|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2508 |
24.9.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/2508 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Iúil 2024
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a mhéid a bhaineann le fógraí na mBallstát maidir le praghsanna táirgthe torthaí agus glasraí ar an margadh inmheánach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 223(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 55(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún (2), tá na Ballstáit le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na praghsanna táirgthe torthaí agus glasraí ar an margadh inmheánach a taifeadadh agus a chomhfhreagraíonn do thíopaí agus cineálacha na dtáirgí, na méideanna agus na léirithe mar a shonraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin. Chun fógraí na mBallstát a ailíniú agus chun feabhas a chur ar inchomparáideacht agus trédhearcacht phraghsanna na dtorthaí agus na nglasraí a liostaítear san Iarscríbhinn sin, is gá forálacha áirithe a chur le hAirteagal 55 den Rialachán Tarmligthe sin. |
|
(2) |
Chun forbairtí ar mhéideanna ionadaíocha agus léirithe na dtorthaí agus na nglasraí ar an margadh, agus acmhainneacht táirgeachta na mBallstát i gcás torthaí agus glasraí áirithe a chur san áireamh, is gá Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a thabhairt cothrom le dáta, ar bhonn na faisnéise is déanaí atá ar fáil. I ngeall ar an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann leo, ba cheart roinnt táirgí a chur leis an liosta san Iarscríbhinn sin. Ba cheart torthaí áirithe a bhaint den liosta sin toisc nach meastar iad a bheith ionadaíoch do mhargadh an Aontais ina iomláine. Chun measúnú nua a dhéanamh ar acmhainneacht táirgeachta na mBallstát, is gá liosta na margaí ionadaíocha a thabhairt cothrom le dáta freisin. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a leasú dá réir sin. |
|
(4) |
Ós rud é go bhfuil margaí ionadaíocha nua agus táirgí nua in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891, ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do na Ballstáit a gcórais chumarsáide a oiriúnú. Dá bhrí sin, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin Tharmligthe seo a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2025, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 55(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Ní thabharfaidh na Ballstáit fógra ach amháin maidir le praghsanna torthaí agus glasraí a tháirgtear laistigh dá gcríoch. Cumhdóidh na praghsanna torthaí agus glasraí traidisiúnta, neamhorgánacha atá ceaptha lena dtomhailt agus iad úr.’; |
|
(2) |
an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirtear é in ionad Iarscríbhinn VI. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pionóis atá le cur i bhfeidhm sna hearnálacha sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (IO L 138, 25.5.2017, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/891/oj).
IARSCRÍBHINN
‘‘IARSCRÍBHINN VI
AN FÓGRA PRAGHAIS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 55(1)
|
Táirge |
Tíopa/cineál |
Léiriú/méid |
Margaí ionadaíocha |
|
Trátaí |
Ciorclach |
Méid 47-102 mm, ar an mórchóir, i bpacáistí 5 nó 6 kg |
an Bheilg an Ghréig an Spáinn an Fhrainc an Iodáil an Ísiltír an Pholainn an Phortaingéil an Rómáin |
|
Triopall |
Triopaill de gach cineál ach amháin má tá meánmhéid 47 mm nó níos mó ná 47 mm ag gach tráta aonair, i bpacáistí 3 go 10 kg |
||
|
Speisialta/Silíní |
Trátaí scaoilte nó triopall trátaí, trátaí speisialta, má tá meánmhéid na dtrátaí aonair níos lú na 47 mm (40 mm i gcás trátaí silíní), i bpacáistí thart ar 250 go 500 g |
||
|
Aibreoga |
Gach tíopa agus cineál |
Méid 40-50 mm, tráidirí nó pacáistí thart ar 5 go 10 kg nó pacáistí 500 g go 1 kg |
an Bhulgáir an Ghréig an Spáinn an Fhrainc an Iodáil an Ungáir an Rómáin |
|
Neachtairíní |
Bia geal Bia buí |
Méid A/B, tráidirí nó pacáistí thart ar 6 go 10 kg |
an Ghréig an Spáinn an Fhrainc an Iodáil |
|
Neachtairíní leathana |
Méid A/B, tráidirí nó pacáistí thart ar 5 kg |
||
|
Péitseoga |
Bia geal Bia buí |
Méid A/B, tráidirí nó pacáistí thart ar 6 go 10 kg nó pacáistí 500 g go 1 kg |
an Ghréig an Spáinn an Fhrainc an Iodáil |
|
Péitseoga leathana |
Méid A/B, tráidirí nó pacáistí thart ar 5 kg |
||
|
Fíonchaora boird |
Gach tíopa agus cineál le síolta Gach tíopa agus cineál gan síolta |
Tráidirí idir 300 agus 700 g agus pacáistí 3 go 10 kg |
an Ghréig an Spáinn an Fhrainc an Iodáil |
|
Piorraí |
Blanquilla |
Méid 55/60, pacáistí thart ar 5 go 10 kg |
an Bheilg an Ghréig an Spáinn an Fhrainc an Iodáil an Ísiltír an Ostair an Pholainn an Phortaingéil an Rómáin |
|
Conference |
Méid 60/65+, pacáistí thart ar 5 go 10 kg |
||
|
Williams Rocha |
Méid 65+/75+, pacáistí thart ar 5 go 10 kg |
||
|
Abbé Fétel Kaiser |
Méid 70/75, pacáistí thart ar 5 go 10 kg |
||
|
Doyenné du Comice |
Méid 75/90, pacáistí thart ar 5 go 10 kg |
||
|
Úlla |
Braeburn Cox orange Elstar Gala Golden delicious Jonagold (nó Jonagored) Idared Fuji Shampion Granny Smith Red delicious agus cineálacha dearga eile Ligol Boskoop |
Méid 65-80, pacáistí thart ar 4 go 20 kg |
an Bheilg an Ghearmáin an Ghréig an Spáinn an Fhrainc an Iodáil an Ungáir an Ísiltír an Pholainn an Phortaingéil an Rómáin |
|
Líomóidí |
Gach cineál |
Méideanna 3-4, pacáistí thart ar 10 go 20 kg |
an Ghréig an Spáinn an Iodáil |
|
Cleimintíní |
Gach cineál |
Méideanna 1-X-3, pacáistí thart ar 8 go 20 kg |
an Ghréig an Spáinn an Iodáil an Fhrainc |
|
Mandairíní |
Gach cineál |
Méideanna 1-X-3, pacáistí thart ar 8 go 20 kg |
an Ghréig an Spáinn an Iodáil |
|
Oráistí |
Meán ualaithe náisiúnta na bpríomhchineálacha lena gcumhdaítear 70 % ar a laghad den mhargadh ionadaíoch i dtréimhse thagartha an fhógra |
Méid 3-6, pacáistí thart ar 8 go 20 kg |
an Ghréig an Spáinn an Iodáil an Phortaingéil |
|
Cíobhaíonna |
Green Hayward |
Méid 85-90 agus 95-125, pacáistí thart ar 3 go 10 kg |
an Ghréig an Spáinn an Fhrainc an Iodáil an Phortaingéil |
|
Cóiliseacha |
Gach tíopa agus cineál |
Méid 16 go 20 cm |
an Bheilg an Ghearmáin an Ghréig an Spáinn an Fhrainc an Iodáil an Ísiltír an Pholainn an Phortaingéil an Rómáin |
|
Ubhthorthaí |
Gach tíopa agus cineál |
Méid 40+/70+ |
an Ghréig an Spáinn an Fhrainc an Iodáil an Ísiltír an Rómáin |
|
Mealbhacáin uisce |
Meán ualaithe náisiúnta d’fhormhór na dtíopaí agus na gcineálacha ionadaíocha a chumhdaíonn 70 % ar a laghad den mhargadh ionadaíoch |
Gnáthchaighdeáin sa mhargadh ionadaíoch |
an Bhulgáir an Ghréig an Spáinn an Iodáil an Ungáir an Rómáin |
|
Mealbhacáin |
Meán ualaithe náisiúnta d’fhormhór na dtíopaí agus na gcineálacha ionadaíocha a chumhdaíonn 70 % ar a laghad den mhargadh ionadaíoch |
Gnáthchaighdeáin sa mhargadh ionadaíoch |
an Ghréig an Spáinn an Fhrainc an Iodáil an Phortaingéil an Rómáin |
|
Cúcamair |
Cineálacha míne |
350 go 500 g, socraithe sa phacáiste |
an Bhulgáir, an Ghearmáin an Ghréig an Spáinn an Fhrainc an Iodáil an Ungáir an Ísiltír an Pholainn an Rómáin an Fhionlainn |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2508/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)