|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2500 |
24.9.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/2500 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Meán Fómhair 2024
a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in armáin éadroma agus a leathadh i mBallstáit Léig na Stát Arabach - Céim III
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I Straitéis 2018 an Aontais i gcoinne Airm Thine, Mionairm agus Armáin Éadroma Aindleathacha (SALW) agus a nArmlón dar teideal, ‘Airm a Dhaingniú, Saoránaigh a chosaint’ (‘Straitéis SALW an Aontais’), deirtear gur tosaíocht ar leith ag an Aontas an comhar réigiúnach mar mhodh éifeachtúil chun rialú a dhéanamh ar mhionairm. |
|
(2) |
Tugtar ar aird i Straitéis SALW an Aontais go leanfaidh an tAontas dá thacaíocht don chomhar agus don chúnamh ar mhaithe le cur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun Gach Gné den Trádáil Aindleathach i Mionairm agus in Armáin Éadroma a Chosc, a Chomhrac agus a Dhíothú. |
|
(3) |
Sa doiciméad toraidh ón gceathrú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe i mí an Mheithimh 2024, gheall Stáit na Náisiún Aontaithe comhpháirtíochtaí agus comhar a neartú, de réir mar is iomchuí, ar gach leibhéal chun trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma a chosc agus a chomhrac. |
|
(4) |
I gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, a glacadh in 2015, dearbhaítear nach mór an trádáil aindleathach SALW a chomhrac má táthar le riar mór spriocanna a bhaint amach, lena n-áirítear spriocanna a bhaineann leis an tsíocháin, leis an gceartas agus le hinstitiúidí láidre. Ina Chlár Oibre don Dí-Armáil ó 2018, dar teideal ‘Ár dTodhchaí Choiteann a Shlánú’, d’iarr Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe go mbeadh cur chuige cuimsitheach, comhtháite agus rannpháirteach ann maidir le rialú mionarm ar leibhéal na tíre agus, i gcásanna áirithe, ar an leibhéal foréigiúnach. |
|
(5) |
Eagraíocht réigiúnach is ea Léig na Stát Arabach (LSA) ina dtugtar na tíortha Arabacha go léir le chéile, d’fhonn comhar idir baill na heagraíochta a chur chun cinn agus a neartú. |
|
(6) |
In 2016, bhunaigh an tAontas agus LSA Idirphlé Straitéiseach AE-LSA agus bhunaigh siad roinnt meithleacha, lena n-áirítear an Mheitheal um Idirphlé Straitéiseach maidir le hAirm Ollscriosta agus Rialú Arm, inar sainíodh réimsí tosaíochta le haghaidh comhar nithiúil a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
(7) |
Áiríodh sa Dearbhú ó Chruinniú Mullaigh AE-LSA Sharm El-Sheikh 2019 gealltanas maidir le gníomhaíocht chomhbheartaithe a dhéanamh i gcoinne na gáinneála aindleathaí ar airm. |
|
(8) |
Le Cinntí (CBES) 2018/1789 (1) agus (CBES) 2021/1726 ón gComhairle (2), thacaigh an tAontas le céimeanna I agus II de thionscadal chun tacú leis an gcomhrac i gcoinne thrádáil agus leathadh aindleathach na mionarm agus na n-armán éadrom i mBallstáit LSA. Is mian leis an Aontas anois leanúint de thacaíocht a thabhairt do chéim III den tionscadal. |
|
(9) |
Leis an tacaíocht a thabharfaidh an tAontas don tionscadal, léireofar beartas foriomlán an Aontais a bhaineann le LSA agus a Ballstáit. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. D’fhonn tacú le Ballstáit Léig na Stát Arabach (LSA) maidir le cur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun gach gné den trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma a chosc, a chomhrac agus a dhíothú (‘Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe’) agus na hIonstraime Idirnáisiúnta Rianaithe (IIR) ar bhonn náisiúnta, cuirfidh céim III den tionscadal ar cuireadh tús leis le Cinntí (CBES) 2018/1789 agus (CBES) 2021/1726, ar chumas Bhallstáit LSA feabhas inbhuanaithe a chur ar éifeachtacht a gcreataí náisiúnta maidir le rialú mionarm agus frithleathadh mionarm, i gcomhréir leis na cleachtais agus na caighdeáin a leagtar síos le Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe, le IIR, agus leis an gCreat Domhanda maidir le Bainistiú Gnáth-Armlón le linn a Saolré (CDA) de réir a dtosaíochtaí agus a riachtanas.
2. Go háirithe, saothróidh an tionscadal na cuspóirí seo a leanas chun bagairt a bhaineann le leathadh mionarm agus armán éadrom (SALW) i réigiún LSA a chomhrac:
|
— |
acmhainneachtaí na n-údarás custaim agus na ngníomhaireachtaí teorann eile a neartú chun ábhair a bhaineann le gáinneáil aindleathach ar airm thine i réigiún LSA a bhrath, a thoirmeasc agus a thuairisciú; |
|
— |
acmhainneachtaí na ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí a neartú chun imscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le leathadh agus trádáil aindleathach arm tine i réigiún LSA agus chun obair le chéile ar na hábhair sin; agus |
|
— |
acmhainneachtaí na ngníomhaireachtaí slándála agus míleata a neartú chun córais bainistithe stoc-charn shábháilte shlána a cheapadh agus a chur chun feidhme le haghaidh SALW i réigiún LSA. |
3. Chun na cuspóirí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a bhaint amach, tacóidh an tAontas, trí bhíthin an Chinnidh seo, le gníomhaíochtaí sna réimsí tosaíochta seo a leanas, inter alia:
|
— |
Réimse 1: rialú idirnáisiúnta ar aistriú SALW, lena n-áirítear measúnú riosca agus cosc a chur ar atreorú SALW chuig daoine neamhúdaraithe. |
|
— |
Réimse 2: foinsí mionarm aindleathach a shainaithint agus a chur ó mhaith, lena n-áirítear fothú acmhainneachta do na gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, teorainneacha talún, aeir agus muirí a rialú, SALW a mharcáil agus a rianú agus taifead a choimeád orthu, teicnící chun imscrúdú a dhéanamh ar airm agus ar rianú arm agus faisnéis bhalaistíoch a úsáid agus bealaí agus modhanna smuigleála a shainaithint nó a chur ó mhaith. |
|
— |
Réimse 3: bearta eile mionarm, lena n-áirítear bainistiú agus slándáil stoc-charn. |
|
— |
Réimse 4: faisnéis a bhaineann le SALW a sholáthar agus rialú feabhsaithe SALW, ar nós meastóireacht ar dhlíthe agus rialacháin i mBallstáit LSA agus comhairle maidir le hathbhreithnithe a d’fhéadfaí a dhéanamh chomh maith le taighde agus staidéir ábhartha a aistriú go hAraibis. |
4. Leagtar amach tuairisc mhionsonraithe ar an tionscadal dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
1. Cuirfear de chúram ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) an Cinneadh seo a chur chun feidhme.
2. Maidir le cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1, is í an eagraíocht Small Arms Survey (SAS) a dhéanfaidh sin, agus Institiúid na gCéimithe um Léann Idirnáisiúnta agus Forbartha mar ionadaí aici, le cúnamh ó Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol) agus ón Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (EDC), agus i ndlúthchomhar le Rúnaíocht LSA.
3. Déanfaidh SAS, le cúnamh ó Interpol agus EDC, a chúraimí a chomhlíonadh faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le SAS.
Airteagal 3
1. Is é EUR 3 999 776,72 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an tionscadail arna mhaoiniú ag an Aontas dá dtagraítear in Airteagal 1.
2. Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 2. Chun na críche sin, tabharfaidh sé an comhaontú riachtanach i gcrích le SAS. Sonrófar sa chomhaontú go bhfuil ar SAS infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí lena méid, a áirithiú.
Airteagal 4
1. Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle faoi chur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha 6 mhí arna n-ullmhú ag SAS.
2. Tuairisceoidh an Coimisiún faoi ghnéithe airgeadais an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.
Airteagal 5
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag, áfach, 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm mura dtabharfar aon chomhaontú i gcrích laistigh den tréimhse sin..
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. FELDMAN
(1) Cinneadh (CBES) 2018/1789 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in airm éadroma agus a leathadh i mBallstáit Léig na Stát Arabach (IO L 293, 20.11.2018, lch. 24).
(2) Cinneadh (CBES) 2021/1726 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2021 a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in airm éadroma agus a leathadh i mBallstáit Léig na Stát Arabach - Céim II (IO L 344, 29.9.2021, lch. 7).
IARSCRÍBHINN
DOICIMÉAD TIONSCADAIL
Comhrac thrádáil agus leathadh aindleathach na mionarm agus na n-armán éadrom i mBallstáit Léig na Stát Arabach
Tuairisc ar Chéim 3 den tionscadal (2024–2027)
1. Cúlra agus réasúnaíocht do thacaíocht ó CBES
Cuirfidh Céim 3 den Tionscadal idir an tAontas Eorpach agus Léig na Stát Arabach leis na hiarrachtaí a rinne Léig na Stát Arabach (LSA) agus an tAontas Eorpach (AE) roimhe seo, lena n-áirítear na hiarrachtaí a rinneadh le linn Chéim 1 (2019–2021) agus Chéim 2 (2021–2024) den tionscadal, chun cabhrú le Ballstáit LSA na rioscaí a eascraíonn as mionairm aindleathacha agus armáin éadroma agus a sreafaí armlóin agus a n-úsáid i Réigiún na Stát Arabach a laghdú.
Is ón Meitheal um Idirphlé Straitéiseach AE-LSA maidir le hAirm Ollscriosta, Mionairm agus Armáin Éadroma, agus maidir le Rialú Arm a thagann an tionscadal seo, meitheal a shainaithin réimsí tosaíochta le haghaidh comhar substainteach a d’fhéadfaí a dhéanamh ag tús an tionscnaimh (féach roinn 2.1).
Bhí Céim 1 den tionscadal idir AE agus LSA ríthábhachtach chun muinín a chothú idir Ballstáit LSA agus na trí chomhpháirtí cur chun feidhme: an Suirbhé ar Mhionairm (an Suirbhé), Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol), agus an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (EDC). Chuir na trí eagraíocht oiliúint ar leibhéal iontrála ar fáil d’ocht dtír Arabacha. Chothaigh siad malartú dea-chleachtas agus ceachtanna a foghlaimíodh i dtaca le leathadh mionarm aindleathach a chomhrac trí shraith cruinnithe réigiúnacha agus foréigiúnacha.
Díríodh i gCéim 2 ar oiliúint theicniúil a chur ar fáil ar leibhéal na tíre agus ar an leibhéal réigiúnach maidir leis na nithe seo a leanas:
|
— |
bainistiú stoc-charn; |
|
— |
mionairm aindleathacha agus armáin éadroma a bhrath agus a shainaithint — lena n-áirítear a n-armlón agus a gcomhpháirteanna; |
|
— |
imscrúdú ar airm thine; agus |
|
— |
úsáid a bhaint as na córais bainistíochta eolais atá ann cheana d’oifigigh chustaim agus d’oifigigh fhorfheidhmithe an dlí. |
Le linn na céime sin, bhí Ballstáit LSA páirteach go díograiseach sa tionscadal, agus rinne 18 stát iarraidh ar oiliúint náisiúnta agus ghlac siad páirt sa chlár oiliúna réigiúnach a cuireadh ar fáil idir mí Eanáir agus deireadh mhí na Bealtaine 2024. Cuireadh eolas agus saineolas bunúsach ar rialú mionarm ar fáil do na hoifigigh a bhí rannpháirteach san oiliúint náisiúnta. Cuireadh teagasc níos grinne ar fáil leis an oiliúint réigiúnach a ceapadh chun go mbeidh rannpháirtithe in ann an t-eolas agus an saineolas a fuarthas a roinnt le hoifigigh rialtais Arabacha eile. I gcás Interpol agus EDC, tugadh deis freisin leis na seisiúin oiliúna chuimsitheacha tús a chur leis an mír Oiliúint do na hOiliúnóirí, lena ndéantar acmhainneacht inbhuanaithe a fhorbairt maidir le rialú mionarm i mBallstáit rannpháirteacha LSA. Bhí na stáit in ann an t-eolas nua a fuair siad a chur chun feidhme a bhuí le dhá oibríocht chomhpháirteacha a stiúir na stáit rannpháirteacha LSA agus a d’éascaigh Interpol agus EDC. Reáchtáladh trí sheimineár gréasáin théamacha agus dhá cheardlann réigiúnacha, a thug go leor deiseanna do Rúnaíocht LSA, na Ballstáit, agus na trí chomhpháirtí cur chun feidhme páirt a ghlacadh i bplé beartais agus an taithí agus na ceachtanna a foghlaimíodh a chomhroinnt.
I gCéim 3, déanfar na hiarrachtaí fothaithe acmhainneachta a rinneadh sna céimeanna roimhe seo a chomhdhlúthú agus a neartú. Díreofar an iarracht is mó ar an dúshraith a neartú ar mhaithe le hinbhuanaitheacht éifeachtach fhadtéarmach. Go háirithe, tríd an tionscadal, leanfar de dheis a thabhairt do thíortha leasmhara ról níos mó agus níos forbartha a bheith acu ar an leibhéal náisiúnta trí oiliúint shaincheaptha chuimsitheach agus tacaíocht fothaithe acmhainneachta eile a chuirfidh na trí chomhpháirtí cur chun feidhme ar fáil. Leis an rannpháirtíocht sin, beidh an Suirbhé, Interpol agus EDC in ann a mheas an féidir comhar fadtéarmach a dhéanamh leis na Ballstáit leasmhara. Ag an am céanna, leanfar de sheisiúin oiliúna ar leibhéal iontrála a chur ar fáil mar chuid den tionscadal, go háirithe do thíortha nach ndearna na seisiúin sin sa chéad dá chéim den tionscadal. A mhéid is féidir, beidh na hoiliúnóirí náisiúnta ar forbraíodh a n-acmhainneacht le linn Chéim 2 páirteach sna seisiúin ar an leibhéal iontrála.
Ní mór na mionairm aindleathacha sa réigiún Arabach a laghdú agus a dhíothú chun gach cineál foréigin a laghdú agus chun an fhorbairt inbhuanaithe agus an rathúnas a chur chun cinn i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe – i réigiún na Stát Arabach agus sna réigiúin chomharsanacha, an Eoraip san áireamh. Níos sonraí fós, tá sé d’aidhm ag an tionscadal acmhainneacht Bhallstáit LSA a neartú chun Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun Gach Gné den Trádáil Aindleathach i Mionairm agus in Armáin Éadroma a Chosc, a Chomhrac agus a Dhíothú (UNPOA) agus an Ionstraim Idirnáisiúnta Rianaithe (IIR) a chur chun feidhme, de réir na dtosaíochtaí agus na riachtanas a shainaithin na stáit sin. Déanfar Ballstáit LSA a íogrú freisin i leith Chreat Domhanda maidir le Bainistiú Gnáth-Armlón le linn a Saolré (CDA) a glacadh le déanaí.
Cuirfidh an tionscadal seo go díreach le clár oibre na Náisiún Aontaithe dar teideal Transforming our World: The 2030 Agenda for Sustainable Development [An domhan a chlaochlú: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe] (1) agus cabhróidh sé leis na SFInna a bhaint amach. Cuirfear léargais agus saineolas ar fáil leis chun cabhrú le tíortha LSA an foréigean armtha a laghdú, an tsíocháin a chur chun cinn, agus sochaithe cuimsitheacha a thógáil chun – i measc nithe eile – ‘gach cineál foréigin, agus na rátaí báis a bhaineann leo, a laghdú’ (Sprioc 16.1), ‘sreafaí aindleathacha arm a laghdú’ (Sprioc 16.4), agus i gcás inarb ábhartha, ‘gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní uile a dhíothú’ (Sprioc 5.2) (2). Is léiriú nithiúil é an tionscadal seo freisin ar an ngealltanas a tugadh sa dearbhú ó Chruinniú Mullaigh AE-LSA Sharm El-Sheikh 2019 (3) maidir le gníomhaíocht chomhbheartaithe a dhéanamh i gcoinne na gáinneála neamhdhleathaí ar airm.
2. Fís, cuspóirí agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach an tionscadail
Le haghaidh Chéim 3, leanfaidh an tionscadal na cuspóirí fadtéarmacha céanna a bhí ann roimhe seo chun go mbeidh Ballstáit LSA in ann éifeachtacht a gcreataí náisiúnta maidir le rialú mionarm agus i gcoinne leathadh mionarm a neartú ar bhealach inbhuanaithe, i gcomhréir leis na cleachtais agus na caighdeáin a leag UNPOA, IIR agus CDA síos, de réir a dtosaíochtaí agus a riachtanas. Déanfar na creataí sin a neartú trí bheartas agus chleachtas, ina mbainfear úsáid as sonraí, eolas fianaisebhunaithe, acmhainní agus uirlisí údarásacha, sainchomhairle agus oiliúint shaincheaptha, agus trí chleachtóirí agus lucht ceaptha beartas i réigiún LSA a thabhairt le chéile.
Trí obair i gcomhar leis na príomhghníomhaireachtaí agus na príomh-chomhpháirtithe atá freagrach as srian a chur leis an mbagairt a bhaineann le leathadh mionarm agus armán éadrom i réigiún LSA, beidh an tionscadal in ann cuspóir ina bhfuil trí ghné a bhaint amach:
|
1. |
acmhainneachtaí na n-údarás custaim agus na ngníomhaireachtaí teorann eile a neartú chun ábhair a bhaineann le gáinneáil aindleathach ar airm thine i réigiún LSA a bhrath, a idircheapadh agus a thuairisciú; |
|
2. |
acmhainneachtaí na ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí a neartú chun imscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le leathadh agus trádáil aindleathach arm tine i réigiún LSA agus chun obair le chéile ar na hábhair sin; agus |
|
3. |
acmhainneachtaí na ngníomhaireachtaí slándála agus míleata a neartú chun córais bainistithe stoc-charn shábháilte shlána a cheapadh agus a chur chun feidhme le haghaidh mionarm, armáin éadroma agus armlón i réigiún LSA. |
2.1 Na príomhréimsí sa tionscadail ina bhfuil tacaíocht de dhíth, mar a chuir tíortha LSA in iúl iad
Ceapadh Céim 3 de thionscadal AE-LSA, comhrac thrádáil agus leathadh aindleathach na mionarm agus na n-armán éadrom i mBallstáit LSA (2024-27), chun freagairt ar na riachtanais a chuir Ballstáit LSA in iúl ag tús an tionscnaimh, agus atá á gcur in iúl acu i gcónaí, i gceithre réimse tosaíochta:
|
Réimse 1: |
Rialú idirnáisiúnta ar aistriú mionarm agus armán éadrom (sreafaí aindleathacha arm a chomhrac).
|
|
Réimse 2: |
Foinsí mionarm aindleathach a shainaithint agus a chur ó mhaith (mar shampla, fothú acmhainneachta do na gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí).
|
|
Réimse 3: |
Bearta eile rialaithe mionarm.
|
|
Réimse 4: |
Faisnéis a sholáthar a bhaineann le mionairm agus armáin éadroma aindleathacha agus rialú níos fearr ar mhionairm agus armáin éadroma.
|
3. Loighic na hidirghabhála atá beartaithe
Mar chomhordaitheoir ar an tionscadal, reáchtáil an Suirbhé comhairliúcháin fhorleathana leis an Roinn um Rialú Arm agus Dí-armáil i Rúnaíocht LSA, le Interpol, agus le EDC, rud a d’fhág go raibh an grúpa ar aon fhocal maidir leis an gcur chuige dhá ghné seo a leanas.
Acmhainneacht náisiúnta a fhorbairt chun sreafaí aindleathacha mionarm agus armán éadrom a chomhrac tríd an méid seo a leanas:
|
— |
oiliúint shaincheaptha maidir le córais rialaithe mionarm agus armán éadrom, lena n-áirítear bainistiú stoc-charn ar fud réigiún LSA (féach an chéad roinn eile); agus |
|
— |
rannpháirtíocht iaroiliúna agus tacaíocht do shaineolaithe náisiúnta chun creataí náisiúnta a bhunú lena bhféadfar na cleachtais a fhoghlaimítear le linn na hoiliúna a chur chun feidhme. |
Rannpháirtíocht ar na leibhéil náisiúnta atá ann cheana (i gcás inarb ann dóibh) a nascadh le próisis deimhniúcháin a aithnítear go hidirnáisiúnta agus úsáid a bhaint as oiliúnóirí náisiúnta (ar cuireadh oiliúint orthu faoin tionscadal) chun institiúidí oiliúna náisiúnta nó réigiúnacha ábhartha agus creataí agus struchtúir náisiúnta ábhartha a neartú.
Ceaptar gach cuid den tionscadal d’fhonn acmhainneachtaí inbhuanaithe a fhorbairt idir institiúidí rialtais agus oifigigh i mBallstáit LSA, i gcomhar leis an Roinn um Rialú Arm agus Dí-armáil i Rúnaíocht LSA. Tá an tionscadal bunaithe ar ár dtaithí gurb iad ballstáit LSA príomhghníomhairí an athraithe ó thaobh creataí náisiúnta a cheapadh agus a chur chun feidhme lena gcuirtear rialú freagrach arm tine chun cinn agus lena laghdaítear an riosca a bhaineann le leathadh.
I gCéim 3, leanfar de na hiarrachtaí chun a áirithiú go gcuirfear an t-ábhar oiliúna agus na hacmhainní eolais is gá, cuir i gcás modúil ábhartha agus shonracha den Choimre ar na Modúil maidir le Rialú Mionarm (MOSAIC), ar fáil in Araibis agus go scaipfear iad ar fud réigiún LSA. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an iarracht sin i dtimpeallacht inar féidir le baill foirne rialtais roghnaithe sealaíocht a dhéanamh go rialta, agus ní mór go mbeadh teacht ar stór faisnéise tiomnaithe ar fud an réigiúin.
Agus an méid sin á chur san áireamh, cuirtear i gcás sa tionscadal go mbeidh tíortha ar fud réigiún LSA in ann tuiscint a fháil ar na rioscaí a eascraíonn as leathadh aindleathach mionarm, iad a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach níos éifeachtaí más féidir le hoifigigh forfheidhmithe dlí agus custaim gáinneáil ar mhionairm agus ar armáin éadroma i réigiún LSA a bhrath, a imscrúdú, a idircheapadh agus a thuairisciú, agus más féidir le gníomhaireachtaí míleata agus slándála córais bainistithe stoc-charn níos éifeachtaí a cheapadh agus a chur chun feidhme do mhionairm, armáin éadroma agus armlón.
Bunófar an idirghabháil ar na trí chás féideartha seo a leanas:
|
1. |
beidh acmhainneachtaí neartaithe ag lucht custaim agus ag gníomhaireachtaí teorann eile chun gáinneáil aindleathach ar mhionairm agus armáin éadroma i réigiún LSA a bhrath agus a idircheapadh agus chun tuairisciú ar chúrsaí a bhaineann leis sin; |
|
2. |
beidh acmhainneachtaí neartaithe ag gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí chun imscrúdú agus comhoibriú éifeachtach a dhéanamh maidir le cúrsaí a bhaineann le leathadh agus gáinneáil aindleathach ar mhionairm agus armáin éadroma i réigiún LSA; |
|
3. |
beidh acmhainneachtaí neartaithe ag gníomhaireachtaí slándála agus míleata chun córais bainistithe stoc-charn atá sábháilte agus slán a cheapadh agus a chur chun feidhme le haghaidh mionarm, armáin éadroma agus armlóin i réigiún LSA. |
I gcás gach ceann de na trí chás sin, gheobhaidh na rannpháirtithe eolas agus scileanna i dtaca le modheolaíocht oiliúna agus eolas teicniúil.
4. Cur síos ar an ngníomhaíocht
Toradh 1: Beidh acmhainneachtaí neartaithe ag na baill foirne custaim chun ábhair a bhaineann le gáinneáil aindleathach ar mhionairm agus armáin éadroma i réigiún LSA a bhrath, a idircheapadh agus a thuairisciú.
Féachtar, i dtoradh 1, le cur leis an dul chun cinn a rinneadh sna céimeanna roimhe seo agus creidiúnú deiridh a éascú i gcás sainoiliúnóirí mionarm agus armán éadrom arna ndeimhniú ag EDC ar fud réigiún LSA. Beidh grúpa beag de bhaill foirne custaim ar cuireadh oiliúint orthu faoi Chéimeanna 1 agus 2 páirteach i seisiúin oiliúna náisiúnta a thabhairt i dtíortha LSA, ina mbeidh na scileanna modheolaíochta agus teicniúla a d’fhoghlaim siad i gcéimeanna tosaigh an tionscadail á gcleachtadh acu.
Trí sheisiúin oiliúna a chur ar fáil, gheobhaidh an fhoireann sin creidiúnú ó EDC atá aitheanta ar fud na cruinne mar chuid de Chlár Oiliúnóirí Creidiúnaithe na heagraíochta sin. A luaithe a bheidh na hoiliúnóirí creidiúnaithe, beidh siad in ann cúrsaí oiliúna náisiúnta a chur ar fáil ina dhiaidh sin faoi choimirce EDC laistigh nó lasmuigh de réigiún LSA. Iarrfar ar na hoiliúnóirí sin tacú le forbairt curaclam náisiúnta ina dtíortha féin, rud a chuirfidh a thuilleadh le hinbhuanaitheacht na hiarrachta.
Áireofar ar na haschuir agus ar na gníomhaíochtaí an méid seo a leanas:
|
1.1 |
suas le dhá cheann déag d’imeachtaí náisiúnta oiliúna ar an láthair maidir le mionairm agus armáin éadroma a thionól do chomhaltaí riaracháin EDC chun cur leis an gcumas gluaiseacht mionarm agus armán éadrom aindleathach ag an teorainn a rialú. Dírítear sna seisiúin oiliúna sin ar thíortha a iarrann oiliúint agus nár cuireadh oiliúint orthu ar bhonn náisiúnta roimhe sin i gCéimeanna 1 agus 2 (oiliúint ar leibhéal iontrála) agus, nó, a mheastar an riosca is airde a bheith ann gníomhaíocht aindleathach mionarm agus armán éadrom a bheith á ndéanamh iontu, nó ardoiliúint a bheith de dhíth orthu. |
|
1.2 |
Suas le sé cheardlann théamacha réigiúnacha aon lae nó dhá lá ar líne a thionól ina gcuirtear ábhair shonracha ar spéis mhór iad do Bhallstáit LSA i láthair. Ba cheart díriú sna ceardlanna sin ar réimsí inar léir gur gá fothú acmhainneachta (mar shampla, comhpháirteanna mionarm agus armán éadrom a shainaithint), feasacht a mhúscailt (mar shampla, priontáil tríthoiseach a úsáid i monarú aindleathach mionarm agus armán éadrom), agus faisnéis a mhalartú (mar shampla, dea-chleachtais maidir le bainistiú riosca i gcás mionarm agus armáin éadrom). A bhuí leis na fóraim ar líne, beidh oifigigh ó Bhallstáit LSA, lena n-áirítear iad siúd i gceantair iargúlta, in ann páirt a ghlacadh agus beidh tionchar níos leithne acu chomh maith le húinéireacht níos fearr ar an leibhéal réigiúnach. |
|
1.3 |
Seisiúin oiliúna ar leibhéal iontrála a úsáid chun próiseas creidiúnaithe le haghaidh oiliúnóirí mionarm agus armáin éadroma réamhchreidiúnaithe de chuid EDC, ar próiseas é ar cuireadh tús leis i gCéim 2, a chríochnú. |
|
1.4 |
Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí faoi stiúir comhpháirtithe cur chun feidhme eile. |
|
1.5 |
Saineolas teicniúil ó EDC a bheith ar fáil arna iarraidh sin chun comhairle a chur ar Bhallstáit LSA maidir lena gcuraclaim náisiúnta i dtaca le hoiliúint i mionairm agus in armáin éadroma a thabhairt cothrom le dáta. |
Toradh 2: Tá a n-acmhainneachtaí neartaithe ag gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí chun imscrúdú agus comhoibriú éifeachtach a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le leathadh agus trádáil aindleathach mionairm agus armán éadrom i réigiún LSA.
Le Toradh 2, féachtar le cur le héifeachtacht na sreafaí oibre náisiúnta ina bhfuil ról ag gníomhaireachtaí náisiúnta éagsúla forfheidhmithe dlí, ar sreafaí iad atá riachtanach chun faisnéis maidir le hairm thine aindleathacha a bhailiú, a phróiseáil agus a chomhroinnt. Cuirfidh an éifeachtacht sin feabhas ar imscrúduithe maidir le gáinneáil ar airm thine aindleathacha agus ar an gcomhar póilíneachta idirghníomhaireachta agus idirnáisiúnta maidir leis an gcoireacht eagraithe.
Déanfaidh Interpol neart an líonra saineolaithe agus oiliúnóirí a forbraíodh faoi Chéimeanna 1 agus 2 a ghiaráil. Beidh a gcreidiúnú curtha i gcrích ag an bpearsanra a roghnófar mar oiliúnóirí faoi Chéim 2 agus beidh baint acu le hardseisiúin náisiúnta oiliúna a chur ar fáil i dtíortha LSA le linn Chéim 3 chun na scileanna modheolaíochta agus teicniúla a ghnóthaigh siad sna céimeanna níos luaithe a chleachtadh.
Maidir le tíortha a iarrann comhar níos doimhne, beidh baint dhíreach ag saineolaithe a fuair oiliúint le linn na gcéimeanna roimhe seo le Tascfhórsa Náisiúnta um Airm Thine a bhunú agus a chur chun feidhme, tascfhórsa a bheidh dírithe ar fheabhas a chur, ar an leibhéal náisiúnta, ar bhailiú, próiseáil agus comhroinnt sonraí a bhaineann le hairm thine. Beidh an chéim sin ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneachtaí tíortha an Prótacal maidir le hAisghabháil Arm Tine de chuid Interpol a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí agus níos gníomhaí agus iad ag comhoibriú ar an leibhéal réigiúnach agus idirnáisiúnta maidir le hábhair a bhaineann le hairm thine. Is treoir de chuid Interpol é an Prótacal maidir le hAisghabháil Arm Tine chun gáinneáil ar airm thine a nochtadh. Cumhdaítear leis comhpháirteanna forfheidhmithe dlí agus comhpháirteanna fóiréinseacha araon, agus é mar aidhm ag an dá pháirtí faisnéis a chomhroinnt chun fadhb na gáinneála ar airm thine a réiteach.
Chun an toradh sin a bhaint amach, díreoidh Interpol ar na haschuir seo a leanas:
|
2.1 |
tuigeann oifigigh shinsearacha tíortha na bagairtí a bhaineann le gáinneáil ar airm thine agus na buntáistí a bhaineann le Tascfhórsa Náisiúnta um Airm Thine; |
|
2.2 |
déanann tíortha téarmaí tagartha do Thascfhórsaí Náisiúnta um Airm Thine a fhorbairt agus a ghlacadh; |
|
2.3 |
cuirtear oiliúint ar institiúidí náisiúnta agus ar an Tascfhórsa Náisiúnta um Airm Thine i ndáil leis an bPrótacal maidir le hAisghabháil Arm Tine de chuid Interpol agus ionstraimí de chuid Interpol le haghaidh comhar idirnáisiúnta maidir le hábhair a bhaineann le hairm thine; |
|
2.4 |
cuirtear tacaíocht oibríochtúil ar fáil do Thascfhórsaí Náisiúnta um Airm Thine (is é an Tascfhórsa Náisiúnta um Airm Thine, le tacaíocht ó Interpol, a ghineann treoraithe imscrúdaitheacha). |
Áireofar ar na gníomhaíochtaí:
|
— |
suas le deich n-imscaradh intíre chun tacú le measúnú agus forbairt na n-acmhainneachtaí is gá chun an Prótacal maidir le hAisghabháil Arm Tine de chuid Interpol a chur chun feidhme; |
|
— |
suas le cúig sheisiún oiliúna chuimsitheacha faoi stiúir oiliúnóirí Interpol chun tacú le tíortha acmhainneachtaí náisiúnta a fhorbairt chun faisnéis a bhaineann le hairm thine a bhailiú, a ullmhú agus a chomhroinnt; |
|
— |
suas le cúig sheisiún náisiúnta oiliúna faoi stiúir oiliúnóirí náisiúnta cáilithe a bheidh in ann oiliúint náisiúnta a chur ar fáil faoi choimirce Interpol; |
|
— |
tacaíocht mheantóireachta do thíortha chun tascfhórsaí náisiúnta um airm thine a bhunú, arna soláthar trí ghníomhaíochtaí foréigiúnacha fothaithe acmhainneachta nó trí imscaradh náisiúnta le haghaidh oiliúint sa láthair oibre; |
|
— |
ceardlann ar mhalartú dea-chleachtas maidir le teicnící imscrúdaithe arm tine agus anailís ar fhaisnéis a bhaineann le hairm thine, a bheidh le soláthar mar chuid d’imeacht réigiúnach arna eagrú i gcomhpháirt le comhpháirtithe cur chun feidhme eile; |
|
— |
rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí faoi stiúir comhpháirtithe cur chun feidhme eile, mar shampla fóraim théamacha ar líne nó seisiúin oiliúna ar an láthair. |
Toradh 3: Tá acmhainneachtaí neartaithe ag gníomhaireachtaí slándála agus míleata chun córais bainistithe stoc-charn atá sábháilte agus slán a cheapadh agus a chur chun feidhme le haghaidh mionarm, armáin éadroma agus armlóin i réigiún LSA.
Féachtar le toradh 3 le tógáil ar an gcur chuige a forbraíodh i gCéim 2. Díreoidh an obair ar fhorbairt ardscileanna ar leibhéal na tíre chun aistriú scileanna inbhuanaithe chuig na hoiliúnaithe a chothú agus a chur chun cinn. Ag an am céanna, leanfaidh an Suirbhé de bheith ag forbairt agus ag soláthar pacáistí náisiúnta oiliúna saincheaptha ar an leibhéal iontrála agus ardoiliúna maidir le bainistiú agus slándáil stoc-charn.
Murab ionann agus an dá thoradh eile inar féidir le Interpol agus an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (EDC) gníomhaíochtaí tionscadail a nascadh le cláir oiliúna dhomhanda d’oibreoirí saineolacha agus d’oiliúnóirí a bhfuil córas creidiúnaithe seanbhunaithe acu, ní ann d’aon rud coibhéiseach ar an leibhéal iltaobhach i réimse bhainistiú na stoc-charn.
Ar an gcúis sin, déanfaidh an Suirbhé roghanna nithiúla a mhapáil, a mheasúnú agus a mholadh le haghaidh próiseas deimhniúcháin do rannpháirtithe rathúla ar leibhéal na saineolaithe nó na n-oiliúnóirí, chomh maith lena áirithiú go n-aistreofar príomhacmhainní go hAraibis agus go mbeidh siad ar fáil do phobail ábhartha. Rannchuideoidh na gníomhaíochtaí sin leis an gcur chuige inbhuanaitheachta inmhianaithe.
Áireofar ar na haschuir agus ar na gníomhaíochtaí an méid seo a leanas:
|
3.1 |
Suas le ceithre phacáiste náisiúnta oiliúna aon seachtaine ar an leibhéal iontrála a sholáthar. Má bhíonn an t-éileamh ar oiliúint ar an leibhéal iontrála níos ísle ná mar a bhíothas ag súil leis, leithdháilfear na hacmhainní atá fágtha ar phacáistí ardoiliúna. |
|
3.2 |
Suas le sé phacáiste náisiúnta oiliúna dhá sheachtain atá saincheaptha agus cuimsitheach a fhorbairt agus a sholáthar. |
|
3.3 |
Príomhacmhainní téamacha a aistriú go hAraibis, lena n-áirítear ábhar oiliúna faoi Chéim 3 ach gan a bheith teoranta don ábhar sin. D'fhéadfadh go n-áireofaí leis an ngníomhaíocht sin ábhar meán sóisialta a tháirgeadh in Araibis, de réir mar is gá. |
|
3.4 |
Anailís a dhéanamh ar na roghanna atá ann chun tacú le comhtháthú an bhainistithe agus na slándála stoc-charn i gcuraclaim náisiúnta, agus roghanna deimhniúcháin náisiúnta agus idirnáisiúnta gaolmhara a bheith ar fáil, nó an méid sin a éascú. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar chuir chuige réigiúnacha freisin. |
|
3.5 |
Imeacht réigiúnach deiridh amháin, arna reáchtáil i gcomhar le Rúnaíocht LSA, EDC agus Interpol. Beidh an cruinniú deiridh ar siúl i gCaireo ag deireadh Chéim 3 agus tabharfaidh sé deis do na tíortha rannpháirteacha measúnú a dhéanamh ar phríomhthorthaí na céime sin agus dea-chleachtais a mhalartú sna réimsí bunúsacha a cumhdaíodh. |
|
3.6 |
Beidh suas le deich gcuairt náisiúnta rannpháirtíochta ann chun ceannach isteach agus úinéireacht náisiúnta a chothú, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe cur chun feidhme eile. |
|
3.7 |
Rannpháirtíocht i suas le cúig ghníomhaíocht faoi stiúir comhpháirtithe cur chun feidhme eile, mar shampla fóraim théamacha ar líne nó le linn seisiúin náisiúnta oiliúna ar an láthair. |
|
3.8 |
Suas le dhá sheisiún foghlama ‘moilligh agus meabhraigh’ a chuirtear chun feidhme do na comhpháirtithe uile (féach roinn 5 thíos). |
|
3.9 |
Cruinnithe rialta fíorúla pleanála agus comhordaithe tionscadail agus suas le trí cinn ar an láthair chun ábharthacht agus éifeachtacht leanúnach an tionscadail a áirithiú. |
5. Faireachán, meastóireacht agus foghlaim
Is é an Suirbhé comhordaitheoir an tionscadail agus áiritheofar leis comhleanúnachas chur chuige faireacháin, meastóireachta agus foghlama an tionscnaimh. Ionchorprófar ann sásraí praiticiúla chun foghlaim ar feadh shaolré an tionscadail agus chun cur le coigeartuithe cláir más gá sin. Leis an gcur chuige faireacháin, meastóireachta agus foghlama áireofar gnáthfhaireachán agus faireachán leanúnach ar phróisis (mar shampla, foghlaim timthrialla bhig), chomh maith le seisiúin foghlama tionscadail ‘moilligh agus meabhraigh’ mheántéarmacha nó bhliantúla, chun a áirithiú go gcuirfear peirspictíochtaí seachtracha san áireamh ar feadh shaolré an tionscadail agus chun cuid de ghnéithe casta na timpeallachta oibriúcháin a mhaolú. Ina theannta sin, déanfar meastóireacht sheachtrach nuair a bheifear ag druidim i dtreo dheireadh an tionscadail.
Foirmeacha aiseolais maidir le himeachtaí: Tar éis imeachtaí ar líne agus ar an láthair a reáchtáil, gheobhaidh an fhoireann tionscadail aiseolas ó rannpháirtithe agus baileoidh siad é chun anailís agus clársceidealú ardcháilíochta a choinneáil ar bun chun freastal ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara. Meastar go mbeidh na sonraí a thiocfaidh as sin cainníochtúil go príomha agus go bhféadfar iad a chomhiomlánú sna gníomhaíochtaí tionscadail.
Babhtaí faireacháin gach 6 mhí: Déanfaidh foireann an tSuirbhé na sonraí faireacháin ó na trí chomhpháirtí cur chun feidhme a chomhdhlúthú suas le dhá huair sa bhliain ar leibhéal na n-aschur agus ar leibhéal na dtorthaí. Díreoidh na seisiúin sin ar chomhthéacs, ábharthacht, feidhmíocht, toimhdí agus rioscaí. Déanfaidh ball foirne de chuid an tionscadail na seisiúin sin a dhoiciméadú agus féadfaidh Comhairleoir faireacháin, meastóireachta agus foghlama an tSuirbhé tacú leis. Féadfaidh na seisiúin sin ligean d’fhoireann an tionscadail na nithe seo a leanas a phlé:
|
— |
forbairtí comhthéacsúla: na fachtóirí comhthéacsúla a rinne difear don idirghabháil, agus a ábhartha agus atá sí, nó na fachtóirí a raibh tionchar acu ar sceideal an tseachadta tionscadal le 6 mhí anuas; |
|
— |
feidhmíocht: an dul chun cinn a rinneadh ar leibhéal na dtorthaí agus ar leibhéal na n-aschur; agus |
|
— |
éifeachtúlacht: má cruthaíodh aon éifeachtúlachtaí trí chaiteachas, pleananna oibre, acmhainní, agus bainistíocht inmheánach na foirne. |
Seisiúin ‘moilligh agus meabhraigh’, ag cur leis na Tuarascálacha Bliantúla ar Dhul Chun Cinn: Déanfar suas le dhá athbhreithniú inmheánacha ar an tionscadal leis an Suirbhé (le linn an chruinnithe comhordúcháin bhliantúil – ar an láthair, b’fhéidir, a chuirfidh deis ar fáil freisin le haghaidh seisiúin ‘moilligh agus meabhraigh’). Is éard a dhéanfar sna seisiúin ‘moilligh agus meabhraigh’ athbhreithniú éadomhain, struchtúrtha, agus inbhreathnaitheach. Agus aitheantas á thabhairt don timpeallacht chasta ina mbeidh an tionscadal ar siúl, beidh comhairliúcháin leis an Roinn um Rialú Arm agus Dí-armáil i Rúnaíocht LSA, le Interpol, le EDC, agus gheofar aiseolas ó chuid de na rannpháirtithe oiliúna sa tír i gceist leis na seisiúin moilligh agus meabhraigh chun dearcthaí éagsúla a thabhairt agus chun trédhearcacht agus cuntasacht a chothú.
D’fhéadfadh na módúlachtaí rannpháirtíochta a bheith éagsúil agus d’fhéadfadh a bheith san áireamh leo seisiúin ghrúpa ar líne le comhpháirtithe tionscadail seachtracha agus agallaimh dhéthaobhacha le príomhfhaisnéiseoirí. Beidh na seisiúin sin oiriúnach do thuarascálacha foghlama ina léireofar torthaí atá ag teacht chun cinn agus moltaí maidir le hoiriúnú, más gá. Roinnfear na tuarascálacha foghlama sin le gach comhpháirtí sa tionscadal agus cuirfear san áireamh iad i dtuarascálacha bliantúla an tionscadail.
6. Socruithe comhpháirtíochta
Cuirfear Céim 3 den tionscadal chun feidhme i gcomhpháirtíocht le Roinn um Rialú Arm agus
Dí-armáil i Rúnaíocht LSA faoi chuimsiú Idirphlé Straitéiseach AE-LSA maidir le hAirm Ollscriosta, Mionairm agus Armáin Éadroma, agus Rialú Arm. Leanann an chomhpháirtíocht le Rúnaíocht LSA agus an tacaíocht láidir uaithi de bheith ríthábhachtach ionas go mbeidh rath ar an tionscadal. Le linn Chéim 2, d’óstáil Roinn um Rialú Arm agus Dí-armáil i Rúnaíocht LSA dhá chruinniú réigiúnacha agus d’fhreastail sí ar fhormhór na n-imeachtaí oiliúna náisiúnta agus doimhne. I gCéim 3, comheagróidh Roinn um Rialú Arm agus Dí-armáil i Rúnaíocht LSA na comhdhálacha réigiúnacha agus tabharfar cuireadh di freastal ar imeachtaí oiliúna. Freastalóidh sí freisin ar chruinniú comhordúcháin amháin in aghaidh na bliana leis na comhpháirtithe atá freagrach as cur chun feidhme.
Coinneofar i gCéim 3 na socruithe cur chun feidhme céanna a bhí sa dá chéim roimhe seo. Leanfaidh an Suirbhé de bheith ina chomhordaitheoir tionscadail agus beidh Interpol agus EDC i gceannas ina réimse saineolais faoi seach. Le linn na céime sin, ní mór d’oiliúnaithe EDC a chuir tús lena gcreidiúnú mar oiliúnóirí le linn Chéim 2 na modúil náisiúnta oiliúna a sholáthar chun a gcuraclam a chur i gcrích. Ar an lámh eile, oibreoidh Interpol le hoiliúnóirí agus saineolaithe náisiúnta creidiúnaithe chun modúil oiliúna ar an láthair a chur ar fáil agus gníomhaíochtaí eile a dhéanamh lena dtacaítear le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le hAisghabháil Arm Tine. Ar an gcúis sin, beidh gá le níos mó solúbthachta sa tionscadal chun na trí chomhpháirt a chur chun feidhme, agus líonraí EDC agus Interpol atá ann cheana i dtíortha LSA a shlógadh ar bhealach níos córasaí, agus Rúnaíocht LSA á coinneáil ar an eolas, ag an am céanna, faoi na gníomhaíochtaí atá beartaithe.
Is samhail comhair chomhlántach agus théamach í an chomhpháirtíocht sin i réimse an rialaithe mionarm. Leis an tionscadal, baintear leas as eolas agus saineolas gach comhpháirtí cur chun feidhme chun clár cuimsitheach fothaithe eolais agus acmhainneachta a chur ar fáil a chumhdaíonn príomhghnéithe UNPOA, IIR agus CDA. Ar an gcaoi sin, aistrítear coincheapa an chomhair idirnáisiúnta agus an iltaobhachais, mar a chuirtear i dtábhacht iad i ndoiciméid éagsúla, mar shampla UNPOA agus Straitéis an Aontais maidir le Mionairm agus Armáin Éadroma, aistrítear sa tionscadal iad go feabhsuithe inláimhsithe acmhainneachta agus slándála i réigiún LSA.
Chun cothromaíocht a bhaint amach maidir leis an ngá atá le neamhspleáchas oibríochtúil méadaithe idir na trí chomhpháirtí cur chun feidhme, beifear in ann, le cruinnithe rialta comhordúcháin agus pleanála idir na comhpháirtithe cur chun feidhme agus Roinn um Rialú Arm agus Dí-armáil i Rúnaíocht LSA, comhleanúnachas agus éifeachtúlacht a bhaint amach sna gníomhaíochtaí faisnéise, comhroinnte, pleanála agus cur chun feidhme a dhéantar faoi chuimsiú an tionscadail. Déanfaidh na gníomhaireachtaí cur chun feidhme, mar shampla, a rannpháirtíocht agus a gcuir chuige a chomhordú le tíortha a iarrfaidh tacaíocht ón tionscadal. Thairis sin, coinneoidh na comhpháirtithe cur chun feidhme gníomhaíochtaí comhpháirteacha ar bun i réimsí téamacha coiteanna, nuair is féidir.
Déanfaidh na comhpháirtithe cur chun feidhme comhordú freisin le heagraíochtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha atá ag obair i mballstáit LSA, chomh maith le haon chlár de chuid an Aontais atá i láthair ann, chun a áirithiú go ndéanfaidh na gníomhaíochtaí uile a dhéantar faoi chuimsiú an tionscadail tionscnaimh atá ann cheana a chomhlánú agus go dtógfaidh siad ar na tionscnaimh sin. An tacaíocht ón Aontas le roinnt blianta anuas anois le forbairt agus cur chun feidhme Chóras Bainistithe Interpol do Thaifid agus Rianú Arm Aindleathach (iARMS), ar príomhchuid é de thairiscint oiliúna AE-LSA Interpol, rinneadh an tacaíocht sin a ghiaráil leis an tionscadal.
De réir mar is gá, agus faoi réir cistiú a bheith ar fáil, féadfaidh an Suirbhé comhoibriú le heagraíochtaí speisialaithe eile chun cabhrú le comhpháirteanna sonracha an tionscadail a chur chun feidhme i gcomhar le Roinn um Rialú Arm agus Dí-armáil i Rúnaíocht LSA. Ag brath ar riachtanais agus roghanna na mballstát de chuid LSA atá rannpháirteach, d’fhéadfadh eagraíochtaí eile, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, chomh maith le gníomhaireachtaí speisialaithe áirithe de chuid LSA, rannchuidiú le cur chun feidhme an tionscadail freisin. Déanfaidh na comhpháirtithe cur chun feidhme bearta iomchuí freisin chun infheictheacht an tionscadail a áirithiú i gcomhréir le treoirlínte an Aontais Eorpaigh.
7. Fad an tionscadail
Meastar go mairfidh an tionscadal 36 mhí, ón 1 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 30 Meán Fómhair 2027.
Mairfidh an chéim oibríochtúil 33 mhí, agus beidh na 3 mhí dheireanacha den tionscadal tiomnaithe do dhualgais tuairiscithe.
(1) NA (na Náisiúin Aontaithe). 2015. Transforming our World: The 2030 Agenda for Sustainable Development [An domhan a chlaochlú: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe]. Nua-Eabhrac: NA. 2015. A/RES/70/1.
(2) NA (na Náisiúin Aontaithe). 2015. Transforming our World: The 2030 Agenda for Sustainable Development [An domhan a chlaochlú: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe]. Nua-Eabhrac: NA. 2015. A/RES/70/1.
(3) Comhairle an Aontais Eorpaigh (An tAontas Eorpach). 2019. An dearbhú ó chruinniú mullaigh Sharm El-Sheikh. An 25 Feabhra 2019, mír 12.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2500/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)