar bhonn an réitigh nó na réiteach a cuireadh i láthair agus a sonraíodh le linn an idirphlé. Áireofar sna tairiscintí sin na heilimintí go léir atá ag teastáil agus atá riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an tionscadal.

Ar iarraidh ón údarás conarthach, féadfar na tairiscintí deiridh sin a shoiléiriú, a shonrú agus a bharrfheabhsú ar choinníoll nach n-áireofar leis sin athruithe substaintiúla ar an tairiscint nó ar na doiciméid soláthair.

Féadfaidh an t-údarás conarthach idirbheartaíocht a dhéanamh leis an tairgeoir a thíolaic an tairiscint a thairgeann an cóimheas praghas-cáilíocht is fearr chun na gealltanais atá sa tairiscint a dheimhniú ar choinníoll nach bhfuil sé d’éifeacht aige sin gnéithe substaintiúla den tairiscint a mhodhnú agus nach bhfuil baol ann go saobhfaí iomaíocht nó go ndéanfaí idirdhealú.

10.4.

Féadfaidh an t-údarás conarthach na híocaíochtaí atá le déanamh leis na hiarrthóirí roghnaithe a ghlacann páirt san idirphlé a shonrú.

11.   Nós imeachta idirbheartaithe a úsáid gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré

11.1.

I gcás ina n-úsáideann an t-údarás conarthach an nós imeachta idirbheartaithe gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré, comhlíonfaidh sé na socruithe i dtaca le hidirbheartaíocht a leagtar amach in Airteagal 167(4) agus i bpointe 6.5.

Féadfaidh an t-údarás conarthach an nós imeachta idirbheartaithe a úsáid gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré, beag beann ar luach measta an chonartha, sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nár tíolacadh aon tairiscintí, ná aon tairiscint oiriúnach, ná aon iarraidh ar rannpháirtíocht ná aon iarraidh oiriúnach ar rannpháirtíocht dá bhforáiltear i bpointe 11.2 mar fhreagra ar an méid seo a leanas:

(i)

nós imeachta oscailte;

(ii)

nós imeachta srianta;

(iii)

nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht i gcás ina bhfoilsítear fógra conartha;

tar éis an nós imeachta sin a bheith curtha i gcrích, ar choinníoll nach n-athraítear na doiciméid soláthair bhunaidh go substaintiúil;

(b)

i gcás nach féidir ach le hoibreoir eacnamaíoch amháin na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí a chur ar fáil faoi na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 11.3 agus ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(i)

is é aidhm an tsoláthair saothar uathúil ealaíne nó taibhiú uathúil ealaíne a chruthú nó a fháil;

(ii)

tá iomaíocht ar lár ar chúiseanna teicniúla;

(iii)

ní mór cosaint ar chearta eisiacha, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla, a áirithiú;

(c)

a mhéid a bhfuil fíorghá leis i gcás, ar chúiseanna deargphráinne mar thoradh ar imeachtaí nach féidir a thuar, ina bhfuil sé dodhéanta na teorainneacha ama a leagtar síos i bpointí 24, 26 agus 42 a chomhlíonadh agus i gcás nach é an t-údarás conarthach is cúis leis an deargphráinn sin;

Tar éis dearbhú géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 163(6), ní fhéadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach brath ar dhearbhú géarchéime den sórt sin ach amháin i gcás ina bhfuil údar leis an nós imeachta soláthair sonrach de bharr cás deargphráinne atá ann mar thoradh ar an ngéarchéim.

(d)

i gcás ina leanann conradh seirbhíse comórtas deartha agus ina bhfuil sé le dámhachtain don bhuaiteoir nó do cheann de na buaiteoirí; sa chás deiridh sin, tabharfar cuireadh do na buaiteoirí go léir páirt a ghlacadh san idirbheartaíocht;

(e)

i gcás seirbhísí nó oibreacha nua ina bhfuil athdhéanamh ar sheirbhísí nó oibreacha comhchosúla curtha de chúram ar an oibreoir eacnamaíoch dár dhámh an t-údarás conarthach céanna conradh bunaidh, ar choinníoll go bhfuil na seirbhísí nó na hoibreacha sin i gcomhréir le buntionscadal ar dámhadh an conradh bunaidh ina leith tar éis fógra conartha a fhoilsiú, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe 11.4;

(f)

i gcás conarthaí soláthair:

(i)

i gcás seachadtaí breise atá ceaptha mar ionadú páirteach ar sholáthairtí nó ar shuiteálacha nó mar leathnú ar sholáthairtí nó ar shuiteálacha atá ann cheana, i gcás ina gcuirfeadh athrú ar sholáthraí oibleagáid ar an údarás conarthach soláthairtí a fháil ag a bhfuil saintréithe teicniúla difriúla agus, dá bhrí sin, go mbeadh neamh-chomhoiriúnacht nó deacrachtaí teicniúla díréireacha ann in oibríocht agus i gcothabháil; nuair a dhámhann institiúidí de chuid an Aontais conarthaí ar a gcuntas féin, ní mhairfidh na conarthaí sin níos faide ná 3 bliana;

(ii)

i gcás ina monaraítear na táirgí chun críoch taighde, turgnamhaíochta, staidéir nó forbartha amháin; ní áireofar le conarthaí den sórt sin, áfach, táirgeadh cainníochta chun inmharthanacht tráchtála a shuí ná chun costais taighde agus forbartha a aisghabháil;

(iii)

i gcás soláthairtí a luaitear agus a cheannaítear ar mhargadh tráchtearraí;

(iv)

i gcás ceannacháin soláthairtí ar théarmaí fíorthairbheacha, ó oibreoir eacnamaíoch a bhfuil a ghníomhaíochtaí gnó nó a gníomhaíochtaí gnó á bhfoirceannadh go cinntitheach aige nó aici, nó ó na leachtaitheoirí i nós imeachta dócmhainneachta, socrú le creidiúnaithe, nó nós imeachta den chineál céanna faoin dlí náisiúnta;

(v)

i gcás ceannach cógas lena n-úsáid ag an duine nó frithbhearta leighis chomh maith le táirgí lena gceadaítear galair ainmhithe, zónóisí agus lotnaidí coraintín plandaí áirithe a dhíothú nó a shrianadh, ar choinníoll go gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas: tá na táirgí sin nuálach, níl siad ar fáil go héasca ar an margadh nó is gá réiteach atá ar fáil go héasca a ghlacadh.

(g)

i gcás conarthaí foirgníochta, tar éis cuardach a dhéanamh ar an margadh áitiúil;

(h)

i gcás conarthaí le haghaidh aon cheann acu seo a leanas:

(i)

ionadaíocht dhlíthiúil a dhéanann dlíodóir de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir 77/249/CEE (1) ón gComhairle in imeachtaí eadrána nó idir-réitigh nó breithiúnacha;

(ii)

comhairle dhlíthiúil a thugtar in ullmhú na n-imeachtaí dá dtagraítear i bpointe (i) nó i gcás ina bhfuil léiriú inbhraite agus dóchúlacht ard ann go mbeidh an t-ábhar lena mbaineann an chomhairle ina ábhar do na himeachtaí sin, ar choinníoll gurb é nó í dlíodóir de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir 77/249/CEE a thugann an chomhairle;

(iii)

seirbhísí eadrána agus idir-réitigh;

(i)

i gcás conarthaí a ndearbhaítear gur conarthaí rúnda iad nó conarthaí nach mór bearta speisialta slándála a bheith ag gabháil lena gcomhlíonadh, i gcomhréir leis na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm nó nuair is gá sin chun leasanna bunúsacha an Aontais a chosaint, ar choinníoll nach féidir na leasanna bunúsacha lena mbaineann a ráthú le bearta eile; féadfaidh a bheith i gceist le bearta den sórt sin ceanglais chun cineál rúnda na faisnéise a chuireann an t-údarás conarthach ar fáil sa nós imeachta soláthair a chosaint;

(j)

iasachtaí, bíodh nó ná bíodh baint acu le heisiúint, díol, ceannach nó aistriú urrús nó ionstraimí airgeadais eile de réir bhrí Threoir 2014/65/AE;

(k)

i gcás líonraí cumarsáide poiblí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a cheannach de réir bhrí Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

(l)

seirbhísí arna gcur ar fáil ag eagraíocht idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 159(1) nó ag eagraíocht de chuid Ballstáit, i gcás nach féidir léi páirt a ghlacadh i nósanna imeachta iomaíocha de réir a reachta nó a gnímh bunaíochta;

(m)

i gcás inar cinneadh toscaireacht nua de chuid an Aontais a oscailt i dtríú tír nó toscaireacht a athoscailt tar éis dúnadh sealadach, i gcás na gconarthaí uile arna ndámhachtain ag toscaireachtaí an Aontais nó arna ndámhachtain go heisiach ar mhaithe leis na toscaireachtaí Aontais sin, le linn na chéad bhliana i ndiaidh dháta an chinnidh sin.

11.2.

Measfar go bhfuil tairiscint neamhoiriúnach i gcás nach mbaineann sí le hábhar an chonartha. Measfar go bhfuil tairiscint nó iarraidh ar rannpháirtíocht neamhoiriúnach i gcás nach bhfuil rochtain ag an rannpháirtí ar an soláthar dá dtagraítear in Airteagail 179, 180 agus 182, ina bhfuil sé nó sí i staid eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1) nó nach sásaíonn sé nó sí na critéir roghnúcháin.

11.3.

Ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí a leagtar amach i bpointe 11.1, an dara fomhír, pointí (b)(ii) agus (iii), ach amháin nuair nach ann do rogha nó ionadaí réasúnta agus nach bhfuil an easpa iomaíochta mar thoradh ar chaolú saorga ar na paraiméadair nuair a shainítear an soláthar.

11.4.

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 11.1, an dara fomhír, pointe (e), cuirfear in iúl sa bhuntionscadal méid na seirbhísí nó na n-oibreacha nua féideartha agus na coinníollacha faoina ndámhfar iad. A luaithe a dhéanfar an buntionscadal a chur amach ar tairiscint, nochtfar úsáid fhéideartha an nós imeachta idirbheartaithe, agus cuirfear an méid measta iomlán do na seirbhísí nó do na hoibreacha ina dhiaidh sin san áireamh agus na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1) nó in Airteagal 181(1) i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha á gcur i bhfeidhm. Nuair a dhámhann na hinstitiúidí de chuid an Aontais conarthaí ar a gcuntas féin, ní úsáidfear an nós imeachta sin ach i rith chomhlíonadh an chonartha bunaidh agus, ar a dhéanaí, le linn na 3 bliana tar éis é a thabhairt i gcrích.

12.   Nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht nó idirphlé iomaíoch a úsáid

12.1.

Nuair a úsáideann an t-údarás conarthach an nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht nó an t-idirphlé iomaíoch, leanfaidh sé na socruithe i dtaca le hidirbheartaíocht a leagtar amach in Airteagal 167(4) agus i bpointe 6.5. Féadfaidh an t-údarás conarthach na nósanna imeachta sin a úsáid, beag beann ar luach measta an chonartha, sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nár tíolacadh ach tairiscintí neamhrialta nó do-ghlactha mar a shonraítear i bpointí 12.2 agus 12.3 mar fhreagra ar nós imeachta oscailte nó srianta tar éis an nós imeachta sin a thabhairt chun críche ar choinníoll nach ndéantar athrú substaintiúil ar na doiciméid soláthair bhunaidh;

(b)

maidir le hoibreacha, soláthairtí nó seirbhísí a chomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(i)

i gcás nach féidir riachtanais an údaráis chonarthaigh a shásamh gan réiteach atá ar fáil go héasca a oiriúnú;

(ii)

áiríonn na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí réitigh maidir le dearadh nó réitigh nuálacha;

(iii)

ní féidir an conradh a dhámhachtain gan idirbheartaíocht roimh ré i ngeall ar imthosca sonracha a bhaineann le cineál, castacht nó comhdhéanamh dlíthiúil agus airgeadais an chonartha nó na rioscaí a bhaineann le hábhar an chonartha;

(iv)

ní féidir leis an údarás conarthach na sonraíochtaí teicniúla a shuí le cruinneas leordhóthanach le tagairt do chaighdeán, mar a leagtar amach i bpointe 17.4;

(c)

i gcás conarthaí lamháltais;

(d)

i gcás na gconarthaí seirbhíse dá dtagraítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Treoir 2014/24/AE;

(e)

i gcás seirbhísí taighde agus forbartha seachas na cinn a chumhdaítear le cóid CPV 73000000-2 go 73120000-9, 73300000-5, 73420000-2 agus 73430000-5 mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 mura bhfabhraíonn na tairbhí go heisiach don údarás conarthach dá úsáid i bhfeidhmiú a ghnóthaí féin, nó mura n-íocann an t-údarás conarthach go hiomlán as an tseirbhís a sholáthraítear;

(f)

i gcás conarthaí seirbhíse le haghaidh fáil, forbairt, táirgeadh nó comhtháirgeadh ábhair cláir atá beartaithe do sheirbhísí meán closamhairc mar a shainmhínítear i dTreoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nó seirbhísí meán raidió nó conarthaí d’am craolta nó soláthar cláir.

12.2.

Measfar go bhfuil tairiscint neamhrialta in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

nuair nach gcomhlíonann sí na híoscheanglais a shonraítear sna doiciméid soláthair;

(b)

nuair nach gcomhlíonann sí na ceanglais maidir le tíolacadh a leagtar amach in Airteagal 171(3);

(c)

nuair a dhiúltaítear don tairgeoir faoi Airteagal 143(1), an chéad fhomhír, pointe (b) nó (c);

(d)

nuair a dhearbhaíonn an t-údarás conarthach go bhfuil an tairiscint thar a bheith íseal.

12.3.

Measfar go bhfuil tairiscint do-ghlactha in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a sháraíonn praghas na tairisceana buiséad uasta an údaráis chonarthaigh arna chinneadh agus arna dhoiciméadú sula seolfar an nós imeachta soláthair;

(b)

nuair a mhainníonn an tairiscint na híosleibhéil cháilíochta do chritéir dhámhachtana a chomhlíonadh.

12.4.

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 12.1, pointe (a), ní cheanglófar ar an údarás conarthach fógra conartha a fhoilsiú má chuireann sé san áireamh sa nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht na tairgeoirí sin go léir a shásaigh na critéir eisiaimh agus roghnúcháin ach amháin iad siúd a thíolaic tairiscint a dearbhaíodh a bheith thar a bheith íseal.

13.   Nós imeachta lena mbaineann glao ar léiriú spéise

13.1.

I gcás conarthaí a bhfuil a luach faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear in Airteagal 178(1) nó in Airteagal 181(1), agus gan dochar do phointí 11 agus 12, féadfaidh an t-údarás conarthach glao ar léiriú spéise a úsáid chun ceachtar den dá rud seo a leanas a dhéanamh:

(a)

iarrthóirí a réamhroghnú a dtabharfar cuireadh dóibh tairiscintí a thíolacadh mar fhreagra ar chuirí srianta chun tairisceana amach anseo;

(b)

liosta a bhailiú de dhíoltóirí a dtabharfar cuireadh dóibh iarrataí ar rannpháirtíocht nó tairiscintí a thíolacadh.

13.2.

Beidh an liosta a tharraingeofar suas mar thoradh ar ghlao ar léiriú spéise bailí ar feadh 4 bliana ar a mhéad ón dáta a fhoilsítear an fógra dá dtagraítear i bpointe 3.1.

Féadfar foliostaí a bheith san áireamh sa liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Féadfaidh oibreoir eacnamaíoch ar spéis leis nó léi é spéis a léiriú ag aon tráth le linn tréimhse bhailíochta an liosta, cé is moite de na 3 mhí deiridh den tréimhse sin.

13.3.

I gcás ina bhfuil conradh le dámhachtain, tabharfaidh an t-údarás conarthach cuireadh do na hiarrthóirí nó do na díoltóirí go léir atá iontráilte ar an liosta nó ar an bhfoliosta ábhartha ceann amháin de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tairiscint a thíolacadh sa chás dá dtagraítear i bpointe 13.1, pointe (a);

(b)

i gcás dá dtagraítear i bpointe 13.1, pointe (b), ceann amháin de na nithe seo a leanas a thíolacadh:

(i)

tairiscintí lena n-áirítear doiciméid a bhaineann le critéir eisiaimh agus roghnúcháin;

(ii)

doiciméid a bhaineann le critéir eisiaimh agus roghnúcháin agus, mar dhara céim, tairiscintí, dóibh siúd a chomhlíonann na critéir sin.

14.   Conarthaí ar luach láir, ar luach íseal agus ar luach an-íseal

14.1.

Féadfar conarthaí ar luach láir, ar luach íseal agus ar luach an-íseal a dhámhachtain trí nós imeachta idirbheartaithe i gcomhréir leis na socruithe maidir le hidirbheartaíocht a leagtar amach in Airteagal 167(4) agus i bpointe 6.5. Ní thíolacfaidh ach iarrthóirí a fhaigheann cuireadh an tráth céanna agus i scríbhinn ón údarás conarthach tairiscint tosaigh.

14.2.

Measfar gur conradh ar luach láir é conradh ar luach atá os cionn EUR 60 000 agus faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear in Airteagal 178(1). Maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag toscaireachtaí de chuid an Aontais i dtríú tíortha nó arna ndámhachtain go heisiach chun leas toscaireachtaí de chuid an Aontais i dtríú tíortha, measfar gur conradh ar luach láir é conradh ar mó a luach ná EUR 100 000 agus ar lú a luach ná EUR 300 000. Beidh feidhm ag pointí 3.1, 6.1 agus 6.4 maidir le conarthaí den sórt sin.

14.3.

Maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag toscaireachtaí de chuid an Aontais i dtríú tíortha nó arna ndámhachtain go heisiach chun leas toscaireachtaí de chuid an Aontais i dtríú tíortha, measfar gur conradh ar luach íseal é conradh ar luach nach sáraíonn EUR 60 000, nó EUR 100 000, ach a sháraíonn an tairseach a leagtar amach i bpointe 14.4. Beidh feidhm ag pointí 3.1, 6.2 agus 6.4 maidir le conarthaí den sórt sin.

14.4.

Measfar gur conradh ar luach an-íseal é conradh ar luach nach sáraíonn EUR 15 000. Beidh feidhm ag pointe 6.3 maidir le conarthaí den sórt sin. Maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag toscaireachtaí de chuid an Aontais i dtríú tíortha nó arna ndámhachtain go heisiach chun leas toscaireachtaí de chuid an Aontais i dtríú tíortha, measfar gur conradh ar luach an-íseal é conradh nach mó ná EUR 20 000.

14.5.

Féadfar íocaíochtaí méideanna nach sáraíonn EUR 1 000, nó EUR 20 000 le haghaidh thoscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha, i leith míreanna caiteachais a dhéanamh go díreach mar íocaíocht i gcoinne sonrasc, gan tairiscint a ghlacadh roimh ré.

15.   Réamhchomhairliúchán margaidh

15.1.

Le haghaidh réamhchomhairliúchán margaidh, féadfaidh an t-údarás conarthach comhairle a lorg nó a ghlacadh ó shaineolaithe neamhspleácha nó ó údaráis neamhspleácha nó ó oibreoirí eacnamaíocha. Féadfar an chomhairle sin a úsáid chun an nós imeachta soláthair a phleanáil agus a sheoladh, ar choinníoll nach mbeidh sé d’éifeacht ag an gcomhairle sin an iomaíocht a shaobhadh agus nach mbeidh sárú ar phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na trédhearcachta mar thoradh uirthi.

15.2.

I gcás ina bhfuil comhairle curtha ag oibreoir eacnamaíoch ar an údarás conarthach nó ina raibh baint aige nó aici ar bhealach eile le hullmhú an nós imeachta soláthair, déanfaidh an t-údarás conarthach bearta iomchuí mar a leagtar amach in Airteagal 143 lena áirithiú nach ndéantar iomaíocht a shaobhadh de dheasca rannpháirtíocht an oibreora eacnamaíoch sin sa nós imeachta dámhachtana.

16.   Doiciméid soláthair

16.1.

Beidh na nithe seo a leanas sna doiciméid soláthair:

(a)

más infheidhme, an fógra conartha nó beart fógraíochta eile dá bhforáiltear i bpointí 2 go 5;

(b)

an cuireadh chun tairisceana;

(c)

sonraíochtaí na tairisceana nó na doiciméid thuairisciúla i gcás idirphlé iomaíoch, lena n-áirítear na sonraíochtaí teicniúla agus na critéir ábhartha;

(d)

an dréachtchonradh atá bunaithe ar an gconradh eiseamláireach.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír, pointe (d), maidir le cásanna nach féidir, de bharr imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, an conradh eiseamláireach a úsáid.

16.2.

Sa chuireadh chun tairisceana, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

na rialacha a shonrú lena rialaítear tíolacadh tairiscintí, lena n-áirítear go háirithe na coinníollacha chun iad a choinneáil faoi rún go dtí go n-osclófar iad, an dáta agus an t-am deiridh lena bhfáil agus an seoladh chuig a bhfuil siad le seoladh nó le seachadadh nó an seoladh idirlín i gcás tíolacadh leictreonach;

(b)

a lua go dtuigtear le tíolacadh tairisceana go nglactar leis na téarmaí agus leis na coinníollacha a leagtar amach sna doiciméid soláthair agus go gcuireann tíolacadh den sórt sin ceangal ar an gconraitheoir dá ndámhtar an conradh le linn chomhlíonadh an chonartha;

(c)

an tréimhse a shonrú ar lena linn a leanfaidh tairiscint de bheith bailí agus nach ndéanfar í a mhodhnú ar bhealach ar bith;

(d)

aon teagmháil idir an t-údarás conarthach agus an tairgeoir le linn an nós imeachta a thoirmeasc, ach amháin, go heisceachtúil, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 172, agus, i gcás ina ndéantar foráil do chuairt ar an láthair, na socruithe do chuairt den sórt sin a shonrú;

(e)

sonrú a thabhairt ar na modhanna cruthúnais leis an teorainn ama a chomhlíonadh maidir le tairiscintí a fháil;

(f)

a lua go dtuigtear le tíolacadh tairisceana go nglactar le fógra a fháil faoi thoradh an nós imeachta trí mhodh leictreonach.

16.3.

Sna sonraíochtaí tairisceana, beidh na nithe seo a leanas:

(a)

na critéir eisiaimh agus roghnúcháin;

(b)

na critéir dhámhachtana agus a n-ualú coibhneasta nó, i gcás nach bhfuil ualú indéanta ar chúiseanna oibiachtúla, a n-ord tábhachta laghdaitheach, a mbeidh feidhm aige freisin maidir le hathraithigh má údaraítear iad san fhógra conartha;

(c)

na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i bpointe 17;

(d)

má tá athraithigh údaraithe, na híoscheanglais nach mór dóibh a chomhlíonadh;

(e)

faisnéis i dtaobh an bhfuil feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE nó, i gcás inarb iomchuí, ag Coinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Taidhleoireachta nó Coinbhinsiún Vín ar Chaidreamh Consalachta;

(f)

an ceanglas i ndáil leis an tír ina bhfuil na tairgeoirí bunaithe a léiriú agus an fhianaise thacaíochta a bhíonn inghlactha de ghnáth faoi dhlí na tíre sin a thaispeáint, nuair a iarrtar sin;

(g)

i gcás córas dinimiciúil ceannaigh nó catalóga leictreonacha, faisnéis ar an trealamh leictreonach a úsáidtear agus na socruithe agus sonraíochtaí i dtaca le nasc teicniúil is gá;

(h)

an ceanglas fógra a thabhairt don údarás conarthach faoi na ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais a fuarthas sna 3 bliana deireanacha roimh an bhfógra, nó, i gcás nach bhfuil na ranníocaíochtaí sin infhógartha de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) 2022/2560, dearbhú ina liostaítear na ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais uile a fuarthas agus ina ndeimhnítear nach bhfuil na ranníocaíochtaí sin infhógartha i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme ábhartha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 47(1) den Rialachán sin.

Maidir le pointe (h), i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2022/2560, ní liostófar sa dearbhú sin ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais ar ina leith is lú an méid iomlán in aghaidh an tríú tír lena mbaineann ná méid na cabhrach de minimis mar a leagtar síos in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún (4) le linn na tréimhse 3 bliana as a chéile roimh an bhfógra. Mura bhforáiltear a mhalairt, tabharfar fógra faoi ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme ábhartha arna nglacadh, ar bhonn Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) 2022/2560.

16.4.

Sa dréachtchonradh, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

na damáistí leachtaithe i ngeall ar mhainneachtain a chlásail a chomhlíonadh a shonrú;

(b)

na mionsonraí a shonrú nach mór a áireamh i sonraisc agus sna doiciméid tacaíochta ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 111;

(c)

a lua, nuair a dhámhann institiúidí de chuid an Aontais conarthaí ar a gcuntas féin, gurb é an dlí a bhfuil feidhm aige maidir leis an gconradh dlí an Aontais arna chomhlánú, i gcás inar gá, le dlí náisiúnta nó, más gá le haghaidh conarthaí foirgníochta, leis an dlí náisiúnta go heisiach;

(d)

an chúirt atá inniúil chun díospóidí a éisteacht a shonrú;

(e)

a shonrú go gcomhlíonfaidh an conraitheoir na hoibleagáidí is infheidhme i réimsí an dlí comhshaoil, shóisialta agus saothair a bhunaítear le dlí an Aontais, leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna nó leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta, shóisialta agus comhshaoil a liostaítear in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2014/24/AE;

(f)

a shonrú i dtaobh an mbeidh gá le cearta maoine intleachtúla a aistriú;

(g)

a lua go bhfuil an praghas a luaitear sa tairiscint daingean agus nach féidir é a leasú, nó na coinníollacha nó foirmlí a leagan síos chun leasú a dhéanamh ar phraghsanna le linn shaolré an chonartha.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (g), má leagtar leasú ar phraghsanna amach sa chonradh, tabharfaidh an t-údarás conarthach aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

(a)

ábhar an tsoláthair agus an staid eacnamaíoch ina bhfuil sé ag tarlú;

(b)

cineál an chonartha agus na gcúraimí agus a fhad ama;

(c)

leasanna airgeadais an údaráis chonarthaigh.

Féadfar an chéad fhomhír, pointí (c) agus (d), den phointe seo a tharscaoileadh i gcás conarthaí a shínítear i gcomhréir le pointe 11.1, an dara fomhír, pointe (l).

17.   Sonraíochtaí teicniúla

17.1.

Ceadófar le sonraíochtaí teicniúla rochtain chothrom a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha ar na nósanna imeachta soláthair agus ní bheidh sé d’éifeacht acu bacainní gan údar a chruthú maidir le soláthar a oscailt don iomaíocht.

Áireofar i sonraíochtaí teicniúla na saintréithe is gá d’oibreacha, do sholáthairtí nó do sheirbhísí, lena n-áirítear íoscheanglais, ionas go gcomhlíonfaidh siad an úsáid dá bhfuil siad beartaithe ag an údarás conarthach.

17.2.

Féadfaidh na saintréithe dá dtagraítear i mír 17.1 na nithe seo a leanas a áireamh de réir mar is iomchuí:

(a)

na leibhéil cháilíochta;

(b)

feidhmíocht chomhshaoil agus feidhmíocht aeráide;

(c)

leibhéil agus nósanna imeachta an mheasúnaithe comhréireachta;

(d)

feidhmíocht nó úsáid an tsoláthair;

(e)

sábháilteacht nó toisí, lena n-áirítear, i gcás soláthairtí, an t-ainm díolacháin agus treoracha d’úsáideoirí, agus, i gcás na gconarthaí go léir, téarmaíocht, siombailí, tástáil agus modhanna tástála, pacáistiú, marcáil agus lipéadú, próisis agus modhanna táirgeachta;

(f)

i gcás conarthaí oibreacha, na nósanna imeachta a bhaineann le deimhniú cáilíochta agus na rialacha a bhaineann le dearadh agus costáil, na coinníollacha tástála, cigireachta agus glactha d’oibreacha agus modhanna nó teicnící tógála agus na coinníollacha teicniúla eile go léir a bhfuil an t-údarás conarthach ábalta a fhorordú faoi rialacháin ghinearálta nó shonracha i dtaca leis na hoibreacha críochnaithe agus i dtaca leis na hábhair nó codanna a bhaineann leo.

17.3.

Déanfar na sonraíochtaí teicniúla a fhoirmliú chun go n-áireofar, i gcás na gceannachán uile atá beartaithe lena n-úsáid ag daoine nádúrtha, critéir inrochtaineachta do dhaoine faoi mhíchumas nó dearadh do na húsáideoirí go léir, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

I gcás ina nglactar ceanglais inrochtaineachta éigeantacha le gníomh dlí de chuid an Aontais, déanfar sonraíochtaí teicniúla, a mhéid a bhaineann le critéir inrochtaineachta do dhaoine faoi mhíchumas nó le dearadh do na húsáideoirí go léir, a shainiú trí thagairt a dhéanamh dóibh. Go háirithe a mhéid a bhaineann leis na táirgí agus na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), is ceanglais inrochtaineachta éigeantacha de réir bhrí na Treorach sin a bheidh sna ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

Maidir le haon táirge nó seirbhís a gcomhlíonann a ghnéithe nó a gnéithe, a eilimintí nó a heilimintí nó a fheidhmeanna nó a feidhmeanna na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882, toimhdeofar go gcomhlíonann sé nó sí na hoibleagáidí ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hinrochtaineacht, le haghaidh na ngnéithe, na n-eilimintí nó na bhfeidhmeanna sin, mura bhforáiltear a mhalairt leis an Rialachán seo.

17.4

Déanfar na sonraíochtaí teicniúla a fhoirmliú ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

in ord rogha, trí thagairt do chaighdeáin Eorpacha, measúnuithe teicniúla Eorpacha, sonraíochtaí teicniúla coiteanna, caighdeáin idirnáisiúnta, córais tagartha teicniúla eile atá bunaithe ag comhlachtaí caighdeánaithe Eorpacha nó, i gcás nach féidir sin, a gcoibhéisí náisiúnta; beidh na focail ‘nó a choibhéis’ ag gabháil le gach tagairt;

(b)

i dtéarmaí ceanglais feidhmíochta nó fheidhmiúla, lena n-áirítear saintréithe comhshaoil, ar choinníoll go bhfuil na paraiméadair cruinn a dhóthain chun gur féidir le tairgeoirí ábhar an chonartha a chinneadh agus chun lamháil don údarás conarthach an conradh a dhámhachtain;

(c)

trí theaglaim de na modhanna a leagtar amach i bpointí (a) agus (b).

17.5.

I gcás ina mbaineann an t-údarás conarthach úsáid as an rogha chun tagairt do na sonraíochtaí dá bhforáiltear i bpointe 17.4, pointe (a), ní dhiúltóidh sé do thairiscint ar an bhforas nach gcomhlíonann sí na sonraíochtaí sin a luaithe a chruthaíonn an tairgeoir, trí aon mhodh iomchuí, go sásaíonn an réiteach atá molta, ar bhealach coibhéiseach, na ceanglais a shainítear sna sonraíochtaí teicniúla.

17.6.

I gcás ina mbaineann an t-údarás conarthach úsáid as an rogha dá bhforáiltear i bpointe 17.4, pointe (b), chun sonraíochtaí teicniúla a fhoirmliú i dtéarmaí ceanglais feidhmíochta nó fheidhmiúla, ní dhiúltóidh sé do thairiscint a chomhlíonann caighdeán náisiúnta lena dtrasuitear caighdeán Eorpach, formheas teicniúil Eorpach, sonraíochtaí teicniúla coiteanna, caighdeán idirnáisiúnta nó córais tagartha teicniúla atá bunaithe ag comhlacht caighdeánaithe Eorpach, má dhéileáiltear sna sonraíochtaí sin leis na ceanglais feidhmíochta nó fheidhmiúla atá leagtha síos aige.

Cruthóidh an tairgeoir trí aon mhodh iomchuí go gcomhlíonann an obair, an soláthar nó an tseirbhís, i gcomhréir leis an gcaighdeán, na ceanglais feidhmíochta nó fheidhmiúla atá leagtha amach ag an údarás conarthach.

17.7.

I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag údarás conarthach oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí ag a bhfuil saintréithe sonracha comhshaoil nó sóisialta nó saintréithe eile a cheannach, féadfaidh sé lipéad sonrach nó ceanglais shonracha ó lipéad a cheangal, ar choinníoll go sásófar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

ní bhaineann na ceanglais lipéid ach le critéir atá nasctha le hábhar an chonartha agus atá iomchuí chun saintréithe an cheannacháin a shainiú;

(b)

tá na ceanglais lipéid bunaithe ar chritéir atá infhíoraithe go hoibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach;

(c)

bunaítear na lipéid i nós imeachta atá oscailte agus trédhearcach ina bhféadfaidh na geallsealbhóirí ábhartha uile a bheith rannpháirteach;

(d)

tá na lipéid inrochtana ag na páirtithe leasmhara uile;

(e)

déanann tríú páirtí na ceanglais lipéid a shocrú, ar tríú páirtí é nó í nach féidir leis an oibreoir eacnamaíoch atá ag déanamh iarratas ar an lipéad tionchar cinntitheach a imirt air nó uirthi.

Féadfaidh an t-údarás conarthach a cheangal go soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha tuarascáil tástála nó deimhniú mar chruthúnas gur comhlíonadh na doiciméid soláthair ó chomhlacht um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nó comhlacht coibhéiseach um measúnú comhréireachta.

17.8.

Glacfaidh an t-údarás conarthach le haon mhodh iomchuí cruthúnais eile seachas na modhanna sin dá dtagraítear i bpointe 17.7, amhail sainchomhad teicniúil ón monaróir, i gcás nach raibh rochtain ag an oibreoir eacnamaíoch ar na deimhnithe ná na tuarascálacha tástála, nó nach raibh aon deis aige nó aici iad a fháil ná lipéad sonrach a fháil laistigh de na teorainneacha ama ábhartha, ar chúiseanna nach bhfuil inchurtha i leith an oibreora eacnamaíoch sin agus ar choinníoll go gcruthaíonn an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann go gcomhlíonann na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí atá le cur ar fáil ceanglais an lipéid shonraigh nó na ceanglais shonracha a chuireann an t-údarás conarthach in iúl.

17.9.

Mura bhfuil údar cuí leis de bharr ábhar an chonartha, ní thagrófar sna sonraíochtaí teicniúla do dhéanamh nó foinse ar leith, ná do phróiseas ar leith lena dtréithrítear na táirgí nó seirbhísí arna gcur ar fáil ag oibreoir eacnamaíoch ar leith, ná do thrádmharcanna, paitinní, cineálacha nó foinse nó táirgeacht ar leith a bhfuil sé d’éifeacht acu buntáiste a thabhairt do tháirgí nó d’oibreoirí eacnamaíocha áirithe nó iad a chur as an áireamh.

Ceadófar tagairt den sórt sin ar bhonn eisceachtúil i gcás nach féidir tuairisc atá mionsonraithe agus intuigthe a dhóthain a thabhairt ar ábhar an chonartha. Cuirfear na focail ‘nó a choibhéis’ le tagairt den sórt sin.

18.   Critéir eisiaimh agus roghnúcháin

18.1.

Chun críche Airteagal 139, glacfaidh an t-údarás conarthach an Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar (ESPD) dá dtagraítear i dTreoir 2014/24/AE, nó, ina éagmais sin, dearbhú ar onóir atá sínithe agus dátaithe.

Féadfaidh oibreoir eacnamaíoch ESPD, nó dearbhú ar onóir atá sínithe agus dátaithe, a úsáideadh cheana i nós imeachta roimhe sin a athúsáid, ar choinníoll go ndearbhaíonn an t-oibreoir eacnamaíoch go bhfuil an fhaisnéis atá ann ceart i gcónaí.

Soláthróidh an tairgeoir a dtoimhdítear gur éirigh leis nó léi, laistigh de theorainn ama a shocróidh an t-údarás conarthach agus sula ndámhtar an conradh, an fhianaise ina léirítear nach bhfuil sé nó sí i gceann de na staideanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138(1), lena ndeimhnítear an ESPD nó an dearbhú ar onóir sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás conarthaí arna ndámhachtain ag institiúidí de chuid an Aontais, agus arb ionann a luach agus na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1) nó ar mó a luach ná na tairseacha sin;

(b)

de mhaolú ar phointe (a) den fhomhír seo, i gcás conarthaí i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha arb ionann a luach agus na tairseacha a leagtar síos i bpointe 39.2, pointe (a), nó ar mó a luach ná na tairseacha sin, agus maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag toscaireachtaí de chuid an Aontais i dtríú tíortha nó arna ndámhachtain go heisiach chun leas toscaireachtaí de chuid an Aontais i dtríú tíortha, arb ionann a luach agus EUR 300 000 nó ar mó a luach ná EUR 300 000.

De mhaolú ar an tríú fomhír, i gcás deargphráinne a eascraíonn as géarchéim, féadfaidh an t-údarás conarthach a cheangal ar an tairgeoir a dtoimhdítear gur éirigh leis nó léi go soláthróidh sé nó sí, laistigh de theorainn ama réasúnach tar éis chinneadh dámhachtana an chonartha ach sula sínítear an conradh, an fhianaise dá dtagraítear sa tríú fomhír, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 163(6).

18.2.

Léireoidh an t-údarás conarthach sna doiciméid soláthair na critéir roghnúcháin, na híosleibhéil acmhainneachta agus an fhianaise is gá chun an acmhainneacht sin a chruthú. Beidh na ceanglais go léir bainteach agus comhréireach le hábhar an chonartha.

Sonróidh an t-údarás conarthach sna doiciméid soláthair conas a dhéanfaidh grúpaí oibreoirí eacnamaíocha na critéir roghnúcháin a chomhlíonadh agus pointe 18.6 á chur i gcuntas aige.

I gcás ina roinntear conradh ina mhíreanna, féadfaidh an t-údarás conarthach íosleibhéil acmhainneachta a leagan síos i gcás gach míre. Féadfaidh sé íosleibhéil acmhainneachta sa bhreis a leagan síos i gcás ina bhfuil roinnt míreanna á ndámhachtain don chonraitheoir céanna.

18.3.

Maidir leis an acmhainneacht chun an ghníomhaíocht ghairmiúil a shaothrú, féadfaidh an t-údarás conarthach a chur de cheangal ar oibreoir eacnamaíoch ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

a bheith cláraithe i gclár ábhartha gairmiúil nó trádála, ach amháin i gcás inarb eagraíocht idirnáisiúnta é nó í an t-oibreoir eacnamaíoch;

(b)

i gcás conarthaí seirbhíse, údarú ar leith a bheith aige nó aici lena gcruthaítear go bhfuil sé nó sí údaraithe an conradh a fheidhmiú ina thír bhunaíochta nó ina tír bhunaíochta nó a bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’eagraíocht ghairmiúil ar leith.

18.4.

Agus iarrataí ar rannpháirtíocht nó tairiscintí á bhfáil aige, glacfaidh an t-údarás conarthach leis an ESPD nó, ina éagmais sin, dearbhú ar onóir ina luaitear go gcomhlíonann an t-iarrthóir nó an tairgeoir na critéir roghnúcháin. An ceanglas i dtaobh ESPD nó dearbhú ar onóir a thíolacadh, féadfar é a tharscaoileadh i gcás conarthaí atá ar luach an-íseal.

Féadfaidh an t-údarás conarthach a iarraidh ar thairgeoirí agus iarrthóirí ag aon tráth le linn an nós imeachta dearbhú nuashonraithe nó na doiciméid tacaíochta uile nó cuid díobh a thíolacadh i gcás inar gá sin chun reáchtáil chuí an nós imeachta a áirithiú.

De réir mar a shonraítear sna sonraíochtaí tairisceana, ceanglóidh an t-údarás conarthach ar na hiarrthóirí nó ar na tairgeoirí doiciméid tacaíochta atá cothrom le dáta a thíolacadh nó ceanglóidh sé ar an tairgeoir a dtoimhdítear gur éirigh leis nó léi doiciméid tacaíochta atá cothrom le dáta a thíolacadh roimh an gcinneadh dámhachtana, ach amháin i gcás ina bhfuil siad faighte aige cheana chun críche nós imeachta eile agus ar choinníoll go bhfuil na doiciméid cothrom le dáta i gcónaí nó gur féidir leis rochtain a fháil orthu i mbunachar sonraí náisiúnta saor in aisce.

De mhaolú ar an tríú fomhír den mhír seo, i gcás deargphráinne a eascraíonn as géarchéim, féadfaidh an t-údarás conarthach a cheangal ar an táirgeoir a dtoimhdítear gur éirigh leis nó léi go soláthróidh sé nó sí, laistigh de theorainn ama réasúnach tar éis chinneadh dámhachtana an chonartha ach sula sínítear an conradh, an fhianaise dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 163(6).

Ceanglóidh an t-údarás conarthach ar oibreoirí eacnamaíocha, agus, i gcás inarb iomchuí, ar eintitis a bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir eacnamaíoch brath ar a n-acmhainneacht, agus ar fhochonraitheoirí atá beartaithe chomh maith, dearbhú ar onóir a shíniú lena ndeimhnítear nach ann do leasanna coinbhleachta gairmiúla agus, arna iarraidh sin don údarás conarthach, aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar nuair is gá.

18.5.

Féadfaidh an t-údarás conarthach, ag brath ar a mheasúnú ar rioscaí, a chinneadh gan fianaise ar acmhainneacht dhlíthiúil, rialála, airgeadais, eacnamaíoch, theicniúil agus ghairmiúil oibreoirí eacnamaíocha a chur de cheangal sna cásanna seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta i gcás conarthaí arna ndámhachtain ag institiúidí de chuid an Aontais ar a gcuntas féin, ar a bhfuil luach nach sáraíonn na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1);

(b)

nósanna imeachta i gcás conarthaí arna ndámhachtain i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha, ar a bhfuil luach nach sáraíonn na tairseacha dá dtagraítear in Airteagail 181(1);

(c)

nósanna imeachta i gcás conarthaí arna ndámhachtain i gcomhréir le pointe 11.1, an dara fomhír, pointí (b), (e), (f)(i) agus (iv), (h) agus (l).

I gcás ina gcinneann an t-údarás conarthach gan fianaise ar acmhainneacht dhlíthiúil, rialála, airgeadais, eacnamaíoch, theicniúil agus ghairmiúil oibreoirí eacnamaíocha a chur de cheangal, ní dhéanfar aon réamh-mhaoiniú ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

18.6.

Féadfaidh oibreoir eacnamaíoch, i gcás inarb iomchuí agus i gcás conradh ar leith, brath ar acmhainneachtaí eintiteas eile, gan beann ar chineál dlíthiúil na nasc atá aige nó aici leo. Sa chás sin, cruthóidh sé nó sí don údarás conarthach go mbeidh ar fáil dó nó di na hacmhainní is gá chun an conradh a chomhlíonadh trí ghealltanas ó na heintitis chuige sin a chur ar fáil.

Maidir le critéir theicniúla agus ghairmiúla, ní bhraithfidh oibreoir eacnamaíoch ar acmhainneachtaí eintiteas eile ach amháin i gcás ina ndéanann na heintitis sin na hoibreacha nó seirbhísí a bhfuil na hacmhainneachtaí sin ag teastáil ina leith.

I gcás ina mbraitheann oibreoir eacnamaíoch ar acmhainneachtaí eintiteas eile maidir le critéir a bhaineann le hacmhainneacht eacnamaíoch agus airgeadais, féadfaidh an t-údarás conarthach a cheangal go mbeidh an t-oibreoir eacnamaíoch agus na heintitis sin faoi dhliteanas comhpháirteach as comhlíonadh an chonartha.

Féadfaidh an t-údarás conarthach faisnéis a iarraidh ar an tairgeoir maidir le haon chuid den chonradh a bheartaíonn an tairgeoir a ligean ar fochonradh agus faoi chéannacht aon fhochonraitheoirí.

I gcás oibreacha nó seirbhísí a chuirtear ar fáil ag saoráid atá faoi mhaoirseacht dhíreach an údaráis chonarthaigh, cuirfidh an t-údarás conarthach de cheangal ar an gconraitheoir ainmneacha, teagmhálaithe agus ionadaithe údaraithe na bhfochonraitheoirí uile a bhfuil baint acu le comhlíonadh an chonartha a léiriú, lena n-áirítear aon athruithe ar fhochonraitheoirí.

18.7.

Fíoróidh an t-údarás conarthach cibé acu an gcomhlíonann na heintitis a bhfuil sé de rún ag an oibreoir eacnamaíoch brath ar a n-acmhainneacht, cibé acu is fochonraitheoirí nó nach fochonraitheoirí iad, na critéir roghnúcháin ábhartha.

Ceanglóidh an t-údarás conarthach ar an oibreoir eacnamaíoch eintiteas nó fochonraitheoir nach gcomhlíonann critéar roghnúcháin ábhartha a ionadú.

18.8.

I gcás conarthaí oibreacha, conarthaí seirbhíse agus oibríochtaí láithreánaithe nó suiteála i gcomhthéacs conradh soláthair, féadfaidh an t-údarás conarthach a cheangal go ndéanfaidh an tairgeoir féin cúraimí criticiúla áirithe go díreach nó, i gcás inar grúpa oibreoirí eacnamaíocha a dhéanann an tairiscint a thíolacadh, go ndéanfaidh rannpháirtí sa ghrúpa iad.

18.9.

Ní éileoidh an t-údarás conarthach go mbeidh foirm dhlíthiúil ar leith ag grúpa oibreoirí eacnamaíocha chun tairiscint nó iarraidh ar rannpháirtíocht a thíolacadh, ach féadfar a cheangal ar an ngrúpa roghnaithe foirm dhlíthiúil ar leith a ghlacadh tar éis an conradh a bheith dáfa dó más gá an t-athrú sin chun an conradh a chomhlíonadh go cuí.

19.   Acmhainneacht eacnamaíoch agus airgeadais

19.1.

Chun a áirithiú go bhfuil an acmhainneacht eacnamaíoch agus airgeadais is gá ag oibreoirí eacnamaíocha chun an conradh a chomhlíonadh, féadfaidh an t-údarás conarthach an méid seo a leanas a cheangal go háirithe:

(a)

go bhfuil láimhdeachas bliantúil íosta áirithe ag oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear láimhdeachas íosta áirithe sa réimse a chumhdaítear leis an gconradh;

(b)

go soláthraíonn oibreoirí eacnamaíocha faisnéis faoina gcuntais bhliantúla ina léirítear na cóimheasa idir sócmhainní agus dliteanas;

(c)

go soláthraíonn oibreoirí eacnamaíocha leibhéal iomchuí árachais slánaíochta riosca gairmiúla.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), ní sháróidh an láimhdeachas bliantúil íosta dhá oiread luach bliantúil measta an chonartha, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo atá nasctha le cineál an cheannacháin, a mhíneoidh an t-údarás conarthach sna doiciméid soláthair.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), míneoidh an t-údarás conarthach na modhanna agus na critéir maidir leis na cóimheasa sin sna doiciméid soláthair.

19.2.

I gcás córais dhinimiciúla cheannaigh, déanfar an láimhdeachas bliantúil uasta a ríomh ar bhonn uasmhéid ionchasach na gconarthaí atá le dámhachtain faoin gcóras sin.

19.3.

Saineoidh an t-údarás conarthach sna doiciméid soláthair an fhianaise atá le soláthar ag oibreoir eacnamaíoch chun a acmhainneacht eacnamaíoch agus airgeadais nó a hacmhainneacht eacnamaíoch agus airgeadais a léiriú. Féadfaidh sé go háirithe ceann amháin nó níos mó de na doiciméid seo a leanas a iarraidh:

(a)

ráitis chuí ó bhainc nó, i gcás inarb iomchuí, fianaise ar árachas ábhartha slánaíochta riosca gairmiúla;

(b)

ráitis airgeadais nó achoimrí orthu le haghaidh tréimhse atá cothrom leis na 3 bliana airgeadais dheireanacha ar dúnadh cuntais lena linn nó níos lú;

(c)

ráiteas ar láimhdeachas foriomlán an oibreora eacnamaíoch agus, i gcás inarb iomchuí, láimhdeachas sa réimse a chumhdaítear leis an gconradh le haghaidh na 3 bliana airgeadais dheireanacha ar a mhéid atá ar fáil.

Más rud é, ar aon chúis atá bailí, nach bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch ábalta na teistiméireachtaí a iarrann an t-údarás conarthach a sholáthar, féadfaidh sé nó sí a acmhainneacht eacnamaíoch agus airgeadais nó a hacmhainneacht eacnamaíoch agus airgeadais a chruthú le haon doiciméad eile a mheasann an t-údarás conarthach a bheith iomchuí.

20.   Acmhainneacht theicniúil agus ghairmiúil

20.1.

Fíoróidh an t-údarás conarthach go gcomhlíonann iarrthóirí nó tairgeoirí na híoschritéir roghnúcháin a bhaineann le hacmhainneacht theicniúil agus ghairmiúil i gcomhréir le pointí 20.2 go 20.5. Déanfaidh an t-údarás conarthach measúnú freisin i dtaobh an ann do na leasanna coinbhleachta gairmiúla dá dtagraítear i bpointe 20.6 ar bhonn dearbhú maidir le leasanna coinbhleachta gairmiúla agus, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn na hiarrata ón údarás conarthach ar fhaisnéis bhreise faoi phointe 18.4.

20.2.

Saineoidh an t-údarás conarthach sna doiciméid soláthair an fhianaise atá le soláthar ag oibreoir eacnamaíoch chun a acmhainneacht theicniúil agus ghairmiúil nó a hacmhainneacht theicniúil agus ghairmiúil a léiriú. Féadfaidh sé go háirithe ceann amháin nó níos mó de na doiciméid seo a leanas a iarraidh:

(a)

i gcás oibreacha, soláthairtí a éilíonn oibríochtaí nó seirbhísí láithreánaithe nó suiteála, faisnéis faoi cháilíochtaí oideachais agus gairmiúla, scileanna, taithí agus saineolas na ndaoine atá freagrach as feidhmíocht;

(b)

liosta díobh seo a leanas:

(i)

na príomhsheirbhísí a cuireadh ar fáil agus na soláthairtí a seachadadh le 3 bliana anuas chomh maith leis na suimeanna, na dátaí agus na cliaint, idir phoiblí agus phríobháideach, agus ráitis arna n-eisiúint ag na cliaint ag gabháil leo arna iarraidh sin;

(ii)

na hoibreacha a rinneadh le 5 bliana anuas, agus deimhnithe go ndearnadh an obair go sásúil ag gabháil leo i gcás na n-oibreacha is tábhachtaí;

(c)

ráiteas ar an trealamh teicniúil, ar na huirlisí nó ar an ngléasra atá ar fáil don oibreoir eacnamaíoch chun conradh seirbhíse nó oibreacha a chomhlíonadh;

(d)

tuairisc ar na saoráidí agus na modhanna teicniúla atá ar fáil don oibreoir eacnamaíoch chun cáilíocht a áirithiú, agus tuairisc ar na saoráidí staidéir agus taighde atá ar fáil;

(e)

tagairt do na teicneoirí nó na comhlachtaí teicniúla atá ar fáil don oibreoir eacnamaíoch, cibé acu ar leis nó léi go díreach iad, go háirithe iad siúd atá freagrach as rialú cáilíochta;

(f)

maidir le soláthairtí: samplaí, tuairiscí nó grianghraif bharántúla nó deimhnithe arna dtarraingt suas ag institiúidí oifigiúla rialaithe cáilíochta nó ag gníomhaireachtaí oifigiúla rialaithe cáilíochta ag a bhfuil inniúlacht aitheanta lena bhfianaítear comhréireacht na dtáirgí a shainaithnítear go soiléir trí thagairtí do shonraíochtaí teicniúla nó do chaighdeáin theicniúla;

(g)

i gcás oibreacha nó seirbhísí, ráiteas ar an meán-daonchumhacht bhliantúil agus ar líon fhoireann bainistíochta an oibreora eacnamaíoch le 3 bliana anuas;

(h)

léiriú ar na córais bhainistíochta agus rianaithe sa slabhra soláthair a bheidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábalta a chur i bhfeidhm agus an conradh á chomhlíonadh aige nó aici;

(i)

léiriú ar na bearta bainistíochta comhshaoil a bheidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábalta a chur i bhfeidhm agus an conradh á chomhlíonadh aige nó aici.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b)(i), i gcás inar gá chun leibhéal leormhaith iomaíochta a áirithiú, féadfaidh an t-údarás conarthach a léiriú go ndéanfar fianaise ar sholáthairtí nó seirbhísí ábhartha a cuireadh ar fáil nó a rinneadh breis agus 3 bliana roimhe sin a chur i gcuntas.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b)(ii), i gcás inar gá chun leibhéal leormhaith iomaíochta a áirithiú, féadfaidh an t-údarás conarthach a léiriú go ndéanfar fianaise ar oibreacha ábhartha a cuireadh ar fáil nó a rinneadh breis agus 5 bliana roimhe sin a chur i gcuntas.

20.3.

I gcás ina bhfuil na soláthairtí nó na seirbhísí casta nó, go heisceachtúil, ag teastáil le haghaidh sainchuspóra, féadfar fianaise ar acmhainneacht theicniúil agus ghairmiúil a áirithiú trí bhíthin seiceáil a dhéanfaidh an t-údarás conarthach nó a dhéanfaidh comhlacht oifigiúil inniúil na tíre ina bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch bunaithe thar a cheann, faoi réir chomhaontú an chomhlachta sin. Bainfidh na seiceálacha sin le hacmhainneacht theicniúil agus acmhainneacht táirgeachta an tsoláthraí agus, más gá, lena shaoráidí staidéir agus taighde nó lena saoráidí staidéir agus taighde agus lena bhearta rialaithe cáilíochta nó lena bearta rialaithe cáilíochta.

20.4.

I gcás ina gceanglaíonn an t-údarás conarthach go soláthraítear deimhnithe arna dtarraingt suas ag comhlachtaí neamhspleácha lena bhfianaítear go gcomhlíonann an t-oibreoir eacnamaíoch caighdeáin áirithe um dhearbhú cáilíochta, lena n-áirítear maidir le hinrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, tagróidh sé do chórais um dhearbhú cáilíochta atá bunaithe ar an tsraith caighdeán ábhartha Eorpach atá deimhnithe ag comhlachtaí creidiúnaithe. Glacfaidh an t-údarás conarthach freisin le fianaise eile ar bhearta coibhéiseacha um dhearbhú cáilíochta ó oibreoir eacnamaíoch ar léir nach bhfuil rochtain aige nó aici ar na deimhnithe sin nó nach bhfuil aon deis aige nó aici na deimhnithe sin a fháil laistigh de na teorainneacha ama ábhartha, ar chúiseanna nach bhfuil inchurtha i leith an oibreora eacnamaíoch sin agus ar choinníoll go gcruthaíonn an t-oibreoir eacnamaíoch go gcomhlíonann na bearta um dhearbhú cáilíochta atá molta na caighdeáin um dhearbhú cáilíochta is gá.

20.5.

I gcás ina gceanglaíonn an t-údarás conarthach go soláthraítear deimhnithe arna dtarraingt suas ag comhlachtaí neamhspleácha lena bhfianaítear go gcomhlíonann an t-oibreoir eacnamaíoch córais nó caighdeáin áirithe bhainistíochta comhshaoil, tagróidh sé do Scéim an Aontais Eorpaigh um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil nó do chórais eile bhainistíochta comhshaoil mar atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) nó caighdeáin eile bhainistíochta comhshaoil atá bunaithe ar na caighdeáin ábhartha Eorpacha nó idirnáisiúnta ag comhlachtaí creidiúnaithe. I gcás inar léir nach raibh rochtain ag oibreoir eacnamaíoch ar na deimhnithe sin, nó nach raibh aon deis aige nó aici iad a fháil laistigh de na teorainneacha ama ábhartha ar chúiseanna nach bhfuil inchurtha i leith an oibreora eacnamaíoch sin, glacfaidh an t-údarás conarthach freisin le fianaise eile ar bhearta bainistíochta comhshaoil, ar choinníoll go gcruthóidh an t-oibreoir eacnamaíoch go bhfuil na bearta sin coibhéiseach leis na bearta sin a cheanglaítear faoin gcóras nó caighdeán bainistíochta comhshaoil is infheidhme.

20.6.

Féadfaidh údarás conarthach a theacht ar an tátal nach bhfuil an acmhainneacht ghairmiúil riachtanach ag oibreoir eacnamaíoch chun an conradh a chomhlíonadh ar chaighdeán cáilíochta atá iomchuí i gcás ina ndearna an t-údarás conarthach a shuí go bhfuil leasanna coinbhleachta gairmiúla ag an oibreoir eacnamaíoch a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá fheidhmíocht nó dá feidhmíocht.

21.   Critéir dhámhachtana

21.1.

Féadfar a áireamh le critéir cháilíochta eilimintí amhail fiúntas teicniúil, saintréithe aeistéitiúla agus feidhmiúla, inrochtaineacht, dearadh do na húsáideoirí uile, saintréithe sóisialta, comhshaoil agus nuálacha, próiseas táirgthe, soláthair agus trádála agus aon phróiseas sonrach eile ag aon chéim de shaolré na n-oibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí; eagrúchán, cáilíocht agus taithí na mball foirne a shanntar chun an conradh a chomhlíonadh, i gcás inar féidir le cáilíocht na mball foirne a shanntar tionchar suntasach a imirt ar leibhéal chomhlíonadh an chonartha; seirbhís iardhíola, cúnamh teicniúil nó coinníollacha seachadta amhail dáta seachadta, próiseas seachadta agus tréimhse sheachadta nó tréimhse chríochnaithe.

21.2.

Sonróidh an t-údarás conarthach sna doiciméid soláthair an t-ualú coibhneasta a thugann sé do gach ceann de na critéir a roghnaítear chun an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch a chinneadh ach amháin nuair atá úsáid á baint as modh an phraghais is ísle. Féadfar na hualuithe sin a shloinneadh mar raon a bhfuil leathadh uasta iomchuí i gceist leis.

Ní bheidh neodrú an phraghais ná an chostais mar thoradh ar an ualú a chuirtear i bhfeidhm i leith praghais nó costais i gcoibhneas leis na critéir eile.

Mura féidir ualú a dhéanamh ar chúiseanna oibiachtúla, léireoidh an t-údarás conarthach na critéir in ord tábhachta laghdaitheach.

21.3.

Féadfaidh an t-údarás conarthach íosleibhéil cháilíochta a leagan síos. Diúltófar do thairiscintí atá faoi bhun na leibhéal cáilíochta sin.

21.4.

Cumhdóidh costáil saolré codanna de na costais seo a leanas nó na costais seo a leanas go léir, a mhéid is ábhartha, le linn shaolré na n-oibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí:

(a)

costais a iompraíonn an t-údarás conarthach nó úsáideoirí eile, amhail:

(i)

costais a bhaineann le fáil;

(ii)

costais úsáide, amhail tomhaltas fuinnimh agus acmhainní eile;

(iii)

costais chothabhála;

(iv)

costais deireadh ré, amhail costais bhailiúcháin agus athchúrsála;

(b)

costais a shanntar do sheachtrachtaí comhshaoil atá nasctha leis na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí le linn a saolré, ar choinníoll gur féidir a luach airgeadais a chinneadh agus a fhíorú.

21.5.

I gcás ina ndéanann an t-údarás conarthach measúnú ar na costais agus úsáid á baint aige as cur chuige costála saolré, léireoidh sé sna doiciméid soláthair na sonraí atá le soláthar ag na tairgeoirí agus an modh a úsáidfidh sé chun na costais saolré a chinneadh ar bhonn na sonraí sin.

Comhlíonfaidh an modh a úsáidfear chun measúnú a dhéanamh ar na costais a shanntar do sheachtrachtaí comhshaoil na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá sé bunaithe ar chritéir atá infhíoraithe go hoibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach;

(b)

tá rochtain ag na páirtithe leasmhara go léir air;

(c)

is féidir le hoibreoirí eacnamaíocha na sonraí is gá a chur ar fáil le hiarracht réasúnta.

I gcás inarb infheidhme, úsáidfidh an t-údarás conarthach na modhanna coiteanna éigeantacha le haghaidh ríomh na gcostas saolré dá bhforáiltear sna gníomhartha dlíthiúla de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Treoir 2014/24/AE.

22.   Ceantanna leictreonacha a úsáid

22.1.

Féadfaidh an t-údarás conarthach úsáid a bhaint as ceantanna leictreonacha, ina ndéantar praghsanna nua, arna n-athbhreithniú anuas, nó luachanna nua a bhaineann le heilimintí áirithe de thairiscintí a chur i láthair.

Déanfaidh an t-údarás conarthach an ceant leictreonach a struchtúrú mar phróiseas atriallach leictreonach, a tharlaíonn tar éis meastóireacht tosaigh iomlán a dhéanamh ar na tairiscintí, lena gcumasaítear iad a rangú agus úsáid á baint as modhanna meastóireachta uathoibríocha.

22.2.

I nósanna imeachta atá oscailte, srianta nó iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht, féadfaidh an t-údarás conarthach a chinneadh go reáchtálfar ceant leictreonach roimh dhámhachtain conartha phoiblí nuair is féidir na doiciméid soláthair a shuí go cruinn.

Féadfar ceant leictreonach a reáchtáil ar athoscailt na hiomaíochta idir na páirtithe i gcreatchonradh dá dtagraítear i bpointe 1.3, an dara fomhír, pointe (b), agus ar oscailt na hiomaíochta maidir le conarthaí atá le dámhachtain faoin gcóras dinimiciúil ceannaigh dá dtagraítear i bpointe 9.

Beidh an ceant leictreonach bunaithe ar cheann amháin de na modhanna dámhachtana a leagtar amach in Airteagal 170(4).

22.3.

Luafaidh an t-údarás conarthach a chinneann ceant leictreonach a reáchtáil an fíoras sin san fhógra conartha.

Áireofar sna doiciméid soláthair na mionsonraí seo a leanas:

(a)

luachanna na ngnéithe a bheidh ina n-ábhar do cheant leictreonach, ar choinníoll go bhfuil na gnéithe sin inchainníochtaithe agus gur féidir iad a chur in iúl i bhfigiúirí nó i gcéatadáin;

(b)

aon teorainneacha ar na luachanna a fhéadfar a thíolacadh, de réir mar a eascraíonn siad as na sonraíochtaí a bhaineann le hábhar an chonartha;

(c)

an fhaisnéis a chuirfear ar fáil do thairgeoirí le linn an cheant leictreonaigh agus, i gcás inarb iomchuí, cathain a chuirfear ar fáil dóibh í;

(d)

an fhaisnéis ábhartha a bhaineann le próiseas an cheant leictreonaigh, lena n-áirítear cé acu atá céimeanna san áireamh ann nó nach bhfuil agus conas a dhúnfar é, mar a leagtar amach i bpointe 22.7;

(e)

na coinníollacha faoina mbeidh na tairgeoirí ábalta tairiscint a dhéanamh agus, go háirithe, na difríochtaí íosta a bheidh ag teastáil, i gcás inarb iomchuí, agus an tairiscint á tíolacadh;

(f)

an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an trealamh leictreonach a úsáidtear agus na socruithe agus na sonraíochtaí teicniúla i dtaca le nasc.

22.4.

Tabharfar cuireadh go comhuaineach trí mhodh leictreonach do na tairgeoirí uile a mbeidh tairiscintí inghlactha tíolactha acu páirt a ghlacadh sa cheant leictreonach agus úsáid á baint as na naisc i gcomhréir leis na treoracha. Sonrófar sa chuireadh dáta agus am tosaithe an cheant leictreonaigh.

Féadfar an ceant leictreonach a dhéanamh i roinnt céimeanna leantacha. Ní thosóidh an ceant leictreonach tráth níos luaithe ná 2 lá oibre tar éis an dáta a sheoltar amach na cuirí.

22.5.

Beidh toradh na meastóireachta iomláine ar an tairiscint ábhartha ag gabháil leis an gcuireadh.

Luafar sa chuireadh freisin an fhoirmle mhatamaiticiúil atá le húsáid sa cheant leictreonach chun athranguithe uathoibríocha a chinneadh ar bhonn na bpraghsanna nua agus/nó na luachanna nua a thíolactar. Cuimseofar san fhoirmle sin ualú na gcritéar uile a shocraítear chun an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch a chinneadh, mar a léirítear sna doiciméid soláthair. Chun na críche sin, déanfar, áfach, aon raon a laghdú roimh ré go luach sonraithe.

I gcás ina n-údaraítear athraithigh, cuirfear foirmle ar leithligh ar fáil i gcás gach athraithigh.

22.6.

Le linn gach céime de cheant leictreonach, cuirfidh an t-údarás conarthach faisnéis leordhóthanach ar a laghad in iúl do na tairgeoirí uile chun a chur ar a gcumas a ranguithe coibhneasta a fhionnadh ag aon tráth. Féadfaidh sé freisin, i gcás inar cuireadh an méid sin in iúl roimhe sin, faisnéis eile a chur in iúl a bhaineann le praghsanna nó luachanna eile a tíolacadh chomh maith le fógra a thabhairt faoi líon na dtairgeoirí in aon chéim shonrach den cheant. Ní nochtfaidh sé, áfach, céannacht na dtairgeoirí le linn aon chéim de cheant leictreonach.

22.7.

Déanfaidh an t-údarás conarthach ceant leictreonach a dhúnadh ar cheann amháin nó níos mó de na bealaí seo a leanas:

(a)

ar an dáta agus ag an am a léiríodh cheana;

(b)

nuair nach bhfaigheann sé aon phraghsanna nua ná aon luachanna nua a chomhlíonann na ceanglais maidir le difríochtaí íosta, ar choinníoll gur luaigh sé roimhe sin an tréimhse ama a cheadóidh sé a dhul in éag tar éis an tíolacadh deiridh a fháil sula ndúnann sé an ceant leictreonach;

(c)

nuair a bheidh líon na gcéimeanna sa cheant a cuireadh in iúl roimhe sin curtha i gcrích.

22.8.

Tar éis ceant leictreonach a dhúnadh, déanfaidh an t-údarás conarthach an conradh a dhámhachtain ar bhonn thorthaí an cheant leictreonaigh.

23.   Tairiscintí thar a bheith íseal

23.1.

Más rud é, i gcás conradh ar leith, go ndealraítear go bhfuil an praghas nó na costais a bheartaítear i dtairiscint ina phraghas nó ina gcostais thar a bheith íseal, iarrfaidh an t-údarás conarthach i scríbhinn mionsonraí faoi eilimintí comhdhéanaimh an phraghais nó na gcostas a mheasann sé a bheith ábhartha agus tabharfaidh sé deis don tairgeoir a bharúlacha nó a barúlacha a chur i láthair.

Féadfaidh an t-údarás conarthach, go háirithe, barúlacha a chur san áireamh a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

eacnamaíocht an phróisis monaraíochta, an tsoláthair seirbhísí nó an mhodha tógála;

(b)

na réitigh theicniúla a roghnaítear nó na dálaí thar a bheith fabhrach atá ar fáil don tairgeoir;

(c)

úrnuacht na tairisceana;

(d)

comhlíonadh na n-oibleagáidí is infheidhme i réimsí an dlí comhshaoil, shóisialta agus saothair ag an tairgeoir;

(e)

comhlíonadh na n-oibleagáidí is infheidhme i réimsí an dlí comhshaoil, shóisialta agus saothair ag fochonraitheoirí;

(f)

an fhéidearthacht go bhfaigheadh an tairgeoir Státchabhair i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

23.2.

Ní dhiúltóidh an t-údarás conarthach don tairiscint ach amháin i gcás nach dtugtar san fhianaise a chuirtear ar fáil cuntas sásúil ar an bpraghas íseal nó ar na costais ísle atá beartaithe.

Diúltóidh an t-údarás conarthach don tairiscint, i gcás inar shuigh sé go bhfuil an tairiscint thar a bheith íseal toisc nach gcomhlíonann sí na hoibleagáidí is infheidhme i réimsí an dlí comhshaoil, shóisialta agus saothair.

23.3.

I gcás ina suíonn an t-údarás conarthach go bhfuil tairiscint thar a bheith íseal toisc go bhfuil Státchabhair faighte ag an tairgeoir, ní fhéadfaidh sé an tairiscint a dhiúltú ar an bhforas aonair sin amháin ach más rud é nach bhfuil sé ar chumas an tairgeora a chruthú, laistigh de theorainn ama leordhóthanach arna socrú ag an údarás conarthach, go raibh an chabhair atá i gceist comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107 CFAE.

24.   Teorainneacha ama maidir le tairiscintí agus iarrataí ar rannpháirtíocht a fháil

24.1.

Beidh na teorainneacha ama níos faide ná na híosteorainneacha ama a leagtar amach sa phointe seo i gcás nach féidir tairiscintí a tharraingt suas ach amháin tar éis cuairt a thabhairt ar an láthair nó tar éis na doiciméid atá mar thaca leis na doiciméid soláthair a bhreathnú ar an láthair.

Cuirfear tréimhse 5 lá leis na teorainneacha ama in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

ní thairgeann an t-údarás conarthach rochtain dhíreach ar na doiciméid soláthair trí mhodh leictreonach saor in aisce;

(b)

foilsítear an fógra conartha i gcomhréir le pointe 4.2, pointe (b).

24.2.

I nósanna imeachta oscailte, ní bheidh an teorainn ama chun tairiscintí a fháil níos gairide ná 37 lá ón lá tar éis sheoladh an fhógra conartha.

24.3.

I nósanna imeachta srianta, in idirphlé iomaíoch, i nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht, i gcórais dhinimiciúla cheannaigh agus i gcomhpháirtíochtaí nuálaíochta, ní bheidh an teorainn ama chun iarrataí ar rannpháirtíocht a fháil níos gairide ná 32 lá ón lá tar éis sheoladh an fhógra conartha. I gcóras dinimiciúil ceannaigh, ní bheidh feidhm ag teorainneacha ama breise chun iarrataí ar rannpháirtíocht a fháil a luaithe a sheolfar an cuireadh chun tairisceana don chéad soláthar sonrach faoin gcóras dinimiciúil ceannaigh.

24.4.

I nósanna imeachta srianta agus i nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht, ní bheidh an teorainn ama chun tairiscintí a fháil níos gairide ná 30 lá ón lá tar éis sheoladh an chuiridh chun tairisceana.

24.5.

I gcóras dinimiciúil ceannaigh, ní bheidh an teorainn ama chun tairiscintí a fháil níos gairide ná 10 lá ón lá tar éis sheoladh an chuiridh chun tairisceana.

24.6.

Sna nósanna imeachta tar éis glao ar léiriú spéise dá dtagraítear i bpointe 13.1, is é an teorainn ama a bheidh ann:

(a)

tráth nach gairide ná 10 lá ón lá tar éis sheoladh an chuiridh chun tairisceana chun tairiscintí a fháil i gcás an nós imeachta dá dtagraítear i bpointe 13.1, pointe (a), agus pointe 13.3, pointe (b)(i);

(b)

tráth nach gairide ná 10 lá chun iarrataí ar rannpháirtíocht a fháil agus tráth nach gairide ná 10 lá chun tairiscintí a fháil i gcás an nós imeachta dhá chéim dá dtagraítear i bpointe 13.3, pointe (b)(ii).

24.7.

Féadfaidh an t-údarás conarthach na teorainneacha ama chun tairiscintí a fháil a ghiorrú 5 lá le haghaidh na nósanna imeachta oscailte nó srianta má ghlacann sé leis gur féidir tairiscintí a thíolacadh trí mhodh leictreonach.

25.   Rochtain ar dhoiciméid soláthair agus an teorainn ama chun faisnéis bhreise a sholáthar

25.1.

Cuirfidh an t-údarás conarthach rochtain dhíreach ar na doiciméid soláthair ar fáil saor in aisce trí mhodh leictreonach ó dháta foilsithe an fhógra conartha nó, i gcás na nósanna imeachta gan fógra conartha nó dá dtagraítear i bpointe 13, ón dáta a sheoltar an cuireadh chun tairisceana.

I gcásanna a bhfuil údar leo, féadfaidh an t-údarás conarthach na doiciméid soláthair a tharchur trí mhodhanna eile a shonraíonn sé mura bhfuil rochtain dhíreach le modh leictreonach indéanta ar chúiseanna teicniúla nó má tá faisnéis de chineál rúnda sna doiciméid soláthair. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag pointe 24.1, an dara fomhír, ach amháin i gcásanna práinneacha dá bhforáiltear i bpointe 26.1.

Féadfaidh an t-údarás conarthach ceanglais a fhorchur ar oibreoirí eacnamaíocha arb é is aidhm dóibh cineál rúnda na faisnéise atá sna doiciméid soláthair a chosaint. Fógróidh sé na ceanglais sin chomh maith leis an gcaoi ar féidir rochtain a fháil ar na doiciméid soláthair lena mbaineann.

25.2.

Cuirfidh an t-údarás conarthach faisnéis bhreise ar fáil a bheidh nasctha leis na doiciméid soláthair go comhuaineach agus i scríbhinn do na hoibreoirí eacnamaíocha leasmhara uile a luaithe is féidir.

Ní bheidh de cheangal ar an údarás conarthach freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis bhreise a dhéantar níos lú ná 6 lá oibre roimh an sprioc-am chun tairiscintí a fháil.

25.3.

Cuirfidh an t-údarás conarthach síneadh leis an teorainn ama chun tairiscintí a fháil sna cásanna seo a leanas:

(a)

níor chuir sé faisnéis bhreise ar fáil ar a dhéanaí 6 lá roimh an sprioc-am chun tairiscintí a fháil cé gur iarr an t-oibreoir eacnamaíoch in am trátha í;

(b)

déanann sé athruithe suntasacha ar na doiciméid soláthair.

26.   Teorainneacha ama i gcásanna práinneacha

26.1.

I gcás ina bhfágann práinn a bhfuil údar maith léi go bhfuil na híosteorainneacha ama a leagtar síos i bpointe 24.2 agus i bpointe 24.3 i gcás nósanna imeachta oscailte nó srianta dofheidhmithe, féadfaidh an t-údarás conarthach an méid seo a leanas a shocrú:

(a)

teorainn ama chun iarrataí ar rannpháirtíocht nó tairiscintí a fháil i nósanna imeachta oscailte nach mbeidh níos gairide ná 15 lá ón dáta a sheoltar an fógra conartha;

(b)

teorainn ama chun tairiscintí a fháil i gcás nósanna imeachta srianta nach mbeidh níos gairide ná 10 lá ón dáta a sheoltar an cuireadh chun tairisceana.

26.2.

I gcásanna práinneacha, is 4 lá a bheidh sa teorainn ama a leagtar amach i bpointe 25.2, an dara fomhír, agus i bpointe 25.3, pointe (a).

27.   Catalóga leictreonacha

27.1.

I gcás ina bhfuil gá le modh leictreonach cumarsáide a úsáid, féadfaidh an t-údarás conarthach a cheangal go ndéanfaí tairiscintí a thíolacadh i bhformáid catalóige leictreonaí nó go ndéanfaí catalóg leictreonach a áireamh.

27.2.

I gcás ina nglactar nó ina gceanglaítear tairiscintí a thíolacadh i bhfoirm catalóg leictreonach déanfaidh an t-údarás conarthach an méid seo a leanas:

(a)

é sin a lua amhlaidh san fhógra conartha;

(b)

an fhaisnéis uile is gá a bhaineann leis an bhformáid, leis an trealamh leictreonach a úsáidtear agus leis na socruithe maidir le nasc teicniúil agus sonraíochtaí le haghaidh na catalóige a léiriú sna doiciméid soláthair.

27.3.

I gcás inar tugadh creatchonradh iolrach i gcrích tar éis tairiscintí a thíolacadh i bhfoirm catalóg leictreonach, féadfaidh an t-údarás conarthach foráil a dhéanamh go ndéanfar athoscailt iomaíochta i gcás conarthaí sonracha ar bhonn catalóga nuashonraithe trí úsáid a bhaint as ceann amháin de na modhanna seo a leanas:

(a)

iarrann an t-údarás conarthach ar chonraitheoirí a gcatalóga leictreonacha a atíolacadh, arna gcur in oiriúint do cheanglais an chonartha shonraigh atá i gceist;

(b)

tugann an t-údarás conarthach fógra do chonraitheoirí go bhfuil sé ar intinn aige an fhaisnéis is gá a bhailiú ó na catalóga leictreonacha a cuireadh isteach cheana chun tairiscintí a chomhdhéanamh atá oiriúnaithe do cheanglais an chonartha shonraigh atá i gceist, ar choinníoll gur fógraíodh úsáid an mhodha sin sna doiciméid soláthair don chreatchonradh.

27.4.

Agus an modh dá dtagraítear i bpointe 27.3, pointe (b), á úsáid aige, tabharfaidh an t-údarás conarthach fógra do chonraitheoirí faoin dáta agus faoin am atá sé ar intinn aige an fhaisnéis is gá a bhailiú chun tairiscintí a chomhdhéanamh atá oiriúnaithe do cheanglais an chonartha shonraigh atá i gceist agus tabharfaidh sé deis do chonraitheoirí bailiú faisnéise den sórt sin a dhiúltú.

Ceadóidh an t-údarás conarthach tréimhse leormhaith idir tráth an fhógra agus bailiú iarbhír na faisnéise.

Sula ndámhtar an conradh sonrach, cuirfidh an t-údarás conarthach an fhaisnéis a bailíodh faoi bhráid an chonraitheora lena mbaineann chun deis a thabhairt dó nó di a chonspóid nó a dhearbhú nach bhfuil aon earráidí ábhartha sa tairiscint atá comhdhéanta ar an gcaoi sin.

27.5.

Féadfaidh údaráis chonarthacha conarthaí a dhámhachtain ar bhonn córas dinimiciúil ceannaigh trína cheangal go ndéanfaí tairiscintí a thíolacadh i bhformáid catalóige leictreonaí.

Féadfaidh údaráis chonarthacha conarthaí a dhámhachtain freisin ar bhonn córas dinimiciúil ceannaigh trí fhógra a thabhairt do na hiarrthóirí go bhfuil sé ar intinn acu an fhaisnéis is gá a bhailiú ó na catalóga leictreonacha, a tíolacadh cheana, arb í an fhaisnéis í is gá chun tairiscintí a chomhdhéanamh atá oiriúnaithe do cheanglais an tsoláthair shonraigh atá i gceist.

28.   Tairiscintí agus iarrataí ar rannpháirtíocht a oscailt

28.1.

I nósanna imeachta oscailte, féadfaidh ionadaithe údaraithe tairgeoirí freastal ar an seisiún oscailte go fisiciúil nó, má fhoráiltear amhlaidh sna doiciméid soláthair, go cianda trí fhíschomhdháil.

28.2.

I gcás ina bhfuil luach conartha cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1) nó níos mó ná iad, ceapfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach coiste chun na tairiscintí a oscailt. Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin an oibleagáid sin a tharscaoileadh ar bhonn anailís riosca nuair a bheifear ag athoscailt iomaíochta laistigh de chreatchonradh, i gcás soláthairtí sonracha faoi chóras dinimiciúil ceannaigh agus do na cásanna dá dtagraítear i bpointe 11.1, an dara fomhír, cé is moite de phointí (d) agus (g) den fhomhír sin.

Beidh an coiste oscailte comhdhéanta de bheirt ar a laghad a dhéanann ionadaíocht ar dhá eintiteas eagraíochtúla ar a laghad den institiúid lena mbaineann de chuid an Aontais nach bhfuil aon nasc ordlathach eatarthu. Chun aon choinbhleacht leasa a sheachaint, beidh na daoine sin faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 61.

Sna hionadaíochtaí nó sna haonaid áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 153 nó atá leithlisithe i mBallstát, más rud é nach bhfuil eintitis ar leithligh ann, ní bheidh feidhm ag an gceanglas atá ar eintitis eagraíochtúla gan aon nasc ordlathach a bheith eatarthu.

28.3.

I gcás nós imeachta soláthair a sheoltar ar bhonn idirinstitiúideach, is é nó í an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ón institiúid de chuid an Aontais atá freagrach as an nós imeachta soláthair a cheapfaidh an coiste oscailte.

28.4.

Déanfaidh an t-údarás conarthach sláine na tairisceana bunaidh a fhíorú agus a áirithiú, lena n-áirítear an tairiscint airgeadais, mar aon le sláine na fianaise maidir leis an dáta agus leis an am a fhaightear í dá bhforáiltear in Airteagal 152(3) agus (5) trí aon mhodh iomchuí.

28.5.

I nósanna imeachta oscailte, i gcás ina ndámhtar an conradh faoi mhodhanna an phraghais is ísle nó an chostais is ísle i gcomhréir le hAirteagal 170(4), léifear amach os ard na praghsanna a luaitear i dtairiscintí a chomhlíonann na ceanglais.

28.6.

Déanfaidh an duine nó na daoine atá i gceannas ar oscailt nó comhaltaí den choiste oscailte an taifead scríofa ar oscailt na dtairiscintí a fhaightear a shíniú. Sainaithneofar ann na tairiscintí sin a chomhlíonann Airteagal 152 agus iad siúd nach gcomhlíonann é, agus tabharfar ann na forais ar ar diúltaíodh tairiscintí mar a leagtar amach in Airteagal 171(4). Féadfar an taifead sin a shíniú i gcóras leictreonach lena dtugtar céannacht leordhóthanach an tsínitheora.

29.   Meastóireacht ar thairiscintí agus iarrataí ar rannpháirtíocht

29.1.

Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach a chinneadh go ndéanfaidh an coiste meastóireachta meastóireacht agus rangú ar na tairiscintí ar bhonn na gcritéar dámhachtana amháin agus go ndéanfar meastóireacht ar na critéir eisiaimh agus roghnúcháin trí mhodhanna iomchuí eile lena ráthófar nach ann do choinbhleachtaí leasa.

29.2.

Maidir le nós imeachta soláthair a sheoltar ar bhonn idirinstitiúideach, is é nó í an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach ón institiúid de chuid an Aontais atá freagrach as an nós imeachta soláthair a cheapfaidh an coiste meastóireachta. Léireofar i gcomhdhéanamh an choiste meastóireachta, a mhéid is féidir, nádúr idirinstitiúideach an nós imeachta soláthair.

29.3.

Measfar iarrataí ar rannpháirtíocht agus tairiscintí atá oiriúnach faoi phointe 11.2, agus nach bhfuil neamhrialta faoi phointe 12.2 ná do-ghlactha faoi phointe 12.3, a bheith inghlactha.

30.   Torthaí na meastóireachta agus an chinnidh dámhachtana

30.1.

Is é a bheidh i dtoradh na meastóireachta tuarascáil mheastóireachta ina mbeidh an moladh i dtaobh an conradh a dhámhachtain. Is é nó í an duine a rinne an mheastóireacht, nó is iad na daoine a rinne an mheastóireacht nó comhaltaí den choiste meastóireachta, a chuirfidh dáta agus síniú leis an tuarascáil mheastóireachta. Féadfar an tuarascáil sin a shíniú i gcóras leictreonach lena dtugtar céannacht leordhóthanach an tsínitheora.

Más rud é nár tugadh freagracht don choiste meastóireachta na tairiscintí a fhíorú i gcoinne na gcritéar eisiaimh agus roghnúcháin, síneoidh na daoine ar thug an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an fhreagracht sin dóibh an tuarascáil mheastóireachta freisin.

30.2.

Beidh na nithe seo a leanas sa tuarascáil mheastóireachta:

(a)

ainm agus seoladh an údaráis chonarthaigh (i gcás soláthar idirinstitiúideach nó soláthar comhpháirteach – seoladh an phríomhúdaráis chonarthaigh, agus an seoladh sin amháin), agus ábhar agus luach an chonartha, nó ábhar agus uasluach an chreatchonartha;

(b)

ainmneacha na n-iarrthóirí nó na dtairgeoirí ar diúltaíodh dóibh agus na cúiseanna lena ndiúltú trí thagairt do rochtain ar sholáthar, do chás dá dtagraítear in Airteagal 143(1) nó do chritéir roghnúcháin;

(c)

na tagairtí do na tairiscintí ar diúltaíodh dóibh agus na cúiseanna lena ndiúltú trí thagairt d’aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

neamhchomhlíonadh na n-íoscheanglas mar a leagtar amach in Airteagal 170(1), pointe (a);

(ii)

gan na híosleibhéil cháilíochta a leagtar síos i bpointe 21.3 a shásamh;

(iii)

tairiscintí a fhaightear a bheith thar a bheith íseal dá dtagraítear i bpointe 23;

(d)

ainmneacha na n-iarrthóirí nó na dtairgeoirí a roghnaítear agus na cúiseanna lena roghnú;

(e)

ainmneacha na dtairgeoirí atá le rangú, mar aon leis na scóir a fhaightear agus na húdair atá leo;

(f)

ainmneacha na n-iarrthóirí a mholtar nó an tairgeora ar éirigh leis nó léi agus na cúiseanna atá leis an rogha sin;

(g)

más eol é, an cion den chonradh nó den chreatchonradh a bhfuil sé ar intinn ag an gconraitheoir molta a ligean ar fochonradh le tríú páirtithe.

30.3.

Déanfaidh an t-údarás conarthach a chinneadh dámhachtana agus aon cheann de na nithe seo a leanas á chur ar fáil aige:

(a)

formheas ar an tuarascáil mheastóireachta ina bhfuil an fhaisnéis uile a liostaítear i bpointe 30.2 á comhlánú ag an méid seo a leanas:

(i)

ainm an tairgeora ar éirigh leis nó léi agus na cúiseanna leis an rogha sin trí thagairt do na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana réamhfhógartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na cúiseanna nár leanadh an moladh a thugtar sa tuarascáil mheastóireachta;

(ii)

i gcás nós imeachta idirbheartaithe gan foilsiú roimh ré, nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht nó idirphlé iomaíoch, na cúinsí dá dtagraítear i bpointí 11, 12 agus 40 a thugann údar cuí lena n-úsáid;

(b)

i gcás inarb iomchuí, na cúiseanna ar chinn an t-údarás conarthach gan conradh a dhámhachtain.

30.4.

Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin inneachar na tuarascála meastóireachta agus an chinnidh dámhachtana a chumasc i ndoiciméad amháin agus é a shíniú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nósanna imeachta atá faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear in Airteagal 178(1) i gcás nach bhfuarthas ach aon tairiscint amháin;

(b)

agus iomaíocht á hathoscailt laistigh de chreatchonradh i gcás nár ainmníodh coiste meastóireachta;

(c)

le haghaidh cásanna dá dtagraítear i bpointe 11.1, an dara fomhír, pointí (c), (e), (f)(i), (f)(iii), (h) agus (m), i gcás nár ainmníodh coiste meastóireachta.

30.5.

I gcás nós imeachta soláthair a sheoltar ar bhonn idirinstitiúideach, is é an t-údarás conarthach atá freagrach as an nós imeachta soláthair a ghlacfaidh an cinneadh dá dtagraítear i bpointe 30.3.

31.   Faisnéis d’iarrthóirí agus do thairgeoirí

31.1.

Cuirfidh an t-údarás conarthach na hiarrthóirí nó na tairgeoirí go léir ar an eolas, go comhuaineach agus ar bhonn aonair, trí mhodh leictreonach, faoi na cinntí a rinneadh maidir le toradh an nós imeachta a luaithe is féidir tar éis aon cheann de na céimeanna seo a leanas:

(a)

an chéim thosaigh le haghaidh na gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 171(3);

(b)

rinneadh cinneadh ar bhonn critéir eisiaimh agus roghnúcháin i nósanna imeachta soláthair arna n-eagrú in dhá chéim ar leithligh;

(c)

an cinneadh dámhachtana.

I ngach cás, léireoidh an t-údarás conarthach na cúiseanna nár glacadh leis an iarraidh ar rannpháirtíocht nó tairiscint agus na leigheasanna dlí atá ar fáil.

Agus an tairgeoir ar éirigh leis nó léi á chur ar an eolas nó á cur ar an eolas aige, sonróidh an t-údarás conarthach nach ionann an cinneadh faoina dtugtar fógra agus gealltanas óna thaobhsa de.

I gcásanna faoin gcéad fhomhír, pointe (a), ní thugtar fógra ach amháin don tairgeoir a mbaineann an cinneadh leis nó léi go díreach. I gcásanna faoin gcéad fhomhír, pointe (b), seolfar na fógraí faoin gcinneadh a glacadh ar bhonn critéir eisiaimh agus roghnúcháin i gcóras dinimiciúil ceannaigh chuig na hiarrthóirí lena mbaineann ar bhonn aonair.

31.2.

Cuirfidh an t-údarás conarthach an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 173(3) in iúl a luaithe is féidir agus in aon chás laistigh de 15 lá ó iarraidh a fháil i scríbhinn. Nuair a dhámhann an t-údarás conarthach conarthaí ar a chuntas féin, úsáidfidh sé modh leictreonach. Féadfaidh an tairgeoir an iarraidh a sheoladh trí mhodh leictreonach freisin.

31.3.

Nuair a dhéanann an t-údarás conarthach cumarsáid trí mhodh leictreonach, measfar go bhfuil faisnéis faighte ag iarrthóirí nó tairgeoirí más féidir leis an údarás conarthach a chruthú gur sheol sé í chuig an seoladh leictreonach dá dtagraítear sa tairiscint nó san iarraidh ar rannpháirtíocht.

I gcás den sórt sin, measfar go bhfuair an t-iarrthóir nó an tairgeoir an fhaisnéis ar an dáta ar sheol an t-údarás conarthach í.

Caibidil 2

Forálacha is infheidhme maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag institiúidí de chuid an Aontais ar a gcuntas féin

32.   Comhlacht lárnach ceannaigh

32.1.

Féadfaidh comhlacht lárnach ceannaigh gníomhú mar aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

mar mhórdhíoltóir trí sholáthairtí agus seirbhísí a cheannach, a stocáil agus a athdhíol le húdaráis chonarthacha eile;

(b)

mar idirghabhálaí trí chreatchonarthaí a dhámhachtain nó trí chórais dhinimiciúla cheannaigh a oibriú a fhéadfaidh údaráis chonarthacha eile a úsáid mar a fógraíodh san fhógra tosaigh.

32.2.

Cuirfidh an comhlacht lárnach ceannaigh na nósanna imeachta soláthair uile i gcrích agus úsáid á baint aige as modh leictreonach cumarsáide.

33.   Míreanna

33.1.

Aon uair is iomchuí, atá indéanta go teicniúil agus costéifeachtúil, déanfar conarthaí a dhámhachtain i bhfoirm míreanna ar leithligh laistigh den nós imeachta céanna.

33.2.

I gcás ina bhforoinntear ábhar conartha ina roinnt míreanna, gach ceann díobh ina ábhar ag conradh aonair, cuirfear luach iomlán na míreanna uile i gcuntas don mheastóireacht fhoriomlán de bhun na tairsí infheidhme.

I gcás ina bhfuil luach iomlán na míreanna uile cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1) nó níos mó ná iad, beidh feidhm ag Airteagal 166(1) agus ag Airteagail 167 agus 168 maidir le gach ceann de na míreanna.

33.3.

I gcás ina bhfuil conradh le dámhachtain i bhfoirm míreanna ar leithligh, déanfar meastóireacht ar leithligh ar thairiscintí i gcás gach míre. Má dhámhtar roinnt míreanna don tairgeoir céanna, féadfar conradh amháin lena gcumhdaítear na míreanna sin a shíniú.

34.   Ilfhoinsiú

34.1.

Ní fhéadfar soláthar ilfhoinsiúcháin a úsáid ach amháin i gcás inar gá sin chun róspleáchas ar sholáthraí aonair i gcás soláthairtí, oibreacha nó seirbhísí criticiúla a sheachaint, nó i gcás inar gá seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha comhionanna nó cuas-chomhionanna a bheith á ndéanamh go comhthreomhar ag conraitheoirí éagsúla.

34.2

Nuair a úsáidtear soláthar ilfhoinsiúcháin, déanfar conarthaí a dhámhachtain laistigh den nós imeachta céanna. Cuirfear luach iomlán na gconarthaí uile atá beartaithe ag a bhfuil an t-ábhar comhionann nó cuas-chomhionann i gcuntas don mheastóireacht fhoriomlán de bhun na tairsí infheidhme.

I gcás ina bhfuil luach iomlán na gconarthaí atá le dámhachtain cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 178(1) nó níos mó ná iad, beidh feidhm ag Airteagal 166(1) agus Airteagail 167 agus 168 maidir le gach ceann de na conarthaí.

34.3

Léireoidh an t-údarás conarthach sna doiciméid soláthair an t-uaslíon conarthaí atá le dámhachtain. Déanfar conarthaí a eascraíonn as soláthar ilfhoinsiúcháin a dhámhachtain de réir ord an rangaithe dá dtagraítear i bpointe 30.2, pointe (e), agus síneofar iad freisin san ord sin mura bhfuil cúiseanna cuí-réasúnaithe ann.

35.   Socruithe chun luach conartha a mheas

35.1.

Déanfaidh an t-údarás conarthach luach conartha a mheas i bhfianaise na bearta poiblíochta is infheidhme a leagtar amach in Airteagal 166(1) agus (2) a chinneadh agus i bhfianaise an nós imeachta soláthair a roghnú, bunaithe ar an méid iomlán is iníoctha, lena n-áirítear aon fhoirm roghanna agus aon athnuachan.

Déanfar an meastachán sin ar a dhéanaí nuair a sheolfaidh an t-údarás conarthach an nós imeachta soláthair.

35.2.

I gcás creatchonarthaí agus córais dhinimiciúla cheannaigh, is é an luach atá le cur i gcuntas ná uasluach na gconarthaí uile atá beartaithe le linn fhad tréimhse iomlán an chreatchonartha nó an chórais dhinimiciúil ceannaigh.

I gcás comhpháirtíochtaí nuálaíochta, is é an luach atá le cur i gcuntas ná uas luach measta na ngníomhaíochtaí taighde agus forbartha a dhéanfar le linn chéimeanna uile na comhpháirtíochta atá beartaithe chomh maith le luach na n-oibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí atá le ceannach ag deireadh na comhpháirtíochta atá beartaithe.

I gcás ina ndéanann an t-údarás conarthach soláthar d’íocaíochtaí le hiarrthóirí nó tairgeoirí, cuirfidh sé i gcuntas iad agus luach measta an chonartha á ríomh.

35.3.

I gcás conarthaí seirbhíse, cuirfear na nithe seo a leanas i gcuntas:

(a)

i gcás seirbhísí árachais, an phréimh is iníoctha agus cineálacha eile luacha saothair;

(b)

i gcás seirbhísí baincéireachta nó airgeadais, na táillí, na coimisiúin, an t-ús agus cineálacha eile luacha saothair;

(c)

i gcás conarthaí deartha, na táillí, na coimisiúin is iníoctha agus cineálacha eile luacha saothair.

35.4.

I gcás conarthaí seirbhíse nach sonraítear iontu praghas iomlán nó conarthaí soláthair i gcás táirgí a léasú, a fháil ar cíos, a fhruiliú nó a fhruilcheannach, is é seo a leanas an bonn chun luach measta an chonartha a ríomh:

(a)

i gcás conarthaí ar théarma seasta:

(i)

i gcás ina bhfuil a bhfad tréimhse 48 mí nó níos giorra ná sin i gcás seirbhísí nó 12 mhí nó níos giorra i gcás soláthairtí, luach iomlán an chonartha dá bhfad tréimhse;

(ii)

i gcás ina bhfuil a bhfad tréimhse níos faide ná 12 mhí i gcás soláthairtí, an luach iomlán lena n-áirítear an luach iarmharach measta;

(b)

i gcás conarthaí gan téarma seasta nó, i gcás seirbhísí, ar feadh fad tréimhse is faide ná 48 mí, an luach míosúil arna iolrú faoi 48.

35.5.

I gcás conarthaí seirbhíse nó soláthair a dhámhtar go rialta nó atá le hathnuachan laistigh de thréimhse áirithe, is ar bhonn aon cheann díobh seo a leanas a ríomhfar luach measta an chonartha:

(a)

luach iarbhír iomlán na gconarthaí leanúnacha den chineál céanna arna ndámhachtain le linn an 12 mhí nó na bliana airgeadais roimhe sin, arna choigeartú, i gcás inar féidir, chun na hathruithe ar chainníocht nó ar luach a tharlódh le linn an 12 mhí tar éis an chonartha tosaigh a chur i gcuntas;

(b)

luach measta iomlán na gconarthaí leanúnacha den chineál céanna atá le dámhachtain le linn na bliana airgeadais.

35.6.

I gcás conarthaí oibreacha, cuirfear i gcuntas ní hamháin luach na n-oibreacha ach luach measta iomlán na soláthairtí agus na seirbhísí freisin a bhfuil gá leo chun na hoibreacha a dhéanamh agus a chuireann an t-údarás conarthach ar fáil don chonraitheoir.

35.7.

I gcás conarthaí lamháltais, is é a bheidh sa luach ná láimhdeachas iomlán measta an lamháltóra a ghintear thar thréimhse an chonartha.

Déanfar an luach a ríomh trí úsáid a bhaint as modh oibiachtúil a shonraítear sna doiciméid soláthair, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur i gcuntas:

(a)

an t-ioncam ó íoc táillí agus fíneálacha ag úsáideoirí na n-oibreacha nó na seirbhísí seachas iad siúd a bhailítear thar ceann an údaráis chonarthaigh;

(b)

luach na ndeontas nó aon bhuntáistí airgeadais eile ó thríú páirtithe chun an lamháltas a chomhlíonadh;

(c)

an t-ioncam ó dhíolacháin aon sócmhainní ar cuid den lamháltas iad;

(d)

luach na soláthairtí agus na seirbhísí uile a chuireann an t-údarás conarthach ar fáil don lamháltóir ar choinníoll go bhfuil siad riachtanach chun na hoibreacha nó na seirbhísí a dhéanamh;

(e)

na híocaíochtaí le hiarrthóirí nó tairgeoirí.

36.   Tréimhse neamhghníomhaíochta roimh shíniú an chonartha

36.1.

Tosóidh an tréimhse neamhghníomhaíochta ar cheachtar de na dátaí seo a leanas:

(a)

an lá tar éis sheoladh comhuaineach na bhfógraí chuig tairgeoirí ar éirigh leo agus tairgeoirí nár éirigh leo trí mhodh leictreonach;

(b)

i gcás ina ndámhtar an conradh nó an creatchonradh de bhun phointe 11.1, an dara fomhír, pointe (b), an lá tar éis an fógra dámhachtana dá dtagraítear i bpointe 2.4 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Más gá, féadfaidh an t-údarás conarthach síniú an chonartha a chur ar fionraí le haghaidh scrúdú breise má tá údar cuí leis sin de bharr iarrataí nó tráchtanna arna ndéanamh ag iarrthóirí nó tairgeoirí nár éirigh leo nó ag iarrthóirí nó tairgeoirí éagóraithe nó mar gheall ar aon fhaisnéis ábhartha eile a fhaightear le linn na tréimhse a leagtar amach in Airteagal 178(3). I gcás fionraí, cuirfear na hiarrthóirí nó na tairgeoirí uile ar an eolas laistigh de 3 lá oibre tar éis an chinnidh maidir le fionraí.

I gcás nach féidir an conradh nó an creatchonradh a shíniú leis an tairgeoir ar éirigh leis nó léi atá beartaithe, féadfaidh an t-údarás conarthach é a dhámhachtain don tairgeoir is fearr ar éirigh leis nó léi i ndiaidh an tairgeora sin.

36.2.

Ní bheidh feidhm ag an tréimhse a leagtar amach i bpointe 36.1 sna cásanna seo a leanas:

(a)

aon nós imeachta nach ndearnadh ach aon tairiscint amháin a thíolacadh;

(b)

conarthaí sonracha atá bunaithe ar chreatchonradh;

(c)

córais dhinimiciúla cheannaigh;

(d)

nós imeachta idirbheartaithe gan foilsiú roimh ré dá dtagraítear i bpointe 11 ach amháin i gcás conarthaí arna ndámhachtain i gcomhréir le pointe 11.1, an dara fomhír, pointe (b).

Caibidil 3

Soláthar i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha

37.   Forálacha speisialta a bhaineann le tairseacha agus na socruithe maidir le conarthaí a dhámhachtain i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha

Ní bheidh feidhm ag pointe 2, cé is moite de phointe 2.5, ná ag pointí 3, 4 agus 6, pointe 12.1, pointe (a) agus pointí (c) go (f), pointe 12.4, pointe 13.3, pointí 14 agus 15, pointí 17.4 go 17.8, pointí 20.4 agus 23.3, pointe 24, pointí 25.2 agus 25.3, pointí 26, 28, agus 29, cé is moite de phointe 29.3, maidir le conarthaí poiblí arna dtabhairt i gcrích ag na húdaráis chonarthacha dá dtagraítear in Airteagal 181(2) nó thar a gceann. Ní bheidh feidhm ag pointí 32, 33 agus 35 maidir le soláthar i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha. Beidh feidhm ag pointe 36 maidir le soláthar i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha. Chun críocha phointe 36.1, an dara fomhír, is é a bheidh i bhfad na tréimhse neamhghníomhaíochta an fad a leagtar amach in Airteagal 181(1).

Is é an Coimisiún a chinnfidh cur chun feidhme na bhforálacha soláthair faoin gCaibidil seo, lena n-áirítear maidir leis na rialuithe iomchuí atá le cur i bhfeidhm ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach i gcás nach é an Coimisiún an t-údarás conarthach.

38.   Fógraíocht

38.1.

Más infheidhme, seolfar an fógra réamhfhaisnéise faoi ghlaonna ar thairiscint tar éis an nós imeachta shrianta nó an nós imeachta oscailte dá dtagraítear, faoi seach, i bpointe 39.1, pointí (a) agus (b), chuig Oifig na bhFoilseachán trí mhodh leictreonach a luaithe is féidir.

38.2.

Seolfar an fógra dámhachtana nuair a shíneofar an conradh ach amháin i gcás, más gá fós, inar dearbhaíodh an conradh a bheith rúnda nó i gcás nach mór bearta slándála speisialta a bheith ag gabháil le comhlíonadh an chonartha, nó i gcás ina n-éilítear amhlaidh chun bunleasanna an Aontais nó na tíre is tairbhí a chosaint, agus i gcás ina meastar nach iomchuí an fógra dámhachtana a fhoilsiú.

39.   Tairseacha agus nósanna imeachta

39.1.

Is mar seo a leanas a bheidh na nósanna imeachta soláthair i réimse na ngníomhaíochtaí seachtracha:

(a)

an nós imeachta srianta dá bhforáiltear in Airteagal 167(1), pointe (b);

(b)

an nós imeachta oscailte dá bhforáiltear in Airteagal 167(1), pointe (a);

(c)

an nós imeachta oscailte áitiúil;

(d)

an nós imeachta simplithe;

39.2.

Is mar seo a leanas a bheidh úsáid na nósanna imeachta soláthair de réir tairseach:

(a)

féadfar an nós imeachta oscailte nó srianta a úsáid sna cásanna seo a leanas:

(i)

conarthaí seirbhíse agus soláthair agus conarthaí lamháltais seirbhíse ar a bhfuil luach EUR 300 000 ar a laghad;

(ii)

conarthaí oibreacha agus conarthaí lamháltais oibreacha ar a bhfuil luach EUR 5 000 000 ar a laghad;

(b)

féadfar an nós imeachta oscailte áitiúil a úsáid sna cásanna seo a leanas:

(i)

conarthaí soláthair ar a bhfuil luach EUR 100 000 ar a laghad agus níos lú ná EUR 300 000;

(ii)

conarthaí oibreacha agus conarthaí lamháltais oibreacha ar a bhfuil luach EUR 300 000 ar a laghad agus níos lú ná EUR 5 000 000;

(c)

féadfar an nós imeachta simplithe a úsáid sna cásanna seo a leanas:

(i)

conarthaí seirbhíse, conarthaí lamháltais seirbhíse, conarthaí oibreacha agus conarthaí lamháltais oibreacha ar a bhfuil luach níos lú ná EUR 300 000;

(ii)

conarthaí soláthair ar a bhfuil luach níos lú ná EUR 100 000;

(d)

féadfar conarthaí ar a bhfuil luach níos lú ná EUR 20 000 nó cothrom leis sin a dhámhachtain ar bhonn tairiscint aonair;

(e)

féadfar íocaíochtaí de mhéideanna atá níos lú ná EUR 2 500 nó cothrom leis sin a dhéanamh i leith míreanna caiteachais go díreach mar íocaíocht i gcoinne sonrasc, gan tairiscint a bheith glactha roimh ré.

39.3.

Sa nós imeachta srianta dá dtagraítear i bpointe 39.1, pointe (a), luafar san fhógra conartha líon na n-iarrthóirí dá dtabharfar cuireadh tairiscintí a thíolacadh. I gcás conarthaí seirbhíse, tabharfar cuireadh do cheathrar iarrthóirí ar a laghad. Beidh líon na n-iarrthóirí a gceadófar dóibh tairiscintí a thíolacadh leordhóthanach chun fíoriomaíocht a áirithiú.

Má tá líon na n-iarrthóirí a shásaíonn na critéir roghnúcháin nó na híosleibhéil acmhainneachta níos lú ná an t-íoslíon, ní fhéadfaidh an t-údarás conarthach cuireadh a thabhairt tairiscint a thíolacadh ach amháin do na hiarrthóirí sin a shásaíonn na critéir chun tairiscint a thíolacadh.

39.4.

Faoin nós imeachta oscailte áitiúil dá dtagraítear i bpointe 39.1, pointe (c), foilseofar an fógra conartha ar a laghad in iris oifigiúil an Stáit is faighteoir nó in aon fhoilseachán coibhéiseach i gcás cuirí áitiúla chun tairisceana.

39.5.

Faoin nós imeachta simplithe dá dtagraítear i bpointe 39.1, pointe (d), déanfaidh an t-údarás conarthach liosta de thriúr tairgeoirí ar a laghad dá rogha a tharraingt suas, gan fógra a fhoilsiú.

Féadfar tairgeoirí don nós imeachta simplithe a roghnú as liosta díoltóirí dá dtagraítear i bpointe 13.1, pointe (b), agus a fhógraítear trí ghlao ar léiriú spéise.

Más rud é, tar éis dul i gcomhairle leis na tairgeoirí, nach bhfaigheann an t-údarás conarthach ach aon tairiscint amháin atá bailí ar bhonn riaracháin agus teicniúil, féadfar an conradh a dhámhachtain ar choinníoll go gcomhlíonfar na critéir dhámhachtana.

39.6.

I gcás seirbhísí dlí nach gcumhdaítear i bpointe 11.1, an dara fomhír, pointe (h), féadfaidh na húdaráis chonarthacha an nós imeachta simplithe a úsáid, cibé an luach measta atá ar an gconradh.

40.   An nós imeachta idirbheartaithe a úsáid le haghaidh conarthaí seirbhíse, soláthair agus oibreacha

40.1.

Féadfaidh údaráis chonarthacha an nós imeachta idirbheartaithe a úsáid le tairiscint amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina gcuirtear na seirbhísí de chúram ar chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí nó institiúidí nó cumainn neamhbhrabúis agus go mbaineann siad le gníomhaíochtaí de chineál institiúideach nó atá ceaptha chun cúnamh a thabhairt do dhaoine sa réimse sóisialta;

(b)

i gcás nár éirigh leis an nós imeachta tairisceana, is é sin le rá, i gcás nach bhfuarthas aon tairiscint a bhfuil fiúntas cáilíochtúil agus/nó fiúntas airgeadais léi, agus sa chás sin, tar éis an nós imeachta tairisceana a chur ar ceal, féadfaidh an t-údarás conarthach idirbheartaíocht a dhéanamh le tairgeoir amháin nó níos mó ná sin dá rogha féin, as measc na dtairgeoirí sin a bhí rannpháirteach sa chuireadh chun tairisceana, ar choinníoll nach ndéantar athrú substaintiúil ar na doiciméid soláthair;

(c)

i gcás ina bhfuil gá le conradh nua a thabhairt i gcrích tar éis luathfhoirceannadh conartha atá ann cheana.

40.2.

Chun críocha phointe 11.1, an dara fomhír, pointe (c), measfar go sásaíonn oibríochtaí a dhéantar le linn géarchéime tástáil na deargphráinne. Déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean a shuí, i gcomhar leis na hoifigigh údarúcháin eile trí tharmligean lena mbaineann i gcás inarb iomchuí, go bhfuil cás deargphráinne ann agus déanfaidh sé nó sí athbhreithniú rialta ar a chinneadh nó ar a cinneadh ag féachaint do phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais.

40.3.

Áireofar ar na gníomhaíochtaí de chineál institiúideach dá dtagraítear i bpointe 40.1, pointe (a), seirbhísí atá nasctha go díreach le misean reachtúil chomhlachtaí na hearnála poiblí.

41.   Sonraíochtaí tairisceana

De mhaolú ar phointe 16.3, i gcás na nósanna imeachta uile a bhfuil iarraidh ar rannpháirtíocht i gceist leo, féadfar na sonraíochtaí tairisceana a scoilteadh de réir dhá chéim an nós imeachta agus ní fhéadfar a bheith sa chéad chéim ach an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 16.3, pointe (a) agus (f).

42.   Teorainneacha ama i gcás nósanna imeachta

42.1.

I gcás conarthaí seirbhíse, is é 50 lá an t-am íosta idir an lá tar éis dháta sheoladh na litreach cuiridh chun tairisceana agus an dáta deiridh chun tairiscintí a fháil. I gcásanna práinneacha, áfach, féadfar teorainneacha ama eile a údarú.

42.2.

Féadfaidh tairgeoirí ceisteanna a chur i scríbhinn roimh an dáta deiridh chun tairiscintí a fháil. Soláthróidh an t-údarás conarthach na freagraí ar na ceisteanna roimh an dáta deiridh chun tairiscintí a fháil.

42.3.

I nósanna imeachta srianta, ní bheidh an teorainn ama chun iarrataí ar rannpháirtíocht a fháil níos gairide ná 30 lá ón dáta tar éis an dáta a fhoilsítear an fógra conartha. Ní bheidh an tréimhse idir an dáta tar éis an dáta a sheoltar an litir chuiridh agus an dáta deiridh chun tairiscintí a fháil níos gairide ná 50 lá. I gcásanna eisceachtúla áirithe, áfach, féadfar teorainneacha ama eile a údarú.

42.4.

I nósanna imeachta oscailte, is iad seo a leanas, ar a laghad, na teorainneacha ama chun tairiscintí a fháil, ón dáta tar éis an dáta a fhoilsítear an fógra conartha:

(a)

90 lá i gcás conarthaí oibreacha;

(b)

60 lá i gcás conarthaí soláthair.

I gcásanna eisceachtúla áirithe, áfach, féadfar teorainneacha ama eile a údarú.

42.5.

I nósanna imeachta oscailte áitiúla, is iad seo a leanas, ar a laghad, na teorainneacha ama chun tairiscintí a fháil, ón dáta a fhoilsítear an fógra conartha:

(a)

60 lá i gcás conarthaí oibreacha;

(b)

30 lá i gcás conarthaí soláthair.

I gcásanna eisceachtúla áirithe, áfach, féadfar teorainneacha ama eile a údarú.

42.6.

I gcás na nósanna imeachta simplithe dá dtagraítear i bpointe 39.1, pointe (d), ceadófar 30 lá ar a laghad d’iarrthóirí ó dháta sheoladh na litreach cuiridh chun tairisceana chun a dtairiscintí a thíolacadh.

(1)  Treoir 77/249/CEE ón gComhairle an 22 Márta 1977 chun feidhmiú éifeachtach dlíodóirí chun seirbhísí a sholáthar a éascú (IO L 78, 26.3.1977, lch. 17).

(2)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(3)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis (IO L, 2023/2831, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2831/oj).

(5)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6(1)

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 10(3)

Airteagal 10(4)

Airteagal 10(4)

Airteagal 10(5)

Airteagal 10(5)

Airteagal 10(6)

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 15

Airteagal 15(2)(a)

Airteagal 15(2)(b)

Airteagal 16

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 21

Airteagal 21(2)(a)(i)

Airteagal 21(2)(a)(ii)

Airteagal 22

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 32

Airteagal 33

Airteagal 33

Airteagal 34

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 36

Airteagal 36(3)(c)

Airteagal 36(3)(d)

Airteagal 36(3)(c)

Airteagal 36(3)(e)

Airteagal 36(3)(d)

Airteagal 36(3)(f)

Airteagal 36(3)(e)

Airteagal 36(3)(g)

Airteagal 36(3)(f)

Airteagal 37

Airteagal 37

Airteagal 38

Airteagal 38

Airteagal 38(6)

Airteagal 38(7)

Airteagal 39

Airteagal 39

Airteagal 40

Airteagal 40

Airteagal 41

Airteagal 41

Airteagal 41(5)(g)

Airteagal 217(2)

Airteagal 41(5)(i)

Airteagal 217(2)

Airteagal 41(5)(j)

Airteagal 256

Airteagal 41(8)

Airteagal 41(9)

Airteagal 41(8)

Airteagal 41(10)

Airteagal 41(9)

Airteagal 41(11)

Airteagal 41(10)

Airteagal 42

Airteagal 42

Airteagal 43

Airteagal 43

Airteagal 44

Airteagal 44

Airteagal 45

Airteagal 45

Airteagal 46

Airteagal 46

Airteagal 47

Airteagal 47

Airteagal 48

Airteagal 48

Airteagal 48(2)

Airteagal 48(3)

Airteagal 49

Airteagal 49

Airteagal 50

Airteagal 50

Airteagal 51

Airteagal 51

Airteagal 52

Airteagal 52

Airteagal 53

Airteagal 53

Airteagal 54

Airteagal 54

Airteagal 55

Airteagal 55

Airteagal 56

Airteagal 56

Airteagal 57

Airteagal 57

Airteagal 58

Airteagal 58

Airteagal 59

Airteagal 59

Airteagal 60

Airteagal 60

Airteagal 61

Airteagal 61

Airteagal 62

Airteagal 62

Airteagal 63

Airteagal 63

Airteagal 64

Airteagal 64

Airteagal 65

Airteagal 65

Airteagal 66

Airteagal 66

Airteagal 67

Airteagal 67

Airteagal 68

Airteagal 68

Airteagal 69

Airteagal 69

Airteagal 70

Airteagal 70

Airteagal 71

Airteagal 71

Airteagal 72

Airteagal 72

Airteagal 73

Airteagal 73

Airteagal 74

Airteagal 74

Airteagal 75

Airteagal 75

Airteagal 76

Airteagal 76

Airteagal 77

Airteagal 77

Airteagal 78

Airteagal 78

Airteagal 79

Airteagal 79

Airteagal 80

Airteagal 80

Airteagal 81

Airteagal 81

Airteagal 82

Airteagal 82

Airteagal 83

Airteagal 83

Airteagal 84

Airteagal 84

Airteagal 85

Airteagal 85

Airteagal 86

Airteagal 86

Airteagal 87

Airteagal 87

Airteagal 88

Airteagal 88

Airteagal 88(1)

Airteagal 88(2)

Airteagal 88(2)

Airteagal 89

Airteagal 89

Airteagal 89(2)

Airteagal 89(3)

Airteagal 89(5)

Airteagal 89(3)

Airteagal 89(6)

Airteagal 89(4)

Airteagal 90

Airteagal 90

Airteagal 91

Airteagal 91

Airteagal 92

Airteagal 92

Airteagal 93

Airteagal 93

Airteagal 94

Airteagal 94

Airteagal 95

Airteagal 95

Airteagal 96

Airteagal 96

Airteagal 97

Airteagal 97

Airteagal 98

Airteagal 98

Airteagal 99

Airteagal 99

Airteagal 100

Airteagal 100

Airteagal 101

Airteagal 101

Airteagal 102

Airteagal 102

Airteagal 103

Airteagal 103

Airteagal 104

Airteagal 104

Airteagal 105

Airteagal 105

Airteagal 106

Airteagal 106

Airteagal 107

Airteagal 107

Airteagal 108

Airteagal 108

Airteagal 109

Airteagal 109

Airteagal 110

Airteagal 110

Airteagal 111

Airteagal 111

Airteagal 112

Airteagal 112

Airteagal 113

Airteagal 113

Airteagal 114

Airteagal 114

Airteagal 115

Airteagal 115

Airteagal 116

Airteagal 116

Airteagal 117

Airteagal 117

Airteagal 118

Airteagal 118

Airteagal 119

Airteagal 119

Airteagal 120

Airteagal 120

Airteagal 121

Airteagal 121

Airteagal 122

Airteagal 122

Airteagal 123

Airteagal 123

Airteagal 124

Airteagal 124

Airteagal 125

Airteagal 125

Airteagal 126

Airteagal 126

Airteagal 127

Airteagal 127

Airteagal 128

Airteagal 128

Airteagal 129

Airteagal 129

Airteagal 130

Airteagal 131

Airteagal 131

Airteagal 132

Airteagal 132

Airteagal 133

Airteagal 133

Airteagal 134

Airteagal 134

Airteagal 135

Airteagal 135

Airteagal 137

Airteagal 135(3)

Airteagal 137(4)

Airteagal 135(4)

Airteagal 137(5)

Airteagal 136

Airteagal 138

Airteagal 136(2)

Airteagal 138(3)

Airteagal 136(3)

Airteagal 138(4)

Airteagal 136(4)

Airteagal 138(5)

Airteagal 136(5)

Airteagal 138(7)

Airteagal 136(6)

Airteagal 138(9)

Airteagal 136(7)

Airteagal 138(10)

Airteagal 136(8)

Airteagal 138(11)

Airteagal 136(9)

Airteagal 138(12)

Airteagal 137

Airteagal 139

Airteagal 138

Airteagal 140

Airteagal 139

Airteagal 141

Airteagal 140

Airteagal 142

Airteagal 141

Airteagal 143

Airteagal 142

Airteagal 144

Airteagal 143

Airteagal 145

Airteagal 143(2)(b)

Airteagal 145(2)(c)

Airteagal 143(2)(c)

Airteagal 145(2)(d)

Airteagal 144

Airteagal 147

Airteagal 145

Airteagal 148

Airteagal 146

Airteagal 149

Airteagal 147

Airteagal 150

Airteagal 148

Airteagal 151

Airteagal 148(3)

Airteagal 151(4)

Airteagal 149

Airteagal 152

Airteagal 149(7)

Airteagal 152(8)

Airteagal 150

Airteagal 153

Airteagal 151

Airteagal 154

Airteagal 152

Airteagal 155

Airteagal 153

Airteagal 156

Airteagal 154

Airteagal 157

Airteagal 154(6)

Airteagal 157(7)

Airteagal 154(7)

Airteagal 157(8)

Airteagal 155

Airteagal 158

Airteagal 155(5)

Airteagal 157(6)

Airteagal 155(6)

Airteagal 158(7)

Airteagal 155(7)

Airteagal 158(8)

Airteagal 155(8)

Airteagal 158(9)

Airteagal 156

Airteagal 159

Airteagal 157

Airteagal 160

Airteagal 158

Airteagal 161

Airteagal 159

Airteagal 162

Airteagal 160

Airteagal 163

Airteagal 161

Airteagal 164

Airteagal 162

Airteagal 165

Airteagal 163

Airteagal 166

Airteagal 164

Airteagal 167

Airteagal 165

Airteagal 168

Airteagal 166

Airteagal 169

Airteagal 167

Airteagal 170

Airteagal 168

Airteagal 171

Airteagal 169

Airteagal 172

Airteagal 170

Airteagal 173

Airteagal 171

Airteagal 174

Airteagal 172

Airteagal 175

Airteagal 173

Airteagal 176

Airteagal 174

Airteagal 177

Airteagal 175

Airteagal 178

Airteagal 176

Airteagal 179

Airteagal 177

Airteagal 180

Airteagal 178

Airteagal 181

Airteagal 179

Airteagal 182

Airteagal 180

Airteagal 183

Airteagal 181

Airteagal 184

Airteagal 182

Airteagal 185

Airteagal 183

Airteagal 186

Airteagal 183(5)

Airteagal 184

Airteagal 187

Airteagal 185

Airteagal 188

Airteagal 186

Airteagal 189

Airteagal 187

Airteagal 190

Airteagal 188

Airteagal 191

Airteagal 189

Airteagal 192

Airteagal 190

Airteagal 193

Airteagal 191

Airteagal 194

Airteagal 192

Airteagal 195

Airteagal 193

Airteagal 196

Airteagal 194

Airteagal 197

Airteagal 195

Airteagal 198

Airteagal 196

Airteagal 199

Airteagal 197

Airteagal 200

Airteagal 198

Airteagal 201

Airteagal 199

Airteagal 202

Airteagal 200

Airteagal 203

Airteagal 201

Airteagal 204

Airteagal 202

Airteagal 205

Airteagal 203

Airteagal 206

Airteagal 204

Airteagal 207

Airteagal 205

Airteagal 208

Airteagal 206

Airteagal 209

Airteagal 207

Airteagal 210

Airteagal 208

Airteagal 211

Airteagal 208(3)

Airteagal 211(4)

Airteagal 208(4)

Airteagal 211(5)

Airteagal 208(5)

Airteagal 211(6)

Airteagal 209

Airteagal 212

Airteagal 210

Airteagal 213

Airteagal 211

Airteagal 214

Airteagal 212

Airteagal 215

Airteagal 213

Airteagal 216

Airteagal 214

Airteagal 217

Airteagal 215

Airteagal 218

Airteagal 215(2)

Airteagal 215(3)

Airteagal 218(2)

Airteagal 215(4)

Airteagal 218(3)

Airteagal 215(5)

Airteagal 218(4)

Airteagal 215(6)

Airteagal 218(5)

Airteagal 215(7)

Airteagal 218(6)

Airteagal 216

Airteagal 219

Airteagal 217

Airteagal 220

Airteagal 218

Airteagal 221

Airteagal 219

Airteagal 222

Airteagal 220

Airteagal 223

Airteagal 220(2)

Airteagal 220(3)

Airteagal 223(2)

Airteagal 220(4)

Airteagal 223(3)

Airteagal 220(5)

Airteagal 223(4)

Airteagal 220(6)

Airteagal 223(5)

Airteagal 220(7)

Airteagal 220a

Airteagal 224

Airteagal 221

Airteagal 225

Airteagal 222

Airteagal 226

Airteagal 223

Airteagal 227

Airteagal 224

Airteagal 228

Airteagal 225

Airteagal 229

Airteagal 226

Airteagal 230

Airteagal 227

Airteagal 231

Airteagal 228

Airteagal 232

Airteagal 229

Airteagal 233

Airteagal 230

Airteagal 234

Airteagal 231

Airteagal 235

Airteagal 231(3)

Airteagal 232

Airteagal 236

Airteagal 233

Airteagal 237

Airteagal 234

Airteagal 238

Airteagal 235

Airteagal 239

Airteagal 236

Airteagal 241

Airteagal 237

Airteagal 242

Airteagal 237(2)

Airteagal 237(3)

Airteagal 237(2)

Airteagal 237(4)

Airteagal 237(3)

Airteagal 237(5)

Airteagal 237(7)

Airteagal 238

Airteagal 243

Airteagal 239

Airteagal 245

Airteagal 240

Airteagal 246

Airteagal 241

Airteagal 247

Airteagal 242

Airteagal 248

Airteagal 243

Airteagal 249

Airteagal 244

Airteagal 250

Airteagal 245

Airteagal 251

Airteagal 246

Airteagal 252

Airteagal 247

Airteagal 253

Airteagal 248

Airteagal 254

Airteagal 249

Airteagal 255

Airteagal 250

Airteagal 256

Airteagal 251

Airteagal 257

Airteagal 252

Airteagal 258

Airteagal 253

Airteagal 259

Airteagal 254

Airteagal 260

Airteagal 255

Airteagal 261

Airteagal 256

Airteagal 262

Airteagal 257

Airteagal 263

Airteagal 258

Airteagal 264

Airteagal 259

Airteagal 265

Airteagal 260

Airteagal 266

Airteagal 261

Airteagal 267

Airteagal 262

Airteagal 268

Airteagal 263

Airteagal 269

Airteagal 264

Airteagal 270

Airteagal 265

Airteagal 271

Airteagal 266

Airteagal 272

Airteagal 267

Airteagal 273

Airteagal 268

Airteagal 274

Airteagal 269

Airteagal 275

Airteagal 270

Airteagal 271

Airteagal 272

Airteagal 273

Airteagal 274

Airteagal 275

Airteagal 276

Airteagal 277

Airteagal 278

Airteagal 279(1)

Airteagal 277(3)

Airteagal 279(2)

Airteagal 279(3)

Airteagal 277(4)

Airteagal 279(4)

Airteagal 280

Airteagal 278

Airteagal 281(1)

Airteagal 279 an chéad mhír

Airteagal 281(2)

Airteagal 281(3)

Airteagal 279 an dara mír

Airteagal 282(1)

Airteagal 280 an chéad mhír

Airteagal 282(2)

Airteagal 280 an dara mír

Airteagal 282(3)


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)